02023R1114 — GA — 09.01.2024 — 001.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2023/1114 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2023

maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 150 9.6.2023, lch. 40)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

  L 2869

1

20.12.2023


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90275, 2.5.2024, lch.  1 (2023/1114)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2023/1114 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2023

maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.  
Leis an Rialachán seo, leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha maidir le cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid a thairiscint don phobal agus a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála, chomh maith le ceanglais maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.
2.  

Go háirithe, leis an Rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais maidir le trédhearcacht agus nochtadh chun cripteashócmhainní a eisiúint, a thairiscint don phobal agus a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní (‘ligean isteach chun trádála’);

(b) 

ceanglais maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid a údarú agus a mhaoirsiú, chomh maith lena n-oibriú, a n-eagrú agus a rialachas;

(c) 

ceanglais maidir le sealbhóirí cripteashócmhainní a chosaint agus iad á n-eisiúint, á dtairiscint don phobal agus á ligean isteach chun cripteashócmhainní a thrádáil;

(d) 

ceanglais maidir le cliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a chosaint;

(e) 

bearta chun cosc a chur ar dhéileáil cos istigh, nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh agus cúbláil margaidh a bhaineann le cripteashócmhainní, chun sláine na margaí i gcripteashócmhainní a áirithiú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus gnóthais áirithe eile atá ag gabháil de chripteashócmhainní a eisiúint, a thairiscint don phobal agus a ligean isteach chun a dtrádála nó a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le cripteashócmhainní san Aontas.
2.  

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

daoine a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní go heisiach dá máthairchuideachtaí, dá bhfochuideachtaí féin nó d’fhochuideachtaí eile de chuid a máthairchuideachtaí;

(b) 

leachtaitheoirí nó riarthóirí ag gníomhú dóibh i rith nós imeachta dócmhainneachta, ach amháin chun críocha Airteagal 47;

(c) 

BCE, bainc cheannais na mBallstát agus iad ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát;

(d) 

an Banc Eorpach Infheistíochta agus a fhochuideachtaí;

(e) 

an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;

(f) 

eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

3.  
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cripteashócmhainní atá uathúil agus nach bhfuil idirmhalartach le cripteashócmhainní eile.
4.  

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cripteashócmhainní a cháilíonn mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) 

ionstraimí airgeadais;

(b) 

taiscí, lena n-áirítear taiscí struchtúrtha;

(c) 

cistí, ach amháin má cháilíonn siad mar chomharthaí ríomh-airgid;

(d) 

suíomhanna urrúsaithe i gcomhthéacs urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;

(e) 

táirgí árachais neamhshaoil nó saoil a thagann faoi na haicmí árachais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó conarthaí athárachais agus aisghéillte dá dtagraítear sa Treoir sin;

(f) 

táirgí pinsin a aithnítear, faoin dlí náisiúnta, mar tháirgí arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus an t-infheisteoir ar scor agus lena dtugtar teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;

(g) 

scéimeanna pinsin ceirde a aithnítear go hoifigiúil a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) nó Threoir 2009/138/CE;

(h) 

táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin;

(i) 

Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(j) 

scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 ( 4 ) agus (CE) Uimh. 987/2009 ( 5 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

5.  
Faoin 30 Nollaig 2024, eiseoidh ESMA, chun críocha mhír 4, pointe (a), den Airteagal seo, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis na coinníollacha agus na critéir chun cripteashócmhainní a cháiliú mar ionstraimí airgeadais.
6.  
Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ nó ‘DLT’ teicneolaíocht lena gcumasaítear oibriú agus úsáid mórleabhar dáilte;

(2) 

ciallaíonn ‘mórleabhar dáilte’ taisclann faisnéise ina gcoimeádtar taifid ar idirbhearta agus a chomhroinntear ar fud tacar de nóid líonra DLT agus a shioncrónaítear idir nóid líonra DLT, agus úsáid á baint as sásra comhthola;

(3) 

ciallaíonn ‘sásra comhthola’ rialacha agus nósanna imeachta trína mbaintear amach comhaontú, i measc nóid líonra DLT, go ndéantar idirbheart a bhailíochtú;

(4) 

ciallaíonn ‘nód líonra DLT’ gaireas nó próiseas ar cuid de líonra é agus ina bhfuil macasamhail iomlán nó pháirteach de thaifid de na hidirbhearta uile i dtaca le teicneolaíocht mórleabhair dáilte;

(5) 

ciallaíonn ‘cripteashócmhainn’ léiriú digiteach ar luach nó ar cheart ar féidir é a aistriú agus a stóráil go leictreonach trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht den chineál céanna;

(6) 

ciallaíonn ‘comhartha sócmhainn-tagartha’ cineál cripteashócmhainne nach comhartha ríomh-airgid é agus a airbheartaíonn luach cobhsaí a choimeád trí thagairt a dhéanamh do luach nó ceart eile nó teaglaim díobh, lena n-áirítear airgeadra oifigiúil amháin nó níos mó;

(7) 

ciallaíonn ‘comhartha ríomh-airgid’ cineál cripteashócmhainne a airbheartaíonn luach cobhsaí a choimeád trí thagairt a dhéanamh do luach airgeadra oifigiúil amháin;

(8) 

ciallaíonn ‘airgeadra oifigiúil’ airgeadra oifigiúil tíre a eisíonn banc ceannais nó údarás eile airgeadaíochta;

(9) 

ciallaíonn ‘comhartha fóntais’ cineál cripteashócmhainne nach bhfuil beartaithe leis ach rochtain a thabhairt ar earra nó ar sheirbhís a sholáthraíonn a eisitheoir;

(10) 

ciallaíonn ‘eisitheoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, nó gnóthas eile, a eisíonn cripteashócmhainní;

(11) 

ciallaíonn ‘eisitheoir is iarratasóir’ eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a dhéanann iarratas ar údarú chun na cripteashócmhainní sin a thairiscint don phobal nó a iarrann go ligfí isteach iad chun a dtrádála;

(12) 

ciallaíonn ‘tairiscint don phobal’ teachtaireacht a thugtar do dhaoine i bhfoirm ar bith, nó ar aon mhodh, ina gcuirtear faisnéis leordhóthanach i láthair faoi théarmaí na tairisceana agus faoi na cripteashócmhainní atá le tairiscint chun cur ar chumas infheisteoirí ionchasacha cinneadh a dhéanamh an gceannóidh siad na cripteashócmhainní sin;

(13) 

ciallaíonn ‘tairgeoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, nó gnóthas eile, nó an t-eisitheoir, a thairgeann cripteashócmhainní don phobal;

(14) 

ciallaíonn ‘cistí’ cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366;

(15) 

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní’ duine dlítheanach nó gnóthas eile arb é an ghairm bheatha nó an gnó atá aige seirbhís cripteashócmhainní amháin nó níos mó a sholáthar do chliaint ar bhonn gairmiúil, agus a cheadaítear dó seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 59;

(16) 

ciallaíonn ‘seirbhís cripteashócmhainní’ aon cheann de na seirbhísí agus gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le haon chripteashócmhainn:

(a) 

cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant;

(b) 

ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú;

(c) 

cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí;

(d) 

cripteashócmhainní a mhalartú ar chripteashócmhainní eile;

(e) 

orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant;

(f) 

cripteashócmhainní a láithriú;

(g) 

orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a ghlacadh agus a tharchur thar ceann cliant;

(h) 

comhairle a thabhairt maidir le cripteashócmhainní;

(i) 

bainistiú punainne a sholáthar maidir le cripteashócmhainní;

(j) 

seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant;

(17) 

ciallaíonn ‘cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant’ cripteashócmhainní a shlánchoimeád nó a rialú thar ceann cliant nó na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní den sórt sin, i gcás inarb infheidhme i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha;

(18) 

ciallaíonn ‘ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú’ córas iltaobhach amháin nó níos mó a bhainistiú, a thugann le chéile roinnt leasanna ceannacháin agus díolacháin tríú páirtí i gcripteashócmhainní nó a dhéanann éascú ar leasanna den sórt sin, laistigh den chóras agus i gcomhréir le rialacha an chórais, ar bhealach a mbíonn conradh ann dá bharr, trí chripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó trí chripteashócmhainní a mhalartú ar chripteashócmhainní eile;

(19) 

ciallaíonn ‘cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí’ conarthaí ceannacháin nó díolacháin a bhaineann le cripteashócmhainní a thabhairt i gcrích le cliaint i gcoinne cistí trí úsáid a bhaint as caipiteal dílsithe;

(20) 

ciallaíonn ‘cripteashócmhainní a mhalartú ar chripteashócmhainní eile’ conarthaí ceannacháin nó díolacháin a bhaineann le cripteashócmhainní a thabhairt i gcrích le cliaint i gcoinne cripteashócmhainní eile trí úsáid a bhaint as caipiteal dílsithe;

(21) 

ciallaíonn ‘orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant’ comhaontuithe a thabhairt i gcrích, thar ceann cliant, chun cripteashócmhainn amháin nó níos mó a cheannach nó a dhíol nó suibscríobh le haghaidh cripteashócmhainn amháin nó níos mó thar ceann cliant, agus áirítear leis conarthaí a thabhairt i gcrích chun cripteashócmhainní a dhíol tráth a dtairgtear iad don phobal nó a ligtear isteach iad chun a dtrádála;

(22) 

ciallaíonn ‘cripteashócmhainní a láithriú’ cripteashócmhainní a mhargú, thar ceann an tairgeora nó páirtí a bhaineann leis an tairgeoir nó i gcomhair chuntas an tairgeora nó i gcomhair cuntas páirtí a bhaineann leis an tairgeoir, le ceannaitheoirí;

(23) 

ciallaíonn ‘orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a ghlacadh agus a tharchur thar ceann cliant’ ordú a fháil ó dhuine chun cripteashócmhainn amháin nó níos mó a cheannach nó a dhíol nó suibscríobh le haghaidh cripteashócmhainn amháin nó níos mó agus an t-ordú sin a tharchur chuig tríú páirtí lena fhorghníomhú;

(24) 

ciallaíonn ‘comhairle a thabhairt maidir le cripteashócmhainní’ moltaí pearsantaithe a thairiscint nó a thabhairt do chliant, nó comhaontú ar mholtaí pearsantaithe a thabhairt do chliant, arna iarraidh sin don chliant nó ar thionscnamh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn an chomhairle, i dtaca le hidirbheart amháin nó níos mó a bhaineann le cripteashócmhainn, nó seirbhísí cripteashócmhainní a úsáid;

(25) 

ciallaíonn ‘bainistiú punainne cripteashócmhainní a sholáthar’ punanna a bhainistiú i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag cliaint ar bhonn lánroghnach cliant-ar-chliant i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin cripteashócmhainn amháin nó níos mó;

(26) 

ciallaíonn ‘ seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant’ seirbhísí a sholáthar arb é atá iontu cripteashócmhainní a aistriú, thar ceann duine nádúrtha nó dlítheanach, ó sheoladh nó cuntas mórleabhair dháilte amháin go ceann eile;

(27) 

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht nó comhlachtaí eisitheora, tairgeora nó duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó comhlacht nó comhlachtaí soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a chumhachtaítear chun straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta san eintiteas agus áirítear ann nó iontu na daoine a stiúrann gnó an eintitis go héifeachtach;

(28) 

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a údaraítear faoi Threoir 2013/36/AE;

(29) 

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE;

(30) 

ciallaíonn ‘infheisteoirí cáilithe’ daoine nó eintitis atá liostaithe i Roinn I, pointí (1) go (4), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(31) 

ciallaíonn ‘dlúthbhaint’ dlúthbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (35), de Threoir 2014/65/AE;

(32) 

ciallaíonn ‘cúlchiste sócmhainní’ an bascaed cúlsócmhainní lena n-urraítear an t-éileamh i gcoinne an eisitheora;

(33) 

ciallaíonn ‘Ballstát baile’:

(a) 

i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe nó a bhrainse san Aontas ag an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an tairgeoir sin nó an duine sin;

(b) 

i gcás nach bhfuil aon oifig chláraithe san Aontas ag an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, ach go bhfuil brainse amháin nó níos mó aige san Aontas, an Ballstát a roghnaigh an tairgeoir sin nó an duine sin as measc na mBallstát ina bhfuil brainsí aige;

(c) 

i gcás ina bhfuil an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, bunaithe i dtríú tír agus nach bhfuil aon bhrainse aige san Aontas, an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe na cripteashócmhainní a thairiscint don phobal den chéad uair nó, ar rogha an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, an Ballstát ina ndéantar an chéad iarraidh ar na cripteashócmhainní sin a ligean isteach chun a dtrádála;

(d) 

i gcás eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha;

(e) 

i gcás eisitheoir comharthaí ríomh-airgid, an Ballstát ina bhfuil an t-eisitheoir comharthaí ríomh-airgid údaraithe mar institiúid creidmheasa faoi Threoir 2013/36/AE nó mar institiúid ríomh-airgid faoi Threoir 2009/110/CE;

(f) 

i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(34) 

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát ina ndearna tairgeoir nó duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní nó ina bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó ina soláthraíonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní, i gcás ina bhfuil sé sin difriúil ón mBallstát baile;

(35) 

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás amháin nó níos mó:

(a) 

arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 93 a bhaineann le tairgeoirí, daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;

(b) 

arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát chun Treoir 2009/110/CE a chur i bhfeidhm a bhaineann le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid;

(36) 

ciallaíonn ‘sealúchas cáilitheach’ sealúchas díreach nó indíreach ar bith in eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní arb ionann é agus 10 % ar a laghad den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), faoi seach, agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de a leagtar amach in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an tairgeora comharthaí sócmhainn-tagartha nó ar bhainistiú an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;

(37) 

ciallaíonn ‘sealbhóir miondíola’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch nach mbaineann le gnó, gnólacht, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(38) 

ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn tairgeoir nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do shealbhóirí cripteashócmhainní ar a gcripteashócmhainní agus chun rochtain a thabhairt do chliaint ar sheirbhísí cripteashócmhainní;

(39) 

ciallaíonn ‘cliant’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach dá soláthraíonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní;

(40) 

ciallaíonn ‘trádáil bunairgid mheaitseáilte’ trádáil bhunairgid mheaitseáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (38), de Threoir 2014/65/AE;

(41) 

ciallaíonn ‘seirbhísí íocaíochta’ seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Threoir (AE) 2015/2366;

(42) 

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí íocaíochta’ soláthraí seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366;

(43) 

ciallaíonn ‘institiúid ríomh-airgid’ institiúid ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE;

(44) 

ciallaíonn ‘ríomh-airgead’ ríomh-airgead mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/110/CE;

(45) 

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(46) 

ciallaíonn ‘institiúid íocaíochta’ institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366;

(47) 

ciallaíonn ‘cuideachta bainistíochta GCUI’ cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );

(48) 

ciallaíonn ‘bainisteoir cistí infheistíochta malartacha’ BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(49) 

ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE;

(50) 

ciallaíonn ‘taisce’ taisce mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3) de Threoir 2014/49/AE;

(51) 

ciallaíonn ‘taisce struchtúraithe"taisce struchtúraithe’ taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (43), de Threoir 2014/65/AE.

2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 139 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí teicniúla de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, agus chun na sainmhínithe sin a chur in oiriúint d’fhorbairtí an mhargaidh agus d’fhorbairtí teicneolaíochta.

TEIDEAL II

CRIPTEASHÓCMHAINNÍ SEACHAS COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA NÓ COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID

Airteagal 4

Cripteashócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, a thairiscint don phobal

1.  

Ní dhéanfaidh duine tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid san Aontas ach amháin más rud é gur fíor an méid seo a leanas i leith an duine sin:

(a) 

is duine dlítheanach é;

(b) 

tá páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin tarraingthe suas aige i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c) 

tá fógra faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní tugtha aige i gcomhréir le hAirteagal 8;

(d) 

tá an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e) 

tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin dréachtaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 7;

(f) 

tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;

(g) 

comhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos do thairgeoirí in Airteagal 14.

2.  

Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (b), (c), (d) agus (f), maidir le haon cheann de na tairiscintí seo a leanas don phobal ar chripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid:

(a) 

tairiscint do níos lú ná 150 duine nádúrtha nó dlítheanach in aghaidh an Bhallstáit i gcás ina bhfuil daoine den sórt sin ag gníomhú ar a gcuntas féin;

(b) 

thar thréimhse 12 mhí, ag tosú le tús na tairisceana, ní mó ná EUR 1 000 000 , nó an méid coibhéiseach in airgeadra oifigiúil eile nó i gcripteashócmhainní, comaoin iomlán tairisceana don phobal ar chripteashócmhainn san Aontas;

(c) 

tairiscint ar chripteashócmhainn atá dírithe ar infheisteoirí cáilithe, agus orthu amháin, i gcás nach féidir ach le hinfheisteoirí cáilithe den sórt sin an chripteashócmhainn a shealbhú.

3.  

Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le tairiscintí cripteashócmhainní don phobal seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

tairgtear an chripteashócmhainn saor in aisce;

(b) 

cruthaítear an chripteashócmhainn go huathoibríoch mar luach saothair ar an mórleabhar dáilte a chothabháil nó ar idirbhearta a bhailíochtú;

(c) 

baineann an tairiscint le comhartha fóntais lena soláthraítear rochtain ar earra nó ar sheirbhís atá ann nó atá ag feidhmiú;

(d) 

níl an ceart ag sealbhóir na cripteashócmhainne í a úsáid ach amháin mar mhalairt ar earraí agus seirbhísí i líonra teoranta ceannaithe a bhfuil socruithe conarthacha acu leis an tairgeoir.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní mheasfar go bhfuil cripteashócmhainn á tairiscint saor in aisce i gcás ina n-éilítear ar cheannaitheoirí sonraí pearsanta a sholáthar don tairgeoir nó gealltanas a thabhairt sonraí pearsanta a sholáthar don tairgeoir mar mhalairt ar an gcripteashócmhainn sin, nó i gcás ina bhfaigheann tairgeoir na cripteashócmhainne ó shealbhóirí ionchasacha na cripteashócmhainne sin aon táillí, coimisiúin, sochair airgeadaíochta nó sochair neamhairgeadaíochta mar mhalairt ar an gcripteashócmhainn sin.

Más rud é, ar feadh gach tréimhse 12 mhí a thosaíonn ó thús na tairisceana tosaigh don phobal, gur mó ná EUR 1 000 000 comaoin iomlán tairisceana don phobal ar chripteashócmhainn sna himthosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), san Aontas, seolfaidh an tairgeoir fógra chuig an údarás inniúil ina mbeidh tuairisc ar an tairiscint agus ina míneofar cén fáth a bhfuil an tairiscint díolmhaithe ón Teideal seo de bhun na chéad fhomhíre, pointe (d).

Bunaithe ar an bhfógra dá dtagraítear sa tríú fomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a bhfuil údar cuí leis i gcás ina measann sé nach gcáilíonn an ghníomhaíocht do dhíolúine mar líonra teoranta faoin gcéad fhomhír, pointe (d), agus cuirfidh sé an tairgeoir ar an eolas dá réir sin.

4.  
Ní bheidh feidhm ag na díolúintí a liostaítear i míreanna 2 agus 3 i gcás ina gcuireann an tairgeoir, nó duine eile atá ag gníomhú thar ceann an tairgeora, in iúl in aon chumarsáid go bhfuil rún aige ligean isteach chun trádáil cripteashócmhainní a iarraidh seachas comhartha sóchmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid.
5.  

Ní gá údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní de bhun Airteagal 59 chun cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant nó chun seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar i ndáil le cripteashócmhainní a bhfuil a dtairiscintí don phobal díolmhaithe de bhun mhír 3 den Airteagal seo, mura rud é:

(a) 

go bhfuil tairiscint eile ann don phobal ar an gcripteashócmhainn chéanna agus nach mbaineann an tairiscint sin tairbhe as an díolúine; nó

(b) 

go ligtear an chripteashócmhainn atá á tairiscint isteach ar ardán trádála.

6.  
I gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid le comhartha fóntais lena dtugtar rochtain ar earraí agus seirbhísí nach bhfuil ann go fóill nó nach bhfuil ag feidhmiú go fóill, ní bheidh fad na tairisceana don phobal mar a thugtar tuairisc air sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní níos faide ná 12 mhí ó dháta foilsithe an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní.
7.  
Aon tairiscint don phobal a dhéantar ina dhiaidh sin ar an gcripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, measfar gur tairiscint ar leithligh don phobal í a bhfuil feidhm ag ceanglais mhír 1 maidir léi, gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha mhír 2 nó 3 maidir leis an tairiscint don phobal ina dhiaidh sin.

Ní bheidh aon pháipéar bán breise maidir le cripteashócmhainní ag teastáil le haghaidh aon tairiscint don phobal ina dhiaidh sin ar an gcripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid fad a bheidh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní foilsithe i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 12, agus a thoileoidh an duine atá freagrach as páipéar bán den sórt sin a tharraingt suas lena úsáid i scríbhinn.

8.  
I gcás ina bhfuil tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid díolmhaithe ón oibleagáid páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhoilsiú faoi mhír 2 nó 3, ach ina ndéantar páipéar bán a tharraingt suas go deonach mar sin féin, beidh feidhm ag an Teideal seo.

Airteagal 5

Ligean isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid

1.  

Ní iarrfaidh duine go ligfí isteach cripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid chun a trádála laistigh den Aontas ach amháin más rud é gur fíor an méid seo a leanas i leith an duine sin:

(a) 

is duine dlítheanach é;

(b) 

tá páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin tarraingthe suas aige i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c) 

tá fógra faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní tugtha aige i gcomhréir le hAirteagal 8;

(d) 

tá an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e) 

tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin dréachtaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 7;

(f) 

tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;

(g) 

comhlíonann sé na ceanglais do dhaoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála a leagtar síos in Airteagal 14.

2.  
Nuair a ligtear cripteashócmhainn isteach chun a trádála ar thionscnamh oibreora ardáin trádála agus nár foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 9 sna cásanna a cheanglaítear leis an Rialachán seo, comhlíonfaidh oibreoir an ardáin trádála sin le haghaidh cripteashócmhainní na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
3.  
De mhaolú ar mhír 1, duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid chun a trádála agus oibreoir an ardáin trádála lena mbaineann, féadfaidh siad a chomhaontú i scríbhinn gurb é oibreoir an ardáin trádála é a mbeidh sé de cheangal air na ceanglais uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (g), nó cuid díobh, a chomhlíonadh.

Luafar go soiléir sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go bhfuil sé de cheangal ar an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige an fhaisnéis uile is gá a sholáthar d’oibreoir an ardáin trádála chun a chur ar chumas an oibreora sin na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (g), a chomhlíonadh, de réir mar is infheidhme.

4.  

Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (b), (c) agus (d), sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tá an chripteashócmhainn ligthe isteach chun a trádála cheana ar ardán trádála eile le haghaidh cripteashócmhainní san Aontas; agus

(b) 

déantar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 6, arna nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 12, agus toilíonn an duine atá freagrach as páipéar bán den sórt sin a tharraingt suas lena úsáid i scríbhinn.

Airteagal 6

Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní

1.  

Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I:

(a) 

faisnéis faoin tairgeoir nó faoin duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;

(b) 

faisnéis faoin eisitheoir, más rud é nach ionann é agus an tairgeoir nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;

(c) 

faisnéis faoi oibreoir an ardáin trádála i gcásanna ina dtarraingíonn sé suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní;

(d) 

faisnéis faoin tionscadal cripteashócmhainní;

(e) 

faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcripteashócmhainn nó faoina ligean isteach chun a trádála;

(f) 

faisnéis faoin gcripteashócmhainn;

(g) 

faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an gcripteashócmhainn;

(h) 

faisnéis faoin mbunteicneolaíocht;

(i) 

faisnéis faoi na rioscaí;

(j) 

faisnéis faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun an chripteashócmhainn a eisiúint.

I gcásanna nach iad na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine a tharraing suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus an chúis ar tharraing an duine áirithe sin suas é.

2.  
Beidh an fhaisnéis uile a liostaítear i mír 1 cothrom agus soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Ní bheidh aon easnaimh ábhartha sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus cuirfear i láthair é i bhfoirm ghonta agus intuigthe.
3.  

Beidh an ráiteas soiléir feiceálach seo a leanas ar an gcéad leathanach den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:

‘Níl an páipéar bán seo maidir le cripteashócmhainní formheasta ag aon údarás inniúil in aon Bhallstát den Aontas Eorpach. Is é tairgeoir na cripteashócmhainne, agus eisean amháin, atá freagrach as inneachar an pháipéir bháin seo maidir le cripteashócmhainní.’.

I gcás inarb é an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir ardáin trádála a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, ansin, in ionad ‘tairgeoir na gcripteashócmhainní’, áireofar tagairt do ‘an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach na cripteashócmhainní chun a dtrádála’ nó ‘oibreoir ardán trádála na gcripteashócmhainní’ sa ráiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.  
Ní bheidh aon dearbhuithe sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a mhéid a bhaineann le luach na cripteashócmhainne sa todhchaí, seachas an ráiteas dá dtagraítear i mír 5.
5.  

Beidh ráiteas soiléir gan débhrí maidir leis na nithe seo a leanas sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:

(a) 

féadfaidh an chripteashócmhainn a luach a chailleadh i bpáirt nó go hiomlán;

(b) 

féadfaidh sé nach mbeidh an chripteashócmhainn inaistrithe i gcónaí;

(c) 

féadfaidh sé nach cripteashócmhainn leachtach í an chripteashócmhainn;

(d) 

i gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal le comhartha fóntais, féadfaidh sé nach mbeifear in ann an comhartha fóntais sin a mhalartú ar an earra nó ar an tseirbhís a ghealltar sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, go háirithe i gcás ina gcliseann ar an tionscadal cripteashócmhainní nó nach leantar de a thuilleadh;

(e) 

ní chumhdaítear an chripteashócmhainn leis na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí faoi Threoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(f) 

ní chumhdaítear an chripteashócmhainn leis na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 2014/49/AE.

6.  
Beidh ráiteas ó chomhlacht bainistíochta an tairgeora, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó oibreoir an ardáin trádála sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Deimhneofar leis an ráiteas sin, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 3, go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní an Teideal seo agus, chomh fada agus is eol don chomhlacht bainistíochta, go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní cothrom agus soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach agus nach bhfuil aon easnamh sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.
7.  
Beidh achoimre sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 6, ina dtabharfar, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint don phobal ar an gcripteashócmhainn nó faoi ligean isteach na cripteashócmhainne sin chun a trádála atá beartaithe. Beidh an achoimre sothuigthe agus déanfar í a chur i láthair agus a leagan amach i bhformáid shoiléir chuimsitheach, agus úsáid á baint as carachtair atá inléite ó thaobh méide de. San achoimre ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainn, tabharfar faisnéis iomchuí faoi shaintréithe na cripteashócmhainne lena mbaineann chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha na cripteashócmhainne cinneadh feasach a dhéanamh.

Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:

(a) 

ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;

(b) 

ba cheart don sealbhóir ionchasach aon chinneadh maidir le ceannach na cripteashócmhainne a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní ar an iomlán agus níor cheart dó aon chinneadh den sórt sin a bhunú ar an achoimre amháin;

(c) 

ní hionann an tairiscint don phobal ar an gcripteashócmhainn agus tairiscint nó sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a cheannach agus ní féidir aon tairiscint nó sirtheoireacht den sórt sin a dhéanamh ach amháin trí bhíthin réamheolaire nó doiciméid tairisceana eile de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

(d) 

ní hionann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus réamheolaire amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) ná aon doiciméad tairisceana eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

8.  
Beidh dáta a fhógra agus clár ábhar sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
9.  
Tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

I gcás ina dtairgtear an chripteashócmhainn freisin i mBallstát seachas an Ballstát baile, tarraingeofar suas freisin an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

10.  
Cuirfear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite.
11.  
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 10.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

12.  
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (j), i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta i gcripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7

Cumarsáid mhargaíochta

1.  

Le haon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann le tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó a bhaineann le cripteashócmhainn den sórt sin a ligean isteach chun a trádála, comhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a) 

táthar in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá ann;

(b) 

tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom agus soiléir agus níl sí míthreorach;

(c) 

tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, i gcás ina n-éilítear páipéar bán maidir le cripteashócmhainní den sórt sin de bhun Airteagal 4 nó 5;

(d) 

luaitear go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus léirítear go soiléir inti seoladh shuíomh gréasáin an tairgeora, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó oibreoir an ardáin trádála le haghaidh na cripteashócmhainne lena mbaineann, chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist chun teagmháil a dhéanamh leis an duine sin;

(e) 

tá an ráiteas soiléir feiceálach seo a leanas sa chumarsáid mhargaíochta:

‘Níl athbhreithniú déanta ag aon údarás inniúil in aon Bhallstát den Aontas Eorpach ar an gcumarsáid mhargaíochta seo maidir le cripteashócmhainní ná níl sé formheasta ag aon údarás inniúil den sórt sin. Is é tairgeoir na cripteashócmhainne, agus eisean amháin, atá freagrach as inneachar na cumarsáide margaíochta seo maidir le cripteashócmhainní.’.

I gcás inarb é an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir ardáin trádála a ullmhaíonn an chumarsáid mhargaíochta, ansin, in ionad ‘tairgeoir na gcripteashócmhainní’, áireofar tagairt do ‘an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach na cripteashócmhainní chun a dtrádála’ nó ‘oibreoir ardán trádála na gcripteashócmhainní’ sa ráiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e).

2.  
I gcás ina bhfuil gá le páipéar bán maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 4 nó 5, ní scaipfear aon chumarsáid mhargaíochta sula bhfoilseofar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Ní dhéanfar difear do chumas an tairgeora, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreora ardáin trádála sondálacha margaidh a dhéanamh.
3.  
Beidh sé de chumhacht ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear an chumarsáid mhargaíochta measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá mír 1 á comhlíonadh i ndáil leis an gcumarsáid mhargaíochta sin.

I gcás inar gá, beidh údarás inniúil an Bhallstáit baile de chúnamh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear an chumarsáid mhargaíochta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na cumarsáide margaíochta leis an bhfaisnéis atá sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.

4.  
Maidir le leas a bhaint as aon cheann de na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a leagtar amach in Airteagal 94 i ndáil le forfheidhmiú an Airteagail seo ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh, tabharfar fógra ina leith sin gan moill mhíchuí don údarás inniúil i mBallstát baile an tairgeora, don duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó d’oibreoir an ardáin trádála le haghaidh na gcripteashócmhainní.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus faoin gcumarsáid mhargaíochta

1.  
Tairgeoirí, daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, nó oibreoirí ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, déanfaidh siad fógra a thabhairt faoina bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní d’údarás inniúil a mBallstáit baile.
2.  
Tabharfar fógra faoi chumarsáid mhargaíochta, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nuair a dhírítear iad chuig sealbhóirí ionchasacha cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid sna Ballstáit sin.
3.  
Ní éileoidh údaráis inniúla go ndéanfar páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní, ná aon chumarsáid mhargaíochta lena mbaineann, a fhormheas roimh ré sula bhfoilseofar iad faoi seach.
4.  

Cuirfear ag gabháil leis an bhfógra faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear i mír 1 míniú i dtaobh cén fáth nár cheart an chripteashócmhainn a dtugtar tuairisc uirthi sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a mheas mar a leanas:

(a) 

cripteashócmhainn arna heisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(4),

(b) 

comhartha ríomh-airgid; nó

(c) 

comhartha sócmhainn-tagartha.

5.  
Tabharfar fógra faoi na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 d’údarás inniúil an Bhallstáit baile 20 lá oibre ar a laghad roimh dháta foilsithe an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní.
6.  
Tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, soláthróidh siad, in éineacht leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, liosta de na Ballstáit óstacha, más ann dóibh, d’údarás inniúil a mBallstáit baile, i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu a gcripteashócmhainní a thairiscint don phobal nó ina bhfuil sé beartaithe acu ligean isteach chun trádála a iarraidh. Cuirfidh siad údarás inniúil a mBallstáit baile ar an eolas freisin faoi dháta tosaigh na tairisceana beartaithe don phobal nó dáta an ligin isteach chun trádála atá beartaithe agus faoi aon athrú ar an dáta sin.

Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra do phointe teagmhála aonair na mBallstát óstach faoin tairiscint bheartaithe don phobal nó faoin ligean isteach chun trádála atá beartaithe agus cuirfidh sé in iúl don phointe teagmhála aonair sin an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní lena mbaineann laistigh de 5 lá oibre ón liosta de na Ballstáit óstacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil.

7.  
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile in iúl do ESMA an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 mar aon le dáta tosaigh na tairisceana beartaithe don phobal nó an ligean isteach chun trádála atá beartaithe agus aon athrú ar an dáta sin. Cuirfidh sé faisnéis den sórt sin in iúl laistigh de 5 lá oibre ón bhfaisnéis sin a fháil ón tairgeoir nó ón duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige.

Cuirfidh ESMA an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(2), faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal nó an ligin isteach chun trádála.

Airteagal 9

Páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhoilsiú agus cumarsáid mhargaíochta a fhoilsiú

1.  
Tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, foilseoidh siad a bpáipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, a gcumarsáid mhargaíochta, ar a suíomh gréasáin, a mbeidh rochtain ag an bpobal air, tráth réasúnach roimh an tairiscint don phobal ar na cripteashócmhainní sin nó ligean isteach na gcripteashócmhainní sin chun a dtrádála, agus, in aon chás, roimh dháta tosaigh na tairisceana don phobal ar na cripteashócmhainní sin nó ligean isteach na gcripteashócmhainní sin chun a dtrádála. Beidh na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhargaíochta ar fáil ar shuíomh gréasáin na dtairgeoirí nó na ndaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu chomh fada agus atá na cripteashócmhainní á sealbhú ag an bpobal.
2.  
Beidh na páipéir bhána fhoilsithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhargaíochta fhoilsithe comhionann leis an leagan a dtugtar fógra ina leith don údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 8 nó, i gcás inarb infheidhme, leis an leagan a mhodhnaítear i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 10

Toradh na tairisceana don phobal agus na socruithe coimirce

1.  
Tairgeoirí cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a leagann teorainn ama síos maidir lena dtairiscint don phobal ar na cripteashócmhainní sin, foilseoidh siad ar a suíomh gréasáin toradh na tairisceana don phobal laistigh de 20 lá oibre ó dheireadh na tréimhse suibscríbhinne.
2.  
Tairgeoirí cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid nach leagann teorainn ama síos maidir lena dtairiscint don phobal ar na cripteashócmhainní sin, foilseoidh siad ar a suíomh gréasáin ar bhonn leanúnach, ar bhonn míosúil ar a laghad, líon aonaid na gcripteashócmhainní atá i gcúrsaíocht.
3.  

Tairgeoirí cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a leagann teorainn ama síos maidir lena dtairiscint don phobal ar na cripteashócmhainní sin, beidh socruithe éifeachtacha i bhfeidhm acu chun faireachán a dhéanamh ar na cistí nó ar chripteashócmhainní eile a chruinnítear le linn na tairisceana don phobal agus chun na cistí nó cripteashócmhainní eile sin a choimirciú. Chun na críche sin, áiritheoidh na tairgeoirí sin go gcoimeádfaidh ceann amháin nó an dá cheann díobh seo a leanas faoi chumhdach na cistí nó cripteashócmhainní a chruinnítear le linn na tairisceana don phobal:

(a) 

institiúid creidmheasa, ina mbailítear cistí le linn na tairisceana don phobal;

(b) 

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainne a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant.

4.  
Nuair nach bhfuil aon teorainn ama leis an tairiscint don phobal, comhlíonfaidh an tairgeoir mír 3 den Airteagal seo go dtí go rachaidh ceart tarraingthe siar an tsealbhóra miondíola de bhun Airteagal 13 in éag.

Airteagal 11

Cearta tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainní-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid

1.  
Tar éis an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 9 agus, i gcás inarb infheidhme, tar éis an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 12, féadfaidh tairgeoirí cripteashócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, a thairiscint ar fud an Aontais agus féadfar cripteashócmhainní den sórt sin a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní san Aontas.
2.  
Tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, a d’fhoilsigh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 9 agus, i gcás inarb infheidhme, páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 12, ní bheidh siad faoi réir aon cheanglais bhreise faisnéise maidir leis an tairiscint don phobal nó maidir leis an gcripteashócmhainn sin a ligean isteach chun a trádála.

Airteagal 12

Modhnú ar pháipéir bhána fhoilsithe maidir le cripteashócmhainní agus ar chumarsáid mhargaíochta fhoilsithe

1.  
Tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, nó oibreoirí ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, modhnóidh siad a bpáipéir bhána fhoilsithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, a gcumarsáid mhargaíochta fhoilsithe, aon uair atá toisc nua shuntasach, botún ábhartha nó míchruinneas ábhartha ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mheasúnú na gcripteashócmhainní. Beidh feidhm ag an gceanglas sin ar feadh ré na tairisceana don phobal nó chomh fada a ligtear an chripteashócmhainn isteach chun a trádála.
2.  
Tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, nó oibreoirí ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, tabharfaidh siad fógra faoin bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, faoi chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, agus faoin dáta foilsithe atá beartaithe, d’údarás inniúil a mBallstáit baile, lena n-áirítear na cúiseanna le modhnú den sórt sin, 7 lá oibre ar a laghad sula bhfoilseofar iad.
3.  
Ar dháta an fhoilsithe, nó níos luaithe má éilíonn an t-údarás inniúil é, cuirfidh an tairgeoir, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir an ardáin trádála an pobal ar an eolas láithreach ar a shuíomh gréasáin go bhfuil fógra faoi pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní tugtha aige d’údarás inniúil a Bhallstáit baile agus soláthróidh sé achoimre ar na cúiseanna ar thug sé fógra faoi pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní.
4.  
Beidh ord na faisnéise i bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, i gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó sa chumarsáid mhargaíochta a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 9.
5.  
Laistigh de 5 lá oibre ón bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, ón gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta a fháil, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra faoin bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, faoin gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta d’údarás inniúil na mBallstát óstach dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus cuirfidh sé an fógra agus an dáta foilsithe in iúl do ESMA.

Déanfaidh ESMA an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní a chur ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(2), tráth a fhoilsithe.

6.  
Tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nó oibreoirí ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, foilseoidh siad an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, lena n-áirítear na cúiseanna le modhnú den sórt sin, ar a suíomh gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 9.
7.  
Beidh stampa ama ar an bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta. Marcálfar an páipéar bán modhnaithe is déanaí maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta mar an leagan is infheidhme. Beidh na páipéir bhána mhodhnaithe ar fad maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta ar fad ar fáil chomh fada agus atá na cripteashócmhainní á sealbhú ag an bpobal.
8.  
I gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal le comhartha fóntais lena dtugtar rochtain ar earraí agus seirbhísí nach bhfuil ann go fóill nó nach bhfuil ag feidhmiú go fóill, ní fhadófar an teorainn ama de 12 mhí dá dtagraítear in Airteagal 4(6) leis na hathruithe a dhéantar sa pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta.
9.  
Leanfaidh leaganacha níos sine den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus den chumarsáid mhargaíochta de bheith ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na dtairgeoirí, na ndaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, nó oibreoirí na n-ardán trádála, go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis dháta foilsithe na leaganacha níos sine sin, agus rabhadh feiceálach leo á rá nach bhfuil siad bailí a thuilleadh agus le hipearnasc chuig an roinn thiomnaithe ar an suíomh gréasáin ina bhfoilsítear an leagan is déanaí de na doiciméid sin.

Airteagal 13

Ceart chun tarraingt siar

1.  
Beidh ceart chun tarraingt siar ag sealbhóirí miondíola a cheannaíonn cripteashócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, go díreach ó thairgeoir nó ó sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a láithríonn cripteashócmhainní thar ceann an tairgeora sin.

Beidh tréimhse 14 lá féilire ag sealbhóirí miondíola ar lena linn ar féidir leo tarraingt siar óna gcomhaontú chun cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid a cheannach gan aon táillí ná costais a thabhú agus gan ceangal a bheith orthu cúiseanna a thabhairt. Tosóidh an tréimhse chun tarraingt siar a dhéanamh ón lá a chomhaontaíonn an sealbhóir miondíola na cripteashócmhainní sin a cheannach.

2.  
Aisíocfar gach íocaíocht a fuarthas ó shealbhóir miondíola, lena n-áirítear, más infheidhme, aon mhuirir, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta a gcuirtear an tairgeoir nó an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a láithríonn cripteashócmhainní thar ceann an tairgeora sin ar an eolas faoi chinneadh an tsealbhóra miondíola tarraingt siar ón gcomhaontú chun na cripteashócmhainní sin a cheannach.

Déanfar aisíocaíocht den sórt sin trí úsáid a bhaint as na modhanna íocaíochta céanna a d’úsáid an sealbhóir miondíola don idirbheart tosaigh, ach amháin má chomhaontaíonn an sealbhóir miondíola a mhalairt go sainráite agus ar choinníoll nach dtabhóidh an sealbhóir miondíola aon táillí ná costais mar thoradh ar aisíocaíocht den sórt sin.

3.  
Soláthróidh tairgeoirí cripteashócmhainní faisnéis faoin gceart chun tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 ina bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
4.  
Ní bheidh feidhm ag an gceart chun tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 i gcás inar ligeadh na cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála sular cheannaigh an sealbhóir miondíola iad.
5.  
I gcás ina bhfuil teorainn ama maidir lena dtairiscint don phobal ar chripteashócmhainní den sórt sin leagtha síos ag tairgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 10, ní fheidhmeofar an ceart chun tarraingt siar tar éis dheireadh na tréimhse suibscríbhinne.

Airteagal 14

Oibleagáidí tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainní-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid

1.  

I gcás tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid:

(a) 

gníomhóidh siad ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil;

(b) 

déanfaidh siad cumarsáid le sealbhóirí agus sealbhóirí ionchasacha na gcripteashócmhainní ar bhealach atá cothrom agus soiléir agus nach bhfuil míthreorach;

(c) 

déanfaidh siad aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh;

(d) 

coimeádfaidh siad a gcórais uile agus a bprótacail rochtana slándála uile ar bun i gcomhréir le caighdeáin iomchuí an Aontais.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, eiseoidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, faoin 30 Nollaig 2024 treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na caighdeáin sin de chuid an Aontais a shonrú.

2.  
Tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, gníomhóidh siad chun leasa na sealbhóirí cripteashócmhainní sin agus caithfidh siad mar an gcéanna leo ar fad, ach amháin má nochtar aon chóir fhabhrach do shealbhóirí sonracha agus na cúiseanna leis an gcóir fhabhrach sin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.
3.  
I gcás ina ndéantar tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a chur ar ceal, áiritheoidh tairgeoirí cripteashócmhainne den sórt sin go dtugtar ar ais go cuí aon chistí a bhailítear ó shealbhóirí nó ó shealbhóirí ionchasacha tráth nach déanaí ná 25 lá féilire tar éis dháta an chealaithe.

Airteagal 15

Dliteanas i leith na faisnéise a thugtar i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní

1.  
I gcás inar sháraigh tairgeoir, duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir ardáin trádála Airteagal 6 trí fhaisnéis a sholáthar ina pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó i bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir nó atá míthreorach, beidh an tairgeoir sin, an duine sin a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó an t-oibreoir ardáin trádála sin agus comhaltaí a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta faoi dhliteanas do shealbhóir na cripteashócmhainne as aon chaillteanas a thabhaítear mar gheall ar an sárú sin.
2.  
Bainfear éifeacht dhlíthiúil d’aon eisiamh conarthach nó teorannú ar dhliteanas sibhialta dá dtagraítear i mír 1.
3.  
I gcás ina n-ullmhaíonn oibreoir an ardáin trádála an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus an chumarsáid mhargaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5(3), is é an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige a bheidh freagrach freisin nuair a sholáthraíonn sé faisnéis nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir, nó atá míthreorach d’oibreoir an ardáin trádála.
4.  
Beidh sé de fhreagracht ar shealbhóir na cripteashócmhainne fianaise a chur i láthair lena léirítear gur sháraigh an tairgeoir, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó oibreoir an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid Airteagal 6 trí fhaisnéis a sholáthar nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir, nó atá míthreorach agus gur imríodh tionchar ar chinneadh an tsealbhóra an chripteashócmhainn sin a cheannach, a dhíol nó a mhalartú mar gheall ar bheith ag brath ar fhaisnéis den sórt sin.
5.  

An tairgeoir, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aigeaige, nó oibreoir an ardáin trádála agus comhaltaí a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, ní bheidh siad faoi dhliteanas do shealbhóir cripteashócmhainne i leith caillteanais a thabhaítear mar thoradh ar bheith ag brath ar an bhfaisnéis arna soláthar in achoimre dá dtagraítear in Airteagal 6(7), lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, ach amháin i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an achoimre:

(a) 

tá sí míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní í; nó

(b) 

nuair a léitear in éineacht le codanna eile den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní í, ní sholáthraítear léi faisnéis bhunriachtanach chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha na cripteashócmhainne agus breithniú á dhéanamh acu an gceannóidh siad cripteashócmhainn den sórt sin.

6.  
Ní dochar an tAirteagal seo d’aon dliteanas sibhialta eile de bhun an dlí náisiúnta.

TEIDEAL III

COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA

CAIBIDIL 1

Údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach chun a dtrádála iad

Airteagal 16

Údarú

1.  

Ní dhéanfaidh duine tairiscint don phobal ar chomhartha sócmhainn-tagartha, ná ní iarrfaidh sé go ligfí isteach chun a thrádála é, laistigh den Aontas, ach amháin más rud é gurb é eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin an duine sin agus gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

is duine dlítheanach nó gnóthas eile é atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe ag údarás inniúil a Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 21; nó

(b) 

is institiúid creidmheasa a chomhlíonann Airteagal 17 é.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, ar thoiliú i scríbhinn ón eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha, féadfaidh daoine eile an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála. Comhlíonfaidh na daoine sin Airteagail 27, 29 agus 40.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní fhéadfaidh gnóthais eile comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint ach amháin má áirithítear leis an bhfoirm dhlíthiúil atá acu leibhéal cosanta do leasanna tríú páirtithe atá coibhéiseach leis an leibhéal a thugann daoine dlítheanacha agus má tá siad faoi réir maoirseacht stuamachta choibhéiseach is iomchuí dá bhfoirm dhlíthiúil.

2.  

Ní bheidh feidhm ag mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

thar thréimhse 12 mhí, arna ríomh ag deireadh gach lae féilire, ní sháraíonn meánluach gan íoc an chomhartha sócmhainn-tagartha arna eisiúint ag eisitheoir EUR 5 000 000 riamh, nó an méid coibhéiseach in airgeadra oifigiúil eile, agus níl an t-eisitheoir nasctha le líonra eisitheoirí díolmhaithe eile; nó

(b) 

is chuig infheisteoirí cáilithe amháin a dhírítear an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus ní féidir ach le hinfheisteoirí cáilithe den sórt sin an comhartha sócmhainn-tagartha a shealbhú.

I gcás ina bhfuil feidhm ag an mír seo, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá bhforáiltear in Airteagal 19 a tharraingt suas agus tabharfaidh siad fógra faoin bpáipéar bán sin maidir le cripteashócmhainní agus, arna iarraidh sin, faoi aon chumarsáid mhargaíochta, d’údarás inniúil a mBallstáit baile.

3.  
Beidh an t-údarú a thugann an t-údarás inniúil do dhuine dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), bailí don Aontas ar fad agus ceadóidh sé d’eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha an comhartha sócmhainn-tagartha a bhfuil sé údaraithe ina leith a thairiscint don phobal, ar fud an Aontais, nó a iarraidh go ligfí isteach comhartha sócmhainn-tagartha den sórt sin chun a thrádála.
4.  
An ceadú a thugann an t-údarás inniúil do pháipéar bán de chuid eisitheora maidir le cripteashócmhainní faoi Airteagal 17(1) nó Airteagal 21(1) nó don pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn faoi Airteagal 25, beidh sé bailí ar fud an Aontais.

Airteagal 17

Ceanglais ar institiúidí creidmheasa

1.  

Féadfar comhartha sócmhainn-tagartha arna eisiúint ag institiúid creidmheasa a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a thrádála má dhéanann an institiúid creidmheasa an méid seo a leanas:

(a) 

páipéar bán maidir le cripteashócmhainní amhail dá dtagraítear in Airteagal 19 a tharraingt suas le haghaidh an chomhartha sócmhainn-tagartha, an páipéar bán sin maidir le cripteashócmhainní a thíolacadh lena fhormheas ag údarás inniúil a Ballstáit baile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, agus formheas a fháil ón údarás inniúil maidir leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní;

(b) 

fógra a thabhairt don údarás inniúil lena mbaineann, 90 lá oibre ar a laghad roimh an gcomhartha sócmhainn-tagartha a eisiúint den chéad uair, tríd an bhfaisnéis seo a leanas a sholáthar dó:

(i) 

clár oibríochtaí, ina leagtar amach an tsamhail ghnó a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa a leanúint;

(ii) 

tuairim dhlíthiúil nach gcáilíonn an comhartha sócmhainn-tagartha mar cheachtar díobh seo a leanas:

— 
cripteashócmhainn atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(4);
— 
comhartha ríomh-airgid;
(iii) 

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe rialachais dá dtagraítear in Airteagal 34(1);

(iv) 

na beartais agus na nósanna imeachta a liostaítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír;

(v) 

tuairisc ar na socruithe conarthacha le heintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an dara fomhír;

(vi) 

tuairisc ar an mbeartas leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 34(9);

(vii) 

tuairisc ar na sásraí rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta um bainistiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 34(10);

(viii) 

tuairisc ar na córais agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34(11) a choimirciú.

2.  
Institiúid creidmheasa a thug fógra roimhe sin don údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, pointe (b), agus comhartha sócmhainn-tagartha eile á eisiúint aici, ní cheanglófar uirthi aon fhaisnéis a thíolaic sí roimhe sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i gcás ina mbeadh faisnéis den sórt sin comhionann. Agus an fhaisnéis a liostaítear i mír 1, pointe (b), á tíolacadh, deimhneoidh an institiúid creidmheasa go sainráite go bhfuil aon fhaisnéis nár tíolacadh arís cothrom le dáta fós.
3.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil a fhaigheann fógra dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), measúnú, laistigh de 20 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis atá liostaithe ann a fháil, i dtaobh ar soláthraíodh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin bpointe sin. I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal nach bhfuil fógra comhlánaithe toisc go bhfuil faisnéis in easnamh, cuirfidh sé an institiúid creidmheasa a thug fógra ar an eolas faoi sin láithreach agus leagfaidh sé síos spriocdháta faoina gceanglófar ar an institiúid creidmheasa sin an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.

Ní bheidh an spriocdháta chun aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar níos faide ná 20 lá oibre ó dháta na hiarrata. Go dtí go rachaidh an spriocdháta sin in éag, cuirfear an tréimhse a leagtar síos le mír 1, pointe (b), ar fionraí. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil aon iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse a leagtar síos le mír 1, pointe (b), ar fionraí dá mbarr.

Ní dhéanfaidh an institiúid creidmheasa tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha ná ní iarrfaidh sí go ligfí isteach an comhartha sócmhainn-tagartha chun a thrádála fad is atá an fógra neamhchomhlánaithe.

4.  
Ní bheidh institiúid creidmheasa a eisíonn comharthaí sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, faoi réir Airteagail 16, 18, 20, 21, 24, 35, 41 agus 42.
5.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl do BCE gan mhoill an fhaisnéis iomlán a fuarthas faoi mhír 1 agus, i gcás ina bhfuil an institiúid creidmheasa bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha, do bhanc ceannais an Bhallstáit sin freisin.

Déanfaidh BCE agus, i gcás inarb infheidhme, banc ceannais an Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis iomlán a fháil, tuairim a eisiúint maidir leis an bhfaisnéis sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an údarás inniúil.

Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an institiúid creidmheasa gan an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach chun a thrádála é i gcásanna ina dtugann BCE nó, i gcás inarb infheidhme, banc ceannais an Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír tuairim dhiúltach ar an bhforas go bhfuil riosca ann d’oibriú rianúil córas íocaíochta, tarchur beartais airgeadaíochta nó ceannasacht airgeadaíochta.

6.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl do ESMA an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 109(3) tar éis iomláine na faisnéise a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a fhíorú.

Cuirfidh ESMA faisnéis den sórt sin ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(3), faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal nó an ligin isteach chun trádála.

7.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha in iúl do ESMA, laistigh de 2 lá oibre tar éis an t-údarú a tharraingt siar, gur tarraingíodh siar údarú institiúide creidmheasa a eisíonn comharthaí sócmhainn-tagartha. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis ar tharraingt siar den sórt sin ar fáil sa chlár faoi Airteagal 109(3) gan moill mhíchuí.
8.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú tuilleadh a dhéanamh ar an nós imeachta chun páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fhormheas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 18

Iarratas ar údarú

1.  
Daoine dlítheanacha nó gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála, déanfaidh siad a n-iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 16 a chur faoi bhráid údarás inniúil a mBallstáit baile.
2.  

Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

seoladh an eisitheora is iarratasóir;

(b) 

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora is iarratasóir;

(c) 

airteagail chomhlachais an eisitheora is iarratasóir, i gcás inarb infheidhme;

(d) 

clár oibríochtaí, ina leagtar amach an tsamhail ghnó a bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir í a leanúint;

(e) 

tuairim dhlíthiúil nach gcáilíonn an comhartha sócmhainn-tagartha mar cheachtar díobh seo a leanas:

(i) 

cripteashócmhainn atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(4); nó

(ii) 

comhartha ríomh-airgid;

(f) 

tuairisc mhionsonraithe ar shocruithe rialachais an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 34(1);

(g) 

i gcás inarb ann do shocruithe comhair le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sonracha, tuairisc ar a sásraí rialaithe inmheánaigh agus ar a nósanna imeachta um rialú inmheánach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a áirithiú maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc faoi Threoir (AE) 2015/849;

(h) 

céannacht chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an eisitheora is iarratasóir;

(i) 

cruthúnas go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar na daoine dá dtagraítear i bpointe (h) agus go bhfuil an t-eolas iomchuí, na scileanna iomchuí agus an taithí iomchuí acu chun an t-eisitheoir is iarratasóir a bhainistiú;

(j) 

cruthúnas go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar aon scairshealbhóir nó comhalta, bíodh sé díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchas cháilitheach aige san eisitheoir is iarratasóir;

(k) 

páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19;

(l) 

na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír;

(m) 

tuairisc ar na socruithe conarthacha leis na heintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an dara fomhír;

(n) 

tuairisc ar bheartas leanúnachais gnó an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 34(9);

(o) 

tuairisc ar shásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta um bainistiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 34(10);

(p) 

tuairisc ar na córais agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34(11) a choimirciú;

(q) 

tuairisc ar nósanna imeachta láimhseála gearán an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 31;

(r) 

i gcás inarb infheidhme, liosta de na Ballstáit óstacha ina bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a bhfuil sé beartaithe aige a iarraidh go ligfí isteach an comhartha sócmhainn-tagartha chun a thrádála.

3.  
Ní cheanglófar ar eisitheoirí a údaraíodh cheana i leith comhartha sócmhainn-tagartha amháin aon fhaisnéis a chuir siad faoi bhráid an údaráis inniúil roimhe sin a thíolacadh, chun críoch údaraithe i leith comhartha sócmhainn-tagartha eile, i gcás ina mbeadh faisnéis den sórt sin comhionann. Agus an fhaisnéis a liostaítear i mír 2 á tíolacadh, deimhneoidh an t-eisitheoir go sainráite go bhfuil aon fhaisnéis nár atíolacadh fós cothrom le dáta.
4.  
Admhóidh an t-údarás inniúil go pras, agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ó iarratas a fháil de bhun mhír 1, i scríbhinn don eisitheoir is iarratasóir go bhfuarthas iarratas den sórt sin.
5.  

Chun críocha mhír 2, pointí (i) agus (j), soláthróidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha is iarratasóir cruthúnas ar gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

i gcás gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, easpa taifead coiriúil i leith ciontuithe nó easpa pionós arna bhforchur faoin dlí tráchtála is infheidhme, an dlí dócmhainneachta agus an dlí seirbhísí airgeadais, nó maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, le calaois nó le dliteanas gairmiúil;

(b) 

go bhfuil an t-eolas iomchuí, scileanna iomchuí agus taithí iomchuí ag comhaltaí chomhlacht bainistíochta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha is iarratasóir chun eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine sin dóthain ama a thiomnú dá gcuid dualgas a dhéanamh;

(c) 

i gcás na scairshealbhóirí agus na gcomhaltaí uile, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu san eisitheoir is iarratasóir, easpa taifead coiriúil i leith ciontuithe agus easpa pionós arna bhforchur faoin dlí tráchtála is infheidhme, an dlí dócmhainneachta agus an dlí seirbhísí airgeadais, nó maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, le calaois nó le dliteanas gairmiúil.

6.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don fhaisnéis atá le cur ar áireamh san iarratas chun aonfhoirmeacht a áirithiú ar fud an Aontais.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 19

Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comharthaí sócmhainn-tagartha

1.  

Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn II, i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comhartha sócmhainn-tagartha:

(a) 

faisnéis faoi eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha;

(b) 

faisnéis faoin gcomhartha sócmhainn-tagartha;

(c) 

faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó faoina ligean isteach chun a thrádála;

(d) 

faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha;

(e) 

faisnéis faoin mbunteicneolaíocht;

(f) 

faisnéis faoi na rioscaí;

(g) 

faisnéis faoin gcúlchiste sócmhainní;

(h) 

faisnéis faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun an comhartha sócmhainn-tagartha a eisiúint.

Áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine seachas an t-eisitheoir a thairgeann comhartha sócmhainn-tagartha don phobal nó a iarrann go ligfí isteach é chun a thrádála de bhun Airteagal 16(1), an dara fomhír, agus an chúis a dtairgeann an duine áirithe sin an comhartha sócmhainn-tagartha sin nó a n-iarrann go ligfí isteach é chun a thrádála. I gcásanna nach é an t-eisitheoir a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine a tharraing suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus an chúis ar tharraing an duine áirithe sin suas é.

2.  
Beidh an fhaisnéis uile a liostaítear i mír 1 cothrom agus soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Ní bheidh easnaimh ábhartha sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus cuirfear i láthair é i bhfoirm ghonta agus intuigthe.
3.  
Ní bheidh aon dearbhuithe sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní i ndáil le luach na gcripteashócmhainní sa todhchaí, seachas an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.
4.  

Beidh ráiteas soiléir gan débhrí maidir leis na nithe seo a leanas sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:

(a) 

féadfaidh an comhartha sócmhainn-tagartha a luach a chailleadh go páirteach nó go hiomlán;

(b) 

féadfaidh sé nach mbeidh an comhartha sócmhainn-tagartha inaistrithe i gcónaí;

(c) 

féadfaidh sé nach comhartha sócmhainn-tagartha leachtach é an comhartha sócmhainn-tagartha;

(d) 

ní chumhdaítear an comhartha sócmhainn-tagartha leis na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí faoi Threoir 97/9/CE;

(e) 

ní chumhdaítear an comhartha sócmhainn-tagartha leis na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 2014/49/AE.

5.  
Beidh ráiteas ó chomhlacht bainistíochta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Deimhneofar sa ráiteas sin go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní an Teideal seo agus, chomh fada agus is eol don chomhlacht bainistíochta, go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní cothrom, soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach agus nach bhfuil aon easnamh sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá allmhairiú.
6.  
Beidh achoimre sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 5, ina dtabharfar, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó faoi ligean isteach an chomhartha sócmhainn-tagartha sin chun a thrádála atá beartaithe. Beidh an achoimre sothuigthe agus déanfar í a chur i láthair agus a leagan amach i bhformáid shoiléir chuimsitheach, agus úsáid á baint as carachtair atá inléite ó thaobh méide de. San achoimre ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, tabharfar faisnéis iomchuí faoi shaintréithe an chomhartha sócmhainn-tagartha lena mbaineann chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha an chomhartha sócmhainn-tagartha sin cinneadh feasach a dhéanamh.

Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:

(a) 

ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;

(b) 

ba cheart don sealbhóir ionchasach aon chinneadh maidir le ceannach an chomhartha sócmhainn-tagartha a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní ina iomláine agus níor cheart dó aon chinneadh den sórt sin a bhunú ar an achoimre amháin;

(c) 

ní hionann an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus tairiscint nó sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a cheannach agus ní féidir an tairiscint nó an tsirtheoireacht sin a dhéanamh ach amháin trí bhíthin réamheolaire nó doiciméid tairisceana eile de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

(d) 

ní hionann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus réamheolaire amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 ná aon doiciméad tairisceana eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

Luafar san achoimre go bhfuil ceart fuascailte ag sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha tráth ar bith, agus na coinníollacha maidir le fuascailt den sórt sin.

7.  
Beidh dáta a fhógra agus clár ábhar sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
8.  
Tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

I gcás ina dtairgtear an comhartha sócmhainn-tagartha freisin i mBallstát seachas Ballstát baile an eisitheora, tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní freisin i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta

9.  
Cuirfear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite.
10.  
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 9.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.  
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta i gcripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 20

Measúnú ar an iarratas ar údarú

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla a fhaigheann iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 18 measúnú, laistigh de 25 lá oibre ó iarratas den sórt sin a fháil, i dtaobh an gcuimsítear an fhaisnéis uile is gá san iarratas sin, lena n-áirítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19. Tabharfaidh siad fógra láithreach don eisitheoir is iarratasóir cibé acu atá nó nach bhfuil faisnéis in easnamh san iarratas, lena n-áirítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní. I gcás nach bhfuil an t-iarratas, lena n-áirítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, comhlánaithe, leagfaidh na húdaráis inniúla síos spriocdháta faoina mbeidh ar an eisitheoir is iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.
2.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 60 lá oibre ó iarratas comhlánaithe a fháil, measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an t-eisitheoir is iarratasóir ceanglais an Teidil seo agus déanfaidh siad dréachtchinneadh lán-réasúnaithe lena ndeonaítear údarú nó lena ndiúltaítear údarú. Laistigh den 60 lá oibre sin, féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis maidir leis an iarratas a iarraidh ar an eisitheoir is iarratasóir, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19.

Le linn an phróisis measúnaithe, féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, aonaid um fhaisnéis airgeadais nó comhlachtaí poiblí eile.

3.  
Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhíreanna 1 agus 2 ar fionraí ar feadh na tréimhse idir dáta na hiarrata ar fhaisnéis atá in easnamh ó na húdaráis inniúla agus an dáta a bhfaighidh siad freagra ina leith ón eisitheoir is iarratasóir. Ní bheidh an fhionraí níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag na húdaráis inniúla aon iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhíreanna 1 agus 2 ar fionraí dá mbarr.
4.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla, tar éis na tréimhse 60 lá oibre dá dtagraítear i mír 2, a ndréachtchinneadh agus an t-iarratas a tharchur chuig ÚBE, ESMA agus BCE. I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir is iarratasóir bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige, nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha, tarchuirfidh na húdaráis inniúla a ndréachtchinneadh agus an t-iarratas chuig banc ceannais an Bhallstáit sin freisin.
5.  
Déanfaidh ÚBE agus ESMA, arna iarraidh sin don údarás inniúil, agus laistigh de 20 lá oibre ón dréachtchinneadh agus an t-iarratas a fháil, tuairim a eisiúint maidir lena meastóireacht ar an tuairim dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (e), agus tarchuirfidh siad a dtuairimí faoi seach chuig an údarás inniúil lena mbaineann.

Déanfaidh BCE nó, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear i mír 4 tuairim a eisiúint, laistigh de 20 lá oibre ón dréachtchinneadh agus an t-iarratas a fháil, maidir lena mheastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha sin a eisiúint don chobhsaíocht airgeadais, d’oibriú rianúil na gcóras íocaíochta, do tharchur beartais airgeadaíochta agus do cheannasacht airgeadaíochta, agus déanfaidh sé a thuairim a tharchur chuig an údarás inniúil lena mbaineann.

Gan dochar d’Airteagal 21(4), beidh na tuairimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo neamhcheangailteach.

Breithneoidh an t-údarás inniúil go cuí, áfach, na tuairimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo.

Airteagal 21

An t-údarú a dheonú nó diúltú

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 25 lá oibre ó na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 20(5) a fháil, cinneadh lán-réasúnaithe a dhéanamh lena ndeonaítear údarú don eisitheoir is iarratasóir nó lena ndiúltaítear údarú dó agus, laistigh de 5 lá oibre ón gcinneadh sin a dhéanamh, tabharfaidh siad fógra ina leith don eisitheoir is iarratasóir. I gcás ina n-údaraítear eisitheoir is iarratasóir, measfar go bhfuil a pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní formheasta.
2.  

Diúltóidh údaráis inniúla d’údarú i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann lena léirítear na nithe seo a leanas:

(a) 

d’fhéadfadh comhlacht bainistíochta an eisitheora is iarratasóir bagairt a dhéanamh ar a bhainistíocht éifeachtach fhónta stuama agus ar a leanúnachas gnó agus ar aird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh;

(b) 

ní chomhlíonann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta na critéir a leagtar amach in Airteagal 34(2);

(c) 

ní chomhlíonann scairshealbhóirí agus comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu na critéir maidir le dea-cháil leordhóthanach a leagtar amach in Airteagal 34(4);

(d) 

mainníonn an t-eisitheoir is iarratasóir aon cheann de cheanglais an Teidil seo a chomhlíonadh nó is dóigh go mainneoidh sé aon cheann de na ceanglais sin a chomhlíonadh;

(e) 

d’fhéadfadh samhail ghnó an eisitheora is iarratasóir a bheith ina bagairt thromchúiseach ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais nó ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta, nó fágann sí go bhfuil an t-eisitheoir nó an earnáil neamhchosanta ar rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

3.  
Déanfaidh ÚBE agus ESMA, faoin 30 Meitheamh 2024, treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach, maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí chomhlacht bainistíochta na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus na scairshealbhóirí agus na gcomhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu in eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha.
4.  
Diúltóidh údaráis inniúla d’údarú freisin má thugann BCE nó, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais tuairim dhiúltach faoi Airteagal 20(5) ar na forais go bhfuil riosca ann d’oibriú rianúil córas íocaíochta, tarchur beartais airgeadaíochta, nó ceannasacht airgeadaíochta.
5.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 2 lá oibre ó údarú a dheonú, an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 109(3) a chur in iúl do phointe teagmhála aonair na mBallstát óstach, do ESMA, do ÚBE, do BCE agus, i gcás inarb infheidhme, don bhanc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4).

Cuirfidh ESMA faisnéis den sórt sin ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(3), faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal nó an ligin isteach chun trádála.

6.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE, ESMA, BCE agus, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) ar an eolas faoi na hiarrataí uile ar údaruithe a diúltaíodh, agus soláthróidh siad an bhunréasúnaíocht don chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, míniú ar aon imeacht ó na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 20(5).

Airteagal 22

Tuairisciú ar chomharthaí sócmhainn-tagartha

1.  

Maidir le gach comhartha sócmhainn-tagartha ag a bhfuil luach eisiúna atá níos airde ná EUR 100 000 000 , tuairisceoidh an t-eisitheoir an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil ar bhonn ráithiúil:

(a) 

líon na sealbhóirí;

(b) 

luach an chomhartha sócmhainn-tagartha arna eisiúint agus méid an chúlchiste sócmhainní;

(c) 

meánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae le linn na ráithe ábhartha;

(d) 

meastachán ar mheánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae le linn na ráithe ábhartha a bhaineann lena úsáidí mar mhodh malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair.

Chun críocha phointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, ciallóidh ‘idirbheart’ aon athrú ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá i dteideal an chomhartha sócmhainn-tagartha mar thoradh ar aistriú an chomhartha sócmhainn-tagartha ó sheoladh nó cuntas mórleabhair dháilte amháin go ceann eile.

Maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an malartú le haghaidh cistí nó cripteashócmhainní eile leis an eisitheoir nó le soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, ní mheasfar go bhfuil baint acu le húsáidí an chomhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe, mura bhfuil fianaise ann go n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha chun idirbhearta i gcripteashócmhainní eile a shocrú.

2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha an oibleagáid maidir le tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh i ndáil le comharthaí sócmhainn-tagartha arna n-eisiúint ag a bhfuil luach níos lú ná EUR 100 000 000 .
3.  
Soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha, soláthróidh siad an fhaisnéis is gá d’eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú, lena n-áirítear trí idirbhearta lasmuigh den mhórleabhar dáilte a thuairisciú.
4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a fhaightear a roinnt le BCE agus, i gcás inarb infheidhme, leis an mbanc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus le húdaráis inniúla na mBallstát óstach.
5.  
Féadfaidh BCE agus, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) a meastacháin féin a sholáthar don údarás inniúil maidir le meánlíon ráithiúil agus meánluach comhiomlán ráithiúil na n-idirbheart in aghaidh an lae a bhaineann le húsáidí an chomhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malairte laistigh de limistéar airgeadra aonair.
6.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun meastachán a dhéanamh ar mheánlíon ráithiúil agus meánluach comhiomlán ráithiúil na n-idirbheart in aghaidh an lae a bhaineann le húsáidí an chomhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.  
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 agus chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 23

Srianta ar eisiúint comharthaí sócmhainn-tagartha a úsáidtear go forleathan mar mhodh malartaithe

1.  

Más rud é, i gcás comhartha sócmhainn-tagartha, go bhfuil meánlíon ráithiúil measta agus meánluach comhiomlán ráithiúil measta na n-idirbheart in aghaidh an lae a bhaineann lena úsáidí mar mhodh malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair níos airde ná 1 mhilliún idirbheart agus EUR 200 000 000 , faoi seach, déanfaidh an t-eisitheoir an méid seo a leanas:

(a) 

deireadh a chur leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha sin a eisiúint; agus

(b) 

laistigh de 40 lá oibre ón tairseach sin a bhaint amach, plean a chur faoi bhráid an údaráis inniúil chun a áirithiú go gcoinneofar meánlíon ráithiúil measta agus meánluach comhiomlán ráithiúil measta na n-idirbheart sin in aghaidh an lae faoi bhun 1 mhilliún idirbheart agus EUR 200 000 000 faoi seach.

2.  
Úsáidfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis arna soláthar ag an eisitheoir, a mheastachán féin, nó an meastachán arna sholáthar ag BCE nó, i gcás inarb infheidhme, ag an mbanc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cibé acu is airde, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an tairseach dá dtagraítear i mír 1 bainte amach.
3.  
I gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí an comhartha sócmhainn-tagartha céanna, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na critéir dá dtagraítear i mír 1 tar éis dó na sonraí ó gach eisitheoir a chomhiomlánú.
4.  
Cuirfidh an t-eisitheoir an plean dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), faoi bhráid an údaráis inniúil lena fhormheas. I gcás inar gá, éileoidh an t-údarás inniúil modhnuithe, amhail íosmhéid ainmníochta a fhorchur, chun a áirithiú go laghdófar go tráthúil úsáid an chomhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe.
5.  
Ní cheadóidh an t-údarás inniúil don eisitheoir an comhartha sócmhainn-tagartha a eisiúint arís ach amháin nuair atá fianaise aige go bhfuil meánlíon ráithiúil measta agus meánluach comhiomlánaithe na n-idirbheart in aghaidh an lae a bhaineann lena úsáidí mar mhodhanna malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair níos ísle ná 1 mhilliún idirbheart agus EUR 200 000 000 faoi seach.

Airteagal 24

An t-údarú a tharraingt siar

1.  

Déanfaidh údaráis inniúla údarú eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

scoir an t-eisitheoir de bheith ag gabháil do ghnó ar feadh 6 mhí as a chéile, nó níor úsáid sé a údarú ar feadh 12 mhí as a chéile;

(b) 

fuair an t-eisitheoir a údarú ar mhodh neamhrialta, amhail trí ráitis bhréagacha a dhéanamh san iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 18 nó in aon pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní arna mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 25;

(c) 

ní chomhlíonann an t-eisitheoir na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú a thuilleadh;

(d) 

sháraigh an t-eisitheoir forálacha an Teidil seo go tromchúiseach;

(e) 

bhí an t-eisitheoir faoi réir plean fuascailte;

(f) 

thréig an t-eisitheoir an t-údarú go sainráite nó chinn sé stop a chur lena oibríochtaí;

(g) 

tá gníomhaíocht an eisitheora ina bagairt thromchúiseach ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais nó ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta nó fágann sí go bhfuil an t-eisitheoir nó an earnáil neamhchosanta ar rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

Tabharfaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha fógra dá údarás inniúil faoi aon cheann de na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (e) agus (f).

2.  
Déanfaidh údaráis inniúla údarú eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha a tharraingt siar freisin nuair a eisíonn BCE nó, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) tuairim go bhfuil an comhartha sócmhainn-tagartha ina bhagairt thromchúiseach ar oibriú rianúil córas íocaíochta, ar tharchur beartais airgeadaíochta nó ar cheannasacht airgeadaíochta.
3.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla teorainn leis an méid comhartha sócmhainn-tagartha atá le heisiúint nó forchuirfidh siad íosmhéid ainmníochta i leith an chomhartha sócmhainn-tagartha nuair a eisíonn BCE nó, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) tuairim go bhfuil an comhartha sócmhainn-tagartha ina bhagairt ar oibriú rianúil córas íocaíochta, ar tharchur beartais airgeadaíochta nó ar cheannasacht airgeadaíochta, agus sonróidh siad an teorainn nó an t-íosmhéid ainmníochta is infheidhme.
4.  

Tabharfaidh na húdaráis inniúla ábhartha fógra gan mhoill d’údarás inniúil eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha faoi na cásanna seo a leanas:

(a) 

maidir le heintiteas tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h), den Rialachán seo, chaill sé a údarú mar institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE, mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo, mar institiúid íocaíochta, nó mar institiúid ríomh-airgid;

(b) 

maidir le comhaltaí chomhlacht bainistíochta an eisitheora nó scairshealbhóirí nó comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu san eisitheoir, sháraigh siad forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849.

5.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla údarú eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha a tharraingt siar i gcás ina bhfuil siad den tuairim go ndéanann na cásanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo difear do dhea-cháil chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an eisitheora sin nó do dhea-cháil aon scairshealbhóirí nó comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu san eisitheoir, nó má léirítear gur chlis ar na socruithe rialachais nó ar na sásraí rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 34.

Nuair a tharraingítear an t-údarú siar, cuirfidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha an nós imeachta faoi Airteagal 47 chun feidhme.

6.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl do ESMA, laistigh de 2 lá oibre tar éis údarú a tharraingt siar, gur tarraingíodh siar údarú eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis ar tharraingt siar den sórt sin ar fáil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109 gan moill mhíchuí.

Airteagal 25

Modhnú ar pháipéir bhána fhoilsithe maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comharthaí sócmhainn-tagartha

1.  

Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha fógra d’údarás inniúil a mBallstáit baile faoi aon athrú atá beartaithe ar a samhail ghnó ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar chinneadh ceannaigh aon sealbhóirí nó aon sealbhóirí ionchasacha comharthaí sócmhainn-tagartha, a tharlaíonn tar éis an údaraithe de bhun Airteagal 21 nó tar éis an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas de bhun Airteagal 17, agus i gcomhthéacs Airteagal 23 freisin. Áirítear ar athruithe den sórt sin, i measc nithe eile, aon mhodhnuithe ábhartha ar na nithe seo a leanas:

(a) 

na socruithe rialachais, lena n-áirítear línte tuairiscithe don chomhlacht bainistíochta agus an creat bainistithe riosca;

(b) 

na cúlsócmhainní agus cumhdach na gcúlsócmhainní;

(c) 

na cearta a thugtar do na sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha;

(d) 

an sásra trína ndéantar comhartha sócmhainn-tagartha a eisiúint agus a fhuascailt;

(e) 

na prótacail chun na hidirbhearta i gcomharthaí sócmhainn-tagartha a bhailíochtú;

(f) 

feidhmiú na teicneolaíochta dílsithe mórleabhar dáilte atá ag eisitheoirí, i gcás ina ndéantar na comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint, a aistriú agus a stóráil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte den sórt sin;

(g) 

na sásraí chun leachtacht comharthaí sócmhainn-tagartha a áirithiú, lena n-áirítear an beartas bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 45;

(h) 

na socruithe le heintitis tríú páirtí, lena n-áirítear chun na cúlsócmhainní a bhainistiú agus an cúlchiste a infheistiú, na cúlsócmhainní a chumhdach, agus, i gcás inarb infheidhme, na comharthaí sócmhainn-tagartha a dháileadh ar an bpobal;

(i) 

na nósanna imeachta láimhseála gearán;

(j) 

an measúnú riosca maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus beartais ghinearálta agus nósanna imeachta ginearálta a bhaineann leis.

Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha fógra d’údarás inniúil a mBallstáit baile 30 lá oibre ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe atá beartaithe i bhfeidhm.

2.  
I gcás ina bhfuil fógra tugtha don údarás inniúil faoi aon athrú atá beartaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní a tharraingt suas agus áiritheoidh sé go bhfuil ord na faisnéise atá ann comhsheasmhach lena bhfuil sa bhunpháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.

Tabharfaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha fógra faoin dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní d’údarás inniúil an Bhallstáit baile.

Admhóidh an t-údarás inniúil go leictreonach go bhfuarthas an dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní a luaithe is féidir, agus 5 lá oibre ar a dhéanaí tar éis dó é a fháil.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil formheas don dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní, nó diúltóidh sé don dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní a fhormheas, laistigh de 30 lá oibre ón tráth a admhaíodh go bhfuarthas é. Le linn an scrúdaithe ar an dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní, féadfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise, mínithe nó réasúnuithe a iarraidh i dtaca leis an dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní. Nuair a dhéanann an t-údarás inniúil an iarraidh sin, ní thosóidh an teorainn ama 30 lá oibre ach amháin nuair a bheidh an fhaisnéis bhreise a iarradh faighte ag an údarás inniúil.

3.  
I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhféadfadh na modhnuithe ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a bheith ábhartha d’oibriú rianúil córas íocaíochta, tarchur beartais airgeadaíochta agus ceannasacht airgeadaíochta, rachaidh sé i gcomhairle le BCE agus, i gcás inarb infheidhme, leis an mbanc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4). Féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle le ÚBE agus le ESMA freisin i gcásanna den sórt sin.

Tabharfaidh BCE nó an banc ceannais ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, ÚBE agus ESMA tuairim laistigh de 20 lá oibre ón gcomhairliúchán dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil.

4.  

I gcás ina bhformheasann an t-údarás inniúil an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní, féadfaidh sé an méid seo a leanas a cheangal ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha:

(a) 

sásraí a chur i bhfeidhm chun cosaint sealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha a áirithiú, nuair is féidir le modhnú féideartha ar oibríochtaí an eisitheora éifeacht ábhartha a bheith aige ar luach, cobhsaíocht nó rioscaí an chomhartha sócmhainn-tagartha nó na gcúlsócmhainní;

(b) 

aon bhearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le sláine an mhargaidh, le cobhsaíocht airgeadais nó le hoibriú rianúil na gcóras íocaíochta.

Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha aon bhearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le hoibriú rianúil córas íocaíochta, le tarchur beartais airgeadaíochta, nó le ceannasacht airgeadaíochta, má mholann BCE nó, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) bearta ceartaitheacha den sórt sin sna comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil BCE nó an banc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) tar éis bearta atá éagsúil leis na bearta a éilíonn an t-údarás inniúil a mholadh, déanfar na bearta molta a chomhcheangal nó, mura féidir é, éileofar an beart is déine.

5.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní in iúl do ESMA, do phointí teagmhála aonair na mBallstát óstach, do ÚBE, do BCE agus, i gcás inarb infheidhme, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann laistigh de 2 lá oibre ón bhformheas a dheonú.

Cuirfidh ESMA an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní ar fáil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109 gan moill mhíchuí.

Airteagal 26

Dliteanas eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha i leith na faisnéise a thugtar i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní

1.  
I gcás inar sháraigh eisitheoir Airteagal 19 trí fhaisnéis a sholáthar ina pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó i bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir, nó atá míthreorach, beidh an t-eisitheoir sin agus comhaltaí a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta faoi dhliteanas do shealbhóir comhartha sócmhainn-tagartha den sórt sin as aon chaillteanas arna thabhú mar gheall ar an sárú sin.
2.  
Bainfear éifeacht dhlíthiúil d’aon eisiamh conarthach nó teorannú ar dhliteanas sibhialta dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Beidh sé de fhreagracht ar shealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha fianaise a chur i láthair lena léirítear gur sháraigh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin Airteagal 19 trí fhaisnéis a sholáthar ina pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó i bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní, faisnéis nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir, nó atá míthreorach agus gur imríodh tionchar ar chinneadh an tsealbhóra an comhartha sócmhainn-tagartha sin a cheannach, a dhíol nó a mhalartú mar gheall ar bheith ag brath ar fhaisnéis den sórt sin.
4.  

An t-eisitheoir nó comhaltaí a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, ní bheidh siad faoi dhliteanas i leith caillteanas a tharla mar thoradh ar bheith ag brath ar an bhfaisnéis arna soláthar in achoimre de bhun Airteagal 19, lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, ach amháin i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an achoimre:

(a) 

tá sí míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní í; nó

(b) 

nuair a léitear in éineacht le codanna eile den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní í, ní sholáthraítear léi faisnéis bhunriachtanach chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha agus breithniú á dhéanamh acu an gceannóidh siad an comhartha sócmhainn-tagartha.

5.  
Ní dochar an tAirteagal seo d’aon dliteanas sibhialta eile de bhun an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL 2

Oibleagáidí eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha

Airteagal 27

An oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil chun leasa na sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha

1.  
Gníomhóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil agus déanfaidh siad cumarsáid le sealbhóirí agus sealbhóirí ionchasacha comharthaí sócmhainn-tagartha ar bhealach atá cothrom agus soiléir agus nach bhfuil míthreorach.
2.  
Gníomhóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha chun leasa sealbhóirí comharthaí den sórt sin agus caithfidh siad mar an gcéanna leo ar fad, ach amháin má nochtar aon chóir fhabhrach sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.

Airteagal 28

Foilsiú an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní

Foilseoidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha ar a shuíomh gréasáin an páipéar bán formheasta maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 17(1) nó Airteagal 21(1) agus, i gcás inarb infheidhme, an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 25. Beidh rochtain ag an bpobal ar an bpáipéar bán formheasta maidir le cripteashócmhainní faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó ligean isteach an chomhartha sin chun a thrádála. Beidh an páipéar bán formheasta maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní ar fáil ar shuíomh gréasáin an eisitheora chomh fada agus atá an comhartha sócmhainn-tagartha á shealbhú ag an bpobal.

Airteagal 29

Cumarsáid mhargaíochta

1.  

Le haon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann le tairiscint don phobal ar chomhartha sócmhainn-tagartha, nó a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha sin a ligean isteach chun a thrádála, comhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a) 

táthar in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá inti;

(b) 

tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom agus soiléir agus níl sí míthreorach;

(c) 

tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;

(d) 

luaitear go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus léirítear go soiléir inti seoladh shuíomh gréasáin eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha, chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist chun teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir.

2.  
Beidh ráiteas soiléir gan débhrí i gcumarsáid mhargaíochta go bhfuil ceart fuascailte ag sealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha i gcoinne an eisitheora tráth ar bith.
3.  
Déanfar cumarsáid mhargaíochta agus aon mhodhnuithe uirthi a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an eisitheora.
4.  
Ní éileoidh údaráis inniúla go ndéanfar cumarsáid mhargaíochta a fhormheas roimh ré sula bhfoilseofar í.
5.  
Tabharfar fógra d’údaráis inniúla i leith cumarsáid mhargaíochta arna iarraidh sin dóibh.
6.  
Ní scaipfear aon chumarsáid mhargaíochta sula bhfoilseofar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Le srian den sórt sin, ní dhéantar difear do chumas eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sondálacha margaidh a dhéanamh.

Airteagal 30

Faisnéis leanúnach do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha

1.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha méid na gcomharthaí sócmhainn-tagartha atá i gcúrsaíocht, agus luach agus comhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36, a nochtadh ar bhealach soiléir, cruinn agus trédhearcach, in áit a bhfuil rochtain ag an bpobal agus rochtain éasca uirthi, ar a suíomh gréasáin. Déanfar faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta gach mí ar a laghad.
2.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha achoimre ghonta, shoiléir, chruinn agus thrédhearcach ar an tuarascáil iniúchóireachta, chomh maith leis an tuarascáil iniúchóireachta iomlán agus neamhfholaithe, i ndáil leis an gcúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 a fhoilsiú a luaithe is féidir in áit a bhfuil rochtain ag an bpobal agus rochtain éasca uirthi ar a suíomh gréasáin.
3.  
Gan dochar d’Airteagal 88, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha aon imeacht a raibh tionchar suntasach aige ar luach na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, nó ar an gcúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36, nó ar dócha go mbeidh éifeacht shuntasach aige orthu, a nochtadh a luaithe is féidir agus ar bhealach soiléir, cruinn agus trédhearcach, in áit a bhfuil rochtain ag an bpobal agus rochtain éasca uirthi, ar an suíomh gréasáin.

Airteagal 31

Nósanna imeachta láimhseála gearán

1.  
Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nósanna imeachta éifeachtacha agus trédhearcacha agus coimeádfaidh siad ar bun iad chun gearáin a fhaightear ó shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus ó pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha, a láimhseáil go pras, go cothrom agus go comhsheasmhach, agus foilseoidh siad tuairiscí ar na nósanna imeachta sin. I gcás ina ndéanann eintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h), na comharthaí sócmhainn-tagartha a dháileadh, go hiomlán nó i bpáirt, bunóidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nósanna imeachta chun éascú a dhéanamh freisin ar láimhseáil gearán den sórt sin idir sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus eintitis tríú páirtí den sórt sin.
2.  
Beidh sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha in ann gearáin a dhéanamh saor in aisce le heisitheoirí a gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó, i gcás inarb infheidhme, leis na heintitis tríú páirtí dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus, i gcás inarb infheidhme, na heintitis tríú páirtí dá dtagraítear i mír 1 teimpléad a fhorbairt agus a chur ar fáil do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha chun gearáin a chomhdú agus coinneoidh siad taifead ar na gearáin go léir a fuarthas agus ar aon bhearta a rinneadh mar fhreagairt orthu.
4.  
Imscrúdóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha gach gearán ar bhealach tráthúil agus cothrom agus cuirfidh siad torthaí imscrúduithe den sórt sin in iúl do shealbhóirí a gcomharthaí sócmhainn-tagartha laistigh de thréimhse réasúnta ama.
5.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú tuilleadh a dhéanamh ar na ceanglais, na teimpléid agus na nósanna imeachta chun gearáin a láimhseáil.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 32

Coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh

1.  

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun chun coinbhleachtaí leasa idir iad féin agus na daoine seo a leanas a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh:

(a) 

a scairshealbhóirí nó a gcomhaltaí;

(b) 

aon scairshealbhóir nó comhalta, bíodh sé díreach nó indíreach, ag a bhfuil sealúchas cáilitheach sna heisitheoirí;

(c) 

comhaltaí a gcomhlachta bainistíochta;

(d) 

a bhfostaithe;

(e) 

sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha; nó

(f) 

aon tríú páirtí a sholáthraíonn ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h).

2.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, go háirithe, bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as bainistiú agus infheistiú an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh.
3.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha cineál ginearálta agus foinsí na gcoinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta a rinneadh chun iad a mhaolú a nochtadh, in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin, do shealbhóirí a gcomharthaí sócmhainn-tagartha.
4.  
Beidh an nochtadh dá dtagraítear i mír 3 beacht go leor chun cur ar chumas shealbhóirí ionchasacha a gcomharthaí sócmhainn-tagartha cinneadh feasach ceannaigh a dhéanamh faoi na comharthaí sócmhainn-tagartha.
5.  

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:

(a) 

na ceanglais maidir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

na mionsonraí agus an mhodheolaíocht maidir le hinneachar an nochta dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 33

Fógra a thabhairt faoi athruithe ar an gcomhlacht bainistíochta

Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha fógra láithreach dá n-údarás inniúil faoi aon athruithe ar a gcomhlacht bainistíochta, agus cuirfidh siad an fhaisnéis uile is gá ar fáil dá n-údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá Airteagal 34(2) á chomhlíonadh.

Airteagal 34

Socruithe rialachais

1.  
Beidh ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha socruithe láidre rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil ina bhfuil freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil siad neamhchosanta orthu nó a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus sásraí leordhóthanacha rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta de.
2.  
Maidir le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta de chuid eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, beidh dea-cháil leordhóthanach orthu agus beidh an t-eolas iomchuí, scileanna iomchuí agus taithí iomchuí acu, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhchoiteann araon, chun a gcuid dualgas a dhéanamh. Go háirithe, ní bheidh siad ciontaithe i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó in aon chionta eile a dhéanfadh difear dá ndea-cháil. Léireoidh siad freisin go bhfuil sé ar a gcumas acu dóthain ama a thiomnú dá gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach.
3.  
Déanfaidh comhlacht bainistíochta eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha measúnú agus athbhreithniú tréimhsiúil ar éifeachtacht na socruithe beartais agus na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun Caibidlí 2, 3, 5 agus 6 den Teideal seo a chomhlíonadh agus déanfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith sin.
4.  
Beidh dea-cháil leordhóthanach ar scairshealbhóirí nó ar chomhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu in eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus, go háirithe, ní bheidh siad ciontaithe i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó in aon chionta eile a dhéanfadh difear dá ndea-cháil.
5.  

Glacfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach go leor chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais agus nósanna imeachta a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an cúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36;

(b) 

cumhdach na gcúlsócmhainní, lena n-áirítear leithscaradh sócmhainní, mar a shonraítear in Airteagal 37;

(c) 

na cearta a dheonaítear do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha, mar a shonraítear in Airteagal 39;

(d) 

an sásra trína ndéantar comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint agus a fhuascailt;

(e) 

na prótacail chun idirbhearta i gcomharthaí sócmhainn-tagartha a bhailíochtú;

(f) 

feidhmiú theicneolaíocht dhílsithe mórleabhar dáilte na n-eisitheoirí, i gcás ina ndéantar na comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint, a aistriú agus a stóráil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte den sórt sin nó teicneolaíocht chomhchosúil arna hoibriú ag na heisitheoirí nó ag tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann;

(g) 

na sásraí chun leachtacht comharthaí sócmhainn-tagartha a áirithiú, lena n-áirítear an beartas bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 45;

(h) 

socruithe le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste sócmhainní a fheidhmiú, agus chun na cúlsócmhainní a infheistiú, na cúlsócmhainní a chumhdach agus, i gcás inarb infheidhme, na comharthaí sócmhainn-tagartha a dháileadh ar an bpobal;

(i) 

toiliú i scríbhinn ó eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha arna dtabhairt do dhaoine eile a d’fhéadfadh na comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint nó ligean isteach na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun a dtrádála a iarraidh;

(j) 

láimhseáil gearán, mar a shonraítear in Airteagal 31;

(k) 

coinbhleachtaí leasa, mar a shonraítear in Airteagal 32.

I gcás ina ndéanann eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (h), leagfar amach na socruithe sin i gconradh leis na heintitis tríú páirtí. Leis na socruithe conarthacha sin, leagfar amach róil, freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na n-eintiteas tríú páirtí araon. Forálfar le haon socrú conarthach lena ngabhann impleachtaí trasdlínse do rogha gan débhrí maidir leis an dlí is infheidhme.

6.  
Murar thionscain siad plean fuascailte dá dtagraítear in Airteagal 47, cuirfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha córais iomchuí agus chomhréireacha, acmhainní iomchuí agus comhréireacha agus nósanna imeachta iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm chun feidhmiú leanúnach agus rialta a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a áirithiú. Chuige sin, coimeádfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a gcórais uile agus a bprótacail rochtana slándála uile ar bun i gcomhréir le caighdeáin iomchuí an Aontais.
7.  
Má chinneann eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha scor dá sheirbhísí agus dá ghníomhaíochtaí a sholáthar, lena n-áirítear trí scor d’eisiúint an chomhartha sócmhainn-tagartha sin, cuirfidh sé plean faoi bhráid an údaráis inniúil chun scor den sórt sin a fhormheas.
8.  
Sainaithneoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha foinsí riosca oibriúcháin agus déanfaidh siad iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt.
9.  
Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartas agus pleananna leanúnachais gnó chun a áirithiú, i gcás ina gcuirtear isteach ar a gcórais agus a nósanna imeachta TFC, go gcaomhnaítear sonraí agus feidhmeanna riachtanacha agus go gcoimeádtar a ngníomhaíochtaí ar bun nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, go n-athshlánaítear na sonraí agus na feidhmeanna sin go tráthúil agus go n-atosaítear a ngníomhaíochtaí go tráthúil.
10.  
Beidh sásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha maidir le bainistiú riosca, lena n-áirítear socruithe éifeachtacha rialaithe agus coimirce chun córais TFC a bhainistiú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Forálfar leis na nósanna imeachta do mheasúnú cuimsitheach a bhaineann leis an spleáchas ar eintitis tríú páirtí dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, pointe (h), den Airteagal seo. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha faireachán agus measúnú ar bhonn tráthrialta ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na sásraí rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta um measúnú riosca agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith sin.
11.  
Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha atá leordhóthanach chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a choimirciú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554 agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Déanfaidh na córais sin sonraí agus faisnéis ábhartha a bhailítear agus a tháirgtear le linn ghníomhaíochtaí na n-eisitheoirí a thaifeadadh agus a a choimirciú.
12.  
Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha go ndéanann iniúchóirí neamhspleácha iniúchadh orthu go tráthrialta. Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí sin in iúl do chomhlacht bainistíochta an eisitheora lena mbaineann agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad.
13.  

Faoin.30 Meitheamh 2024, déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena sonraítear an t-íosmhéid inneachair atá le bheith sna socruithe rialachais maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na huirlisí faireacháin le haghaidh na rioscaí dá dtagraítear i mír 8;

(b) 

an plean leanúnachais gnó dá dtagraítear i mír 9;

(c) 

an sásra rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear i mír 10;

(d) 

na hiniúchtaí dá dtagraítear i mír 12, lena n-áirítear an doiciméadacht íosta atá le húsáid san iniúchadh.

Agus na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír á n-eisiúint, cuirfidh ÚBE san áireamh na forálacha maidir le ceanglais rialachais i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear Treoir 2014/65/AE.

Airteagal 35

Ceanglais cistí dílse

1.  

Beidh cistí dílse ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, i gcónaí, arb ionann iad agus an méid is airde díobh seo a leanas ar a laghad:

(a) 

EUR 350 000 ;

(b) 

2 % de mheánmhéid an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36;

(c) 

ceathrú d’fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ciallóidh meánmhéid na gcúlsócmhainní meánmhéid na gcúlsócmhainní ag deireadh gach lae féilire, arna ríomh thar na 6 mhí roimhe sin.

I gcás ina dtairgeann eisitheoir níos mó ná comhartha sócmhainn-tagartha amháin, is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír suim mheánmhéid na gcúlsócmhainní atá mar thaca do gach comhartha sócmhainn-tagartha.

Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a athbhreithniú go bliantúil agus a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 67(3).

2.  
Is é a bheidh sna cistí dílse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ítimí agus ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na n-asbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan na díolúintí tairsí dá dtagraítear in Airteagal 46(4) agus Airteagal 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.
3.  

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile a cheangal ar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha méid cistí dílse a shealbhú atá suas le 20 % níos airde ná an méid a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina léirítear le measúnú ar aon cheann díobh seo a leanas leibhéal níos airde riosca:

(a) 

an mheastóireacht ar phróisis bainistithe riosca agus sásraí rialaithe inmheánaigh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha dá dtagraítear in Airteagal 34(1), (8) agus (10);

(b) 

cáilíocht agus luaineacht an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36;

(c) 

na cineálacha ceart a dheonaíonn eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha do shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha i gcomhréir le hAirteagal 39;

(d) 

i gcás ina n-áirítear infheistíochtaí sa chúlchiste sócmhainní, na rioscaí i leith an chúlchiste sócmhainní a bhaineann leis an mbeartas infheistíochta;

(e) 

an luach comhiomlán agus an líon idirbheart a shocraítear sa chomhartha sócmhainn-tagartha;

(f) 

tábhacht na margaí ar a dtairgtear agus ar a margaítear an comhartha sócmhainn-tagartha;

(g) 

i gcás inarb infheidhme, caipitliú margaidh an chomhartha sócmhainn-tagartha.

4.  
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile a cheangal ar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nach bhfuil suntasach aon cheanglas a leagtar amach in Airteagal 45 a chomhlíonadh, i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar an leibhéal níos airde rioscaí arna shainaithint i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, nó ar aon rioscaí eile a bhfuil sé mar aidhm le hAirteagal 45 aghaidh a thabhairt orthu, amhail rioscaí leachtachta.
5.  
Gan dochar do mhír 3, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha tástáil struis, ar bhonn tráthrialta, lena gcuirtear san áireamh cásanna struis airgeadais atá dian ach inchreidte, amhail suaití rátaí úis, agus cásanna struis neamhairgeadais, amhail riosca oibriúcháin. Bunaithe ar thoradh tástála struis den sórt sin, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile de cheangal ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha méid cistí dílse a bheith ina seilbh aige atá idir 20 % agus 40 % níos airde ná an méid a thagann as cur i bhfeidhm mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), in imthosca áirithe, ag féachaint don ionchas riosca agus do thorthaí na tástála struis.
6.  

Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear tuilleadh an méid seo a leanas:

(a) 

an nós imeachta agus an tréimhse ama atá ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha chun dul in oiriúint do cheanglais maidir le cistí dílse níos airde mar a leagtar amach i mír 3;

(b) 

na critéir chun méid níos airde cistí dílse a éileamh mar a leagtar amach i mír 3;

(c) 

na híoscheanglais maidir le cláir tástála struis a dhearadh, agus méid, castacht agus cineál an chomhartha sócmhainn-tagartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:

(i) 

na cineálacha tástála struis agus a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhfheidhmeanna;

(ii) 

minicíocht na gcleachtaí éagsúla tástála struis;

(iii) 

na socruithe rialachais inmheánaigh;

(iv) 

an bonneagar sonraí iomchuí;

(v) 

modheolaíocht agus inchreidteacht na dtoimhdí;

(vi) 

cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta maidir leis na híoscheanglais ar fad, bídís cainníochtúil nó cáilíochtúil; agus

(vii) 

tréimhsiúlacht íosta na dtástálacha struis agus paraiméadair thagartha chomhchoiteanna na gcásanna tástála struis.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 3

Cúlchiste sócmhainní

Airteagal 36

An oibleagáid cúlchiste sócmhainní a bheith acu, agus comhdhéanamh agus bainistíocht cúlchiste sócmhainní den sórt sin

1.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha cúlchiste sócmhainní a bhunú agus a choimeád ar bun iad i gcónaí.

Déanfar an cúlchiste sócmhainní a chomhdhéanamh agus a bhainistiú ar bhealach ina ndéantar an méid seo a leanas:

(a) 

cumhdaítear na rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní atá faoi thagairt ag na comharthaí sócmhainn-tagartha; agus

(b) 

tugtar aghaidh ar na rioscaí leachtachta a bhaineann le buanchearta fuascailte na sealbhóirí.

2.  
Déanfar an cúlchiste sócmhainní a leithscaradh go dlíthiúil ó eastát na n-eisitheoirí, agus ón gcúlchiste sócmhainní comharthaí sócmhainn-tagartha eile, chun leasanna sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, ionas nach rachaidh creidiúnaithe na n-eisitheoirí ar iontaoibh an chúlchiste sócmhainní, go háirithe i gcás dócmhainneachta.
3.  
Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha go ndéantar an cúlchiste sócmhainní a leithscaradh go hoibríochtúil óna n-eastát, agus ón gcúlchiste sócmhainní comharthaí eile.
4.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear a thuilleadh na ceanglais leachtachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, castacht agus cineál an chúlchiste sócmhainní agus an chomhartha sócmhainn-tagartha é féin.

Bunófar leis na caighdeáin theicniúla rialála an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

an céatadán ábhartha den chúlchiste sócmhainní de réir aibíochtaí laethúla, lena n-áirítear an céatadán de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais is féidir a fhoirceannadh trí réamhfhógra aon lae oibre amháin a thabhairt, nó an céatadán d’airgead tirim is féidir a aistarraingt trí réamhfhógra aon lae oibre amháin a thabhairt;

(b) 

an céatadán ábhartha den chúlchiste sócmhainní de réir aibíochtaí seachtainiúla, lena n-áirítear an céatadán de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais is féidir a fhoirceannadh trí réamhfhógra 5 lá oibre a thabhairt, nó an céatadán d’airgead tirim is féidir a aistarraingt trí réamhfhógra 5 lá oibre a thabhairt;

(c) 

aibíochtaí ábhartha eile, agus teicnící foriomlána le haghaidh bainistiú leachtachta;

(d) 

na híosmhéideanna i ngach airgeadra oifigiúil dá dtagraítear a shealbhú mar thaiscí in institiúidí creidmheasa, nach féidir a bheith níos lú ná 30 % den mhéid dá dtagraítear i ngach airgeadra oifigiúil.

Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den dara fomhír, cuirfidh ÚBE san áireamh, i measc nithe eile, na tairseacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 52 de Threoir 2009/65/CE.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.  
Déanfaidh eisitheoirí a thairgeann dhá chomhartha sócmhainn-tagartha nó níos mó don phobal linnte leithscartha de chúlchistí sócmhainní a oibriú agus a choimeád ar bun le haghaidh gach comhartha sócmhainn-tagartha. Déanfar gach ceann de na linnte sin de na cúlchistí sócmhainní a bhainistiú ar leithligh.

I gcás ina dtairgeann eisitheoirí éagsúla comharthaí sócmhainn-tagartha an comhartha sócmhainn-tagartha céanna don phobal, ní dhéanfaidh na heisitheoirí sin ach cúlchiste sócmhainní amháin a oibriú agus a choimeád ar bun don chomhartha sócmhainn-tagartha sin.

6.  
Áiritheoidh comhlachtaí bainistíochta eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha go ndéantar an cúlchiste sócmhainní a bhainistiú ar bhealach éifeachtach stuama. Áiritheoidh na heisitheoirí go ndéantar eisiúint agus fuascailt comharthaí sócmhainn-tagartha a mheaitseáil i gcónaí le méadú nó laghdú comhfhreagrach ar an gcúlchiste sócmhainní.
7.  
Déanfaidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha luach comhiomlán an chúlchiste sócmhainní a chinneadh trí phraghsanna an mhargaidh a úsáid. Beidh a luach comhiomlán cothrom ar a laghad le luach comhiomlán na n-éileamh i gcoinne an eisitheora ó shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha i gcúrsaíocht.
8.  

Beidh beartas soiléir mionsonraithe ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha ina dtugtar tuairisc ar shásra cobhsaíochta comharthaí den sórt sin. Sa bheartas sin, déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

na sócmhainní atá faoi thagairt ag na comharthaí sócmhainn-tagartha agus comhdhéanamh na sócmhainní sin a liostú;

(b) 

tuairisc a thabhairt ar an gcineál sócmhainní agus ar leithdháileadh beacht na sócmhainní a áirítear sa chúlchiste sócmhainní;

(c) 

measúnú mionsonraithe ar na rioscaí a áireamh ann, lena n-áirítear riosca creidmheasa, riosca margaidh, riosca comhchruinnithe agus riosca leachtachta mar thoradh ar an gcúlchiste sócmhainní;

(d) 

tuairisc a thabhairt ar an nós imeachta trína ndéantar na comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint agus a fhuascailt, agus ar an nós imeachta trína mbeidh méadú agus laghdú comhfhreagrach ar an gcúlchiste sócmhainní mar thoradh ar an eisiúint agus ar an bhfuascailt sin;

(e) 

a lua an bhfuil cuid den chúlchiste sócmhainní infheistithe mar a fhoráiltear in Airteagal 38;

(f) 

i gcás ina n-infheistíonn eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha cuid den chúlchiste sócmhainní dá bhforáiltear in Airteagal 38, tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar an mbeartas infheistíochta agus measúnú a áireamh ar an gcaoi ar féidir leis an mbeartas infheistíochta sin difear a dhéanamh do luach an chúlchiste sócmhainní;

(g) 

tuairisc a thabhairt ar an nós imeachta chun comharthaí sócmhainn-tagartha a cheannach agus chun comharthaí den sórt sin a fhuascailt i gcoinne an chúlchiste sócmhainní, agus na daoine nó na catagóirí daoine atá i dteideal déanamh amhlaidh a liostú.

9.  
Gan dochar d’Airteagal 34(12), tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha sainordú d’iniúchadh neamhspleách ar an gcúlchiste sócmhainní gach 6 mhí, lena ndéantar measúnú ar chomhlíonadh rialacha na Caibidle seo, amhail ó dháta a n-údaraithe de bhun Airteagal 21 nó ó dháta formheasa an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17.
10.  

Tabharfaidh an t-eisitheoir fógra faoi thorthaí an iniúchta dá dtagraítear i mír 9 don údarás inniúil gan mhoill, agus ar a dhéanaí laistigh de 6 seachtaine ó dháta tagartha na luachála. Foilseoidh an t-eisitheoir toradh an iniúchta laistigh de 2 sheachtain ón dáta ar tugadh fógra don údarás inniúil. Féadfaidh an t-údarás inniúil treoir a thabhairt d’eisitheoir moill a chur ar fhoilsiú thorthaí an iniúchta sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ceanglaíodh ar an eisitheoir socrú téarnaimh nó bearta téarnaimh a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 46(3);

(b) 

ceanglaíodh ar an eisitheoir plean fuascailte a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 47;

(c) 

meastar gur gá leasanna eacnamaíocha shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha a chosaint;

(d) 

meastar gur gá éifeacht dhíobhálach shuntasach ar chóras airgeadais an Bhallstáit baile nó ar chóras airgeadais Ballstáit eile a sheachaint.

11.  
Déanfar an luacháil ag praghsanna an mhargaidh dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo trí mharcáil de réir an mhargaidh a úsáid, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), aon uair is féidir.

Agus luacháil marcála ón margadh á húsáid, déanfar an chúlsócmhainn a luacháil ag an taobh is stuama den tairgeadh agus den tairiscint ach amháin más féidir an chúlsócmhainn a dhúnadh amach sa mheánmhargadh. Ní úsáidfear ach sonraí margaidh de cháilíocht mhaith, agus déanfar measúnú ar shonraí den sórt sin bunaithe ar na tosca uile seo a leanas:

(a) 

líon agus cáilíocht na gcontrapháirtithe;

(b) 

méid agus láimhdeachas na cúlsócmhainne sa mhargadh;

(c) 

méid an chúlchiste sócmhainní.

12.  
I gcás nach féidir marcáil de réir an mhargaidh dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo a úsáid nó nach bhfuil na sonraí margaidh ar cháilíocht sách maith, déanfar an chúlsócmhainn a luacháil go coimeádach trí mharcáil de réir samhla a úsáid, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) 2017/1131.

Leis an tsamhail, déanfar luach intreach na cúlsócmhainne a mheas go cruinn, bunaithe ar gach ceann de na príomhthosca cothrom le dáta seo a leanas:

(a) 

méid agus láimhdeachas na cúlsócmhainne sin sa mhargadh;

(b) 

méid an chúlchiste sócmhainní;

(c) 

an riosca margaidh, an riosca ráta úis agus an riosca creidmheasa a bhaineann leis an gcúlsócmhainn.

Agus marcáil de réir samhla á húsáid, ní úsáidfear modh an chostais amúchta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2017/1131.

Airteagal 37

Cumhdach na gcúlsócmhainní

1.  

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais chumhdaigh, nósanna imeachta cumhdaigh agus socruithe conarthacha cumhdaigh a bhunú, a choimeád ar bun, agus a chur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a áirithiú i gcónaí:

(a) 

ní ualaítear na cúlsócmhainní ná ní ghealltar na cúlsócmhainní mar shocrú comhthaobhachta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );

(b) 

coimeádtar na cúlsócmhainní faoi chumhdach i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(c) 

tá rochtain phras ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha ar na cúlsócmhainní chun aon iarrataí ar fhuascailt ó shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha a chomhlíonadh;

(d) 

seachnaítear comhchruinnithe i gcoimeádaithe cúlsócmhainní;

(e) 

seachnaítear riosca maidir le comhchruinniú cúlsócmhainní.

2.  
Beidh beartas cumhdaigh i bhfeidhm ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a eisíonn dhá chomhartha sócmhainn-tagartha nó níos mó san Aontas le haghaidh gach linne sócmhainní. Déanfaidh eisitheoirí éagsúla comharthaí sócmhainn-tagartha a d’eisigh an comhartha sócmhainn-tagartha céanna beartas cumhdaigh aonair a oibriú agus a choimeád ar bun.
3.  

Coimeádfaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas na cúlsócmhainní faoi chumhdach tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dháta eisiúna an chomhartha sócmhainn-tagartha:

(a) 

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant, i gcás ina bhfuil na cúlsócmhainní i bhfoirm cripteashócmhainní;

(b) 

institiúid creidmheasa, le haghaidh gach cineáil cúlsócmhainní;

(c) 

gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn an tseirbhís choimhdeach maidir le slánchoimeád agus riar ionstraimí airgeadais do chuntais cliant dá dtagraítear i Roinn B, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina bhfuil na cúlsócmhainní i bhfoirm ionstraimí airgeadais.

4.  
Feidhmeoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha gach scil chuí, cúram cuí agus dícheall cuí agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 3 á roghnú, á gceapadh agus á n-athbhreithniú. Duine dlítheanach nach ionann agus an t-eisitheoir a bheidh sa choimeádaí.

Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha go bhfuil an saineolas agus an clú margaidh is gá ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, ag na hinstitiúidí creidmheasa agus ag na gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 3 chun gníomhú mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin, agus cleachtais chuntasaíochta, nósanna imeachta maidir le slánchoimeád agus sásraí rialaithe inmheánaigh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta sin á gcur san áireamh. Áiritheofar le socruithe conarthacha a dhéantar idir eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus na coimeádaithe go ndéantar na cúlsócmhainní arna gcoimeád faoi chumhdach a chosaint i gcoinne éilimh ó chreidiúnaithe na gcoimeádaithe.

5.  
Leagfar amach sna beartais chumhdaigh agus sna nósanna imeachta cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 na critéir roghnúcháin maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta a cheapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní agus an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheapachán den sórt sin.

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha athbhreithniú ar cheapadh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní ar bhonn tráthrialta. Chun críocha an athbhreithnithe sin, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a neamhchosaintí ar choimeádaithe den sórt sin a mheas, agus raon feidhme iomlán a gcaidrimh leo á chur san áireamh, agus déanfaidh siad faireachán ar staideanna airgeadais na gcoimeádaithe sin ar bhonn leanúnach.

6.  

Áiritheoidh coimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 4 go gcoimeádfar na cúlsócmhainní sin faoi chumhdach ar an mbealach seo a leanas:

(a) 

coimeádfaidh institiúidí creidmheasa cistí faoi chumhdach i gcuntas a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa;

(b) 

maidir le hionstraimí airgeadais is féidir a choimeád faoi chumhdach, déanfaidh institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta gach ionstraim airgeadais is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa nó na ngnólachtaí infheistíochta agus gach ionstraim airgeadais is féidir a sheachadadh go fisiciúil chuig institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta den sórt sin a choimeád faoi chumhdach;

(c) 

maidir le cripteashócmhainní is féidir a choimeád faoi chumhdach, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na cripteashócmhainní a áirítear sna cúlsócmhainní nó na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní den sórt sin a choimeád faoi chumhdach, i gcás inarb infheidhme, i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha;

(d) 

maidir le sócmhainní eile, fíoróidh na hinstitiúidí creidmheasa úinéireacht eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus coimeádfaidh siad taifead ar na cúlsócmhainní sin ar deimhin leo ina leith gur le heisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha na cúlsócmhainní sin.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, áiritheoidh institiúidí creidmheasa go gcláraítear cistí i leabhair na n-institiúidí creidmheasa ar chuntas leithscartha i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE ón gCoimisiún ( 14 ). Osclófar an cuntas sin in ainm eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na cistí atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, áiritheoidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, maidir le gach ionstraim airgeadais is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na n-institiúidí creidmheasa agus i leabhair na ngnólachtaí infheistíochta, go gcláraítear í i leabhair na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta ar chuntais leithscartha i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE. Osclófar an cuntas ionstraimí airgeadais in ainm eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na hionstraimí airgeadais atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, osclóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní clár suíomhanna in ainm eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun cúlsócmhainní gach comhartha sócmhainn-tagartha a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na cripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach le gach cúlchiste sócmhainní.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, beidh an measúnú i dtaobh an bhfuil na cúlsócmhainní ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha bunaithe ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid arna soláthar ag eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, ar fhianaise sheachtrach.

7.  
Maidir le ceapadh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, tabharfar fianaise ina leith sin trí bhíthin socrú conarthach dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an dara fomhír. Leis na socruithe conarthacha sin, rialófar, i measc nithe eile, an sreabhadh faisnéise is gá chun go mbeidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta in ann a bhfeidhmeanna mar choimeádaithe a chomhlíonadh.
8.  
Na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe i gcomhréir le mír 4, gníomhóidh siad go hionraic, go cothrom, go gairmiúil, go neamhspleách agus ar mhaithe le leas eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus shealbhóirí na gcomharthaí sin.
9.  

Na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe i gcomhréir le mír 4, ní dhéanfaidh siad gníomhaíochtaí maidir le heisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha a d’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a chruthú idir na heisitheoirí sin, sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus iad féin ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa nó na gnólachtaí infheistíochta tar éis feidhmiú a gcúraimí cumhdaigh a scaradh go feidhmiúil agus go hordúil óna gcúraimí a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag baint leo;

(b) 

rinne eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint mar is cuí, rinne siad faireachán cuí orthu, rinne siad iad a bhainistiú agus a nochtadh mar is cuí do shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, i gcomhréir le hAirteagal 32.

10.  
I gcás ina gcailltear ionstraim airgeadais nó cripteashócmhainn atá á coimeád faoi chumhdach de bhun mhír 6, déanfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, an institiúid creidmheasa nó an gnólacht infheistíochta a chaill an ionstraim airgeadais sin nó an chripteashócmhainn sin ionstraim airgeadais nó cripteashócmhainn de chineál comhionann nó an luach comhfhreagrach a chúiteamh nó a aiseag le heisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha gan moill mhíchuí. Ní bheidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, an institiúid creidmheasa ná an gnólacht infheistíochta lena mbaineann faoi dhliteanas maidir le cúiteamh nó aiseag i gcás inar féidir leis nó léi a chruthú gur tharla an caillteanas mar thoradh ar theagmhas seachtrach nach raibh neart réasúnach aige nó aici air, ar teagmhas é nárbh fhéidir a iarmhairtí a sheachaint in ainneoin gach iarrachta réasúnaí a rinneadh ina leith.

Airteagal 38

Infheistíocht an chúlchiste sócmhainní

1.  
Na heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a infheistíonn cuid den chúlchiste sócmhainní, ní dhéanfaidh siad na sócmhainní sin a infheistiú ach in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe. Beifear in ann na hinfheistíochtaí a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach íosta a imirt ar phraghsanna.
2.  
Measfar aonaid i ngnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a bheith ina sócmhainní lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe chun críocha mhír 1, i gcás nach n-infheistíonn an GCUI sin ach i sócmhainní mar atá sonraithe tuilleadh ag ÚBE i gcomhréir le mír 5 agus i gcás ina n-áirithíonn eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha go ndéantar an cúlchiste sócmhainní a infheistiú ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an riosca comhchruinnithe.
3.  
Déanfar na hionstraimí airgeadais ina n-infheistítear an cúlchiste sócmhainní a choimeád faoi chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 37.
4.  
Is é eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha a iompróidh an brabús nó an caillteanas uile, lena n-áirítear luaineacht i luach na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, agus aon riosca contrapháirtí nó oibriúcháin a thagann chun cinn mar thoradh ar infheistíocht an chúlchiste sócmhainní.
5.  

Forbróidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach agus lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 1. Agus na hionstraimí airgeadais sin á sonrú aige, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

na cineálacha éagsúla sócmhainní is féidir a bheith faoi thagairt ag comhartha sócmhainn-tagartha;

(b) 

an comhghaol idir na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus na hionstraimí airgeadais fíorleachtacha ina bhféadfadh an t-eisitheoir infheistiú;

(c) 

an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 412 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a shonraítear tuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún ( 15 );

(d) 

srianta ar chomhchruinniú lena gcuirtear cosc ar an eisitheoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

níos mó ná céatadán áirithe de chúlsócmhainní a infheistiú in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe arna n-eisiúint ag eintiteas aonair;

(ii) 

níos mó ná céatadán áirithe de chripteashócmhainní nó sócmhainní a choimeád faoi chumhdach le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó institiúidí creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa céanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), nó gnólachtaí infheistíochta.

Chun críocha phointe (d)(i) den chéad fhomhír, ceapfaidh ÚBE teorainneacha oiriúnacha chun na ceanglais chomhchruinnithe a chinneadh. Cuirfear san áireamh sna teorainneacha sin, i measc tairseacha eile, na tairseacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 52 de Threoir 2009/65/CE.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 39

Ceart fuascailte

1.  
Beidh ceart fuascailte ag sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha i gcónaí i gcoinne eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, agus i leith na gcúlsócmhainní nuair nach bhfuil eisitheoirí in ann a n-oibleagáidí dá dtagraítear i gCaibidil 6 den Teideal seo a chomhlíonadh. Déanfaidh eisitheoirí beartais shoiléire agus mhionsonraithe agus nósanna imeachta soiléire agus mionsonraithe a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme maidir le buancheart fuascailte den sórt sin.
2.  

Arna iarraidh sin do shealbhóir comhartha sócmhainn-tagartha, fuasclóidh eisitheoir comhartha den sórt sin trí mhéid i gcistí a íoc, seachas ríomh-airgead, atá coibhéiseach le margadhluach na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha atá á shealbhú nó trí na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha a sheachadadh. Bunóidh eisitheoirí beartas maidir le buancheart fuascailte den sórt sin lena leagtar amach an méid seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha, lena n-áirítear na tairseacha, na tréimhsí agus na hachair ama, atá ag sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha ceart fuascailte den sórt sin a fheidhmiú;

(b) 

na sásraí agus na nósanna imeachta chun fuascailt na gcomharthaí sócmhainn-tagartha a áirithiú, lena n-áirítear in imthosca struis sa mhargadh, agus i gcomhthéacs chur chun feidhme an phlean téarnaimh a leagtar amach in Airteagal 46 nó, i gcás fuascailt ordúil comharthaí sócmhainn-tagartha, faoi Airteagal 47;

(c) 

luacháil na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na gcúlsócmhainní, nó prionsabail luachála na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na gcúlsócmhainní, nuair is é sealbhóir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha a fheidhmíonn an ceart fuascailte, lena n-áirítear tríd an modheolaíocht luachála a leagtar amach in Airteagal 36(11) a úsáid;

(d) 

na coinníollacha chun an fhuascailt a shocrú; agus

(e) 

bearta a dhéanann na heisitheoirí chun méaduithe nó laghduithe ar an gcúlchiste sócmhainní a bhainistiú go leordhóthanach chun aon drochthionchar ar mhargadh na gcúlsócmhainní a sheachaint.

I gcás ina nglacann eisitheoirí, agus comhartha sócmhainn-tagartha á dhíol acu, le híocaíocht i gcistí seachas ríomh-airgead, atá ainmnithe in airgeadra oifigiúil, cuirfidh siad rogha ar fáil i gcónaí an comhartha a fhuascailt i gcistí seachas ríomh-airgead, atá ainmnithe san airgeadra oifigiúil céanna.

3.  
Gan dochar d’Airteagal 46, ní bheidh fuascailt comharthaí sócmhainn-tagartha faoi réir táille.

Airteagal 40

Toirmeasc ar ús a dheonú

1.  
Ní dhéanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha ús a dheonú i ndáil le comharthaí sócmhainn-tagartha.
2.  
Ní dheonóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ús, agus seirbhísí cripteashócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha á soláthar acu.
3.  
Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, láimhseálfar mar ús aon luach saothair nó aon sochar eile a bhaineann leis an bhfad ama ar lena linn a shealbhaíonn sealbhóir comharthaí sócmhainn-tagartha comharthaí sócmhainn-tagartha den sórt sin. Áirítear leis sin glanchúiteamh nó lascainí, ag a bhfuil éifeacht atá coibhéiseach le héifeacht úis a fhaigheann sealbhóir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, go díreach ón eisitheoir nó ó thríú páirtithe, agus ag a bhfuil baint dhíreach leis na comharthaí sócmhainn-tagartha nó ó luach saothair nó ó phraghsáil táirgí eile.

CAIBIDIL 4

Éadálacha na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha

Airteagal 41

Measúnú ar éadálacha beartaithe na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha

1.  
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon duine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh a bheartaíonn sealúchas cáilitheach in eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin a mhéadú, go díreach nó go hindíreach, ionas go sroichfeadh nó go sáródh sciar na gceart vótála nó an chaipitil atá á shealbhú 20 %, 30 % nó 50 %, nó ionas go mbeadh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha ina fhochuideachta aige (‘an faighteoir beartaithe’), tabharfaidh sé fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an eisitheora faoi, agus méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis a cheanglaítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 42(4) á gcur in iúl.
2.  
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach in eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, déanfaidh sé, sula ndiúscrófar an sealúchas sin, fógra a thabhairt i scríbhinn don údarás inniúil faoina chinneadh agus méid an tsealúchais sin a chur in iúl. Tabharfaidh an duine sin fógra don údarás inniúil freisin i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh sciar na gceart vótála nó an chaipitil atá á shealbhú faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 %, nó ionas go scoirfeadh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha de bheith mar fhochuideachta ag an duine sin.
3.  
Admhóidh an t-údarás inniúil, go pras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ó fhógra a fháil de bhun mhír 1, i scríbhinn go bhfuarthas é.
4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 42(4), laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Agus admháil á tabhairt aige go bhfuarthas an fógra, cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe.
5.  
Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á dhéanamh acu, féadfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú sin a chur i gcrích a iarraidh ar an bhfaighteoir beartaithe. Déanfar iarraidh den sórt sin sula dtabharfar an measúnú chun críche, agus tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre ón dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 3. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá iontu.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an tréimhse mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4 ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faighte aige. Ní rachaidh an tréimhse fionraí thar 20 lá oibre. Ní bheidh aon fhionraí bhreise ar thréimhse an mheasúnaithe mar thoradh ar aon iarrataí ón údarás inniúil ina dhiaidh sin ar fhaisnéis bhreise nó ar shoiléiriú ar fhaisnéis a fuarthas.

Féadfaidh an t-údarás inniúil an fhionraí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fhadú suas le 30 lá oibre más rud é go bhfuil an faighteoir beartaithe suite lasmuigh den Aontas nó go bhfuil sé á rialáil faoi dhlí tríú tír.

6.  
Údarás inniúil, ar an measúnú dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt i gcrích, a chinneann cur in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin don fhaighteoir beartaithe laistigh de 2 lá oibre, agus in aon chás roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4 arna fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 5, an dara agus an tríú fomhír. Tabharfar na cúiseanna leis an gcinneadh sin san fhógra.
7.  
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1 roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4 arna fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 5, an dara agus an tríú fomhír, measfar an éadáil bheartaithe a bheith formheasta.
8.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche, agus féadfaidh sé an uastréimhse sin a fhadú i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 42

Inneachar an mheasúnaithe ar éadálacha beartaithe na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha

1.  

Agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 41(4) á dhéanamh acu, tabharfaidh an t-údarás inniúil breithmheas ar oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus ar fhóntacht airgeadais na héadála beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 41(1) i gcoinne gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a) 

clú an fhaighteora bheartaithe;

(b) 

clú, eolas, scileanna agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha de thoradh na héadála beartaithe;

(c) 

fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe, go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó a bheartaítear agus a shaothraítear i leith eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(d) 

an mbeidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha in ann forálacha an Teidil seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(e) 

an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras, i dtaca leis an éadáil bheartaithe, go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) agus (5), faoi seach, de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh, nó gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena dhéanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

2.  
Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil cur in aghaidh na héadála beartaithe ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann déanamh amhlaidh bunaithe ar na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 41(4) neamhiomlán nó bréagach.
3.  
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha roimh ré maidir le leibhéal an tsealúchais cháilithigh a cheanglaítear a fháil faoin Rialachán seo ná ní cheadóidh siad dá n-údaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.
4.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear inneachar mionsonraithe na faisnéise is gá chun an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 41(4), an chéad fhomhír, a dhéanamh. Beidh an fhaisnéis atá de dhíth ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh, agus beidh sí comhréireach agus oiriúnaithe do chineál an fhaighteora bheartaithe agus don éadáil bheartaithe dá dtagraítear in Airteagal 41(1).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 5

Comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha

Airteagal 43

Comharthaí sócmhainn-tagartha a aicmiú mar chomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha

1.  

Is iad seo a leanas na critéir chun na comharthaí sócmhainn-tagartha a aicmiú mar chomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, mar a shonraítear tuilleadh leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 11:

(a) 

tá líon shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha níos mó ná 10 milliún;

(b) 

tá luach an chomhartha sócmhainn-tagartha a eisíodh, a chaipitliú margaidh nó méid chúlchiste sócmhainní eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha níos mó ná EUR 5 000 000 000 ;

(c) 

tá meánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart sa chomhartha sócmhainn-tagartha sin in aghaidh an lae le linn na tréimhse ábhartha níos airde ná 2,5 milliún idirbheart agus EUR 500 000 000 faoi seach;

(d) 

tá eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha ina sholáthraí croísheirbhísí ardáin atá ainmnithe mar gheatóir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 );

(e) 

tábhacht ghníomhaíochtaí eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha ar scála idirnáisiúnta, lena n-áirítear úsáid an chomhartha sócmhainn-tagartha le haghaidh íocaíochtaí agus seoltán;

(f) 

idirnascacht an chomhartha sócmhainn-tagartha nó a eisitheoirí leis an gcóras airgeadais;

(g) 

eisíonn an t-aon eisitheoir amháin comhartha sócmhainn-tagartha breise amháin ar a laghad nó comhartha ríomh-airgid breise amháin ar a laghad, agus soláthraíonn sé seirbhís cripteashócmhainní amháin ar a laghad.

2.  

Déanfaidh ÚBE comharthaí sócmhainn-tagartha a aicmiú mar chomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha i gcás ina gcomhlíontar ar a laghad trí cinn de na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo:

(a) 

le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcéad tuarascáil ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, tar éis údarú a fháil de bhun Airteagal 21 nó tar éis an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas de bhun Airteagal 17; nó

(b) 

le linn na tréimhse a chumhdaítear le dhá thuarascáil ar fhaisnéis as a chéile ar a laghad dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

3.  
I gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí an comhartha sócmhainn-tagartha céanna, déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach i mír 1 tar éis na sonraí óna heisitheoirí sin a chomhiomlánú.
4.  
Tuairisceoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an eisitheora do ÚBE agus do BCE faisnéis atá ábhartha don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear, más infheidhme, an fhaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 22, dhá uair sa bhliain ar a laghad.

I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige, nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha, tarchuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig banc ceannais an Bhallstáit sin freisin.

5.  
I gcás ina dtagann ÚBE ar an tátal go gcomhlíonann comhartha sócmhainn-tagartha na critéir a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir le mír 2, ullmhóidh ÚBE dréachtchinneadh chun an comhartha sócmhainn-tagartha a aicmiú mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d’eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin, d’údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh 20 lá oibre ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha den sórt sin, ag a n-údaráis inniúla, ag BCE agus, i gcás inarb infheidhme, ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann ón dáta ar tugadh fógra faoi dhréachtchinneadh ÚBE barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

6.  
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh an aicmeoidh sé comhartha sócmhainn-tagartha mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach laistigh de 60 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 5 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin agus dá údarás inniúil.
7.  
I gcás inar aicmíodh comhartha sócmhainn-tagartha mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach de bhun cinneadh ó ÚBE arna ghlacadh i gcomhréir le mír 6, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh sin ó údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora chuig ÚBE laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin.

Oibreoidh ÚBE agus an t-údarás inniúil i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.

8.  
Déanfaidh ÚBE athmheasúnú bliantúil ar aicmiú na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear ó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 nó ón bhfaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 22.

I gcás ina dtagann ÚBE ar an tátal nach gcomhlíonann comharthaí sócmhainn-tagartha áirithe na critéir a leagtar amach i mír 1 a thuilleadh i gcomhréir le mír 2, ullmhóidh ÚBE dréachtchinneadh gan na comharthaí sócmhainn-tagartha a aicmiú a thuilleadh mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach agus cuirfidh sé an dréachtchinneadh sin in iúl d’eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha sin agus d’údarás inniúil a mBallstáit baile, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh 20 lá oibre ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha den sórt sin, ag a n-údaráis inniúla, ag BCE agus ag an mbanc ceannais dá dtagraítear i mír 4 ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

9.  
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh nach n-aicmeoidh sé comhartha sócmhainn-tagartha mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach a thuilleadh laistigh de 60 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 8 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha sin agus dá údarás inniúil.
10.  
I gcás nach n-aicmítear comhartha sócmhainn-tagartha mar chomhartha suntasach a thuilleadh de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 9, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin ó ÚBE chuig údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin.

Oibreoidh ÚBE agus an t-údarás inniúil lena mbaineann i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.

11.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 139 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach i mír 1 chun comhartha sócmhainn-tagartha a bheith aicmithe mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach agus cinnfidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

na himthosca faoina meastar go bhfuil gníomhaíochtaí eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach ar scála idirnáisiúnta lasmuigh den Aontas;

(b) 

na himthosca faoina measfar na comharthaí sócmhainn-tagartha agus a n-eisitheoirí a bheith idirnasctha leis an gcóras airgeadais;

(c) 

inneachar agus formáid na faisnéise a sholáthraíonn na húdaráis inniúla do ÚBE agus do BCE faoi mhír 4 den Airteagal seo agus Airteagal 56(3).

Airteagal 44

Aicmiú roghnach comharthaí sócmhainn-tagartha mar chomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha

1.  
Féadfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha is iarratasóirí a chur in iúl ina n-iarratas ar údarú de bhun Airteagal 18, nó ina bhfógra de bhun Airteagal 17, gur mian leo go n-aicmeofaí a gcomharthaí sócmhainn-tagartha mar chomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha. Sa chás sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach faoi iarraidh den sórt sin ón eisitheoir is iarratasóir do ÚBE, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 43(4), do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Ionas gur féidir comhartha sócmhainn-tagartha a aicmiú mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach faoin Airteagal seo, léireoidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha is iarratasóir, trí chlár mionsonraithe oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b)(i), agus Airteagal 18(2), pointe (d), gur dócha go gcomhlíonfaidh sé trí cinn ar a laghad de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1).

2.  
Ullmhóidh ÚBE, laistigh de 20 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, dréachtchinneadh ina mbeidh a thuairim, bunaithe ar chlár na n-oibríochtaí, i dtaobh an gcomhlíonann an comhartha sócmhainn-tagartha trí cinn ar a laghad de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1) nó an dócha go gcomhlíonfaidh sé iad agus cuirfidh sé an dréachtchinneadh sin in iúl d’údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora is iarratasóir, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 43(4), an dara fomhír, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh 20 lá oibre ag údaráis inniúla eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha den sórt sin, ag BCE agus, i gcás inarb infheidhme, ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann, ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin chun barúlacha agus tráchtanna a thabhairt i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

3.  
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh an aicmeoidh sé comhartha sócmhainn-tagartha mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir is iarratasóir comhartha sócmhainn-tagartha den sórt sin agus dá údarás inniúil.
4.  
I gcás inar aicmíodh comharthaí sócmhainn-tagartha mar chomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha sin ón údarás inniúil chuig ÚBE ar dháta chinneadh an údaráis inniúil an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a dheonú nó ar dháta formheasta an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17.

Airteagal 45

Oibleagáidí breise sonracha ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha

1.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun, ar beartas é lena ndéantar an bainistiú riosca fónta agus éifeachtach eisitheoirí den sórt sin a chur chun cinn agus nach gcruthaítear dreasachtaí leis chun caighdeáin riosca a mhaolú.
2.  
Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha gur féidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní éagsúla a údaraítear chun cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach mbaineann leis an ngrúpa céanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE, na comharthaí sin a choimeád faoi chumhdach ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach.
3.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha measúnú agus faireachán ar na riachtanais leachtacha chun freastal ar iarrataí ó shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha chun na comharthaí sócmhainn-tagartha sin a fhuascailt. Chun na críche sin, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha beartas bainistithe leachtachta agus nósanna imeachta bainistithe leachtachta a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme. Áiritheofar leis an mbeartas sin agus leis na nósanna imeachta sin go bhfuil próifíl leachtachta athléimneach ag na cúlsócmhainní lena gcuirtear ar chumas eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha leanúint de bheith ag feidhmiú mar is gnách, lena n-áirítear i gcásanna struis leachtachta.
4.  
►C1  Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha tástáil struis leachtachta ar bhonn tráthrialta. Ag brath ar thoradh tástálacha den sórt sin, féadfaidh ÚBE a chinneadh na ceanglais leachtachta dá dtagraítear i mír 7, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo agus in Airteagal 36(4) a neartú. ◄

I gcás ina dtairgeann eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha dhá chomhartha sócmhainn-tagartha nó níos mó nó ina soláthraíonn siad seirbhísí cripteashócmhainní, cumhdófar leis na tástálacha struis sin na gníomhaíochtaí sin go léir ar bhealach cuimsitheach agus iomlánaíoch.

5.  
Socrófar an céatadán dá dtagraítear in Airteagal 35(1), an chéad fhomhír, pointe (b), ag 3 % de mheánmhéid na gcúlsócmhainní d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha.
6.  
I gcás ina dtairgeann roinnt eisitheoirí an t-aon chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach amháin, beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir le gach eisitheoir.

I gcás ina dtairgeann eisitheoir dhá chomhartha sócmhainn-tagartha nó níos mó san Aontas agus ina n-aicmítear ceann amháin ar a laghad de na comharthaí sócmhainn-tagartha sin mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach, beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir leis an eisitheoir sin.

7.  

Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an méid seo a leanas:

(a) 

an t-íosmhéid inneachair atá le bheith sna socruithe rialachais maidir leis an mbeartas luacha saothair dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

íosmhéid inneachair an bheartais bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta mar a leagtar amach i mír 3, agus ceanglais leachtachta, lena n-áirítear trí íosmhéid na dtaiscí i ngach airgeadra oifigiúil dá dtagraítear a shonrú, íosmhéid nach féidir a bheith níos ísle ná 60 % den mhéid dá dtagraítear i ngach airgeadra oifigiúil;

(c) 

an nós imeachta agus an tréimhse ama atá ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh chun méid a chistí dílse a a choigeartú mar a cheanglaítear le mír 5.

I gcás institiúidí creidmheasa, déanfaidh ÚBE na caighdeáin theicniúla a chalabrú agus aon idirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na ceanglais rialála a bhunaítear leis an Rialachán seo agus na ceanglais rialála arna mbunú le gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais á gcur san áireamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin.30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

8.  
Eiseoidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 d’fhonn paraiméadair thagartha chomhchoiteanna na gcásanna tástála struis a bhunú lena n-áireamh sna tástálacha struis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Tabharfar na treoirlínte sin cothrom le dáta go tréimhsiúil agus na forbairtí is déanaí sa mhargadh á gcur san áireamh.

CAIBIDIL 6

Pleananna téarnaimh agus fuascailte

Airteagal 46

Plean téarnaimh

1.  
Déanfaidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choimeád ar bun ina ndéantar foráil maidir le bearta atá le déanamh ag an eisitheoir chun comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an gcúlchiste sócmhainní a athbhunú i gcásanna nach gcomhlíonann an t-eisitheoir na ceanglais sin.

Áireofar sa phlean téarnaimh freisin caomhnú sheirbhísí an eisitheora a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha, aisghabháil thráthúil oibríochtaí agus comhlíonadh oibleagáidí an eisitheora i gcás teagmhais lena ngabhann riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí.

Áireofar sa phlean téarnaimh coinníollacha agus nósanna imeachta iomchuí chun cur chun feidhme tráthúil na ngníomhaíochtaí téarnaimh a áirithiú chomh maith le raon leathan roghanna téarnaimh, lena n-áirítear:

(a) 

táillí leachtachta ar fhuascailtí;

(b) 

teorainneacha ar mhéid an chomhartha sócmhainn-tagartha is féidir a fhuascailt ar aon lá oibre;

(c) 

fionraí fuascailtí.

2.  
Tabharfaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha fógra faoin bplean téarnaimh don údarás inniúil laistigh de 6 mhí ó dháta an údaraithe de bhun Airteagal 21 nó laistigh de 6 mhí ó dháta formheasta an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17. Éileoidh an t-údarás inniúil leasuithe ar an bplean téarnaimh i gcás inar gá chun a chur chun feidhme cuí a áirithiú agus déanfaidh sé fógra faoina chinneadh lena n-iarrtar na leasuithe sin a thabhairt don eisitheoir laistigh de 40 lá oibre ó dháta fógartha an phlean sin. Cuirfidh an t-eisitheoir an cinneadh sin chun feidhme laistigh de 40 lá oibre ó dháta fógartha an chinnidh sin. Déanfaidh an t-eisitheoir an plean téarnaimh a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an t-eisitheoir fógra faoin bplean téarnaimh dá údaráis réitigh agus dá údaráis maoirseachta stuamachta i gcomhthráth leis an údarás inniúil.

3.  
I gcás ina mainníonn an t-eisitheoir na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcúlchiste sócmhainní dá dtagraítear i gCaibidil 3 den Teideal seo a chomhlíonadh nó, mar gheall ar staid airgeadais atá ag dul in olcas go tapa, gur dócha nach gcomhlíonfaidh sé na ceanglais sin go luath, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme, a cheangal ar an eisitheoir ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme nó plean téarnaimh den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás nach ionann na himthosca agus na toimhdí a leagtar amach sa phlean téarnaimh tosaigh agus ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean nuashonraithe a chur chun feidhme laistigh de thréimhse shonrach.
4.  
Sna himthosca dá dtagraítear i mír 3, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil fuascailt comharthaí sócmhainn-tagartha a chur ar fionraí go sealadach, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an bhfionraí ag féachaint do leasanna shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus don chobhsaíocht airgeadais.
5.  
I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d’údaráis réitigh agus údaráis maoirseachta stuamachta an eisitheora maidir le haon bheart a dhéantar de bhun mhíreanna 3 agus 4.
6.  
Tar éis dul i gcomhairle le ESMA, eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun formáid an phlean téarnaimh agus an fhaisnéis atá le soláthar sa phlean téarnaimh a shonrú.

Airteagal 47

Plean fuascailte

1.  
Déanfaidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha plean oibríochtúil a tharraingt suas agus a choimeád ar bun chun tacú le fuascailt ordúil gach comhartha sócmhainn-tagartha, atá le cur chun feidhme ar chinneadh ón údarás inniúil nach bhfuil an t-eisitheoir in ann nó gur dócha nach mbeidh sé in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó, i gcás inarb infheidhme, réitigh nó i gcás údarú an eisitheora a tharraingt siar, gan dochar do thús a chur le beart coiscthe géarchéime nó beart bainistithe géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointí (101) agus (102), faoi seach, de Threoir 2014/59/AE nó gníomhaíocht réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ).
2.  
Leis an bplean fuascailte, léireofar cumas eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha fuascailt a dhéanamh ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha gan íoc a eisíodh gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí a dhéanamh dá shealbhóirí ná do chobhsaíocht mhargaí na gcúlsócmhainní.

Áireofar sa phlean fuascailte socruithe conarthacha, nósanna imeachta agus córais, lena n-áirítear riarthóir sealadach a ainmniú i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, chun a áirithiú go gcaitear go cothrom le gach sealbhóir comharthaí sócmhainn-tagartha agus chun a áirithiú go n-íoctar sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha ar bhealach tráthúil ó na fáltais ó dhíol na gcúlsócmhainní atá fágtha.

Áiritheofar leis an bplean fuascailte leanúnachas aon ghníomhaíochtaí criticiúla atá riachtanach don fhuascailt ordúil agus a dhéanann eisitheoirí nó aon eintiteas tríú páirtí.

3.  
Tabharfaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha fógra faoin bplean fuascailte don údarás inniúil laistigh de 6 mhí ó dháta an údaraithe de bhun Airteagal 21 nó laistigh de 6 mhí ó dháta formheasta an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17. Éileoidh an t-údarás inniúil leasuithe ar an bplean fuascailte i gcás inar gá chun a chur chun feidhme cuí a áirithiú agus déanfaidh sé fógra faoina chinneadh lena n-iarrtar na leasuithe sin a thabhairt don eisitheoir laistigh de 40 lá oibre ó dháta fógartha an phlean sin. Cuirfidh an t-eisitheoir an cinneadh sin chun feidhme laistigh de 40 lá oibre ó dháta fógartha an chinnidh sin. Déanfaidh an t-eisitheoir an plean fuascailte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
4.  
I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin bplean fuascailte d’údarás réitigh agus d’údarás maoirseachta stuamachta an eisitheora.

Féadfaidh an t-údarás réitigh an plean fuascailte a scrúdú d’fhonn aon ghníomhaíochtaí sa phlean fuascailte a shainaithint a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar inréiteacht an eisitheora, agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina leith sin.

5.  

Eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

inneachar an phlean fuascailte agus tréimhsiúlacht an athbhreithnithe, agus méid, castacht agus cineál an chomhartha sócmhainn-tagartha agus samhail ghnó a eisitheora á gcur san áireamh; agus

(b) 

na truicir chun an plean fuascailte a chur chun feidhme.

TEIDEAL IV

COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID

CAIBIDIL 1

Ceanglais atá le comhlíonadh ag gach eisitheoir comharthaí ríomh-airgid

Airteagal 48

Ceanglais maidir leis an tairiscint don phobal ar chomharthaí ríomh-airgid nó maidir lena ligean isteach chun a dtrádála

1.  

Ní dhéanfaidh duine tairiscint don phobal ar chomhartha ríomh-airgid ná ní iarrfaidh sé go ligfí isteach chun a thrádála é, laistigh den Aontas, ach amháin más rud é gurb é eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin an duine sin agus gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

tá sé údaraithe mar institiúid creidmheasa nó mar institiúid ríomh-airgid; agus

(b) 

tá fógra tugtha aige don údarás inniúil faoi pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus tá an páipéar bán sin maidir le cripteashócmhainní foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 51.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, ar thoiliú i scríbhinn ón eisitheoir, féadfaidh daoine eile an comhartha ríomh-airgid a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála. Comhlíonfaidh na daoine sin Airteagail 50 agus 53.

2.  
Measfar gur ríomh-airgead é comharthaí ríomh-airgid.

Aon chomhartha ríomh-airgid atá faoi thagairt ag airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit, measfar é a bheith á thairiscint don phobal san Aontas.

3.  
Beidh feidhm ag Teidil II agus III de Threoir 2009/110/CE maidir le comharthaí ríomh-airgid mura sonraítear a mhalairt sa Teideal seo.
4.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid atá díolmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir 2009/110/CE.
5.  
Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo, cé is moite de mhír 7 den Airteagal seo agus cé is moite d’Airteagal 51, maidir le comharthaí ríomh-airgid atá díolmhaithe de bhun Airteagal 1(4) agus (5) de Threoir 2009/110/CE.
6.  
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid, 40 lá oibre ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe acu na comharthaí ríomh-airgid sin a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála, fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil faoin rún sin.
7.  
I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 4 nó 5, déanfaidh eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a tharraingt suas agus tabharfaidh siad fógra don údarás inniúil faoin bpáipéar bán sin maidir le cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 51.

Airteagal 49

Eisiúint agus infhuascailteacht comharthaí ríomh-airgid

1.  
De mhaolú ar Airteagal 11 de Threoir 2009/110/CE, maidir le heisiúint agus infhuascailteacht comharthaí ríomh-airgid, ní bheidh feidhm ach ag na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid.
2.  
Beidh éileamh ag sealbhóirí comharthaí ríomh-airgid in aghaidh eisitheoirí na gcomharthaí ríomh-airgid sin.
3.  
Eiseoidh eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid comharthaí ríomh-airgid ar parluach agus ar chistí a fháil.
4.  
Arna iarraidh sin do shealbhóir comharthaí ríomh-airgid, déanfaidh eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin é a fhuascailt, tráth ar bith agus ar parluach, trí luach airgid an chomhartha ríomh-airgid atá á shealbhú a íoc i gcistí, seachas airgead leictreonach, le sealbhóir an chomhartha ríomh-airgid.
5.  
Luafaidh eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid go feiceálach na coinníollacha maidir le fuascailt sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 51(1), an chéad fhomhír, pointe (d).
6.  
Gan dochar d’Airteagal 46, ní bheidh fuascailt comharthaí ríomh-airgid faoi réir táille.

Airteagal 50

Toirmeasc ar ús a dheonú

1.  
D’ainneoin Airteagal 12 de Threoir 2009/110/CE, ní dhéanfaidh eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid ús a dheonú i ndáil le comharthaí ríomh-airgid.
2.  
Ní dheonóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ús, agus seirbhísí cripteashócmhainní a bhaineann le comharthaí ríomh-airgid á soláthar acu.
3.  
Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, láimhseálfar mar ús aon luach saothair nó aon sochar eile a bhaineann leis an bhfad ama a sealbhaíonn sealbhóir comhartha ríomh-airgid an comhartha ríomh-airgid sin lena linn. Áirítear leis sin glanchúiteamh nó lascainí, ag a bhfuil éifeacht atá coibhéiseach le héifeacht úis a fhaigheann sealbhóir an chomhartha ríomh-airgid, go díreach ón eisitheoir nó ó thríú páirtithe, agus ag a bhfuil baint dhíreach leis an gcomhartha ríomh-airgid nó ó luach saothair nó ó phraghsáil táirgí eile.

Airteagal 51

Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comharthaí ríomh airgid

1.  

Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní le haghaidh comhartha ríomh-airgid, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn III:

(a) 

faisnéis faoi eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid;

(b) 

faisnéis faoin gcomhartha ríomh-airgid;

(c) 

faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha ríomh-airgid nó faoina ligean isteach chun a thrádála;

(d) 

faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leis an gcomhartha ríomh-airgid;

(e) 

faisnéis faoin mbunteicneolaíocht;

(f) 

faisnéis faoi na rioscaí;

(g) 

faisnéis faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun an comhartha ríomh-airgid a eisiúint.

Áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine seachas an t-eisitheoir a thairgeann an comhartha ríomh-airgid don phobal nó a iarrann go ligfí isteach é chun a thrádála de bhun Airteagal 48(1), an dara fomhír, agus an chúis a dtairgeann an duine áirithe sin an comhartha ríomh-airgid sin nó a n-iarrann go ligfí isteach é chun a thrádála.

2.  
Beidh an fhaisnéis uile a liostaítear i mír 1 cothrom agus soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Ní bheidh easnaimh ábhartha sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus cuirfear i láthair é i bhfoirm ghonta agus intuigthe.
3.  

Beidh an ráiteas soiléir feiceálach seo a leanas ar an gcéad leathanach den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:

‘Níl an páipéar bán seo maidir le cripteashócmhainní formheasta ag aon údarás inniúil in aon Bhallstát den Aontas Eorpach. Is é eisitheoir na cripteashócmhainne, agus eisean amháin, atá freagrach as inneachar an pháipéir bháin seo maidir le cripteashócmhainní.’.

4.  

Beidh rabhadh soiléir maidir leis na nithe seo a leanas sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:

(a) 

ní chumhdaítear an comhartha ríomh-airgid leis na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí faoi Threoir 97/9/CE;

(b) 

ní chumhdaítear an comhartha ríomh-airgid leis na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 2014/49/AE.

5.  
Beidh ráiteas ó chomhlacht bainistíochta eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Deimhneofar leis an ráiteas sin, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 3, go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní an Teideal seo agus, chomh fada agus is eol don chomhlacht bainistíochta, go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní iomlán, cothrom, soiléir agus nach bhfuil sé míthreorach agus nach bhfuil aon easnamh sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.
6.  
Beidh achoimre sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 5, ina dtabharfar, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha ríomh-airgid nó faoi ligean isteach an chomharthaí ríomh-airgid sin chun a thrádála atá beartaithe. Beidh an achoimre sothuigthe agus déanfar í a chur i láthair agus a leagan amach i bhformáid shoiléir chuimsitheach, agus úsáid á baint as carachtair atá inléite ó thaobh méide de. San achoimre ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, tabharfar faisnéis iomchuí faoi shaintréithe na gcripteashócmhainní lena mbaineann chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha na gcripteashócmhainní cinneadh feasach a dhéanamh.

Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:

(a) 

ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;

(b) 

ba cheart don sealbhóir ionchasach aon chinneadh maidir le ceannach an chomhartha ríomh-airgid a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní ina iomláine agus níor cheart dó aon chinneadh den sórt sin a bhunú ar an achoimre amháin;

(c) 

ní hionann an tairiscint don phobal ar an gcomhartha ríomh-airgid agus tairiscint nó sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a cheannach agus ní féidir aon tairiscint nó sirtheoireacht den sórt sin a dhéanamh ach amháin trí bhíthin réamheolaire nó doiciméid tairisceana eile de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

(d) 

ní hionann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus réamheolaire amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 ná aon doiciméad tairisceana eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

Luafar san achoimre go bhfuil ceart fuascailte ag sealbhóirí an chomhartha ríomh-airgid tráth ar bith agus ar parluach agus luafar na coinníollacha maidir le fuascailt inti freisin.

7.  
Beidh dáta a fhógra agus clár ábhar sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
8.  
Tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

I gcás ina dtairgtear an comhartha ríomh-airgid freisin i mBallstát seachas an Ballstát baile, tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

9.  
Cuirfear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite.
10.  
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 9.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.  
Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid fógra dá n-údarás inniúil faoina bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní 20 lá oibre ar a laghad roimh dháta a bhfoilsithe.

Ní éileoidh údaráis inniúla go ndéanfar páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní a fhormheas roimh ré sula bhfoilseofar iad.

12.  
Tabharfar tuairisc ar aon toisc nua shuntasach, ar aon bhotún ábhartha nó ar aon mhíchruinneas ábhartha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú ar an gcomhartha ríomh-airgid i bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní arna tharraingt suas ag na heisitheoirí, tabharfar fógra ina leith do na húdaráis inniúla agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na n-eisitheoirí iad.
13.  
Sula dtairgfidh sé an comhartha ríomh-airgid don phobal san Aontas nó sula n-iarrfaidh sé go ligfí isteach an comhartha ríomh-airgid chun a thrádála, foilseoidh eisitheoir comhartha ríomh-airgid den sórt sin páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar a shuíomh gréasáin.
14.  
Soláthróidh eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid, in éineacht leis an bhfógra faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní de bhun mhír 11 den Airteagal seo, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 109(4) don údarás inniúil. Laistigh de 5 lá oibre ón bhfaisnéis a fháil ón eisitheoir, cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl do ESMA an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 109(4).

Cuirfidh an t-údarás inniúil aon pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní agus aon tarraingt siar údarú eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid in iúl do ESMA freisin.

Cuirfidh ESMA an fhaisnéis sin ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(4), faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal nó an ligin isteach chun trádála nó, i gcás páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní, nó tarraingt siar údaraithe, gan moill mhíchuí.

15.  
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, pointe (g), i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta i gcripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 52

Dliteanas eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid i leith na faisnéise a thugtar i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní

1.  
I gcás inar sháraigh eisitheoir comhartha ríomh-airgid Airteagal 51, trí fhaisnéis a sholáthar ina pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó i bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní, faisnéis nach bhfuil iomlán, cothrom ná soiléir nó atá míthreorach, beidh an t-eisitheoir sin agus comhaltaí a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta faoi dhliteanas do shealbhóir comhartha ríomh-airgid den sórt sin as aon chaillteanas arna thabhú mar gheall ar an sárú sin.
2.  
Bainfear éifeacht dhlíthiúil d’aon eisiamh conarthach nó teorannú ar dhliteanas sibhialta dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Beidh sé de fhreagracht ar shealbhóir an chomhartha ríomh-airgid fianaise a chur i láthair lena léirítear gur sháraigh eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin Airteagal 51 trí fhaisnéis a sholáthar ina pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó i bpáipéar bán modhnaithe, faisnéis nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir, nó atá míthreorach agus gur imríodh tionchar ar chinneadh an tsealbhóra an comhartha ríomh-airgid sin a cheannach, a dhíol nó a mhalartú mar gheall ar bheith ag brath ar fhaisnéis den sórt sin.
4.  

An t-eisitheoir nó comhaltaí a chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, ní bheidh siad faoi dhliteanas i leith caillteanas a tharla mar thoradh ar bheith ag brath ar an bhfaisnéis arna soláthar in achoimre de bhun Airteagal 51(6), lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, ach amháin i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an achoimre:

(a) 

tá sí míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní í; nó

(b) 

nuair a léitear in éineacht le codanna eile den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní í, ní sholáthraítear léi faisnéis bhunriachtanach chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha agus breithniú á dhéanamh acu an gceannóidh siad comharthaí ríomh-airgid den sórt sin.

5.  
Ní dochar an tAirteagal seo d’aon dliteanas sibhialta eile de bhun an dlí náisiúnta.

Airteagal 53

Cumarsáid mhargaíochta

1.  

Le cumarsáid mhargaíochta a bhaineann le tairiscint don phobal ar chomhartha ríomh-airgid, nó a bhaineann le comhartha ríomh-airgid den sórt sin a ligean isteach chun a thrádála, comhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a) 

táthar in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá inti;

(b) 

tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom agus soiléir agus níl sí míthreorach;

(c) 

tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;

(d) 

luaitear go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus léirítear go soiléir inti seoladh shuíomh gréasáin eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid, chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist chun teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir.

2.  
Beidh ráiteas soiléir gan débhrí i gcumarsáid mhargaíochta go bhfuil ceart fuascailte ag sealbhóirí an chomhartha ríomh-airgid i gcoinne an eisitheora tráth ar bith agus ar parluach.
3.  
Déanfar cumarsáid mhargaíochta agus aon mhodhnuithe uirthi a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an eisitheora.
4.  
Ní éileoidh údaráis inniúla go ndéanfar cumarsáid mhargaíochta a fhormheas roimh ré sula bhfoilseofar í.
5.  
Tabharfar fógra do na húdaráis inniúla faoi chumarsáid mhargaíochta arna iarraidh sin dóibh.
6.  
Ní scaipfear aon chumarsáid mhargaíochta sula bhfoilsítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Le srian den sórt sin, ní dhéantar difear do chumas eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sondálacha margaidh a dhéanamh.

Airteagal 54

Infheistíocht cistí a fhaightear mar mhalairt ar chomharthaí ríomh-airgid

Maidir le cistí a fhaigheann eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid mar mhalairt ar chomharthaí ríomh-airgid agus a choimircítear i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Threoir 2009/110/CE, comhlíonfar an méid a leanas leo:

(a) 

déantar 30 % ar a laghad de na cistí a fhaightear a thaisceadh i gcónaí i gcuntais ar leithligh in institiúidí creidmheasa;

(b) 

déantar na cistí eile a fhaightear a infheistiú i sócmhainní slána, ísealriosca a cháilíonn mar ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) den Rialachán seo, agus déantar iad a ainmniú san airgeadra oifigiúil céanna leis an gceann atá faoi thagairt ag an gcomhartha ríomh-airgid.

Airteagal 55

Plean téarnaimh agus fuascailte

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Teideal III, Caibidil 6, maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid.

De mhaolú ar Airteagal 46(2), beidh an dáta faoina bhfuil fógra le tabhairt don údarás inniúil faoin bplean téarnaimh, i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid, laistigh de 6 mhí ó dháta na tairisceana don phobal nó ó dháta an ligin isteach chun trádála.

De mhaolú ar Airteagal 47(3), beidh an dáta faoina bhfuil fógra le tabhairt don údarás inniúil faoin bplean fuascailte, i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid, laistigh de 6 mhí ó dháta na tairisceana don phobal nó ó dháta an ligin isteach chun trádála.

CAIBIDIL 2

Comharthaí ríomh-airgid suntasacha

Airteagal 56

Comharthaí ríomh-airgid a aicmiú mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha

1.  

Déanfaidh ÚBE comharthaí ríomh-airgid a aicmiú mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha i gcás ina gcomhlíontar ar a laghad trí cinn de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1):

(a) 

le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcéad tuarascáil ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tar éis na comharthaí sin a thairiscint don phobal nó tar éis a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála; nó

(b) 

le linn na tréimhse a chumhdaítear le dhá thuarascáil ar fhaisnéis as a chéile ar a laghad dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

2.  
I gcás ina n-eisíonn roinnt eisitheoirí an comhartha ríomh-airgid céanna, déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 43(1) tar éis na sonraí óna heisitheoirí sin a chomhiomlánú.
3.  
Tuairisceoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an eisitheora do ÚBE agus do BCE faisnéis atá ábhartha don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 43(1), lena n-áirítear, más infheidhme, an fhaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 22, dhá uair sa bhliain ar a laghad.

I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige, nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha ríomh-airgid, tarchuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig banc ceannais an Bhallstáit sin freisin.

4.  
I gcás ina dtagann ÚBE ar an tátal go gcomhlíonann comhartha ríomh-airgid na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1) i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ullmhóidh ÚBE dréachtchinneadh chun an comhartha ríomh-airgid a aicmiú mar chomhartha ríomh-airgid suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid, d’údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh 20 lá oibre ag eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid den sórt sin, ag a n-údaráis inniúla, ag BCE agus, i gcás inarb infheidhme, ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin chun barúlacha agus tráchtanna a thabhairt i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

5.  
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh an aicmeoidh sé comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach laistigh de 60 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 4 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin agus dá údarás inniúil.
6.  
I gcás inar aicmíodh comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 5, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin ó údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora chuig ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 117(4) laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin.

Oibreoidh ÚBE agus an t-údarás inniúil i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.

7.  
De mhaolú ar mhír 6, maidir le freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha atá ainmnithe in airgeadra oifigiúil Ballstáit seachas an euro, i gcás ina bhfuil 80 % ar a laghad de líon na sealbhóirí agus de mhéid idirbheart na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha sin comhchruinnithe sa Bhallstát baile, ní aistreofar chuig ÚBE iad.

Soláthróidh údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora faisnéis do ÚBE go bliantúil maidir le haon chásanna ina gcuirtear an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm.

Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar idirbheart a bheith déanta sa Bhallstát baile nuair atá an t-íocóir nó an t-íocaí bunaithe sa Bhallstát sin.

8.  
Déanfaidh ÚBE athmheasúnú bliantúil ar aicmiú na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear ó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó ón bhfaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 22.

I gcás ina dtagann ÚBE ar an tátal nach gcomhlíonann comharthaí ríomh-airgid áirithe na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1) a thuilleadh, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ullmhóidh ÚBE dréachtchinneadh gan an comhartha ríomh-airgid a aicmiú a thuilleadh mar chomhartha suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d’eisitheoirí na gcomharthaí ríomh-airgid sin, d’údaráis inniúla a mBallstáit baile, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, an dar fomhír, den Airteagal seo, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh 20 lá oibre ag eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid den sórt sin, ag a n-údaráis inniúla, ag BCE agus ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin chun barúlacha agus tráchtanna a thabhairt i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

9.  
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh nach n-aicmeoidh sé comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach a thuilleadh laistigh de 60 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 8 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin agus dá údarás inniúil.
10.  
I gcás nach n-aicmítear comhartha ríomh-airgid a thuilleadh mar chomhartha ríomh-airgid suntasach de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 9, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin ó ÚBE chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile an eisitheora laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin.

Oibreoidh ÚBE agus an t-údarás inniúil i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.

Airteagal 57

Aicmiú roghnach comharthaí ríomh-airgid mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha

1.  
Féadfaidh eisitheoir comhartha ríomh-airgid atá údaraithe mar institiúid creidmheasa nó mar institiúid ríomh-airgid, nó a dhéanann iarratas ar údarú den sórt sin, a chur in iúl gur mian leis go n-aicmeofaí a chomhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach Sa chás sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach faoi iarraidh den sórt sin ón eisitheoir do ÚBE, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 56(3), an dara fomhír, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Ionas go n-aicmeofar an comhartha ríomh-airgid mar chomhartha suntasach faoin Airteagal seo, léireoidh eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid, trí chlár mionsonraithe oibríochtaí, gur dócha go gcomhlíonfaidh sé trí cinn ar a laghad de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1).

2.  
Ullmhóidh ÚBE, laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, dréachtchinneadh ina mbeidh a thuairim bunaithe ar chlár oibríochtaí an eisitheora i dtaobh an gcomhlíonann an comhartha ríomh-airgid trí cinn ar a laghad de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1) nó an dócha go gcomhlíonfaidh sé iad agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d’údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 56(3), an dara fomhír, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh 20 lá oibre ag údaráis inniúla eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid den sórt sin, ag BCE agus, i gcás inarb infheidhme, ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin chun barúlacha agus tráchtanna chur ar fáil i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

3.  
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh an aicmeoidh sé comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach laistigh de 60 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir comhartha ríomh-airgid den sórt sin agus dá údarás inniúil.
4.  
I gcás inar aicmíodh comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta maidir le heisitheoirí na gcomharthaí ríomh-airgid sin ón údarás inniúil chuig ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 117(4) laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin.

Oibreoidh ÚBE agus na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.

5.  
De mhaolú ar mhír 4, ní aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha atá ainmnithe in airgeadra oifigiúil Ballstáit seachas an euro chuig ÚBE, i gcás ina bhfuil nó i gcás ina bhfuiltear ag súil go mbeidh 80 % ar a laghad de líon na sealbhóirí agus de mhéid idirbheart na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha sin comhchruinnithe sa Bhallstát baile.

Soláthróidh údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora faisnéis do ÚBE go bliantúil maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar maolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar idirbheart a bheith déanta sa Bhallstát baile nuair atá an t-íocóir nó an t-íocaí bunaithe sa Bhallstát sin.

Airteagal 58

Oibleagáidí breise sonracha ar eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid

1.  

Beidh institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a) 

na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 36, 37, 38 agus 45, (1) go (4), den Rialachán seo, in ionad Airteagal 7 de Threoir 2009/110/CE;

(b) 

na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 35(2), (3) agus (5) agus Airteagal 45(5) den Rialachán seo, in ionad Airteagal 5 de Threoir 2009/110/CE.

De mhaolú ar Airteagal 36(9), tabharfar sainordú don iniúchadh neamhspleách, i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha, gach 6 mhí ó dháta an chinnidh na comharthaí ríomh-airgid a aicmiú mar chomharthaí suntasacha de bhun Airteagal 56 nó 57, de réir mar is infheidhme.

2.  
Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile a cheangal ar institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach bhfuil suntasach aon cheanglas dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhfuil sé d’aidhm ag na forálacha sin aghaidh a thabhairt orthu, amhail rioscaí leachtachta, rioscaí oibriúcháin, nó rioscaí a eascraíonn as neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le cúlchiste sócmhainní a bhainistiú.
3.  
Beidh feidhm ag Airteagail 22, 23 agus 24(3) maidir le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é.

TEIDEAL V

ÚDARÚ SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ AGUS COINNÍOLLACHA OIBRIÚCHÁIN LE hAGHAIDH SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ

CAIBIDIL 1

Údarú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

Airteagal 59

Údarú

1.  

Ní sholáthróidh duine seirbhísí cripteashócmhainní, laistigh den Aontas, ach amháin más rud é gur fíor an méid seo a leanas i leith an duine sin:

(a) 

is duine dlítheanach nó gnóthas eile é atá údaraithe mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 63; nó

(b) 

is institiúid creidmheasa, taisclann lárnach urrús, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, institiúid ríomh-airgid, cuideachta bainistíochta GCUI, nó bainisteoir ciste infheistíochta malartach a bhfuil cead aige seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar de bhun Airteagal 60 é.

2.  
Beidh oifig chláraithe ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 63 i mBallstát ina ndéanann siad cuid dá seirbhísí cripteashócmhainní ar a laghad. Is san Aontas a bheidh a n-áit bainistíochta éifeachtaí agus beidh cónaí ar dhuine amháin ar a laghad de na stiúrthóirí san Aontas.
3.  
Chun críocha mhír 1, pointe (a), ní sholáthróidh gnóthais eile nach daoine dlítheanacha iad seirbhísí cripteashócmhainní ach amháin má áirithíonn a bhfoirm dhlíthiúil leibhéal cosanta do leasanna tríú páirtithe atá coibhéiseach leis an leibhéal a thugann daoine dlítheanacha agus má tá siad faoi réir maoirseacht stuamachta choibhéiseach is iomchuí dá bhfoirm dhlíthiúil.
4.  
Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 63 na coinníollacha maidir lena n-údarú i gcónaí.
5.  
Ní úsáidfidh duine nach soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní é ainm, ná ainm corparáideach, ná ní eiseoidh sé cumarsáid mhargaíochta ná ní tabharfaidh sé faoi aon phróiseas eile a thugann le fios gur soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní é nó ar dócha go gcruthóidh sé mearbhall ina leith sin.
6.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla a dheonaíonn údaruithe i gcomhréir le hAirteagal 63 go sonraítear in údaruithe den sórt sin na seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar.
7.  
Ceadófar do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar ar fud an Aontais, tríd an gceart bunaíochta, lena n-áirítear trí bhrainse, nó tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ní chuirfear de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní ar bhonn trasteorann láithreacht fhisiciúil a bheith aige i gcríoch Ballstáit óstaigh.
8.  
Maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá ag iarraidh seirbhísí cripteashócmhainní a chur lena n-údarú amhail dá dtagraítear in Airteagal 63, iarrfaidh siad ar na húdaráis inniúla a dheonaigh a n-údarú tosaigh síneadh a chur lena n-údarú tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 62 a chomhlánú agus a nuashonrú. Déanfar an iarraidh ar shíneadh a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 63.

Airteagal 60

Soláthar seirbhísí cripteashócmhainní ag eintitis airgeadais áirithe

1.  
Féadfaidh institiúid creidmheasa seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar má chuireann sí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 in iúl d’údarás inniúil a Ballstáit baile 40 lá oibre ar a laghad sula soláthróidh sí na seirbhísí sin den chéad uair.
2.  
Ní dhéanfaidh taisclann lárnach urrús a údaraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ) cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant ach amháin má thugann sí fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo 40 lá oibre ar a laghad sula soláthróidh sí an tseirbhís sin den chéad uair.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, meastar go bhfuil soláthar cumhdaigh agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach le cuntais urrús a sholáthar, a choimeád ar bun nó a oibriú i ndáil leis an tseirbhís socraíochta dá dtagraítear i Roinn B, pointe (3), den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

3.  
Féadfaidh gnólacht infheistíochta seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar san Aontas atá coibhéiseach leis na seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta dá bhfuil sé údaraithe go sonrach faoi Threoir 2014/65/AE má thugann sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo 40 lá oibre ar a laghad roimh na seirbhísí sin a sholáthar den chéad uair.

Chun críocha na míre seo:

(a) 

meastar go bhfuil soláthar cumhdaigh agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach leis an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear i Roinn B, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(b) 

meastar go bhfuil oibriú ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní coibhéiseach le hoibriú saoráide trádála iltaobhaí agus oibriú saoráide trádála eagraithe dá dtagraítear i Roinn A, pointí (8) agus (9), faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(c) 

meastar go bhfuil malartú cripteashócmhainní le haghaidh cistí agus cripteashócmhainní eile coibhéiseach le déileáil ar a gcuntas féin dá dtagraítear i Roinn A, pointe (3), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(d) 

meastar go bhfuil forghníomhú orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach le forghníomhú orduithe thar ceann cliant dá dtagraítear i Roinn A, pointe (2), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(e) 

meastar go bhfuil láithriú cripteashócmhainní coibhéiseach le hionstraimí airgeadais a fhrithghealladh nó a láithriú ar bhonn gealltanas daingean agus le hionstraimí airgeadais a láithriú gan bonn gealltanas daingean dá dtagraítear i Roinn A, pointe (6) agus pointe (7), faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(f) 

meastar go bhfuil glacadh agus tarchur orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach le horduithe a ghlacadh agus a tharchur i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó dá dtagraítear i Roinn A, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(g) 

meastar go bhfuil tabhairt comhairle maidir le cripteashócmhainní coibhéiseach leis an gcomhairle infheistíochta dá dtagraítear i Roinn A, pointe (5), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(h) 

meastar go bhfuil bainistiú punainne maidir le cripteashócmhainní coibhéiseach le bainistiú punainne dá dtagraítear i Roinn A, pointe (4), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

4.  
Ní dhéanfaidh institiúid ríomh-airgid a údaraítear faoi Threoir 2009/110/CE cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant agus seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant maidir leis na comharthaí ríomh-airgid a eisíonn ach amháin má thugann sí fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo 40 lá oibre ar a laghad sula soláthróidh sí na seirbhísí sin den chéad uair.
5.  
Féadfaidh cuideachta bainistíochta GCUI nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar atá coibhéiseach le bainistiú punann infheistíochta agus seirbhísí nach croísheirbhísí iad dá bhfuil sí údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE nó Treoir 2011/61/AE má thugann sí fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo 40 lá oibre ar a laghad sula soláthróidh sí na seirbhísí sin den chéad uair.

Chun críocha na míre seo:

(a) 

meastar go bhfuil glacadh agus tarchur orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant coibhéiseach le horduithe a ghlacadh agus a tharchur i ndáil le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (b)(iii), de Threoir 2011/61/AE;

(b) 

meastar go bhfuil tabhairt comhairle maidir le cripteashócmhainní coibhéiseach le comhairle infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (b)(i), de Threoir 2011/61/AE agus in Airteagal 6(3), pointe (b)(i), de Threoir 2009/65/CE;

(c) 

meastar go bhfuil bainistiú punainne maidir le cripteashócmhainní coibhéiseach leis na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE agus in Airteagal 6(3), pointe (a), de Threoir 2009/65/CE.

6.  
Féadfaidh oibreoir margaidh a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú má thugann sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo 40 lá oibre ar a laghad sula soláthróidh sé na seirbhísí sin den chéad uair.
7.  

Chun críocha mhíreanna 1 go 6, tabharfar fógra faoin bhfaisnéis seo a leanas:

(a) 

clár oibríochtaí lena leagtar amach na cineálacha seirbhísí cripteashócmhainní atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir a sholáthar, lena n-áirítear an áit agus an chaoi a ndéanfar na seirbhísí sin a mhargú;

(b) 

tuairisc ar:

(i) 

na sásraí rialaithe inmheánaigh, ar na beartais rialaithe inmheánaigh agus ar na nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh chun comhlíonadh fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 a áirithiú;

(ii) 

an creat measúnaithe riosca chun rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhainistiú; agus

(iii) 

tuairisc ar an bplean leanúnachais gnó;

(c) 

doiciméadacht theicniúil na gcóras TFC agus na socruithe slándála, agus tuairisc orthu i dteanga neamhtheicniúil;

(d) 

tuairisc ar an nós imeachta chun cripteashócmhainní agus cistí cliant a leithscaradh;

(e) 

tuairisc ar an mbeartas cumhdaigh agus riaracháin, i gcás ina bhfuil sé beartaithe cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant;

(f) 

tuairisc ar rialacha oibriúcháin an ardáin trádála agus ar na nósanna imeachta agus ar an gcóras chun drochúsáid margaidh a bhrath, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú;

(g) 

tuairisc ar an mbeartas tráchtála neamh-idirdhealaitheach lena rialaítear an caidreamh le cliaint chomh maith le tuairisc ar an modheolaíocht chun praghas na gcripteashócmhainní atá sé beartaithe acu a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile a chinneadh, i gcás ina bhfuil sé beartaithe cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó cripteashócmhainní eile;

(h) 

tuairisc ar an mbeartas forghníomhúcháin, i gcás ina bhfuil sé beartaithe orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant;

(i) 

fianaise go bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ag na daoine nádúrtha a thugann comhairle thar ceann an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir nó a bhainistíonn punanna thar ceann an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir, i gcás ina bhfuil sé beartaithe comhairle a thabhairt maidir le cripteashócmhainní nó bainistiú punainne a sholáthar maidir le cripteashócmhainní;

(j) 

an mbaineann an tseirbhís cripteashócmhainní le comharthaí sócmhainn-tagartha, comharthaí ríomh-airgid nó cripteashócmhainní eile.

(k) 

faisnéis maidir leis an mbealach ina soláthrófar seirbhísí aistrithe den sórt sin, i gcás ina bhfuil sé beartaithe seirbhísí aistrithe a sholáthar le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant.

8.  
Déanfaidh údarás inniúil a fhaigheann fógra dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 measúnú, laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an fógra sin a fháil, i dtaobh ar soláthraíodh an fhaisnéis uile a cheanglaítear. I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal nach bhfuil fógra iomlán, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don eintiteas a thugann fógra agus socróidh sé spriocdháta faoina gceanglaítear ar an eintiteas sin an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.

Ní bheidh an spriocdháta chun aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar níos faide ná 20 lá oibre ó dháta na hiarrata. Go dtí go rachaidh an spriocdháta sin in éag, cuirfear gach tréimhse mar a leagtar amach i míreanna 1 go 6 ar fionraí. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil aon iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise ach ní chuirfear aon tréimhse a leagtar amach i míreanna 1 go 6 ar fionraí dá mbarr.

Ní thosóidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar fad is atá an fógra neamhchomhlánaithe.

9.  
Ní cheanglófar ar na heintitis dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 aon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 a chuir siad faoi bhráid an údaráis inniúil roimhe sin a thíolacadh i gcás ina mbeadh an fhaisnéis sin comhionann. Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 á tíolacadh, luafaidh na heintitis dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 go sainráite go bhfuil aon fhaisnéis a tíolacadh roimhe sin fós cothrom le dáta.
10.  
I gcás ina soláthraíonn na heintitis dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 den Airteagal seo seirbhísí cripteashócmhainní, ní bheidh siad faoi réir Airteagail 62, 63, 64, 67, 83 agus 84.
11.  
Déanfar an ceart chun seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 den Airteagal seo a chúlghairm ar tharraingt siar an údaraithe ábhartha a chuir ar chumas an eintitis faoi seach na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar gan ceangal a bheith air údarú a fháil de bhun Airteagal 59.
12.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 109(5) a chur in iúl do ESMA, tar éis iomláine na faisnéise dá dtagraítear i mír 7 a fhíorú.

Cuirfidh ESMA faisnéis den sórt sin ar fáil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109 faoi dháta tosaigh a bheartaítear seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar.

13.  
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

14.  
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don fhógra de bhun mhír 7.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 61

Soláthar seirbhísí cripteashócmhainní ar thionscnamh eisiach an chliaint

1.  
I gcás ina dtionscnóidh cliant atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, ar a thionscnamh eisiach féin, gnólacht tríú tír a shireadh chun seirbhís nó gníomhaíocht cripteashócmhainní a sholáthar, ní bheidh feidhm ag an gceanglas chun údarú a fháil faoi Airteagal 59 maidir le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta cripteashócmhainní sin ag an ngnólacht tríú tír don chliant sin, lena n-áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta cripteashócmhainní sin.

Gan dochar do chaidreamh ionghrúpa, i gcás ina ndéanann gnólacht tríú tír, lena n-áirítear trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann féin nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó aon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, gan beann ar na modhanna cumarsáide a úsáidtear chun sirtheoireacht, cur chun cinn nó fógraíocht a dhéanamh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís é a sholáthraítear ar thionscnamh eisiach an chliaint féin.

Beidh feidhm ag an dara fomhír d’ainneoin aon chlásal conarthach nó séanadh a mhaíonn a mhalairt a lua, lena n-áirítear aon chlásal nó séanadh go meastar gur seirbhís a sholáthraítear ar thionscnamh eisiach an chliaint féin é soláthar seirbhísí ag gnólacht tríú tír.

2.  
Ní fhágfaidh tionscnamh eisiach cliaint féin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh gnólacht tríú tír i dteideal cineálacha nua cripteashócmhainní nó seirbhísí cripteashócmhainní a mhargú don chliant sin.
3.  
Déanfaidh ESMA, faoin 30 Nollaig 2024, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na cásanna a shonrú ina meastar go bhfuil gnólacht tríú tír ag sireadh cliaint atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas.

Chun cóineasú a chothú agus maoirseacht chomhsheasmhach a chur chun cinn i ndáil leis an riosca go mbainfí drochúsáid as an Airteagal seo, eiseoidh ÚEUM treoirlínte freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le cleachtais mhaoirseachta chun dul timpeall ar an Rialachán seo a bhrath agus a chosc.

Airteagal 62

Iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní

1.  
Déanfaidh daoine dlítheanacha nó gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar a n-iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a chur faoi bhráid údarás inniúil a mBallstáit baile.
2.  

Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

an t-ainm, lena n-áirítear an t-ainm dlíthiúil agus aon ainm tráchtála eile a úsáidtear, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir, an suíomh gréasáin atá á oibriú ag an soláthraí, seoladh ríomhphoist teagmhála, uimhir theileafóin theagmhála agus a sheoladh fisiciúil;

(b) 

foirm dhlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir;

(c) 

airteagail chomhlachais an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir, i gcás inarb infheidhme;

(d) 

clár oibríochtaí, ina leagtar amach na cineálacha seirbhísí cripteashócmhainní atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar, lena n-áirítear cá háit agus cén chaoi a ndéanfar na seirbhísí sin a mhargú;

(e) 

cruthúnas go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir na ceanglais le haghaidh coimircí stuamachta a leagtar amach in Airteagal 67;

(f) 

tuairisc ar shocruithe rialachais an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir;

(g) 

cruthúnas go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir agus go bhfuil an t-eolas iomchuí, na scileanna iomchuí agus an taithí iomchuí acu chun an soláthraí sin a bhainistiú;

(h) 

céannacht aon scairshealbhóirí agus comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir agus méideanna na sealúchas sin, chomh maith le cruthúnas go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar na daoine sin;

(i) 

tuairisc ar shásraí rialaithe inmheánaigh, beartais rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir chun rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, agus plean leanúnachais gnó;

(j) 

doiciméadacht theicniúil na gcóras TFC agus na socruithe slándála, agus tuairisc orthu i dteanga neamhtheicniúil;

(k) 

tuairisc ar an nós imeachta chun cripteashócmhainní agus cistí cliant a leithscaradh;

(l) 

tuairisc ar nósanna imeachta láimhseála gearán an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir;

(m) 

i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant, tuairisc ar an mbeartas cumhdaigh agus riaracháin;

(n) 

i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú, tuairisc ar rialacha oibriúcháin an ardáin trádála agus ar an nós imeachta agus córas chun drochúsáid margaidh a bhrath;

(o) 

i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó cripteashócmhainní eile, tuairisc ar an mbeartas tráchtála, a bheidh neamh-idirdhealaitheach, lena rialófar an caidreamh le cliaint chomh maith le tuairisc ar an modheolaíocht chun praghas na gcripteashócmhainní a chinneadh a bheartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile;

(p) 

i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant, tuairisc ar an mbeartas forghníomhúcháin;

(q) 

i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir comhairle ar chripteashócmhainní a sholáthar nó bainistiú punainne cripteashócmhainní a sholáthar, cruthúnas go bhfuil an t-eolas agus an saineolas is gá ag na daoine nádúrtha a thugann comhairle thar ceann an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir nó atá ag bainistiú punann thar ceann an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh;

(r) 

i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant, faisnéis faoin mbealach a soláthrófar na seirbhísí aistrithe sin;

(s) 

an cineál cripteashócmhainne lena mbaineann an tseirbhís cripteashócmhainní.

3.  

Chun críocha mhír 2, pointí (g) agus (h), soláthróidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir cruthúnas ar gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

i gcás gach comhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir, easpa taifead coiriúil i leith ciontuithe agus easpa pionós arna bhforchur faoin dlí tráchtála is infheidhme, an dlí dócmhainneachta agus an dlí seirbhísí airgeadais, nó maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, le calaois nó le dliteanas gairmiúil;

(b) 

go bhfuil an t-eolas iomchuí, scileanna iomchuí agus taithí iomchuí ag comhaltaí chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir chun an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine sin dóthain ama a thiomnú dá gcuid dualgas a dhéanamh;

(c) 

i gcás gach scairshealbhóra agus gach comhalta, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir, easpa taifead coiriúil i leith ciontuithe nó easpa pionós arna bhforchur faoin dlí tráchtála is infheidhme, an dlí dócmhainneachta agus an dlí seirbhísí airgeadais, nó maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, le calaois nó le dliteanas gairmiúil.

4.  
Ní éileoidh údaráis inniúla ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir aon fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a fuair siad cheana féin faoi na nósanna imeachta um údarú faoi seach i gcomhréir le Treoir 2009/110/CE, 2014/65/AE nó (AE) 2015/2366, nó de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí cripteashócmhainní roimh an.29 Meitheamh 2023, ar choinníoll go bhfuil faisnéis nó cáipéisí den sórt sin a tíolacadh roimhe sin fós cothrom le dáta.
5.  
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.  
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú le haghaidh na faisnéise atá le háireamh san iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 63

Measúnú ar an iarratas ar údarú agus an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú

1.  
Admhóidh na húdaráis inniúla go pras, agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre ó iarratas a fháil faoi Airteagal 62(1), i scríbhinn don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir go bhfuarthas iarratas den sórt sin.
2.  
Laistigh de 25 lá oibre ó iarratas a fháil faoi Airteagal 62(1), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas sin comhlánaithe trína sheiceáil gur tíolacadh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 62(2).

I gcás nach bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh na húdaráis inniúla spriocdháta síos faoina bhfuil ar an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.

3.  
Féadfaidh údaráis inniúla diúltú athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais i gcás ina bhfuil iarratais den sórt sin fós neamhchomhlánaithe tar éis don spriocdháta atá leagtha síos acu i gcomhréir le mír 2, an dara fomhír, dul in éag.
4.  
A luaithe a bheidh iarratas comhlánaithe, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir ar an eolas faoi sin go pras.
5.  

Sula ndéanann siad údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a dheonú nó a dhiúltú, rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le húdaráis inniúla Ballstáit eile i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir i gceann de na suíomhanna seo a leanas maidir le hinstitiúid creidmheasa, taisclann lárnach urrús, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, cuideachta bainistíochta GCUI, bainisteoir cistí infheistíochta malartacha, institiúid íocaíochta, gnóthas árachais, institiúid ríomh-airgid nó institiúid um chóir ar scor ceirde, atá údaraithe sa Bhallstát eile sin:

(a) 

is fochuideachta di nó dó é;

(b) 

is fochuideachta é de mháthairghnóthas an eintitis sin; nó

(c) 

tá sé á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn an t-eintiteas sin.

6.  

Sula ndéanann siad údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a dheonú nó a dhiúltú, maidir le húdaráis inniúla:

(a) 

féadfaidh siad dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, agus aonaid um fhaisnéis airgeadais, chun a fhíorú nach raibh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir ina ábhar d’imscrúdú ar iompar a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta;

(b) 

áiritheoidh siad go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir a oibríonn bunaíochtaí nó a bhraitheann ar thríú páirtithe atá bunaithe i dtríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 26(2), 45(3) agus 45(5) den Treoir sin;

(c) 

áiritheoidh siad, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil nósanna imeachta iomchuí curtha i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 18a(1) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh.

7.  
I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh údaráis inniúla údarú ach amháin mura gcuireann na naisc sin cosc ar fheidhmiú éifeachtach a bhfeidhmeanna maoirseachta.
8.  
Diúltóidh údaráis inniúla údarú i gcás ina ndéantar, le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil dlúthnaisc ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir leis nó leo, nó ag a bhfuil deacrachtaí a bhaineann lena bhforfheidhmiú, cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach a bhfeidhmeanna maoirseachta.
9.  
Déanfaidh údaráis inniúla, laistigh de 40 lá oibre ón dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe, measúnú i dtaobh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir an Teideal seo agus glacfaidh siad cinneadh lán-réasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don iarratasóir faoina gcinneadh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an chinnidh sin. Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí cripteashócmhainní a bheartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir a sholáthar.
10.  

Diúltóidh údaráis inniúla údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann:

(a) 

gur bagairt é comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir ar a bhainistiú éifeachtach, fónta agus stuama agus ar a leanúnachas gnó, agus ar bhreithniú leordhóthanach ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh, nó go gcuireann sé an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir i mbaol tromchúiseach maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta;

(b) 

nach gcomhlíonann comhaltaí chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir na critéir a leagtar amach in Airteagal 68(1);

(c) 

nach gcomhlíonann na scairshealbhóirí nó na comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir na critéir maidir le dea-cháil leordhóthanach a leagtar amach in Airteagal 68(2);

(d) 

mainníonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir aon cheann de cheanglais an Teidil seo a chomhlíonadh nó is dócha nach gcomhlíonfaidh sé ceanglais an Teidil seo.

11.  
Eiseoidh ESMA agus ÚBE i gcomhpháirt le chéile treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoi seach, maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir agus na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir.

Eiseoidh ESMA agus ÚBE na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 30 Meitheamh 2024.

12.  
Féadfaidh údaráis inniúla, le linn na tréimhse measúnaithe dá bhforáiltear i mír 9, agus tráth nach déanaí ná an 20ú lá oibre den tréimhse sin, aon fhaisnéis bhreise is gá a iarraidh chun an measúnú a chur i gcrích. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn chuig an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir agus sonrófar inti an fhaisnéis bhreise is gá.

Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhír 9 ar fionraí don tréimhse idir dáta na hiarrata ar fhaisnéis atá in easnamh ó na húdaráis inniúla agus an dáta a bhfaighidh siad freagra ina leith ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir. Ní bheidh an fhionraí níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag na húdaráis inniúla aon iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhír 9 ar fionraí dá mbarr.

13.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 2 lá oibre tar éis dóibh údarú a dheonú, an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 109(5) a chur in iúl do ESMA. Cuirfidh na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas freisin maidir le haon diúltú údaruithe. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 109(5) ar fáil sa chlár dá dtagraítear san Airteagal sin faoi dháta tosaigh sholáthar na seirbhísí cripteashócmhainní.

Airteagal 64

Údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar

1.  

Déanfaidh údaráis inniúla údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

níor úsáid sé a údarú laistigh de 12 mhí ó dháta an údaraithe;

(b) 

thréig sé a údarú go sainráite;

(c) 

níor sholáthair sé seirbhísí cripteashócmhainní ar feadh 9 mí as a chéile;

(d) 

fuair sé a údarú trí mhodhanna neamhrialta, amhail trí ráitis bhréagacha a dhéanamh ina iarratas ar údarú;

(e) 

níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus níl an ghníomhaíocht cheartaitheach atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aige laistigh den tréimhse shonraithe ama;

(f) 

níl córais, nósanna imeachta ná socruithe éifeachtacha i bhfeidhm aige chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhrath agus a chosc i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849;

(g) 

tá sárú tromchúiseach déanta aige ar an Rialachán seo, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le cosaint sealbhóirí cripteashócmhainní nó cliant soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, nó sláine an mhargaidh.

2.  

Féadfaidh údaráis inniúla údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

sháraigh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849;

(b) 

chaill an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a údarú mar institiúid íocaíochta nó a údarú mar institiúid ríomh-airgid, agus níor éirigh leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an cás a leigheas laistigh de 40 lá féilire.

3.  
I gcás ina ndéanann údarás inniúil údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra do ESMA agus do phointí teagmhála aonair na mBallstát óstach gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis sin ar fáil ar an gclár dá dtagraítear in Airteagal 109.
4.  
Féadfaidh údaráis inniúla tarraingt siar an údaraithe a theorannú do sheirbhís cripteashócmhainní áirithe.
5.  

Sula ndéantar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar, rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le húdarás inniúil i mBallstát eile i gcás ina mbaineann an méid seo a leanas leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann:

(a) 

is fochuideachta de sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é;

(b) 

is fochuideachta de mháthairghnóthais soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é;

(c) 

tá sé faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin.

6.  
Sula ndéantar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar, féadfaidh údaráis inniúla dul i gcomhairle leis an údarás atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
7.  
Féadfaidh ÚBE, ESMA agus aon údarás inniúil de Bhallstát óstach a iarraidh tráth ar bith go scrúdódh údarás inniúil an Bhallstáit baile cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní fós na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú, nuair atá forais ann le bheith in amhras go mb’fhéidir nach amhlaidh atá an cás a thuilleadh.
8.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun lena n-áirithítear go ndéantar cripteashócmhainní agus cistí a gcliant a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní eile nuair a tharraingítear údarú siar.

Airteagal 65

Soláthar trasteorann seirbhísí cripteashócmhainní

1.  

Cuirfidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a bhfuil sé beartaithe aige seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar i níos mó ná Ballstát amháin an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit baile:

(a) 

an liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar;

(b) 

na seirbhísí cripteashócmhainní a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar ar bhonn trasteorann;

(c) 

dáta tosaigh sholáthar beartaithe na seirbhísí cripteashócmhainní;

(d) 

liosta de gach gníomhaíocht eile a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.  
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, laistigh de 10 lá oibre ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an fhaisnéis sin in iúl do phointí teagmhála aonair na mBallstát óstach, do ESMA agus do ÚBE.
3.  
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a dheonaigh an t-údarú an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann ar an eolas faoin gcumarsáid dá dtagraítear i mír 2 gan mhoill.
4.  
Féadfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní tús a chur le seirbhísí cripteashócmhainní sholáthar i mBallstát seachas a Bhallstát baile ón dáta a fhaightear an chumarsáid dá dtagraítear i mír 3 nó ar a dhéanaí an 15ú lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh.

CAIBIDIL 2

Oibleagáidí ar gach soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní

Airteagal 66

An oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil chun leasa na gcliant

1.  
Gníomhóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil i gcomhréir le leas a gcliant agus leas a gcliant ionchasach.
2.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis chothrom, shoiléir agus nach bhfuil míthreorach ar fáil dá gcliaint, lena n-áirítear i gcumarsáid mhargaíochta, agus déanfar cumarsáid den sórt sin a shainaithint mar chumarsáid mhargaíochta. Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cliant ar míthreoir, d’aon ghnó ná le faillí, maidir leis na fíorbhuntáistí ná na buntáistí braite a bhaineann le haon chripteashócmhainní.
3.  
Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní rabhadh do chliaint maidir leis na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta i gcripteashócmhainní.

Agus ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní á oibriú, cripteashócmhainní á malartú ar chistí nó cripteashócmhainní eile, comhairle á tabhairt maidir le cripteashócmhainní nó bainistiú punainne cripteashócmhainní á sholáthar, soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní hipearnaisc dá gcliaint chuig aon pháipéir bhána maidir le cripteashócmhainní le haghaidh na gcripteashócmhainní a bhfuil na seirbhísí sin á soláthar acu ina leith.

4.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a mbeartais maidir le praghsáil, costais agus táillí ar fáil go poiblí, in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin.
5.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar fáil go poiblí, in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin, faisnéis a bhaineann leis na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun gach cripteashócmhainn a eisiúint, a soláthraíonn siad seirbhísí ina leith. Féadfar an fhaisnéis sin a fháil ó na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní.
6.  
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise dá dtagraítear i mír 5 i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta cripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 67

Ceanglais stuamachta

1.  

Beidh coimircí stuamachta i bhfeidhm, i gcónaí, ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní arb ionann iad agus, ar a laghad, an méid is airde díobh seo a leanas:

(a) 

líon na mbuancheanglas íosta caipitil a shonraítear in Iarscríbhinn IV, ag brath ar chineál na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear;

(b) 

aon cheathrú d’fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin, agus athbhreithniú á dhéanamh ar na costais sin go bliantúil.

2.  
Úsáidfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach raibh ag gabháil do ghnó le haghaidh bliain amháin ón dáta a thosaigh siad ag soláthar seirbhísí na forchostais sheasta réamh-mheasta a áiríodh ina réamh-mheastacháin don soláthar ina gcéad 12 mhí seirbhíse, mar a cuireadh isteach lena n-iarratas ar údarú, don ríomh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).
3.  

Chun críocha mhír 1, pointe (b), ríomhfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhforchostais sheasta sa bhliain roimhe sin, ag úsáid figiúirí atá mar thoradh ar an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, trí na míreanna seo a leanas a asbhaint ó na costais iomlána i ndiaidh dáileadh brabús ar scairshealbhóirí ar chomhaltaí ina ráitis airgeadais bhliantúla iniúchta is déanaí nó, i gcás nach bhfuil ráitis iniúchta ar fáil, i ráitis airgeadais bhliantúla atá fíoraithe ag maoirseoirí náisiúnta:

(a) 

bónais foirne agus luach saothair eile, a mhéid atá na bónais agus an luach saothair sin ag brath ar ghlanbhrabús na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sa bhliain ábhartha;

(b) 

scaireanna brabúis de chuid fostaithe, stiúrthóirí agus comhpháirtithe;

(c) 

leithreasuithe eile brabúis agus luach saothair inathraithe eile, a mhéid atá siad go hiomlán lánroghnach;

(d) 

costais neamh-athfhillteacha ó ghníomhaíochtaí neamhchoitianta.

4.  

Beidh na coimircí stuamachta dá dtagraítear i mír 1 i gceann de na foirmeacha seo a leanas nó teaglaim díobh sin:

(a) 

cistí dílse, arb éard atá iontu míreanna agus ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na n-asbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan díolúintí tairsí de bhun Airteagail 46 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

(b) 

polasaí árachais a chumhdaíonn críocha an Aontais ina soláthraítear seirbhísí cripteashócmhainní nó ráthaíocht inchomparáide.

5.  

Déanfar an polasaí árachais dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), a nochtadh don phobal ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus beidh na saintréithe seo a leanas ar a laghad ag gabháil leis:

(a) 

tá téarma tosaigh nach lú ná bliain amháin aige;

(b) 

tá íostréimhse fógartha 90 lá aige chun é a chealú;

(c) 

faightear é ó ghnóthas atá údaraithe chun árachas a sholáthar, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(d) 

cuireann eintiteas tríú páirtí é ar fáil.

6.  

Áireofar sa pholasaí árachais dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), cumhdach in aghaidh riosca gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

caillteanas cáipéisí;

(b) 

mífhaisnéis nó ráitis mhíthreoracha a rinneadh;

(c) 

gníomhartha, earráidí nó easnaimh a mbíonn sárú ar an méid seo a leanas mar thoradh orthu:

(i) 

oibleagáidí dlíthiúla agus rialála;

(ii) 

an oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil le cliaint;

(iii) 

oibleagáidí rúndachta;

(d) 

mainneachtain nósanna imeachta iomchuí a bhunú, a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun chun coinbhleachtaí leasa a chosc;

(e) 

caillteanais a eascraíonn as briseadh sa ghníomhaíocht ghnó nó as clistí córas;

(f) 

i gcás inarb infheidhme don tsamhail ghnó, mórfhaillí i gcoimirciú chripteashócmhainní agus chistí na gcliant;

(g) 

dliteanas na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i leith cliant de bhun Airteagal 75(8).

Airteagal 68

Socruithe rialachais

1.  
Maidir le comhaltaí chomhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, beidh dea-cháil leordhóthanach orthu agus beidh an t-eolas iomchuí, scileanna iomchuí agus taithí iomchuí acu, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhchoiteann araon, chun a gcuid dualgas a dhéanamh. Go háirithe, ní bheidh comhaltaí chomhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tar éis a bheith ciontaithe i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó in aon chionta eile a dhéanfadh difear dá ndea-cháil. Léireoidh siad freisin go bhfuil sé ar a gcumas acu dóthain ama a thiomnú dá gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach.
2.  
Beidh dea-cháil leordhóthanach ar scairshealbhóirí agus comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu i soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus, go háirithe, nár ciontaíodh iad i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó aon chionta eile a dhéanfadh difear dá ndea-cháil.
3.  
I gcás inar dócha go ndéanfaidh an tionchar a fheidhmíonn na scairshealbhóirí nó na comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dochar do bhainistiú fónta agus stuama an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin, déanfaidh na húdaráis inniúla bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

Féadfar a áireamh ar na bearta sin iarratais ar orduithe breithiúnacha nó forchur pionós i gcoinne stiúrthóirí agus iad siúd atá freagrach as bainistiú, nó feidhmiú na gceart vótála a ghabhann leis na scaireanna atá ag na scairshealbhóirí nó na comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil na sealúchais cháilitheacha acu a chur ar fionraí.

4.  
Glacfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach go leor chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
5.  
Fostóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní pearsanra ag a bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an saineolas atá riachtanach chun na freagrachtaí a leithdháiltear orthu a chomhlíonadh, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh.
6.  
Déanfaidh comhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní measúnú agus athbhreithniú go tréimhsiúil ar éifeachtacht na socruithe agus nósanna imeachta beartais a cuireadh i bhfeidhm chun Caibidlí 2 agus 3 den Teideal seo a chomhlíonadh agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith sin.
7.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gach beart réasúnta chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le feidhmiú a seirbhísí cripteashócmhainní. Chuige sin, bainfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní leas as acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC atá athléimneach agus slán mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554.

Bunóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beartas leanúnachais gnó, lena n-áireofar pleananna leanúnachais gnó TFC chomh maith le pleananna freagartha agus téarnaimh TFC arna mbunú de bhun Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) 2022/2554 arb é is aidhm dóibh caomhnú sonraí agus feidhmeanna riachtanacha agus cothabháil seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú i gcás briseadh ina gcórais agus nósanna imeachta TFC, nó murar féidir sin, athshlánú tráthúil sonraí agus feidhmeanna den sórt sin agus atosú tráthúil seirbhísí cripteashócmhainní.

8.  
Beidh sásraí, córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, chomh maith le nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha le haghaidh measúnú riosca, chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh. Déanfaidh siad faireachán agus, ar bhonn tráthrialta, déanfaidh siad meastóireacht ar leordhóthanacht agus ar éifeachtacht na sásraí, na gcóras agus na nósanna imeachta sin, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh, agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith sin.

Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a choimirciú de bhun Rialachán (AE) 2022/2554.

9.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní socrú chun taifead a choinneáil ar na seirbhísí, gníomhaíochtaí, orduithe agus idirbhearta cripteashócmhainní go léir a dhéanann siad. Beidh na taifid sin leordhóthanach chun na húdaráis inniúla a chumasú lena gcúraimí maoirseachta a chomhlíonadh agus bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, agus go háirithe chun a fhionnadh cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na hoibleagáidí uile lena n-áirítear na hoibleagáidí a bhaineann le cliaint nó cliaint ionchasacha agus le sláine an mhargaidh.

Déanfar na taifid a choimeádtar de bhun na chéad fhomhíre a sholáthar do na cliaint arna iarraidh sin agus coimeádfar iad ar feadh tréimhse 5 bliana agus, i gcás ina n-iarrfaidh an t-údarás inniúil é sula mbeidh 5 bliana caite, ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana.

10.  

Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:

(a) 

na bearta lena n-áirithítear leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú na seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear i mír 7;

(b) 

na taifid atá le coimeád ar na seirbhísí, na gníomhaíochtaí, na horduithe agus na hidirbhearta cripteashócmhainní go léir faoina dtugtar dá dtagraítear i mír 9.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoi 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 69

Faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla

Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní fógra dá n-údarás inniúil gan mhoill faoi aon athruithe ar a gcomhlacht bainistíochta, sula bhfeidhmeoidh aon chomhaltaí nua gníomhaíochtaí, agus cuirfidh siad an fhaisnéis uile atá riachtanach ar fáil dá n-údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá Airteagal 68 á chomhlíonadh.

Airteagal 70

Cripteashócmhainní agus cistí na gcliant a shlánchoimeád

1.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhfuil cripteashócmhainní a gcliant ina seilbh acu nó a bhfuil na modhanna rochtana acu ar chripteashócmhainní den sórt sin socruithe leordhóthanacha chun cearta úinéireachta na gcliant a choimirciú, go háirithe i gcás dhócmhainneacht an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus chun úsáid chripteashócmhainní na gcliant dá gcuntas féin a chosc.
2.  
I gcás, de bharr a samhlacha gnó nó na seirbhísí cripteashócmhainní, ina bhfuil ceangal orthu cistí cliant, seachas comharthaí ríomh-airgid, a choinneáil, beidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun cearta úinéireachta na gcliant a choimirciú agus chun úsáid chistí na gcliant dá gcuntas féin a chosc.
3.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, faoi dheireadh an lae gnó tar éis an lae a fuarthas cistí cliant seachas comharthaí ríomh-airgid, na cistí sin a chur i mbanc ceannais nó in institiúid creidmheasa.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gach beart is gá lena áirithiú go ndéanfar cistí cliant seachas comharthaí ríomh-airgid atá á sealbhú ag banc ceannais nó institiúid creidmheasa a choimeád i gcuntas is féidir a aithint go leithleach ó aon chuntais a úsáidtear chun cistí ar leis na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní iad a choimeád.

4.  
Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí íocaíochta a bhaineann leis an tseirbhís cripteashócmhainní a tháirgeann siad a sholáthar iad féin, nó trí thríú páirtí, ar choinníoll go n-údaraítear don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní féin, nó don tríú páirtí, na seirbhísí sin a sholáthar faoi Threoir (AE) 2015/2366.

I gcás ina soláthraítear seirbhísí íocaíochta, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a gcliaint ar an eolas faoi gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

cineál agus téarmaí agus coinníollacha na seirbhísí sin, lena n-áirítear tagairtí don dlí náisiúnta is infheidhme agus do chearta cliant;

(b) 

cibé an bhfuil na seirbhísí sin á gcur ar fáil acu go díreach nó ag tríú páirtí.

5.  
Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar institiúidí ríomh-airgid, institiúidí íocaíochta nó institiúidí creidmheasa iad.

Airteagal 71

Nósanna imeachta láimhseála gearán

1.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nósanna imeachta éifeachtacha agus trédhearcacha a bhunú agus a choimeád ar bun chun gearáin a fhaightear ó chliaint a láimhseáil go pras agus ar bhealach cothrom agus comhsheasmhach, agus foilseoidh siad tuairiscí ar na nósanna imeachta sin.
2.  
Beidh cliaint in ann gearáin a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní saor in aisce.
3.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cliaint ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a dhéanamh. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní teimpléad chun géaráin a dhéanamh ar fáil do chliaint agus coinneoidh siad taifead ar na gearáin go léir a fhaightear agus aon bhearta a dhéantar mar fhreagairt orthu.
4.  
Imscrúdóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gach gearán ar bhealach tráthúil agus cothrom agus cuirfidh siad torthaí imscrúduithe den sórt sin in iúl dá gcliaint laistigh de thréimhse réasúnta ama.
5.  
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais, na teimpléid agus na nósanna imeachta láimhseála gearán a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 72

Coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh

1.  

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh, chun coinbhleachtaí leasa idir na nithe seo a leanas a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh:

(a) 

iad féin agus:

(i) 

a scairshealbhóirí nó a gcomhaltaí;

(ii) 

aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó lena scairshealbhóirí nó lena gcomhaltaí trí rialú;

(iii) 

comhaltaí dá gcomhlacht bainistíochta;

(iv) 

a bhfostaithe; nó

(v) 

a gcliaint; nó

(b) 

dhá chliant nó níos mó a bhfuil a leasanna frithpháirteacha ag teacht salach ar a chéile.

2.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cineál ginearálta agus foinsí na gcoinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta a rinneadh chun iad a mhaolú a nochtadh, in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin, dá gcliaint agus dá gcliaint ionchasacha.
3.  
Déanfar an nochtadh dá dtagraítear i mír 2 i bhformáid leictreonach agus beidh mionsonraí leordhóthanacha ann, ag cur cineál gach cliaint san áireamh, chun cur ar chumas gach cliaint cinneadh feasach a dhéanamh faoin tseirbhís cripteashócmhainní i gcomhthéacs na gcoinbhleachtaí leasa a thiocfaidh chun cinn.
4.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní measúnú ar a mbeartas maidir le coinbhleachtaí leasa, agus déanfaidh siad é a athbhreithniú go bliantúil ar a laghad, agus déanfaidh siad gach beart iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith sin.
5.  

Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:

(a) 

na ceanglais maidir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh;

(b) 

na mionsonraí agus an mhodheolaíocht maidir le hábhar an nochta dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 73

Seachfhoinsiú

1.  

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sheachfhoinsíonn seirbhísí nó gníomhaíochtaí go tríú páirtithe chun feidhmeanna oibríochta a fheidhmiú gach beart réasúnach chun riosca oibriúcháin breise a sheachaint. Leanfaidh siad de bheith freagrach go hiomlán as a n-oibleagáidí go léir a chomhlíonadh de bhun an Teidil seo agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:

(a) 

ní bhíonn tarmligean fhreagracht na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní mar thoradh ar sheachfhoinsiú;

(b) 

ní athraíonn seachfhoinsiú an caidreamh idir na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus a gcliaint, ná oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i leith a gcliant;

(c) 

ní athraíonn seachfhoinsiú na coinníollacha d’údarú na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;

(d) 

oibríonn tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú i gcomhar leis an údarás inniúil i mBallstát baile an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus ní choisceann an seachfhoinsiú feidhmiú fheidhmeanna maoirseachta na n-údarás inniúil, lena n-áirítear rochtain ar an láthair chun teacht ar aon fhaisnéis ábhartha atá ag teastáil chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;

(e) 

coinníonn na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na seirbhísí seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann le seachfhoinsiú a bhainistiú ar bhonn leanúnach;

(f) 

bíonn rochtain dhíreach ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí seachfhoinsithe;

(g) 

áirithíonn soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní go gcomhlíonann tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú caighdeáin cosanta sonraí an Aontais.

Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír, tá soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní freagrach as a áirithiú go leagtar amach na caighdeáin cosanta sonraí sna comhaontuithe i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3.

2.  
Beidh beartas ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní maidir lena seachfhoinsiú, lena n-áirítear maidir le pleananna teagmhais agus straitéisí imeachta, agus scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear á gcur san áireamh.
3.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a gcearta agus a n-oibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí na dtríú páirtithe a bhfuil siad ag seachfhoinsiú chucu a shainmhíniú i gcomhaontú i scríbhinn. Tabharfaidh comhaontuithe seachfhoinsithe an ceart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na comhaontuithe sin a fhoirceannadh.
4.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus tríú páirtithe an fhaisnéis uile atá riachtanach do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis eile lena mbaineann ar fáil, arna iarraidh sin, ar faisnéis í lena gcumasaítear na húdaráis sin chun comhlíonadh cheanglais an Teidil seo ag na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a mheas.

Airteagal 74

Clabhsúr ordúil de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

Beidh plean i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagail 75 go 79, ar plean é atá iomchuí chun tacú le clabhsúr ordúil a ngníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear leanúnachas nó téarnamh aon ghníomhaíochtaí criticiúla a dhéanann na soláthraithe seirbhísí sin. Leis an bplean sin, léireofar cumas soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní clabhsúr ordúil a chur i gcrích gan dochar míchuí eacnamaíoch a dhéanamh dá gcliaint.

CAIBIDIL 3

Oibleagáidí i dtaca le seirbhísí cripteashócmhainní sonracha

Airteagal 75

Cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant

1.  

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant comhaontú a thabhairt i gcrích lena gcliaint chun a ndualgais agus a bhfreagrachtaí a shonrú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad i gcomhaontú den sórt sin:

(a) 

céannacht na bpáirtithe sa chomhaontú;

(b) 

cineál na seirbhíse cripteashócmhainní a sholáthraítear agus tuairisc ar an tseirbhís sin;

(c) 

an beartas cumhdaigh;

(d) 

na modhanna cumarsáide idir an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus an cliant, lena n-áirítear córas fíordheimhniúcháin an chliaint;

(e) 

tuairisc ar na córais slándála a úsáideann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(f) 

na táillí, na costais agus na muirir a ghearrann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(g) 

an dlí is infheidhme.

2.  
Coinneoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant clár suíomhanna, arna n-oscailt in ainm gach cliaint, a chomhfhreagraíonn do chearta gach cliaint ar na cripteashócmhainní. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní aon ghluaiseachtaí de réir treoracha óna gcuid cliant a thaifeadadh sa chlár sin a luaithe is féidir. I gcásanna den sórt sin, áiritheofar lena nósanna imeachta inmheánacha go léireofar aon ghluaiseacht a mbeidh tionchar aici ar chlárú na gcripteashócmhainní le hidirbheart a chláraítear go tráthrialta i gclár suíomhanna an chliaint.
3.  
Bunóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant beartas cumhdaigh ina bhfuil rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha chun slánchoimeád nó rialú cripteashócmhainní den sórt sin a áirithiú, nó na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní,

Leis an mbeartas cumhdaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, íoslaghdófar an riosca go gcaillfí cripteashócmhainní cliant nó na cearta a bhaineann leis na cripteashócmhainní sin nó na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní mar gheall ar chalaois, cibearbhagairtí nó faillí.

Cuirfear achoimre ar an mbeartas cumhdaigh ar fáil do chliaint arna iarraidh sin dóibh i bhformáid leictreonach.

4.  
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant feidhmiú na gceart a ghabhann leis na cripteashócmhainní a éascú. Déanfar aon teagmhas ar dóigh dó cearta cliaint a chruthú nó a mhodhnú a thaifeadadh láithreach i gclár suíomhanna an chliaint.

I gcás ina bhfuil athruithe ar an mbunteicneolaíocht mórleabhar dáilte nó ar aon teagmhas eile ar dócha go gcruthóidh nó go modhnóidh sé cearta cliaint, beidh an cliant i dteideal aon chripteashócmhainní nó aon chearta nuachruthaithe ar bhonn agus ar mhéid shuíomhanna an chliaint tráth a dtarlaíonn an t-athrú nó an teagmhas sin, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sainráite le comhaontú bailí arna shíniú leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant de bhun mhír 1 roimh an athrú nó an teagmhas sin.

5.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant ráiteas ar shuíomh na gcripteashócmhainní atá taifeadta in ainm na gcliant ar fáil dá gcliaint uair amháin gach 3 mhí ar a laghad agus ar an iarraidh ón gcliant lena mbaineann. Is i bhformáid leictreonach a dhéanfar an ráiteas ar shuíomh sin. Sainaithneofar na cripteashócmhainní lena mbaineann, a n-iarmhéid, a luach agus an t-aistriú cripteashócmhainní a rinneadh le linn na tréimhse lena mbaineann sa ráiteas ar shuíomh.

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant aon fhaisnéis ar fáil a luaithe is féidir dá gcliaint maidir le hoibríochtaí ar chripteashócmhainní a dteastaíonn freagairt ó na cliaint sin ina leith.

6.  
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant go gcuirfear nósanna imeachta is gá i bhfeidhm chun go dtabharfar cripteashócmhainní atá á gcoimeád thar ceann a gcliant, nó na bealaí rochtana, ar ais do na cliaint sin a luaithe is féidir.
7.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant sealúchais cripteashócmhainní a leithscaradh thar ceann a gcliant óna sealúchais féin agus áiritheoidh siad go sainaithneofar go soiléir na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní a gcliant mar mhodhanna rochtana. Áiritheoidh siad, ar an mórleabhar dáilte, go gcoinneofar cripteashócmhainní a gcliant ar leithligh óna gcripteashócmhainní féin.

Déanfar na cripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach a leithscaradh go dlíthiúil ó eastát an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar mhaithe le leas chliaint an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, ionas nach mbeidh aon iontaoibh ag creidiúnaithe an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar chripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, go háirithe i gcás dócmhainneachta.

Áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní go ndéanfar na cripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach a leithscaradh go hoibríochtúil ó eastát an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.

8.  
Beidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant faoi dhliteanas dá gcliaint maidir le caillteanas aon chripteashócmhainní nó na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní mar thoradh ar theagmhas atá inchurtha i leith na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Cuirfear uasteorainn le dliteanas an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ag luach margaidh na cripteashócmhainne a cailleadh, tráth a tharla an caillteanas.

Áirítear ar theagmhais nach bhfuil inchurtha i leith an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní aon teagmhas a léiríonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina leith gur tharla sé go neamhspleách ar sholáthar na seirbhíse ábhartha, nó go neamhspleách ar oibríochtaí an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, amhail fadhb a bhaineann go dlúth le hoibriú an mhórleabhair dáilte nach rialaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.

9.  
Má bhaineann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant úsáid as soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eile den tseirbhís sin, ní bhainfidh siad úsáid ach as soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 59.

Soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant agus a bhaineann úsáid as soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eile den tseirbhís sin, cuirfidh siad a gcliaint ar an eolas faoi sin.

Airteagal 76

Ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú

1.  

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní rialacha oibriúcháin soiléire agus trédhearcacha a leagan síos, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme don ardán trádála. Déanfar an méid seo a leanas ar a laghad sna rialacha oibriúcháin sin:

(a) 

socrófar na próisis um fhormheas, lena n-áirítear ceanglais maidir le dícheall cuí custaiméara a bheidh i gcomhréir leis an riosca sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an iarratasóir i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, a chuirfear i bhfeidhm sula ligfear isteach cripteashócmhainní ar an ardán trádála;

(b) 

déanfar catagóirí eisiaimh, más ann dóibh, a shainmhíniú maidir leis na cineálacha cripteashócmhainní nach ligtear isteach chun a dtrádála;

(c) 

leagfar amach na beartais, na nósanna imeachta agus na leibhéil táillí, más ann dóibh, maidir le ligean isteach chun trádála;

(d) 

socrófar rialacha oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha agus critéir chomhréireacha maidir le rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí trádála, a chuireann rochtain chothrom agus oscailte ar an ardán chun cinn le haghaidh cliaint ar mian leo trádáil;

(e) 

socrófar rialacha agus nósanna imeachta neamhroghnacha chun trádáil chothrom ordúil agus critéir oibiachtúla a áirithiú chun orduithe a fhorghníomhú go héifeachtúil;

(f) 

socrófar coinníollacha ionas go bhfanfaidh cripteashócmhainní inrochtana le haghaidh trádála, lena n-áirítear tairseacha leachtachta agus ceanglais maidir le nochtadh tréimhsiúil;

(g) 

socrófar coinníollacha faoinar féidir trádáil cripteashócmhainní a chur ar fionraí;

(h) 

socrófar nósanna imeachta chun socrú éifeachtúil cripteashócmhainní agus cistí a áirithiú.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, luafar go soiléir sna rialacha oibríochta nach ligfear cripteashócmhainn isteach chun a trádála i gcás nár foilsíodh páipéar bán comhfhreagrach maidir le cripteashócmhainní sna cásanna a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

2.  
Sula ligfear isteach cripteashócmhainn chun a trádála, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní go gcomhlíonann an chripteashócmhainn rialacha oibriúcháin an ardáin trádála agus déanfaidh siad oiriúnacht na cripteashócmhainne lena mbaineann a mheasúnú. Agus measúnú á dhéanamh acu ar oiriúnacht cripteashócmhainne, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála meastóireacht, go háirithe, ar iontaofacht na réiteach teicniúil a úsáidtear agus ar an mbaint a d’fhéadfadh a bheith ann le gníomhaíochtaí aindleathacha nó calaoiseacha, agus taithí, cuntas teiste agus clú eisitheoir na gcripteashócmhainní sin agus a fhoirne forbartha á gcur san áireamh. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála measúnú freisin ar oiriúnacht na gcripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d).
3.  
Coiscfidh rialacha oibriúcháin an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála a bhfuil feidhm anaithnidithe ionsuite acu ach amháin más féidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní sealbhóirí na gcripteashócmhainní sin agus a stair idirbhearta a shainaithint.
4.  
Déanfar na rialacha oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

Má chuirtear oibriú ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní ar fáil i mBallstát eile, déanfar na rialacha oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

5.  
Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní déileáil ar a gcuntas féin ar an ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibríonn siad, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn siad malartú cripteashócmhainní ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile.
6.  
Ní cheadófar do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní dul i mbun trádáil bhunairgid mheaitseáilte ach amháin i gcás inar thoiligh an cliant leis an bpróiseas sin. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis don údarás inniúil lena míneofar an úsáid a bhaineann siad as trádáil bhunairgid mheaitseáilte. Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar rannpháirtíocht soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i dtrádáil bhunairgid mheaitseáilte, agus áiritheoidh sé go leanfaidh sí de bheith rannpháirteach i dtrádáil bhunairgid mheaitseáilte a thagann faoin sainmhíniú ar an trádáil sin agus nach n-eascróidh coinbhleachtaí leasa idir na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus a gcliaint.
7.  

Beidh córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní chun an méid seo a leanas a áirithiú maidir lena gcórais trádála:

(a) 

go bhfuil siad athléimneach;

(b) 

go bhfuil cumas leordhóthanach acu chun déileáil le buaic-líonta orduithe agus teachtaireachtaí;

(c) 

go bhfuil siad in ann trádáil ordúil a áirithiú tráth a bhíonn dálaí diana anáis sa mhargadh;

(d) 

gur féidir leo orduithe a sháraíonn na tairseacha réamhchinntithe maidir le méid agus praghas nó ar léir go bhfuil siad earráideach a dhiúltú;

(e) 

go ndéantar iad a thástáil go hiomlán chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha faoi phointí (a) go (d);

(f) 

go bhfuil siad faoi réir socruithe um leanúnachas gnó chun leanúnachas a seirbhísí a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar an gcóras trádála;

(g) 

go bhfuil siad in ann drochúsáid margaidh a chosc nó a bhrath;

(h) 

go bhfuil siad láidir go leor chun drochúsáid ar mhaithe le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.

8.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a n-údarás inniúil ar an eolas nuair a shainaithníonn siad cásanna de dhrochúsáid margaidh nó d’iarracht ar dhrochúsáid margaidh a tharlaíonn ar a gcórais trádála nó trína gcórais trádála.
9.  
Poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní aon tairiscint agus iarrfaidh siad praghsanna agus leibhéal an leasa trádála ag na praghsanna sin a fhógraítear le haghaidh cripteashócmhainní trína n-ardáin trádála. Cuirfidh na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn uaireanta trádála.
10.  
Poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní praghas, méid agus am na n-idirbheart a forghníomhaíodh i leith cripteashócmhainní a trádáladh ar a n-ardáin trádála. Déanfaidh siad na mionsonraí sin le haghaidh gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
11.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní an fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le míreanna 9 agus 10 ar fáil don phobal ar bhonn réasúnta tráchtála agus áiritheoidh siad rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis sin. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis foilsiú i bhformáid atá meaisín-inléite agus leanfaidh sí de bheith foilsithe ar feadh 2 bhliain ar a laghad.
12.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní tús le socraíocht deiridh idirbhirt cripteashócmhainne ar an mórleabhar dáilte laistigh de 24 uair an chloig ó fhorghníomhú an idirbhirt ar an ardán trádála nó, i gcás idirbheart a shocraítear lasmuigh den mhórleabhar dáilte, faoi dhúnadh an lae ar a dhéanaí.
13.  
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní go bhfuil a struchtúir maidir le táillí trédhearcach, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach agus nach gcruthaíonn siad dreasachtaí chun orduithe a chur isteach, a mhodhnú nó a chealú nó chun idirbhearta a fhorghníomhú ar bhealach a gcuireann le coinníollacha trádála mí-ordúla nó le drochúsáid margaidh dá dtagraítear i dTeideal VI.
14.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní acmhainní a chothabháil agus beidh saoráidí cúltaca i bhfeidhm acu chun bheith in ann tuairisciú dá n-údarás inniúil i gcónaí.
15.  
Coinneoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú i gcripteashócmhainní a fhógraítear trína gcórais ar fáil don údarás inniúil, ar feadh cúig bliana ar a laghad, nó tabharfaidh siad rochtain don údarás inniúil ar an leabhar orduithe ionas go mbeidh an t-údarás inniúil in ann faireachán a dhéanamh ar an ngníomhaíocht trádála. Beidh saintréithe an ordaithe sna sonraí ábhartha sin, lena n-áirítear na saintréithe sin a nascann ordú leis na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn as an ordú sin.
16.  

Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:

(a) 

an chaoi a ndéanfar sonraí trédhearcachta, lena n-áirítear leibhéal imdhealaithe na sonraí atá le cur ar fáil don phobal dá dtagraítear i míreanna 1, 9 agus 10 a chur i láthair;

(b) 

inneachar agus formáid na dtaifead leabhar orduithe atá le coimeád mar a shonraítear i mír 15.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 77

Cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile

1.  
Bunóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a mhalartaíonn cripteashócmhainní ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile beartas tráchtála neamh-idirdhealaitheach lena léirítear, go háirithe, an cineál cliant a aontaíonn siad chun idirbheart a dhéanamh leis na cliaint sin agus na coinníollacha a chomhlíonfaidh cliaint den sórt sin.
2.  
Foilseoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a mhalartaíonn cripteashócmhainní ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile praghas daingean na gcripteashócmhainní nó modh chun praghas na gcripteashócmhainní a bheartaíonn siad a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile a chinneadh, agus aon teorainn is infheidhme arna cinneadh ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin maidir leis an méid atá le malartú.
3.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a mhalartaíonn cripteashócmhainní ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile orduithe cliant a fhorghníomhú ag na praghsanna a thaispeántar nuair a bhíonn an t-ordú le haghaidh malartaithe críochnaitheach. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a gcliaint ar an eolas faoi na coinníollacha chun go measfar a n-ordú a bheith críochnaitheach.
4.  
Foilseoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a mhalartaíonn cripteashócmhainní ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile faisnéis faoi na hidirbhearta a thug siad i gcrích, amhail méideanna agus praghsanna idirbheart.

Airteagal 78

Orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant

1.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant gach beart is gá, nuair atá orduithe á bhforghníomhú acu, chun an toradh is fearr a fháil dá gcliaint agus tosca á gcur san áireamh acu, is iad sin praghas, costas, luas, dóchúlacht an fhorghníomhaithe agus na socraíochta, méid, cineál, coinníollacha cumhdaigh na gcripteashócmhainní nó aon chúinse eile atá ábhartha d’fhorghníomhú an ordaithe.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant na bearta is gá dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh i gcásanna ina bhforghníomhaíonn siad orduithe le haghaidh cripteashócmhainní de réir treoracha sonracha arna dtabhairt ag a gcliaint.

2.  
Chun comhlíonadh mhír 1 a áirithiú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant socruithe forghníomhúcháin éifeachtacha a bhunú agus a chur chun feidhme. Go háirithe, déanfaidh siad beartas forghníomhúcháin orduithe a bhunú agus a chur chun feidhme chun a chur ar a gcumas mír 1 a chomhlíonadh. Déanfar foráil sa bheartas forghníomhúcháin orduithe, i measc nithe eile, maidir le forghníomhú pras, cothrom agus gasta orduithe cliant agus mí-úsáid a d’fhéadfadh fostaithe na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhaint as aon fhaisnéis a bhaineann le horduithe cliant a chosc.
3.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant faisnéis iomchuí agus shoiléir ar fáil dá gcliaint maidir lena mbeartas forghníomhúcháin orduithe dá dtagraítear i mír 2 agus maidir le haon athrú suntasach air. Míneofar go soiléir san fhaisnéis sin, le mionsonraí leordhóthanacha agus ar bhealach is féidir le cliaint a thuiscint go héasca, conas a dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní orduithe cliant a fhorghníomhú. Gheobhaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní réamhthoiliú ó gach cliant maidir leis an mbeartas forghníomhúcháin orduithe.
4.  
Beidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant in ann a léiriú dá gcliaint, arna iarraidh sin dóibh, go bhfuil a n-orduithe forghníomhaithe acu i gcomhréir lena mbeartas forghníomhúcháin orduithe agus beidh siad in ann a léiriú don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó, go gcomhlíonann siad an tAirteagal seo.
5.  
I gcás ina bhforáiltear leis an mbeartas forghníomhúcháin orduithe go bhféadfaí orduithe cliant a fhorghníomhú lasmuigh d’ardán trádála, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant a gcuid cliant ar an eolas faoin bhféidearthacht sin agus gheobhaidh siad toiliú sainráite roimh ré óna gcliaint sula rachaidh siad ar aghaidh lena n-orduithe a fhorghníomhú lasmuigh d’ardán trádála, i bhfoirm comhaontú ginearálta nó i ndáil le hidirbhearta aonair.
6.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant faireachán ar éifeachtacht a socruithe forghníomhúcháin orduithe agus a mbeartais forghníomhúcháin orduithe chun aon easnaimh ina leith sin a shainaithint agus, i gcás inarb iomchuí, a cheartú. Go háirithe, déanfaidh siad measúnú, ar bhonn tráthrialta, i dtaobh an soláthraíonn na hionaid forghníomhúcháin a áirítear sa bheartas forghníomhúcháin orduithe an toradh is fearr is féidir do chliaint nó an gá dóibh athruithe a dhéanamh ar a socruithe forghníomhúcháin orduithe. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant fógra do chliaint a bhfuil caidreamh cliaint leanúnach acu leo faoi aon athruithe ábhartha ar a socruithe forghníomhúcháin orduithe nó ar a mbeartas forghníomhúcháin orduithe.

Airteagal 79

Cripteashócmhainní a láithriú

1.  

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a láithríonn cripteashócmhainní an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl don tairgeoir, don duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann, sula ndéanfaidh siad comhaontú leo:

(a) 

an cineál socraithe atá á bhreithniú, lena n-áirítear cibé a ráthaítear nó nach ráthaítear íosmhéid ceannaigh;

(b) 

léiriú faoi mhéid na dtáillí idirbheart a bhaineann leis an láithriú beartaithe;

(c) 

an t-uainiú, próiseas agus praghas is dócha a bheidh ann don oibríocht bheartaithe;

(d) 

faisnéis faoi na ceannaitheoirí a spriocdhírítear orthu.

Gheobhaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a láithríonn cripteashócmhainní, sula láithríonn siad na cripteashócmhainní sin, comhaontú eisitheoirí na gcripteashócmhainní sin nó aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann i ndáil leis an bhfaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír.

2.  

Beidh nósanna imeachta sonracha agus leordhóthanacha i bhfeidhm ag rialacha soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní maidir le coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagal 72(1) chun aon choinbhleachtaí leasa a eascraíonn as na cásanna seo a leanas a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh:

(a) 

láithríonn soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na cripteashócmhainní lena gcliaint féin;

(b) 

déantar rómheastachán nó gannmheastachán ar an bpraghas beartaithe do láithriú na gcripteashócmhainní;

(c) 

íocann nó deonaíonn an tairgeoir dreasachtaí, lena n-áirítear dreasachtaí neamhairgeadaíochta, le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

Airteagal 80

Orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a ghlacadh agus a tharchur thar ceann cliant

1.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhaigheann agus a tharchuireann orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant nósanna imeachta agus socruithe a bhunú agus a chur chun feidhme lena bhforálfar do tharchur pras agus cuí orduithe cliant lena bhforghníomhú ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní nó chuig soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní eile.
2.  
Ní bhfaighidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhaigheann agus a tharchuireann orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant aon luach saothair, lascaine ná sochar neamhairgeadaíochta mar mhalairt ar orduithe arna bhfáil ó chliaint a ródú chuig ardán trádála áirithe le haghaidh cripteashócmhainní nó chuig soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní eile.
3.  
Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fhaigheann agus a tharchuireann orduithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant mí-úsáid a bhaint as faisnéis a bhaineann le horduithe cliaint atá ar feitheamh, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach chun mí-úsáid faisnéise den sórt sin ag aon duine dá bhfostaithe a chosc.

Airteagal 81

Comhairle a thabhairt maidir le cripteashócmhainní agus bainistiú punainne cripteashócmhainní a sholáthar

1.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní measúnú i dtaobh an bhfuil na seirbhísí cripteashócmhainní nó na cripteashócmhainní oiriúnach dá gcliaint nó dá gcliaint ionchasacha, ag tabhairt aird ar a gcuid eolais agus taithí maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i gcripteashócmhainní, a gcuspóirí infheistíochta, lena n-áirítear lamháltas riosca, agus a staid airgeadais, lena n-áirítear a gcumas caillteanais a iompar.
2.  

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní, in am trátha sula dtabharfaidh siad comhairle maidir le cripteashócmhainní, cliaint ionchasacha ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cibé an soláthraítear nó nach soláthraítear an chomhairle ar bhonn neamhspleách;

(b) 

cibé an bhfuil sí bunaithe ar anailís leathan nó ar anailís níos srianta ar chripteashócmhainní éagsúla, lena n-áirítear i dtaobh an bhfuil an chomhairle teoranta do chripteashócmhainní arna n-eisiúint nó arna dtairiscint ag eintitis a bhfuil dlúthnaisc acu leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó le haon chaidreamh dlíthiúil nó eacnamaíoch eile, amhail caidrimh chonarthacha, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do neamhspleáchas na comhairle a sholáthraítear.

3.  

I gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní in iúl don chliant ionchasach go soláthraítear comhairle ar bhonn neamhspleách, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

measúnú ar raon leordhóthanach cripteashócmhainní atá ar fáil ar an margadh agus nach mór a bheith éagsúil go leor chun a áirithiú gur féidir cuspóirí infheistíochta an chliaint a bhaint amach go hiomchuí agus nár cheart a bheith teoranta do chripteashócmhainní a eisíonn nó a sholáthraíonn:

(i) 

an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní céanna sin;

(ii) 

eintitis a bhfuil dlúthnaisc acu leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní céanna sin; nó

(iii) 

eintitis eile a bhfuil dlúthchaidrimh dhlíthiúla nó eacnamaíocha ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní céanna sin leo, amhail caidreamh conarthach, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhunús neamhspleách na comhairle a thugtar;

(b) 

gan glacadh le táillí, coimisiúin ná aon sochair airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta arna n-íoc nó arna soláthar ag aon tríú páirtí nó ag duine atá ag gníomhú thar ceann tríú páirtí i ndáil leis an tseirbhís a sholáthar do chliaint, agus gan na táillí, coimisiúin ná sochair sin a choinneáil.

D’ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír, ceadófar mionsochair neamhairgeadaíochta atá in ann cáilíocht na seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear do chliant a fheabhsú agus atá de scála agus de chineál nach gcuireann siad isteach ar chomhlíonadh oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní gníomhú chun leasa a chliaint i gcásanna ina nochtar go soiléir iad don chliant.

4.  
Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní faisnéis do chliaint ionchasacha freisin maidir leis na costais agus na muirir ghaolmhara uile, lena n-áirítear costas na comhairle, i gcás inarb infheidhme, costas na gcripteashócmhainní a mholtar nó a mhargaítear don chliant agus conas a cheadaítear don chliant íoc as na cripteashócmhainní, lena gcuimsítear aon íocaíochtaí tríú páirtí freisin.
5.  
Ní ghlacfaidh ná ní choimeádfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní táillí, coimisiúin ná aon sochair airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta arna n-íoc nó arna soláthar ag eisitheoir, tairgeoir, duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó aon tríú páirtí, nó duine a ghníomhaíonn thar ceann tríú páirtí, i ndáil le bainistiú punainne cripteashócmhainní a sholáthar dá gcliaint.
6.  

I gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní in iúl do chliant ionchasach nach soláthraíonn sé comhairle ar bhonn neamhspleách, féadfaidh an soláthraí sin aslaigh a fháil faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil an íocaíocht nó an sochar deartha chun cáilíocht na seirbhíse ábhartha a fheabhsú don chliant; agus

(b) 

nach gcuireann an íocaíocht ná an sochar isteach ar chomhlíonadh na hoibleagáide atá ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil i gcomhréir le leasanna a chliant.

Déanfar láithreacht, cineál agus méid na híocaíochta nó an tsochair dá dtagraítear i mír 4, nó, i gcás nach féidir an méid a fhionnadh, an modh chun an méid sin a ríomh, a nochtadh go soiléir don chliant, ar bhealach atá cuimsitheach, cruinn agus intuigthe, sula soláthrófar an tseirbhís cripteashócmhainní ábhartha.

7.  
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní go bhfuil an t-eolas agus an inniúlacht is gá ag daoine nádúrtha a thugann comhairle nó faisnéis faoi chripteashócmhainní, ar a son, chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Foilseoidh na Ballstáit na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar eolas agus inniúlacht den sórt sin.
8.  
Chun críocha an mheasúnaithe oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1, gheobhaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní an fhaisnéis is gá óna gcliaint nó óna gcliaint ionchasacha maidir lena n-eolas agus a dtaithí ar infheistiú, lena n-áirítear i gcripteashócmhainní, a gcuspóirí infheistíochta, lena n-áirítear lamháltas riosca, a staid airgeadais lena n-áirítear a gcumas caillteanais a iompar agus a mbuntuiscint ar na rioscaí a bhaineann le cripteashócmhainní a cheannach, ionas go gcuirfear ar chumas soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a mholadh do chliaint nó do chliaint ionchasacha i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil na cripteashócmhainní oiriúnach dóibh agus, go háirithe, an bhfuil siad i gcomhréir lena lamháltas riosca agus lena gcumas caillteanais a iompar.
9.  

Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní rabhadh do chliaint nó do chliaint ionchasacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

d’fhéadfadh luach cripteashócmhainní athrú;

(b) 

d’fhéadfadh na cripteashócmhainní a bheith faoi réir caillteanais iomlána nó pháirteacha;

(c) 

d’fhéadfadh sé nach cripteashócmhainní leachtacha iad na cripteashócmhainní;

(d) 

i gcás inarb infheidhme, ní chumhdaítear na cripteashócmhainní leis na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí faoi Threoir 97/9/CE;

(e) 

ní chumhdaítear na cripteashócmhainní leis na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 2014/49/AE.

10.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní beartais agus nósanna imeachta a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme chun a chur ar a gcumas an fhaisnéis uile is gá a bhailiú agus a mheasúnú chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh do gach cliant. Déanfaidh siad gach beart réasúnach chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a bhaileofar faoina gcliaint nó faoina gcliaint ionchasacha iontaofa.
11.  
I gcás nach soláthraíonn cliaint an fhaisnéis is gá de bhun mhír 8, nó i gcás ina measann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní nach bhfuil na seirbhísí cripteashócmhainní ná na cripteashócmhainní oiriúnach dá gcliaint, ní mholfaidh siad seirbhísí cripteashócmhainní ná cripteashócmhainní den sórt sin, ná ní chuirfidh siad tús le bainistiú punainne na gcripteashócmhainní sin a sholáthar.
12.  
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní athbhreithniú tráthrialta i leith gach cliaint ar an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1 gach dhá bhliain ar a laghad tar éis an mheasúnaithe tosaigh arna dhéanamh i gcomhréir leis an mír sin.
13.  

A luaithe a dhéanfar an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1 nó an t-athbhreithniú air faoi mhír 12, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní tuarascáil ar oiriúnacht ar fáil do chliaint lena sonraítear an chomhairle a tugadh agus conas a chomhlíonann an chomhairle sin roghanna, cuspóirí agus saintréithe eile na gcliant. Is i bhformáid leictreonach a dhéanfar an tuairisc agus a chuirfear in iúl do chliaint í. Sa tuairisc sin, ar a laghad:

(a) 

áireofar faisnéis nuashonraithe maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1; agus

(b) 

soláthrófar achoimre ar an gcomhairle a tugadh.

Léireofar go soiléir sa tuarascáil ar oiriúnacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír go bhfuil an chomhairle bunaithe ar eolas agus taithí an chliaint maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i gcripteashócmhainní, ar chuspóirí infheistíochta, lamháltas riosca, staid airgeadais an chliaint agus ar chumas an chliaint caillteanais a iompar.

14.  
Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn bainistiú punainne cripteashócmhainní ráitis thréimhsiúla dá gcliaint, i bhformáid leictreonach, maidir leis na gníomhaíochtaí bainistithe punainne a dhéantar thar a gceann. Sna ráitis thréimhsiúla sin beidh athbhreithniú cóir agus cothrom ar na gníomhaíochtaí a rinneadh agus ar fheidhmiú na punainne le linn na tréimhse tuairiscithe, ráiteas nuashonraithe maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann na gníomhaíochtaí a rinneadh roghanna, cuspóirí agus saintréithe eile an chliaint, chomh maith le faisnéis nuashonraithe maidir leis an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1 nó a athbhreithniú faoi mhír 12.

Soláthrófar an ráiteas tréimhsiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo gach 3 mhí, ach amháin i gcásanna ina bhfuil rochtain ag cliant ar chóras ar líne inar féidir rochtain a fháil ar luachálacha cothrom le dáta ar phunann an chliaint agus ar fhaisnéis nuashonraithe maidir leis an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1, agus ina bhfuil fianaise ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní go bhfuair an cliant rochtain ar luacháil uair amháin ar a laghad le linn na ráithe ábhartha. Measfar gur formáid leictreonach é an córas ar líne sin.

15.  

Déanfaidh ÚEUM, faoin 30 Nollaig 2024, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena sonraítear an méid seo a leanas:

▼C1

(a) 

na critéir chun measúnú a dhéanamh ar eolas agus inniúlacht i gcomhréir le mír 7;

▼B

(b) 

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 8; agus

(c) 

formáid an ráitis thréimhsiúil dá dtagraítear i mír 14.

Airteagal 82

Seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant

1.  

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant comhaontú a thabhairt i gcrích lena gcliaint chun a ndualgais agus a bhfreagrachtaí a shonrú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad i gcomhaontú den sórt sin:

(a) 

céannacht na bpáirtithe sa chomhaontú;

(b) 

tuairisc ar mhódúlachtaí na seirbhíse aistrithe arna soláthar;

(c) 

tuairisc ar na córais slándála a úsáideann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(d) 

na táillí a ghearrann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(e) 

an dlí is infheidhme.

2.  
Eiseoidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní thar ceann cliant maidir le nósanna imeachta agus beartais, lena n-áirítear cearta cliant, i gcomhthéacs seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní.

CAIBIDIL 4

Éadáil soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

Airteagal 83

Measúnú ar éadálacha beartaithe soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

1.  
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó daoine den sórt sin a ghníomhaíonn de chomhbheart dóibh (‘an faighteoir beartaithe’) a rinne cinneadh sealúchas cáilitheach a fháil i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin a mhéadú, go díreach nó go hindíreach, ionas go sroichfeadh cion na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear 20 %, 30 % nó 50 % nó níos mó ná sin, nó ionas go mbeadh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina fhochuideachta, tabharfaidh siad fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin ina léireofar méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun na gcaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 84(4).
2.  
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh an duine sin fógra i scríbhinn don údarás inniúil, sula ndéanfaidh an duine sin an sealúchas sin a dhiúscairt, faoina chinneadh agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais sin le fios. Tabharfaidh an duine sin fógra freisin don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní de bheith ina fhochuideachta de chuid an duine sin.
3.  
Admhóidh an t-údarás inniúil, go pras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ó fhógra a fháil de bhun mhír 1, i scríbhinn go bhfuarthas é.
4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun na gcaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 84(4) laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal. Agus admháil á tabhairt aige go bhfuarthas an fógra, cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe.
5.  
Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle leis údarás inniúil maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta agus aonaid um fhaisnéis airgeadais agus breithneoidh sé a dtuairimí go cuí.
6.  
Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á dhéanamh acu, féadfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú sin a chur i gcrích a iarraidh ar an bhfaighteoir beartaithe. Déanfar an iarraidh sin sula dtabharfar an measúnú chun críche, agus tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre ón dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 3. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá iontu.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an tréimhse mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4 ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faighte acu. Ní rachaidh an tréimhse fionraí thar 20 lá oibre. Ní bheidh aon fhionraí bhreise ar thréimhse an mheasúnaithe mar thoradh ar aon iarrataí ón údarás inniúil ina dhiaidh sin ar fhaisnéis bhreise nó ar shoiléiriú ar fhaisnéis a fuarthas.

Féadfaidh an t-údarás inniúil an fhionraí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fhadú suas le 30 lá oibre más rud é go bhfuil an faighteoir beartaithe suite lasmuigh den Aontas nó go bhfuil sé á rialáil faoi dhlí tríú tír.

7.  
An t-údarás inniúil, ar an measúnú dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt i gcrích, a chinneann cur in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin don fhaighteoir beartaithe laistigh de 2 lá oibre agus in aon chás roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4 arna fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 6, an dara agus an tríú fomhír. Tabharfar na cúiseanna leis an gcinneadh sin san fhógra.
8.  
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1 roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4 arna fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 6, an dara agus an tríú fomhír, measfar an éadáil bheartaithe a bheith formheasta.
9.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche, agus féadfaidh siad an uastréimhse sin a fhadú i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 84

Inneachar an mheasúnaithe ar éadálacha beartaithe na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

1.  

Agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) á dhéanamh acu, tabharfaidh an t-údarás inniúil breithmheas ar oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus ar fhóntacht airgeadais na héadála beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 83(1) i gcoinne gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a) 

clú an fhaighteora bheartaithe;

(b) 

clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní de thoradh na héadála beartaithe;

(c) 

fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe, go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó a bheartaítear agus a shaothraítear i leith an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(d) 

an mbeidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní in ann forálacha an Teidil seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(e) 

an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras, i dtaca leis an éadáil bheartaithe, go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) agus (5), faoi seach, de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh, nó gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena dhéanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

2.  
Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil cur i gcoinne na héadála beartaithe ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann déanamh amhlaidh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 83(4) neamhiomlán nó bréagach.
3.  
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha roimh ré maidir le leibhéal an tsealúchais cháilithigh a cheanglaítear a fháil faoin Rialachán seo ná ní cheadóidh siad dá n-údaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.
4.  
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear inneachar mionsonraithe na faisnéise is gá chun an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 83(4), an chéad fhomhír, a dhéanamh. Beidh an fhaisnéis atá de dhíth ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh, agus beidh sí comhréireach agus oiriúnaithe do chineál an fhaighteora bheartaithe agus don éadáil bheartaithe dá dtagraítear in Airteagal 83(1).

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 5

Soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha

Airteagal 85

Soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha a shainaithint

1.  
Measfar soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a bheith suntasach más rud é go bhfuil 15 mhilliún úsáideoir gníomhach ar a laghad aige san Aontas, ar an meán, in aon bhliain féilire amháin, i gcás ina ríomhtar an meán mar mheánlíon laethúil na n-úsáideoirí gníomhacha le linn na bliana féilire roimhe sin.
2.  
Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní fógra dá n-údaráis inniúla laistigh de 2 mhí tar éis dóibh an líon úsáideoirí gníomhacha a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach. I gcás ina gcomhaontaíonn an t-údarás inniúil go gcomhlíontar an tairseach a leagtar amach i mír 1, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM faoin méid sin.
3.  

Gan dochar do fhreagrachtaí na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile nuashonruithe bliantúla a sholáthar do Bhord Maoirseoirí ESMA maidir leis na forbairtí maoirseachta seo a leanas i ndáil le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha:

(a) 

údaruithe atá fós ar siúl nó a tugadh i gcrích, ar údaruithe iad dá dtagraítear in Airteagal 59;

(b) 

próisis atá fós ar siúl nó a tugadh i gcrích maidir le húdaruithe a tharraingt siar, ar próisis iad dá dtagraítear in Airteagal 64;

(c) 

cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú mar a leagtar amach in Airteagal 94(1), an chéad fhomhír, pointí (b), (c), (e), (f), (g), (y) agus (aa).

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile nuashonruithe níos minice a sholáthar do Bhord Maoirseoirí ESMA, nó fógra a thabhairt dó sula ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile aon chinneadh maidir leis an gcéad fhomhír, pointí (a), (b) nó (c).

4.  
Tar éis an nuashonraithe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3, féadfaidh Bord Maoirseoirí ESMA tuairimí a mhalartú.
5.  
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ESMA úsáid a bhaint as a chumhachtaí faoi Airteagail 29, 30, 31 agus 31b de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL VI

DROCHÚSÁID MARGAIDH A bhFUIL BAINT AG CRIPTEASHÓCMHAINNÍ LÉI A CHOSC AGUS A THOIRMEASC

Airteagal 86

Raon feidhme na rialacha maidir le drochúsáid margaidh

1.  
Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le gníomhuithe a dhéanann aon duine a bhfuil baint aige le cripteashócmhainní agus a ligtear isteach chun a dtrádála nó a bhfuil iarraidh déanta ina leith iad a ligean isteach chun a dtrádála.
2.  
Beidh feidhm ag an Teideal seo freisin maidir le haon idirbheart, ordú nó iompraíocht a bhaineann le cripteashócmhainní dá dtagraítear i mír 1, is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an t-idirbheart, an t-ordú nó an iompraíocht sin ar ardán trádála.
3.  
Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le gníomhuithe agus easnaimh, san Aontas agus i dtríú tíortha, a bhaineann le cripteashócmhainní dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 87

Faisnéis ón taobh istigh

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh faisnéis ón taobh istigh comhdhéanta de na cineálacha faisnéise seo a leanas:

(a) 

faisnéis de chineál beacht, nár poiblíodh, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir cripteashócmhainní amháin nó níos mó, le tairgeoir amháin nó níos mó nó le duine amháin nó níos mó a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó acu, nó le cripteashócmhainn amháin nó níos mó, agus ar dócha, dá gcuirfí ar fáil go poiblí í, go mbeadh éifeacht shuntasach aici ar phraghsanna na gcripteashócmhainní sin nó ar phraghas cripteashócmhainne gaolmhaire;

(b) 

maidir le daoine a bhfuil cúram orthu maidir le horduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant, ciallaíonn sé freisin faisnéis ar de chineál beacht í a chuireann cliant in iúl agus a bhaineann le horduithe an chliaint i gcripteashócmhainní atá ar feitheamh, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó, le tairgeoir amháin nó níos mó nó le duine amháin nó níos mó a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó acu nó le cripteashócmhainn amháin nó níos mó, agus ar dócha, dá gcuirfí ar fáil go poiblí í, go mbeadh éifeacht shuntasach aici ar phraghsanna na gcripteashócmhainní sin nó ar phraghas cripteashócmhainne gaolmhaire.

2.  
Chun críocha mhír 1, measfar go mbeidh faisnéis ina faisnéis de chineál beacht má léirítear leis an bhfaisnéis sin gur ann do thacar imthosca nó go bhféadfaí a bheith ag dréim leis, go réasúnach, go dtiocfadh ann don tacar imthosca sin, nó gur ann do theagmhas atá tarlaithe nó go bhféadfaí a bheith ag dréim leis, go réasúnach, go dtarlódh sé, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin sách sonrach chun go bhféadfaí tátal a bhaint as faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tacar imthosca sin nó an teagmhas sin ar phraghsanna na gcripteashócmhainní. I ndáil leis sin, i gcás próiseas a bhfuil fad bainte as, ar próiseas é atá beartaithe imthosca áirithe nó teagmhas áirithe a thuismiú nó a bheith ina chúis leis na himthosca sin nó an teagmhas sin amach anseo, ní hamháin gur féidir na himthosca sin nó an teagmhas sin atá le teacht a mheas mar fhaisnéis bheacht, ach is féidir a mheas freisin gur faisnéis bheacht céimeanna idirmheánacha an phróisis sin a bhaineann leis na himthosca sin nó an teagmhas sin atá le teacht a thuismiú nó na céimeanna idirmheánacha arb iad na himthosca sin nó an teagmhas sin atá le teacht is toradh.
3.  
Maidir le céim idirmheánach i bpróiseas a bhfuil fad bainte as, más rud é go gcomhlíonann sí, inti féin agus aisti féin, na critéir d’fhaisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear i mír 2, measfar gur faisnéis ón taobh istigh í.
4.  
Chun críocha mhír 1, ciallóidh faisnéis ar dócha go mbeadh éifeacht shuntasach aici ar phraghsanna cripteashócmhainní, dá bpoibleofaí í, faisnéis ar dócha do shealbhóir réasúnach cripteashócmhainní í a úsáid mar chuid den bhunús le cinntí infheistíochta an tsealbhóra.

Airteagal 88

Faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí

1.  
Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu an pobal a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoin bhfaisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 87 agus a bhaineann go díreach leo, ar bhealach ina gcuirfear ar chumas an phobail rochtain thapa a bheith acu ar an bhfaisnéis agus measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis. Ní dhéanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí ná daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nochtadh faisnéise ón taobh istigh don phobal a chomhcheangal le margú a gcuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu an fhaisnéis uile ón taobh istigh a bhfuil sé de cheangal orthu í a nochtadh go poiblí a phostáil agus a choinneáil ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad.
2.  

Féadfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, ar a bhfreagracht féin, moill a chur ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh don phobal dá dtagraítear in Airteagal 87 ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

is dócha go ndéanfaí dochar do leasanna dlisteanacha na n-eisitheoirí, na dtairgeoirí agus na ndaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, le nochtadh láithreach;

(b) 

ní dócha go gcuirfeadh an mhoill a bhaineann leis an nochtadh an pobal ar míthreoir;

(c) 

tá eisitheoirí, tairgeoirí nó na daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu in ann rúndacht na faisnéise sin a áirithiú.

3.  
I gcás inar chuir eisitheoir, tairgeoir nó duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gcomhréir le mír 2, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise agus soláthróidh sé míniú i scríbhinn faoin gcaoi ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, díreach tar éis an fhaisnéis a nochtadh don phobal. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach gcuirfear taifead den mhíniú sin ar fáil ach amháin arna iarraidh sin don údarás inniúil.
4.  

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na modhanna teicniúla a chinneadh do na nithe seo a leanas:

(a) 

nochtadh poiblí iomchuí faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear i mír 1; agus

(b) 

moill a chur ar nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 89

Toirmeasc ar dhéileáil cos istigh

1.  
Chun críocha an Rialacháin seo, meastar déileáil cos istigh a bheith ann i gcás ina mbíonn faisnéis ón taobh istigh ag duine agus ina n-úsáideann sé an fhaisnéis sin trí chripteashócmhainní lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, dá chuntas féin nó do chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach. Measfar freisin gur déileáil cos istigh é faisnéis ón taobh istigh a úsáid trí ordú maidir le cripteashócmhainn lena mbaineann an fhaisnéis sin a chealú nó a leasú i gcás inar socraíodh an t-ordú sula raibh an fhaisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann. Cuimsítear chomh maith le húsáid a bhaint as faisnéis ón taobh istigh tairiscint ó dhuine a thíolacadh, a mhodhnú nó a tharraingt siar dá chuntas féin nó do chuntas tríú páirtí.
2.  
Ní bheidh aon duine ag gabháil de dhéileáil cos istigh nó ag iarraidh a bheith ag gabháil di, ná ní úsáidfidh aon duine faisnéis ón taobh istigh maidir le cripteashócmhainní chun na cripteashócmhainní sin a fháil, nó a dhiúscairt, go díreach ná go hindíreach, cibé acu do chuntas féin an duine sin nó do chuntas tríú páirtí. Ní mholfaidh aon duine do dhuine eile a bheith ag gabháil do dhéileáil cos istigh ná ní dhéanfaidh sé duine eile a spreagadh le bheith ag gabháil do dhéileáil cos istigh.
3.  

Ní dhéanfaidh aon duine a bheidh i seilbh faisnéise ón taobh istigh maidir le cripteashócmhainní, ar bhonn na faisnéise sin ón taobh istigh, an méid seo a leanas a mholadh ná a spreagadh do dhuine eile:

(a) 

na cripteashócmhainní sin a fháil nó a dhiúscairt; nó

(b) 

ordú a bhaineann leis na cripteashócmhainní sin a chealú nó a leasú.

4.  
Is ionann moladh nó spreagadh a úsáid dá dtagraítear i mír 3 agus déileáil cos istigh de réir bhrí an Airteagail seo nuair is eol don duine nó nuair is ceart gur eol don duine sin a bhainfidh úsáid as an moladh nó as an spreagadh gur bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh atá sé.
5.  

Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige mar thoradh ar aon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a) 

duine atá ina chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an eisitheora, an tairgeora, nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;

(b) 

sealúchas a bheith aige i gcaipiteal de chuid an eisitheora, an tairgeora, nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;

(c) 

rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis i bhfeidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas nó i ndáil lena ról sa teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó i dteicneolaíocht chomhchosúil; nó

(d) 

baint a bheith aige le gníomhaíochtaí coiriúla.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le haon duine a mbeidh faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige faoi chúinsí seachas na cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa chás inarb eol don duine sin, nó inar cheart gurbh eol dó, gur faisnéis ón taobh istigh atá ann.

6.  
Nuair is duine dlítheanach é an duine dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na daoine nádúrtha a bheidh rannpháirteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, sa chinneadh ordú a fháil, a dhiúscairt, a chealú nó a leasú do chuntas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.

Airteagal 90

Toirmeasc ar nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh

1.  
Ní dhéanfaidh aon duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach d’aon duine eile, ach amháin i gcás ina ndéantar an nochtadh sin i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas.
2.  
Is ionann nochtadh chun tosaigh moltaí nó spreagthaí dá dtagraítear in Airteagal 89(4) agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh i gcás inarb eol don duine nó i gcás inar cheart gurbh eol dó go bhfuil siad bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh.

Airteagal 91

Toirmeasc ar chúbláil margaidh

1.  
Ní ghabhfaidh aon duine de chúbláil margaidh ná ní dhéanfaidh aon duine iarracht ar ghabháil di.
2.  

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh cúbláil margaidh comhdhéanta d’aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

mura ndéantar í ar chúiseanna dlisteanacha, dul i mbun idirbhirt, ordú chun trádála a dhéanamh nó gabháil d’aon iompraíocht eile:

(i) 

lena dtabharfar, nó lenar dócha go dtabharfar, comharthaí bréagacha nó míthreoracha maidir le soláthar, éileamh nó praghas cripteashócmhainne;

(ii) 

lena ndaingneofar, nó ar dócha go ndaingneofar léi, praghas cripteashócmhainne amháin nó níos mó ar leibhéal neamhghnách nó saorga;

(b) 

dul i mbun idirbhirt, ordú chun trádála a dhéanamh nó aon ghníomhaíocht eile nó aon iompraíocht eile lena n-imrítear tionchar, nó lenar dócha go n-imreofar tionchar, ar phraghas cripteashócmhainne amháin nó níos mó, agus úsáid á baint as gléas bréige nó aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d’acra;

(c) 

faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó ar aon bhealach eile, lena dtabharfar, nó lenar dócha go dtabharfar, comharthaí bréagacha nó míthreoracha maidir le soláthar, éileamh nó praghas cripteashócmhainne amháin nó níos mó, nó lena ndaingneofar, nó lenar dócha go ndaingneofar, praghas cripteashócmhainne amháin nó níos mó ar leibhéal neamhghnách nó saorga, lena n-áirítear ráflaí a scaipeadh i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip an fhaisnéis, nó inar cheart go mbeadh a fhios ag an duine sin, gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti.

3.  

Measfar gur cúbláil margaidh í an iompraíocht seo a leanas, inter alia:

(a) 

ceannasacht a fháil ar sholáthar cripteashócmhainne, nó ar an éileamh atá uirthi, a mbeidh nó ar dócha go mbeidh an éifeacht aige sin, go díreach nó go hindíreach, praghsanna ceannaigh nó díola a shocrú nó ar dócha go gcruthófar dálaí mí-chóra trádála léi;

(b) 

orduithe a chur chuig ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní, lena n-áirítear aon chealú nó aon mhodhnú ar na horduithe sin, trí mheán aon mhodha trádála atá ar fáil, agus a bhfuil ceann de na héifeachtaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), leis:

(i) 

trí chur isteach ar fheidhmiú an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní nó moill a chur ar a fheidhmiú nó gabháil d’aon ghníomhaíochtaí ar dócha go mbeidh an éifeacht sin acu;

(ii) 

trína dhéanamh níos deacra do dhaoine eile fíor-orduithe a shainaithint ar an ardán trádála, nó trí pháirt a ghlacadh in aon ghníomhaíochtaí ar dócha go mbeidh an éifeacht sin acu, lena n-áirítear orduithe a chur isteach arb é an toradh a bheidh orthu gnáthfheidhmiú an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní a dhíchobhsú;

(iii) 

trí chomhartha bréagach nó míthreorach a chruthú faoi sholáthar nó praghas cripteashócmhainne, nó faoin éileamh atá uirthi, go háirithe trí orduithe a chur isteach chun treocht a thosú nó a ghéarú, nó trí pháirt a ghlacadh in aon ghníomhaíochtaí ar dócha go mbeidh an éifeacht sin acu;

(c) 

trí leas a bhaint as rochtain ócáideach nó rochtain tráthrialta ar na meáin thraidisiúnta nó na meáin leictreonacha trí thuairim a chur in iúl maidir le cripteashócmhainn, agus staideanna a bheith glactha ag an duine sin roimhe sin maidir leis an gcripteashócmhainn sin, agus é tar éis brabús a dhéanamh de bharr thionchar na dtuairimí a cuireadh in iúl maidir leis an gcripteashócmhainn sin, gan an choinbhleacht leasa sin a nochtadh don phobal ag an am céanna ar bhealach ceart agus éifeachtach.

Airteagal 92

Drochúsáid margaidh a chosc agus a bhrath

1.  
Beidh socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm ag aon duine a dhéanann idirbhearta i gcripteashócmhainní a shocrú nó a fhorghníomhú go gairmiúil chun drochúsáid margaidh a chosc agus a bhrath. Beidh an duine sin faoi réir na rialacha maidir le fógra a thabhairt an Bhallstáit ina bhfuil sé cláraithe nó ina bhfuil a cheannoifig aige nó, i gcás brainse, an Bhallstáit ina bhfuil an brainse lonnaithe, agus tuairisceoidh sé gan mhoill d’údarás inniúil an Bhallstáit sin aon amhras réasúnach a bhaineann le hordú nó idirbheart, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú ina leith, agus maidir le gnéithe eile d’fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte amhail an sásra comhthola, i gcás ina bhféadfadh imthosca a bheith ann lena léirítear gur tharla drochúsáid margaidh, go bhfuil drochúsáid margaidh ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh drochúsáid margaidh.

Déanfaidh na húdaráis inniúla a fhaigheann tuairisc ar orduithe nó idirbhearta amhrasacha an fhaisnéis sin a tharchur láithreach chuig údaráis inniúla na n-ardán trádála lena mbaineann.

▼C1

2.  

Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:

(a) 

socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí chun go gcomhlíonfaidh daoine mír 1;

(b) 

an teimpléad atá le húsáid ag daoine chun mír 1 a chomhlíonadh;

(c) 

maidir le cásanna drochúsáide margaidh trasteorann, nósanna imeachta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha chun drochúsáid margaidh a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

3.  
Chun comhsheasmhacht na gcleachtas maoirseachta a áirithiú faoin Airteagal seo, déanfaidh ESMA faoin 30 Meitheamh 2025 treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le cleachtais mhaoirseachta i measc na n-údarás inniúil chun drochúsáid margaidh a chosc agus a bhrath, mura bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2.

TEIDEAL VII

ÚDARÁIS INNIÚLA, ÚBE AGUS ESMA

CAIBIDIL 1

Cumhachtaí na n-údarás inniúil agus comhar idir údaráis inniúla, ÚBE agus ESMA

Airteagal 93

Údaráis inniúla

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do ÚBE agus do ESMA maidir leis na húdaráis inniúla sin.
2.  
I gcás ina n-ainmneoidh Ballstáit níos mó ná údarás inniúil amháin de bhun mhír 1, cinnfidh siad a gcúraimí faoi seach agus ainmneoidh siad údarás inniúil amháin le bheith ina phointe aonair teagmhála do chomhar riaracháin trasteorann idir údaráis inniúla agus do chomhar le ÚBE agus le ESMA freisin. Féadfaidh na Ballstáit pointe teagmhála aonair éagsúil a ainmniú do gach ceann de na cineálacha comhair riaracháin sin.
3.  
Foilseoidh ESMA liosta de na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 94

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.  

Chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoi Theidil II go VI den Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a) 

a cheangal ar aon duine faisnéis agus doiciméid a sholáthar a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí chun a gcuid dualgas a dhéanamh;

(b) 

soláthar seirbhísí cripteashócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an soláthar a chur ar fionraí, go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(c) 

toirmeasc a chur ar sholáthar seirbhísí cripteashócmhainní i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(d) 

an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, nó a chur de cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní í a nochtadh, ar faisnéis í a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar sholáthar na seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann, chun cosaint leasanna cliant, go háirithe sealbhóirí miondíola, nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(e) 

an fíoras a phoibliú go mainníonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh;

(f) 

soláthar seirbhísí cripteashócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an soláthar a chur ar fionraí i gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil staid an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní de chineál a fhágann go ndéanfar dochar do leasanna cliant, go háirithe sealbhóirí miondíola;

(g) 

a cheangal go n-aistreofar conarthaí atá ann cheana chuig soláthraí eile seirbhísí cripteashócmhainní i gcásanna ina dtarraingeofar siar údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 64, faoi réir comhaontú a fháil ó na cliaint agus ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a bhfuil na conarthaí le haistriú chucu;

(h) 

i gcás ina bhfuil cúis lena cheapadh go bhfuil duine ag soláthar seirbhísí cripteashócmhainní gan údarú, scor láithreach den ghníomhaíocht a ordú gan réamhrabhadh a thabhairt ná sprioc-am a fhorchur;

(i) 

a cheangal ar thairgeoirí cripteashócmhainní, ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála, nó eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní a leasú nó a bpáipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní a leasú tuilleadh, i gcás ina gcinnfidh siad nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 6, 19 nó 51 sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní ná sa pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní;

(j) 

a cheangal ar thairgeoirí cripteashócmhainní, ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála, nó eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, a gcumarsáid mhargaíochta a leasú, i gcás ina gcinnfidh siad nach gcomhlíonann an chumarsáid mhargaíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7, 29 nó 53 den Rialachán seo;

(k) 

a cheangal ar thairgeoirí cripteashócmhainní, ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála, nó ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, faisnéis bhreise a chur isteach ina bpáipéir bhána maidir le cripteashócmhainní, i gcás inar gá sin ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais nó le cosaint leasanna sealbhóirí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola;

(l) 

tairiscint don phobal nó ligean isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(m) 

tairiscint don phobal nó ligean isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndéanfar é a shárú;

(n) 

trádáil na gcripteashócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní trádáil na gcripteashócmhainní a chur ar fionraí, go ceann tréimhse nach faide na 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(o) 

trádáil cripteashócmhainní ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a thoirmeasc i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndéanfar é a shárú;

(p) 

cumarsáid mhargaíochta a chur ar fionraí nó a thoirmeasc i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(q) 

a cheangal ar thairgeoirí, daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a thrádála, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid nó na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ábhartha scor de chumarsáid mhargaíochta nó iad a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide na 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(r) 

an fíoras a phoibliú go mainníonn tairgeoir, duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainn isteach chun a trádála nó eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(s) 

an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, nó a cheangal ar an tairgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainn isteach chun a trádála nó eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, ar faisnéis í a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar mheasúnú na cripteashócmhainne a thairgtear don phobal nó dá dtugtar cead trádála chun cosaint leasanna sealbhóirí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola, nó oibriú fónta an mhargaidh a áirithiú;

(t) 

trádáil na gcripteashócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar an soláthraí ábhartha seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn an t-ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní trádáil na gcripteashócmhainní a chur ar fionraí, i gcás ina meastar go bhfuil staid an tairgeora, an duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainn isteach chun a trádála nó an eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid de chineál a fhágann go ndéanfaí dochar do leasanna sealbhóirí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola, leis an trádáil sin;

(u) 

i gcás ina bhfuil cúis lena cheapadh go bhfuil duine ag eisiúint comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid gan údarú nó go bhfuil duine ag tairiscint nó ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, gan fógra arna thabhairt faoi pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 8, scor láithreach den ghníomhaíocht a ordú gan réamhrabhadh a thabhairt ná sprioc-am a fhorchur;

(v) 

aon chineál birt a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh tairgeoir cripteashócmhainní nó duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála, eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an Rialachán seo a chomhlíonadh lena n-áirítear a cheangal go scoirfear d’aon chleachtas nó iompar a mheasann an t-údarás a bheith contrártha leis an Rialachán seo;

(w) 

cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ar láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha, agus chun na críche sin, dul isteach in aon áitreabh chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhormáid a rochtain;

(x) 

fíoruithe nó imscrúduithe a sheachfhoinsiú chuig iniúchóirí nó saineolaithe;

(y) 

a cheangal go mbainfear duine nádúrtha de chomhlacht bainistíochta eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(z) 

a iarraidh ar aon duine bearta a dhéanamh chun méid a staide nó a neamhchosaint ar chripteashócmhainní a laghdú;

(aa) 

i gcás nach mbeidh aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun an scor den sárú ar an Rialachán seo a thabhairt i gcrích agus chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do leasanna cliant nó sealbhóirí cripteashócmhainní a sheachaint, na bearta uile is gá a dhéanamh, lena n-áirítear trína iarraidh ar thríú páirtí nó ar údarás poiblí bearta den sórt sin a chur chun feidhme, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

inneachar a bhaint nó rochtain a shrianadh ar chomhéadan ar líne nó a ordú go gcuirfí rabhadh ar taispeáint go sainráite a bheadh le feiceáil ag cliaint agus ag sealbhóirí cripteashócmhainní agus iad ag rochtain comhéadan ar líne;

(ii) 

a ordú do sholáthraí seirbhísí óstála rochtain ar chomhéadan ar líne a bhaint, a chur as feidhm, nó a shrianadh; nó

(iii) 

a ordú do chlárlanna nó do chláraitheoirí fearainn ainm fearainn láncháilithe a scriosadh agus a cheadú don údarás inniúil lena mbaineann é a chlárú;

(ab) 

a cheangal ar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, i gcomhréir le hAirteagal 23(4), 24(3) nó 58(3), íosmhéid ainmníochta a thabhairt isteach nó teorainn a chur leis an méid a eisítear.

2.  
Tá cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha arna bhfeidhmiú i ndáil le tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, eisitheoirí agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, gan dochar do chumhachtaí arna ndeonú do na húdaráis mhaoirseachta chéanna nó d’údaráis mhaoirseachta eile maidir leis na heintitis sin, lena n-áirítear cumhachtaí arna ndeonú d’údaráis inniúla ábhartha faoi dhlíthe náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/110/CE agus na cumhachtaí maoirseachta stuamachta arna ndeonú do BCE faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
3.  

Chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoi Theideal VI, beidh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, sa bhreis ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla:

(a) 

rochtain ar dhoiciméad ar bith agus ar shonraí i bhfoirm ar bith agus cóip den doiciméad sin nó de na sonraí sin a fháil nó a ghlacadh;

(b) 

faisnéis a iarraidh ar aon duine nó a éileamh ar aon duine, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu go comhleanúnach le tarchur na n-orduithe nó le seoladh na n-oibríochtaí lena mbaineann, chomh maith lena bpríomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm nó a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;

(c) 

dul isteach in áitribh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhoirm a urghabháil, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun cás maidir le déileáil cos istigh nó le cúbláil margaidh a chruthú;

(d) 

ábhair a tharchur i gcomhair ionchúiseamh coiriúil;

(e) 

a mhéid a cheadaítear é faoin dlí náisiúnta, taifid atá ann cheana ar thrácht sonraí atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le sárú agus i gcás ina bhféadfadh taifid den sórt sin a bheith ábhartha maidir leis an imscrúdú ar shárú ar Airteagail 88 go 91;

(f) 

reo nó forlámhú sócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;

(g) 

toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;

(h) 

na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas ceart ag an bpobal, inter alia, trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena n-áirítear trína chur de cheangal ar thairgeoir, ar dhuine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, ar eisitheoir nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

4.  
I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an gcúirt ábhartha cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
5.  

Feidhmeoidh údaráis inniúla a gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a) 

go díreach;

(b) 

i gcomhar le húdaráis eile, lena n-áirítear údaráis atá inniúil chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac;

(c) 

faoina bhfreagracht, trí tharmligean chuig na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

trí iarratas a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla.

6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go bhféadfaidh údaráis inniúla na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad is gá a fheidhmiú chun a gcuid dualgas a dhéanamh.
7.  
Ní mheasfar go bhfuil duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo ag sárú aon sriain maidir le nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon chonradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin, agus ní bheidh an duine sin faoi aon dliteanas d’aon chineál maidir leis an bhfógra sin.

Airteagal 95

Comhar idir na húdaráis inniúla

1.  
Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile chun críocha an Rialacháin seo. Tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh d’údaráis inniúla na mBallstát eile, agus do ÚBE agus ESMA. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú gan moill mhíchuí agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.

I gcás inar leag Ballstáit síos, i gcomhréir le hAirteagal 111(1), an dara fomhír, pionóis choiriúla as na sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 111(1), an chéad fhomhír, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha, le húdaráis ionchúisimh nó le húdaráis um cheartas coiriúil laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh de dheasca sáruithe ar an Rialachán seo agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile agus do ÚBE agus do ESMA freisin, chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hoibriú i gcomhar le chéile chun críocha an Rialacháin seo.

2.  

Ní fhéadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis nó de bhun iarraidh comhoibriú le himscrúdú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

d’fhéadfadh cur in iúl faisnéise ábhartha dochar a dhéanamh do shlándáil an Bhallstáit a ndírítear an iarraidh chuige, go háirithe i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile;

(b) 

i gcás inar dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ar a ghníomhaíochtaí imscrúdaithe nó forfheidhmiúcháin féin nó, i gcás inarb ábhartha, ar imscrúdú coiriúil má chomhlíonann sé iarraidh;

(c) 

i gcás ina ndearnadh imeachtaí a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine nádúrtha céanna nó i gcoinne na ndaoine dlítheanacha céanna os comhair chúirteanna an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige;

(d) 

i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i leith na caingne céanna agus i gcoinne an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.

3.  
Soláthróidh údaráis inniúla aon fhaisnéis is gá chun críocha an Rialacháin seo gan moill mhíchuí, arna iarraidh sin.
4.  
Féadfaidh údarás inniúil cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil de chuid Ballstát eile maidir le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.

Cuirfidh údarás inniúil ÚBE agus ESMA ar an eolas faoi aon iarraidh a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cigireacht ar an láthair nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé:

(a) 

an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(b) 

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;

(c) 

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh an chigireacht nó an t-imscrúdú a dhéanamh é féin;

(d) 

cúraimí sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

5.  
I gcás cigireacht ar an láthair nó imscrúdú dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh ESMA, i gcás ina n-iarrfaidh ceann de na húdaráis inniúla é, an chigireacht nó an t-imscrúdú a chomhordú.

I gcás ina mbaineann an chigireacht nó an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 4 le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid nó ina mbaineann siad le heisitheoir seirbhísí cripteashócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó le comharthaí ríomh-airgid, déanfaidh ÚBE, i gcás ina n-iarrfaidh ceann de na húdaráis inniúla é, an chigireacht nó an t-imscrúdú a chomhordú.

6.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a chur faoi bhráid ESMA i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le malartú faisnéise, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnach ama. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sna cásanna sin.
7.  
De mhaolú ar mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla ÚBE a chur ar an eolas i gcásanna inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le faisnéis, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar iarraidh í sin maidir le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó maidir le seirbhísí cripteashócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó le comharthaí ríomh-airgid. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 sna cásanna sin.
8.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla a maoirseacht a chomhordú go dlúth chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas, chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun comhoibriú a éascú, chun comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus chun measúnuithe trasdlínse a sholáthar i gcás aon easaontaithe.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, comhlíonfaidh ÚBE agus ESMA ról comhordúcháin idir na húdaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 119 d’fhonn cultúr maoirseachta comhchoiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt, agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha a áirithiú.

9.  
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil nár comhlíonadh ceann de na ceanglais faoin Rialachán seo nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint gurb amhlaidh atá, cuirfidh sé údarás inniúil an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi amhras maidir leis an sárú sin ar an eolas maidir lena thorthaí ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach.
10.  
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le malartú idir údaráis inniúla de bhun mhír 1 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.  
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 96

Comhar le ÚBE agus ESMA

1.  
Chun críocha an Rialacháin seo, oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le ESMA i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus le ÚBE i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin gCaibidil seo agus faoi Chaibidlí 2 agus 3 den Teideal seo.
2.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá ar fáil, gan mhoill, do ÚBE agus do ESMA chun a gcuid dualgas a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
3.  
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus ÚBE agus ESMA.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 97

Cóineasú i dtaobh aicmiú cripteashócmhainní a chur chun cinn

1.  
Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh ÚMEnna treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun inneachar agus foirm an mhínithe a ghabhann leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus na dtuairimí dlíthiúla maidir le cáiliú comharthaí sócmhainn-tagartha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b)(ii), agus Airteagal 18(2), pointe (e), a shonrú. Áireofar sna treoirlínte teimpléad don mhíniú agus don tuairim agus tástáil chaighdeánaithe chun cripteashócmhainní a aicmiú.
2.  
Déanfaidh ÚMEnna, i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach, plé a chur chun cinn i measc na n-údarás inniúil maidir le haicmiú na gcripteashócmhainní lena n-áirítear maidir le haicmiú na gcripteashócmhainní sin atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(3). Sainaithneoidh ÚMEnna freisin foinsí dibhéirseachta a d’fhéadfadh a bheith i gcur chuige na n-údarás inniúil maidir le haicmiú na gcripteashócmhainní sin agus déanfaidh siad, a mhéid is féidir, cur chuige comhchoiteann ina leith sin a chur chun cinn.
3.  
Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile nó na mBallstát óstach tuairim a iarraidh ar ESMA, ÚEÁPC nó ÚBE, de réir mar is iomchuí, tuairim maidir le haicmiú cripteashócmhainní, lena n-áirítear iad siúd atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(3). Tabharfaidh ESMA, ÚEÁPC nó ÚBE an tuairim sin, de réir mar is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, de réir mar is infheidhme, laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fuair na húdaráis inniúla an iarraidh.
4.  
Déanfaidh ÚMEnna tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas go comhpháirteach bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109 agus ar thorthaí a gcuid oibre dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, lena sainaithneofar deacrachtaí maidir le cripteashócmhainní a aicmiú agus na héagsúlachtaí sna cineálacha cur chuige ó na húdaráis inniúla.

Airteagal 98

Comhar le húdaráis eile

I gcás ina ngabhfaidh tairgeoir, duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní do ghníomhaíochtaí seachas na cinn a chumhdaítear faoin Rialachán seo, oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht nó fomhaoirseacht na ngníomhaíochtaí eile sin de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, lena n-áirítear údaráis chánach agus údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha.

Airteagal 99

An dualgas maidir le fógra a thabhairt

Faoin 30 Meitheamh 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA faoi na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena gcuirtear an Teideal seo chun feidhme, lena n-áirítear aon fhorálacha ábhartha den dlí coiriúil. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan moill mhíchuí don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

Airteagal 100

Rúndacht ghairmiúil

1.  
Maidir leis an bhfaisnéis uile a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíochta nó pearsanta eile, measfar gur faisnéis rúnda í agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin sa chás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó go bhfuil an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla nó cásanna a chumhdaítear le cánachas náisiúnta nó an dlí coiriúil.
2.  
Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine nádúrtha agus na daoine dlítheanacha uile a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile ná d’aon údarás eile ach amháin de bhua ghníomhartha reachtacha an Aontais nó gníomhartha reachtacha náisiúnta.

Airteagal 101

Cosaint sonraí

I ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh na húdaráis inniúla a gcúraimí chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Déanfar próiseáil sonraí pearsanta ag ÚBE agus ESMA chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 102

Bearta réamhchúraim

1.  
I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe drochamhrais ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh go bhfuil neamhrialtachtaí i ngníomhaíochtaí tairgeora nó duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, cuirfidh sé é sin in iúl go pras d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus do ESMA.

I gcás ina mbaineann na neamhrialtachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó seirbhís cripteashócmhainní atá gaolmhar le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh ÚBE ar an eolas freisin.

2.  
Más rud é, d’ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, go leanann na neamhrialtachtaí dá dtagraítear i mír 1, arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile, ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ÚBE a chur ar an eolas, bearta iomchuí chun cliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus sealbhóirí cripteashócmhainní a chosaint, go háirithe sealbhóirí miondíola. Áirítear ar na bearta sin cosc a chur ar an tairgeoir, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid nó an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach. Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ÚBE ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA, agus i gcás ina bhfuil sé rannpháirteach, ÚBE, an Coimisiún ar an eolas dá réir sin gan moill mhíchuí.
3.  
I gcás ina n-easaontaíonn údarás inniúil an Bhallstáit baile le haon cheann de na bearta arna ndéanamh ag údarás inniúil de chuid an Bhallstáit óstaigh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé ESMA a chur ar an eolas faoi. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcásanna den sórt sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina mbaineann na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó le seirbhís cripteashócmhainní a bhfuil baint aici le comharthaí sócmhainn-tagartha nó le comharthaí ríomh-airgid, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh ÚBE a chur ar an eolas faoi. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i gcásanna den sórt sin.

Airteagal 103

Cumhachtaí idirghabhála sealadacha ESMA

1.  

I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh ESMA, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar an méid seo a leanas:

(a) 

margú, dáileadh nó díol cripteashócmhainní áirithe seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid nó cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu; nó

(b) 

cineál gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid.

Féadfaidh feidhm a bheith ag toirmeasc nó ag srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí, arna sonrú ag ESMA.

2.  

Ní dhéanfaidh ESMA beart de bhun mhír 1 ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

leis an toirmeasc nó an srian atá beartaithe, tugtar aghaidh ar ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais ina iomláine nó cuid de;

(b) 

ní thugtar aghaidh ar an mbagairt atá i gceist leis na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis na cripteashócmhainní agus leis na seirbhísí cripteashócmhainní ábhartha;

(c) 

ní dhearna údarás inniúil ábhartha gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt atá i gceist nó ní thugann na gníomhaíochtaí a rinneadh aghaidh ar an mbagairt sin ar bhealach leordhóthanach.

3.  

Agus beart á dhéanamh aige de bhun mhír 1, áiritheoidh ESMA nach mbeidh an méid seo a leanas i gceist leis an mbeart:

(a) 

ní bheidh éifeacht dhíobhálach aige ar éifeachtúlacht na margaí i gcripteashócmhainní ná ar shealbhóirí cripteashócmhainní ná ar chliaint a fhaigheann seirbhísí cripteashócmhainní a bheidh díréireach le tairbhí an bhirt; agus

(b) 

ní chruthófar riosca arbatráiste rialála leis.

I gcás ina bhfuil beart déanta ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 105, féadfaidh ESMA aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan tuairim de bhun Airteagal 106(2) a eisiúint.

4.  
Sula ndéanfar cinneadh beart a dhéanamh de bhun mhír 1, tabharfaidh ESMA fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige a dhéanamh.
5.  
Foilseoidh ESMA fógra ar a shuíomh gréasáin maidir le cinneadh a bhaineann le beart a dhéanamh de bhun mhír 1. Sonrófar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain arna fhorchur agus sonrófar ann tráth i ndiaidh fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíochtaí tar éis d’éifeacht gabháil leis an mbeart.
6.  
Déanfaidh ESMA athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur de bhun mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus gach 6 mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí ina ndéantar measúnú ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ESMA cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bhliantúil an toirmisc nó an tsriain.
7.  
Beidh forlámhas ag bearta arna ndéanamh ag ESMA de bhun an Airteagail seo ar aon bheart a rinne na húdaráis inniúla ábhartha roimhe sin maidir leis an ábhar céanna.
8.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 139 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína shonrú cé na critéir agus na tosca atá le cur i gcuntas ag ESMA agus é ag cinneadh cibé an ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais chun críocha mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo, nó ar chobhsaíocht cuid de.

Airteagal 104

Cumhachtaí idirghabhála sealadacha ÚBE

1.  

I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfaidh ÚBE, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar an méid seo a leanas:

(a) 

comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid áirithe nó comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu a mhargú, a dháileadh nó a dhíol; nó

(b) 

cineál gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid.

Féadfaidh feidhm a bheith ag toirmeasc nó ag srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚBE.

2.  

Ní dhéanfaidh ÚBE beart de bhun mhír 1 ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

leis an toirmeasc nó an srian atá beartaithe, tugtar aghaidh ar ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais ina iomláine nó cuid de;

(b) 

ní thugtar aghaidh ar an mbagairt atá i gceist leis na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis na comharthaí sócmhainn-tagartha, na comharthaí ríomh-airgid nó na seirbhísí cripteashócmhainní ábhartha a bhaineann leo;

(c) 

níl gníomhaíocht déanta ag údarás inniúil ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt atá i gceist nó ní thugann na gníomhaíochtaí a rinneadh aghaidh ar an mbagairt sin ar bhealach leordhóthanach.

3.  

Agus beart á dhéanamh aige de bhun mhír 1, áiritheoidh ESMA nach mbeidh an méid seo a leanas i gceist leis an mbeart:

(a) 

ní bheidh éifeacht dhíobhálach aige ar éifeachtúlacht na margaí i gcripteashócmhainní ná ar shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid ná ar chliaint a fhaigheann seirbhísí cripteashócmhainní atá díréireach le tairbhí an bhirt; agus

(b) 

ní chruthófar riosca arbatráiste rialála leis.

I gcás ina bhfuil beart déanta ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 105, féadfaidh ÚBE aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan tuairim de bhun Airteagal 106(2) a eisiúint.

4.  
Sula ndéanfar cinneadh beart a dhéanamh de bhun mhír 1, tabharfaidh ÚBE fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige a dhéanamh.
5.  
Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin fógra maidir le cinneadh a bhaineann le beart a dhéanamh de bhun mhír 1 a fhorchur. Sonrófar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain arna fhorchur agus sonrófar ann tráth i ndiaidh fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis d’éifeacht gabháil leis an mbeart.
6.  
Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur de bhun mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus gach 6 mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí ina ndéantar measúnú ar an tionchar ar thomhaltóirí, féadfaidh ÚBE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bhliantúil an toirmisc nó an tsriain.
7.  
Beidh forlámhas ag bearta arna ndéanamh ag ÚBE de bhun an Airteagail seo ar aon bheart a rinne an t-údarás inniúil ábhartha roimhe sin maidir leis an ábhar céanna.
8.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 139 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína shonrú cé na critéir agus na tosca atá le cur i gcuntas ag ÚBE agus é ag cinneadh cibé an ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais chun críocha mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo, nó ar chobhsaíocht cuid de.

Airteagal 105

Idirghabháil táirgí arna déanamh ag na húdaráis inniúla

1.  

Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar na nithe seo a leanas ina Bhallstát nó óna Bhallstát:

(a) 

cripteashócmhainní nó cripteashócmhainní áirithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu a mhargú, a dháileadh nó a dhíol; nó

(b) 

cineál gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní.

2.  

Ní dhéanfaidh údarás inniúil beart de bhun mhír 1 ach amháin má tá sé sásta faoin méid seo a leanas ar fhorais réasúnacha:

(a) 

maidir le cripteashócmhainn, tá sí ina siocair le hábhair mhóra imní i ndáil le cosaint infheisteoirí nó tá bagairt shuntasach ag gabháil léi ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht cuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine i mBallstát amháin ar a laghad;

(b) 

maidir leis na ceanglais rialála atá ann cheana faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an gcripteashócmhainn nó leis an tseirbhís cripteashócmhainní lena mbaineann, ní thugtar aghaidh go leordhóthanach leo ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus ní thabharfaí faoin tsaincheist ar bhealach níos fearr trí mhaoirseacht fheabhsaithe a dhéanamh nó trí na ceanglais atá ann cheana a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr;

(c) 

tá an beart comhréireach, agus cineál na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, mar aon le leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an mbeart ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhéadfaidh an chripteashócmhainn nó an tseirbhís cripteashócmhainní lena mbaineann a shealbhú nó a úsáid, nó tairbhe a bhaint aisti;

(d) 

tá an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an beart difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus

(e) 

níl tionchar idirdhealaitheach ag an mbeart ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar cripteashócmhainn a mhargú, a dháileadh nó a dhíol le cliaint.

Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcúinsí áirithe nó é a chur faoi réir eisceachtaí.

3.  

Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a fhorchur faoin Airteagal seo ach amháin más rud é, tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an am a bheartófar go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart, go mbeidh fógra tugtha aige do gach údarás inniúil eile agus do ESMA, nó do ÚBE maidir le comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, ar fógra é a bheidh i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, maidir le mionsonraí na nithe seo a leanas:

(a) 

an chripteashócmhainn nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas lena mbaineann an beart a mholtar;

(b) 

cineál beacht an toirmisc nó an tsriain a mholtar agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

(c) 

an fhianaise a mbeidh sé tar éis a chinneadh a bhunú uirthi agus a bhfuil sé sásta ina leith go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2, an chéad fhomhír, comhlíonta.

4.  
I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil gá leis ionas nach dtiocfaidh aon éifeachtaí dochracha as cripteashócmhainn nó gníomhaíocht nó cleachtas dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil beart práinneach a dhéanamh ar bhonn sealadach tar éis fógra 24 uair an chloig ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, roimh an am a bheartaítear éifeacht a bheith leis an mbeart, do na húdaráis inniúla eile go léir agus do ESMA, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir ar fad a liostaítear san Airteagal seo agus, ina theannta sin, go suitear go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra mí amháin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sonrach nó ar an mbagairt shonrach. Ní rachaidh ré na mbeart a dhéanfar ar bhonn sealadach thar 3 mhí.
5.  
Foilseoidh an t-údarás inniúil fógra ar a shuíomh gréasáin maidir le cinneadh chun toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Sonrófar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain arna fhorchur agus sonrófar ann tráth tar éis fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar ar bhunaigh an t-údarás inniúil a chinneadh agus a bhfuil sé sásta ina leith go bhfuil gach ceann de na coinníollacha i mír 2, an chéad fhomhír, comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian ach amháin maidir le gníomhaíochtaí tar éis d’éifeacht gabháil leis na bearta.
6.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura bhfuil feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 2.
7.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 139 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir a shonrú agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag na húdaráis inniúla agus é ag cinneadh cibé an ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí i gcripteashócmhainní, nó ar chobhsaíocht an chórais iomláin airgeadais nó cobhsaíocht cuid de laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad chun críocha mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (a).

Airteagal 106

Comhordú le ESMA nó le ÚBE

1.  
Beidh ról éascaithe agus comhordúcháin ag ESMA nó, i gcás comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, ag ÚBE i ndáil le bearta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 105. Áiritheoidh ESMA nó, i gcás comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, áiritheoidh ÚBE, go háirithe, go mbeidh údar cuí leis na bearta a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh siad comhréireach, agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach, i gcás inarb iomchuí.
2.  
Tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le hAirteagal 105(3) maidir le haon bheart atá le déanamh de bhun an Airteagail sin, déanfaidh ESMA nó, i gcás comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, déanfaidh ÚBE tuairim a eisiúint i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis an toirmeasc nó leis an srian agus an bhfuil sé comhréireach. Más rud é go measfaidh ESMA, nó i gcás comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, ÚBE, go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin ESMA nó, i gcás comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, ar shuíomh gréasáin ÚBE.
3.  
I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil bearta a dhéanamh, nó ina ndéanfaidh sé bearta, nó ina ndiúltóidh sé bearta a dhéanamh, ar bearta iad atá contrártha le tuairim arna heisiúint ag ESMA nó ag ÚBE de bhun mhír 2, foilseoidh sé an méid sin láithreach ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé míniú cuimsitheach ar na cúiseanna atá leis.

Airteagal 107

Comhar le tríú tíortha

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, i gcás inar gá, socruithe comhair a thabhairt i gcrích le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha maidir le malartú faisnéise leis na húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha sin agus maidir le forfheidhmiú oibleagáidí faoin Rialachán seo sna tríú tíortha sin. Áiritheofar leis na socruithe comhair sin malartú éifeachtach faisnéise ar a laghad, lenar féidir leis na húdaráis inniúla a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Cuirfidh údarás inniúil ÚBE, ESMA agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas i gcás ina mbeartaíonn sé socrú den sórt sin a thabhairt i gcrích.

2.  
Déanfaidh ESMA, i gcás inar féidir, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, éascú agus comhordú ar fhorbairt socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis mhaoirseachta ábhartha de chuid tríú tíortha.
3.  
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena mbunaítear doiciméad ar teimpléad é do shocruithe comhair dá dtagraítear i mír 1 a bheidh le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát i gcás inar féidir.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.  
Déanfaidh ESMA freisin, i ndlúthchomhar le ÚBE, i gcás inar féidir, éascú agus comhordú ar an malartú faisnéise idir údaráis inniúla, ar faisnéis í arna fáil ó údaráis mhaoirseachta de chuid tríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Chaibidil 3 den Teideal seo.
5.  
Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta de chuid tríú tíortha ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 100. Beidh an malartú faisnéise sin ann ar mhaithe le feidhmiú chúraimí na n-údarás inniúil sin faoin Rialachán seo.

Airteagal 108

Láimhseáil gearán ag na húdaráis inniúla

1.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta ar bun lena ligfear do chliaint agus do pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a chur faoina mbráid maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a líomhnaítear a bheith déanta ag tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Glacfar le gearáin i scríbhinn, lena n-áirítear go leictreonach, agus i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina ndéantar an gearán a chur isteach, nó i dteanga a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi.
2.  
Cuirfear faisnéis maidir leis na nósanna imeachta láimhseála gearán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar shuíomh gréasáin gach údaráis inniúil agus déanfar í a chur in iúl do ÚBE agus do ESMA. Foilseoidh ESMA hipearnaisc chuig na ranna sin de shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil a bhaineann leis na nósanna imeachta láimhseála gearán ina chlár cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 109.

CAIBIDIL 2

Clár ESMA

Airteagal 109

Clár páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

1.  

Bunóidh ESMA clár don mhéid seo a leanas:

(a) 

páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid;

(b) 

eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha;

(c) 

eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid; agus

(d) 

soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

Beidh clár ESMA ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn tráthrialta. Chun nuashonrú den sórt sin a éascú, cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl do ESMA aon athruithe ar tugadh fógra dóibh ina leith maidir leis an bhfaisnéis a shonraítear i míreanna 2 go 5.

Soláthróidh na húdaráis inniúla do ESMA na sonraí is gá chun páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní a aicmiú sa chlár mar a shonraítear i gcomhréir le mír 8.

2.  
I ndáil le páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, beidh na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus aon pháipéir bhána mhodhnaithe maidir le cripteashócmhainní sa chlár. Coinneofar aon leaganacha as dáta de na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní i gcartlann ar leithligh agus marcálfar go soiléir iad mar leaganacha atá as dáta.
3.  

Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, beidh an fhaisnéis seo a leanas sa chlár:

(a) 

ainm, foirm dhlíthiúil agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora;

(b) 

ainm tráchtála, seoladh fisiciúil, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus suíomh gréasáin an eisitheora;

(c) 

na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus aon pháipéir bhána mhodhnaithe maidir le cripteashócmhainní, agus na leaganacha as dáta den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní á gcoinneáil i gcartlann ar leithligh agus iad marcáilte go soiléir mar pháipéir bhána atá as dáta;

(d) 

an liosta de na Ballstáit óstacha ina bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó ina bhfuil sé beartaithe aige a iarraidh go ligfí isteach na comharthaí sócmhainn-tagartha chun a dtrádála;

(e) 

dáta tosaigh nó, mura bhfuil sé ar fáil tráth an fhógra ón údarás inniúil, an dáta tosaigh atá beartaithe maidir leis an tairiscint don phobal nó leis an ligean isteach chun trádála;

(f) 

aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an t-eisitheoir agus nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, le tagairt do dhlí an Aontais is infheidhme nó don dlí náisiúnta is infheidhme;

(g) 

dáta an údaraithe chun comhartha sócmhainn-tagartha nó údarú mar institiúid creidmheasa a thairiscint nó don phobal a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála agus, i gcás inarb infheidhme, dáta an údaraithe chun ceachtar den dá údarú a tharraingt siar.

4.  

Maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid, beidh an fhaisnéis seo a leanas sa chlár:

(a) 

ainm, foirm dhlíthiúil agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora;

(b) 

ainm tráchtála, seoladh fisiciúil, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus suíomh gréasáin an eisitheora;

(c) 

na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus aon pháipéir bhána mhodhnaithe maidir le cripteashócmhainní, agus na leaganacha atá as dáta den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní á gcoinneáil i gcartlann ar leithligh agus iad marcáilte go soiléir mar pháipéir bhána atá as dáta;

(d) 

dáta tosaigh na tairisceana don phobal nó an ligin isteach chun trádála nó, mura bhfuil sé ar fáil tráth an fhógra ón údarás inniúil, an dáta tosaigh atá beartaithe;

(e) 

aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an t-eisitheoir agus nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, le tagairt do dhlí an Aontais is infheidhme nó don dlí náisiúnta is infheidhme;

(f) 

dáta an údaraithe mar institiúid creidmheasa nó mar institiúid ríomh-airgid agus, i gcás inarb infheidhme, dáta aistarraingt an údaraithe sin.

5.  

Maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, beidh an fhaisnéis seo a leanas sa chlár:

(a) 

ainm, foirm dhlíthiúil agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, brainsí an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(b) 

ainm tráchtála, seoladh fisiciúil, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus suíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus, i gcás inarb ábhartha, an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní atá á oibriú ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(c) 

ainm agus seoladh an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú agus na sonraí teagmhála a ghabhann leis;

(d) 

an liosta de sheirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(e) 

an liosta de na Ballstáit óstacha ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar;

(f) 

dáta tosaigh, nó, mura bhfuil sé ar fáil tráth an fhógra ón údarás inniúil, an dáta tosaigh atá beartaithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar;

(g) 

aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, mar aon le tagairt do dhlí an Aontais is infheidhme nó don dlí náisiúnta is infheidhme;

(h) 

dáta an údaraithe agus, i gcás inarb iomchuí, dáta tarraingthe siar údaraithe.

6.  
Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill do ESMA faoi na bearta a liostaítear in Airteagal 94(1), an chéad fhomhír, pointe (b), (c), (f), (l), (m), (n), (o) nó (t), agus aon bhearta réamhchúraim poiblí arna ndéanamh de bhun Airteagal 102 a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí cripteashócmhainní nó d’eisiúint, tairiscint nó úsáid cripteashócmhainní. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis sin sa chlár.
7.  
Leanfaidh aon tarraingt siar a dhéantar ar údarú eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha, eisitheora comhartha ríomh-airgid, nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus aon bheart a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le mír 6, de bheith foilsithe sa chlár ar feadh tréimhse 5 bliana.
8.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na sonraí is gá a shonrú tuilleadh chun páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní a aicmiú, lena n-áirítear aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh, sa chlár agus na socruithe praiticiúla is gá a shonrú lena áirithiú go mbeidh na sonraí sin meaisín-inléite.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 110

Clár na n-eintiteas neamhchomhlíontach a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní

1.  
Bunóidh ESMA clár neamh-uileghabhálach d’eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní de shárú ar Airteagal 59 nó 61.
2.  
Beidh sa chlár ar a laghad ainm tráchtála nó suíomh gréasáin eintitis neamhchomhlíontaigh agus ainm an údaráis inniúil a thíolaic an fhaisnéis.
3.  
Beidh an clár ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin ESMA i bhformáid mheaisín-inléite agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn tráthrialta chun aon athruithe ar imthosca nó aon fhaisnéis a chuirtear in iúl do ESMA maidir leis na heintitis neamhchomhlíontacha chláraithe a chur san áireamh. Leis an gclár, beifear in ann rochtain láraithe a fháil ar fhaisnéis arna tíolacadh ag údaráis inniúla ó na Ballstáit nó ó thríú tíortha, agus ó ÚBE.
4.  
Déanfaidh ESMA an clár a thabhairt cothrom le dáta chun faisnéis a chur ar áireamh maidir le haon chás a bhaineann le sárú ar an Rialachán seo a sainaithníodh ar a thionscnamh féin i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, inar ghlac sé cinneadh faoi mhír 6 den Airteagal sin a dhírítear ar eintiteas neamhchomhlíontach a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní, nó aon fhaisnéis faoi eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní gan an t-údarú nó an clárú is gá arna thíolacadh ag na húdaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha.
5.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh ESMA cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ábhartha na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 94(1) a chur i bhfeidhm maidir le heintitis neamhchomhlíontacha a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní.

▼M1

Airteagal 110a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.  
Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 88(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile an eisitheora, ainmneacha uile an tairgeora nó ainmneacha uile an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tairgeora nó aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

i gcás daoine dlítheanacha, méid, de réir catagóire, an eisitheora, an tairgeora nó an duine, atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.  
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
3.  
Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
4.  
Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 109 agus 110 den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, ainmneacha uile eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid agus ainmneacha uile an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;

(iii) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.  

Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b) 

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c) 

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.  
I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte i gcomhair eintiteas chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

▼B

CAIBIDIL 3

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla

Airteagal 111

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.  

Gan dochar d’aon phionóis choiriúla agus gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha na n-údarás inniúil a liostaítear in Airteagal 94, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla chun pionóis riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a dhéanamh maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

sáruithe ar Airteagail 4 go 14;

(b) 

sáruithe ar Airteagail 16, 17, 19, 22, 23, 25, Airteagail 27 go 41, Airteagail 46 agus 47;

(c) 

sáruithe ar Airteagail 48 go 51, ar Airteagail 53, 54 agus 55;

(d) 

sáruithe ar Airteagail 59, 60, 64 agus ar Airteagail 65 go 83;

(e) 

sáruithe ar Airteagail 88 go 92;

(f) 

easpa comhair nó neamhchomhlíonadh i ndáil le himscrúdú, cigireacht nó iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 94(3).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos le haghaidh pionóis riaracháin i gcás ina mbeidh na sáruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), (b), (c), (d) nó (e), faoi réir pionóis choiriúla ina ndlí náisiúnta cheana faoin 30 Meitheamh 2024. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún, do ESMA agus do ÚBE i dtaobh na gcodanna ábhartha dá ndlí coiriúil.

▼C1

Faoin 30 Meitheamh 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra freisin don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA gan mhoill i dtaobh aon leasú ina dhiaidh sin orthu.

▼B

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) go (d):

(a) 

ráiteas poiblí ina léireofar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;

(b) 

ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an t-iompar sin a dhéanamh in athuair;

(c) 

fíneálacha riaracháin uasta dar luach ar a laghad dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh, fiú más mó é sin ná na méideanna uasta a leagtar amach sa mhír seo, pointe (d) den mhír seo, maidir le daoine nádúrtha, nó i mír 3 maidir le daoine dlítheanacha;

(d) 

i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin airgid uasta dar luach EUR 700 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an 29 Meitheamh 2023.

3.  

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla, i ndáil le sáruithe arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha, fíneálacha riaracháin uasta a fhorchur dar luach mar a leanas ar a laghad:

(a) 

EUR 5 000 000 , nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an 29 Meitheamh 2023, i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) go (d);

(b) 

3 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil agus a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a);

(c) 

5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil agus a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, i ndáil leis na sáruithe a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d);

(d) 

12,5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil agus a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c).

I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), a bhfuil ceangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach a bheidh sa láimhdeachas bliantúil ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

4.  
I dteannta na bpionós riaracháin agus na mbeart eile riaracháin chomh maith leis na fíneálacha riaracháin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla toirmeasc sealadach a fhorchur lena gcuirfear cosc, i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d), ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
5.  

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (e), go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur agus na bearta riaracháin seo a leanas ar a laghad a ghlacadh:

(a) 

ráiteas poiblí ina léireofar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

(b) 

ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an iompar sin a dhéanamh an athuair;

(c) 

aon bhrabús a gnóthaíodh nó aon chaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú a fhorghéilleadh a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(d) 

údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;

(e) 

toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;

(f) 

i gcás sárú leantach ar Airteagal 89, 90, 91 nó 92, toirmeasc 10 mbliana ar a laghad ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(g) 

toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó dhéileáil ar a chuntas féin;

(h) 

fíneálacha riaracháin uasta dar luach ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh, fiú más mó é sin ná na méideanna uasta a leagtar amach i bpointe (i) nó (j), de réir mar is infheidhme;

(i) 

i leith duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 1 000 000 ar a laghad as sáruithe ar Airteagal 88 agus EUR 5 000 000 as sáruithe ar Airteagail 89 go 92 nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 29 Meitheamh 2023;

(j) 

i leith daoine dlítheanacha, fíneálacha uasta riaracháin de ar a laghad EUR 2 500 000 as sáruithe ar Airteagal 88 agus EUR 15 000 000 as sáruithe ar Airteagail 89 go 92, nó 2 % as sáruithe ar Airteagal 88 agus 15 % as sáruithe ar Airteagail 89 go 92 de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh, de réir na gcuntas is deireanaí atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an 29 Meitheamh 2023.

Chun críche phointe (j) den chéad fhomhír, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

6.  
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh cumhachtaí eile ag údaráis inniúla i dteannta na gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le leibhéil níos airde pionós ná iad siúd atá bunaithe sna míreanna sin, i leith daoine nádúrtha agus dlítheanacha araon atá freagrach as an sárú.

Airteagal 112

Cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí forchurtha pionóis a fheidhmiú

1.  

Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó beart eile riaracháin atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 111 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:

(a) 

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b) 

cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(c) 

leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(d) 

láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(e) 

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain sé, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

(f) 

caillteanais tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

(g) 

leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé, a áirithiú;

(h) 

sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú;

(i) 

bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc;

(j) 

tionchar an tsáraithe ar leasanna sealbhóirí cripteashócmhainní agus ar leasanna cliant soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola.

2.  
Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhorchur faoi Airteagal 111, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha, agus na pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhorchuirfidh siad, éifeachtach agus iomchuí. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint le linn dóibh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a fheidhmiú agus le linn dóibh pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhorchur i leith cásanna trasteorann.

Airteagal 113

Ceart achomhairc

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí arna ndéanamh ag údaráis inniúla faoin Rialachán seo cuí-réasúnaithe agus faoi réir ceart achomhairc os comhair cúirte. Beidh feidhm ag ceart achomhairc os comhair cúirte freisin i gcás nach ndéanfar aon chinneadh, laistigh de 6 mhí tar éis a thíolactha, i ndáil le hiarratas ar údarú ina soláthraítear an fhaisnéis ar fad a cheanglaítear.
2.  

Déanfaidh na Ballstáit foráil gur féidir le ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, arna gcinneadh faoin dlí náisiúnta, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gníomhú os comhair na gcúirteanna nó na gcomhlachtaí riaracháin inniúla chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm:

(a) 

comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;

(b) 

eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i sealbhóirí cripteashócmhainní a chosaint;

(c) 

eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu chun a gcomhaltaí a chosaint.

Airteagal 114

Cinntí a fhoilsiú

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla cinneadh lena bhforchuirtear pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin as sárú ar an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 111 a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla gan moill mhíchuí tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine nádúrtha nó dlítheanach is ábhar don chinneadh sin. Áireofar san fhoilsiú sin, ar a laghad, faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach. Ní gá cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaitheach a fhoilsiú.
2.  

I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanach nó chéannacht nó sonraí pearsanta na ndaoine nádúrtha míréireach agus sin mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfeadh foilsiú den sórt sin imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

foilsiú an chinnidh chun pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur a chur siar go dtí an tráth a scoirfidh cúiseanna a neamhfhoilsithe de bheith ann;

(b) 

an cinneadh a fhoilsiú chun pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áirithítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c) 

gan an cinneadh maidir le pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i) 

nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii) 

comhréireacht i dtaca le cinneadh mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

Má dhéantar cinneadh pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhoilsiú gan ainm, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina dtuartar go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheith ann don fhoilsiú sin gan ainm.

3.  
I gcás ina bhfuil an cinneadh pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur faoi achomharc os comhair na gcúirteanna ábhartha nó na gcomhlachtaí riaracháin ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis eile maidir leis an toradh ar an achomharc sin, a fhoilsiú láithreach, ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear cinneadh roimhe sin chun pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur ar neamhní.
4.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil ar feadh tréimhse nach giorra ná 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choimeádfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.

Airteagal 115

Tuairisciú ar phionóis riaracháin agus ar bhearta eile riaracháin do ESMA agus ÚBE

1.  
Soláthróidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ESMA agus do ÚBE maidir leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 111. Foilseoidh ESMA an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

I gcás inar leag Ballstáit síos, i gcomhréir le hAirteagal 111(1), an dara fomhír, pionóis choiriúla as na sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear ann, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh a sholáthar do ÚBE agus do ESMA ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ESMA sonraí i dtaobh pionóis choiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

2.  
I gcás inar nocht an t-údarás inniúil pionóis riaracháin, bearta riaracháin nó pionóis choiriúla eile don phobal, déanfaidh sé iad sin a thuairisciú do ESMA an tráth céanna.
3.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE agus ESMA ar an eolas maidir le gach pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a forchuireadh ach nár foilsíodh, lena n-áirítear aon achomharc ina leith agus an toradh a bhí air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh údaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas deiridh i ndáil le haon phionós coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfear faoi bhráid ÚBE agus ESMA iad. Coinneoidh ESMA bunachar sonraí lárnach de na pionóis agus na bearta riaracháin a chuirtear in iúl dó chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla. Ní bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin ach ag ÚBE, ag ESMA agus ag na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh na húdaráis inniúla.

Airteagal 116

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin a chosaint.

CAIBIDIL 4

Freagrachtaí maoirseachta ÚBE i leith eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha agus coláistí maoirseoirí

Airteagal 117

Freagrachtaí maoirseachta ÚBE i leith eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha

1.  
I gcás inar aicmíodh comhartha sócmhainn-tagartha a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 43 nó le hAirteagal 44, déanfaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin a chuid gníomhaíochtaí faoi mhaoirseacht ÚBE.

Gan dochar do chumhachtaí na n-údarás inniúil náisiúnta faoi mhír 2 den Airteagal seo, feidhmeoidh ÚBE cumhachtaí na n-údarás inniúil a thugtar le hAirteagail 22 go 25, 29, 33, Airteagal 34(7) agus (12), Airteagal 35(3) agus (5), Airteagal 36(10) agus Airteagail 41, 42, 46 agus 47 maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha.

2.  
I gcás ina soláthróidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh seirbhísí cripteashócmhainní freisin nó ina n-eiseoidh sé cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha iad, fanfaidh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit baile.
3.  
I gcás inar aicmíodh comhartha sócmhainn-tagartha a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 43, déanfaidh ÚBE athmheasúnú maoirseachta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-eisitheoir Teideal III.
4.  
I gcás inar aicmíodh comhartha ríomh-airgid arna eisiúint ag institiúid ríomh-airgid a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 56 nó le hAirteagal 57, déanfaidh ÚBE maoirsiú ar chomhlíonadh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh den sórt sin Airteagal 55 agus 58.

Chun críocha na maoirseachta ar chomhlíonadh Airteagail 55 agus 58, feidhmeoidh ÚBE cumhachtaí na n-údarás inniúil a thugtar dóibh le hAirteagail 22 agus 23, Airteagal 24(3), Airteagal 35(3) agus (5), Airteagal 36(10) agus Airteagail 46 agus 47 a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí sócmhainn-airgid suntasacha.

5.  

Feidhmeoidh ÚBE a chumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4 i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla eile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eisitheoir, go háirithe:

(a) 

an t-údarás maoirseachta stuamachta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, BCE faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(b) 

údaráis inniúla ábhartha faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/110/CE, i gcás inarb infheidhme;

(c) 

na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1).

Airteagal 118

Coiste um chripteashócmhainní ÚBE

1.  
Cruthóidh ÚBE buanchoiste inmheánach de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun cinntí ÚBE atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 44 de a ullmhú, lena n-áirítear cinntí a bhaineann leis na cúraimí maoirseachta a tugadh do ÚBE leis an Rialachán seo.
2.  
Féadfaidh an coiste um chripteashócmhainní cinntí a ullmhú freisin i ndáil le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bhaineann le cúraimí maoirseachta a tugadh do ÚBE leis an Rialachán seo.
3.  
Áiritheoidh ÚBE nach ndéanfaidh an coiste cripteashócmhainní ach na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus aon chúraimí eile is gá chun a ghníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní a dhéanamh.

Airteagal 119

Coláistí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha

1.  
Laistigh de 30 lá féilire ó chinneadh chun comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a aicmiú a bheith suntasach de bhun Airteagal 43, 44, 56 nó 57, de réir mar is infheidhme, déanfaidh ÚBE coláiste maoirseachta comhairleach a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, do gach eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, chun feidhmiú a gcúraimí maoirseachta a éascú agus gníomhú mar mheán chun gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú faoin Rialachán seo.
2.  

Is éard a bheidh i gcoláiste dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

ÚBE;

(b) 

ESMA;

(c) 

údaráis inniúla an Bhallstáit baile ina bhfuil eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh bunaithe;

(d) 

údaráis inniúla na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na n-institiúidí creidmheasa nó na ngnólachtaí infheistíochta is ábhartha a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 37 nó cumhdach na gcistí a fhaightear mar mhalairt ar na comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na n-ardán trádála is ábhartha le haghaidh cripteashócmhainní ina ligtear isteach na comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na comharthaí ríomh-airgid suntasacha chun a dtrádála;

(f) 

údaráis inniúla na soláthraithe seirbhísí íocaíochta is ábhartha a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta i ndáil leis na comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(g) 

i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na n-eintiteas a áirithíonn na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h);

(h) 

i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní is ábhartha a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant i ndáil leis na comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó leis na comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(i) 

BCE;

(j) 

i gcás ina bhfuil eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh bunaithe i mBallstát nach é an euro a airgeadra oifigiúil, nó ina bhfuil airgeadra oifigiúil nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach, banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin;

(k) 

i gcás ina bhfuil eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh bunaithe i mBallstát nach é an euro a airgeadra oifigiúil, nó ina bhfuil airgeadra oifigiúil nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach, banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin;

(l) 

údaráis inniúla Ballstát ina n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha nó an comhartha ríomh-airgid ar mórscála, arna iarraidh sin dóibh;

(m) 

údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha lena bhfuil comhaontuithe riaracháin déanta ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 126.

3.  
Féadfaidh ÚBE a iarraidh ar údaráis eile a bheith ina gcomhaltaí sa choláiste dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh na heintitis a ndéanfaidh siad maoirseacht orthu ábhartha d’obair an choláiste.
4.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit nach comhalta den choláiste é aon fhaisnéis a iarraidh ar an gcoláiste a bheidh ábhartha maidir lena chuid dualgas maoirseachta a dhéanamh faoin Rialachán seo.
5.  

Déanfaidh coláiste dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

ullmhú na tuairime neamhcheangailtí dá dtagraítear in Airteagal 120;

(b) 

malartú faisnéise i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c) 

comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh a chomhaltaí ar bhonn deonach.

Chun na cúraimí a shanntar do choláistí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a chomhlíonadh, beidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 i dteideal rannchuidiú le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre cruinnithe.

6.  
Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Sa chomhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na nósanna imeachta vótála amhail dá dtagraítear in Airteagal 120(3);

(b) 

na nósanna imeachta chun clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú;

(c) 

minicíocht chruinnithe an choláiste;

(d) 

na hachair ama íosta iomchuí i ndáil leis an measúnú a dhéanfaidh comhaltaí an choláiste ar an doiciméadacht ábhartha;

(e) 

na módúlachtaí cumarsáide idir comhaltaí an choláiste;

(f) 

roinnt coláistí a chruthú, coláiste amháin le haghaidh gach cripteashócmhainne nó grúpa cripteashócmhainní ar leith.

Féadfar sa chomhaontú freisin cúraimí a chinneadh atá le cur ar iontaoibh ÚBE nó ar chomhalta eile an choláiste.

7.  

Mar chathaoirleach ar gach coláiste, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas:

(a) 

socruithe agus nósanna imeachta a bhunú i scríbhinn d’fheidhmiú an choláiste, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste;

(b) 

gníomhaíochtaí uile an choláiste a chomhordú;

(c) 

cruinnithe uile an choláiste a thionól agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu agus comhaltaí an choláiste a choinneáil ar an eolas go hiomlán roimh eagrú chruinnithe an choláiste, faoi na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé agus faoi na míreanna a bheidh le breithniú;

(d) 

fógra a thabhairt do chomhaltaí an choláiste faoi aon chruinnithe pleanáilte ionas go bhféadfaidh siad rannpháirtíocht iontu a iarraidh;

(e) 

comhaltaí an choláiste a choinneáil ar an eolas, ar mhodh tráthúil, faoi chinntí agus torthaí na gcruinnithe sin.

8.  

Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí a áirithiú, forbróidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin rialála lena sonraítear an méid seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha faoina measfar gurb iad na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointí (d), (e), (f) agus (h) na heintitis is ábhartha;

(b) 

na coinníollacha faoina meastar go n-úsáidtear comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid ar mórscála, amhail dá dtagraítear i mír 2, pointe (l); agus

(c) 

sonraí na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 6.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 120

Tuairimí neamhcheangailteacha na gcoláistí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha

1.  

Féadfaidh coláiste dá dtagraítear in Airteagal 119(1) tuairim neamhcheangailteach a eisiúint ar an méid seo a leanas:

(a) 

an t-athmheasúnú maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 117(3);

(b) 

aon chinneadh ceangal a chur ar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó comhartha ríomh-airgid shuntasaigh méid níos airde de chistí dílse a bheith ina sheilbh i gcomhréir le hAirteagal 35(2), (3) agus (5), Airteagal 45(5) agus Airteagal 58(1), de réir mar is infheidhme;

(c) 

aon nuashonrú ar phlean téarnaimh nó ar phlean fuascailte eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheora comhartha ríomh-airgid shuntasaigh de bhun Airteagail 46, 47 agus 55, de réir mar is infheidhme;

(d) 

aon athrú ar mhúnla gnó eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh de bhun Airteagal 25(1);

(e) 

dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

(f) 

aon bhearta ceartaitheacha iomchuí atá beartaithe de bhun Airteagal 25(4);

(g) 

aon bhearta maoirseachta atá beartaithe de bhun Airteagal 130;

(h) 

aon chomhaontú riaracháin atá beartaithe maidir le faisnéis a mhalartú le húdarás maoirseachta tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 126;

(i) 

aon tarmligean de chúraimí maoirseachta ó ÚBE chuig údarás inniúil de bhun Airteagal 138;

(j) 

aon athrú atá beartaithe maidir le húdarú chomhaltaí an choláiste, nó aon bheart maoirseachta atá beartaithe ina leith, dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (d) go (h);

(k) 

dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 51(12).

2.  
I gcás ina n-eisíonn an coláiste tuairim i gcomhréir le mír 1, arna iarraidh sin d’aon chomhalta den choláiste agus ar a glacadh ag tromlach den choláiste i gcomhréir le mír 3, féadfaidh aon mholtaí a bheith san áireamh sa tuairim a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar easnaimh an bhirt atá beartaithe ag ÚBE nó ag na húdaráis inniúla.
3.  
Glacfar tuairim ón gcoláiste bunaithe ar thromlach simplí dá chomhaltaí.

I gcás ina bhfuil roinnt comhaltaí den choláiste in aghaidh an Bhallstáit, ní bheidh vóta ach ag duine amháin de na comhaltaí sin.

I gcás inar comhalta den choláiste i roinnt cáileanna é BCE, lena n-áirítear cáileanna maoirseachta, ní bheidh ach aon vóta amháin aige.

Ní bheidh aon chearta vótála ag údaráis mhaoirseachta tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (m), i leith tuairim ón gcoláiste.

4.  
Déanfaidh ÚBE agus na húdaráis inniúla an tuairim neamhcheangailteach ón gcoláiste a bhreithniú go cuí, ar tuairim í ar thángthas uirthi i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear aon mholtaí a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar easnaimh an bhirt maoirseachta atá beartaithe i leith eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, eintitis nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (d) go (h). I gcás nach n-aontóidh ÚBE nó údarás inniúil le tuairim ón gcoláiste, lena n-áirítear aon mholtaí a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar easnaimh an bhirt maoirseachta atá beartaithe, beidh a chúiseanna agus míniú sa chinneadh ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na moltaí sin.

CAIBIDIL 5

Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚBE i leith eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha

Airteagal 121

Pribhléid dhlíthiúil

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚBE le hAirteagail 122 go 125, nó d’aon oifigeach nó duine eile arna údarú ag ÚBE, ní bhainfear úsáid astu chun a cheangal go nochtfar faisnéis atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

Airteagal 122

Iarraidh ar fhaisnéis

1.  

Chun a fhreagrachtaí maoirseachta faoi Airteagal 117 a chomhlíonadh, féadfaidh ÚBE trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh a cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis ar fad atá de dhíth a sholáthar chun cur ar chumas ÚBE a chuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo:

(a) 

eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó duine a rialaíonn eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh;

(b) 

tríú páirtí amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h), a bhfuil socrú conarthach ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh leis;

(c) 

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 37;

(d) 

eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh nó duine a rialaíonn eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh;

(e) 

soláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta i ndáil le comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(f) 

duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil mar chúram air comharthaí ríomh-airgid suntasacha a dháileadh thar ceann eisitheoir comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(g) 

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant i ndáil le comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó le comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(h) 

oibreoir ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní a lig comhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó comhartha ríomh-airgid suntasach isteach chun a thrádála;

(i) 

comhlacht bainistíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (h).

2.  

Maidir le hiarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

déanfaidh sí tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

luafaidh sí cuspóir na hiarrata;

(c) 

sonróidh sí an fhaisnéis atá ag teastáil;

(d) 

áireoidh sí teorainn ama nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh di;

(e) 

déanfaidh sí an duine a n-iarrtar an fhaisnéis uaidh a chur ar an eolas nach bhfuil sé d’oibleagáid air an fhaisnéis a chur ar fáil ach, i gcás ina dtabharfaidh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin gur gá an fhaisnéis a sholáthrófar a bheith ceart agus gan a bheith míthreorach; agus

(f) 

déanfaidh sí an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 131 a léiriú, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.

3.  

Nuair a cheanglaítear faisnéis a sholáthar de bhun mhír 1 le cinneadh, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas:

(a) 

tagairt a dhéanamh don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

cuspóir na hiarrata a lua;

(c) 

an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) 

teorainn ama a leagan síos ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) 

na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 132 a léiriú i gcás ina bhfuil faisnéis ag teastáil;

(f) 

an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 131 a léiriú, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g) 

a léiriú gurb ann don cheart achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚBE agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.  
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar.
5.  
Seolfaidh ÚBE gan mhoill cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar na daoine lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis nó ina bhfuil siad bunaithe.

Airteagal 123

Cumhachtaí ginearálta imscrúdaitheacha

1.  

Chun a fhreagrachtaí maoirseachta a chomhlíonadh faoi Airteagal 117 den Rialachán seo, féadfaidh ÚBE imscrúduithe a dhéanamh maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha. Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le cur i gcrích a chúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b) 

cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a thógáil a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c) 

aon eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, nó a comhlacht bainistíochta nó a fhoireann, a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir an imscrúdaithe agus na freagraí a thaifeadadh;

(d) 

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e) 

taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

Cuirfear coláiste amhail dá dtagraítear in Airteagal 119(1) ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le cur i gcrích a chúraimí.

2.  
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE chun críocha an imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 132 i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, ná aon ábhar eile a éilítear ná freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó ar eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 131, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó ar eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha mícheart nó míthreorach.
3.  
Tá sé de cheangal ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha dul faoi imscrúduithe arna seoladh bunaithe ar chinneadh ó ÚBE. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 132, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
4.  
Laistigh de thréimhse réasúnta ama roimh imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚBE údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Arna iarraidh sin do ÚBE, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.
5.  
Más rud é, maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (e), go gceanglaítear údarú a fháil ó chúirt de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme, déanfaidh ÚBE iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.  

I gcás ina bhfaighidh cúirt i mBallstát iarratas ar údarú maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (e), déanfaidh an chúirt a fhíorú i dtaobh:

(a) 

an bhfuil cinneadh ÚBE dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b) 

an bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

7.  
Chun críocha mhír 6, pointe (b), féadfaidh an chúirt a iarraidh ar ÚBE míniúcháin mhionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚBE chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an chúirt sin athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sí go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚBE a sholáthar di. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚBE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 124

Cigireachtaí ar an láthair

1.  
Chun a fhreagrachtaí maoirseachta a chomhlíonadh faoi Airteagal 117 den Rialachán seo, féadfaidh ÚBE na cigireachtaí ar an láthair ar fad atá ag teastáil a dhéanamh ag áitreabh gnó ar bith de chuid na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha.

Cuirfear an coláiste amhail dá dtagraítear in Airteagal 119 ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le cur i gcrích a chúraimí.

2.  
Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚBE agus beidh acu na cumhachtaí go léir dá bhforáiltear in Airteagal 123(1). Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.  
In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚBE fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚBE, tar éis an t-údarás inniúil sin a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré d’eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
4.  
Feidhmeoidh na hoifigigh, agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE cigireacht ar an láthair a dhéanamh, a gcumhachtaí tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 132 sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5.  
Rachaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ÚBE. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 132, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
6.  
Arna iarraidh sin do ÚBE, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.
7.  
Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚBE a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 123(1) a dhéanamh thar a cheann.
8.  
I gcás ina n-aimsíonn na hoifigigh agus daoine eile a bheidh á dtionlacan, a bheidh údaraithe ag ÚBE, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9.  
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó chúirt de bhun an dlí náisiúnta, déanfaidh ÚBE iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10.  

I gcás ina bhfaighidh cúirt iarratas ar údarú le haghaidh cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 7, déanfaidh an chúirt sin an méid a fhíorú i dtaobh:

(a) 

an bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚBE dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b) 

an bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

11.  
Chun críocha mhír 10, pointe (b), féadfaidh an chúirt a iarraidh ar ÚBE míniúcháin mhionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚBE chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an chúirt sin athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sí go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚBE a sholáthar di. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚBE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 125

Malartú faisnéise

1.  

Chun dualgais mhaoirseachta ÚBE faoi Airteagal 117 a thabhairt i gcrích agus gan dochar d’Airteagal 96, déanfaidh ÚBE agus na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun a gcuid dualgas a thabhairt i gcrích faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile gan moill mhíchuí. Chun na críche sin, malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚBE aon fhaisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó duine a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, nó atá á rialú ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh;

(b) 

tríú páirtí amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h), a bhfuil socrú conarthach ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh leis;

(c) 

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 37;

(d) 

eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh nó duine a rialaíonn eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh;

(e) 

soláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta i ndáil le comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(f) 

duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil mar chúram air comharthaí ríomh-airgid suntasacha a dháileadh thar ceann eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(g) 

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant i ndáil le comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó le comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(h) 

ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní ar a ligeadh comhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó comhartha ríomh-airgid suntasach isteach chun a thrádála;

(i) 

comhlacht bainistíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h).

2.  

Ní fhéadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis a mhalartú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ná de bhun iarraidh ar chomhar maidir le himscrúdú nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 123 agus 124, faoi seach, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

gur dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ar a imscrúdú féin, ar a ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin nó, i gcás inarb ábhartha, ar a imscrúdú coiriúil má chomhlíonann sé an iarraidh;

(b) 

go ndearnadh imeachtaí a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna os comhair chúirteanna an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chucu;

(c) 

gur tugadh breithiúnas críochnaitheach maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin de dheasca na ngníomhaíochtaí céanna sin sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.

Airteagal 126

Comhaontuithe riaracháin maidir le faisnéis a mhalartú idir ÚBE agus tríú tíortha

1.  
Chun a fhreagrachtaí maoirseachta a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 117, ní fhéadfaidh ÚBE comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla de chuid tríú tíortha ach amháin má tá an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 129.
2.  
Beidh an malartú faisnéise ann ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí ÚBE nó chúraimí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír, cuirfidh ÚBE Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm.

Airteagal 127

Faisnéis ó thríú tíortha a nochtadh

1.  
Ní fhéadfaidh ÚBE an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta tríú tíortha a nochtadh ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag ÚBE nó ag an údarás inniúil a thug an fhaisnéis do ÚBE ón údarás maoirseachta de chuid tríú tír a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, gur chun na gcríoch dár thug an t-údarás maoirseachta sin a chomhaontú amháin a nochtfar an fhaisnéis nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí breithiúnacha.
2.  
An ceanglas maidir le comhaontú sainráite dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le húdaráis eile mhaoirseachta de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis a iarrann siad chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus ní bheidh feidhm aige maidir leis na cúirteanna ina bhfuil an fhaisnéis a iarrann siad ag teastáil le haghaidh imscrúduithe nó imeachtaí i dtaca le sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla.

Airteagal 128

Comhar le húdaráis eile

I gcás ina ngabhfaidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh do ghníomhaíochtaí seachas na cinn a chumhdaítear faoin Rialachán seo, oibreoidh ÚBE i gcomhar leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht na ngníomhaíochtaí eile den sórt sin dá bhforáiltear i ndlí ábhartha an Aontais nó sa dlí ábhartha náisiúnta, lena n-áirítear údaráis chánach agus údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha nach comhaltaí den choláiste iad amhail dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (m).

Airteagal 129

Rúndacht ghairmiúil

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ÚBE agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚBE agus d’aon duine eile a ndearna ÚBE cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚBE.

Airteagal 130

Bearta maoirseachta ag ÚBE

1.  

Más rud é go bhfaighidh ÚBE go ndearna eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh sárú mar a liostaítear in Iarscríbhinn V, féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh scor den iompar ar sárú é;

(b) 

cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagail 131 agus 132;

(c) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh faisnéis bhreise a tharchur, i gcás inar gá chun sealbhóirí an comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, go háirithe sealbhóirí miondíola, a chosaint;

(d) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais aige go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(e) 

cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear an comhartha sócmhainn-tagartha suntasach a thairiscint don phobal i gcás ina bhfaighidh sé gur sáraíodh an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais aige go ndéanfar sárú air;

(f) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a lig comhartha sócmhainn-tagartha suntasach chun a thrádála trádáil cripteashócmhainne den sórt sin a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais aige go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(g) 

cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear an comhartha sócmhainn-tagartha suntasach a thrádáil ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní i gcás ina bhfaighidh sé go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(h) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a chumarsáid mhargaíochta a leasú, i gcás ina bhfaighidh sé nach gcomhlíonann an chumarsáid mhargaíochta Airteagal 29;

(i) 

cinneadh a ghlacadh chun cumarsáid mhargaíochta a chur ar fionraí nó a thoirmeasc i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(j) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, ar faisnéis í ar féidir éifeacht a bheith aici ar an measúnú a dhéantar ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a thrádála chun cosaint tomhaltóirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(k) 

rabhaidh a eisiúint go mainníonn eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;

(l) 

údarú eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a tharraingt siar;

(m) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear duine nádúrtha a bhaint de chomhlacht bainistíochta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh;

(n) 

a cheangal ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh atá faoina mhaoirseacht íosmhéid ainmníochta a thabhairt isteach i leith na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha sin nó teorainn a chur le méid an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh arna eisiúint, i gcomhréir le hAirteagail 23(4) agus 24(3).

2.  

Más rud é go bhfaighidh ÚBE go ndearna eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh sárú mar a liostaítear in Iarscríbhinn VI, féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh scor den iompar ar sárú é;

(b) 

cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagail 131 agus 132;

(c) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh faisnéis bhreise a tharchur, i gcás inar gá chun sealbhóirí an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, go háirithe sealbhóirí miondíola, a chosaint;

(d) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais aige go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(e) 

cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear an comhartha ríomh-airgid suntasach a thairiscint don phobal i gcás ina bhfaighidh sé gur sáraíodh an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais aige go ndéanfar sárú air;

(f) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ábhartha a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a lig comharthaí ríomh-airgid suntasacha isteach chun a dtrádála trádáil na gcripteashócmhainní sin a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais aige go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(g) 

cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear trádáil comharthaí ríomh-airgid suntasacha, ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní i gcás ina bhfaighidh sé go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(h) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, ar faisnéis í ar féidir éifeacht a bheith aici ar an measúnú a dhéantar ar an gcomhartha ríomh-airgid suntasach a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a thrádála chun cosaint tomhaltóirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(i) 

rabhaidh a eisiúint go mainníonn eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;

(j) 

a cheangal ar eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá faoina mhaoirseacht íosmhéid ainmníochta a thabhairt isteach i leith an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh sin nó teorainn a chur le méid an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh arna eisiúint, mar thoradh ar Airteagal 58(3) a chur i bhfeidhm.

3.  

Agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚBE cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) 

a chinneadh an ndearnadh coir airgeadais, ar éascaíodh coir airgeadais nó an bhfuil, ar bhealach eile, coir airgeadais inchurtha ina leith;

(c) 

ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta, beartais agus bearta bainistithe riosca eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(d) 

cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(e) 

méid freagrachta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú;

(f) 

láidreacht airgeadais eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(g) 

tionchar an tsáraithe ar leasanna shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(h) 

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú nó na gcaillteanas do thríú páirtithe mar thoradh ar an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(i) 

leibhéal comhair eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, atá freagrach as an sárú le ÚBE, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(j) 

sáruithe roimhe sin ag eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó ag eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú;

(k) 

bearta a rinne eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh tar éis an tsáraithe ionas nach dtarlóidh sárú den sórt sin arís.

4.  
Sula ndéanfar aon bhearta amhail dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) go (g), agus pointe (j), cuirfidh ÚBE ESMA ar an eolas agus, i gcás ina bhfuil na comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha ag tagairt don euro nó d’airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é, do BCE nó do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann a eisíonn an t-airgeadra oifigiúil sin, faoi seach.
5.  
Sula ndéanfar aon bhearta amhail dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh ÚBE údarás inniúil eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh agus banc ceannais an Bhallstáit a dtagraíonn an comhartha ríomh-airgid suntasach dá airgeadra oifigiúil a chur ar an eolas.
6.  
Tabharfaidh ÚBE fógra faoi aon bheart a dhéantar de bhun mhír 1 nó 2 d’eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú gan moill mhíchuí agus cuirfidh sé an beart sin in iúl do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus don Choimisiún. Déanfaidh ÚBE aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a ghlacfar an cinneadh sin, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin an chobhsaíocht airgeadais i mbaol go mór nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sonraí pearsanta sa nochtadh sin.
7.  

Áireofar na ráitis seo a leanas leis an nochtadh don phobal dá dtagraítear i mír 6:

(a) 

ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair na Cúirte Breithiúnais;

(b) 

I gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonraítear nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c) 

ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Bord Achomhairc ÚBE in ann cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 131

Fíneálacha

1.  

Glacfaidh ÚBE cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 den Airteagal seo, más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 134(8), go gcinneann sé:

(a) 

go ndearna eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó comhalta dá chomhlacht bainistíochta, d’aon ghnó nó le faillí, sárú mar a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(b) 

go ndearna eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh nó comhalta dá chomhlacht bainistíochta, d’aon ghnó nó le faillí, sárú mar a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ÚBE ar fhachtóirí oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an t-eisitheoir sin nó comhalta dá chomhlacht bainistíochta d’aon turas chun an sárú a dhéanamh.

2.  

Nuair atá cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á ghlacadh aige, cuirfidh ÚBE cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) 

a chinneadh an ndearnadh coir airgeadais, ar éascaíodh coir airgeadais nó an bhfuil coir airgeadais inchurtha ina leith ar bhealach eile;

(c) 

a chinneadh cibé acu ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta, beartais agus bearta bainistithe riosca eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh;

(d) 

a chinneadh cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(e) 

méid freagrachta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú;

(f) 

láidreacht airgeadais eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(g) 

tionchar an tsáraithe ar leasanna sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(h) 

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh, nó na gcaillteanas a sheachain eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú nó na caillteanas do thríú páirtithe arb é an sárú ba chúis leo, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(i) 

leibhéal comhair eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, atá freagrach as an sárú le ÚBE, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(j) 

sáruithe roimhe sin ag eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó ag eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú;

(k) 

bearta a ghlac eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh tar éis an tsáraithe ionas nach dtarlóidh sárú den sórt sin arís.

3.  
Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, beidh uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 suas le 12,5 % dá láimhdeachas bliantúil sa bhliain gnó roimhe sin, nó dhá oiread de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú nuair is féidir sin a chinneadh.
4.  
Maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha, beidh uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 suas le 10 % dá láimhdeachas bliantúil sa bhliain ghnó roimhe sin, nó dhá oiread de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú nuair is féidir sin a chinneadh.

Airteagal 132

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  

Glacfaidh ÚBE cinneadh lena bhforchuirfear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chun iallach a chur:

(a) 

ar dhuine scor den iompar ar sárú é i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 130;

(b) 

ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 122(1):

(i) 

chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a iarrfar le cinneadh de bhun Airteagal 122;

(ii) 

chun dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 123 a iomlánú agus a cheartú;

(iii) 

chun dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh a ghlactar de bhun Airteagal 124.

2.  
Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3.  
D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na dtráthíocaíochtaí pionósacha 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ó ÚBE lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.  
Forchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚBE. Tar éis dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh ÚBE an beart a athbhreithniú.

Airteagal 133

Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  
Déanfaidh ÚBE gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirtear de bhun Airteagail 131 agus 132 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do chobhsaíocht airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sonraí pearsanta sa nochtadh sin.
2.  
Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 131 agus 132.
3.  
Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirfear de bhun Airteagail 131 agus 132 infhorfheidhmithe i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a fhorfheidhmítear an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.  
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais.
5.  
Más rud é, d’ainneoin Airteagail 131 agus 132, go gcinnfidh ÚBE gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.

Airteagal 134

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1.  
Más rud é, agus a fhreagrachtaí maoirseachta faoi Airteagal 117 á gcur i gcrích aige, go bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ann le bheith in amhras go ndearnadh sárú, nó go mbeidh sárú ann, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn VI, ceapfaidh ÚBE oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚBE chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná ní raibh sé rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i maoirseacht eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó eisitheoirí na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha lena mbaineann agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar ÚBE.
2.  
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe á gcur i gcuntas agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, faoi bhráid ÚBE.
3.  
Chun a chuid cúraimí a thabhairt i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 122 agus an chumhacht chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 123 agus 124. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 121.
4.  
Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚBE ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5.  
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid ÚBE, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6.  
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.
7.  
Agus an comhad mar aon lena chinntí á chur faoi bhráid ÚBE, tabharfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin fógra ina leith do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe sin. Beidh na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe nó do dhoiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚBE.
8.  
Bunaithe ar an gcomhad ina mbeidh torthaí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 135, cinnfidh ÚBE an bhfuil sárú a liostaítear in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn VI déanta ag eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh faoi réir an imscrúdaithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 130 nó déanfaidh sé fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 131.
9.  
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bplé ÚBE ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚBE.
10.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 139 faoin 30 Meitheamh 2024 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar na rialacha nós imeachta maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.
11.  
Déanfaidh ÚBE ábhair a chur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta ábhartha lena n-imscrúdú agus, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh ionchúiseamh coiriúil más rud é, le linn a chuid dualgas faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích, go bhfaigheann sé go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚBE ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás ina mbeidh sé ar an eolas faoi éigiontú nó faoi chiontú roimhe sin, a d’éirigh as fíoras comhionann nó as fíorais chomhionanna atá comhionann lena chéile go substaintiúil, a bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 135

Na daoine lena mbaineann a éisteacht

1.  
Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagail 130, 131 nó 132, tabharfaidh ÚBE an deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe sin a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚBE a chinntí.
2.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chobhsaíocht airgeadais nó do shealbhóirí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola, a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚBE cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
3.  
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚBE, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh ceart rochtana ar chomhad ÚBE faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ÚBE.

Airteagal 136

Athbhreithniú ón gCúirt Bhreithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ÚBE fíneáil, íocaíocht phionósach thréimhsiúil nó aon phionós riaracháin nó beart eile riaracháin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 137

Táillí maoirseachta

1.  
Déanfaidh ÚBE táillí a ghearradh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainní suntasacha agus ar eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas ÚBE maidir le maoirseacht eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 117, chomh maith le haisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre faoin Rialachán seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 138.
2.  
Beidh méid na táille a ghearrtar ar eisitheoir aonair comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh i gcomhréir le méid a chúlsócmhainní agus cumhdófar leis na costais ar fad arna dtabhú ag ÚBE agus a chúraimí maoirseachta á gcomhlíonadh aige faoin Rialachán seo.

Beidh méid na táille a ghearrtar ar eisitheoir aonair comhartha ríomh-airgid shuntasaigh i gcomhréir le méid eisiúna na gcomharthaí ríomh-airgid mar mhalairt ar chistí agus cumhdófar leis na costais ar fad a eascraíonn ó chur i gcrích chúraimí maoirseachta ÚBE faoin Rialachán seo, lena n-áirítear aisíoc aon chostas a thabhaítear mar thoradh ar na cúraimí sin a chur i gcrích.

3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 139 faoin.30 Meitheamh 2024 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar an gcineál táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad agus an mhodheolaíocht chun an t-uasmhéid in aghaidh an eintitis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo is féidir le ÚBE a ghearradh a ríomh.

Airteagal 138

Cúraimí ÚBE a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.  
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a chomhlíonadh go cuí i leith eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha, féadfaidh ÚBE cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil. Féadfaidh an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 122 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 123 nó le hAirteagal 124 a bheith san áireamh sna cúraimí sonracha maoirseachta sin.
2.  

Sula ndéanfaidh sé cúram dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean, rachaidh ÚBE i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) 

an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) 

tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚBE agus chuige.

3.  
I gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe maidir le táillí arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 137(3) agus Airteagal 139, déanfaidh ÚBE údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a thabhairt i gcrích.
4.  
Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar tharmligean na gcúraimí ag eatraimh iomchuí. Féadfar an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth.

TEIDEAL VIII

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 139

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 43(11), 103(8), 104(8), 105(7), 134(10) agus 137(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 36 mhí ón 29 Meitheamh 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 36 mí, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 43(11), 103(8), 104(8), 105(7), 134(10) agus 137(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 43(11), 103(8), 104(8), 105(7), 134(10) agus 137(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 140

Tuarascálacha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo

1.  
Faoin 30 Meitheamh 2027, tar éis dul i gcomhairle le ÚBE agus ESMA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach. Tíolacfar tuarascáil eatramhach faoi 30 Meitheamh 2025, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach.
2.  

Beidh an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

an líon eisiúintí cripteashócmhainní san Aontas, an líon páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a cuireadh faoi bhráid na n-údarás inniúil nó ar tugadh fógra ina leith do na húdaráis inniúla, cineál na gcripteashócmhainní a eisíodh agus a gcaipitliú margaidh, agus líon na gcripteashócmhainní a ligeadh isteach chun a dtrádála;

(b) 

tuairisc ar an taithí ar aicmiú cripteashócmhainní lena n-áirítear éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith sna cuir chuige a bheidh ag na húdaráis inniúla;

(c) 

measúnú ar an ngá atá le sásra formheasa a thabhairt isteach le haghaidh páipéir bhána cripteashócmhainne maidir le haghaidh cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid;

(d) 

meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint san Aontas;

(e) 

i gcás inar féidir, meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint lasmuigh den Aontas agus míniú ar infhaighteacht na sonraí ina leith sin;

(f) 

líon agus luach na calaoise, na gcamscéimeanna, na haiceála, úsáid na gcripteashócmhainní le haghaidh íocaíochtaí a bhaineann le hionsaithe bogearraí éirice, le cibirionsaithe, gadaíocht nó caillteanais cripteashócmhainní a thuairiscítear san Aontas, na cineálacha iompraíochta calaoisí, an líon gearán arna bhfáil ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, an líon gearán arna bhfáil ag na húdaráis inniúla agus ábhair na ngearán arna bhfáil;

(g) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-íocaíochtaí a dhéantar i gcomharthaí sócmhainn-tagartha;

(h) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-íocaíochtaí a dhéantar i gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha;

(i) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla atá faoi thagairt ag na comharthaí ríomh-airgid, comhdhéanamh agus méid na gcistí arna dtaisceadh nó arna n-infheistiú i gcomhréir le hAirteagal 54 agus méid na n-íocaíochtaí a dhéantar i gcomharthaí ríomh-airgid;

(j) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla atá faoi thagairt ag na comharthaí ríomh-airgid suntasacha agus, i gcás institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha, anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlsócmhainní, agus méid na n-íocaíochtaí a dhéantar i gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(k) 

líon na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha;

(l) 

measúnú ar fheidhmiú mhargaí na gcripteashócmhainní san Aontas, lena n-áirítear forbairt agus treochtaí an mhargaidh, taithí na n-údarás maoirseachta, an líon soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní údaraithe agus a sciar faoi seach den mhargadh á cur san áireamh;

(m) 

measúnú ar leibhéal na cosanta do shealbhóirí cripteashócmhainní agus do chliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola;

(n) 

measúnú ar chumarsáid chalaoiseach mhargaíochta agus camscéimeanna a bhaineann le cripteashócmhainní a tharlaíonn trí líonraí meán sóisialta;

(o) 

measúnú ar na ceanglais is infheidhme maidir le heisitheoirí cripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus an tionchar atá acu ar athléimneacht oibríochta, ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, agus ar chosaint cliant agus sealbhóirí cripteashócmhainní;

(p) 

meastóireacht ar chur i bhfeidhm Airteagal 81 agus ar an bhféidearthacht tástálacha oiriúnachta a thabhairt isteach in Airteagail 78, 79 agus 80 chun cosaint níos fearr a thabhairt do chliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola;

(q) 

measúnú i dtaobh an bhfuil raon feidhme na seirbhísí cripteashócmhainní a chumhdaítear leis an Rialachán seo iomchuí agus an bhfuil gá le haon choigeartú ar na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo, agus ar ghá aon fhoirmeacha cripteashócmhainní nuálacha breise a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo;

(r) 

measúnú lena chinneadh an bhfuil na ceanglais stuamachta maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní iomchuí agus ar cheart iad a ailíniú leis na ceanglais maidir le caipiteal tosaigh agus cistí dílse is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta faoi Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) agus faoi Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 );

(s) 

measúnú ar oiriúnacht na dtairseach chun comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid a aicmiú mar chomharthaí suntasacha mar a leagtar amach in Airteagal 43(1), pointí (a), (b) agus (c), agus measúnú ar cibé ar cheart meastóireacht a dhéanamh go tréimhsiúil ar na tairseacha;

(t) 

measúnú ar fhorbairt an airgeadais dhíláraithe i margaí i gcripteashócmhainní agus ar láimhseáil rialála iomchuí na gcóras cripteashócmhainní díláraithe;

(u) 

measúnú ar oiriúnacht na dtairseach chun a mheas go bhfuil soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasach de bhun Airteagal 85, agus measúnú i dtaobh ar cheart meastóireacht a dhéanamh ar na tairseacha go tréimhsiúil;

(v) 

measúnú i dtaobh ar cheart córas coibhéise a bhunú faoin Rialachán seo d’eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní, d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó d’eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid ó thríú tíortha;

(w) 

measúnú lena chinneadh an bhfuil na díolúintí faoi Airteagail 4 agus 16 iomchuí;

(x) 

measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i leith cripteashócmhainní, lena n-áirítear aon tionchar ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus ar fhorbairt modhanna nua íocaíochta, lena n-áirítear ionstraimí íocaíochta;

(y) 

tuairisc ar fhorbairtí i samhlacha gnó agus i dteicneolaíochtaí i margaí i gcripteashócmhainní agus béim ar leith á leagan ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua a bhaineann leis an gcomhshaol agus an aeráid, chomh maith le measúnú ar roghanna beartais agus, i gcás inar gá, aon bhearta breise a d’fhéadfadh údar a bheith leo chun drochthionchair na dteicneolaíochtaí a úsáidtear i margaí i gcripteashócmhainní ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol a mhaolú agus, go háirithe, ar na sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta cripteashócmhainní a bhailíochtú;

(z) 

breithmheas i dtaobh an bhfuil gá le haon athrú ar na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo chun cosaint cliant agus sealbhóirí cripteashócmhainní, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú;

(aa) 

feidhmiú na bpionós riaracháin agus bearta eile riaracháin;

(ab) 

meastóireacht ar an gcomhar idir na húdaráis inniúla, ÚBE, ESMA, bainc cheannais, chomh maith le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear maidir leis an idirghníomhú idir a bhfreagrachtaí nó a gcúraimí, agus measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le húdaráis inniúla na mBallstát agus ÚBE, faoi seach, a bheith freagrach as maoirseacht faoin Rialachán seo;

(ac) 

meastóireacht ar an gcomhar idir na húdaráis inniúla agus ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha, agus measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le húdaráis inniúla na mBallstát agus ESMA, faoi seach, a bheith freagrach as an maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha faoin Rialachán seo;

(ad) 

na costais d’eisitheoirí cripteashócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, chun an Rialachán seo a chomhlíonadh mar chéatadán den mhéid a cruinníodh trí eisiúintí cripteashócmhainní;

(ae) 

na costais d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus d’eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid chun an Rialachán seo a chomhlíonadh mar chéatadán dá gcostais oibriúcháin;

(af) 

na costais do na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun an Rialachán seo a chomhlíonadh mar chéatadán dá gcostais oibriúcháin;

(ag) 

líon agus méid na bhfíneálacha riaracháin agus na bpionós coiriúil a ghearrtar i leith sáruithe ar an Rialachán seo ag údaráis inniúla agus ag ÚBE.

3.  
I gcás inarb infheidhme, déanfar obair leantach freisin sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar na topaicí a dtugtar aghaidh orthu sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 141 agus 142.

Airteagal 141

Tuarascáil bhliantúil ESMA ar fhorbairtí sa mhargadh

Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar na forbairtí i margaí i gcripteashócmhainní. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí.

Beidh na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

(a) 

líon na n-eisiúintí cripteashócmhainní san Aontas, líon na bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní a cuireadh faoi bhráid na n-údarás inniúil nó ar tugadh fógra ina leith do na húdaráis inniúla, cineál na gcripteashócmhainní a eisíodh agus a gcaipitliú margaidh, líon na gcripteashócmhainní a ligeadh isteach chun a dtrádála;

(b) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-idirbheart i gcomharthaí sócmhainn-tagartha;

(c) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-idirbheart i gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha;

(d) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid a údaraítear, agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla atá faoi thagairt ag na comharthaí ríomh-airgid, comhdhéanamh agus méid na gcistí arna dtaisceadh nó arna n-infheistiú i gcomhréir le hAirteagal 54, agus méid na n-íocaíochtaí arna dhéanamh i gcomharthaí ríomh-airgid;

(e) 

líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha, agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla dá dtagraítear sna comharthaí ríomh-airgid suntasacha, anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní, agus méid na n-íocaíochtaí a dhéantar i gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(f) 

líon na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus líon na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha;

(g) 

meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint san Aontas;

(h) 

i gcás inar féidir, meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint lasmuigh den Aontas agus míniú ar infhaighteacht na sonraí ina leith sin;

(i) 

mapáil ar an suíomh geografach agus leibhéal na nósanna imeachta ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ agus díchill chuí custaiméara maidir le malartuithe neamhúdaraithe lena soláthraítear seirbhísí i gcripteashócmhainní d’áitritheoirí an Aontais, lena n-áirítear líon na malartuithe gan sainchónaí soiléir agus líon na malartuithe atá lonnaithe i ndlínsí atá san áireamh sa liosta de thríú tíortha ardriosca chun críocha rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, nó ar liosta na ndlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, arna n-aicmiú de réir an leibhéil chomhlíonta le nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’;

(j) 

cion na n-idirbheart i gcripteashócmhainní a tharlaíonn trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó trí sholáthraí seirbhísí neamhúdaraithe nó idir piaraí, agus méid a n-idirbheart;

(k) 

líon agus luach na calaoise, na gcamscéimeanna, na haiceála, úsáid na gcripteashócmhainní le haghaidh íocaíochtaí a bhaineann le hionsaithe bogearraí éirice, le cibirionsaithe, agus gadaíocht nó cailliúint na gcripteashócmhainní a thuairiscítear san Aontas, na cineálacha iompraíochta calaoisí, an líon gearán arna bhfáil ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, an líon gearán arna bhfáil ag na húdaráis inniúla agus ábhair na ngearán arna bhfáil;

(l) 

líon na ngearán a fuair soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, eisitheoirí agus údaráis inniúla i ndáil le faisnéis bhréagach agus mhíthreorach atá sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní nó i gcumarsáid mhargaíochta, lena n-áirítear trí ardáin meán sóisialta;

(m) 

cuir chuige agus roghanna féideartha, bunaithe ar dhea-chleachtais agus ar thuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, chun an riosca go rachfaí timpeall ar an Rialachán seo a laghdú, lena n-áirítear i ndáil le seirbhísí cripteashócmhainní a bheith á soláthar gan údarú ag gníomhaithe tríú tír san Aontas.

Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá do ESMA chun an tuarascáil a ullmhú. Chun críocha na tuarascála, féadfaidh ESMA faisnéis a iarraidh ar ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí.

Airteagal 142

Tuarascáil ar na forbairtí is déanaí ar chripteashócmhainní

1.  
Faoin 30 Nollaig 2024 tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus ESMA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lenar tharla le déanaí i dtaca le cripteashócmhainní, go háirithe maidir le hábhair nach dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.
2.  

Beidh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

measúnú ar fhorbairt an airgeadais dhíláraithe i margaí i gcripteashócmhainní agus ar láimhseáil rialála iomchuí na gcóras cripteashócmhainní díláraithe gan eisitheoir ná soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé maoiniú díláraithe a rialáil;

(b) 

measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé iasachtú agus iasachtaíocht cripteashócmhainní a rialáil;

(c) 

measúnú ar láimhseáil na seirbhísí a bhaineann le haistriú comharthaí ríomh-airgid, i gcás nach dtugtar aghaidh orthu i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir (AE) 2015/2366;

(d) 

measúnú ar fhorbairt margaí i gcripteashócmhainní uathúla agus neamh-idirmhalartacha agus ar láimhseáil rialála iomchuí na gcripteashócmhainní sin, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé rialáil a dhéanamh ar thairgeoirí cripteashócmhainní uathúla agus neamh-idirmhalartacha, agus freisin ar sholáthraithe seirbhísí a bhaineann leis na cripteashócmhainní sin.

Airteagal 143

Bearta idirthréimhseacha

1.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 15 maidir le tairiscintí cripteashócmhainní don phobal ar tháinig deireadh leo roimh an 30 Nollaig 2024.
2.  

De mhaolú ar Theideal II, ní bheidh feidhm ach ag na ceanglais seo a leanas maidir le cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid a ligeadh isteach chun a dtrádála roimh an 30 Nollaig 2024:

(a) 

beidh feidhm ag Airteagail 7 agus 9 maidir le cumarsáid mhargaíochta a fhoilsítear tar éis an 30 Nollaig 2024;

(b) 

áiritheoidh oibreoirí ardán trádála, faoin 31 Nollaig 2027, go ndéantar páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a tharraingt suas, go dtugtar fógra ina leith agus go ndéantar é a fhoilsiú, sna cásanna is gá faoin Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagail 6, 8 agus 9, agus go nuashonrófar é i gcomhréir le hAirteagal 12.

3.  
Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthair a seirbhísí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme roimh an 30 Nollaig 2024, leanúint d’amhlaidh a dhéanamh go dtí an 1 Iúil 2026 nó go dtí go ndeonófar nó go ndiúltófar údarú dóibh de bhun Airteagal 63, cibé acu is luaithe.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an maolú le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a fheidhmiú nó ré an mhaolaithe a laghdú i gcás ina measann siad nach bhfuil a gcreat rialála náisiúnta is infheidhme roimh an 30 Nollaig 2024 chomh dian leis an Rialachán seo.

Faoin 30 Meitheamh 2024, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ESMA cibé a d’fheidhmigh siad an rogha dá bhforáiltear sa dara fomhír agus maidir le ré an mhaolaithe.

4.  
Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha seachas institiúidí creidmheasa a d’eisigh comharthaí sócmhainn-tagartha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme roimh an 30 Meitheamh 2024, féadfaidh siad leanúint d’amhlaidh a dhéanamh go dtí go ndeonófar nó go ndiúltófar údarú dóibh de bhun Airteagal 21, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarratas ar údarú roimh an 30 Iúil 2024.
5.  
Maidir le hinstitiúidí creidmheasa a d’eisigh comharthaí sócmhainn-tagartha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme roimh an 30 Meitheamh 2024, féadfaidh siad leanúint d’amhlaidh a dhéanamh go dtí go bhformheasfar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó go dtí go mainneofar é a fhormheas de bhun Airteagal 17, ar choinníoll go dtabharfaidh siad fógra dá n-údarás inniúil de bhun mhír 1 den Airteagal sin roimh an 30 Iúil 2024.
6.  
De mhaolú ar Airteagail 62 agus 63, féadfaidh na Ballstáit nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm le haghaidh iarratais ar údarú a thíolacfaidh eintitis idir an 30 Nollaig 2024 agus an 1 Iúil 2026, arb eintitis iad a raibh údarú acu an 30 Nollaig 2024 faoin dlí náisiúnta seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíontar Caibidlí 2 agus 3 de Theideal V sula ndéanfar údarú de bhun na nósanna imeachta simplithe sin a dheonú.
7.  
Déanfaidh ÚBE a fhreagrachtaí maoirseachta de bhun Airteagal 117 a fheidhmiú ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 43(11).

Airteagal 144

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE ( *1 ), Threoir 2009/110/CE, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ( *2 ), Threoir 2013/36/AE ( *3 ), Threoir 2014/49/AE ( *4 ), Threoir 2014/92/AE ( *5 ), Threoir (AE) 2015/2366 ( *6 ) agus Rialachán (AE) 2023/1114 ( *7 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( *8 ).

Airteagal 145

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoracha 97/9/CE, 98/26/CE, 2001/34/CE, 2002/47/CE, 2004/109/CE, 2009/65/CE, Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *9 ), Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *10 ), Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *11 ) agus Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *12 ), agus a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna, eisitheoirí nó táirgeoirí cripteashócmhainní, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoracha 2002/87/CE agus 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.

Airteagal 146

Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

‘15. 

Ríomh-airgead lena n-áirítear comharthaí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *13 ) a eisiúint.

16. 

Comharthaí sócmhainn-tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6), de Rialachán (AE) 2023/1114 a eisiúint.

17. 

Seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114.

Airteagal 147

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I gCuid I.B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘(xxii) 

Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40)’.

Airteagal 148

Leasuithe ar Threoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 a thrasuí

1.  
Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 146 agus 147 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Nollaig 2024.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 116 a chur in iúl don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA.

Airteagal 149

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 30 Nollaig 2024.
3.  
De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag Teidil III agus IV ón 30 Meitheamh 2024.
4.  
De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 2(5), 3(2), 6(11) agus (12), Airteagal 14(1), an dara fomhír, Airteagail 17(8), 18(6) agus (7), 19(10) agus (11), 21(3), 22(6) agus (7), 31(5), 32(5), 34(13), 35(6), 36(4), 38(5), 42(4), 43(11), 45(7) agus (8), 46(6), 47(5), 51(10) agus (15), 60(13) agus (14), 61(3), 62(5) agus (6), 63(11), 66(6), 68(10), 71(5), 72(5), 76(16), 81(15), 82(2), 84(4), 88(4), 92(2) agus (3), 95(10) agus (11), 96(3), 97(1), 103(8), 104(8), 105(7), 107(3) agus (4), 109(8) agus 119(8), 134(10), 137(3) agus Airteagal 139 ón 29 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

NA MÍREANNA NOCHTA DON PHÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE CRIPTEASHÓCMHAINNÍ LE HAGHAIDH CRIPTEASHÓCMHAINNÍ SEACHAS COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA NÓ COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID

Cuid A: Faisnéis maidir leis an tairgeoir nó leis an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige

1. 

Ainm;

2. 

Foirm dhlíthiúil;

3. 

Seoladh poist cláraithe agus ceannoifig, i gcás nach ionann iad;

4. 

Dáta an chláraithe;

5. 

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh, nó aitheantóir eile a cheanglaítear de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

6. 

Uimhir teileafóin teagmhála agus seoladh ríomhphoist an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, agus an tréimhse laethanta ar lena linn a thabharfar freagra don infheisteoir a rachaidh i dteagmháil leis an tairgeoir nó leis an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige tríd an uimhir theileafóin nó an seoladh ríomhphoist sin;

7. 

I gcás inarb infheidhme, ainm an mháthairghnóthais;

8. 

Céannacht, seoltaí gnó agus feidhmeanna na ndaoine ar comhaltaí iad de chomhlacht bainistíochta an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;

9. 

Gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige agus, i gcás inarb infheidhme, gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil a mháthairghnóthais;

10. 

Staid airgeadais an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige le 3 bliana anuas nó i gcás nach bhfuil an tairgeoir nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige bunaithe le 3 bliana anuas, a staid airgeadais ó dháta a chláraithe.

Déanfar measúnú ar an staid airgeadais bunaithe ar athbhreithniú cothrom ar fhorbairt agus feidhmíocht ghnólacht an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige agus ar a sheasamh do gach bliain agus do gach tréimhse eatramhach a bhfuil faisnéis airgeadais stairiúil ag teastáil ina leith, lena n-áirítear na cúiseanna le hathruithe ábhartha.

Is éard a bheidh san athbhreithniú anailís chothrom chuimsitheach ar fhorbairt agus feidhmíocht an ghnólachta nó an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige agus ar a sheasamh, ar anailís í a bheidh comhsheasmhach le méid agus castacht an ghnólachta.

Cuid B: Faisnéis faoin eisitheoir, más rud é nach ionann é agus an tairgeoir nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige

1. 

Ainm;

2. 

Foirm dhlíthiúil;

3. 

Seoladh poist cláraithe agus ceannoifig, i gcás nach ionann iad;

4. 

Dáta an chláraithe;

5. 

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh, nó aitheantóir eile a cheanglaítear de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

6. 

I gcás inarb infheidhme, ainm an mháthairghnóthais;

7. 

Céannacht, seoltaí gnó agus feidhmeanna na ndaoine ar comhaltaí iad de chomhlacht bainistíochta an eisitheora;

8. 

Gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil an eisitheora agus, i gcás inarb infheidhme, a mháthairghnóthais.

Cuid C: Faisnéis faoi oibreoir an ardáin trádála i gcásanna ina dtarraingíonn sé suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní

1. 

Ainm;

2. 

Foirm dhlíthiúil;

3. 

Seoladh poist cláraithe agus ceannoifig, i gcás nach ionann iad;

4. 

Dáta an chláraithe;

5. 

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh, nó aitheantóir eile a cheanglaítear de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

6. 

I gcás inarb infheidhme, ainm an mháthairghnóthais;

7. 

An chúis a ndearna an t-oibreoir sin an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a tharraingt suas;

8. 

Céannacht, seoltaí gnó agus feidhmeanna na ndaoine ar comhaltaí iad de chomhlacht bainistíochta an oibreora;

9. 

Gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, a mháthairghnóthais.

Cuid D: Faisnéis faoin tionscadal cripteashócmhainní

1. 

Ainm an tionscadail cripteashócmhainní agus na gcripteashócmhainní, i gcás nach ionann é agus ainm an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige agus giorrúchán nó ainm an láimhseálaí ticir;

2. 

Tuairisc ghonta ar an tionscadal cripteashócmhainní;

3. 

Mionsonraí na ndaoine nádúrtha nó na ndaoine dlítheanacha go léir (lena n-áirítear seoltaí gnó nó sainchónaí na cuideachta) a bhfuil baint acu le cur chun feidhme thionscadal na gcripteashócmhainní, amhail comhairleoirí, an fhoireann forbartha agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;

4. 

I gcás ina mbaineann an tionscadal cripteashócmhainní le comharthaí fóntais, príomhghnéithe na n-earraí nó na seirbhísí atá le forbairt;

5. 

Faisnéis faoin tionscadal cripteashócmhainní, go háirithe garspriocanna an tionscadail a baineadh amach cheana féin agus atá le baint amach sa todhchaí agus, i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní a leithdháileadh ar an tionscadal cheana féin;

6. 

I gcás inarb infheidhme, úsáid bheartaithe aon chistí nó cripteashócmhainní eile a bhailítear.

Cuid E: Faisnéis faoin tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní nó faoina ligean isteach chun a dtrádála;

1. 

Léiriú cibé a bhaineann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní le tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní nó lena ligean isteach chun a dtrádála;

2. 

Na cúiseanna leis an tairiscint don phobal nó le ligean isteach chun trádála a iarraidh;

3. 

I gcás inarb infheidhme, an méid a bheartaítear a thiomsú leis an tairiscint don phobal, i gcistí nó in aon chripteashócmhainn eile, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon spriocanna suibscríofa íosta agus uasta arna socrú le haghaidh na tairisceana don phobal ar chripteashócmhainní, agus cibé acu a ghlactar nó nach nglactar le ró-shuibscríbhinní agus conas a leithdháiltear iad;

4. 

Praghas eisiúna na cripteashócmhainne atá á tairiscint don phobal (in airgeadra oifigiúil nó in aon chripteashócmhainn eile), aon táille suibscríofa is infheidhme nó an modh ar i gcomhréir leis a chinnfear praghas na tairisceana;

5. 

I gcás inarb infheidhme, líon iomlán na gcripteashócmhainní atá le tairiscint don phobal nó atá le ligean isteach chun a dtrádála;

6. 

Léiriú ar na sealbhóirí ionchasacha ar a ndírítear leis an tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní nó trí na cripteashócmhainní sin a ligean isteach chun a dtrádála, lena n-áirítear aon srian maidir leis an gcineál sealbhóirí i gcomhair na gcripteashócmhainní sin;

7. 

Sainfhógra go mbeidh ceannaitheoirí a ghlacann páirt sa tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní in ann aisíocaíocht a fháil mura rud é go mbainfear amach an sprioc suibscríofa íosta faoi dheireadh na tairisceana don phobal, más rud é go bhfeidhmeoidh siad an ceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 13 nó más rud é go gcuirfear an tairiscint ar ceal, chomh maith le tuairisc mhionsonraithe ar an sásra aisíocaíochta, lena n-áirítear an amlíne ionchais ar lena linn a dhéanfar na haisíocaíochtaí sin;

8. 

Faisnéis faoi chéimeanna éagsúla na tairisceana don phobal ar chripteashócmhainní, lena n-áirítear faisnéis faoi phraghas ceannaigh lascainithe i gcomhair ceannaitheoirí luatha cripteashócmhainní (díolacháin réamhphoiblí); i gcás praghsanna ceannaigh lascainithe i gcomhair roinnt ceannaitheoirí, míniú ar an gcúis a bhféadfadh praghsanna ceannaigh a bheith éagsúil agus tuairisc ar an tionchar ar infheisteoirí eile;

9. 

Le haghaidh tairiscintí lena mbaineann teorainn ama, an tréimhse suibscríbhinne a mbeidh an tairiscint oscailte don phobal lena linn;

10. 

Na socruithe chun cistí nó cripteashócmhainní eile dá dtagraítear in Airteagal 10 a choimirciú le linn na tairisceana lena mbaineann teorainn ama nó le linn na tréimhse tarraingthe siar;

11. 

Modhanna íocaíochta chun na cripteashócmhainní arna dtairiscint a cheannach agus modhanna chun an luach a aistriú chuig na ceannaitheoirí nuair atá siad i dteideal aisíocaíocht a fháil;

12. 

I gcás tairiscintí, faisnéis faoin gceart chun tarraingt siar dá dtagraítear in Airteagal 13;

13. 

Faisnéis faoin modh agus faoin sceideal ama a úsáidfear chun na cripteashócmhainní arna gceannach a aistriú chuig na sealbhóirí;

14. 

Faisnéis faoi cheanglais theicniúla nach mór don cheannaitheoir a chomhlíonadh chun na cripteashócmhainní a shealbhú;

15. 

I gcás inarb infheidhme, ainm an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní atá i gceannas ar shocrú cripteashócmhainní agus ar an gcineál socrúcháin (ar bhonn ceangaltais dhaingin nó gan bonn ceangaltais dhaingin);

16. 

I gcás inarb infheidhme, ainm an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní ina bhfuiltear ag iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála, agus faisnéis maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh infheisteoirí rochtain a fháil ar na hardáin trádála sin agus na costais lena mbaineann;

17. 

Speansais a bhaineann le cripteashócmhainní a thairiscint don phobal;

18. 

Coinbhleachtaí féideartha leasa na ndaoine atá bainteach sa tairiscint nó sa ligean isteach chun trádála, a thagann chun cinn i ndáil leis an tairiscint nó leis an ligean isteach chun trádála;

19. 

An dlí is infheidhme maidir le cripteashócmhainní a thairiscint don phobal, chomh maith leis an gcúirt inniúil.

Cuid F: Faisnéis faoi na cripteashócmhainní

1. 

An cineál cripteashócmhainne a thairgfear don phobal nó a bhfuiltear ag iarraidh í a ligean isteach chun a trádála;

2. 

Tuairisc ar shaintréithe lena n-áirítear na sonraí is gá chun an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a aicmiú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109, mar a shonraítear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal sin, agus feidhmiúlacht na gcripteashócmhainní arna dtairiscint nó arna ligean isteach chun a dtrádála, lena n-áirítear faisnéis faoin uair a bheartaítear na feidhmiúlachtaí a chur i bhfeidhm.

Cuid G: Faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis na cripteashócmhainní

1. 

Tuairisc ar chearta agus oibleagáidí an cheannaitheora, más ann dóibh, agus an nós imeachta agus na coinníollacha chun na cearta sin a fheidhmiú;

2. 

Tuairisc ar na coinníollacha faoina bhféadfar na cearta agus na hoibleagáidí a mhodhnú;

3. 

I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi thairiscintí don phobal amach anseo ar chripteashócmhainní ag an eisitheoir agus faoi líon na gcripteashócmhainní a choinneoidh an t-eisitheoir féin;

4. 

I gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní nó a ligean isteach chun a dtrádála le comharthaí fóntais, faisnéis faoi cháilíocht agus cainníocht na dtáirgí nó na seirbhísí ar a dtugtar rochtain leis na comharthaí fóntais;

5. 

I gcás ina mbaineann tairiscintí don phobal ar chripteashócmhainní nó a ligean isteach chun a dtrádála le comharthaí fóntais, faisnéis faoin gcaoi ar féidir comharthaí fóntais a fhuascailt le haghaidh earraí nó seirbhísí lena mbaineann siad;

6. 

I gcás nach bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh, faisnéis faoin gcaoi agus an áit ar féidir na cripteashócmhainní a cheannach nó a dhíol tar éis na tairisceana don phobal;

7. 

Srianta ar inaistritheacht na gcripteashócmhainní atá á dtairiscint nó á ligean isteach chun a dtrádála;

8. 

I gcás ina bhfuil prótacail ag na cripteashócmhainní chun an méid díobh a sholáthraítear a laghdú nó a mhéadú mar fhreagairt ar athruithe san éileamh orthu, tuairisc ar fheidhmiú na bprótacal sin;

9. 

I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar scéimeanna cosanta lena gcosnaítear luach na gcripteashócmhainní agus tuairisc ar scéimeanna cúitimh;

10. 

An dlí is infheidhme maidir le cripteashócmhainní chomh maith leis an gcúirt inniúil;

Cuid H: Faisnéis faoin mbunteicneolaíocht

1. 

Faisnéis maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear, lena n-áirítear an teicneolaíocht mórleabhar dáilte, na prótacail agus na caighdeáin theicniúla atá in úsáid;

2. 

An sásra comhthola, i gcás inarb infheidhme;

3. 

Sásraí dreasachta chun idirbhearta a urrú agus aon táillí is infheidhme;

4. 

I gcás ina ndéantar na cripteashócmhainní a eisiúint, a aistriú agus a stóráil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte arna hoibriú ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann, tuairisc mhionsonraithe ar fheidhmiú an mhórleabhair dháilte sin;

5. 

Faisnéis ar thoradh iniúchadh na teicneolaíochta a úsáidtear, más rud é go ndearnadh a leithéid d’iniúchadh.

Cuid I: Faisnéis faoi na rioscaí

1. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní nó lena ligean isteach chun a dtrádála;

2. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an eisitheoir, más rud é nach ionann é agus an tairgeoir nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;

3. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le cripteashócmhainní;

4. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an tionscadal a chur chun feidhme;

5. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht a úsáidtear agus freisin le bearta maolaithe, más ann dóibh.




IARSCRÍBHINN II

MÍREANNA NOCHTA DON PHÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE CRIPTEASHÓCMHAINNÍ LE HAGHAIDH COMHARTHA SÓCMHAINN-TAGARTHA

Cuid A: Faisnéis faoi eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha

1. 

Ainm;

2. 

Foirm dhlíthiúil;

3. 

Seoladh poist cláraithe agus ceannoifig, i gcás nach ionann iad;

4. 

Dáta an chláraithe;

5. 

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh nó aitheantóir eile a cheanglaítear de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

6. 

I gcás inarb infheidhme, céannacht an mháthairghnóthais;

7. 

Céannacht, seoltaí gnó agus feidhmeanna na ndaoine ar comhaltaí iad de chomhlacht bainistíochta an eisitheora;

8. 

Gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil an eisitheora agus, i gcás inarb infheidhme, a mháthairghnóthais;

9. 

Staid airgeadais an eisitheora le 3 bliana anuas nó i gcás nach bhfuil an t-eisitheoir bunaithe le 3 bliana anuas, staid airgeadais ó dháta a chláraithe.

Déanfar measúnú ar an staid airgeadais bunaithe ar athbhreithniú cothrom ar fhorbairt agus feidhmíocht ghnólacht an eisitheora agus ar a sheasamh do gach bliain agus do gach tréimhse eatramhach a bhfuil faisnéis airgeadais stairiúil ag teastáil ina leith, lena n-áirítear na cúiseanna le hathruithe ábhartha.

Anailís chothrom chuimsitheach a bheidh san athbhreithniú ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht ghnólacht an eisitheora agus ar a sheasamh, ar anailís í a bheidh comhsheasmhach le méid agus castacht an ghnólachta sin.

10. 

Tuairisc mhionsonraithe ar shocruithe rialachais an eisitheora;

11. 

Cé is moite d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha atá díolmhaithe ó údarú i gcomhréir le hAirteagal 17, mionsonraí faoin údarú mar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha agus ainm an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú sin.

I gcás institiúidí creidmheasa, ainm údarás inniúil an Bhallstáit baile.

12. 

I gcás ina n-eisíonn eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha cripteashócmhainní eile freisin, nó i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí eile aige a bhaineann le cripteashócmhainní eile, ba cheart é sin a lua go soiléir; ba cheart don eisitheoir a shonrú freisin cibé atá aon nasc idir an t-eisitheoir agus an t-eintiteas a bhfuil an teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáidtear chun an chripteashócmhainn a eisiúint á riar aige, lena n-áirítear cibé atá na prótacail á riar nó á rialú ag duine a bhfuil dlúthbhaint aige le rannpháirtithe an tionscadail.

Cuid B: Faisnéis faoin gcomhartha sócmhainn-tagartha

1. 

Ainm agus giorrúchán nó láimhseálaí ticir an chomhartha sócmhainn-tagartha;

2. 

Tuairisc ar shaintréithe an chomhartha sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear na sonraí is gá chun an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a aicmiú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109, mar a shonraítear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal sin;

3. 

Mionsonraí na ndaoine nádúrtha nó na ndaoine dlítheanacha go léir (lena n-áirítear seoltaí gnó nó sainchónaí na cuideachta) a bhfuil baint acu le hoibríochtú an chomhartha sócmhainn-tagartha, amhail comhairleoirí, an fhoireann forbartha agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;

4. 

Tuairisc ar ról, freagrachtaí agus cuntasacht aon eintiteas tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h);

5. 

Faisnéis faoi na pleananna maidir leis na comharthaí sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear tuairisc ar na garspriocanna a baineadh amach cheana féin agus atá le baint amach sa todhchaí agus, i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní a leithdháileadh cheana féin.

Cuid C: Faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó faoina ligean isteach chun a thrádála

1. 

Léiriú cibé a bhaineann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní le tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó a bheith á ligean isteach chun a thrádála;

2. 

I gcás inarb infheidhme, an méid a bheartaítear a thiomsú leis an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha, i gcistí nó in aon chripteashócmhainn eile, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon sprioc suibscríofa íosta agus uasta arna socrú le haghaidh na tairisceana don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha, agus cibé acu a ghlactar nó nach nglactar le ró-shuibscríbhinní agus conas a leithdháiltear iad;

3. 

I gcás inarb infheidhme, líon iomlán na n-aonad den chomhartha sócmhainn-tagartha atá le tairiscint nó le ligean isteach chun a dtrádála;

4. 

Léiriú ar na sealbhóirí ionchasacha ar a ndírítear leis an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó le ligean isteach na gcomharthaí sócmhainn-tagartha sin chun a dtrádála, lena n-áirítear aon srian maidir leis an gcineál sealbhóirí i gcomhair an chomharthaí sócmhainn-tagartha sin;

5. 

Sainfhógra go mbeidh ceannaitheoirí a ghlacann páirt sa tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha in ann ranníocaíocht a fháil ar ais mura mbainfear amach an sprioc suibscríofa faoi dheireadh na tairisceana don phobal, lena n-áirítear an amlíne ionchais ar lena linn a dhéanfar na haisíocaíochtaí sin; ba cheart na hiarmhairtí a bhaineann le sprioc suibscríofa a shárú a chur in iúl go ríshoiléir;

6. 

Faisnéis faoi chéimeanna éagsúla na tairisceana don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear faisnéis faoi phraghas ceannaigh lascainithe do cheannaitheoirí luatha an chomhartha sócmhainn-tagartha (díolacháin réamhphoiblí) agus, i gcás praghas ceannaigh lascainithe do cheannaitheoirí áirithe, míniú ar an bhfáth a bhféadfadh na praghsanna ceannaigh a bheith éagsúil, agus tuairisc ar an tionchar ar na hinfheisteoirí eile;

7. 

Le haghaidh tairiscintí lena mbaineann teorainn ama, an tréimhse suibscríbhinne a mbeidh an tairiscint oscailte don phobal lena linn;

8. 

Modhanna íocaíochta chun an comhartha sócmhainn-tagartha arna dtairiscint a cheannach;

9. 

Faisnéis faoin modh agus faoin sceideal ama a úsáidfear chun an comhartha sócmhainn-tagartha arna gceannach a aistriú chuig na sealbhóirí;

10. 

Faisnéis faoi cheanglais theicniúla nach mór don cheannaitheoir a chomhlíonadh chun na cripteashócmhainní a shealbhú;

11. 

I gcás inarb infheidhme, ainm an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní atá i gceannas ar chomharthaí sócmhainn-tagartha a láithriú agus ar chineál an láithriúcháin sin (le bonn gealltanais dhaingin nó gan bonn gealltanais dhaingin);

12. 

I gcás inarb infheidhme, ainm an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní ina bhfuiltear ag iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála, agus faisnéis maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh infheisteoirí rochtain a fháil ar na hardáin trádála sin agus na costais lena mbaineann;

13. 

Speansais a bhaineann leis an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha;

14. 

Coinbhleachtaí féideartha leasa na ndaoine atá bainteach sa tairiscint nó sa ligean isteach chun trádála, a thagann chun cinn i ndáil leis an tairiscint nó leis an ligean isteach chun trádála.

15. 

An dlí is infheidhme maidir leis an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha, chomh maith leis an gcúirt inniúil;

Cuid D: Faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leis na comharthaí sócmhainn tagartha

1. 

Tuairisc ar shaintréithe agus feidhmiúlacht an chomhartha sócmhainn-tagartha arna thairiscint nó arna ligean isteach chun a thrádála, lena n-áirítear faisnéis faoin uair a bheartaítear na feidhmiúlachtaí a chur i bhfeidhm;

2. 

Tuairisc ar chearta agus oibleagáidí an cheannaitheora, más ann dóibh, agus an nós imeachta agus na coinníollacha chun na cearta sin a fheidhmiú;

3. 

Tuairisc ar na coinníollacha faoina bhféadfar na cearta agus na hoibleagáidí a mhodhnú;

4. 

I gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le tairiscintí an chomhartha sócmhainn-tagartha amach anseo ag an eisitheoir agus líon aonad an chomhartha sócmhainn-tagartha atá á choinneáil ag an eisitheoir féin;

5. 

I gcás nach bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh, faisnéis faoin gcaoi agus an áit ar féidir an comhartha sócmhainn-tagartha a cheannach nó a dhíol tar éis na tairisceana don phobal;

6. 

Aon srianta ar inaistritheacht an chomhartha sócmhainn-tagartha atá á thairiscint nó á ligean isteach chun a thrádála;

7. 

I gcás ina bhfuil prótacail ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha chun an méid de a sholáthraítear a laghdú nó a mhéadú mar fhreagairt ar athruithe san éileamh air, tuairisc ar fheidhmiú na bprótacal sin;

8. 

I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar scéimeanna cosanta lena gcosnaítear luach an chomhartha sócmhainn-tagartha agus tuairisc ar scéimeanna cúitimh;

9. 

Faisnéis faoi chineál agus in-fhorfheidhmitheacht na gceart, lena n-áirítear buanchearta fuascailte agus aon éilimh a d’fhéadfadh a bheith ag sealbhóirí agus ag aon duine dlítheanach nó aon duine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 39(2) i gcoinne an eisitheora, lena n-áirítear faisnéis faoin gcaoi a ndéileálfar leis na cearta sin i gcás nósanna imeachta dócmhainneachta, faisnéis maidir le cibé a leithdháiltear cearta éagsúla ar shealbhóirí éagsúla agus na cúiseanna neamh-idirdhealaitheacha atá leis an gcóir éagsúil sin;

10. 

Tuairisc mhionsonraithe ar an éileamh atá sa chomhartha sócmhainn-tagartha do shealbhóirí, lena n-áirítear:

(a) 

tuairisc ar gach sócmhainn thagartha agus cion sonraithe gach ceann de na sócmhainní sin;

(b) 

an gaol idir luach na sócmhainní tagartha agus méid an éilimh agus an chúlchiste sócmhainní; agus

(c) 

tuairisc ar an gcaoi a ndéantar luacháil chóir thrédhearcach ar chomhpháirteanna an éilimh, ar tuairisc í ina sainaithnítear páirtithe neamhspleácha, i gcás inarb ábhartha;

11. 

I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na socruithe arna gcur i bhfeidhm ag an eisitheoir chun leachtacht an chomhartha sócmhainn-tagartha a áirithiú, lena n-áirítear ainmneacha na n-eintiteas atá i gceannas ar an leachtacht sin a áirithiú;

12. 

Na mionsonraí teagmhála chun gearáin a thíolacadh agus tuairisc ar na nósanna imeachta láimhseála gearán agus aon sásra réitigh díospóide nó nós imeachta sásaimh arna chur ar bun ag eisitheoir an chomhartha| sócmhainn-tagartha;

13. 

Tuairisc ar chearta na sealbhóirí i gcás nach mbeidh an t-eisitheoir in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta;

14. 

Tuairisc ar na cearta i gcomhthéacs an phlean téarnaimh a chur chun feidhme;

15. 

Tuairisc ar na cearta i gcomhthéacs an phlean fuascailte a chur chun feidhme;

16. 

Faisnéis mhionsonraithe faoin gcaoi a bhfuasclófar an comhartha sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear an mbeidh an sealbhóir in ann an fhoirm fuascailte, an fhoirm aistrithe nó airgeadra oifigiúil na fuascailte a roghnú;

17. 

An dlí is infheidhme maidir le comhartha sócmhainn-tagartha, chomh maith leis an gcúirt inniúil.

Cuid E: Faisnéis faoin mbunteicneolaíocht

1. 

Faisnéis maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear, lena n-áirítear teicneolaíocht mórleabhar dáilte, mar aon leis na prótacail agus na caighdeáin theicniúla a úsáidtear, lena gceadaítear comharthaí ríomh-airgid a shealbhú, a stóráil agus a aistriú;

2. 

An sásra comhthola, i gcás inarb infheidhme;

3. 

Sásraí dreasachta chun idirbhearta a urrú agus aon táillí is infheidhme;

4. 

I gcás ina ndéantar na comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint, a aistriú agus a stóráil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte arna hoibriú ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí a ghníomhaíonn thar ceann an eisitheora, tuairisc mhionsonraithe ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte sin;

5. 

Faisnéis ar thoradh iniúchadh na teicneolaíochta a úsáidtear, más rud é go ndearnadh a leithéid d’iniúchadh.

Cuid F: Faisnéis maidir leis na rioscaí

1. 

Na rioscaí a bhaineann le cúlchiste sócmhainní, i gcás nach féidir leis an eisitheoir a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh;

2. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le heisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha;

3. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó lena ligean isteach chun a thrádála;

4. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis na comharthaí sócmhainn-tagartha, go háirithe maidir leis na sócmhainní dá dtagraítear;

5. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le tionscadal an chomhartha sócmhainn-tagartha a oibríochtú;

6. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht a úsáidtear agus freisin le bearta maolaithe, más ann dóibh.

Cuid G: Faisnéis faoin gcúlchiste sócmhainní

1. 

Tuairisc mhionsonraithe ar an sásra atá dírithe ar luach an chúlchiste sócmhainní a ailíniú leis an éileamh a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear gnéithe dlíthiúla agus teicniúla;

2. 

Tuairisc mhionsonraithe ar an gcúlchiste sócmhainní agus ar a gcomhdhéanamh;

3. 

Tuairisc ar na sásraí trína ndéantar comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint agus a fhuascailt;

4. 

Faisnéis faoi cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar cuid de na cúlsócmhainní a infheistiú agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an mbeartas infheistíochta le haghaidh na gcúlsócmhainní;

5. 

Tuairisc ar na socruithe cumhdaigh le haghaidh na gcúlsócmhainní, lena n-áirítear a leithscaradh, agus ainm na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant, na n-institiúidí creidmheasa nó na ngnólachtaí infheistíochta a cheaptar mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní.




IARSCRÍBHINN III

NA MÍREANNA NOCHTA DON PHÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE COMHARTHA RÍOMH-AIRGID

Cuid A: Faisnéis faoi eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid

1. 

Ainm;

2. 

Foirm dhlíthiúil;

3. 

Seoladh poist cláraithe agus ceannoifig, i gcás nach ionann iad;

4. 

Dáta an chláraithe;

5. 

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh nó aitheantóir eile a cheanglaítear de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;

6. 

Uimhir teileafóin teagmhála agus seoladh ríomhphoist an eisitheora, agus an tréimhse laethanta ar lena linn a thabharfar freagra don infheisteoir a rachaidh i dteagmháil leis an eisitheoir tríd an uimhir theileafóin nó an seoladh ríomhphoist sin;

7. 

I gcás inarb infheidhme, céannacht an mháthairghnóthais;

8. 

Céannacht, seoltaí gnó agus feidhmeanna na ndaoine ar comhaltaí iad de chomhlacht bainistíochta an eisitheora;

9. 

Gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil an eisitheora agus, i gcás inarb infheidhme, a mháthairghnóthais;

10. 

Coinbhleachtaí leasa féideartha;

11. 

I gcás ina n-eisíonn eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid cripteashócmhainní eile freisin, nó i gcás ina bhfuil sé i mbun gníomhaíochtaí eile a bhaineann le cripteashócmhainní, ba cheart é sin a lua go soiléir; ba cheart don eisitheoir a shonrú freisin cibé atá aon nasc idir an t-eisitheoir agus an t-eintiteas a bhfuil an teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáidtear chun an chripteashócmhainn a eisiúint á riar aige, lena n-áirítear cibé atá na prótacail á riar nó á rialú ag duine a bhfuil dlúthbhaint aige le rannpháirtithe an tionscadail;

12. 

Staid airgeadais an eisitheora le 3 bliana anuas nó i gcás nach bhfuil an t-eisitheoir bunaithe le 3 bliana anuas, taifead an eisitheora ar a staid airgeadais ón dáta ar cláraíodh é.

Déanfar measúnú ar an staid airgeadais bunaithe ar athbhreithniú cothrom ar fhorbairt agus feidhmíocht ghnólacht an eisitheora agus ar a sheasamh do gach bliain agus do gach tréimhse eatramhach a bhfuil faisnéis airgeadais stairiúil ag teastáil ina leith, lena n-áirítear na cúiseanna le hathruithe ábhartha.

Anailís chothrom chuimsitheach a bheidh san athbhreithniú ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht ghnólacht an eisitheora agus ar a sheasamh, ar anailís í a bheidh comhsheasmhach le méid agus castacht an ghnólachta sin;

13. 

Cé is moite d’eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid a bhfuil díolúine acu ó údarú i gcomhréir le hAirteagal 48(4) agus (5), mionsonraí faoin údarú mar eisitheoir comhartha ríomh-airgid agus ainm an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú.

Cuid B: Faisnéis faoin gcomhartha ríomh-airgid

1. 

Ainm agus giorrúchán;

2. 

Tuairisc ar shaintréithe an chomhartha ríomh-airgid, lena n-áirítear na sonraí is gá chun an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a aicmiú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109, mar a shonraítear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal sin;

3. 

Mionsonraí na ndaoine nádúrtha nó na ndaoine dlíthiúla go léir (lena n-áirítear seoltaí gnó agus/nó sainchónaí na cuideachta) a bhfuil baint acu le dearadh agus forbairt, amhail comhairleoirí, an fhoireann forbartha agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

Cuid C: Faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcomhartha ríomh-airgid nó faoina ligean isteach chun a thrádála

1. 

Léiriú cibé a bhaineann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní le tairiscint don phobal ar an gcomhartha ríomh-airgid nó lena ligean isteach chun a thrádála;

2. 

I gcás inarb infheidhme, líon iomlán na n-aonad den chomhartha ríomh-airgid atá le tairiscint don phobal nó le ligean isteach chun a dtrádála;

3. 

I gcás inarb infheidhme, ainm na n-ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní ina bhfuiltear ag iarraidh go ligfí isteach iad i dtrádáil an chomhartha ríomh-airgid;

4. 

An dlí is infheidhme maidir leis an tairiscint don phobal ar an gcomhartha ríomh-airgid, chomh maith leis an gcúirt inniúil.

Cuid D: Faisnéis maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le comharthaí ríomh-airgid

1. 

Tuairisc mhionsonraithe ar chearta agus oibleagáidí shealbhóir an chomhartha ríomh-airgid, más ann dóibh, lena n-áirítear an ceart chun fuascailte ag parluach chomh maith leis an nós imeachta agus na coinníollacha chun na cearta sin a fheidhmiú;

2. 

Tuairisc ar na coinníollacha faoina bhféadfar na cearta agus na hoibleagáidí a mhodhnú;

3. 

Tuairisc ar chearta na sealbhóirí i gcás nach mbeidh an t-eisitheoir in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta;

4. 

Tuairisc ar chearta i gcomhthéacs an phlean téarnaimh a chur chun feidhme;

5. 

Tuairisc ar chearta i gcomhthéacs an phlean fuascailte a chur chun feidhme;

6. 

Na sonraí teagmhála chun gearáin a thíolacadh agus tuairisc ar na nósanna imeachta láimhseála gearán agus aon sásra réitigh díospóide nó nós imeachta sásaimh arna chur ar bun ag eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid;

7. 

I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar scéimeanna cosanta lena gcosnaítear luach na cripteashócmhainne agus tuairisc ar scéimeanna cúitimh;

8. 

An dlí is infheidhme maidir leis an gcomhartha ríomh-airgid, chomh maith leis an gcúirt inniúil.

Cuid E: Faisnéis faoin mbunteicneolaíocht

1. 

Faisnéis maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear, lena n-áirítear teicneolaíocht mórleabhar dáilte, chomh maith leis na prótacail agus na caighdeáin theicniúla atá in úsáid, lena gceadaítear comharthaí ríomh-airgid a shealbhú, a stóráil agus a aistriú;

2. 

Faisnéis faoi na ceanglais theicniúla nach mór don cheannaitheoir a chomhlíonadh chun an comhartha ríomh-airgid a rialú;

3. 

An sásra comhthola, i gcás inarb infheidhme;

4. 

Sásraí dreasachta chun idirbhearta a urrú agus aon táillí is infheidhme;

5. 

I gcás ina ndéantar an comhartha ríomh-airgid a eisiúint, a aistriú agus a stóráil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte arna hoibriú ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann, tuairisc mhionsonraithe ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte sin;

6. 

Faisnéis ar thoradh iniúchadh na teicneolaíochta a úsáidtear, más rud é go ndearnadh a leithéid d’iniúchadh.

Cuid F: Faisnéis faoi na rioscaí

1. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le heisitheoir an chomhartha ríomh-airgid;

2. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an gcomhartha ríomh-airgid;

3. 

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht a úsáidtear agus freisin le bearta maolaithe, más ann dóibh.




IARSCRÍBHINN IV

NA HÍOSCHEANGLAIS CHAIPITIL AR SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ



Soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

An cineál seirbhísí cripteashócmhainní

Na híoscheanglais chaipitil faoi Airteagal 67(1), pointe (a)

Aicme 1

Soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe le haghaidh na seirbhísí cripteashócmhainní seo a leanas:

— orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant;

— cripteashócmhainní a láithriú;

— seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant;

— orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a ghlacadh agus a tharchur thar ceann cliant;

— comhairle a thabhairt maidir le cripteashócmhainní; agus/nó

— bainistiú punann maidir le cripteashócmhainní a sholáthar.

EUR 50 000

Aicme 2

Soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe le haghaidh aon seirbhísí cripteashócmhainní faoi aicme 1 agus:

— cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant;

— cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí; agus/nó

— cripteashócmhainní a mhalartú ar chripteashócmhainní eile.

EUR 125 000

Aicme 3

Soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe le haghaidh aon seirbhísí cripteashócmhainní faoi aicme 2 agus:

— ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú.

EUR 150 000




IARSCRÍBHINN V

LIOSTA DE NA SÁRUITHE DÁ DTAGRAÍTEAR I DTEIDIL III AGUS VI LE HAGHAIDH EISITHEOIRÍ COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA SUNTASACHA

1. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 22(1) mura ndéanann sé, i gcás gach comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh lena ngabhann eisiúint is airde ná EUR 100 000 000 , an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den mhír sin, a thuairisciú do ÚBE ar bhonn ráithiúil.

2. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 23(1) mura scoireann sé de chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach a eisiúint ach na tairseacha dá bhforáiltear sa mhír sin a bheith sroichte aige nó mura gcuireann sé plean faoi bhráid ÚBE laistigh de 40 lá oibre tar éis dó na tairseacha sin a bhaint amach chun a áirithiú go gcoinneofar meánlíon ráithiúil measta agus meánluach comhiomlán ráithiúil measta na n-idirbheart in aghaidh an lae faoi bhun na dtairseach sin.

3. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 23(4) mura gcomhlíonann sé na modhnuithe ar an bplean dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal sin de réir mar a cheanglaíonn ÚBE.

4. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 25 mura dtugann sé fógra do ÚBE faoi athrú ar bith ar a shamhail ghnó ar cosúil go mbeidh tionchar suntasach aige ar chinneadh ceannaigh aon sealbhóirí nó aon sealbhóirí iarbhír nó ionchasaigh comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, nó mura dtugann sé tuairisc ar an athrú sin i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní.

5. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 25 mura gcloíonn sé le beart arna iarraidh ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 25(4).

6. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 27(1) mura ngníomhaíonn sé ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil.

7. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 27(1) mura ndéanann sé cumarsáid le sealbhóirí agus sealbhóirí ionchasacha an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh ar bhealach atá cothrom, soiléir agus nach bhfuil míthreorach.

8. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 27(2) mura ngníomhaíonn sé chun leasa sealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, nó más rud é go dtugann sé cóir fhabhrach do shealbhóirí sonracha, ar cóir fhabhrach í nach nochtar i bpáipéar bán an eisitheora maidir le cripteashócmhainní nó, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.

9. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 28 mura bhfoilsíonn sé ar a shuíomh gréasáin an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus, i gcás inarb infheidhme, an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 25.

10. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 28 mura gcuireann sé an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar fáil don phobal faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó roimh an dáta tosaigh a ligfear an comhartha sin isteach chun a thrádála.

11. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 28 mura n-áirithíonn sé go leanann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, an páipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní de bheith ar fáil ar a shuíomh gréasáin chomh fada agus atá an comhartha sócmhainn-tagartha suntasacha á shealbhú ag an bpobal.

12. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 29(1) agus (2) más rud é go bhfoilsíonn sé cumarsáid mhargaíochta a bhaineann le tairiscint don phobal ar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach, nó a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach sin a ligean isteach chun a thrádála, ach nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i i mír 1, pointí (a) go (d), agus mír 2 den Airteagal sin léi.

13. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 29(3) mura ndéanann sé cumarsáid mhargaíochta agus aon mhodhnuithe uirthi a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

14. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 29(5) mura dtugann sé fógra do ÚBE, arna iarraidh sin dó, faoin gcumarsáid mhargaíochta.

15. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 29(6) más rud é go scaipeann sé cumarsáid mhargaíochta sula bhfoilseofar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní.

16. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 30(1) mura ndéanann sé líon an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh atá i gcúrsaíocht agus luach agus comhdhéanamh na gcúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 a nochtadh ar bhealach soiléir, cruinn agus trédhearcach in áit a bhfuil rochtain ag an bpobal agus rochtain éasca uirthi ar a shuíomh gréasáin, nó mura nuashonraíonn sé an fhaisnéis is gá gach mí ar a laghad.

17. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 30(2) mura ndéanann sé achoimre ghonta, shoiléir, chruinn agus thrédhearcach ar an tuarascáil iniúchóireachta, mar aon leis an tuarascáil iniúchóireachta iomlán neamhfholaithe, i ndáil leis an gcúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 a fhoilsiú a luaithe is féidir agus in áit a bhfuil rochtain ag an bpobal agus rochtain éasca uirthi ar a shuíomh gréasáin.

18. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 30(3) mura ndéanann sé eachtra ar bith a bhfuil tionchar suntasach aige, nó ar dócha go mbeidh éifeacht shuntasach aige, ar luach na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó ar an gciste cúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 a nochtadh in áit a bhfuil rochtain ag an bpobal agus rochtain éasca uirthi ar a shuíomh gréasáin ar bhealach soiléir, cruinn agus trédhearcach a luaithe is féidir.

19. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 31(1) mura ndéanann sé nósanna imeachta éifeachtacha agus trédhearcacha a bhunú agus a choimeád ar bun chun gearáin a fhaightear ó shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh agus ó pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach a láimhseáil ar bhealach pras, cothrom agus comhsheasmhach, agus mura bhfoilsíonn sé tuairiscí ar na nósanna imeachta sin, nó, i gcás inar eintitis tríú páirtí a dháileann an comhartha sócmhainn-tagartha suntasach, go hiomlán nó i bpáirt, mura mbunaíonn sé nósanna imeachta chun láimhseáil gearán a éascú freisin idir sealbhóirí agus eintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h).

20. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 31(2) mura gcuireann sé ar chumas sealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh gearáin a dhéanamh saor in aisce.

21. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 31(3), mura ndéanann sé teimpléad a fhorbairt agus a chur ar fáil do shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh chun gearáin a dhéanamh agus mura gcoinníonn sé taifead ar na gearáin go léir a fhaightear agus aon bhearta a dhéantar mar fhreagairt ar na gearáin sin.

22. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 31(4) mura ndéanann sé na gearáin go léir a imscrúdú ar bhealach tráthúil agus cothrom nó mura gcuireann sé torthaí imscrúduithe den sórt sin in iúl do shealbhóirí a chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh laistigh de thréimhse réasúnta ama.

23. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 32(1) mura ndéanann sé beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, ar coinbhleachtaí leasa iad idir an t-eisitheoir féin agus a scairshealbhóirí nó a chomhaltaí, é féin agus aon scairshealbhóir nó comhalta, bíodh sé díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchas cáilitheach aige ann, é féin agus comhaltaí a chomhlachta bainistíochta, é féin agus sealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó féin agus aon tríú páirtí a sholáthraíonn ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h).

24. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 32(2) mura nglacann sé na céimeanna iomchuí uile chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as bainistiú agus infheistiú an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh.

25. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 32(3) agus (4), mura nochtann sé do shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, in áit fheiceálach ar a shuíomh gréasáin, cineál ginearálta agus foinsí na gcoinbhleachtaí leasa agus na céimeanna arna nglacadh chun na rioscaí sin a mhaolú, nó mura bhfuil sé beacht go leor agus an nochtadh á dhéanamh chun cur ar chumas sealbhóirí ionchasacha an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh cinneadh feasach ceannaigh a dhéanamh faoi chomhartha den sórt sin.

26. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 33 mura dtugann sé fógra láithreach do ÚBE maidir le haon athruithe ar a chomhlacht bainistíochta nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis uile is gá do ÚBE chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá Airteagal 34(2) á chomhlíonadh.

27. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(1) mura bhfuil socruithe láidre rialachais aige, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil ina bhfuil freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus sásraí leordhóthanacha rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta de.

28. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(2) más rud é go bhfuil comhaltaí dá chomhlacht bainistíochta nach bhfuil dea-cháil leordhóthanach orthu nó nach bhfuil an t-eolas iomchuí, na scileanna iomchuí ná an taithí iomchuí acu, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhchoiteann araon, chun a gcuid dualgas a dhéanamh, nó nach léiríonn go bhfuil sé ar a gcumas acu dóthain ama a thabhairt chun a gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach.

29. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(3) mura gcuireann sé de chúram ar a chomhlacht bainistíochta measúnú nó athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar éifeachtacht na socruithe agus na nósanna imeachta beartais arna gcur i bhfeidhm chun Caibidlí 2, 3,5 agus 6 de Theideal III a chomhlíonadh, nó mura nglacann sé bearta iomchuí chun dul i ngleic le haon easnaimh ina leith sin.

30. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(4) más rud é go bhfuil aige scairshealbhóirí nó comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu ach nach bhfuil dea-cháil leordhóthanach orthu.

31. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(5) mura nglacann sé beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo, go háirithe mura ndéanann sé aon cheann de na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (k), den mhír sin, a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme.

32. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(5) mura ndéanann sé socruithe conarthacha le heintitis tríú páirtí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (h), den mhír sin, lena leagtar amach róil, freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí an eisitheora agus an eintitis tríú páirtí lena mbaineann, nó mura ndéanann sé foráil do rogha gan débhrí maidir leis an dlí is infheidhme.

33. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(6) mura gcuireann sé tús le plean amhail dá dtagraítear in Airteagal 47, mura bhfuil córais, acmhainní nó nósanna imeachta iomchuí agus comhréireacha in úsáid aige chun feidhmiú leanúnach agus rialta sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a áirithiú, agus mura gcoimeádann sé a chórais agus a phrótacail rochtana slándála uile ar bun i gcomhréir le caighdeáin iomchuí an Aontais.34. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(7) mura ndéanann sé plean maidir le scor de sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid ÚBE lena fhormheas.

34. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(7) mura ndéanann sé plean maidir le scor de sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid ÚBE lena fhormheas.

35. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(8) mura sainaithníonn sé foinsí rioscaí oibriúcháin agus mura n-íoslaghdaíonn sé na rioscaí sin trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt.

36. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(9) mura mbunaíonn sé beartas leanúnachais gnó agus pleananna lena n-áirithítear, i gcás ina gcuirtear isteach ar a chórais agus nósanna imeachta TFC, go gcaomhnaítear sonraí agus feidhmeanna riachtanacha agus go gcoinnítear a ghníomhaíochtaí ar bun nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, go n-athshlánaítear na sonraí agus na feidhmeanna sin go tráthúil agus go n-atosaítear a ghníomhaíochtaí go tráthúil.

37. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(10) mura bhfuil sásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta éifeachtacha maidir le bainistiú riosca i bhfeidhm aige, lena n-áirítear socruithe éifeachtacha rialaithe agus coimirce chun córais TFC a bhainistiú, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554.

38. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(11) mura bhfuil córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm aige atá leordhóthanach chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht a choimirciú, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554 agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

39. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 34(12) mura n-áirithíonn sé go ndéanann iniúchóirí neamhspleácha iniúchadh tráthrialta ar an eisitheoir.

40. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(1) mura bhfuil cistí dílse aige i gcónaí arb ionann iad ar a laghad agus na méideanna is mó a leagtar amach i bpointe (a) nó (c) den mhír sin nó in Airteagal 45(5).

41. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(2) den Rialachán seo i gcás nach gcuimsítear lena gcistí dílse míreanna agus ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na n-asbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan díolúintí tairsí dá dtagraítear in Airteagal 46(4) agus Airteagal 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

42. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(3) mura gcomhlíonann sé ceanglas ÚBE maidir le méid is airde cistí dílse a bheith ina sheilbh aige, ag eascairt as an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le pointí (a) go (g) den mhír sin.

43. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(5) mura ndéanann sé tástáil struis, ar bhonn tráthrialta, lena gcuirtear san áireamh cásanna struis airgeadais atá dian ach inchreidte, amhail suaití rátaí úis agus cásanna struis neamhairgeadais, amhail riosca oibriúcháin.

44. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(5) mura gcomhlíonann sé ceanglas ÚBE maidir le méid is airde cistí dílse a bheith ina sheilbh aige bunaithe ar thoradh na tástála struis.

45. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(1) mura ndéanann sé cúlchiste sócmhainní a bhunú agus a choimeád ar bun i gcónaí.

46. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(1) mura n-áirithíonn sé go bhfuil an cúlchiste sócmhainní comhdhéanta agus á bhainistiú sa chaoi go gcumhdaítear na rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach.

47. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(1) mura n-áirithíonn sé go bhfuil an cúlchiste sócmhainní comhdhéanta agus á bhainistiú sa chaoi go dtugtar aghaidh ar na rioscaí leachtachta a bhaineann le buanchearta fuascailte na sealbhóirí.

48. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(3) mura n-áirithíonn sé go leithscartar an cúlchiste sócmhainní go hoibríochtúil ó eastát an eisitheora, agus ó chúlchiste sócmhainní comharthaí sócmhainn-tagartha eile.

49. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(6) mura n-áirithíonn a chomhlacht bainistíochta go ndéantar an cúlchiste sócmhainní a bhainistiú ar bhealach éifeachtach stuama.

50. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(6) mura n-áirithíonn sé go ndéantar eisiúint agus fuascailt an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a mheaitseáil i gcónaí le méadú nó laghdú comhfhreagrach ar an gcúlchiste sócmhainní.

51. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(7) mura gcinneann sé luach comhiomlán an chúlchiste sócmhainní lena n-úsáidtear praghsanna an mhargaidh, agus mura bhfuil a luach comhiomlán cothrom, i gcónaí, ar a laghad le luach comhiomlán na n-éileamh i gcoinne an eisitheora ó shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh atá i gcúrsaíocht.

52. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(8) mura bhfuil beartas soiléir agus mionsonraithe aige lena dtugtar tuairisc ar shásra cobhsaíochta an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, ar sásra é lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (g) den mhír sin.

53. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(9) mura dtugann sé sainordú chun iniúchadh neamhspleách a dhéanamh ar an gcúlchiste sócmhainní gach 6 mhí, amhail ó dháta a údaraithe nó ó dháta formheasa an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17.

54. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(10) mura dtugann sé fógra do ÚBE faoi thoradh an iniúchta i gcomhréir leis an mír sin nó mura bhfoilsíonn sé toradh an iniúchta laistigh de 2 sheachtain ón dáta ar a dtugtar fógra do ÚBE.

55. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(1) mura ndéanann sé beartais chumhdaigh, nósanna imeachta cumhdaigh agus socruithe conarthacha cumhdaigh a bhunú, a choimeád ar bun nó a chur chun feidhme chun a áirithiú i gcónaí go gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (e), den mhír sin.

56. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(2) mura bhfuil beartas cumhdaigh i bhfeidhm aige do gach linn cúlsócmhainní tráth a n-eisíonn sé dhá cheann nó níos mó de chomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha.

57. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(3) mura n-áirithíonn sé go bhfuil na cúlsócmhainní á gcumhdach ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant, institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dháta eisiúna an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh.

58. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(4) mura bhfeidhmíonn sé gach scil chuí, cúram cuí agus dícheall cuí maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta arna gceapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní a roghnú, a cheapadh agus a athbhreithniú, nó mura n-áirithíonn sé gur duine dlítheanach ionann é agus an t-eisitheoir an coimeádaí.

59. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(4) mura n-áirithíonn sé go bhfuil an saineolas agus an clú margaidh is gá chun gníomhú mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta arna gceapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní.

60. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(4) mura n-áirithíonn sé, sna socruithe conarthacha leis na coimeádaithe, go ndéantar na cúlsócmhainní atá á gcumhdach a chosaint ar éilimh ó chreidiúnaithe na gcoimeádaithe.

61. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(5) mura leagann sé amach sna beartais chumhdaigh na critéir roghnúcháin maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta a cheapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní, nó mura bhfuil nós imeachta leagtha amach chun athbhreithniú a dhéanamh ar na ceapacháin sin.

62. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(5) mura ndéanann sé athbhreithniú ar bhonn tráthrialta ar cheapadh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní, mura ndéanann sé measúnú ar a nochtadh do na coimeádaithe sin nó mura ndéanann sé faireachán ar staideanna airgeadais na gcoimeádaithe sin ar bhonn leanúnach.

63. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(6) mura n-áirithíonn sé go ndéantar na cúlsócmhainní a chumhdach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointí (a) go (d), den mhír sin.

64. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(7) mura dtugtar socrú conarthach mar fhianaise ar cheapadh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, institiúide creidmheasa nó gnólachta mar choimeádaí na gcúlsócmhainní, nó mura ndéanann sé rialáil, trí bhíthin an tsocraithe chonarthaigh sin, ar an sreabhadh faisnéise is gá chun gur féidir le heisitheoir an chomhartha shócmhainn-tagartha shuntasaigh, an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, an institiúid creidmheasa agus an gnólacht infheistíochta a bhfeidhmeanna mar choimeádaithe a chomhlíonadh.

65. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 38(1) más rud é go n-infheistíonn sé an cúlchiste sócmhainní in aon táirgí nach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha iad lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe, nó i gcás nach féidir na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach íosta a imirt ar phraghsanna.

66. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 38(3) mura bhfuil na hionstraimí airgeadais ar iontu a infheistítear an cúlchiste sócmhainní á gcumhdach i gcomhréir le hAirteagal 37 aige.

67. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 38(4) mura n-iompraíonn sé na brabúis agus na caillteanais go léir, mar aon le haon rioscaí contrapháirtí nó oibriúcháin, a eascraíonn as infheistiú an chúlchiste sócmhainní.

68. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 39(1) mura ndéanann sé beartais agus nósanna imeachta soiléire agus mionsonraithe a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme i leith na mbuancheart fuascailte shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh.

69. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 39(1) agus (2) mura n-áirithíonn sé go bhfuil buanchearta fuascailte ag sealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh i gcomhréir leis na míreanna sin, agus mura mbunaíonn sé beartas maidir leis na buanchearta fuascailte sin, ar beartas é lena gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 39(2), an chéad fhomhír, pointí (a) go (e).

70. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 39(3) má chuireann sé táillí i bhfeidhm i gcás i gcás fhuascailt an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh.

71. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 40 má dheonaíonn sé ús i ndáil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach.

72. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(1) mura ndéanann sé beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun, ar beartas é lena ndéantar an bainistiú riosca fónta agus éifeachtach ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha a chur chun cinn agus nach gcruthaítear dreasachtaí leis chun caighdeáin riosca a mhaolú.

73. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(2) mura n-áirithíonn sé gur féidir le soláthraithe éagsúla seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe chun cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant, ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, comhartha sócmhainn-tagartha suntasach a chumhdach.

74. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(3) mura ndéanann sé measúnú nó faireachán ar na riachtanais leachtachta chun iarrataí ó shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a fhuascailt.

75. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(3) mura ndéanann sé beartas bainistithe leachtachta agus nósanna imeachta bainistithe leachtachta a bhunú, a choimeád ar bun nó a chur chun feidhme, nó mura n-áirithíonn sé, leis na beartais agus na nósanna imeachta sin, go bhfuil próifíl leachtachta athléimneach ag na cúlsócmhainní lena gcuirtear ar chumas an eisitheora an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh leanúint de bheith ag feidhmiú mar is gnách, lena n-áirítear i gcásanna struis leachtachta.

76. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(4) mura ndéanann sé tástáil struis leachtachta ar bhonn tráthrialta nó mura neartaíonn sé na ceanglais leachtachta i gcás arna iarraidh sin do ÚBE bunaithe ar thoradh na dtástálacha sin.

77. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(1) mura ndéanann sé plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choimeád ar bun ina ndéantar foráil maidir le bearta atá le déanamh ag eisitheoir an chomhartha shócmhainn-tagartha shuntasaigh chun comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an gcúlchiste sócmhainní a athbhunú i gcásanna ina mainníonn an t-eisitheoir na ceanglais sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear caomhnú na seirbhísí dá chuid a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach, athshlánú tráthúil oibríochtaí agus comhlíonadh oibleagáidí an eisitheora i gcás teagmhais lena ngabhann riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí.

78. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(1) mura ndéanann sé plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choimeád ar bun, ar plean é ina n-áirítear coinníollacha agus nósanna imeachta iomchuí chun cur chun feidhme tráthúil na ngníomhaíochtaí téarnaimh a áirithiú, chomh maith le raon leathan roghanna téarnaimh, mar a liostaítear sa tríú fomhír den mhír sin.

79. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(2) mura dtugann sé fógra faoin bplean téarnaimh do ÚBE agus, i gcás inarb iomchuí, dá údaráis réitigh agus dá údaráis maoirseachta stuamachta, laistigh de 6 mhí ó dháta an údaraithe de bhun Airteagal 21 nó laistigh de 6 mhí ó dháta formheasa an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17.

80. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(2) mura ndéanann sé an plean téarnaimh a athbhreithniú nó a nuashonrú go tráthrialta.

81. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(1) mura ndéanann sé plean oibríochtúil a tharraingt suas agus a choimeád ar bun chun tacú le gach comhartha sócmhainn-tagartha suntasach a fhuascailt go hordúil.

82. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(2) mura bhfuil plean fuascailte aige lena léirítear cumas eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh fuascailt a dhéanamh ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh gan íoc a eisíodh, gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí a dhéanamh dá shealbhóirí ná do chobhsaíocht mhargaí na gcúlsócmhainní.

83. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(2) mura bhfuil plean fuascailte aige ina n-áirítear socruithe conarthacha, nósanna imeachta nó córais, lena n-áirítear riarthóir sealadach a ainmniú, chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le sealbhóirí uile an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh agus go n-íocfar sealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh go tráthúil leis na fáltais ó na cúlsócmhainní atá fágtha a dhíol.

84. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(2) mura bhfuil plean fuascailte aige lena n-áirithítear leanúnachas aon ghníomhaíochtaí criticiúla atá riachtanach don fhuascailt ordúil agus a dhéanann an t-eisitheoir nó aon eintiteas tríú páirtí.

85. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(3) mura dtugann sé fógra faoin bplean fuascailte do ÚBE laistigh de 6 mhí ó dháta an údaraithe de bhun Airteagal 21 nó laistigh de 6 mhí ó dháta formheasa an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 17.

86. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(3) mura ndéanann sé an plean fuascailte a athbhreithniú nó a nuashonrú go tráthrialta.

87. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 88(1), ach amháin i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 88(2), mura gcuireann sé an pobal ar an eolas a luaithe is féidir faoi fhaisnéis ón taobh istigh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 87, a bhaineann go díreach leis an eisitheoir sin, ar bhealach ina gcuirtear ar chumas an phobail an fhaisnéis sin a rochtain go tapa agus í a mheasúnú ar bhealach iomlán, ceart agus tráthúil.




IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA DE NA SÁRUITHE AR FHORÁLACHA DÁ DTAGRAÍTEAR I DTEIDEAL IV I GCOMHAR LE TEIDEAL III LE HAGHAIDH EISITHEOIRÍ COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID SUNTASACHA

1. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 22(1) mura ndéanann sé, i gcás gach comhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é lena ngabhann luach eisiúna is airde ná EUR 100 000 000 , an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den mhír sin, a thuairisciú do ÚBE ar bhonn ráithiúil.

2. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 23(1) mura scoireann sé de chomhartha ríomh-airgid suntasach atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é a eisiúint ach na tairseacha dá bhforáiltear sa mhír sin a bheith sroichte aige nó mura gcuireann sé plean faoi bhráid ÚBE laistigh de 40 lá oibre tar éis dó na tairsí sin sin a bhaint amach chun a áirithiú go gcoinneofar meánlíon ráithiúil measta agus meánluach comhiomlán ráithiúil measta na n-idirbheart in aghaidh an lae faoi bhun na dtairseach sin.

3. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 23(4) mura gcomhlíonann sé na modhnuithe ar an bplean dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal sin de réir mar a cheanglaíonn ÚBE.

4. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(2) den Rialachán seo i gcás nach é atá ina chistí dílse míreanna agus ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na n-asbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan díolúintí tairsí dá dtagraítear in Airteagal 46(4) agus Airteagal 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

5. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(3) mura gcomhlíonann sé ceanglas ÚBE maidir le méid is airde cistí dílse a bheith ina sheilbh aige, ag eascairt as an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le pointí (a) go (g) den mhír sin.

6. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(5) mura ndéanann sé tástáil struis, ar bhonn tráthrialta, lena gcuirtear san áireamh cásanna struis airgeadais atá dian ach inchreidte, amhail suaití rátaí úis, agus cásanna struis neamhairgeadais, amhail riosca oibriúcháin.

7. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 35(5) mura gcomhlíonann sé ceanglas ÚBE maidir le méid is airde cistí dílse a bheith ina sheilbh aige bunaithe ar thoradh na tástála struis.

8. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(1) mura ndéanann sé cúlchiste sócmhainní a bhunú agus a choimeád ar bun i gcónaí.

9. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(1) mura n-áirithíonn sé go bhfuil an cúlchiste sócmhainní comhdhéanta agus á bhainistiú sa chaoi go gcumhdaítear na rioscaí a bhaineann leis an airgeadra oifigiúil atá faoi thagairt ag an gcomhartha ríomh-airgid suntasach.

10. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(1) mura n-áirithíonn sé go bhfuil an cúlchiste sócmhainní comhdhéanta agus á bhainistiú sa chaoi go dtugtar aghaidh ar na rioscaí leachtachta a bhaineann le buanchearta fuascailte na sealbhóirí.

11. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(3) mura n-áirithíonn sé go leithscartar an cúlchiste sócmhainní go hoibríochtúil ó eastát an eisitheora, agus ó chúlchiste sócmhainní comharthaí ríomh-airgid eile.

12. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(6) mura n-áirithíonn a chomhlacht bainistíochta go ndéantar an cúlchiste sócmhainní a bhainistiú ar bhealach éifeachtach stuama.

13. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(6) mura n-áirithíonn sé go ndéantar eisiúint agus fuascailt an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh a mheaitseáil le méadú nó laghdú comhfhreagrach ar an gcúlchiste sócmhainní.

14. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(7) mura ndéanann luach comhiomlán an chúlchiste sócmhainní a chinneadh trí úsáid á bhaint as praghsanna an mhargaidh, agus mura bhfuil a luach comhiomlán i gcónaí cothrom ar a laghad le luach comhiomlán na n-éileamh i gcoinne eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá i gcúrsaíocht.

15. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(8) mura bhfuil beartas soiléir agus mionsonraithe aige lena dtugtar tuairisc ar shásra cobhsaíochta an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, ar sásra é lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (g) den mhír sin.

16. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(9) mura dtugann sé sainordú maidir le hiniúchadh neamhspleách a dhéanamh ar an gcúlchiste sócmhainní gach 6 mhí tar éis dháta na tairisceana don phobal nó an dáta a ligtear isteach iad chun a dtrádála.

17. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 36(10) mura dtugann sé fógra do ÚBE faoi thoradh an iniúchta i gcomhréir leis an mír sin nó mura bhfoilsíonn sé toradh an iniúchta laistigh de 2 sheachtain ón dáta ar a dtugtar fógra do ÚBE.

18. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(1) mura ndéanann sé beartais chumhdaigh, nósanna imeachta cumhdaigh agus socruithe conarthacha cumhdaigh a bhunú, a choimeád ar bun nó a chur chun feidhme chun a áirithiú i gcónaí go gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (e), den mhír sin.

19. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(2) mura bhfuil beartas cumhdaigh i bhfeidhm aige do gach linn cúlsócmhainní aige tráth a n-eisíonn sé dhá cheann nó níos mó de chatagóirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha.

20. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(3) mura n-áirithíonn sé go bhfuil na cúlsócmhainní á gcumhdach ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant, ag institiúid creidmheasa nó ag gnólacht infheistíochta tráth nach déanaí ná 5 lá oibre i ndiaidh dháta eisiúna an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh.

21. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(4) mura bhfeidhmíonn sé gach scil chuí, cúram cuí agus dícheall cuí maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta arna gceapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní a roghnú, a cheapadh agus a athbhreithniú, nó mura n-áirithíonn sé gur duine dlítheanach nach ionann é agus an t-eisitheoir an coimeádaí.

22. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(4) mura n-áirithíonn sé go bhfuil an saineolas agus an clú margaidh is gá chun gníomhú mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta arna gceapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní.

23. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(4) mura n-áirithíonn sé, sna socruithe conarthacha leis na coimeádaithe, go ndéantar na cúlsócmhainní atá á gcumhdach a chosaint ar éilimh ó chreidiúnaithe na gcoimeádaithe.

24. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(5) mura leagann sé amach sna beartais chumhdaigh na critéir roghnúcháin maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta a cheapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní, nó mura bhfuil nós imeachta leagtha amach chun athbhreithniú a dhéanamh ar na ceapacháin sin.

25. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(5) mura ndéanann sé athbhreithniú ar bhonn tráthrialta ar cheapadh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní, mura ndéanann sé measúnú ar a nochtadh do na coimeádaithe sin, nó mura ndéanann sé faireachán ar staideanna airgeadais na gcoimeádaithe sin ar bhonn leanúnach.

26. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(6) mura n-áirithíonn sé go ndéantar na cúlsócmhainní a chumhdach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointí (a) go (d), den mhír sin.

27. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 37(7) mura dtugtar socrú conarthach mar fhianaise ar cheapadh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta mar choimeádaí na gcúlsócmhainní, nó mura ndéanann sé rialáil, trí bhíthin an tsocraithe chonarthaigh sin, ar an sreabhadh faisnéise is gá chun gur féidir le heisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh agus leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh mar choimeádaithe.

28. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 38(1) más rud é go n-infheistíonn sé an cúlchiste sócmhainní in aon táirgí nach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha iad lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe, nó i gcás nach féidir na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach íosta a imirt ar phraghsanna.

29. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 38(3) mura bhfuil na hionstraimí airgeadais ar iontu a infheistítear an cúlchiste sócmhainní á gcumhdach i gcomhréir le hAirteagal 37 aige.

30. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 38(4) mura n-iompraíonn sé na brabúis agus na caillteanais go léir, mar aon le haon rioscaí contrapháirtí nó oibriúcháin, a eascraíonn as infheistiú an chúlchiste sócmhainní.

31. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(1) mura ndéanann sé beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun, ar beartas é lena ndéantar bainistiú riosca fónta agus éifeachtach ar eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid shuntasaigh a chur chun cinn agus nach gcruthaítear dreasachtaí leis chun caighdeáin riosca a mhaolú.

32. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(2) mura n-áirithíonn sé gur féidir le soláthraithe éagsúla seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe chun cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant, ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, a chomhartha ríomh-airgid suntasach a chumhdach.

33. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(3) mura ndéanann sé measúnú nó faireachán ar na riachtanais leachtachta chun iarrataí ar fhuascailt arna ndéanamh ag sealbhóirí comhartha ríomh-airgid suntasach a chomhlíonadh.

34. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(3) mura ndéanann sé beartas bainistithe leachtachta agus nósanna imeachta bainistithe leachtachta a bhunú, a choimeád ar bun nó a chur chun feidhme, nó mura n-áirithíonn sé, leis na beartais agus na nósanna imeachta sin, go bhfuil próifíl leachtachta athléimneach ag na cúlsócmhainní lena gcuirtear ar chumas an eisitheora an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh leanúint de bheith ag feidhmiú mar is gnách, lena n-áirítear i gcásanna struis leachtachta.

35. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(4) mura ndéanann sé tástáil struis leachtachta ar bhonn tráthrialta nó mura neartaíonn sé na ceanglais leachtachta i gcás arna iarraidh sin do ÚBE bunaithe ar thoradh tástálacha den sórt sin.

36. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 45(5) mura ndéanann sé an ceanglas maidir le cistí dílse a chomhlíonadh i gcónaí.

37. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(1) mura ndéanann sé plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choimeád ar bun ina ndéantar foráil maidir le bearta atá le déanamh ag eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha chun comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an gcúlchiste sócmhainní a athbhunú i gcásanna ina mainníonn an t-eisitheoir na ceanglais sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear caomhnú na seirbhísí dá chuid a bhaineann leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach arna eisiúint, athshlánú tráthúil oibríochtaí agus comhlíonadh oibleagáidí an eisitheora i gcás teagmhais lena ngabhann riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí.

38. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(1) mura ndéanann sé plean téarnaimh a tharraingt suas agus a chothabháil coinníollacha agus nósanna imeachta iomchuí chun cur chun feidhme tráthúil na ngníomhaíochtaí téarnaimh a áirithiú, chomh maith le raon leathan roghanna téarnaimh, mar a liostaítear sa tríú fomhír, pointí (a), (b) agus (c), den mhír sin.

39. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(2) mura dtugann sé fógra faoin bplean téarnaimh do ÚBE agus, i gcás inarb iomchuí, dá údaráis réitigh agus dá údaráis maoirseachta stuamachta, laistigh de 6 mhí ó dháta na tairisceana don phobal nó ó dháta an ligin isteach chun trádála.

40. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 46(2) mura ndéanann sé an plean téarnaimh a athbhreithniú nó a nuashonrú go tráthrialta.

41. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(1) mura ndéanann sé plean oibríochtúil a tharraingt suas agus a choimeád ar bun chun tacú le gach comhartha ríomh-airgid suntasach a fhuascailt go hordúil.

42. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(2) mura bhfuil plean fuascailte aige lena léirítear cumas eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh fuascailt a dhéanamh ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach gan íoc a eisíodh, gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí a dhéanamh dá shealbhóirí ná do chobhsaíocht mhargaí na gcúlsócmhainní.

43. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(2) mura bhfuil plean fuascailte aige ina n-áirítear socruithe conarthacha, nósanna imeachta nó córais, lena n-áirítear riarthóir sealadach a ainmniú, chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le sealbhóirí uile an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh agus go n-íocfar sealbhóirí an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh go tráthúil leis na fáltais ó na cúlsócmhainní atá fágtha a dhíol.

44. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(2) mura bhfuil plean fuascailte aige lena n-áirithítear leanúnachas aon ghníomhaíochtaí criticiúla, atá riachtanach don fhuascailt ordúil, a dhéanann an t-eisitheoir nó aon eintitis tríú páirtí.

45. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(3) mura dtugann sé fógra faoin bplean fuascailte do ÚBE laistigh de 6 mhí ó dháta na tairisceana don phobal nó ó dháta an ligin isteach chun trádála.

46. Sáraíonn an t-eisitheoir Airteagal 47(3) mura ndéanann sé an plean fuascailte a athbhreithniú nó a nuashonrú go tráthrialta.



( 1 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

( 2 ) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

( 3 ) Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1).

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

( 6 ) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

( 7 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

( 8 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

( 9 ) Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22).

( 10 ) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

( 11 ) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 14.12.2022, lch. 1).

( 12 ) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8)

( 13 ) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

( 14 ) Treoir ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 26).

( 15 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

( 16 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

( 17 ) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

( 18 ) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).

( 19 ) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

( 20 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

( 21 ) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

( 22 ) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).

( *1 ) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

( *2 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

( *3 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

( *4 ) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

( *5 ) Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

( *6 ) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

( *7 ) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).

( *8 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).’.

( *9 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

( *10 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( *11 ) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

( *12 ) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).’

( *13 ) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).’.