9.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 149/13 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1126 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) agus (4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686. |
(2) |
An 26 Aibreán 2023, chuir Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1267(1999), Rún 1989(2011) agus Rún 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, beirt le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
An 3 Bealtaine 2023, cuireadh na daoine sin le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle (2). |
(4) |
Ós rud é go raibh duine de na daoine sin ainmnithe cheana féin faoi Rialachán (AE) 2016/1686, ba cheart an duine sin a bhaint d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MALMER STENERGARD
(1) IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá comhlachaithe leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (IO L 139, 29.5.2002, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
Scriostar an iontráil seo a leanas ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 faoin gceannteideal ‘A. daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3’:
‘9. |
Sultan Aziz AZAM (a.k.a Aziz Azam, Sultan Aziz, Sultan Azziz Azzam, Sultan Aziz Ezzam); dáta breithe: 1985; áit bhreithe: An Afganastáin; náisiúntacht: Afganastánach.’. |