|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1106 |
5.2.2024 |
Caingean arna tabhairt an 6 Nollaig 2023 – Ferrero Duetschland v EUIPO – Kondyterska korporatsiia ‘Roshen’ (ROSHEN CONFECTIONERY CORP.)
(Cás T-1140/23)
(C/2024/1106)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ferrero Deutschland GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Kefferpütz agus K. Wagner, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Dochirnie pidpryiemstvo Kondyterska korporatsiia ‘Roshen’ (Cív, an Úcráin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘ROSHEN CONFECTIONERY CORP.’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 026 424
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí Freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 9 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 2428/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an t-iarratas ar thrádmharc atá i gceist a dhiúltú ina iomláine |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás ina gcinnfidh an Bord Achomhairc idiragairt a dhéanamh, a gcuid costais féin a íoc; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás ina gcinnfidh an Bord Achomhairc idiragairt a dhéanamh, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc; |
|
— |
mar mhalairt air sin, an cás a tharchur chuig an mBord Achomhairc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Glacadh mícheart fianaise; |
|
— |
Sainiú neamhiomlán an phobail ábhartha; |
|
— |
Míbhreith a thabhairt ar úsáid ‘Rocher’ mar thrádmharc neamhspleách; |
|
— |
Míbhreith ar shaincháilíocht neamhspleách ‘Rocher’ laistigh de ‘Ferrero Rocher’; |
|
— |
Mainneachtain a shuíomh go bhfuil dóchúlacht mearbhaill ann. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1106/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)