European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1291

2.2.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11326 — MSC / GIP III / ITALO)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/1291)

1.   

An 24 Eanáir 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

SAS Shipping Agencies Services S.à.r.l. (‘SAS Lux’, Lucsamburg), faoi rialú MSC Mediterranean Shipping Company Holding SA (‘MSC Group’),

GIP III Global Investments S.à r.l. (‘GIP III’, Lucsamburg), faoi rialú Global Infrastructure Management, LLC,

Italo – Nuovo Trasporto Viaggiatori S.p.A. (‘Italo’, an Iodáil), faoi rialú GIP III faoi láthair.

Gheobhaidh SAS Lux agus GIP III rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Italo.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta sealbhaíochta é SAS Lux a bhaineann le MSC Group, agus tá sé gníomhach i seirbhísí iompair loingseoireachta coimeádán, cúrsálacha aigéanacha, seirbhísí iompair mhuirí do phaisinéirí, seirbhísí tionscnóirí turas agus seirbhísí gníomhaireachta taistil,

Is infheisteoir bonneagair domhanda é GIP III in earnáil an fhuinnimh, in earnáil an iompair, san earnáil dhigiteach, in earnáil an uisce agus in earnáil na dramhaíola.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó Italo: iompar paisinéirí ardluais d’iarnród, mar aon le seirbhísí tráchtála fadachair bus, san Iodáil.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11326 — MSC / GIP III / ITALO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1291/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)