European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2719

25.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2719 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2024

lena gcuirtear allmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, de thionscnamh na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Lúnasa 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’) (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí táirgí cothroma teorollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile isteach san Aontas de thionscnamh na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir EUROFER isteach an 24 Meitheamh 2024 thar ceann táirgeoirí ag a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile san Aontas.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR CLÁRÚCHÁIN

(3)

Is é atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) táirgí cothromrollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, bídís i gcornaí nó ná bídís (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus táirgí ‘stéille caoile’), gan aon saoirsiú breise déanta orthu seachas teorolladh, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte ná brataithe.

(4)

Ní áirítear na táirgí seo a leanas:

táirgí de chruach dhosmálta agus de chruach sileacain leictreach grándírithe,

táirgí de chruach uirlise agus de chruach ardluais,

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús is mó ná 10 mm agus ar leithead 600 mm nó níos mó, agus

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús 4,75 mm nó níos mó ach nach mó nach 10 mm agus ar leithead 2 050 mm nó níos mó.

(5)

Tá an táirge lena mbaineann aicmithe faoi láthair faoi chóid AC 7208 10 00 , 7208 25 00 , 7208 26 00 , 7208 27 00 , 7208 36 00 , 7208 37 00 , 7208 38 00 , 7208 39 00 , 7208 40 00 , 7208 52 10 , 7208 52 99 , 7208 53 10 , 7208 53 90 , 7208 54 00 , 7211 13 00 , 7211 14 00 , 7211 19 00 , ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225 19 10 90), 7225 30 90 , ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225 40 60 90), 7225 40 90 , ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226 19 10 91, 7226 19 10 95), 7226 91 91 agus 7226 91 99 . Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

2.   CLÁRÚ

(6)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála.

(7)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(8)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé.

(9)

I gcás allmhairí an táirge lena mbaineann ón Éigipt agus ón tSeapáin le linn na tréimhse ó mí Eanáir go dtí mí na Nollag 2023, de réir na líomhaintí sa ghearán lenar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála ó 30 % go 40 % agus ó 10 % go 20 % faoi seach agus meánleibhéal díothaithe díobhála 26 % agus 29,3 % faoi seach a bheith ann. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

(10)

I gcás allmhairí an táirge lena mbaineann ón India agus ó Vítneam le linn na tréimhse ó mí Eanáir go dtí mí na Nollag 2023, de réir na líomhaintí sa ghearán lenar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála thart ar 10 % agus ó 5 % go 15 % faoi seach agus meánleibhéal díothaithe díobhála 27,3 % agus 34,7 % faoi seach a bheith ann. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(11)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036 na céimeanna iomchuí a ghlacach chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás allmhairí táirgí cothromrollta áirithe d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, bídís i gcornaí nó ná bídís (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus táirgí ‘stéille caoile’), gan aon saoirsiú breise déanta orthu seachas teorolladh, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte ná brataithe, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC 7208 10 00 , 7208 25 00 , 7208 26 00 , 7208 27 00 , 7208 36 00 , 7208 37 00 , 7208 38 00 , 7208 39 00 , 7208 40 00 , 7208 52 10 , 7208 52 99 , 7208 53 10 , 7208 53 90 , 7208 54 00 , 7211 13 00 , 7211 14 00 , 7211 19 00 , ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225 19 10 90), 7225 30 90 , ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225 40 60 90), 7225 40 90 , ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226 19 10 91, 7226 19 10 95), 7226 91 91 agus 7226 91 99 , agus ar de thionscnamh na hÉigipte, na hIndia, na Seapáine agus Vítneam iad.

2.   Ní chuimsíonn an táirge a dtugtar tuairisc air in Airteagal 1(1) na táirgí seo a leanas:

táirgí de chruach dhosmálta agus de chruach sileacain leictreach grándírithe,

táirgí de chruach uirlise agus de chruach ardluais,

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús is mó ná 10 mm agus ar leithead 600 mm nó níos mó, agus

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar tiús 4,75 mm nó níos mó ach nach mó nach 10 mm agus ar leithead 2 050 mm nó níos mó.

3.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2024/4995, 8.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4995/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2719/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)