|
21.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 194/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1274 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Iúil 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
|
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine agus leanann sé de ghníomhaíochtaí agus de bhearta lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine a cháineadh. |
|
(3) |
Tugann réimeas na Siria tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata, do chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart seisear mar aon le heintiteas amháin atá bainteach le hearcú amhas Siriach chun troid san Úcráin in éineacht le trúpaí Rúiseacha a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“1176. |
Muhammad AL-SALTI (Muhamad AL-SALTI, Akram Muhammad AL-SALTI, Muhammad SALTI) - محمد السلطي, أكرم السلطي, أكرم محمد السلطي, محمد |
Náisiúntacht: Siriach Post: Ardcheannasaí ar an ‘Palestine Liberation Army’ Inscne: fireann |
Is é Muhammad AL-SALTI an tArdcheannasaí ar an ‘Palestine Liberation Army’, atá rannpháirteach in earcú Palaistíneach chun troid san Úcráin in éineacht leis an Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu. |
21.7.2022 |
|
1177. |
Abu Hani SHAMMOUT (Abu Hani SHAMOUT, Abu SHAMMOUT, Hani SHAMMOUT) - أبو هاني شموط, أبو شموط, هاني شموط |
Inscne: fireann |
Is iar-oifigeach míleata Siriach agus iarcheannaire ar an bhfaicsean ‘al-Ahdat al-Omariya’ é Abu Hani SHAMMOUT, atá freagrach, in éineacht le hearcaitheoirí Rúiseacha, as amhais Shiriacha as Yalda, Babila agus Beit Sahem, ó dheas ón Damaisc, a chlárú, a bhfuil sé i ndán dóibh troid ar son fhórsaí na Rúise sa Libia agus san Úcráin. Chuir an Wagner Group de chúram air go díreach maoirseacht a dhéanamh ar earcú iarshaighdiúirí. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu. |
21.7.2022 |
|
1178. |
Nabeul AL-ABDULLAH (Nabel AL-ABDULLAH, Nabel AL-ABDALLAH, Nabel ABDALLAH, Nabel ABDULLAH) - نابل عبدالله, نابل العبدالله |
Post: Ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Suqaylabiyah Inscne: fireann |
Is é Nabeul AL-ABDULLAH ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Suqaylabiyah. Tá maoirseacht á déanamh aige ar earcú amhais Siriach chun troid in éineacht leis an Rúis san Úcráin ó thús chogadh foghach na Rúise. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu. |
21.7.2022 |
|
1179. |
Simon AL WAKIL (Simon WAKIL, Simon Al WAQIL, Simon WAQIL, Simon AL WAKEEL, Simon WAKEEL) - سيمون الوكيل, سيمون |
Post: ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Maharda Inscne: fireann |
Is ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Maharda (Hama) é Simon AL WAKIL. Comhoibríonn sé go díreach le ceannasaíocht fhórsaí na Rúise sa tSiria, agus tá sé gníomhach i dtaca le hathsheachadadh i ndáil leis na hoibríochtaí chun daoine a chlárú chun troid san Úcráin in éineacht leis an Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu. |
21.7.2022 |
|
1180. |
Fawaz Mikhail GERGES - فواز ميخائيل جرجس |
Post: fear gnó, POF ar Al Sayyad Company for Guarding and Protection Services Inscne: fireann |
Is é Fawaz Mikhail Gerges stiúrthóir Al Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd, cuideachta slándála príobháidí de chuid na Siria a bunaíodh in 2017 agus faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhaíoch i gcosaint leasanna eacnamaíocha na Rúise a áirithiú (fosfáití, gás, agus láithreáin ola a áirithiú). Tá sé freagrach as amhais a earcú chun tairbhe fhórsaí na Rúise sa Libia agus san Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu. |
21.7.2022 |
|
1181. |
Yasar Hussein IBRAHIM (Yassar Hussein IBRAHIM, Yassar IBRAHIM) - ياسر حسين ابراهيم |
Náisiúntacht: Siriach Dáta breithe: an 9.4.1983 Áit bhreithe: an Damaisc Inscne: fireann |
Is é Yasar Hussein Ibrahim comhúinéir Al-Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd, cuideachta slándála príobháidí de chuid na Siria a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás, agus láithreáin ola a áirithiú). Tá an chuideachta gníomhach in earcú amhais Siriach chuig an Libia agus an Úcráin. Dá bhrí sin, tá Yasar Hussein Ibrahim freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin. |
21.7.2022” |
Eintitis
|
|
Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“102. |
Al-Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd (dá ngairtear freisin 'ISIS Hunters') - شركة الصياد لخدمات الحراسة والحماية |
Dáta a cruthaithe: 2017 Ceanncheathrú: Al Suqaylabiya (réigiún Hama) |
Is cuideachta slándála príobháidí de chuid na Siria í Al-Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás, agus láithreáin ola a áirithiú). Tá an chuideachta, a fheidhmíonn faoin ainm ‘ISIS Hunters’, gníomhach in earcú amhas Siriach chuig an Libia agus an Úcráin. Dá bhrí sin, tá an chuideachta freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin. |
21.7.2022” |