European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/203

29.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/203 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2023

lena leagtar amach an fhormáid atá le húsáid chun neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a thuairisciú faoi Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 23(7) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste CED arna bhunú le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/691,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a thuairisciú don Choimisiún de bhun Airteagal 23(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/691, agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar an mbealach céanna, gan beann ar na cistí a úsáidtear chun na cuspóirí a bhaint amach ar bunaíodh na cistí ina leith. Chuige sin, le hAirteagal 23(7) de Rialachán (AE) 2021/691 cumhachtaítear an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach an fhormáid a bheidh le húsáid chun neamhrialtachtaí a bhaineann le maoiniú CED a thuairisciú ag na Ballstáit. Ba cheart do na rialacha sin a bheith coibhéiseach leis na rialacha mionsonraithe maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn XII, Roinn 2, a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/206 ón gCoimisiún (4).

(3)

Chun anailís agus bainistíocht fhoriomlán éifeachtúil ar chásanna neamhrialtachtaí de réir bhrí Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2021/691 a áirithiú, tá sé de cheangal ar Bhallstáit an fhaisnéis ábhartha go léir maidir le neamhrialtachtaí a bheidh le tuairisciú de bhun Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2021/691 agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhealach struchtúrtha. Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le struchtúr na faisnéise sin, go háirithe maidir lena formáid.

(4)

Chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as modhanna leictreonacha a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus slándáil na malartuithe sin á gcaomhnú acu, ba cheart do na Ballstáit an Córas Bainistíochta Neamhrialtachta tiomnaithe (CBNR) a úsáid chun neamhrialtachtaí a fhógairt.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar sonraí a aistriú trí CBNR ar bhealach slán lena gcuirtear san áireamh infhaighteacht, sláine, barántúlacht agus rúndacht na faisnéise.

(6)

Is gá an euro a úsáid mar an t-aon airgeadra amháin chun neamhrialtachtaí a thuairisciú chun inchomparáideacht na faisnéise arna tuairisciú a áirithiú. Maidir le Ballstáit nach bhfuil an euro glactha mar airgeadra acu, is gá an ráta malairte a chinneadh a bheidh le húsáid chun na méideanna lena mbaineann a chomhshó go euro, chomh maith leis an ráta malairte chun caiteachas nár cláraíodh i gcuntais an údaráis fhreagraigh a chomhshó.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh neamhrialtachtaí intuairiscithe a bheith ann cheana féin agus go bhfuil sé chun leasa an Aontais aghaidh a thabhairt ar na neamhrialtachtaí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo an fhormáid atá le húsáid ag na Ballstáit chun neamhrialtachtaí a thuairisciú de bhun an dara fomhír d’Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2021/691.

Airteagal 2

Formáid tuairiscithe

1.   An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 cuirfear chuig an gCoimisiún í trí mheán leictreonach, agus úsáid á baint as an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta (CBNR) tiomnaithe.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil tosaigh maidir leis na neamhrialtachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 chuig an gCoimisiún gan mhoill tar éis na neamhrialtachtaí a aimsiú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha leantacha de bhun Airteagal 3(5) agus (6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 chuig an gCoimisiún gan mhoill tar éis dóibh an fhaisnéis ábhartha a fháil.

Airteagal 3

Úsáid an euro

1.   Is in euro a ainmneofar na méideanna arna dtuairisciú ag na Ballstáit.

2.   Maidir leis na Ballstáit nach mbeidh an euro glactha mar airgeadra acu faoin dáta a chuirfear isteach an tuarascáil de bhun Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 déanfaidh siad méideanna san airgeadra náisiúnta a chomhshó go euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí sin ar lena linn a cláraíodh an caiteachas i gcórais chuntasaíochta an údaráis inniúil. I gcás nár cláraíodh an caiteachas i gcuntais an údaráis inniúil, úsáidfear an ráta malairte cuntasaíochta míosúil is déanaí arna fhoilsiú go leictreonach ag an gCoimisiún tráth an tuairiscithe tosaigh chun méideanna san airgeadra náisiúnta a chomhshó go euro.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/204 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) (IO L, 2024/204, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/204/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/206 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena leagtar amach an mhinicíocht agus an fhormáid maidir le tuairisciú neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, faoi Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1975 (IO L, 2024/206, 29.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_impl/2024/206/oj.

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/203/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)