14.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 446/34


RIALACHÁN (AE) 2021/2204 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), a mhéid a bhaineann le substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a dhéantar le hiontrálacha 28, 29 agus 30 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, toirmeasc a chur ar shubstaintí a aicmítear mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR), catagóirí 1A nó 1B, a chur ar an margadh agus a sholáthar don phobal, agus a liostaítear i bhFoscríbhinní 1 go 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin, agus ar mheascáin ina bhfuil na substaintí sin lastuas de thiúchan sainithe.

(2)

Substaintí a aicmítear mar CMR, is substaintí iad a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Maidir le Foscríbhinní 1 go 6 a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2020/2096 ón gCoimisiún (3), ní léirítear leo fós na haicmithe nua substaintí ina CMR faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, arna leasú le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/1182 (4) agus (AE) 2021/849 (5) ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, is iomchuí na substaintí nua-aicmithe CMR atá i gcatagóir 1A nó i gcatagóir 1B a liostaítear i Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/1182 agus (AE) 2021/849 a chur le Foscríbhinn 2, Foscríbhinn 4 agus Foscríbhinn 6 a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(4)

Na substaintí a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182, is substaintí iad a mbeidh feidhm lena n-aicmiú ón 1 Márta 2022. Dá bhrí sin, an srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir le substaintí atá aicmithe ina gcatagóir CMR 1A nó 1B le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182, is srian é ar cheart feidhm a bheith aige ón 1 Márta 2022. Ní chuireann an dáta cur i bhfeidhm cosc ar oibreoirí na srianta a chur i bhfeidhm níos túisce, srianta ar shubstaintí CMR de chatagóir 1A nó 1B a aicmítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182.

(5)

Is ón 17 Nollaig 2022 a bheidh feidhm ag aicmiú na substaintí a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849. Dá bhrí sin, an srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir le substaintí atá aicmithe ina gcatagóir CMR 1A nó 1B le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849, is srian é ar cheart feidhm a bheith aige ón 17 Nollaig 2022. Ní chuireann an dáta cur i bhfeidhm cosc ar oibreoirí na srianta a chur i bhfeidhm níos túisce, srianta ar shubstaintí CMR de chatagóir 1A nó 1B a aicmítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(7)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is mar a leanas a bheidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn:

na rónna a bhaineann le snáithíní cairbíde sileacain (dar trastomhas < 3 μm, fad > 5 μm agus cóimheas treoíochta ≥ 3:1) débheinsi[def,p]criséin; débheinsi[a,l]piréin, m —bis(2,3-eapocsaprópocsa)beinséin; éitear déghlicidile reasairsíneoil, 2,2-bis(brómaimeitil)própán-1,3-dé-ól, N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam; [formaildéad a scaoiltear ó N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam], ocsaím bhútánóin; céatocsaím mheitile eitile; ocsaím chéatóin mheitile eitile agus N-(hiodrocsaimeitil)aicriolaimíd; meitiolaicriolaimíd; Beidh feidhm ag [NMA] ón 1 Márta 2022,

rónna a bhaineann le teitreafluaireitiléin, 1,4-dé-ocsán agus 7-ocsa-3-ocsaíoráinildéchiogla[4.1.0]heaptán; 1,2-eapocsa-4-eapocsa-eitilcioglaheacsán; Is ón 17 Nollaig 2022 a bheidh feidhm ag dé-eapocsaíd 4-vinilcioglaiheicséine.

Is ón 1 Márta 2022 a bheidh feidhm ag pointe (2) den Iarscríbhinn.

Is mar a leanas a bheidh feidhm ag pointe (3) den Iarscríbhinn:

rónna a bhaineann le tris(2-meatocsa-eatocsa)vinilsiolán; 6-(2-meatocsa-eatocsa)-6-vinil-2,5,7,10-teatrocsa-6-siolaondeacán, déchlóraidhé-ochtailstánnán, déláráit dé-ochtailtine; [1] díorthaigh stánnáin, dé-ochtaildíorthaigh, díorthaigh bhis(alcocsacócó). [2], iopconasól (ISO); (1RS,2SR,5RS;1RS,2SR,5SR)-2-(4-clóraibeinsil)-5-iseapróipil-1-(1H-1,2,4-trí-asól-1-ilmeitil)cioglaipeantánól, bis(2-(2-meatocsai-eatocsa)eitil)éitear; teitriglím, 2-(4-treas- búitilbeinsil)próipianaildéad, taláit dé-iosochtaile, aicrioláit 2-meatocsai-eitile, sinc phiritióin; (T-4)-bis[1-(hiodrocsa-.capa.O)piridín-2(1H)-tianata.capa.S]sinc, fluaraclóradón (ISO); Is ón 1 Márta 2022 a bheidh feidhm ag 3-clóra-4-(clóraimeitil)-1-[3-(trífhluaraimeitil)feinil]pioróilidin-2-ón agus sárocsaíd bhis(α,α-démheitilibeinsil),

rónna a bhaineann le mancóiseib (ISO); coimpléasc (polaiméireach) eitiléinbis(déthiacarbamáit) mangainéise ina bhfuil salann since, 7-ocsa-3-ocsaíoráinildéchiogla[4.1.0]heapteán; 1,2-eapocsa-4-eapocsa-eitilcigliheacsán; 4-vinilcioglaheicséin dé-eapocsaíde 6,6’-dé-treas-búitil-2,2’-meitiléindé-p-créasól; [DBMC], démheatomorf (ISO); Is ón 17 Nollaig 2022 a bheidh feidhm ag (E, Z)-4-(3-(4-clóraifeinil)-3-(3,4-démheatocsaifeinil)aicriolóil)morfóilín, 1,2,4-trí-asól agus 3-meitilpiorasól.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2020/2096 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), a mhéid a bhaineann le substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR), feistí a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, truailleáin orgánacha mharthanacha, substaintí nó meascáin leachtacha áirithe, naoinilfeanól agus modhanna tástála le haghaidh asódhatháin (IO L 425, 16.12.2020, lch. 3).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2020 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 261, 11.8.2020, lch. 2).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 188, 28.5.2021, lch. 27).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn XVII mar a leanas:

(1)

i bhFoscríbhinn 2, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa tábla in ord na n-uimhreacha innéacs faoi mar a leagtar amach ann iad:

Substaintí

Uimh. Innéacs

Uimh. CE

Uimh. CAS

Nótaí

“snáithíní cairbíde sileacain (ag a bhfuil trastomhas < 3 μm, fad > 5 μm agus cóimheas treoíochta ≥ 3:1)

014-048-00-5

206-991-8

409-21-2

308076-74-6”

 

“débheinsi[p,def]criséin; débhéinsí[a,l]piréin

601-092-00-0

205-886-4

191-30-0”

 

“teitreafluaireitiléin

602-110-00-X

204-126-9

116-14-3”

 

“1,4-dé-ocsán

603-024-00-5

204-661-8

123-91-1”

 

m-bis(2,3-eapocsaprópocsa)beinséin; éitear déghlicidile reasairsíneoil

603-065-00-9

202-987-5

101-90-6”

 

“7-ocsa-3-ocsaíoráinildéchigli[4.1.0]heaptán; 1,2-eapocsa-4-eapocsa-eitilcioglaiheacsán; dé-eapocsaíd 4-vinilcioglaiheacsáin

603-066-00-4

203-437-7

106-87-6”

 

“2,2-bis(brómaimeitil)própán-1,3-dé-ól

603-240-00-X

221-967-7

3296-90-0”

 

N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáitsóidiam; [formaildéad a scaoiltear ó N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam]

607-746-00-1

274-357-8

70161-44-3”

 

“ocsaím bhútánóin; céatocsaím mheitile eitile; ocsaím chéatóin mheitile eitile

616-014-00-0

202-496-6

96-29-7”

 

N-(hiodrocsaimeitil)aicriolaimíd; meitiolólaicriolaimíd; [NMA]

616-230-00-5

213-103-2

924-42-5”;

 

(2)

i bhFoscríbhinn 4, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa tábla in ord na n-uimhreacha innéacs faoi mar a leagtar amach ann iad:

Substaintí

Uimh. Innéacs

Uimh. CE

Uimh. CAS

Nótaí

“2,2-bis(brómaimeitil)própán-1,3-dé-ól

603-240-00-X

221-967-7

3296-90-0”

 

N-N-(hiodrocsaimeitil)aicriolaimíd; meitiolólaicriolaimíd; [NMA]

616-230-00-5

213-103-2

924-42-5”;

 

(3)

i bhFoscríbhinn 6, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa tábla in ord na n-uimhreacha innéacs faoi mar a leagtar amach ann iad:

Substaintí

Uimh. Innéacs

Uimh. CE

Uimh. CAS

Nótaí

“mancóiseib (ISO); coimpléasc (polaiméireach) eitiléinbis(déthiacarbamáit) mangainéise ina bhfuil salann since

006-076-00-1

-

8018-01-7”

 

“tris(2-meatocsa-eatocsa);vinilsiolán; 6-(2-meatocsa-eatocsa)-6-vinil-2,5,7,10-teatrocsa-6-siolaondeacán

014-050-00-6

213-934-0

1067-53-4”

 

“déchlóraidhé-ochtalstannán

050-021-00-4

222-583-2

3542-36-7”

 

“déláráit dé-ochtailine; [1]

díorthaigh stánnáin, dé-ochtaildíorthaigh, díorthaigh bhis(alcocsacócó). [2]

050-031-00-9

222-883-3 [1]

293-901-5 [2]

3648-18-8 [1]

91648-39-4 [2]”

 

“7-ocsa-3-ocsaíoráinildéchigli[4.1.0]heaptán; 1,2-eapocsa-4-eapocsa-eitilcioglaiheacsán; dé-eapocsaíd 4-vinilcioglaiheacsáin

603-066-00-4

203-437-7

106-87-6”

 

“iopconasól (ISO); (1RS,2SR,5RS;1RS,2SR,5SR)-2-(4-clóraibeinsil)-5-iseapróipil-1- (1H-1,2,4-tríasól-1-ilmeitil)cioglaipeantánól

603-237-00-3

-

125225-28-7

115850-69-6

115937-89-8”

 

“bis(2-(2-meatocsa-eatocsa)eitil)éitear; teitriglím

603-238-00-9

205-594-7

143-24-8”

 

“6,6’-dé-treas-búitil-2,2’-meitiléindé-p-créasól; [DBMC]

604-095-00-5

204-327-1

119-47-1”

 

“2-(4-treas-búitilbeinsil)próipianaildéad

605-041-00-3

201-289-8

80-54-6”

 

“taláit dé-isea-ochtaile

607-740-00-9

248-523-5

27554-26-3”

 

“aicrioláit 2-meatocsa-eitile

607-744-00-0

221-499-3

3121-61-7”

 

“démheatamorf (ISO); (E,Z)-4-(3-(4-clóraifeinil)-3-(3,4-démheatocsaifeinil)aicriolóil)morfóilín

613-102-00-0

404-200-2

110488-70-5”

 

“1,2,4-trí-asól

613-111-00-X

206-022-9

288-88-0”

 

“sinc phiritióin; (T-4)-bis[1-hiodrocsa-.capa(.O)piridín-2(1H)-tianata-.capa.S]sinc

613-333-00-7

236-671-3

13463-41-7”

 

“fluaraclóradón (ISO); 3-clóra-4-(clóraimeitil)-1-[3-(trífhluaraimeitil)feinil]pioróilidin-2-ón

613-334-00-2

262-661-3

61213-25-0”

 

“3-meitilpiorasól

613-339-00-X

215-925-7

1453-58-3”

 

“sárocsaíd bhis(α,α-démheitilbeinsil)

617-006-00-X

201-279-3

80-43-3”