|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2709 |
17.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2709 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Deireadh Fómhair 2024
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ina leagtar amach nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De dhroim dhá lainseáil Soyuz ó Ionad Spáis na Guáine a bheith curtha ar ceal i mí Aibreáin agus i mí Mheán Fómhair 2022, agus an moill a fógraíodh maidir le Ariane-6, ní mór don Aontas teacht ar roghanna malartacha chun tús a chur arís go práinneach le lainseálacha shatailítí Galileo. Tá sé sin ríthábhachtach chun oibriú cuí chóras Galileo a áirithiú, ar cuid de Chlár Spáis an Aontais é arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Tá comhar seanbhunaithe ag an Aontas leis na Stáit Aontaithe maidir le loingseoireacht satailíte. Tháinig an Comhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile (3), i bhfeidhm an 12 Nollaig 2011. |
|
(3) |
An 23 Samhain 2023, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe lena leagfar síos na nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe (‘an Comhaontú’). |
|
(4) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/1213 ón gComhairle (4), síníodh an Comhaontú thar ceann an Aontais an 25 Márta 2024 faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(5) |
Beidh feidhm ag an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slándáil faisnéise rúnaicmithe (5) maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chuirfear ar fáil do na Stáit Aontaithe. |
|
(6) |
Is é Ardrúnaí na Comhairle taiscí an Chomhaontaithe seo. |
|
(7) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ina leagtar amach nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe (an ‘Comhaontú’) (6) a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) den Chomhaontú (7).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
PINTÉR S.
(1) Toiliú ón 19 Meán Fómhair 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
(3) IO L 348, 31.12.2011, lch. 3.
(4) Cinneadh ón gComhairle (AE) 2024/1213 an 19 Márta 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ina leagtar amach nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe (IO L, 2024/1213, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1213/oj).
(5) IO L 115, 3.5.2007, lch. 30.
(6) Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/1214, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1214/oj.
(7) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2709/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)