5.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/13


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/539 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

(2)

Mar thoradh ar mheastóireacht ar na cúinsí ábhartha, ba cheart dhá iontráil a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Scriostar na hiontrálacha seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:

270.

Bashar Mohammad ASSI;

286.

Khaldoun AL-ZOUBI.