9.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 28/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/169 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Feabhra 2022
lena n-údaraítear foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe. |
(3) |
An 28 Nollaig 2018, chuir an chuideachta Fair Insects BV (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) i roinnt earraí bianna atá beartaithe don phobal i gcoitinne. |
(4) |
Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas. Is iad sin, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (3), na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh (4), na staidéir chobhsaíochta (5), an staidéar ar dhíleáiteacht na bpróitéiní (6), an staidéar cíteatocsaineachta, lena n-áirítear tuarascálacha staidéir iomlána (7), liosta na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh (8), an measúnú ar iontógáil, agus úsáidí beartaithe agus leibhéil úsáidí (9). |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 9 Lúnasa 2019, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh ar ullmhóidí reoite agus triomaithe ó mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach. |
(6) |
An 7 Iúil 2021 ghlac an tÚdarás, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283, a thuairim eolaíoch maidir le “Safety of frozen and dried formulations from whole yellow mealworm (Tenebrio molitor larva) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283” (10) (“Sábháilteacht foirmlithe reoite agus triomaithe ó mhinphéist bhuí iomlán (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]. |
(7) |
Sa tuairim a thug an tÚdarás chinn sé go bhfuil foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí iomlán (larbha Tenebrio molitor) sábháilte de réir na gcineálacha úsáide agus na leibhéal úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor), faoi na coinníollacha úsáide sonracha, na coinníollacha chun iad a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(8) |
Sa tuairim sin agus i dtuairim an Údaráis maidir le “Sábháilteacht foirmlithe reoite agus triomaithe de mhinphéist bhuí iomlán (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283” (11), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin, ar bhonn na fianaise teoranta atá foilsithe maidir le hailléirgí bia le feithidí, go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh a bheith ina chúis le híogrú phríomha agus le frithghníomhuithe ailléirgeacha le próitéiní minphéisteanna buí. I gcomhréir le moladh an Údaráis taighde a dhéanamh ar ailléirgineacht larbhaí Tenebrio molitor, tá an Coimisiún ag féachaint faoi láthair ar na bealaí inar féidir an taighde is gá a dhéanamh. Go dtí go nginfear na sonraí leis an taighde agus go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí sin, agus ós rud é, go dtí seo, nár tuairiscíodh ach an líon beag cásanna ailléirgí de réir na sonraí atá ar fáil do thionscal feithidí larbhaí Tenebrio molitor (12), aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann leis an bhféidearthacht go bhféadfadh larbha Tenebrio molitor a bheith ina chúis le híogrú príomha, measann an Coimisiún nár cheart aon cheanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe. |
(9) |
Sna tuairimí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás daoine atá ailléirgeach le crústaigh agus le fíneoga deannaigh mar gheall ar thras-imoibríocht. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach, más rud é go bhfuil na hailléirginí sin ann sa tsubstráit a thugtar mar bhia do na feithidí. Féadfar a áireamh leis sin ailléirginí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Dá bhrí sin, foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) arna chur ar fáil don tomhaltóir mar bhia ann féin agus bianna a bhfuil na hullmhóidí sin iontu, is iomchuí iad a lipéadú go hiomchuí de réir na gceanglas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. |
(10) |
Sa tuairim sin ón Údarás, maidir leis an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, na sonraí anailíseacha ar an gcomhdhéanamh, na staidéir chobhsaíochta, an staidéar ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, an staidéar cíteatocsaineachta, lena n-áirítear tuarascálacha staidéir iomlána, thug sé dá aire gur leor iad mar bhonn chun sábháilteacht an bhia núíosaigh a shuí. Thug an tÚdarás dá aire freisin nach bhféadfadh leis teacht ar a chonclúid gan na sonraí sin, ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad. |
(11) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige ar an tagairt do na sonraí sin, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(12) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh na cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar na sonraí ina sheilbh aige faoin dlí náisiúnta tráth déanta an iarratais agus dá bhrí sin nach mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh do na sonraí sin ach oiread. |
(13) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (14), na sonraí anailíseacha ar an gcomhdhéanamh (15), na staidéir chobhsaíochta (16), an staidéar ar dhíleáiteacht na bpróitéiní (17), an staidéar cíteatocsaineachta, lena n-áirítear tuarascálacha staidéir iomlána (18), atá i gcomhad an iarratasóra agus ar ar bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart iad sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin. |
(14) |
Mar sin féin, i dtaca leis an srianadh ar fhoirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor) a údarú agus ar thagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin faoi Rialachán (AE) 2015/2283 atá a n-iarratas bunaithe. |
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de mhinphéist bhuí (larbha Tenebrio molitor), mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:
cuideachta: Fair Insects BV;
seoladh: Industriestraat 3 5107 NC Dongen, an Ísiltír,
a bheidh údaraithe chun an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh lena mbaineann gan tagairt do na sonraí atá faoi chosaint de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo nó le comhaontú ó Fair Insects BV.
3. |
An iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Na staidéir atá sa chomhad iarratais, sonraí ar ar a mbonn a ndearna an tÚdarás an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan iad, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Fair Insects BV.
Airteagal 3
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Roinn 2.3_An próiseas táirgthe, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C11; Aguisín C17 - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(4) Roinn 2.4_Na sonraí maidir leis an gcomhdhéanamh, lena n-áirítear nuashonruithe; Roinn 2.9_Faisnéis chothúcháin, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín B4, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín B5, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C20; Aguisín D1, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D2, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D6, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(5) Roinn 2.4.4_Cobhsaíocht, nuashonruithe san áireamh; Aguisín C21; Aguisín C22; Aguisín D7, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(6) Aguisín D4, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe); Staidéar DIASS (roinn 2.8_nuashonraithe, roinn 2.9_nuashonraithe, roinn 2.11_nuashonraithe).
(7) Roinn 2.10_Faisnéis thocsaineolaíoch, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D5, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(8) Aguisín B2, Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(9) Measúnú ar iontógáil arna dhéanamh ag Schuttelaar & Partners (roinn 2.7_nuashonraithe); Úsáid bheartaithe agus sonraí maidir le leibhéil úsáide a mheas Schuttelaar & Partners (roinn 2.7_nuashonraithe) - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe);
(10) EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(8):6778.
(11) EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(1):6343.
(12) Margaítear larbha Tenebrio molitor i roinnt Ballstát faoi na bearta idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2015/2283.
(13) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(14) Roinn 2.3_An próiseas táirgthe, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C11; Aguisín C17 - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(15) Roinn 2.4_Na sonraí maidir leis an gcomhdhéanamh, lena n-áirítear nuashronruithe; Roinn 2.9_Faisnéis chothúcháin, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín B4, nuashonruithe san áireamh; Aguisín B5, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín C20; Aguisín D1, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D2, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D6, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(16) Roinn 2.4.4_Cobhsaíocht, nuashonruithe san áireamh; Aguisín C21; Aguisín C22; Aguisín D7, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
(17) Aguisín D4, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe); Staidéar DIASS (roinn 2.8_nuashonraithe, roinn 2.9_nuashonraithe, roinn 2.11_nuashonraithe).
(18) Roinn 2.10_Faisnéis thocsaineolaíoch, lena n-áirítear nuashonruithe; Aguisín D5, lena n-áirítear nuashonruithe - Fair Insects BV, 2020 (neamhfhoilsithe).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|