![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/3015 |
12.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3015 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Mar a aithnítear sa Bhrollach a ghabhann le Prótacal 2014 a ghabhann le Coinbhinsiún Uimh. 29 maidir le saothar éigeantais (Coinbhinsiún EIS Uimh. 29) den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), is sárú tromchúiseach ar dhínit an duine agus ar chearta bunúsacha an duine é saothar éigeantais, rannchuidíonn sé le buanú na bochtaineachta agus seasann sé sa bhealach ar obair chuibhiúil a bhaint amach do chách. Dhearbhaigh EIS go gcuirfí deireadh le gach cineál saothair éigeantais nó saothair éigeantaigh mar phrionsabal ceart bunúsach. Aicmíonn EIS Coinbhinsiún EIS Uimh. 29, lena n-áirítear Prótacal forlíontach 2014 a ghabhann le Coinbhinsiún Uimh. 29 agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 105 maidir le saothar éigeantais a dhíothú (Coinbhinsiún EIS Uimh. 105) mar choinbhinsiúin bhunúsacha EIS agus eisíonn sé moltaí chun saothar éigeantais a chosc, a dhíothú agus a leigheas, amhail Moladh Uimh. 203 maidir le Saothar Éigeantais (Bearta Forlíontacha). Tá roinnt táscairí forbartha ag EIS a úsáidtear chun cásanna saothair éigeantais a shainaithint agus a léiriú, amhail bagairtí agus díobháil fhisiceach agus ghnéasach iarbhír, mí-úsáid leochaileachta, mí-úsáid dálaí oibre agus maireachtála agus ragobair iomarcach, dallamullóg, srianadh gluaiseachta nó gaibhniú san ionad oibre nó limistéar teoranta, leithlisiú, cuibhriú fiachais, pá a choinneáil siar nó laghdú iomarcach pá, pasanna agus doiciméid aitheantais a choinneáil nó bagairt séanta chuig na húdaráis i gcás ina bhfuil stádas inimirce neamhrialta ag an oibrí. Is minic a bhíonn baint ag saothar éigeantais leis an mbochtaineacht agus leis an idirdhealú. Tá ionramháil creidmheasa agus fiachais, bíodh sin ag fostóirí nó ag gníomhairí earcaíochta, fós ina heochairthoisc lena sáinnítear oibrithe leochaileacha i gcásanna saothair éigeantais. De réir chomhlachtaí maoirseachta EIS, níl saothar príosúin, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar é do chuideachtaí príobháideacha, ina shaothar éigeantais, ar choinníoll go ndéantar é ar bhonn deonach, ar mhaithe leis an bpríosúnach agus go bhfuil sé inchomparáide leis na coinníollacha a bhaineann le caidreamh saothair dheonaigh. Ba cheart gur chun leasa an phobail i gcónaí a bheadh an obair phobail mar smachtbhanna pionósach malartach ar phríosúnacht agus níor cheart do stáit, in imthosca ar bith, mí-úsáid a bhaint aisti mar bhealach chun an duine ciontaithe a dhíghrádú nó a ndínit a bhaint den duine sin. I gcásanna ina bhforchuirtear obair nó seirbhís trí leas a bhaint as leochaileacht an oibrí faoi bhagairt pionóis, ní gá an bhagairt sin a bheith i bhfoirm smachtbhanna pionóis ach d’fhéadfadh sé gur caillteanas ceart nó sochar a bheadh ann. |
(2) |
Baintear úsáid as saothar éigeantais go forleathan ar fud an domhain. Meastar go raibh tuairim is 27,6 milliún duine i gcásanna saothair éigeantais in 2021. Tá grúpaí leochaileacha agus imeallaithe i sochaí thar a bheith soghabhálach ó thaobh brú a chur orthu tabhairt faoi shaothar éigeantais. Áirítear ar ghrúpaí den sórt sin mná, leanaí, mionlaigh eitneacha, daoine faoi mhíchumas, daoine ó shainaicmí níos ísle, pobail dhúchasacha agus threibheacha, agus imircigh, go háirithe imircigh gan doiciméid a bhfuil stádas forbhásach acu agus má oibríonn siad sa gheilleagar neamhfhoirmiúil. Fiú nuair nach bhfuil sé forchurtha ag an stát, is minic a bhíonn saothar éigeantais mar thoradh ar easpa dea-rialachais nó gan aon dea-rialachas maidir le hoibreoirí eacnamaíocha áirithe agus léiriú gur theip ar stát cearta sóisialta agus saothair a fhorfheidhmiú, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha agus imeallaithe. Is féidir le saothar éigeantais tarlú freisin mar thoradh ar thoiliú intuigthe na n-údarás. Tarlaíonn 86 % de chásanna uile an tsaothair éigeantais san earnáil phríobháideach, go háirithe trí dhúshaothrú saothair éigeantais 17,3 milliún duine. Ba cheart oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith intuartha agus soiléir chun comhlíonadh iomlán agus éifeachtach a áirithiú agus chun rannchuidiú le deireadh a chur le saothar éigeantais. |
(3) |
Is tosaíocht ag an Aontas saothar éigeantais de gach cineál, lena n-áirítear saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, a dhíothú. Tá meas ar dhínit an duine agus ar uilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine cumhdaithe go daingean in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Chun Sprioc 8.7 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, ba cheart don Aontas tacú lena luachanna agus iad a chur chun cinn agus cur le cosaint chearta an duine, go háirithe cearta an linbh. Le hAirteagal 5 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), cuirtear toirmeasc go sainráite ar an sclábhaíocht, ar dhaoirse, ar shaothar éigeantais agus éigeantach agus ar gháinneáil ar dhaoine, agus foráiltear le hAirteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint nach bhfuiltear le ceangal ar aon duine saothar éigeantais nó éigeantach a dhéanamh. Tá léirmhíniú déanta ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine arís agus arís eile ar Airteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint go gceanglaítear ar Bhallstáit pionós a ghearradh agus ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh ar aon ghníomh a choinníonn duine sna cásanna a leagtar amach san Airteagal sin. Is ceart daonna é an ceart chun leigheasanna éifeachtacha a fháil i leith sáruithe ar chearta bunúsacha, agus is gné bhunúsach é den phróiseas chun coireanna a ionchúiseamh go héifeachtach. Dearbhaítear le dlí reatha an Aontais, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe um Ghnó agus Cearta an Duine (PTNAnna), moladh Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine agus gnó agus Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), amhail na Treoirlínte d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Gnó Freagrach, go bhfuil an ceart ag íospartaigh chun leigheas éifeachtach a fháil ó thaobh sáruithe nó mí-úsáidí ar chearta an duine a bhaineann le gnó, lena n-áirítear saothar éigeantais. |
(4) |
Dhaingnigh na Ballstáit uile coinbhinsiúin bhunúsacha EIS i réimse an tsaothair éigeantais, eadhon Coinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 105, agus Coinbhinsiún EIS Uimh 182 maidir leis na Cineálacha is measa Saothair Leanaí (Coinbhinsiún EIS Uimh 182). Dá bhrí sin tá oibleagáid orthu de réir an dlí úsáid saothair éigeantais a chosc agus a dhíothú agus tuairisciú go tráthrialta chuig EIS. |
(5) |
Féachann an tAontas le húsáid saothair éigeantais a dhíothú trína chuid beartas agus tionscnaimh reachtacha agus obair chuibhiúil agus cearta saothair a chur chun cinn ar fud an domhain. Cuireann an tAontas dícheall cuí chun cinn i gcomhréir le treoirlínte agus prionsabail idirnáisiúnta arna mbunú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear EIS, ECFE agus na Náisiúin Aontaithe chun a áirithiú nach mbeadh áit ag saothar éigeantais i slabhraí soláthair gnóthas atá bunaithe san Aontas. |
(6) |
Tacaíonn beartas trádála an Aontais leis an gcomhrac i gcoinne saothar éigeantais i gcaidreamh trádála aontaobhach agus déthaobhach araon. Sna caibidlí ar thrádáil agus ar fhorbairt inbhuanaithe de chomhaontuithe trádála an Aontais, tá gealltanas ann coinbhinsiúin bhunúsacha EIS, lena n-áirítear Coinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 105, a dhaingniú agus a chur chun feidhme go héifeachtach, de bhrí go mbunaítear le forálacha trádála agus inscne lionsa inscne atá riachtanach do chumhachtú eacnamaíoch na mban chun saothar éigeantais inscne a chomhrac. Ina theannta sin, féadfar fabhair tharaife aontaobhacha faoi Scéim Ghinearálaithe um Fhabhair an Aontais a tharraingt siar i gcás sáruithe tromchúiseacha agus córasacha ar Choinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus ar Choinbhinsiún EIS Uimh. 105. |
(7) |
Bíonn tionchar ar leith ag saothar éigeantais ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, amhail leanaí, mná, imircigh, dídeanaithe nó pobail dhúchasacha, agus dá bhrí sin tá cur chuige atá íogair ó thaobh trasnaí agus inscne bunriachtanach chun saothar éigeantais a chomhrac go héifeachtach. Táthar ag súil, dá bhrí sin, go rannchuideoidh an Rialachán seo le cuspóirí na gcomhaontuithe agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta ábhartha, amhail cuspóirí Choinbhinsiún EIS Uimh. 182, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Baile a Chosc agus a Chomhrac, Dearbhú Bhéising, Meán Fómhair 1995, an Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta, Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 169 maidir le pobail dhúchasacha agus threibheacha. |
(8) |
Le Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) déantar comhchuibhiú ar an sainmhíniú atá ar gháinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear saothar nó seirbhísí éigeantais, agus bunaítear rialacha maidir le híosphionóis. Ba cheart aon rialacha a leagtar síos maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí intíre nó táirgí allmhairithe arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, nó na táirgí sin a onnmhairiú, agus an oibleagáid lena áirithiú go dtarraingítear na táirgí sin siar ó mhargadh an Aontais (toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais), a bheith gan dochar don Treoir sin, agus go háirithe d’inniúlacht na n-údarás forfheidhmithe dlí agus na n-údarás breithiúnach chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar chionta a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear dúshaothrú saothair. |
(9) |
Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ar allmhaireoirí mianraí nó miotal ón Aontas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin oibleagáidí díchill chuí a chur i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le Slabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus Limistéir Ard-Riosca, agus leis na moltaí i dtaca le dícheall cuí atá leagtha amach iontu. I Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) tá oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha dícheall cuí a dhéanamh ina slabhraí soláthair, lena n-áirítear maidir le cearta saothair. Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) go ndéanfaí dícheall cuí maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe a bhfuil baint acu le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoise, lena n-áirítear maidir le cearta an duine. |
(10) |
Le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseoidh oibreoirí eacnamaíocha áirithe ráitis neamhairgeadais gach bliain ina dtuairiscíonn siad ar thionchar a ngníomhaíochta ar nithe comhshaoil, sóisialta agus fostaithe agus ar urraim do chearta an duine, lena n-áirítear ar shaothar éigeantais, cúrsaí frith-éillithe agus breabaireachta. Thairis sin, le Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach leasaíodh an ceanglas sin trí cheanglais mhionsonraithe tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin maidir le hurraim do chearta an duine, lena n-áirítear i slabhraí soláthair domhanda. Ba cheart faisnéis faoi shaothar éigeantais ina slabhraí luacha a áireamh san fhaisnéis a nochtann gnóthais faoi chearta an duine, i gcás inarb ábhartha. |
(11) |
Mar chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), tá an tAontas tiomanta do chóras trádála oscailte iltaobhach atá bunaithe ar rialacha a chur chun cinn. Aon bhearta a thugann an tAontas isteach a dhéanann difear don trádáil, ba cheart dóibh a bheith comhlíontach le EDT. |
(12) |
I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí treoraíocht maidir le dícheall cuí do ghnólachtaí Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riosca um shaothar éigeantais ina gcuid oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair. |
(13) |
Mar a aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir agus téarnamh inbhuanaithe, d’ainneoin na mbeartas reatha agus an chreata reachtaigh, tá gá le tuilleadh gnímh chun na cuspóirí atá ann i dtaobh deireadh a chur le táirgí saothair éigeantais ar mhargadh an Aontais a bhaint amach agus, dá bhrí sin, rannchuidiú tuilleadh leis an gcomhrac in aghaidh an tsaothair éigeantais ar fud an domhain. |
(14) |
Áirítear ar phríomhthosaíochtaí an Aontais, mar a chumhdaítear i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 iad, obair chuibhiúil agus todhchaí oibre atá dírithe ar an duine lena n-áiritheofaí urraim do phrionsabail bhunúsacha agus do chearta an duine a chur chun cinn, an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn mar aon le daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach choinbhinsiúin agus phrótacail ábhartha EIS, bainistíocht fhreagrach a neartú i slabhraí soláthair domhanda agus rochtain ar an gcosaint shóisialta. |
(15) |
Ina rúin an 9 Meitheamh 2022 maidir le hionstraim trádála nua chun toirmeasc a chur ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais (9), an 17 Nollaig 2020 maidir le saothar éigeantais agus staid na nUigiúrach i Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uigiúrach (10) agus an 16 Nollaig 2021 maidir le saothar éigeantais i monarcha Linglong agus agóidí comhshaoil sa tSeirbia (11), cháin Parlaimint na hEorpa go láidir saothar éigeantais agus d’iarr sí go gcuirfí toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais. Dá bhrí sin, is ábhar imní morálta don phobal é go bhféadfadh táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a bheith ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a bheith á n-onnmhairiú go tríú tíortha gan sásra éifeachtach a bheith ann chun táirgí den sórt sin a thoirmeasc nó a tharraingt siar. |
(16) |
Chun creat reachtach agus beartais an Aontais maidir le saothar éigeantais a chomhlánú, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, sin nó toirmeasc a chur ar onnmhairiú táirgí a táirgeadh sa chríoch bhaile nó táirgí allmhairithe arna ndéanamh le saothar éigeantais agus ba cheart a áirithiú go dtarraingítear siar na táirgí sin ó mhargadh an Aontais. |
(17) |
Faoi láthair níl aon dlí de chuid an Aontais ann lena gcumhachtaítear d’údaráis na mBallstát táirge a choinneáil go díreach, a urghabháil, nó a ordú go ndéanfaí é a tharraingt siar ar an mbonn go bhfuarthas amach go ndearnadh é, go hiomlán nó go páirteach, le saothar éigeantais. |
(18) |
Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais maidir le táirgí ar úsáideadh saothair éigeantais ina leith ag aon chéim de tháirgeadh, de mhonarú, de bhaint nós d’eastóscadh na dtáirgí sin, lena n-áirítear in oibriú nó próiseáil a bhaineann le táirgí den sórt sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais maidir le gach táirge, de chineál ar bith, lena n-áirítear a gcomhpháirteanna, agus ba cheart feidhm a bheith aige maidir le táirgí gan beann ar an earnáil, ar a dtionscnamh, cibé an táirgí intíre nó allmhairithe iad, nó a cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairíodh. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar seirbhísí iompair. |
(19) |
Ba cheart go rannchuideodh an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothair éigeantais leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta deireadh a chur le saothar éigeantais. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar ‘saothar éigeantais’ a ailíniú leis an sainmhíniú a leagtar síos i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 29 ina luaitear go gciallaíonn saothar éigeantais nó éigeantach an obair nó an tseirbhís ar fad a éilítear ar aon duine faoi bhagairt aon phionóis agus nár thairg an duine sin é féin go deonach ina leith, cé is moite d’aon obair nó seirbhís a éilítear de bhua dlíthe seirbhíse míleata éigeantacha d’obair de chineál míleata amháin; d’aon obair nó seirbhís atá mar chuid de ghnáthoibleagáidí sibhialta saoránach tíre atá go hiomlán féinrialaitheach; d’aon obair nó seirbhís a éilítear ar aon duine mar thoradh ar chiontú i gcúirt dlí, ar choinníoll gur faoi mhaoirseacht agus faoi rialú údarás poiblí a dhéantar an obair nó an tseirbhís sin agus nach mbeidh an duine sin fruilithe ag daoine príobháideacha, cuideachtaí nó comhlachais phríobháideacha ná ar fáil dóibh; d’aon obair nó seirbhís a éilítear i gcásanna éigeandála, is é sin le rá, i gcás cogaidh nó tubaiste nó tubaiste bhagartha, amhail dóiteán, tuile, gorta, crith talún, géar-eipidéim nó galair eipeasótacha, ionradh ag lotnaidí ainmhithe, feithidí nó plandúla, agus go ginearálta aon imthoisc a chuirfeadh beatha nó leas an phobail uile nó cuid de i mbaol; de mhionseirbhísí comhchoiteanna de chineál a d’fhéadfaí a mheas dá bhrí sin, ar mhaithe le leas díreach an phobail sin, gur gnáthoibleagáidí sibhialta ar bhaill an phobail iad, ar choinníoll go mbeidh sé de cheart ag daoine den phobal nó ag a n-ionadaithe díreacha dul i gcomhairle leo maidir leis an ngá atá leis na seirbhísí sin. |
(20) |
Bunaithe ar an sainmhíniú ar shaothar éigeantais a shonraítear i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus a úsáidtear sa Rialachán seo, leagtar amach le ‘Táscairí EIS maidir le saothar éigeantais’ agus leis na treoirlínte EIS dar teideal ‘Hard to See, Harder to Count’ [Deacair a fheiceáil, níos deacra a áireamh] na comharthaí is coitianta a léiríonn go bhféadfadh saothar éigeantais a bheith ann agus ba cheart iad a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme. D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh na táscairí sin leordhóthanach chun saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit a shainaithint, ar saothar éigeantais é a bhíonn bunaithe ar bheartais chomhéigneacha agus shistéamacha dhomhanda a bhfuil táscairí breise atá deartha go sonrach ag teastáil ina leith. |
(21) |
Ba cheart an sainmhíniú ar ‘saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit’ a ailíniú le Coinbhinsiún EIS Uimh. 105, lena gcuirtear toirmeasc go sonrach ar shaothar éigeantais nó saothar éigeantach a úsáid mar mhodh comhéigin pholaitiúil nó oideachais pholaitiúil nó mar phionós as tuairimí polaitiúla nó tuairimí a chur in iúl atá i gcoinne an chórais pholaitiúil, shóisialta nó eacnamaíoch atá bunaithe. Cuirtear toirmeasc leis freisin ar úsáid an tsaothair éigeantais mar mhodh chun é a shlógadh agus a úsáid chun críocha forbartha eacnamaíche, mar mhodh disciplín saothair, mar phionós as páirt a ghlacadh i stailceanna, nó mar mhodh idirdhealaithe chiníoch, shóisialta, náisiúnta nó reiligiúnaigh. |
(22) |
Ba cheart ciandíolacháin, lena n-áirítear díol ar líne, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin. I gcás táirge a tháirgtear lena dhíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, ba cheart a mheas go bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. I gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, ba cheart anailís de réir an cháis a dhéanamh chun a shuí an bhfuil tairiscint dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. Ba cheart a mheas go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát. Maidir leis na hanailísí de réir an cháis, ba cheart tosca ábhartha, amhail na limistéir gheografacha ar féidir seachadadh chucu, na teangacha atá ar fáil agus a úsáidtear don tairiscint nó don ordú, modhanna íocaíochta, úsáid airgeadra an Bhallstáit nó ainm fearainn atá cláraithe i gceann de na Ballstáit a chur san áireamh i ndáil leis sin. I gcás na ndíolachán ar líne, ní leor díreach go mbeadh comhéadan na n-oibreoirí eacnamaíocha nó comhéadan na soláthraithe margaí ar líne inrochtana sa Bhallstát ina bhfuil an t-úsáideoir deiridh bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air. Ó mheastar go bhfuil táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin ar fáil ar mhargadh an Aontais má tá an tairiscint díola dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas, tugtar de chumhacht do na húdaráis inniúla na bearta is gá a sheiceáil agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh i ndáil leis na táirgí sin de bhun an Rialacháin seo, cé nár cuireadh ar an margadh iad go hiarbhír tráth na tairisceana díola ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin. Ní mór do na táirgí sin dlí ábhartha an Aontais atá i bhfeidhm tráth a chuirtear ar mhargadh an Aontais go hiarbhír iad a chomhlíonadh agus, i gcás táirgí a thagann isteach san Aontas, nuair a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ iad. Cé go meastar go bhfuil an táirge a thairgtear lena dhíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint díola dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas, ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do rialacha maidir le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais. |
(23) |
Tá méadú tar éis teacht ar an úsáid a bhaintear as seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe margaí ar líne, chun táirgí a dhíol. I ndáil leis sin, aon fhaisnéis a bhaineann le díol táirgí lena sáraítear an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart a mheas gur inneachar neamhdhleathach í de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus ba cheart í a bheith faoi réir na n-oibleagáidí agus na mbeart a leagtar amach sa Rialachán sin. |
(24) |
Ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát sáruithe ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a shainaithint. Nuair atá na húdaráis inniúla á n-ainmniú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais ag na húdaráis sin agus go bhfuil na hinniúlachtaí agus an t-eolas is gá ag a bhfoirne, go háirithe maidir le cearta an duine, cearta saothair, comhionannas inscne, bainistiú slabhra soláthair agus próisis díchill chuí. Ba cheart d’údaráis inniúla dul i gcomhar go dlúth le húdaráis náisiúnta um chigireacht saothair agus le húdaráis bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear iadsan atá freagrach as gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, ar bhealach nach gcuirfeadh imscrúduithe na n-údarás sin i mbaol. |
(25) |
Chun cur chun feidhme éifeachtach a chúraimí faoin Rialachán seo a áirithiú, go háirithe maidir le himscrúduithe a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cúnamh a iarraidh ar chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais a bhfuil sainordú iomchuí acu. D’fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh leis na cúraimí sin: aighneachtaí faisnéise a phróiseáil, tacú le leithdháileadh imscrúduithe, réamh-imscrúduithe agus imscrúduithe a dhéanamh, comhar le húdaráis na mBallstát agus eatarthu a éascú, comhar idirnáisiúnta a éascú, tacú le huirlisí tacaíochta a fhorbairt agus, más iomchuí, tacú le cur chun feidhme ag údaráis chustaim agus tacú leis an gCoimisiún cinntí a ullmhú chun táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc. Tá an méid sin gan dochar do chúram an Choimisiúin, ina ról mar phríomhúdarás inniúil, chun cinntí a dhéanamh chun toirmeasc a chur ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar an margadh. Ba cheart don Choimisiún, ina ról mar phríomhúdarás inniúil, a chumhachtaí a fheidhmiú go neamhchlaonta, go trédhearcach agus le hurraim chuí d’oibleagáidí na rúndachta gairmiúla agus ba cheart an saineolas is gá a bheith aige. Ba cheart go mbeadh na hacmhainní ag an gCoimisiún chun an fhoireann is gá agus na costais ghaolmhara a mhaoiniú chun na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chur i gcrích agus chun an saineolas is gá a thógáil. |
(26) |
Ba cheart prionsabal na comhréireachta a bheith mar threoir ag na húdaráis inniúla agus ag an gCoimisiún agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu. Ba cheart do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún a áirithiú, go háirithe, go bhfuil na bearta agus na gníomhaíochtaí uile a dhéantar le linn na réamhchéime den imscrúdú agus le linn an imscrúdaithe agus iad sin a leagtar amach sa chinneadh oiriúnach agus riachtanach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach agus nach gcuirfidh siad ualach iomarcach ar oibreoirí eacnamaíocha. |
(27) |
Chun comhar a áirithiú i measc an Choimisiúin agus na n-údarás inniúil arna n-ainmniú faoin Rialachán seo agus na n-údarás inniúil arna n-ainmniú faoi dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus faoi dhlí ábhartha náisiúnta eile agus chun comhsheasmhacht a áirithiú ina mbearta agus ina gcinntí, ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis inniúla arna n-ainmniú faoin Rialachán seo faisnéis a iarraidh ó údaráis ábhartha eile, nuair is gá sin, maidir le cibé acu atá oibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú faoi réir dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais, nó a thugann siad faoi i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme lena leagtar amach ceanglais díchill chuí agus trédhearcachta maidir le saothar éigeantais. Agus faisnéis á hiarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabal aonuaire an Choimisiúin a leanúint i gcás inar féidir, trí chomhar agus idirphlé méadaithe idir údaráis atá i mbun formhaoirseacht a dhéanamh ar rialáil táirgí. Chun na gcríoch céanna, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoin Rialachán seo na húdaráis ábhartha eile, amhail údaráis um fhaireachas margaidh, a chur ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí agus faoina gcinntí. |
(28) |
Ní féidir forfheidhmiú aonfhoirmeach a dhéanamh ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais, ach amháin trí mhalartú faisnéise agus comhar córasach idir na húdaráis inniúla, na húdaráis chustaim agus an Coimisiún. Ba cheart don Choimisiún tacú le malartú faisnéise agus le comhar den sórt sin. |
(29) |
Chun faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil, i bhfoirm struchtúrtha, maidir le saincheisteanna a bhaineann le himscrúduithe, leis an bpróiseas cinnteoireachta agus le forfheidhmiú an toirmisc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais, ba cheart do na húdaráis inniúla an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a úsáid, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme ar cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún é a ghlacadh faoin Rialachán seo (an ‘ICSMS’). Ba cheart rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla agus ag na húdaráis chustaim ar an gcóras sin chun tabhairt faoina ndualgais faoi seach faoin Rialachán seo. Is féidir leis na húdaráis inniúla freisin córais chumarsáide eile atá ann cheana a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis eile laistigh dá mBallstát féin, a fhad is nach ndéanann sé sin difear don oibleagáid ICSMS a úsáid chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. |
(30) |
Chun an leas is fearr a bhaint as an bpróiseas rialaithe a bhaineann le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais agus an t-ualach a bhaint de, is gá aistriú uathoibrithe sonraí a cheadú idir ICSMS agus córais custam. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir trí chineál aistrithe sonraí éagsúla i bhfianaise a gcuspóirí faoi seach. Ar an gcéad dul síos, ba cheart cinntí lena mbunaítear sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur in iúl ón ICSMS chuig an gCóras Bainistíochta Riosca Custam leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (14), ón gCoimisiún, gan dochar d’aon athrú ar an timpeallacht bainistíochta riosca custam amach anseo, le húsáid ag údaráis chustaim chun táirgí a d’fhéadfadh freagairt do chinneadh den sórt sin a shainaithint. Ba cheart na comhéadain atá ar fáil sa timpeallacht custam a úsáid do na chéad aistrithe sonraí sin. Ar an dara dul síos, i gcás ina sainaithneoidh údaráis chustaim táirge den sórt sin, beidh gá le cásbhainistiú, inter alia, chun an fógra faoin bhfionraí, conclúid na n-údarás inniúil agus toradh na mbeart a rinne údaráis chustaim a aistriú. Ba cheart go dtacódh Timpeallacht Fhuinneog Aonair an Aontais do Chustaim leis an dara haistriú sonraí sin idir ICSMS agus córais náisiúnta chustaim. Ar an tríú dul síos, tá faisnéis i gcórais custam maidir le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais agus a fhágann margadh an Aontais a bheadh ábhartha d’údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh ach nach bhfuil rochtain acu orthu. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhaisnéis ábhartha a bhaint amach agus a tharchur chuig ICSMS. Ba cheart na trí idirnasc a bheith fíor-uathoibrithe agus éasca le húsáid, chun teorainn a chur le haon ualach breise ar na húdaráis chustaim. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, i gcomhar le húdaráis chustaim agus le húdaráis inniúla, na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun na rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla agus na heilimintí sonraí a bheidh le haistriú idir ICSMS agus córais custam a chinneadh chomh maith le haon cheanglas coimhdeach eile. |
(31) |
Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí táscach agus neamh-uileghabhálach de rioscaí saothair éigeantais a bhunú chun tacú le hobair na n-údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais agus cuidiú le hoibreoirí eacnamaíocha rioscaí féideartha saothair éigeantais ina slabhraí soláthair a shainaithint. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dul i muinín an tsaineolais sheachtraigh chun an bunachar sonraí a fhorbairt. Leis an mbunachar sonraí, ba cheart rioscaí maidir le saothar éigeantais a shainaithint i limistéir gheografacha shonracha nó i ndáil le táirgí sonracha nó grúpaí táirgí sonracha, agus ba cheart díriú go háirithe ar rioscaí forleathana agus tromchúiseacha saothair éigeantais, bunaithe ar fhaisnéis iontaofa agus infhíoraithe ó institiúidí idirnáisiúnta, institiúidí amhail EIS agus na Náisiúin Aontaithe, agus institiúidí taighde nó acadúla. Ba cheart an bunachar sonraí sin a chur ar fáil go poiblí tríd an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais. I gcás ina bhfuil fianaise iontaofa agus infhíoraithe ann go bhfuil riosca mór ag baint le táirgí a tháirgeann earnálacha eacnamaíocha sonracha i limistéir gheografacha shonracha go ndearnadh le saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit iad, ba cheart na hearnálacha sin sna limistéir sin a shainaithint sa bhunachar sonraí arna bhunú de bhun an Rialacháin seo. |
(32) |
D’fhéadfadh acmhainní agus cumas teoranta a bheith ag micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) lena áirithiú go bhfuil na táirgí a chuireann siad ar mhargadh an Aontais nó a chuireann siad ar fáil ar mhargadh an Aontais saor ó shaothar éigeantais. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais, inar cheart go gcuirfí san áireamh freisin méid agus acmhainní eacnamaíocha oibreoirí eacnamaíocha. Chomh maith leis sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le táscairí riosca saothair éigeantais, lena n-áirítear conas iad a shainaithint, ar cheart iad a bheith bunaithe ar fhaisnéis neamhspleách infhíoraithe, lena n-áirítear tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe EIS. |
(33) |
Ba cheart don Choimisiún cosc a chur ar ualach riaracháin ar FBManna nach bhfuil gá leis. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún bearta tionlacain a fhorbairt chun tacú le hiarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha agus a gcomhpháirtithe gnó sa slabhra soláthair céanna, go háirithe FBManna. Ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála a ainmniú do FBManna chun críocha an Rialacháin seo a d’fhéadfadh a bheith ina ndeasca cabhrach um ghnó agus cearta an duine nó ina bpointí teagmhála díchill chuí atá ann cheana. Ba cheart do FBManna a bheith ábalta teagmháil a dhéanamh le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, agus úsáid á baint acu as an bhfaisnéis a sholáthraítear ar an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais. Ba cheart dóibh a bheith ábalta, go háirithe, idirchaidreamh a bheith acu le húdarás inniúil chun tacú leo ar feadh imscrúdaithe. Ba cheart acmhainní tacaíochta leordhóthanacha a chur ar fáil ar líne freisin ar shlí shoiléir agus intuigthe do FBManna. |
(34) |
Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le conas dul i mbun idirphlé leis na húdaráis inniúla chun cuidiú le hoibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe FBManna, chomh maith le geallsealbhóirí eile, chun an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint freisin chun cuidiú le haon duine nó comhlachas faisnéis a chur isteach. |
(35) |
Agus an éagsúlacht de dhlí an Aontais a bhaineann le saincheisteanna saothair éigeantais á cur san áireamh, ba cheart don Choimisiún treoraíocht a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, maidir le conas na hoibleagáidí éagsúla a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. |
(36) |
Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag údaráis inniúla. Sna treoirlínte d’oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart treoraíocht a áireamh maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais, lena n-áirítear le haghaidh cineálacha éagsúla soláthróirí agus earnálacha gníomhaíochta, maidir le dea-chleachtais chun deireadh a chur le saothar éigeantais agus é a leigheas agus maidir le díscor freagrach. Tuigtear gurb ionann leigheas agus aiseag an duine nó na ndaoine nó na bpobal dá ndéantar difear i staid atá coibhéiseach leis an staid ina mbeidís murar tharla saothar éigeantais, nó chomh gar agus is féidir di, i gcomhréir le rannpháirtíocht na cuideachta leis an saothar éigeantais, lena n-áirítear cúiteamh airgeadais nó neamhairgeadais arna sholáthar ag an gcuideachta do dhuine nó do dhaoine a ndéanann saothar éigeantais difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, aisíocaíocht na gcostas arna dtabhú ag údaráis phoiblí as aon bhearta feabhais is gá. Ba cheart, sa treoraíocht d’údaráis inniúla, díriú ar fhaisnéis atá ábhartha do chur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo. Ba cheart go gcuirfeadh an treoraíocht maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais leis an Treoraíocht maidir le dícheall cuí do ghnólachtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an riosca um shaothar éigeantais ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair arna foilsiú ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i mí Iúil 2021. Ba cheart na treoirlínte a bheith i gcomhréir le treoirlínte eile an Choimisiúin ina leith sin agus le treoirlínte ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart na treoirlínte a fhorbairt i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus ba cheart iad a bheith ag brath ar thaithí agus ar dhea-chleachtais ó údaráis ábhartha na mBallstát. Ba cheart na tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe EIS, chomh maith le foinsí faisnéise neamhspleácha agus infhíoraithe eile a bhreithniú chun táscairí riosca a shainaithint. |
(37) |
Ós rud é gur fadhb é saothar éigeantais atá ar fud an domhain agus i bhfianaise idirnaisc na slabhraí soláthair domhanda, ní mór comhar idirnáisiúnta i gcoinne saothar éigeantais a chur chun cinn, rud a chuirfeadh feabhas freisin ar éifeachtúlacht chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, comhoibriú le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus faisnéis a mhalartú leo chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a fheabhsú. Ba cheart comhar idirnáisiúnta le húdaráis tríú tíortha, lena n-áirítear le tíortha a bhfuil reachtaíocht chomhchosúil i bhfeidhm acu, a dhéanamh ar bhealach struchtúrtha mar chuid de na struchtúir idirphlé atá ann cheana leis na tíortha sin, nó, más gá, le struchtúir idirphlé shonracha a chruthófar ar bhonn ad hoc. Ba cheart a bheith in ann a áireamh sa chomhar sin malartuithe faisnéise maidir le rioscaí saothair éigeantais, amhail rioscaí a shainaithnítear sa bhunachar sonraí, agus maidir le cinntí chun táirgí a thoirmeasc, ach níor cheart faisnéis faoi imscrúduithe leanúnacha a áireamh ann. Is féidir le toscaireachtaí an Aontais rannchuidiú le faisnéis faoin Rialachán seo a scaipeadh agus le cur isteach faisnéise ag geallsealbhóirí ábhartha a éascú maidir le rioscaí saothair éigeantais. Féadfar a áireamh sa chomhar idirnáisiúnta freisin forbairt tionscnamh comhair agus beart tionlacain chun tacú le geallsealbhóirí ábhartha ina n-iarrachtaí saothar éigeantais a dhíothú ó shlabhraí soláthair domhanda, chomh maith le timpeallachtaí cumasúcháin a chruthú i dtríú tíortha chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint. |
(38) |
Ba cheart a cheadú d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige nó aici, faisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil nuair a mheasann sé nó sí go gcuirtear táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais agus ar fáil ar mhargadh an Aontais agus ba cheart iad a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe ar a n-aighneacht faisnéise. Ba cheart aighneachtaí faisnéise faoi sháruithe líomhnaithe a chur isteach trí phointe aonair chun faisnéis a chur isteach arna chur ar bun ag an gCoimisiún agus arna chur ar fáil ar an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais. Chun a áirithiú go mbeidh sé éasca úsáid a bhaint as aighneachtaí faisnéise agus an fhaisnéis a sholáthraítear a chaighdeánú, ba cheart don Choimisiún treoraíocht a eisiúint maidir leis an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach a úsáid agus ba cheart dó a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha nós imeachta, teimpléid agus mionsonraí na n-aighneachtaí faisnéise a shonrú. Ba cheart fáil réidh le haighneachtaí faisnéise atá go follasach neamhiomlán, gan bhunús nó a dhéantar de mheon mímhacánta. Ba cheart bearta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun cosaint aon duine a bhfuil baint aige leis an aighneacht nó leis an bhfaisnéis atá ann a áirithiú, lena n-áirítear ó fhrithbheartaíocht. |
(39) |
Is féidir le sceithirí faisnéis nua a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cabhrú leo sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus a chur ar a gcumas gníomhaíocht a dhéanamh. Chun go mbeidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun sceithirí a chumasú na húdaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus na sceithirí a chosaint ar fhrithbhearta, Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo go bhfuil Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin, a mhéid a thagann siad faoi raon feidhme pearsanta na Treorach sin. |
(40) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart infheidhmeacht Threoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe, de bhun an Rialacháin seo, a léiriú sa Treoir sin. Ba cheart, dá réir sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937 a leasú. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú, ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go léireofar an leasú sin sna bearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin. Níl glacadh na mbeart trasuite náisiúnta mar choinníoll, áfach, i dtaca le hinfheidhmeacht na Treorach sin i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú ná cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú. |
(41) |
Chun rochtain éasca ar fhaisnéis ábhartha maidir leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tairseach gréasáin aonair a chur ar bun ar leibhéal an Aontais, a bheadh ar fáil don phobal i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais. |
(42) |
Nuair atá sáruithe féideartha ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais á sainaithint, ba cheart don Choimisiún nó do na húdaráis inniúla cur chuige rioscabhunaithe a leanúint agus an fhaisnéis uile atá ar fáil dóibh a mheasúnú. Chun an cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme agus tosaíocht á tabhairt dá n-imscrúduithe, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla an sciar den chuid den táirge a bhfuil amhras faoi go ndearnadh é le saothar éigeantais sa táirge deiridh, cainníocht agus méid na dtáirgí lena mbaineann, agus scála agus déine an tsaothair éigeantais amhrasta a chur san áireamh, lena n-áirítear an bhféadfadh saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit a bheith ina ábhar imní. Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha agus castacht an tslabhra soláthair a chur san áireamh freisin, agus ba cheart dóibh díriú a mhéid is féidir ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb ábhartha, ar sholáthróirí táirgí atá níos cóngaraí do riosca an tsaothair éigeantais agus a bhfuil an acmhainn is mó acu chun úsáid saothair éigeantais a chosc, a mhaolú agus deireadh a chur leis. |
(43) |
Sula dtionscnaítear imscrúdú, ba cheart don phríomhúdarás inniúil a bheith ábalta faisnéis a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú agus freisin ar gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear na daoine nó na comhlachais a bhfuil faisnéis ábhartha curtha faoi bhráid na n-údarás inniúil acu. Ba cheart don phríomhúdarás inniúil a bheith ábalta a roghnú gan faisnéis bhreise a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha má mheasann sé go bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le hiarracht ag na hoibreoirí eacnamaíocha sin staid saothair éigeantais a cheilt agus, ar an gcaoi sin, an t-imscrúdú a chur i mbaol. Ba cheart don phríomhúdarás inniúil imscrúdú a thionscnamh i gcás ina suíonn sé, bunaithe ar a mheasúnú ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil, nó ar bhonn aon fhíorais eile a bhí ar fáil i gcás nárbh fhéidir faisnéis agus fianaise a bhailiú le linn réamhchéim an imscrúdaithe, go bhfuil ábhar imní ann a bhfuil bunús leis maidir le sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais. |
(44) |
Chun éifeachtacht an toirmisc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a mhéadú, ba cheart do na húdaráis inniúla am réasúnach a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun riosca an tsaothair éigeantais a shainaithint, a mhaolú, a chosc agus deireadh a chur leis, agus castacht an phróisis agus líon na ngeallsealbhóirí lena mbaineann, inter alia, á gcur san áireamh. |
(45) |
Sula dtionscnaítear imscrúdú, ba cheart don phríomhúdarás inniúil a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú faisnéis a sholáthar maidir le bearta a dhéantar chun rioscaí um shaothar éigeantais ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí luacha a mhaolú, a chosc, a thabhairt chun deiridh nó chun cásanna saothair éigeantais a leigheas ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair i ndáil leis na táirgí faoi mheasúnú. Ba cheart don dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais cuidiú leis an oibreoir eacnamaíoch a bheith i mbaol níos lú go mbeadh saothar éigeantais ina chuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair. Le dícheall cuí iomchuí i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, is féidir cuidiú chun saothar éigeantais sa slabhra soláthair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt air. Tugann sé sin le fios nár cheart aon imscrúdú a thionscnamh i gcás ina measann an príomhúdarás inniúil nach bhfuil aon ábhar imní a bhfuil bunús leis faoi shárú an toirmisc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais, nó gur cuireadh deireadh leis na cúiseanna ba chúis le hábhar imní a bhfuil bunús leis a bheith ann, mar shampla mar gheall ar an reachtaíocht, na treoirlínte, na moltaí is infheidhme nó aon dícheall cuí eile i ndáil le saothar éigeantais a bheith á gcur i bhfeidhm, ach gan a bheith teoranta dóibh, ar bhealach lena maolaítear, lena gcoisctear agus lena gcuirtear deireadh le riosca an tsaothair éigeantais. |
(46) |
Ba cheart don phríomhúdarás inniúil, agus faisnéis á hiarraidh aige le linn an imscrúdaithe, tosaíocht a thabhairt, a mhéid is féidir agus i gcomhréir le seoladh éifeachtach an imscrúdaithe, do na hoibreoirí eacnamaíocha faoi imscrúdú agus a bhfuil baint acu le céimeanna an tslabhra soláthair chomh gar agus is féidir don áit ar dócha a dtarlaíonn an riosca um shaothar éigeantais agus a chur san áireamh méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha agus cainníocht na dtáirgí lena mbaineann, chomh maith le scála an tsaothair éigeantais amhrasta. |
(47) |
Ba cheart gur ar an bpríomhúdarás inniúil a bheadh an t-ualach a shuí, ar bhonn na faisnéise agus na fianaise uile a bailíodh le linn an imscrúdaithe, lena n-áirítear réamhchéim an imscrúdaithe, ar úsáideadh saothar éigeantais ag aon chéim de tháirgeadh, de mhonarú, de bhuaint nó d’eastóscadh táirge a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh nó le honnmhairiú, lena n-áirítear in oibriú nó próiseáil a bhaineann leis an táirge. Chun a gceart ar phróiseas cuí a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chun iad féin a chosaint a sholáthar do na húdaráis inniúla le linn an imscrúdaithe. Más rud é, mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis ó phríomhúdarás inniúil, go ndiúltaíonn nó go mainníonn oibreoir eacnamaíoch nó údarás poiblí, gan údar bailí, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar, go ndéanann siad faisnéis neamhiomlán nó mhícheart a sholáthar a bhfuil sé mar chuspóir leis an imscrúdú a bhlocáil, faisnéis mhíthreorach a sholáthar nó bac a chur ar an imscrúdú ar bhealach eile, lena n-áirítear nuair a shainaithnítear riosca saothair éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit, ba cheart don phríomhúdarás inniúil a bheith in ann a shuí gur sáraíodh an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha agus infhíoraithe eile a bailíodh le linn réamhchéim an imscrúdaithe nó le linn an imscrúdaithe. Ba cheart don phríomhúdarás inniúil na tosca sin a chur san áireamh freisin agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar chinneadh a rinneadh ar an mbonn sin. |
(48) |
I gcás ina suíonn an príomhúdarás inniúil gur sháraigh oibreoirí eacnamaíocha an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais, ba cheart dó toirmeasc a chur gan aon mhoill ar na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, agus a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh imscrúdú orthu na táirgí lena mbaineann atá curtha ar fáil cheana ó mhargadh an Aontais a tharraingt siar agus táirgí meatacha a dheonú do chúiseanna carthanúla nó leasa phoiblí. I gcás táirgí nach bhfuil meatach, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha táirgí den sórt sin a athchúrsáil, agus mura bhfuil sé sin indéanta, ba cheart an táirge a scriosadh, a chur as feidhm, nó a dhiúscairt ar shlí eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola. Mar sin féin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shuaitheadh slabhraí soláthair, a bhfuil tábhacht straitéiseach nó chriticiúil leo don Aontas, a chosc agus, i ndáil leis sin, ar tháirgí a n-athródh a ndiúscairt feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus na slabhraí soláthair sin. Sna cásanna sin, de mhaolú ar an oibleagáid ordú a fhorchur an táirge lena mbaineann a dhiúscairt, ba cheart don phríomhúdarás inniúil, i gcás inarb iomchuí, a bheith in ann a ordú an táirge lena mbaineann a choinneáil siar ar feadh tréimhse shainithe, ar chostas na n-oibreoirí eacnamaíocha. Agus measúnú á dhéanamh ar an tábhacht straitéiseach nó chriticiúil a bhaineann le táirge don Aontas, ba cheart don phríomhúdarás inniúil, go háirithe, liosta na n-earnálacha a chur san áireamh a bunaíodh i Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus i Moladh (AE) 2023/2113 (17) ón gCoimisiún chomh maith leis na táirgí a liostaítear i Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Agus measúnú á dhéanamh acu an iomchuí é an maolú ón oibleagáid ordú diúscartha a fhorchur, ba cheart don phríomhúdarás inniúil aird a thabhairt ar an dóchúlacht go gcomhlíonfadh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann coinníollacha an athbhreithnithe ar an gcinneadh lena mbunaítear sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais laistigh den tréimhse arna sainmhíniú ag an bpríomhúdarás inniúil. Leis an tréimhse arna socrú ag an bpríomhúdarás inniúil, lamhálfaí do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a léiriú gur dhíothaigh siad saothar éigeantais maidir leis an táirge lena mbaineann, trí dheireadh a chur leis laistigh dá slabhra soláthair. Ní féidir athrú ar shlabhra soláthair, is é sin le rá, brath ar sholáthróirí eile, a mheas mar mhodh chun an saothar éigeantais a dhíothú maidir leis an táirge a bhaineann leis an gcinneadh sin, ós rud é go mbeadh táirge difriúil mar thoradh air. Má sholáthraíonn na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhianaise lena léirítear go bhfuil an saothar éigeantais díothaithe acu maidir leis an táirge lena mbaineann, ba cheart don phríomhúdarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh lena dtoirmisctear táirgí den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, as a dtiocfaidh tarraingt siar an chinnidh agus, dá bhrí sin, lena gcuirtear deireadh le coinneáil siar na dtáirgí lena mbaineann. Mura soláthraíonn na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhianaise sin, i dtaca leis an ordú maidir leis na táirgí lena mbaineann a dhiúscairt, ba cheart dóibh é a chomhlíonadh tar éis don tréimhse a áirítear sa chinneadh lena dtoirmisctear na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais dul in éag, ar cinneadh é ina bhfuil an t-ordú na táirgí a choinneáil siar ar feadh tréimhse shainithe. |
(49) |
I gcinneadh lena suitear sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais, ba cheart don phríomhúdarás inniúil torthaí an imscrúdaithe, agus an fhaisnéis is bonn leis na torthaí, a lua agus teorainn ama réasúnta a leagan síos ar laistigh di ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha an cinneadh sin a chomhlíonadh, chomh maith le faisnéis lena sainaithnítear an táirge a bhfuil feidhm ag an gcinneadh maidir leis. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme riachtanacha a ghlacadh chun mionsonraí na faisnéise a bheidh i gcinntí den sórt sin a shonrú. Ba cheart cinntí an phríomhúdaráis inniúil a chur ar fáil go poiblí. |
(50) |
Agus teorainn réasúnta ama á socrú chun na horduithe arna leagan amach i gcinneadh lena suitear sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chomhlíonadh, ba cheart don phríomhúdarás inniúil méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chur san áireamh. |
(51) |
Chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú, maidir le cinntí arna ndéanamh ag príomhúdarás inniúil i mBallstát amháin, ba cheart d’údaráis inniúla sna Ballstáit eile iad a aithint agus a fhorfheidhmiú maidir le táirgí a bhfuil an fhaisnéis sainaitheantais chéanna acu ón slabhra soláthair céanna a bhfuarthas saothar éigeantais ina leith. |
(52) |
Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith ábalta athbhreithniú ar chinntí na bpríomhúdarás inniúil a iarraidh de bhun an Rialacháin seo, tar éis dóibh faisnéis shubstaintiúil nua a sholáthar lena léirítear go gcomhlíonann na táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais nó atá le honnmhairiú ó mhargadh an Aontais an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais. Ba cheart don phríomhúdaráis inniúil a chinneadh don todhchaí a tharraingt siar i gcás ina léireoidh na hoibreoirí eacnamaíocha gur chomhlíon siad an cinneadh sin agus gur dhíothaigh siad saothar éigeantais ina n-oibríochtaí nó ina slabhraí soláthair le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann. Na cinntí ó na príomhúdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo, ba cheart iad a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme. |
(53) |
Má theipeann ar na hoibreoirí eacnamaíocha cinneadh an phríomhúdaráis inniúil a chomhlíonadh faoi dheireadh na tréimhse ama atá leagtha síos, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear toirmeasc ar na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, nó ar a n-onnmhairiú nó go ndéantar iad a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais agus go ndéanfar aon táirgí meatacha a fhanann leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha a dheonú do chúiseanna carthanúla nó leasa phoiblí. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar táirgí nach bhfuil meatach a athchúrsáil nó, mura féidir sin a dhéanamh, go ndéantar iad a scriosadh, a chur as feidhm, nó a dhiúscairt ar shlí eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, lena n-áirítear dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola agus le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe ar chostas na n-oibreoirí eacnamaíocha. I gcás inar féidir, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go mbeidh an tionchar is lú is féidir ar an gcomhshaol ag an modh diúscartha nó scriosta arna roghnú as na roghanna uile atá ar fáil. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a bheith freagrach as na cinntí a fhorfheidhmiú ina gcríoch féin, lena n-áirítear cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún. Tar éis dóib cinneadh a chur in iúl trí ICSMS, na húdaráis inniúla uile a bhfuil baint acu leis an gcinneadh sin ba cheart dóibh dul ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
(54) |
Ba cheart an éifeacht ar leas ainmhithe a bhreithniú agus an toirmeasc ar chur ar an margadh agus ar chur ar fáil ar an margadh nó onnmhairiú táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais á fhorfheidhmiú chun pian, anacair nó fulaingt inseachanta a spáráil ar na hainmhithe lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an Aontais maidir le leas ainmhithe, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (19) agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle (20). |
(55) |
Ba cheart cinntí na bpríomhúdarás inniúil lena suitear sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur in iúl d’údaráis chustaim, agus ba cheart é a bheith d’aidhm acu an táirge lena mbaineann a shainaithint i measc na dtáirgí atá dearbhaithe le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó lena n-onnmhairiú. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a bheith freagrach as forfheidhmiú foriomlán an toirmisc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais i margadh an Aontais chomh maith le táirgí a thagann isteach sa mhargadh sin nó a fhágann é. Ós rud é gur cuid den phróiseas monaraíochta é saothar éigeantais agus nach bhfágann sé aon rian ar an táirge, agus nach gclúdaíonn Rialachán (AE) 2019/1020 ach táirgí monaraithe agus go bhfuil a raon feidhme teoranta do scaoileadh i saorchúrsaíocht, ní bheadh na húdaráis chustaim in ann gníomhú go huathrialach faoi Rialachán (AE) 2019/1020 chun an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ba cheart eagrú sonrach na rialuithe ag gach Ballstát a bheith gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus dá fhorálacha ginearálta maidir le cumhachtaí rialaithe agus maoirseachta na n-údarás custaim. |
(56) |
Is faisnéis ghinearálta amháin faoi na táirgí atá san fhaisnéis a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha nó a chuireann siad ar fáil d’údaráis chustaim faoi láthair agus tá easpa faisnéise inti faoin monaróir nó faoin táirgeoir nó faoi sholáthraithe an táirge chomh maith le faisnéis shonrach faoi tháirgí. Chun go mbeidh údaráis chustaim in ann táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann é a dhéanann sárú ar an Rialachán seo a shainaithint agus ar cheart iad a stopadh dá réir ag teorainneacha seachtracha an Aontais, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás custaim a fhágann gur féidir táirgí a bhfuil baint ag cinneadh ón bpríomhúdarás inniúil leo a shainaithint. Ba cheart a chuimsiú leis sin faisnéis faoin monaróir nó faoin táirgeoir agus faoi sholáthraithe an táirge chomh maith le haon fhaisnéis eile faoin táirge féin. Chuige sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sainaithnítear na táirgí ar cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ina leith agus úsáid á baint, inter alia, as an mbunachar sonraí a bhunaítear faoin Rialachán sin mar aon le faisnéis agus cinntí na bpríomhúdarás inniúil a ionchódaítear in ICSMS, an córas. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme riachtanacha a ghlacadh chun mionsonraí na faisnéise a bheidh le soláthar nó le cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha d’údaráis chustaim a shonrú. Ba cheart a áireamh i bhfaisnéis den sórt sin tuairisc, ainm nó branda an táirge, ceanglais shonracha faoi dhlí an Aontais maidir le sainaithint an táirge, amhail cineál, tagairt, samhail, baisc nó sraithuimhir a ghreamaítear den táirge, nó a chuirtear ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, nó in aitheantóir uathúil phas an táirge dhigitigh, chomh maith le sonraí maidir leis an monaróir nó an táirgeoir agus soláthraithe an táirge, lena n-áirítear i ndáil le gach ceann díobh a n-ainm, a dtrádainm nó a dtrádmharc cláraithe, a sonraí teagmhála, a n-uimhir aitheantais sa tír ina bhfuil siad bunaithe agus, nuair a bhíonn sí ar fáil, a n-uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha. Breithneofar san athbhreithniú ar Chód Custaim an Aontais an fhaisnéis is gá d’oibreoirí eacnamaíocha a sholáthar nó a chur ar fáil d’údaráis chustaim a thabhairt isteach sa reachtaíocht chustaim chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus, ar bhonn níos leithne, chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a threisiú. Ba cheart don Choimisiún treoraíocht a eisiúint chuig oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, agus tacaíocht a thabhairt dóibh maidir le conas an fhaisnéis is gá a bhailiú. |
(57) |
Ba cheart d’údaráis chustaim a shainaithníonn táirge a d’fhéadfadh a bheith ag teacht faoi chinneadh arna chur in iúl ag an bpríomhúdarás inniúil lena suitear sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais scaoileadh an táirge sin a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla láithreach. Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar chonclúid laistigh de thréimhse ama réasúnach maidir leis an gcás a dtugann na húdaráis chustaim fógra ina leith, trína dheimhniú nó a shéanadh go bhfuil an táirge lena mbaineann ag teacht faoi chinneadh. I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, ba cheart do na húdaráis inniúla a údarú chun fionraíocht ar scaoileadh an táirge lena mbaineann a choinneáil, agus an damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann don oibreoir eacnamaíoch á chur san áireamh. In éagmais chonclúid ó na húdaráis inniúla laistigh den teorainn ama shonraithe, ba cheart do na húdaráis chustaim na táirgí a scaoileadh má chomhlíontar na ceanglais agus na foirmiúlachtaí eile uile is infheidhme. Go ginearálta, níor cheart a mheas gurb ionann táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó lena onnmhairiú agus cruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais, toisc nach gá go n-áirítear measúnú iomlán ar chomhlíontacht leis an scaoileadh sin. |
(58) |
I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid go gcomhfhreagraíonn táirge do chinneadh lena suitear sárú ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais, ba cheart dóibh na húdaráis chustaim a chur ar an eolas láithreach, ar cheart dóibhsean diúltú é a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú. Ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann, i gcás ina n-iarrann údarás inniúil amhlaidh agus thar ceann agus faoi fhreagracht an údaráis inniúil sin, an táirge sin a urghabháil de rogha air sin agus é a chur ar fáil don údarás inniúil sin agus faoi údarás an údaráis inniúil sin. Sna cásanna sin, ba cheart don údarás inniúil ábhartha na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an táirge lena mbaineann a dhiúscairt go hiomchuí, lena n-áirítear trí bhíthin é a dheonú do chúiseanna carthanúla nó leasa phoiblí, a athchúrsáil nó a dhiúscairt ar shlí eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais ar chostas an oibreora eacnamaíoch ábhartha. |
(59) |
Ba cheart don phríomhúdarás inniúil aird chuí a thabhairt ar an riosca a bhaineann le díscor ag oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le táirgí nó réigiúin sa bhunachar sonraí, nó ar baineadh a dtáirge de mhargadh an Aontais, chomh maith leis na hiarmhairtí ar oibrithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart don phríomhúdarás inniúil, i gcás inarb iomchuí, tacú le hoibreoirí eacnamaíocha bearta oiriúnacha éifeachtacha a ghlacadh agus a chur i gcrích chun deireadh a chur le saothar éigeantais. Áirítear le díscor freagrach comhaontuithe comhchoiteanna a chomhlíonadh agus bearta méadúcháin a chur in iúl. |
(60) |
Na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí le linn iad a bheith ar fionraí óna scaoileadh i saorchúrsaíocht nó óna n-onnmhairiú, lena n-áirítear a stóráil nó a scriosadh agus a ndiúscairt i gcás ina ndiúltaítear táirgí den sórt sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht, ba cheart do na húdaráis inniúla iad a chinneadh, i gcás inarb infheidhme, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ón gComhairle. I gcás inar gá tuilleadh próiseála a dhéanamh ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, tá siad le cur faoin nós imeachta custam iomchuí lena gceadaítear próiseáil den sórt sin i gcomhréir le hAirteagail 220, 254, 256, 257 agus 258 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. |
(61) |
I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo chun éifeacht a thabhairt don toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a bheith faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 (22) agus (AE) 2018/1725 (23) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(62) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis na rialacha nós imeachta agus mionsonraí na socruithe le haghaidh úsáid a bhaint as ICSMS, an córas; na rialacha nós imeachta, na teimpléid agus na sonraí chun faisnéis a chur isteach faoi sháruithe líomhnaithe ar an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó iad a onnmhairiú; na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún lena suitear gur sáraíodh an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó iad a onnmhairiú; na cinntí sin a tharraingt siar; mionsonraí inneachar na gcinntí sin agus na gcinntí coibhéiseacha arna nglacadh ag na príomhúdaráis inniúla; na socruithe agus na mionsonraí maidir le faisnéis áirithe faoi tháirgí sonracha nó faoi ghrúpaí táirgí sonracha a sholáthar do na húdaráis chustaim nó a chur ar fáil dóibh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). |
(63) |
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le tarraingt siar na gcinntí lena suitear gur sáraíodh an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar an margadh, a chur ar fáil nó a onnmhairiú, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne. |
(64) |
Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (25). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(65) |
Chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis chustaim ábalta gníomhú go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na faisnéise breise lena sainaithnítear an táirge lena mbaineann a shonrú tuilleadh, ar faisnéis í ar cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a chur ar fáil nó a sholáthar do na húdaráis chustaim maidir le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith mar fhaisnéis lena sainaithnítear an táirge lena mbaineann, faisnéis faoin monaróir nó faoin táirgeoir agus faisnéis faoi sholáthraithe an táirge. Ní mór a chur ar chumas na n-údarás custaim faisnéis a fháil go tapa ar tháirgí sonracha arna sainaithint i gcinntí na bpríomhúdarás inniúil chun gníomhaíochtaí agus bearta a dhéanamh go héifeachtach agus go tapa. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun nós imeachta práinne. |
(66) |
Ba cheart do na Ballstáit an chumhacht a thabhairt dá n-údaráis inniúla pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur agus a chur chun feidhme i gcásanna nach mbeidh an t-oibreoir eacnamaíoch tar éis cinneadh a chomhlíonadh lena dtoirmisctear táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar an margadh. Ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás nach gcomhlíontar cinneadh a bhunú, agus aird chuí á tabhairt ar ghnéithe amhail tromchúis agus fad an tsáraithe, sáruithe a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch roimhe sin, an méid comhair leis na húdaráis inniúla agus aon toisc mhaolaitheach nó ghéaraitheach eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis ar leith. Ba cheart don Choimisiún treoraíocht a eisiúint do na Ballstáit maidir leis an modh chun pionóis airgeadais a ríomh agus na tairseacha is infheidhme agus ba cheart do Líonra an Aontais i gcoinne Táirgí Saothair Éigeantais dea-chleachtais a chur chun cinn i gcur i bhfeidhm na bpionós sin. |
(67) |
Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo agus tuarascáil ina leith a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil ar rannchuidiú an Rialacháin seo le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a dhíothú ó mhargadh an Aontais agus leis an gcomhrac i gcoinne an tsaothair éigeantais chomh maith leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla agus comhar idirnáisiúnta chun saothar éigeantais a dhíothú. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil freisin ar thionchar an Rialacháin seo, ar ghnólachtaí, go háirithe ar FBManna, agus ar íospartaigh, chomh maith le costais agus tairbhí foriomlána an toirmisc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais. Ba cheart measúnú breise a dhéanamh sa tuarascáil ar ailíniú an Rialacháin seo le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais. |
(68) |
Urramaítear leis an Rialachán seo an ceart chun dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt, lena n-áirítear, inter alia, an ceart atá ag gach duine éisteacht a fháil sula ndéanfar aon bheart aonair a dhéanfadh difear díobhálach dó nó di. Maidir leis sin, ba cheart don phríomhúdarás inniúil a dhéanann an t-imscrúdú na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chur ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus faoi na hiarmhairtí féideartha air. Chun a gceart ar phróiseas cuí a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chun iad féin a chosaint a sholáthar do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh le linn an imscrúdaithe. Ba cheart an deis a bheith ag na hoibreoirí eacnamaíocha a iarraidh ar an bpríomhúdarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh lena ndéantar difear dóibh, trí fhaisnéis shubstaintiúil nua a sholáthar. Ba cheart na cinntí a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme. Tá na cinntí a ghlacann an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE. |
(69) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais, iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó iad a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an tsaothair éigeantais an tráth céanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(70) |
Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar, cuspóir agus raon feidhme
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha lena gcuirtear toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais, iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó iad a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus rannchuidiú ag an am céanna leis an gcomhrac i gcoinne an tsaothair éigeantais.
2. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo tarraingt siar táirgí atá imithe chomh fada leis na húsáideoirí deiridh i margadh an Aontais.
3. Ní chruthaítear leis an Rialachán seo oibleagáidí díchill chuí breise d’oibreoirí eacnamaíocha seachas na cinn sin dá bhforáiltear cheana i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘saothar éigeantais’ saothar éigeantais nó éigeantach mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún EIS Uimh. 29, lena n-áirítear saothar éigeantais leanaí; |
(2) |
ciallaíonn ‘saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit’ úsáid saothair éigeantais mar a thuairiscítear in Airteagal 1 de Choinbhinsiún EIS Uimh. 105; |
(3) |
ciallaíonn ‘dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais’ iarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha chun ceanglais shainordaitheacha, treoirlínte deonacha, moltaí nó cleachtais a chur chun feidhme chun saothar éigeantais a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur le húsáid an tsaothair éigeantais maidir le táirgí atá le cur ar mhargadh an Aontais, le cur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó atá le honnmhairiú; |
(4) |
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
(5) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair; |
(6) |
ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim is féidir a luacháil in airgead agus atá in ann, sa cháil sin, a bheith ina ábhar d’idirbhearta tráchtála, cibé acu a eastósctar, a bhuaintear, a tháirgtear nó a mhonaraítear é; |
(7) |
ciallaíonn ‘táirge arna dhéanamh le saothar éigeantais’ táirge ar úsáideadh saothar éigeantais ina leith go hiomlán nó go páirteach ag aon chéim dá eastóscadh, dá bhuaint, dá tháirgeadh nó dá mhonarú, lena n-áirítear in oibriú nó próiseáil a bhaineann le táirge ag aon chéim de shlabhra soláthair an táirge sin; |
(8) |
ciallaíonn ‘slabhra soláthair’ córas na ngníomhaíochtaí, na bpróiseas agus na ngníomhaithe atá bainteach le gach céim réamhtheachtach de tháirge a chur ar fáil ar an margadh, eadhon táirge a eastóscadh, a bhuaint, a tháirgeadh agus a mhonarú ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear oibriú nó próiseáil a bhaineann leis an táirge ag aon cheann de na céimeanna sin; |
(9) |
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó comhlachas daoine a chuireann táirgí ar mhargadh an Aontais nó a chuireann táirgí ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a dhéanann táirgí a onnmhairiú; |
(10) |
ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn na táirgí sin, faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc; |
(11) |
ciallaíonn ‘táirgeoir’ táirgeoir táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 38(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó táirgeoir amhábhar; |
(12) |
ciallaíonn ‘soláthróir táirgí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas daoine sa slabhra soláthair a eastóscann, a bhuaineann, a tháirgeann nó a mhonaraíonn táirge ina iomláine nó i bpáirt, nó a dhéanann idiragairt san oibriú nó sa phróiseáil a bhaineann le táirge ag aon chéim dá slabhra soláthair, i gcáil monaróra nó in aon cháil eile; |
(13) |
ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn san Aontas nó atá bunaithe ann, ar cuireadh táirge ar fáil dó nó di i gcáil tomhaltóra lasmuigh d’aon trádáil, gnó, ceird nó gairm, nó i gcáil úsáideoir deiridh gairmiúil i rith a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla; |
(14) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas daoine atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais; |
(15) |
ciallaíonn ‘onnmhaireoir’ onnmhaireoir mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (19) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (26); |
(16) |
ciallaíonn ‘ábhar imní a bhfuil bunús leis’ tásc réasúnach atá bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, fhíorasach agus infhíoraithe, ar ar a bonn a bhféadfadh an Coimisiún nó na húdaráis inniúla a bheith in amhras gur dócha go ndearnadh táirge le saothar éigeantais; |
(17) |
ciallaíonn ‘príomhúdarás inniúil’ an t-údarás atá freagrach, de bhun Airteagal 15, as aighneachtaí faisnéise a mheasúnú, imscrúduithe a dhéanamh, agus cinntí a dhéanamh, eadhon údarás inniúil Ballstáit nó an Coimisiún; |
(18) |
ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; |
(19) |
ciallaíonn ‘táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais’ táirgí ó thríú tíortha atá beartaithe lena gcur ar mhargadh an Aontais nó atá beartaithe d’úsáid phríobháideach nó do thomhailt phríobháideach laistigh de chríoch custam an Aontais agus atá le cur faoin nós imeachta custam ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’; |
(20) |
ciallaíonn ‘táirgí a fhágann margadh an Aontais’ táirgí atá le cur faoin nós imeachta custaim ‘onnmhairiú’; |
(21) |
ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; |
(22) |
ciallaíonn ‘onnmhairiú’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. |
Airteagal 3
Toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais
Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais ná a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, ná ní dhéanfaidh siad na táirgí sin a onnmhairiú.
Airteagal 4
Ciandíolacháin
Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, measfar go bhfuil siad curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. Measfar go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát.
Airteagal 5
Údaráis inniúla
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i gcrích. Oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún i ndlúthchomhar le chéile agus beidh siad freagrach as a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach agus go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.
2. I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe ag Ballstát, leagfaidh sé amach go soiléir a ndualgais faoi seach agus bunóidh sé sásraí cumarsáide agus comhordaithe a chuirfidh ar chumas na n-údarás sin dul i ndlúthchomhar agus a gcuid dualgas a fheidhmiú go héifeachtach.
3. Tráth nach déanaí ná an 14 Nollaig 2025, déanfaidh na Ballstáit, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile:
(a) |
ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil; agus |
(b) |
réimsí inniúlachta an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil. |
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
4. Déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil a chur ar fáil don phobal ar an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais dá dtagraítear in Airteagal 12 agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, bunaithe ar na nuashonruithe a gheofar ó na Ballstáit.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh a n-údaráis inniúla a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus le meas cuí ar oibleagáidí na rúndachta gairmiúla. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí, an saineolas agus na hacmhainní is gá ag a n-údaráis inniúla chun imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha buiséadacha.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dlúthchomhar idir a n-údaráis inniúla agus go malartóidh siad faisnéis leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, amhail údaráis um chigireacht saothair agus údaráis bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear na cinn sin atá freagrach as gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, agus leis na húdaráis arna n-ainmniú ag Ballstáit faoi Threoir (AE) 2019/1937.
7. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht dá n-údaráis inniúla pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 37, go díreach, i gcomhar le húdaráis eile nó trí iarratas ar na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
CAIBIDIL II
RIALACHAS
Airteagal 6
Líonra an Aontais i gcoinne Táirgí Saothair Éigeantais
1. Bunaítear leis seo Líonra an Aontais i gcoinne Táirgí Saothair Éigeantais (an Líonra).
2. Fónfaidh an Líonra mar ardán le haghaidh comhordú agus comhar struchtúrtha idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, agus chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a chuíchóiriú laistigh den Aontas, rud a dhéanfaidh forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí.
3. Beidh an Líonra comhdhéanta d’ionadaithe ó gach Ballstáit, ionadaithe ón gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe ó údaráis chustaim.
4. Déanfaidh an Coimisiún obair an Líonra a chomhordú. Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar chruinnithe an Líonra.
5. Is é an Coimisiún a sholáthróidh rúnaíocht an Líonra. Eagróidh an rúnaíocht cruinnithe an Líonra agus cuirfidh sí tacaíocht theicniúil agus lóistíochta ar fáil dó.
6. Beidh comhaltaí an Líonra rannpháirteach go gníomhach chun comhordú agus comhar éifeachtúil a áirithiú, agus rannchuideoidh siad le cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo.
7. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Líonra:
(a) |
sainaithint na dtosaíochtaí coiteanna forfheidhmiúcháin a éascú chun cuspóir an Rialacháin seo mar a leagtar amach in Airteagal 1 a ghnóthú; |
(b) |
comhordú na n-imscrúduithe a éascú; |
(c) |
obair iardain a dhéanamh maidir le forfheidhmiú cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20; |
(d) |
arna iarraidh sin don Choimisiún, rannchuidiú le forbairt na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 11; |
(e) |
bailiú agus malartú faisnéise, saineolais agus dea-chleachtas maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú agus a chomhordú; |
(f) |
rannchuidiú le cur chuige aonfhoirmeach rioscabhunaithe agus cleachtais riaracháin chun an Rialachán seo a chur chun feidhme; |
(g) |
dea-chleachtais a chur chun cinn agus pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 37 á gcur i bhfeidhm; |
(h) |
dul i gcomhar, de réir mar is iomchuí, le seirbhísí an Choimisiúin, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le húdaráis na mBallstát atá ábhartha maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, |
(i) |
comhar, malartú pearsanra agus cláir cuairte a chur chun cinn i measc na n-údarás inniúil agus na n-údarás custaim, agus i measc na n-údarás inniúil sin agus údaráis inniúla tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(j) |
eagrú gníomhaíochtaí oiliúna agus fothaithe acmhainneachta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú don Choimisiún agus do thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus d’údaráis inniúla, údaráis chustaim agus údaráis ábhartha eile na mBallstát; |
(k) |
arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chuige comhordaithe a fhorbairt i dtaca le rannpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha de bhun Airteagal 13; |
(l) |
faireachán a dhéanamh ar chásanna d’úsáid shistéamach an tsaothair éigeantais; |
(m) |
cúnamh a thabhairt le feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a eagrú faoin Rialachán seo; |
(n) |
comhar a chur chun cinn agus a éascú maidir le féidearthachtaí a iniúchadh chun teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus le hinrianaitheacht táirgí. |
(o) |
sonraí a bhailiú maidir le feabhsúchán a bhaineann leis na cinntí agus meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht. |
8. Féadfaidh údaráis ábhartha eile na mBallstát freastal ar chruinnithe an Líonra ar bhonn ad hoc. Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear ionadaithe ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí eile oibrithe, ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí um chearta an duine, eagraíochtaí gnó, eagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis ábhartha tríú tíortha, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an tÚdarás Eorpach Saothair, seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, toscaireachtaí an Aontais agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil saineolas acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, freastal ar chruinnithe an Líonra nó aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar.
9. Tiocfaidh an Líonra le chéile ar bhonn tráthrialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát.
10. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag an Líonra chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha buiséadacha.
11. Bunóidh an Líonra a rialacha nós imeachta.
Airteagal 7
Córais faisnéise agus cumarsáide
1. Chun críocha Chaibidlí I, III, IV agus V den Rialachán seo, úsáidfidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, pointe (a), den Airteagal seo. Beidh rochtain ag an gCoimisiún, ag údaráis inniúla agus ag údaráis chustaim ar an gcóras sin chun críocha an Rialacháin seo.
2. Déanfar cinntí a chuirfear in iúl de bhun Airteagal 26(3) a iontráil sa timpeallacht ábhartha um bainistiú riosca custam.
3. Déanfaidh an Coimisiún idirnasc a fhorbairt chun cumarsáid uathoibrithe na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 26(3) ón gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chuig an timpeallacht dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chumasú. Tosóidh an t-idirnasc sin ag feidhmiú tráth nach déanaí ná 2 bhliain ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, pointe (b), den Airteagal seo.
4. Is tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 a mhalartófar iarrataí agus fógraí idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim de bhun Chaibidil V, Roinn II chomh maith leis na teachtaireachtaí ina dhiaidh sin.
5. Bunófar idirnasc idir an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 agus Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2399 chun iarrataí agus fógraí a mhalartú idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla de bhun Chaibidil V, Roinn II, den Rialachán seo. Bunófar an t-idirnasc sin laistigh de 4 bliana ar a dhéanaí ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, pointe (a). Déanfar na hiarrataí, na fógraí agus na teachtaireachtaí ina dhiaidh sin dá dtagraítear i mír 4 a mhalartú tríd an idirnasc sin a luaithe a bheidh sé ag feidhmiú.
6. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis a bhaint as an gcóras faireachais dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 maidir le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus í a tharchur chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
7. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rialacha nós imeachta agus sonraí na socruithe cur chun feidhme don Airteagal seo a shonrú, lena n-áirítear:
(a) |
na feidhmiúlachtaí, na heilimintí sonraí agus an phróiseáil sonraí, chomh maith leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rúndacht agus rialaitheoireacht an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4; |
(b) |
na feidhmiúlachtaí, na heilimintí sonraí agus an phróiseáil sonraí, chomh maith leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rúndacht agus rialaitheoireacht don idirnasc dá dtagraítear i mír 3; |
(c) |
na sonraí atá le tarchur, chomh maith leis na rialacha maidir lena rúndacht agus lena rialaitheoireacht, i gcomhréir le mír 6. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
Airteagal 8
Bunachar sonraí de limistéir nó táirgí a mbaineann riosca saothair éigeantais leo
1. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí, le cúnamh ó shaineolas seachtrach más gá. Soláthrófar leis an mbunachar sonraí sin faisnéis tháscach, neamh-uileghabhálach, fhianaisebhunaithe, infhíoraithe agus a nuashonraítear go tráthrialta faoi rioscaí saothair éigeantais i limistéir gheografacha shonracha nó maidir le táirgí sonracha nó grúpaí táirgí sonracha lena n-áirítear maidir le saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit. Tabharfar tosaíocht sa bhunachar sonraí do rioscaí forleathana agus tromchúiseacha de shaothar éigeantais a shainaithint.
2. Beidh an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar fhaisnéis neamhspleách agus infhíoraithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ó EIS agus ó NA, nó ó eagraíochtaí institiúideacha, taighde nó acadúla.
Ní nochtfar go poiblí sa bhunachar sonraí faisnéis ina n-ainmnítear oibreoirí eacnamaíocha go díreach.
Léireofar sa bhunachar sonraí earnálacha eacnamaíocha sonracha i limistéir gheografacha shonracha a bhfuil fianaise iontaofa agus infhíoraithe ann ina leith gur ann do shaothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit.
3. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an bunachar sonraí inrochtana go héasca, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas, agus go gcuirfear ar fáil go poiblí é, i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais, faoin 14 MEITHEAMH 2026.
Airteagal 9
Pointe aonair chun faisnéis a chur isteach
1. Déanfaidh an Coimisiún sásra láraithe tiomnaithe a chur ar bun chun faisnéis a chur isteach (pointe aonair chun faisnéis a chur isteach). Beidh an pointe aonair chun faisnéis a chur isteach ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais. Beidh sé so-úsáidte agus cuirfear ar fáil é saor in aisce.
2. Déanfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faisnéis maidir le sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 3 a chur isteach tríd an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach. Beidh faisnéis maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha nó na táirgí lena mbaineann sna haighneachtaí faisnéise, tabharfar na cúiseanna agus an fhianaise a thugann bunús leis na sáruithe líomhnaithe, agus i gcás inar féidir, doiciméid tacaíochta. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha nós imeachta, teimpléid agus mionsonraí i ndáil leis na haighneachtaí faisnéise sin a shonrú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
3. Déanfaidh an Coimisiún aon aighneachtaí faisnéise chuig an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach ar follasach go bhfuil siad neamhiomlán, gan bhunús nó a dhéantar de mheon mímhacánta a dhíobhadh agus dáilfidh sé na haighneachtaí faisnéise coinnithe le haghaidh measúnaithe ag an bpríomhúdarás inniúil de réir an mhodha chun imscrúduithe a leithdháileadh a leagtar amach in Airteagal 15.
4. Admhóidh an príomhúdarás inniúil atá i gceannas ar an measúnú dá dtagraítear i mír 3 go bhfuair sé an aighneacht faisnéise, déanfaidh sé measúnú dícheallach agus neamhchlaonta ar an bhfaisnéis, agus cuirfidh sé an duine nádúrtha nó dlítheanach nó an comhlachas lena mbaineann ar an eolas maidir le toradh an mheasúnaithe ar a aighneacht faisnéise a luaithe is féidir.
5. Féadfaidh an príomhúdarás inniúil iarraidh ar an duine nó ar an gcomhlachas dá dtagraítear i mír 2 faisnéis bhreise a sholáthar.
6. I gcásanna ina bhfuil eatramh ama suntasach idir an fhaisnéis a chur isteach chuig an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach agus cinneadh dul ar aghaidh le himscrúdú de bhun Chaibidil III, rachaidh an príomhúdarás inniúil, a mhéid is féidir, i gcomhairle leis an duine nó leis an gcomhlachas a chuir an fhaisnéis isteach chun a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil athrú suntasach tagtha ar an staid, chomh fada agus is eol dóibh.
7. Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.
Airteagal 10
Bearta tacaíochta le haghaidh FBManna
Forbróidh an Coimisiún bearta tionlacain chun tacú le hiarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha agus a gcomhpháirtithe gnó sa slabhra soláthair céanna, go háirithe FBManna. I gcás inarb iomchuí, cuirfear faisnéis maidir leis na bearta sin ar fáil tríd an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais dá dtagraítear in Airteagal 12.
Ainmneoidh na húdaráis inniúla pointí teagmhála chun faisnéis a sholáthar do FBManna maidir le hábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh na pointí teagmhála sin cúnamh a chur ar fáil do FBManna maidir leis na hábhair sin chomh maith.
Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát seisiúin oiliúna a eagrú freisin d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le táscairí riosca saothair éigeantais agus maidir le conas dul i mbun idirphlé leis na húdaráis inniúla sin le linn imscrúdaithe.
Airteagal 11
Treoirlínte
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a chur ar fáil faoin 14 MEITHEAMH 2026, agus iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, ar treoirlínte iad lena n-áireofar an méid seo a leanas:
(a) |
treoraíocht d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais, lena n-áirítear saothar éigeantais leanaí, ina gcuirfear san áireamh dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, lena leagfar amach ceanglais díchill chuí maidir le saothar éigeantais, treoirlínte agus moltaí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le méid agus acmhainní eacnamaíocha oibreoirí eacnamaíocha, cineálacha éagsúla soláthróirí feadh an tslabhra soláthair, agus earnálacha éagsúla; |
(b) |
treoraíocht d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dea-chleachtais chun deireadh a chur le cineálacha éagsúla saothair éigeantais agus iad a leigheas; |
(c) |
treoraíocht d’údaráis inniúla maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo, go háirithe Airteagail 8, 17 agus 18, lena n-áirítear tagarmharcanna chun cabhrú leis na húdaráis inniúla measúnuithe rioscabhunaithe a dhéanamh i gcomhthéacs imscrúduithe agus treoirlínte maidir leis an gcaighdeán fianaise is infheidhme; |
(d) |
treoraíocht le haghaidh údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha maidir le cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 27 agus, i gcás inarb iomchuí, aon fhoráil eile a leagtar síos i gCaibidil V, Roinn II. |
(e) |
faisnéis maidir le táscairí riosca saothair éigeantais, lena n-áirítear conas táscairí den sórt sin a shainaithint, a bheidh bunaithe ar fhaisnéis neamhspleách agus infhíoraithe, lena n-áirítear tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ó EIS, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí gnó agus ó cheardchumainn, agus ar thaithí ar dhlí an Aontais a chur chun feidhme lena leagtar amach ceanglais i ndáil le dícheall cuí maidir le saothar éigeantais; |
(f) |
treoraíocht d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit; |
(g) |
treoraíocht d’oibreoirí eacnamaíocha agus do sholáthróirí táirgí maidir le conas dul i mbun idirphlé le húdaráis inniúla de bhun Chaibidil III, go háirithe an cineál faisnéise atá le cur isteach; |
(h) |
treoraíocht maidir le conas faisnéis a chur isteach de bhun Airteagal 9; |
(i) |
treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an modh chun pionóis airgeadais a ríomh agus na tairseacha is infheidhme; |
(j) |
tuilleadh faisnéise chun cur chun feidhme an Rialacháin seo ag na húdaráis inniúla agus chun comhlíonadh an Rialacháin seo ag oibreoir eacnamaíoch a éascú. |
Leis an treoraíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (f), díreofar go háirithe ar chúnamh a thabhairt do FBManna chun an Rialachán seo a chomhlíonadh.
Beidh na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad mhír comhsheasmhach leis na treoirlínte dá bhforáiltear i gcomhréir le dlí ábhartha eile an Aontais.
Airteagal 12
Tairseach Aonair Saothair Éigeantais
Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin aonair (Tairseach Aonair Saothair Éigeantais) a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta lena gcuirfear na nithe seo a leanas ar fáil don phobal, san áit chéanna agus i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais:
(a) |
ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil; |
(b) |
na treoirlínte; |
(c) |
an bunachar sonraí; |
(d) |
liosta d’fhoinsí faisnéise atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear foinsí lena gcuirtear sonraí imdhealaithe ar fáil maidir le tionchar an tsaothair éigeantais agus íospartaigh an tsaothair éigeantais, amhail sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de i dtaobh saothar éigeantais leanaí, lenar féidir treochtaí aois-sonracha agus inscne-shonracha a shainaithint; |
(e) |
an pointe aonair chun faisnéis a chur isteach; |
(f) |
aon chinneadh chun toirmeasc a chur ar tháirge; |
(g) |
aon toirmeasc a tharraingt siar; |
(h) |
toradh na n-athbhreithnithe. |
Airteagal 13
Comhar idirnáisiúnta
1. Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a éascú, rachaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, i gcomhar le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le hionadaithe na sochaí sibhialta, le ceardchumainn, le heagraíochtaí gnó agus le geallsealbhóirí ábhartha, agus déanfaidh sé faisnéis a mhalartú leo.
2. Déanfar comhar idirnáisiúnta le húdaráis tríú tíortha ar bhealach struchtúrtha, mar shampla i gcomhthéacs an idirphlé atá ann cheana le tríú tíortha, amhail idirphlé maidir le cearta an duine agus idirphlé polaitiúil, idirphlé maidir le cur chun feidhme na ngealltanas trádála agus forbartha inbhuanaithe a bhaineann le comhaontuithe trádála nó le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife, agus tionscnaimh an Aontais maidir le comhar um fhorbairt. Más gá, féadfar idirphlé sonrach a chruthú ar bhonn ad hoc. D’fhéadfadh malartuithe faisnéise a bheith i gceist leis an gcomhar idirnáisiúnta maidir le réimsí nó táirgí a bhfuil riosca saothair éigeantais ag baint leo, malartuithe dea-chleachtas chun deireadh a chur le saothar éigeantais, agus malartuithe faisnéise faoi chinntí chun táirgí a thoirmeasc, lena n-áirítear a gcúiseanna agus a bhfianaise, go háirithe le tríú tíortha a bhfuil reachtaíocht chomhchosúil i bhfeidhm acu.
3. Chun críocha mhír 2, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh chomhair agus bearta tionlacain a fhorbairt chun tacú le hiarrachtaí na n-oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus tríú tíortha chun dul i ngleic le saothar éigeantais agus leis na bunchúiseanna atá leis.
CAIBIDIL III
IMSCRÚDUITHE
Airteagal 14
Cur chuige rioscabhunaithe
1. Leanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát cur chuige rioscabhunaithe agus measúnú á dhéanamh acu ar an dóchúlacht go sárófar Airteagal 3, agus réamhchéim na n-imscrúduithe á tionscnamh agus á seoladh acu agus na táirgí agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann á sainaithint acu.
2. Le linn measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go sárófar Airteagal 3, bainfidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla úsáid as na critéir seo a leanas, de réir mar is iomchuí, chun tosaíocht a thabhairt do tháirgí a bhfuil amhras fúthu go ndearnadh iad le saothar éigeantais:
(a) |
scála agus déine an tsaothair éigeantais amhrasta, lena n-áirítear an bhféadfadh saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit a bheith ina ábhar imní; |
(b) |
cainníocht nó méid na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais |
(c) |
an sciar den chuid den táirge a bhfuil amhras faoi go ndearnadh é le saothar éigeantais sa táirge deiridh. |
3. Beidh an measúnú ar an dóchúlacht go sárófar Airteagal 3 bunaithe ar an bhfaisnéis ábhartha, fhíorasach agus infhíoraithe uile atá ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a) |
faisnéis agus cinntí atá ionchódaithe sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), lena n-áirítear aon chásanna roimhe sin inar chomhlíon oibreoir eacnamaíoch Airteagal 3 nó nár chomhlíon oibreoir eacnamaíoch Airteagal 3; |
(b) |
an bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8; |
(c) |
na táscairí riosca agus faisnéis eile de bhun Airteagal 11, pointe (e); |
(d) |
aighneachtaí faisnéise arna ndéanamh de bhun Airteagal 9; |
(e) |
faisnéis a fhaigheann an Coimisiún nó an t-údarás inniúil ó údaráis eile atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, amhail údaráis díchill chuí, údaráis saothair, údaráis sláinte nó údaráis fhioscacha na mBallstát, maidir leis na táirgí agus na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú; |
(f) |
saincheisteanna ar bith a eascraíonn as comhairliúcháin fhóinteacha le geallsealbhóirí ábhartha, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumainn. |
4. Agus réamh-imscrúdú á thionscnamh de bhun Airteagal 17, díreoidh an príomhúdarás inniúil, a mhéid is féidir, ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb ábhartha, ar na soláthróirí táirgí atá bainteach le céimeanna an tslabhra soláthair chomh gar agus is féidir don áit inar dócha go dtarlaíonn an saothar éigeantais, agus leis an ngiaráil is airde chun úsáid an tsaothair éigeantais a chosc, a mhaolú agus deireadh a chur leis. Cuirfidh an príomhúdarás inniúil san áireamh freisin méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, go háirithe an FBM é an t-oibreoir eacnamaíoch, agus castacht an tslabhra soláthair.
Airteagal 15
Leithdháileadh imscrúduithe
1. I gcás ina dtarlaíonn an saothar éigeantais amhrasta lasmuigh de chríoch an Aontais, gníomhóidh an Coimisiún i gcáil an phríomhúdaráis inniúil.
2. I gcás ina dtarlaíonn an saothar éigeantais amhrasta i gcríoch Ballstáit, gníomhóidh údarás inniúil de chuid an Bhallstáit sin i gcáil an phríomhúdaráis inniúil.
Airteagal 16
Comhordú ar imscrúduithe agus cúnamh frithpháirteach
1. Rachaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil.
2. Urramóidh an príomhúdarás inniúil ceart an oibreora eacnamaíoch éisteacht a fháil ag gach céim den phróiseas.
3. Déanfaidh an príomhúdarás inniúil, tráth ar bith agus gan moill mhíchuí, cumarsáid tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1) i gcás ina n-aimsíonn sé faisnéis nua faoi shaothar éigeantais amhrasta atá ar siúl i gcríoch nach bhfuil sé inniúil ina leith de bhun Airteagal 15.
4. Féadfaidh an príomhúdarás inniúil tacaíocht a iarraidh ar údaráis inniúla ábhartha eile. Féadfar a áireamh leis sin tacaíocht a iarraidh chun teagmháil a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil a n-áit bhunaíochta i gcríoch an Bhallstáit sin nó ar teanga Ballstáit í a teanga oibríochta. Féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil leas acu san imscrúdú a iarraidh go mbeidh dlúthbhaint acu leis an imscrúdú.
5. Aon údarás inniúil a fuair iarraidh ar fhaisnéis ó údarás inniúil eile tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), tabharfaidh sé freagra laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fhaightear an iarraidh.
6. Féadfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil iarraidh ar fhaisnéis faighte aige a iarraidh ar an údarás inniúil iarrthach an fhaisnéis atá san iarraidh a chomhlánú má chinneann sé nach leor an fhaisnéis a cuireadh ar fáil ar dtús.
7. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil iarraidh ar fhaisnéis faighte aige diúltú an iarraidh sin a chomhlíonadh ach amháin má léiríonn sé go ndéanfadh comhlíonadh na hiarrata dochar suntasach d’fhorghníomhú a ghníomhaíochtaí féin.
Airteagal 17
Réamhchéim na n-imscrúduithe
1. Sula dtionscnóidh sé imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 18(1), iarrfaidh an príomhúdarás inniúil faisnéis ar na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú agus, i gcás inarb ábhartha, ar sholáthróirí táirgí eile, faoi na gníomhaíochtaí ábhartha atá déanta acu chun rioscaí saothair éigeantais ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair a shainaithint, a chosc, a mhaolú, a thabhairt chun deiridh nó a leigheas i ndáil leis na táirgí faoi mheasúnú, lena n-áirítear ar bhonn aon cheann de na nithe seo a leanas, mura rud é go gcuirfeadh sé toradh an mheasúnaithe i mbaol:
(a) |
dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme lena leagtar amach ceanglais díchill chuí agus trédhearcachta maidir le saothar éigeantais; |
(b) |
na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún; |
(c) |
treoirlínte nó moltaí díchill chuí ó na Náisiúin Aontaithe, ó EIS, ó ECFE nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, go háirithe treoirlínte agus moltaí sin a bhaineann le limistéir gheografacha, láithreáin táirgthe agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha áirithe ina bhfuil cleachtais saothair éigeantais atá córasach agus forleathan; |
(d) |
aon dícheall cuí fóinteach eile nó aon fhaisnéis eile i ndáil le saothar éigeantais ina slabhra soláthair. |
Féadfaidh an príomhúdarás inniúil faisnéis faoi na gníomhaíochtaí sin a iarraidh ar gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear na daoine nó na comhlachais a bhfuil faisnéis ábhartha, fhíorasach agus infhíoraithe curtha isteach acu de bhun Airteagal 9 agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhaineann leis na táirgí agus na limistéir gheografacha faoi mheasúnú, agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha ábhartha.
2. Freagróidh oibreoirí eacnamaíocha an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo laistigh de 30 lá oibre ón lá a fhaigheann siad an iarraidh sin. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis eile a mheasfaidh siad a bheith úsáideach a sholáthar chun críocha an Airteagail seo. I gcás inar gá, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha tacaíocht a iarraidh ar phointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 10 maidir le conas plé leis an bpríomhúdarás inniúil.
3. Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaigheann siad an fhaisnéis arna cur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha de bhun mhír 2 den Airteagal seo, tabharfaidh an príomhúdarás inniúil an réamhchéim dá imscrúdú i gcrích maidir le cibé an ann d’ábhar imní a bhfuil bunús leis go ndearnadh sárú ar Airteagal 3 ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus na faisnéise arna cur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
4. D’ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh an príomhúdarás inniúil a chinneadh gur ann d’ábhar imní a bhfuil bunús leis go ndearnadh sárú ar Airteagal 3 ar bhonn aon fhíorais eile atá ar fáil, i gcás inar staon príomhúdarás inniúil ó fhaisnéis a iarraidh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (a) go (e).
5. Ní thionscnóidh an príomhúdarás inniúil imscrúdú de bhun Airteagal 18, agus cuirfidh sé na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú ar an eolas dá réir sin, i gcás ina measann sé, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus, más ann d’aon fhaisnéis arna cur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach bhfuil aon ábhar imní a bhfuil bunús leis go ndearnadh sárú ar Airteagal 3, nó gur cuireadh deireadh leis na cúiseanna lenar spreagadh ábhar imní a bhfuil bunús leis a bheith ann, mar shampla mar gheall ar an reachtaíocht, na treoirlínte, na moltaí is infheidhme nó aon dícheall cuí eile i ndáil le saothar éigeantais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin, a bheith á gcur i bhfeidhm ar bhealach lena maolaítear, lena gcoisctear agus lena gcuirtear deireadh le riosca an tsaothair éigeantais.
6. Déanfaidh an príomhúdarás inniúil toradh a mheasúnaithe de bhun mhír 5 den Airteagal seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
Airteagal 18
Imscrúduithe
1. An príomhúdarás inniúil a chinneann, de bhun mhíreanna 3 nó 4 d’Airteagal 17, go bhfuil ábhar imní a bhfuil bunús leis go ndearnadh sárú ar Airteagal 3, tionscnóidh siad imscrúdú ar na táirgí agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus cuirfidh siad na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir an imscrúdaithe ar an eolas, laistigh de 3 lá oibre ó dháta an chinnidh an t-imscrúdú sin a thionscnamh, maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
tionscnamh an imscrúdaithe agus na hiarmhairtí féideartha air; |
(b) |
na táirgí atá faoi réir an imscrúdaithe; |
(c) |
na cúiseanna atá leis an imscrúdú a thionscnamh, mura rud é go gcuirfeadh sé toradh an imscrúdaithe i mbaol; |
(d) |
an ceart atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha aon doiciméad nó faisnéis eile a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis inniúil, agus an dáta faoina bhfuil an fhaisnéis sin le cur isteach. |
2. Déanfaidh an príomhúdarás inniúil a chur in iúl, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), gur tionscnaíodh imscrúdú de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
3. I gcás ina n-iarrfaidh an príomhúdarás inniúil orthu, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú aon fhaisnéis atá ábhartha agus riachtanach don imscrúdú isteach, lena n-áirítear faisnéis lena sainaithnítear na táirgí atá faoi imscrúdú agus, i gcás inarb iomchuí, lena sainaithnítear an chuid den táirge ar cheart an t-imscrúdú a theorannú di, chomh maith le monaróir, táirgeoir, soláthróir, allmhaireoir nó onnmhaireoir na dtáirgí sin nó codanna díobh. Agus an fhaisnéis sin á hiarraidh aige, tabharfaidh an príomhúdarás inniúil, a mhéid is féidir, tosaíocht do na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú agus a bhfuil baint acu le céimeanna an tslabhra soláthair chomh gar agus is féidir don áit ar dócha go dtarlaíonn an saothar éigeantais, agus cuirfidh sé san áireamh méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe an FBM é an t-oibreoir eacnamaíoch, cainníocht na dtáirgí lena mbaineann, castacht an tslabhra soláthair, chomh maith le méid an tsaothair éigeantais amhrasta. I gcás inar gá, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha tacaíocht a iarraidh ar phointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 10 maidir le conas plé leis an bpríomhúdarás inniúil.
4. Socróidh an príomhúdarás inniúil spriocdháta 30 lá oibre ar a laghad agus tráth nach faide ná 60 lá oibre do na hoibreoirí eacnamaíocha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur isteach. Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha síneadh leis an sprioc-am sin a iarraidh agus údar cuí leis. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le síneadh den sórt sin a thabhairt, déanfaidh an príomhúdarás inniúil méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a mheas, lena n-áirítear cibé an FBM é an t-oibreoir eacnamaíoch.
5. Féadfaidh an príomhúdarás inniúil faisnéis a bhailiú ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ábhartha a thoilíonn go gcuirfí agallamh air nó uirthi chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar an imscrúdaithe, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha ábhartha nó aon gheallsealbhóirí eile, nó féadfaidh sé agallamh a chur orthu.
6. Féadfaidh an príomhúdarás inniúil, i gcás inar gá, na seiceálacha agus na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19.
Airteagal 19
Cigireacht ar an láthair
1. I gcásanna eisceachtúla ina measann an príomhúdarás inniúil gur gá cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, déanfaidh sé amhlaidh agus aird á tabhairt aige ar an áit a bhfuil an riosca saothair éigeantais suite.
2. I gcás ina bhfuil riosca an tsaothair éigeantais suite ar chríoch an Bhallstáit, féadfaidh an príomhúdarás inniúil a chigireachtaí féin a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais. Más gá, féadfaidh an príomhúdarás inniúil comhar a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile atá ábhartha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, amhail údaráis saothair, sláinte nó fhioscacha.
3. I gcás ina bhfuil an riosca saothair éigeantais suite lasmuigh de chríoch an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó mar phríomhúdarás inniúil, na seiceálacha agus na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ar choinníoll go dtugann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a dtoiliú agus go bhfuil fógra oifigiúil tugtha do rialtas an tríú tír ina bhfuil na cigireachtaí le déanamh agus nach ndéanann siad aon agóid. Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, de réir mar is iomchuí, chun na teagmhálacha sin a éascú.
CAIBIDIL IV
CINNTÍ
Airteagal 20
Cinntí maidir le sárú ar Airteagal 3
1. Déanfaidh an príomhúdarás inniúil measúnú ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise uile a bailíodh de bhun Chaibidil III, agus, ar an mbonn sin, deimhneoidh sé ar cuireadh na táirgí lena mbaineann ar an margadh nó ar cuireadh ar fáil ar an margadh iad nó an bhfuil siad á n-onnmhairiú de shárú ar Airteagal 3, laistigh de thréimhse réasúnta ama ón dáta a thionscain sé an t-imscrúdú de bhun Airteagal 18(1). Féachfaidh an príomhúdarás inniúil leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a ghlacadh nó deireadh a chur leis an imscrúdú laistigh de 9 mí ón dáta a thionscain sé an t-imscrúdú.
2. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an príomhúdarás inniúil a shuí gur sáraíodh Airteagal 3 ar bhonn aon fhíorais eile a bhí ar fáil i gcás nárbh fhéidir faisnéis agus fianaise a bhailiú de bhun Airteagal 17(1) agus Airteagal 18(3), go háirithe más rud é, mar fhreagra ar iarraidh ar fhaisnéis, maidir le hoibreoir eacnamaíoch nó le húdarás poiblí:
(a) |
go ndiúltóidh sé don fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil gan údar bailí; |
(b) |
go mainneoidh sé an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil laistigh den teorainn ama atá forordaithe gan údar bailí; |
(c) |
go gcuirfidh sé faisnéis neamhiomlán nó mhícheart ar fáil agus é mar chuspóir leis sin an t-imscrúdú a bhlocáil; |
(d) |
go gcuirfidh sé faisnéis mhíthreorach ar fáil; nó |
(e) |
go gcuirfidh sé bac ar an imscrúdú ar shlí eile, lena n-áirítear nuair a shainaithnítear riosca saothair éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit le linn réamhchéim an imscrúdaithe nó le linn an imscrúdaithe. |
3. I gcás nach féidir leis an bpríomhúdarás inniúil a shuí gur cuireadh na táirgí lena mbaineann ar an margadh nó gur cuireadh ar fáil ar an margadh iad nó go bhfuil siad á n-onnmhairiú de shárú ar Airteagal 3, cuirfidh sé deireadh leis an imscrúdú agus cuirfidh sé na hoibreoirí eacnamaíocha a bhí faoi réir an imscrúdaithe ar an eolas faoi. Cuirfidh sé na húdaráis inniúla eile uile ar an eolas freisin tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1). Ní chuirfidh dúnadh an imscrúdaithe bac ar thionscnamh imscrúdaithe nua ar an táirge céanna agus ar an oibreoir eacnamaíoch céanna i gcás faisnéis ábhartha nua.
4. I gcás ina suífidh an príomhúdarás inniúil gur cuireadh na táirgí lena mbaineann ar an margadh nó gur cuireadh ar fáil ar an margadh iad nó go bhfuil siad á n-onnmhairiú de shárú ar Airteagal 3, glacfaidh sé cinneadh, gan mhoill, ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a) |
toirmeasc ar na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus iad a onnmhairiú; |
(b) |
ordú lena gceanglaítear ar na hoibreoirí eacnamaíocha a bhí faoi réir an imscrúdaithe na táirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana nó a cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais a tharraingt siar nó inneachar a bhaint de chomhéadan ar líne ina dtagraítear do na táirgí nó do liostuithe na dtáirgí lena mbaineann; |
(c) |
ordú lena gceanglaítear ar na hoibreoirí eacnamaíocha a bhí faoi réir an imscrúdaithe na táirgí lena mbaineann a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 25 nó, má tá codanna den táirge, a mheastar a bheith ag sárú Airteagal 3, ina gcodanna is féidir a athsholáthar, ordú lena gceanglaítear ar na hoibreoirí eacnamaíocha sin na codanna sin den táirge sin a dhiúscairt. |
I gcás inarb ábhartha, déanfar a shainaithint leis an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír agus leis an ordú dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír na codanna den táirge a mheastar a bheith ag sárú Airteagal 3, nach mór a ionadú chun an táirge a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.
5. De mhaolú ar mhír 4, an chéad fhomhír, pointe (c), agus, i gcás inarb iomchuí, chun cur isteach ar shlabhra soláthair lena bhfuil tábhacht straitéiseach nó chriticiúil don Aontas a chosc, féadfaidh an príomhúdarás inniúil staonadh ó ordú a fhorchur chun an táirge lena mbaineann a dhiúscairt de bhun mhír 4. Ina ionad sin, féadfaidh an príomhúdarás inniúil a ordú an táirge lena mbaineann a choinneáil siar ar feadh tréimhse shainithe ama, nach mbeidh níos faide ná an t-am is gá chun saothar éigeantais a dhíothú maidir leis an táirge lena mbaineann, ar chostas na n-oibreoirí eacnamaíocha.
Má léiríonn oibreoirí eacnamaíocha, le linn na tréimhse ama sin, go ndearna siad saothar éigeantais a dhíothú ón slabhra soláthair maidir leis na táirgí lena mbaineann, gan an táirge sin a athrú agus trí dheireadh a chur leis an saothar éigeantais a shainaithnítear sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an príomhúdarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 21.
Mura léiríonn oibreoirí eacnamaíocha, le linn na tréimhse ama sin, go ndearna siad saothar éigeantais a dhíothú ón slabhra soláthair maidir leis na táirgí lena mbaineann, gan an táirge sin a athrú agus trí dheireadh a chur leis an saothar éigeantais a shainaithnítear sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4, beidh feidhm ag mír 4, pointe (c), den mhír sin.
6. I gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún i gcáil an phríomhúdaráis inniúil, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
7. Tabharfaidh an príomhúdarás inniúil fógra faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo do na hoibreoirí eacnamaíocha uile ar a bhfuil sé dírithe agus cuirfidh sé in iúl é do na húdaráis inniúla uile agus don Choimisiún, i gcás inarb infheidhme, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
8. Na cinntí a dhéanfaidh príomhúdarás inniúil Ballstáit de bhun mhír 4, déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile iad a aithint agus a fhorfheidhmiú a mhéid a bhaineann siad le táirgí a bhfuil an fhaisnéis sainaitheantais chéanna acu agus a thagann ón slabhra soláthair céanna a bhfuarthas go raibh saothar éigeantais á úsáid ann.
Airteagal 21
Athbhreithniú ar chinntí maidir le sárú ar Airteagal 3
1. Ceadóidh an príomhúdarás inniúil d’oibreoirí eacnamaíocha a ndéanann cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20 difear dóibh athbhreithniú a iarraidh ar an gcinneadh sin tráth ar bith. Beidh faisnéis san iarraidh ar athbhreithniú a léireoidh go gcuirtear na táirgí ar an margadh nó go gcuirtear ar fáil ar an margadh iad nó go bhfuil siad le honnmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 3. Beidh san fhaisnéis sin faisnéis shubstaintiúil nua nár tugadh ar aird an phríomhúdaráis inniúil le linn an imscrúdaithe.
2. Déanfaidh an príomhúdarás inniúil cinneadh maidir leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá oibre ón lá a fhaightear an iarraidh sin.
3. I gcás ina léireoidh oibreoirí eacnamaíocha gur chomhlíon siad an cinneadh dá dtagraítear i mír 20, agus gur dhíothaigh siad saothar éigeantais ina n-oibríochtaí nó ina slabhra soláthair maidir leis na táirgí lena mbaineann, tarraingeoidh an t-údarás inniúil siar a chinneadh don todhchaí, agus cuirfidh sé na hoibreoirí eacnamaíocha ar an eolas agus bainfidh sé é den Tairseach Aonair Saothair Éigeantais.
4. I gcás ina ngníomhóidh an Coimisiún i gcáil an phríomhúdaráis inniúil, déanfar an tarraingt siar dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2). Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cearta cosanta agus maoin na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chosaint, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(3). Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí.
5. Na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearna cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20 de chuid príomhúdaráis inniúil Ballstáit difear dóibh, beidh rochtain acu ar chúirt nó ar bhinse chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus shubstainteach an chinnidh.
6. Tá mír 5 gan dochar d’aon fhoráil den dlí náisiúnta lena gceanglaítear go mbeidh triail bainte as nósanna imeachta athbhreithniúcháin riaracháin sula rachfar i muinín imeachtaí breithiúnacha.
7. Tá cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20 arna nglacadh ag príomhúdarás inniúil Ballstáit gan dochar d’aon chinntí de chineál breithiúnach a dhéanann cúirteanna nó binsí náisiúnta na mBallstát i ndáil leis na hoibreoirí eacnamaíocha céanna nó leis na táirgí céanna.
Airteagal 22
Inneachar cinntí
1. Beidh gach ceann díobh seo a leanas sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20:
(a) |
torthaí an imscrúdaithe agus an fhaisnéis agus an fhianaise atá mar bhonn agus taca ag na torthaí; |
(b) |
teorainneacha ama réasúnta do na hoibreoirí eacnamaíocha chun na horduithe a chomhlíonadh, ar teorainneacha iad nach mbeidh níos lú ná 30 lá oibre; i gcás táirgí meatacha, ainmhithe agus plandaí, ní bheidh an teorainn ama níos lú ná 10 lá oibre; agus na teorainneacha ama á socrú aige, cuirfidh an príomhúdarás inniúil méid agus acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch san áireamh, lena n-áirítear an FBM é an t-oibreoir, an sciar den táirge agus an féidir é a ionadú; beidh na teorainneacha ama comhréireach leis an am is gá chun na horduithe éagsúla a chomhlíonadh agus ní bheidh siad níos faide ná mar is gá; |
(c) |
an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe na mionsonraí lena gceadaítear an táirge a bhfuil feidhm ag an gcinneadh ina leith a shainaithint, lena n-áirítear mionsonraí faoin monaróir, faoin táirgeoir, faoi sholáthraithe an táirge, faoin allmhaireoir, faoin onnmhaireoir agus, i gcás inarb iomchuí, faoin suíomh táirgthe; |
(d) |
i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus inarb infheidhme, faisnéis a éilítear faoin reachtaíocht custam mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe 2, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; |
(e) |
faisnéis maidir le hathbhreithniú breithiúnach a thabhairt i gcoinne cinnidh. |
2. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar mionsonraí na faisnéise atá le háireamh sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a shonrú tuilleadh. Áireofar sna mionsonraí sin, ar a laghad, mionsonraí na faisnéise atá le soláthar nó le cur ar fáil d’údaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 27(3) chun a fhágáil gur féidir táirgí a shainaithint de bhun Airteagal 26(4). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin de bhun Airteagal 35(2).
CAIBIDIL V
FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 23
Forfheidhmiú cinntí
1. I gcás, laistigh den teorainn ama réasúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (b), nach mbeidh oibreoir eacnamaíoch tar éis an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20(4) a chomhlíonadh, beidh na húdaráis inniúla freagrach as forfheidhmiú an chinnidh sin agus áiritheoidh siad gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a) |
toirmeasc ar na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus iad a onnmhairiú; |
(b) |
táirgí atá curtha ar an margadh nó atá curtha ar fáil ar an margadh cheana féin a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais ag na húdaráis ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta; |
(c) |
táirgí arna dtarraingt siar atá fágtha leis an oibreoir eacnamaíoch a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 25, ar chostas an oibreora eacnamaíoch sin; |
(d) |
srian ar rochtain ar na táirgí lena mbaineann agus ar liostuithe lena dtagraítear do na táirgí sin trína iarraidh ar an tríú páirtí ábhartha an srian sin a chur chun feidhme. |
2. Má mhainníonn an t-oibreoir eacnamaíoch an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil pionóis a fhorchur go díreach, i gcomhar le húdaráis eile nó trí bhíthin iarratas chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann de bhun Airteagal 37.
Airteagal 24
Tarraingt siar agus diúscairt táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais
1. Maidir le hordú chun táirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais nó a cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais de bhun Airteagal 20(4) den Rialachán seo a tharraingt siar agus a dhiúscairt, déanfar é a chur in iúl, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo, do na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus d’aon údaráis eile atá ábhartha maidir leis na táirgí lena mbaineann.
2. Is ar an údarás inniúil a bheidh an fhreagracht tarraingt siar agus diúscairt na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 a fhorfheidhmiú, i gcomhar le haon údarás ábhartha eile maidir leis na táirgí lena mbaineann.
Airteagal 25
An bealach a ndéantar táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a dhiúscairt
I gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as táirgí a dhiúscairt, mar a cheanglaítear le hAirteagal 20(4), pointe (c), agus le hAirteagal 23(1), pointe (c), den Rialachán seo, faoi seach, na táirgí sin a dhiúscairt trína n-athchúrsáil nó, nuair nach féidir é sin a dhéanamh, trí na táirgí sin a dhéanamh do-oibrithe. Déanfar táirgí meatacha a dheonú do chúiseanna carthanúla nó leasa phoiblí nó, nuair nach féidir é sin a dhéanamh, déanfar neamh-inoibrithe iad.
Airteagal 26
Rialuithe ag údaráis chustaim
1. Beidh táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais faoi réir na rialuithe agus na mbeart a leagtar síos sa Roinn seo.
2. Tá cur i bhfeidhm na Roinne seo gan dochar d’aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear bainistiú riosca custam, rialuithe custam agus scaoileadh earraí i saorchúrsaíocht agus le honnmhairiú, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
3. Cuirfidh an príomhúdarás inniúil cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20 in iúl, gan mhoill, d’údaráis chustaim na mBallstát chun toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a n-onnmhairiú.
4. Beidh na húdaráis chustaim ag brath ar na cinntí a chuirfear in iúl de bhun mhír 3 den Airteagal seo chun táirgí a bhféadfadh an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo a bheith gan comhlíonadh acu a shainaithint. Chun na críche sin, déanfaidh siad rialuithe ar tháirgí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais bunaithe ar bhainistiú riosca arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
5. Cuirfidh an príomhúdarás inniúil aon tarraingt siar cinnidh in iúl d’údaráis chustaim na mBallstát gan mhoill, chomh maith le haon athrú ar chinneadh de bhun athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 21.
Airteagal 27
Faisnéis bhreise atá le soláthar nó le cur ar fáil d’údaráis chustaim
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na táirgí nó na grúpaí táirgí ar ina leith a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar fáil do na húdaráis chustaim a shainaithint. Roghnófar na táirgí nó an grúpa táirgí lena mbaineann de réir cur chuige comhréireach, ag tógáil, inter alia, ar an bhfaisnéis atá ar fáil sa bhunachar sonraí, ar fhaisnéis atá ionchódaithe sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), agus ar fhaisnéis a bhfuil bunús léi agus a mhalartaítear sa Líonra.
2. Déanfaidh an duine a bheartaíonn táirge a chur isteach, a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, faoi na nósanna imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ nó ‘onnmhairiú’, faisnéis lena sainaithnítear an táirge, faisnéis faoin monaróir nó faoin táirgeoir agus faisnéis faoi na soláthróirí táirgí a sholáthar nó a chur ar fáil do na húdaráis chustaim, mura rud é go n-éilítear cheana féin an fhaisnéis sin a sholáthar de bhun na reachtaíochta custam dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe 2, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na socruithe mionsonraithe maidir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur chun feidhme, agus lena saineofar mionsonraí na faisnéise atá le soláthar nó le cur ar fáil d’údaráis chustaim de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
4. I gcás ina sainaithneofar táirge sonrach i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20), chun go mbeidh na húdaráis chustaim in ann gníomhú láithreach i leith an táirge shonraigh sin, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 34 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 28
Fionraí
I gcás ina sainaithneoidh na húdaráis chustaim, trína gcóras bainistithe riosca ábhartha, go bhféadfadh táirge a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais, de réir cinnidh a cuireadh in iúl de bhun Airteagal 26(3), a bheith de shárú ar Airteagal 3, cuirfidh siad scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an táirge sin ar fionraí. Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra láithreach d’údaráis inniúla a mBallstáit maidir leis an bhfionraí sin agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile chun a chur ar a gcumas a dheimhniú an gcumhdaítear an táirge le cinneadh a cuireadh in iúl de bhun Airteagal 26(3).
Airteagal 29
Scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú
1. I gcás ina mbeidh scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú táirge ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 28, scaoilfear an táirge sin i saorchúrsaíocht nó déanfar é a onnmhairiú i gcás ina sásófar gach ceanglas agus foirmiúlacht eile a bhaineann le scaoileadh nó onnmhairiú den sórt sin, agus i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
laistigh de 4 lá oibre ón bhfionraí, mura bhfuil iarrtha ag na húdaráis inniúla ar na húdaráis chustaim an fhionraí a choimeád; i gcás táirgí meatacha, ainmhithe agus plandaí 2 lá oibre a bheidh sa teorainn ama sin; |
(b) |
chuir na húdaráis inniúla na húdaráis chustaim ar an eolas faoina bhformheas le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú de bhun an Rialacháin seo. |
2. Ní mheasfar gur cruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais ná comhlíonadh an Rialacháin seo, go háirithe, é an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú de bhun mhír 1.
Airteagal 30
Scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú a dhiúltú
1. I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid gur táirge arna dhéanamh le saothar éigeantais é táirge ar tugadh fógra dóibh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 28, de bhun cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20, cuirfidh siad de cheangal ar na húdaráis chustaim gan é a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó gan onnmhairiú an táirge a cheadú.
2. Iontrálfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo láithreach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus cuirfidh siad na húdaráis chustaim ar an eolas dá réir. Ar fhógra den sórt sin a fháil, ní cheadóidh na húdaráis chustaim an táirge sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú agus áireoidh siad freisin an fógra seo a leanas sa chóras próiseála sonraí custam agus, i gcás inar féidir, ar an sonrasc tráchtála a ghabhann leis an táirge agus ar aon doiciméad ábhartha eile a ghabhann leis:
‘Táirge arna dhéanamh le saothar éigeantais – ní údaraítear é le scaoileadh i saorchúrsaíocht/le honnmhairiú – Rialachán (AE) 2024/2015’.
3. I gcás inar diúltaíodh táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú i gcomhréir le mír 1, déanfaidh na húdaráis chustaim an táirge sin a dhiúscairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais.
4. Arna iarraidh sin d’údarás inniúil agus thar ceann agus faoi fhreagracht an údaráis inniúil sin, féadfaidh na húdaráis chustaim an táirge ar diúltaíodh dá scaoileadh i saorchúrsaíocht nó dá onnmhairiú a urghabháil de rogha air sin agus é a chur ar fáil don údarás inniúil sin agus faoi údarás an údaráis inniúil sin. Sna cásanna sin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndiúscrófar an táirge lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 25.
Airteagal 31
Faisnéis a mhalartú agus comhar
1. Chun anailís rioscabhunaithe a chumasú ar tháirgí a thagann isteach nó a fhágann margadh an Aontais agus chun a áirithiú go bhfuil na rialuithe éifeachtach agus go ndéantar iad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, oibreoidh an Coimisiún, na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim i ndlúthchomhar agus malartóidh siad faisnéis a bhaineann le riosca. Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún ról comhordúcháin.
2. Déanfar comhar idir údaráis agus malartú ar an bhfaisnéis a bhaineann le riosca is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013:
(a) |
idir údaráis chustaim; |
(b) |
idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim. |
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 32
Rúndacht
1. Ní bhainfidh na húdaráis inniúla leas as faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, mura gceanglaítear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais.
2. Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na húdaráis inniúla céannacht na ndaoine sin a sholáthraíonn faisnéis, nó an fhaisnéis a sholáthraítear, a láimhseáil mar fhaisnéis rúnda, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, ach amháin má shonraíonn siadsan a sholáthair an fhaisnéis a mhalairt.
3. Ní chuirfear cosc ar an gCoimisiún le mír 2 faisnéis ghinearálta a nochtadh i bhfoirm achomair, ar choinníoll nach mbeidh aon fhaisnéis san fhaisnéis ghinearálta sin lena bhféadfaí soláthraí na faisnéise a shainaithint. Cuirfear san áireamh i nochtadh faisnéise ginearálta den sórt sin i bhfoirm achomair leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann chun nochtadh faisnéise rúnda a chosc.
Airteagal 33
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 27(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 13 Nollaig 2024.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fear.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 34
Nós imeachta práinne
1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.
Airteagal 35
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.
Airteagal 36
Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
I gCuid I.C.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
‘(iv) |
Rialachán (AE) 2024/3015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (IO L, 2024/2015, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3015/oj).’. |
Airteagal 37
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le hoibreoirí eacnamaíocha i gcás nach gcomhlíontar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na húdaráis inniúla go dtabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
(a) |
an tromchúis agus an fad nach gcomhlíontar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20; |
(b) |
aon uair ábhartha roimhe sin nár chomhlíon an t-oibreoir eacnamaíoch cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20; |
(c) |
an méid comhair leis na húdaráis inniúla; |
(d) |
aon fhachtóir maolaitheach nó géaraitheach eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis, amhail sochair airgeadais, gnóthachain nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, i gcás nach gcomhlíontar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20. |
3. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 14 Nollaig 2026, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, agus tabharfaidh sé fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
4. Agus na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme á leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh siad an treoraíocht dá dtagraítear in Airteagal 11, pointe (i), go mór san áireamh.
Airteagal 38
Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Faoin 14 Nollaig 2029 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fhorfheidhmiú agus ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Áireofar sa mheastóireacht go háirithe measúnú ar an méid seo a leanas:
(a) |
an rannchuidíonn an sásra atá i bhfeidhm go héifeachtach le cuspóirí an Rialacháin seo, mar a leagtar amach in Airteagal 1; |
(b) |
an comhar idir údaráis inniúla, lena n-áirítear laistigh den Líonra, chomh maith le gach údarás ábhartha eile agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu; |
(c) |
éifeachtacht an chomhair idirnáisiúnta chun rannchuidiú le díothú an tsaothair éigeantais ó shlabhraí soláthair domhanda; |
(d) |
an tionchar ar ghnólachtaí, agus go háirithe ar FBManna, lena n-áirítear an tionchar ar a n-iomaíochas ag na nósanna imeachta a bhaineann leis na himscrúduithe agus na cinntí; |
(e) |
an costas a bhaineann le comhlíonadh d’oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe do FBManna; |
(f) |
na costais fhoriomlána agus na tairbhí foriomlána agus éifeachtacht an toirmisc. |
I gcás ina measfaidh an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.
2. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar cibé an gá an raon feidhme a mhéadú chun seirbhísí atá coimhdeach le heastóscadh, buaint, táirgeadh nó monarú táirgí a chur san áireamh.
3. Mar chuid den mheasúnú faoi mhír 1, pointe (a), cumhdófar sa tuarascáil tionchar an Rialacháin seo ar íospartaigh an tsaothair éigeantais, agus aird ar leith á tabhairt ar staid na mban agus na leanaí. Beidh an measúnú ar an tionchar sin bunaithe ar fhaireachán tráthrialta a dhéanamh ar fhaisnéis ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó gheallsealbhóirí ábhartha.
4. Ina thuarascáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú breise ar an ngá atá le sásra sonrach chun aghaidh a thabhairt ar shaothar éigeantais agus é a leigheas, lena n-áirítear measúnú tionchair chun sásra den sórt sin a chur chun feidhme.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 14 Nollaig 2027.
Beidh feidhm ag Airteagail 5(3), 7, 8, 9(2), 11, 33, 35 agus 37(3), áfach, ón 13 Nollaig 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 140, 21.4.2023, lch. 75.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Samhain 2024.
(3) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1.)
(5) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú chomh maith leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).
(7) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ar chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(8) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
(9) IO C 493, 27.12.2022, lch. 132.
(10) IO C 445, 29.10.2021, lch. 114.
(11) IO C 251, 30.6.2022, lch. 124.
(12) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(15) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(16) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).
(17) Moladh (AE) Uimh 2023/2113 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais le haghaidh measúnú riosca breise leis na Ballstáit (IO L, 2023/2113, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2113/oj?locale=ga).
(18) Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1).
(21) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(23) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(24) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(25) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(26) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1).
(27) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3);
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3015/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)