7.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 35/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/253 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Feabhra 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tar éis breithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-714/20 (2), ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2014/269/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an cúigiú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2022, Dmitry Vladimirovich Ovsyannikov v Comhairle an Aontais Eorpaigh, C T-714/20, aitheantóir ECLI: ECLI:EU:T:2022:674.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, (“Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2”), (“Daoine”), scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:

“161.

Dmitry Vladimirovich OVSYANNIKOV”.