European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2411

27.10.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2411 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2023

maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 118, an chéad mhír agus Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le beartas maoine intleachtúla inar chuir sí in iúl go raibh sí réidh féachaint an bhféadfaí córas de chosaint shonrach tásc geografach a thabhairt isteach do tháirgí nach táirgí talmhaíochta iad, ar bhonn measúnú tionchair críochnúil ar na costais agus na sochair a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis.

(2)

Ina Theachtaireacht an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘An leas is fearr a bhaint as acmhainneacht nuálach an Aontais Eorpaigh – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus le hathléimneacht AE’, gheall an Coimisiún go bhféachfadh sé, ar bhonn measúnú tionchair, ar chóras cosanta de chuid an Aontais a mholadh do thásca geografacha nach tásca talmhaíochta iad.

(3)

Sa Rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus le hathléimneacht an Aontais, thug Parlaimint na hEorpa chun suntais go bhfuil aitheantas tásc geografach le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta ábhartha do thosaíochtaí chláir an Aontais atá á bhforbairt faoi láthair, ag cur i dtreis di a tacaíocht don Choimisiún sa tionscnamh atá aige cosaint éifeachtach thrédhearcach ar leibhéal an Aontais a bhunú le haghaidh tháirgí neamhthalmhaíochta, ar bhonn measúnú tionchair críochnúil chun ailíniú, inter alia, le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (4) (‘Ionstraim na Ginéive’), lena bhforáiltear maidir le rogha tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta araon.

(4)

Chun go mbeidh an tAontas in ann a inniúlacht eisiach a fheidhmiú maidir leis an comhbheartas tráchtála, agus i gcomhréir go hiomlán lena ghealltanas faoin gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a Bhaineann le Trádáil (‘Comhaontú TRIPS’) de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), an 26 Samhain 2019, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (5), d’aontaigh an tAontas d’Ionstraim na Ginéive, a riarann an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI). Cuirtear modh ar fáil le hIonstraim na Ginéive chun cosaint tásc geografach a thabhairt, gan beann ar chineál na n-earraí lena mbaineann siad, agus dá bhrí sin áirítear táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha inti. Chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin a chomhlíonadh ina n-iomláine, is tosaíocht de chuid an Aontais é aitheantas agus cosaint aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais do thásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

(5)

Le blianta fada, tá cosaint tásc geografach bunaithe ar leibhéal an Aontais d’fhíonta (6) agus do dheochanna biotáilleacha (7), chomh maith le táirgí talmhaíochta agus earraí bia, lena n-áirítear fíonta cumhraithe (8). Is iomchuí cosaint an Aontais a sholáthar do thásca geografacha le haghaidh táirgí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais atá ann cheana, agus cóineasú á áirithiú ag an am céanna. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcosaint sin réimse mór táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chuimsiú, mar shampla clocha nádúrtha, adhmadóireacht, seodra, teicstílí, lása, sceanra, gloine, poirceallán, agus seithí agus craicne. Dá dtabharfaí isteach córas den sórt sin chun tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, rachadh sé chun sochair do thomhaltóirí, trí fheasacht a fheabhsú maidir le barántúlacht táirgí. Bheadh tionchar dearfach eacnamaíoch aige freisin ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) tríd an iomaíochas a neartú, agus bheadh tionchar dearfach ginearálta aige ar fhostaíocht, ar fhorbairt agus ar thurasóireacht i réigiúin tuaithe agus i réigiúin lagfhorbartha. Thairis sin, d’éascódh córas den sórt sin rochtain ar mhargaí tríú tíortha trí chomhaontuithe trádála leis an Aontas agus bhainfí amach acmhainneacht iomlán na dtásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

(6)

Tá córais náisiúnta ag roinnt Ballstát maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha. Tá difríochtaí idir na córais sin ó thaobh raon feidhme cosanta, riaracháin agus táillí de, agus ní thugtar cosaint leo lasmuigh den chríoch náisiúnta. Ní dhéanann Ballstáit eile foráil ar an leibhéal náisiúnta maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha. D’fhéadfadh costais mhéadaithe agus éiginnteacht dhlíthiúil do tháirgeoirí a bheith mar thoradh ar chreat scoilte casta na gcóras cosanta éagsúil ar leibhéal na mBallstát agus féadfaidh sé a bheith ina dhídhreasacht d’infheistíocht sna ceirdeanna traidisiúnta san Aontas. Tá sé fíor-riachtanach córas comhchuibhithe cosanta de chuid an Aontais a bheith ann chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá do na geallsealbhóirí uile a chruthú, agus chun sáruithe ar chearta maoine intleachtúla i ndáil le táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosc, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais cosaint níos fearr a thabhairt dá leasanna, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(7)

Is minic a bhíonn déantús táirgí a bhfuil a dtréithe dlúthbhainteach le limistéar geografach ar leith ag brath ar fhios gnó áitiúil agus is minic a bhíonn sé bunaithe ar úsáid modhanna táirgthe áitiúla atá fréamhaithe in oidhreacht chultúrtha agus shóisialta réigiún baile na dtáirgí sin. Le cosaint éifeachtúil ar mhaoin intleachtúil, d’fhéadfaí cur le brabúsacht mhéadaithe agus le tarraingteacht gairmeacha traidisiúnta ceardaíochta. Aithnítear cosaint shonrach tásc geografach chun go ndéantar an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a fhorbairt in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na ceardaíochta agus na tionsclaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart nósanna imeachta éifeachtúla a bhunú chun tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chlárú ar leibhéal an Aontais, lena gcuirtear sonraíochta áitiúla agus réigiúnacha san áireamh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcóras chun tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go ndéanfar traidisiúin táirgthe agus margaíochta a chothabháil agus a fheabhsú.

(8)

Le cosaint aonfhoirmeach ar fud an Aontais do na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le tásca geografacha, féadfar dreasachtaí a chruthú do tháirgeadh táirgí cáilíochta, rannchuidiú leis an ngóchumadh a chomhrac, infhaighteacht fhorleathan na dtáirgí sin ar ardchaighdeán a áirithiú do thomhaltóirí agus rannchuidiú le cruthú post luachmhar agus inbhuanaithe lena n-áirítear i réigiúin tuaithe agus i réigiúin thearcfhorbartha, a chabhródh le cur i gcoinne treochtaí dídhaonraithe. Go háirithe i bhfianaise acmhainneacht na cosanta sin rannchuidiú le cruthú post inbhuanaithe ardoilte i réigiúin tuaithe agus i réigiúin thearcfhorbartha, ba cheart é a bheith d’aidhm ag táirgeoirí cion suntasach de luach an táirge arna ainmniú ag tásc geografach a chruthú laistigh den limistéar geografach sainithe. Maidir leis na ceanglais go mbeidh cáilíocht, clú nó saintréith áirithe eile de chuid táirge inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh agus go bhfuil an táirge le bheith de thionscnamh limistéir gheografaigh shainithe, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, atreisíonn siad an tuiscint go mbeidh cion substaintiúil de luach an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach le cruthú laistigh den limistéar geografach áirithe. Ba cheart a áirithiú leis na ceanglais sin nach féidir ach le táirgí a bhfuil nasc láidir acu leis an limistéar geografach tairbhe a bhaint as an gcosaint dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(9)

Dá bhrí sin, is gá iomaíocht chóir a áirithiú do tháirgeoirí táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha sa mhargadh inmheánach; chun a áirithiú go mbeidh faisnéis iontaofa a bhaineann le táirgí den sórt sin ar fáil do na tomhaltóirí; chun an oidhreacht chultúrtha agus fios gnó traidisiúnta a chosaint agus a fhorbairt; chun a áirithiú go gclárófar tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha go héifeachtúil, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon; chun foráil a dhéanamh maidir le rialuithe éifeachtacha agus forfheidhmiú a bhaineann le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear sa tráchtáil leictreonach; agus chun nasc leis an gcóras idirnáisiúnta clárúcháin agus cosanta atá bunaithe ar Ionstraim na Ginéive a bhunú.

(10)

D'fhéadfadh sé go mbeadh gá le sonraí pearsanta a phróiseáil mar gheall ar na cúraimí a shanntar leis an Rialachán seo d'údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (‘an Oifig’), go háirithe i gcás inar gá iarratasóirí a shainaithint i nósanna imeachta maidir le clárú, leasú ar an tsonraíocht táirge nó an clárú a chealú, freasúraí nó tairbhithe idirthréimhse a dheonaítear de mhaolú ar chosaint táisc gheografaigh chláraithe. Dá bhrí sin, is gá sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a fhaightear le linn na nósanna imeachta faoin Rialachán seo agus aon phoibliú a dhéantar orthu, mar shampla chun críocha clárúcháin, lena n-áirítear cur i gcoinne, leasú ar an tsonraíocht táirge, an clárú a chealú, rialuithe agus deonú idirthréimhse, ba cheart di cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Sa chomhthéacs sin, le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cuirtear oibleagáidí áirithe ar Bhallstáit agus, ag an am céanna, le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), cuirtear oibleagáidí áirithe ar an gCoimisiún agus ar an Oifig. I gcás inarb iad an Coimisiún agus an Oifig a chinneann go comhpháirteach críocha agus modhanna na próiseála sonraí, ba cheart iad a mheas mar rialaitheoirí comhpháirteacha.

(11)

Maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, a bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith áirithe eile acu atá nasctha lena n-áit táirgthe, bronntar leo ceart comhchoiteann is féidir le gach táirgeoir incháilithe a fheidhmiú i limistéar geografach sainithe atá toilteanach cloí le sonraíocht táirge, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tá níos mó cumhachta sa mhargadh ag táirgeoirí a ghníomhaíonn i dteannta a chéile ná táirgeoirí aonair agus is féidir leo leas a bhaint as sineirgí agus a dtásca geografacha á mbainistiú acu. Le tásca geografacha, cúitítear táirgeoirí as a n-iarrachtaí réimse éagsúil táirgí ardchaighdeáin a tháirgeadh. Dá bhrí sin, is iad grúpaí táirgeoirí ba cheart na hiarratais ar chlárú tásc geografach a dhéanamh.

(12)

I limistéir gheografacha áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ach táirgeoir amháin toilteanach iarratas a chur isteach chun ainm a chlárú mar thásc geografach. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta táirgeoir aonair a mheas mar iarratasóir. Níor cheart, áfach, cead a thabhairt do tháirgeoir aonair an limistéar geografach a shainiú trí thagairt dá thalamh nó dá cheardlann féin. Leis an limistéar geografach, ba cheart tagairt a dhéanamh i gcónaí do chuid ar leith de chríoch seachas do theorainneacha maoine príobháidí.

(13)

Ba cheart d’údarás áitiúil nó réigiúnach arna ainmniú ag Ballstát nó d’eintiteas príobháideach arna ainmniú ag Ballstát a bheith in ann a bheith ina iarratasóir freisin. Sna cásanna sin, ba cheart na cúiseanna sin leis an ainmniú sin a lua san iarratas.

(14)

Ina theannta sin, ba cheart cead a thabhairt d’eintiteas áitiúil nó réigiúnach de chuid an Bhallstáit as a dtagann an grúpa táirgeoirí nó an táirgeoir aonair faoi seach cúnamh a thabhairt don ghrúpa táirgeoirí nó don táirgeoir aonair sin chun an t-iarratas a ullmhú agus sa chéad chéim den nós imeachta clárúcháin. D’fhéadfadh comhairle agus comhroinnt doiciméad, teagmhálacha agus faisnéis a bheith mar chuid den chúnamh.

(15)

Is é is aidhm don chóras chun tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a leagtar síos sa Rialachán seo cur ar chumas tomhaltóirí roghanna ceannaigh níos eolaí a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, cabhraíonn lipéadú agus fógraíocht le tomhaltóirí táirgí ardcháilíochta atá ar an margadh a shainaithint i gceart. Le cearta maoine intleachtúla a bhaineann le tásca geografacha, cuidítear le hoibreoirí agus le cuideachtaí a sócmhainní doláimhsithe a luacháil. Chun nach gcruthófar iomaíocht éagórach agus chun seasamh leis an margadh inmheánach, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann tásc geografach cláraithe a úsáid agus táirgí arna n-ainmniú ag tásc geografach den sórt sin a mhargú ar fud an Aontais lena n áirítear sa ríomhthráchtáil, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann sonraíocht an táirge chomhfhreagraigh agus go bhfuil an táirgeoir faoi réir rialuithe.

(16)

Ba cheart ainm táirge a bheith incháilithe le haghaidh cosanta mar thásc geografach má chomhlíonann an táirge trí cheanglas charnacha: ba cheart an táirge a bheith fréamhaithe in áit, réigiún nó tír ar leith nó ba cheart é a bheith de thionscnamh na háite, an réigiúin nó na tíre sin; ba cheart cáilíocht áirithe, clú nó saintréith eile an táirge a bheith inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus ba cheart ceann amháin ar a laghad de na céimeanna táirgthe a dhéanamh sa limistéar geografach sin. Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, ní mór a léiriú gur tosca riachtanach de cháilíocht, de chlú nó de shaintréith áirithe eile an táirge é an tionscnamh geografach. Tá na ceanglais sin i gcomhréir leis na ceanglais maidir le tásca geografacha mar a leagtar amach in Ionstraim na Ginéive agus i reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tásc geografach le haghaidh táirgí talmhaíochta, earraí bia, fíonta agus deochanna biotáille. Mar sin féin, níor cheart táirgí atá contrártha don bheartas poiblí a bheith faoi réir tásc geografach faoi chosaint. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an eisceacht sin maidir le beartas poiblí a chur i bhfeidhm de réir an cháis, agus ba cheart an eisceacht a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(17)

Is iad an chéim táirgthe nó na céimeanna táirgthe a léirítear sa tsonraíocht táirge na céimeanna sin a thugann cáilíocht, clú nó saintréith áirithe eile don táirge. Cinnteoidh tosca daonna nó nádúrtha, nó meascán díobh, an bhfuil céim tháirgthe ábhartha chun é a chur san áireamh sa tsonraíocht táirge. Táirgí a tháirgtear go príomha lasmuigh den limistéar geografach áirithe agus nach n-iompraítear ansin ach le haghaidh pacáistíochta nó le haghaidh céim tháirgthe a d’fhéadfaí a dhéanamh in áit eile gan difríocht shuntasach a bheith idir cáilíocht, clú nó saintréith áirithe eile an táirge, níor cheart go gcáileodh siad do chosaint. Leis an bprionsabal sin, d’fhéadfaí cosc a chur ar tháirgí ar ardchaighdeán nach bhfuil saintréithe uathúla acu agus a tháirgtear go hiomlán, nach mór, lasmuigh den limistéar geografach ar leith, a dhíol mar tháirgí arna n-ainmniú le tásc geografach.

(18)

Is minic nach mbíonn ach acmhainní teoranta ag MFBManna chun déileáil le cúraimí riaracháin. Ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit as a dtionscnaíonn an t-iarrthóir iarracht a dhéanamh cúnamh a thabhairt, arna iarraidh sin don iarratasóir, agus an doiciméad aonair dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ullmhú, i gcomhréir lena chleachtas riaracháin. I gcás ina gcinneann Ballstát an nós imeachta clárúcháin dhírigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo (‘nós imeachta clárúcháin dhírigh’), a úsáid, ba cheart don Oifig, i ndlúthchomhar le pointe teagmhála aonair an Bhallstáit lena mbaineann, féachaint le cúnamh a thabhairt leis an doiciméad aonair. Ba cheart aon chúnamh a chuirfidh na húdaráis nó an Oifig ar fáil a bheith gan dochar don iarratasóir a fhanfaidh freagrach as an doiciméad aonair.

(19)

Chun cosaint mar thásca geografacha a fháil, níor cheart ainmneacha a chlárú ach amháin ar leibhéal an Aontais. Ba cheart dhá chéim a bheith sa nós imeachta caighdeánach maidir le tásc geografach a chlárú faoin Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéad chéim (‘céim náisiúnta’) agus ba cheart don Oifig a bheith freagrach as an dara céim (‘céim an Aontais’). I gcás inar deonaíodh maolú ar an nós imeachta caighdeánach sin do Bhallstát, ba cheart go bhféadfadh iarratasóir ón mBallstát sin iarratas a chur isteach go díreach chuig an Oifig tríd an nós imeachta clárúcháin dhírigh. Ba cheart an chosaint a dheonaítear faoin Rialachán seo tráth an chláraithe a bheith ar fáil chomh maith céanna do thásca geografacha le haghaidh táirgí de thionscnamh tríú tíortha (‘tásca geografacha tríú tír’), ar tásca iad a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh. Ba cheart don Oifig na nósanna imeachta comhfhreagracha um thásca geografacha tríú tír a chur i gcrích.

(20)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta riaracháin atá éifeachtúil, intuartha agus gasta. Ba cheart faisnéis faoi na nósanna imeachta sin, lena n-áirítear aon spriocdhátaí is infheidhme agus fad iomlán na nósanna imeachta, a bheith ar fáil go poiblí. Ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Oifig comhoibriú laistigh den Bhord Comhairleach, arna bhunú de bhun an Rialacháin seo (‘an Bord Comhairleach’), chun dea-chleachtais a roinnt d’fhonn éifeachtúlacht na nósanna imeachta sin a chur chun cinn.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Oifig na nósanna imeachta a chur i gcrích maidir le clárú, lena n-áirítear cur i gcoinne, leasú ar an tsonraíocht táirge, an clárú a chealú agus achomharc a dhéanamh i ndáil le tásca geografacha de thionscnamh an Aontais agus ba cheart don nós imeachta sin ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit agus don Oifig faoi seach a bheith freagrach as céimeanna sainiúla na nósanna imeachta sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéim náisiúnta, arb é atá inti an t-iarratas a fháil ón iarratasóir, é a scrúdú, an nós imeachta freasúra náisiúnta a bhainistiú agus, tar éis an chéim náisiúnta a thabhairt chun críche go dearfach, an t-iarratas a chur faoi bhráid na hOifige chun céim an Aontais a sheoladh. Ba cheart do na Ballstáit na socruithe mionsonraithe nós imeachta a bhunú don chéim náisiúnta. Ba cheart comhairliúcháin idir an t-iarratasóir agus aon fhreasúróirí náisiúnta a bheith san áireamh sna socruithe sin, chomh maith le tíolacadh tuarascála ag an iarratasóir maidir le toradh na gcomhairliúchán sin, agus maidir le haon mhodhnuithe a rinneadh ar an iarratas. Thairis sin, ba cheart inghlacthacht an fhreasúra agus na cúiseanna leis an gclárú a dhiúltú sa chéim náisiúnta a ailíniú leo siúd atá i gcéim an Aontais. Ba cheart don Oifig a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais le linn chéim an Aontais, as an nós imeachta freasúra a bhainistiú agus as clárú a dheonú nó a dhiúltú. Ba cheart don Oifig na nósanna imeachta comhfhreagracha um thásca geografacha tríú tír a chur i gcrích freisin.

(22)

Ba cheart don Oifig páirtithe a spreagadh chun úsáid a bhaint as réiteach malartach díospóide, mar shampla idirghabháil, chun teacht ar réiteach cairdiúil. Chun na críche sin, ba cheart don Oifig an deis a thabhairt do na páirtithe úsáid a bhaint as na seirbhísí sin sna nósanna imeachta atá ar fáil ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Oifig na seirbhísí sin a sholáthar í féin, ach ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na páirtithe freisin úsáid a bhaint as seirbhísí idirghabhála eile.

(23)

Chun bainistiú na n-iarratas ag na húdaráis inniúla a éascú, ba cheart dhá Bhallstát nó níos mó a bheith in ann comhoibriú i gcéim náisiúnta an nós imeachta, lena n-áirítear maidir le scrúdú, cur i gcoinne náisiúnta, iarratais a chur faoi bhráid na hOifige, leasú ar an tsonraíocht táirge agus an clárú a chealú; agus cinneadh a dhéanamh go ndéanfaidh ceann amháin acu na nósanna imeachta a bhainistiú thar ceann an Bhallstáit nó na mBallstát eile lena mbaineann. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit sin an Coimisiún a chur ar an eolas dá réir agus gan mhoill agus faisnéis a sholáthar faoi phríomhpharaiméadair an chomhair.

(24)

Faoi chúinsí áirithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú a fháil ón oibleagáid údarás inniúil náisiúnta a ainmniú le bheith freagrach as céim náisiúnta na nósanna imeachta maidir le clárú, lena n-áirítear freasúra náisiúnta, leasú ar an tsonraíocht táirge agus an clárú a chealú. Leis an maolú sin, ba cheart a chur san áireamh nach bhfuil córas náisiúnta sonrach ag Ballstáit áirithe i ndáil le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, agus gur beag spéis atá sna Ballstáit sin ar an leibhéal áitiúil i ndáil le cosaint tásc geografach, agus, faoi na cúinsí sin, ní bheadh údar le hoibleagáid a chur ar an mBallstát an bonneagar ar fad is gá a bhunú le haghaidh córas den sórt sin. Bheadh sé níos éifeachtúla agus níos cost-éifeachtaí foráil a dhéanamh maidir le bealach malartach do ghrúpaí táirgeoirí ó na Ballstáit sin chun a dtáirgí a chosaint, eadhon nós imeachta clárúcháin dhírigh leis an Oifig. Bheadh buntáistí costais ag baint leis an rogha mhalartach sin freisin do Bhallstáit.

(25)

Ba cheart don Choimisiún, tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar ag Ballstát, cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarraidh ar mhaolú ón mBallstát sin lena gceadaítear dó úsáid a bhaint as an nós imeachta clárúcháin dhírigh. Agus an iarraidh á scrúdú ag an gCoimisiún, ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar na himthosca ábhartha uile, mar shampla, líon na n-ainmneacha táirgí cosanta atá ann cheana, líon na dtáirgeoirí agus na ngrúpaí táirgeoirí a d’fhéadfadh spéis a bheith acu sa Bhallstát lena mbaineann, méid dhaonra an Bhallstáit lena mbaineann, an méid díolachán, na hacmhainneachtaí monaraíochta agus na margaí do na táirgí atá i gceist, agus faisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha mar fhianaise ar leibhéal íseal spéise ar an leibhéal náisiúnta a léiriú. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, mar shampla, úsáid a bhaint as faisnéis a bhailítear trí chomhairliúchán poiblí, suirbhé margaidh, anailís mhargaidh, nó litreacha ó sheomraí gairmiúla ábhartha nó ó aon chásanna oifigiúla ábhartha eile, chun cinneadh a dhéanamh. Maidir le cinneadh lena gceadaítear do Bhallstát leas a bhaint as an nós imeachta cláraithe dhírigh, ba cheart don Choimisiún an ceart a choinneáil an cinneadh sin a leasú nó a chealú más rud é nach gcomhlíonann an Ballstát lena mbaineann na coinníollacha a thuilleadh. B’amhlaidh sin, mar shampla, dá rachadh líon na n-iarratas díreach arna gcur isteach ag iarratasóirí ón mBallstát sin, arís agus arís eile le himeacht ama, thar an meastachán a rinne an Ballstát sin i dtús ama.

(26)

De bhun an mhaolaithe sin, ba cheart don Oifig na nósanna imeachta maidir le clárú an táirge, leasú ar an tsonraíocht táirge agus cealú an chláraithe a bhainistiú go díreach. Maidir leis sin, ba cheart don Oifig cúnamh a fháil ó údaráis riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann nuair is gá, trí phointe teagmhála aonair ainmnithe, go háirithe maidir leis an iarratas a scrúdú. Ba cheart an saineolas agus an t-eolas áitiúil is gá maidir le tásca geografacha a bheith ag an bpointe teagmhála aonair. Chun cúnamh a thabhairt don Oifig, ba cheart cead a bheith ag an bpointe teagmhála aonair dul i gcomhairle le saineolaithe a bhfuil eolas a bhaineann go sonrach le táirge nó le hearnáil ar leith acu.

(27)

Níor cheart le cur i bhfeidhm an nós imeachta clárúcháin dhírigh na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid údarás inniúil a ainmniú chun rialuithe agus an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun na cearta a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

(28)

Chun cinnteoireacht éifeachtach chomhsheasmhach a áirithiú a mhéid a bhaineann le hiarratais, ba cheart d’údarás inniúil Ballstáit an Oifig a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon imeachtaí os comhair cúirte náisiúnta nó comhlacht eile i ndáil le hiarratas arna chur faoi bhráid na hOifige ag an údarás inniúil sin, agus faoi thorthaí deiridh na n-imeachtaí sin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart don údarás inniúil an Oifig a choinneáil ar an eolas maidir le haon chaingean náisiúnta riaracháin agus breithiúnacha i gcoinne chinneadh an údaráis inniúil a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chlárú táisc gheografaigh.

(29)

Le héifeacht ón dáta a chuirfidh Ballstát isteach iarratas chuig an Oifig, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cosaint náisiúnta shealadach a dheonú do thásc geografach sula dtabharfar céim an Aontais chun críche, ar choinníoll nach ndéantar difear don mhargadh inmheánach ná do bheartas trádála an Aontais. Níor cheart cosaint náisiúnta shealadach a thabhairt i gcás clárú díreach.

(30)

Maidir le hoibreoirí a ndéantar difear dá leasanna trí thásc geografach a chlárú, chun a cheadú dóibh leanúint den ainm cláraithe a úsáid ar feadh tréimhse theoranta, ba cheart don Oifig maolú sonrach a dheonú maidir le húsáid ainm den sórt sin ar feadh idirthréimhse. D’fhéadfaí an idirthréimhse sin a cheadú chun deacrachtaí sealadacha a shárú freisin agus é ina aidhm fhadtéarmach leo a áirithiú go gcomhlíonann na táirgeoirí uile an tsonraíocht táirge. Gan dochar do na rialacha lena rialaítear coinbhleachtaí idir tásca geografacha agus trádmharcanna, ba cheart a bheith in ann leanúint d’ainmneacha a úsáid a sháródh cosaint táisc gheografaigh ar shlí eile, faoi choinníollacha áirithe agus ar feadh idirthréimhse.

(31)

I gcásanna sonracha áirithe, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an chumhacht a ghlacadh ar láimh ón Oifig cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais aonair, maidir le hiarrataí ar leasú ar an tsonraíocht táirge nó maidir le hiarrataí ar chealú. Ba cheart aon Bhallstát nó an Oifig a bheith in ann a iarraidh go bhfeidhmeodh an Coimisiún an sainchumas sin. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann gníomhú freisin ar a thionscnamh féin. Ba cheart don Oifig, ar aon chuma, leanúint de bheith freagrach as an gcomhad agus as an bhfreasúra a scrúdú, agus, bunaithe ar chúinsí teicniúla, ba cheart di dréachtghníomh cur chun feidhme a ullmhú don Choimisiún.

(32)

Ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain thapa agus éasca ag táirgeoirí agus oibreoirí eile lena mbaineann, chomh maith le húdaráis agus tomhaltóirí, ar fhaisnéis ábhartha maidir le tásca geografacha.

(33)

Chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht a áirithiú ar fud an Aontais, is gá clár leictreonach de thásca geografacha de chuid an Aontais (‘clár an Aontais’) le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a bhunú ar cheart dó a bheith ar fáil go héasca don phobal i bhformáid atá inléite ag meaisín. Ba cheart don Oifig clár an Aontais a bhunú agus a choimeád agus ba cheart di an pearsanra a chur ar fáil chun é a oibriú. Ba cheart féachaint an féidir bunachair sonraí atá ann cheana a úsáid ionas nach gcruthófar ualach riaracháin nach bhfuil gá leis.

(34)

Déanann an tAontas caibidlíocht faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le tásca geografacha a chosaint, lena chomhpháirtithe trádála. D’fhéadfadh cosaint tásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha san Aontas eascairt as na comhaontuithe sin freisin, gan beann ar an gclárú idirnáisiúnta dá bhforáiltear faoi Ionstraim na Ginéive agus ar an gcóras clárúcháin a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart é a bheith indéanta tásca geografacha atá faoi chosaint san Aontas de bhua clárú idirnáisiúnta faoi Ionstraim na Ginéive nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta le comhpháirtithe trádála de chuid an Aontais, a chur ar chlár an Aontais chun soláthar faisnéise don phobal a éascú, chun trédhearcacht a mhéadú ar mhaithe leis na tomhaltóirí agus, go háirithe, chun cosaint agus rialú na húsáide a bhaintear as na tásca geografacha sin a áirithiú. Sna cásanna sin, ba cheart na hainmneacha faoi seach a iontráil i gclár an Aontais mar thásca geografacha faoi chosaint.

(35)

Aon pháirtí dá ndéantar dochar le cinneadh ón Oifig, ba cheart an ceart a bheith ag an bpáirtí sin achomharc a dhéanamh os comhair Bhoird Achomhairc na hOifige (‘na Boird Achomhairc’). Ba cheart cinntí na mBord Achomhairc, ina dhiaidh sin, a bheith faoi réir caingne os comhair na Cúirte Ginearálta, cúirt a bhfuil dlínse aici an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh a chur ar neamhní nó a athrú.

(36)

Ba cheart Bord Comhairleach, comhdhéanta de shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, a bhunú chun an t-eolas agus an saineolas is gá a sholáthar maidir le táirgí, earnálacha agus cúinsí áitiúla áirithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh na nósanna imeachta faoin Rialachán seo. Chun an t-eolas sonrach teicniúil is gá a fháil chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais aonair ag céim ar bith de na nósanna imeachta maidir le clárú, lena n-áirítear nósanna imeachta freasúra, achomhairc nó nósanna imeachta eile, ba cheart an deis a bheith ag Rannóg um Thásca Geografacha na hOifige nó ag na Boird Achomhairc, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach. Ba cheart a áireamh sa chomhairliúchán sin freisin, i gcás inar gá, tuairim ghinearálta maidir le critéir cháilíochta a mheasúnú, clú an táirge a bhunú, a chineálaí atá an t-ainm a chinneadh, agus an baol go gcuirfí mearbhall ar thomhaltóirí a mheasúnú. Níor cheart tuairim an Bhoird Chomhairligh a bheith ceangailteach. Ba cheart don Bhord Comhairleach cuireadh a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do shaineolaithe sa chatagóir táirgí lena mbaineann, lena n-áirítear ionadaithe ó réigiúin agus ón saol acadúil. Ba cheart nós imeachta ceapacháin na saineolaithe agus oibriú an Bhoird Chomhairligh a shonrú i rialacha nós imeachta an Bhoird Chomhairligh, arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

(37)

Ba cheart cosaint a dheonú do thásca geografacha a iontráiltear ar chlár an Aontais chun a áirithiú go mbainfear úsáid astu ar bhealach cóir agus chun cosc a chur ar chleachtais a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú, go háirithe a mhéid a bhaineann le táirgí inchomparáide. Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil táirgí inchomparáide le táirge atá faoi chosaint ag tásc geografach, ba cheart na tosca ábhartha uile a chur san áireamh. Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ar na tosca sin: an bhfuil saintréithe oibiachtúla comhchoiteanna ag na táirgí, amhail modh táirgthe, cuma fhisiceach nó úsáid an amhábhair chéanna; cé na himthosca faoina n-úsáidtear na táirgí ó thaobh na deighleoige ábhartha den mhargadh de; an ndáiltear na táirgí trí na bealaí céanna; agus an bhfuil siad faoi réir rialacha comhchosúla margaíochta.

(38)

Chun cosaint tásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a neartú agus chun góchumadh a chomhrac go héifeachtach, ba cheart feidhm, freisin, a bheith ag an gcosaint faoin Rialachán seo maidir le hainmneacha fearainn ar an idirlíon. Tá sé tábhachtach freisin aird chuí a thabhairt ar Chomhaontú TRIPS, agus go háirithe Airteagail 22 agus 23 de, agus ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, a tugadh i gcrích, thar ceann an Aontais, de bhua Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (13), lena n-áirítear Airteagal V den Chomhaontú sin maidir le saoirse idirthurais. Laistigh den chreat dlí sin, chun góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint sin maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus a chuirtear faoi nósanna imeachta speisialta custaim, mar shampla na cinn a bhaineann le hidirthuras, stóráil, úsáid shonrach nó próiseáil.

(39)

Ba cheart a áirithiú go mbaintear úsáid as tásc geografach in ainm táirge monaraithe a bhfuil nó a ionchorpraítear sa táirge monaraithe sin, mar pháirt nó mar chomhábhar, an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach sin i gcomhréir le cleachtais chothroma tráchtála agus nach dtagann an úsáid sin i dtír ar chlú an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach sin agus nach ndúshaothraítear, nach lagaítear, nach gcaolaítear ná nach ndéantar dochar do chlú an táirge an táisc gheografaigh. Ba cheart a cheangal go n-aontódh an grúpa táirgeoirí nó táirgeoir aonair le húsáid sin an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach.

(40)

Téarmaí cineálacha atá cosúil le hainm nó téarma atá faoi chosaint ag tásc geografach, nó atá ina gcuid d’ainm nó de théarma mar sin, ba cheart dóibh a stádas cineálach a choinneáil.

(41)

Is comhainmneacha iad ainmneacha a litrítear nó a fhuaimnítear ar an mbealach céanna, ach a thagraíonn do limistéir dhifriúla gheografacha. Ainm atá ar comhainm go hiomlán nó go páirteach le tásc geografach atá cláraithe nó a bhfuil iarratas déanta air cheana féin, níor cheart é a chlárú, ach amháin má tá údar cuí lena chosaint de bharr imthosca áirithe, agus aird á tabhairt ar an tábhacht atá le cóir chomhionann a chur ar tháirgeoirí agus gan custaiméirí a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh geografach an táirge. Comhainmneacha a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú maidir le fíorchéannacht nó fíorthionscnamh geografach an táirge, níor cheart iad a chlárú mar thásc geografach.

(42)

Cé go bhfuil difear ó thaobh cineáil agus cuspóra de idir trádmharcanna agus tásca geografacha, ba cheart an gaol eatarthu a shoiléiriú i ndáil leis na critéir maidir le hiarratais ar thrádmharc a dhiúltú, trádmharcanna a neamhbhailíochtú agus cómhaireachtáil trádmharcanna agus tásca geografacha. Ní mór cothromaíocht a bheith idir cosaint tásc geografach agus cosaint trádmharcanna a bhfuil clú acu agus trádmharcanna mór le rá, go háirithe i bhfianaise an chirt bhunúsaigh ar mhaoin mar a leagtar amach in Airteagal 17 den Chairt é chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta. Agus measúnú á dhéanamh ar an ngaol idir tásc geografach agus trádmharc, ba cheart aon leanúnachas maidir le cosaint tásc geografach arna bhunú ag clárú nó úsáid i mBallstát, i gcás ina bhfaigheann an tásc geografach cosaint an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus aon tosaíocht a éilítear i ndáil le hiarratas ar thrádmharc, a chur san áireamh.

(43)

Bíonn ról fíor-riachtanach ag grúpaí táirgeoirí sa phróiseas iarratais chun tásca geografacha a chlárú, agus i nósanna imeachta maidir le sonraíocht an táirge a leasú agus maidir le cealú an chláraithe freisin. Ba cheart a chur ar a gcumas dóibh saintréithe sonracha a dtáirgí a shainaithint, agus a mhargú ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, ba cheart ról grúpaí táirgeoirí a shonrú.

(44)

Clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil cód tíre arna mbunú san Aontas lena dtairgtear nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí chun díospóidí a bhaineann le clárú ainmneacha fearainn a réiteach, ba cheart a áirithiú leo go gcumhdaítear tásca geografacha leis na nósanna imeachta sin freisin. Tar éis nós imeachta malartach iomchuí um réiteach díospóidí nó nós imeachta breithiúnach, ba cheart clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil a bheith in ann cód tíre atá bunaithe san Aontas ainm fearainn atá cláraithe ag an ngrúpa táirgeoirí ábhartha faoi fhearann barrleibhéil cód tíre a chúlghairm nó a aistriú, i gcás ina sáraíonn clárú an ainm fearainn cosaint tásc geografach, nó i gcás ina bhfuil an t-ainm fearainn á úsáid de mheon mímhacánta, nó i gcás inar chláraigh sealbhóir an t-ainm fearainn gan ceart a bheith ag an sealbhóir sin ar an tásc geografach nó leas dlisteanach a bheith ag an sealbhóir sin ann.

(45)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a indéanta atá sé córas faisnéise agus foláirimh a bhunú in aghaidh tásc geografach ceardaíochta agus tionsclaíoch a úsáid de mheon mímhacánta laistigh den chóras ainmneacha fearainn, agus tuarascáil maidir lena phríomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Bunaithe ar thoradh na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá, togra reachtach a thíolacadh chun an córas sin a bhunú.

(46)

Ós rud é gur rud nua é córas an Aontais le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is tábhachtach feasacht a ardú faoin tionscnamh seo i measc tomhaltóirí, táirgeoirí, go háirithe MFBManna, agus údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Chuige sin, ba cheart na Ballstáit, an Coimisiún, an Oifig agus na páirtithe leasmhara ábhartha a spreagadh chun gníomhaíochtaí fógraíochta a dhéanamh ar bhonn rialta chun feasacht a mhúscailt.

(47)

Siombail, tásc agus giorrúchán an Aontais lena n-sainaithnítear tásca geografacha cláraithe, agus na cearta atá ann a bhaineann leis an Aontas, ba cheart iad a chosaint san Aontas agus i dtríú tíortha chun a áirithiú go n-úsáidtear ar tháirgí barántúla iad agus nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir le saintréithe na dtáirgí.

(48)

Úsáid shiombail, thásc agus ghiorrúchán an Aontais ar phacáistiú táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha arna n-ainmniú le tásc geografach, ba cheart go molfaí an úsáid sin, ar shuíomhanna gréasáin díolacháin freisin, chun go mbeidh tomhaltóirí níos eolaí ar na táirgí sin, agus ar na ráthaíochtaí a ghabhann leo, agus chun go mbeidh sé níos éasca na táirgí sin a shainaithint ar an margadh agus ar an gcaoi sin, seiceálacha a éascú. Ba cheart úsáid shiombail, thásc agus ghiorrúchán an Aontais a bheith deonach i gcónaí i gcás tásca geografacha tríú tír.

(49)

Ar mhaithe le soiléireacht do thomhaltóirí agus chun comhleanúnachas a uasmhéadú le reachtaíocht an Aontais maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, earraí bia, fíonta agus deochanna biotáilleacha, ba cheart siombail an Aontais a úsáidtear ar phacáistíocht táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha arna n-ainmniú le tásc geografach a bheith comhionann leis an tsiombail a bunaíodh faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (14) agus a úsáidtear ar phacáistíocht táirgí talmhaíochta agus earraí bia, fíonta agus deochanna biotáilleacha arna n-ainmniú le tásc geografach.

(50)

Is ar mhuinín na dtomhaltóirí a bhunaítear breisluach táisc gheografaigh. Ní féidir bunús maith a bheith leis an muinín sin ach amháin má tá sásraí um fíorú agus rialú éifeachtacha éifeachtúla ag gabháil le clárú tásc geografach. Ba cheart do shaoránaigh a bheith in ann talamh slán a dhéanamh de go mbeidh córais láidre fíorúcháin agus rialaithe mar chumhdach ag aon scéim tásc geografach, gan beann ar cibé acu an de thionscnamh an Aontais nó tríú tír iad na táirgí.

(51)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil muinín ag tomhaltóirí as saintréithe sonracha táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha arna n-ainmniú le tásc geografach a ráthú do thomhaltóirí, ba cheart do tháirgeoirí a bheith faoi réir córas atá bunaithe ar fhéindearbhú tairgeora lena bhfíorófar go gcomhlíontar an tsonraíocht táirge sula gcuirfear an táirge ar an margadh agus ina dhiaidh. Chun críoch rialuithe, ba cheart do gach Ballstát údaráis inniúla a dhéanfaidh comhlíonadh agus faireachán a ainmniú. Ba cheart é a bheith indéanta údarás inniúil amháin a bheith ainmnithe don chéim náisiúnta agus údarás inniúil difriúil a bheith ainmnithe do na rialuithe, i gcás ina gcinnfidh Ballstát amhlaidh. Ba cheart cead a bheith ag an údarás inniúil faoi seach cúraimí rialaithe áirithe a tharmligean chuig comhlachtaí deimhnithe táirgí nó chuig daoine nádúrtha.

(52)

Ba cheart don táirgeoir an féindearbhú a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil atá freagrach as comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú. Chun chomhlíonadh leanúnach a léiriú, ba cheart an féindearbhú sin a thíolacadh gach 3 bliana. Ba cheart a cheangal ar tháirgeoirí féindearbhú uasdátaithe a thíolacadh láithreach i gcás ina ndéantar leasú ar an tsonraíocht táirge ar leasú de chineál a dhéanfaidh difear don táirge lena mbaineann é. Le fíorú bunaithe ar fhéindearbhú, níor cheart cosc a chur ar tháirgeoirí a thabhairt ar thríú páirtithe a fhíorú gur chomhlíon na táirgeoirí sin an tsonraíocht táirge. Ba cheart gur féidir leis an bhfíorú sin, arna dhéanamh ag tríú páirtí, féindearbhú a fhorlíonadh, ach ní féidir leis an féindearbhú a ionadú.

(53)

Leis an bhféindearbhú, ba cheart an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar don údarás inniúil maidir leis an táirge ionas gur féidir leis an údarás sin a sheiceáil an bhfuil an tsonraíocht táirge á chomhlíonadh ag an táirge. Chun a áirithiú gur faisnéis chuimsitheach í an fhaisnéis a sholáthraítear sa fhéindearbhú, ba cheart struchtúr comhchuibhithe maidir leis na dearbhuithe sin a leagan amach. Ba cheart don táirgeoir freagracht iomlán a ghlacadh as a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhéindearbhú iomlán, comhsheasmhach agus cruinn, agus ba cheart dó a bheith in ann, gan difear a dhéanamh do chosaint feasa gnó agus rún trádála, an fhianaise is gá a sholáthar chun gur féidir an fhaisnéis sin a fhíorú.

(54)

Ar an bhféindearbhú a fháil, ba cheart don údarás inniúil scrúdú a dhéanamh ar an bhféindearbhú lena n-áirítear ar a laghad seiceáil ar iomláine agus ar chomhsheasmhacht an fhéindearbhaithe. Ba cheart neamhréireachtaí follasacha a shoiléiriú agus ba cheart faisnéis atá in easnamh a iarraidh ar an táirgeoir. I gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar san fhéindearbhú iomlán agus comhsheasmhach agus nach bhfuil aon fhorchoimeádais eile aige a bhaineann le comhlíonadh, ba cheart don údarás inniúil deimhniú údarúcháin oifigiúil a eisiúint, nó a athnuachan, chun an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach a tháirgeadh.

(55)

Chun comhlíonadh na sonraíochta táirge a áirithiú agus cruinneas na faisnéise a sholáthraítear san fhéindearbhú a sheiceáil freisin, ba cheart don údarás inniúil, a mhinice is iomchuí, seiceálacha comhréireachta a dhéanamh sa mhargadh lena n-áirítear sa tráchtáil leictreonach, bunaithe ar anailís riosca agus riosca an neamhchomhlíonta á chur san áireamh, lena n-áirítear cleachtais chalaoiseacha nó mheabhlacha.

(56)

I gcás neamhchomhlíonadh na sonraíochta táirge, ba cheart don údarás inniúil bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh na táirgeoirí lena mbaineann an cás ina leigheas agus chun neamhchomhlíonadh breise a chosc.

(57)

Mar mhalairt ar an nós imeachta fíorúcháin bunaithe ar fhéindearbhú, ba cheart ceadú do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta fíorúcháin bunaithe ar fhíorú ar chomhlíonadh údaráis inniúil nó tríú páirtí ainmnithe. Ba cheart a áireamh, sa nós imeachta fíorúcháin sin rialuithe ar an gcomhlíonadh leis an tsonraíocht táirge sula gcuirtear an táirge ar an margadh agus ina dhiaidh sin. Ba cheart cead a bheith ag an údarás inniúil cúraimí rialaithe áirithe a bhaineann le seiceáil a dhéanamh ar an tionscnamh geografach, nó ar phróiseas táirgthe an táirge lena mbaineann, a tharmligean, i gcás inar gá, chuig comhlachtaí deimhnithe táirgí nó chuig daoine nádúrtha.

(58)

Ba cheart caighdeáin Eorpacha (caighdeáin EN) arna bhforbairt ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) a úsáid chun comhlachtaí deimhnithe táirgí a chreidiúnú agus ba cheart do na comhlachtaí sin iad a úsáid le haghaidh a n-oibríochtaí. Ba cheart na comhlachtaí sin a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart do chomhlachtaí deimhnithe táirgí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a léiriú go bhfuil caighdeáin an Aontais nó caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta á gcomhlíonadh acu trí bhíthin deimhniú arna eisiúint ag comhlacht ar sínitheoir aitheanta é de chomhaontú um aitheantas iltaobhach faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin (FIC) nó comhalta de Chomhar Idirnáisiúnta um Chreidiúnú Saotharlainne (CICS). Ba cheart an saineolas, an trealamh, an bonneagar agus na hacmhainní atá de dhíth, a bheith ag daoine nádúrtha chun na cúraimí maidir le rialú arna dtarmligean chucu a dhéanamh. Ba cheart na cáilíochtaí agus an taithí chuí a bheith acu, agus gníomhú go neamhchlaonta agus a bheith saor ó aon choinbhleacht leasa maidir le feidhmiú na gcúraimí i ndáil le rialú arna dtarmligean chucu.

(59)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Oifig faisnéis faoi na húdaráis inniúla, agus faoi comhlachtaí deimhnithe táirgí agus faoi dhaoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí rialaithe chucu, a chur ar fáil go poiblí chun an trédhearcacht a áirithiú agus chun gur féidir le páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leo.

(60)

Tá faireachán ar úsáid na dtásc geografach sa mhargadh tábhachtach chun cosc a chur ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha agus ar an gcaoi sin, chun a áirithiú go gcúitítear go cuí le táirgeoirí breisluach a dtáirgí lena ngabhann tásc geografach agus chun a áirithiú go gcuirtear cosc ar dhaoine táirgí neamh-chomhlíontacha a dhíol i gcás ina sáraíonn na daoine sin cearta arna n-eascairt as tásc geografach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar an margadh chun aon mhí-úsáid a bhaintear as tásca geografacha a bhrath, agus ba cheart dóibh rialuithe a dhéanamh bunaithe ar anailís riosca. I gcás ina ndéanfar mí-úsáid an táisc gheografaigh a bhrath, ba cheart don údarás inniúil ábhartha na céimeanna riaracháin agus breithiúnacha iomchuí a ghlacadh freisin chun úsáid ainmneacha táirgí nó seirbhísí a chosc nó a stopadh má sháraíonn an úsáid sin cosaint táisc gheografaigh chláraithe, i gcás ina dtáirgtear nó ina margaítear na táirgí sin nó ina soláthraítear nó ina margaítear na seirbhísí sin, ar a gcríoch. Ba cheart go bhféadfadh na húdaráis sin a bheith mar an gcéanna leis na húdaráis arna n-ainmniú chun comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú. Ba cheart go bhféadfadh údaráis a dhéanann rialuithe táirge nó rialuithe sa mhargadh i gcomhthéacs eile, mar shampla rialuithe custaim, faireachas margaidh nó forfheidhmiú an dlí, an faireachán sin a dhéanamh.

(61)

Tá na bearta, na nósanna imeachta agus na réitigh a leagtar amach i dTreoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) infheidhme maidir le haon sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear cearta a bhaineann le tásca geografacha. Ina theannta sin, leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le gníomhaíocht a bheith á déanamh ag na húdaráis chustaim i gcás ina bhfuil, nó inar cheart go mbeadh, earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraítear ceart maoine intleachtúla leo, lena n-áirítear ceart a bhaineann le tásca geografacha, faoi réir maoirseacht custaim nó rialuithe custaim laistigh de chríoch chustaim an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) cúraimí agus gníomhaíochtaí na hOifige a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear comhar a chothú le húdaráis ábhartha de chuid na mBallstát agus idir na húdaráis sin.

(62)

Ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach go bhféadann táirgeoirí a léiriú go tapa agus go héasca go bhfuil siad údaraithe chun ainm faoi chosaint a úsáid mar thásc geografach, mar shampla i gcomhthéacs rialuithe custaim nó cigireachtaí margaidh, nó arna iarraidh sin do chomhpháirtithe gnó nó tomhaltóirí. Chuige sin, ba cheart dóibh deimhniú údarúcháin oifigiúil a úsáid chun an táirge arna ainmniú le tásc geografach, arna chur ar fáil dóibh, a tháirgeadh.

(63)

Ós rud é go leanann an córas rialaithe a leagtar síos sa Rialachán seo cur chuige poiblí-príobháideach, ba cheart do na táirgeoirí féin rannchuidiú le cosaint na dtásc geografach. Ba cheart dóibh seiceálacha a dhéanamh maidir le comhlíonadh chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht táirge, lena ngabhann, de réir mar is infheidhme, trí sheiceálacha inmheánacha ar chomhlíonadh a dhéanamh, arna mbainistiú agus arna n-eagrú ag na grúpaí táirgeoirí ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart táirgeoirí a spreagadh chun tacú le húdaráis phoiblí chun faireachán a dhéanamh ar úsáid tásc geografach sa mhargadh. Ba cheart táirgeoirí a spreagadh freisin chun fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi aon chásanna neamhchomhlíonta nó sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

(64)

Chun cosaint tásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a neartú agus chun góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart faoin Rialachán seo feidhm a bheith ag an gcosaint maidir leis an timpeallacht as líne agus ar líne araon, lena n-áirítear ainmneacha fearainn ar an idirlíon. Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as seirbhísí idirmheánacha, go háirithe ardáin ar líne, chun táirgí a dhíol, lena n-áirítear táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach. I ndáil leis sin, faisnéis a bhaineann le fógraíocht, cur chun cinn agus díol earraí a sháraíonn cosaint tásc geografach dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart a mheas gur ábhar neamhdhleathach í de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus ba cheart í a bheith faoi réir oibleagáidí agus beart faoin Rialachán sin.

(65)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha darb aidhm cosc a chur le hiompar calaoiseach ionchasach táirgeoirí táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach, agus daoine a sháraíonn tásca geografacha.

(66)

Ós rud é go bhféadfadh sé gur i níos mó ná Ballstát amháin a thabharfaí na céimeanna táirgthe táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ós rud é go bhféadfadh sé go ndéanfaí táirgí arna dtáirgeadh i mBallstát amháin a dhíol i mBallstát eile, ba cheart cúnamh riaracháin agus comhar idir na Ballstáit a áirithiú chun go mbeidh rialuithe éifeachtúla agus éifeachtacha agus forfheidhmiú ann.

(67)

Is le Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a rialaítear gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive. Ba cheart forálacha áirithe den Rialachán sin a leasú chun comhleanúnachas a áirithiú i ndáil le bunú córais Aontais chun tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Oifig gníomhú mar údarás inniúil an Aontais i leith tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha faoi Ionstraim na Ginéive. Dá bhrí sin, forálacha Rialachán (AE) 2019/1753 is infheidhme maidir le tásca geografacha nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais lena rialaítear an córas chun tásca geografacha maidir le táirgí talmhaíochta a chosaint, ba cheart iad a leasú ionas go mbeidh siad ailínithe leis an Rialachán seo.

(68)

Ar an dóigh chéanna, chun comhleanúnachas i ndáil leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart Rialachán (AE) 2017/1001 a leasú. Na cúraimí a thugtar don Oifig faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann le riarachán agus cur chun cinn tásc geografach, ba cheart iad a chur le liosta cúraimí na hOifige a leagtar amach in Airteagal 151 de Rialachán (AE) 2017/1001.

(69)

Maidir leis na cúraimí a thugtar don Oifig faoin Rialachán seo, ba cheart gur teangacha oifigiúla uile an Aontais iad teangacha oifigiúla na hOifige. Maidir le hiarratais, ba cheart don Oifig, i gcás iarrataí ar leasuithe ar shonraíocht táirge agus iarrataí ar chealú arna dtíolacadh ag iarratasóirí tríú tír, glacadh le haistriúcháin dheimhnithe, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais, de dhoiciméid agus d’fhaisnéis. Ba cheart an deis a bheith ag an Oifig, i gcás inarb iomchuí, meaisínaistriúcháin fíoraithe a úsáid.

(70)

Ba cheart an deis a bheith ag Ballstáit táille a ghearradh chun na costais a bhaineann le bainistiú an chórais cosaint a dhéanamh ar thásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chumhdach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit staid MFBManna a chur san áireamh. Níor cheart don Oifig táille a ghearradh ar iarratais arna dtíolacadh ag údaráis inniúla na mBallstát tar éis tabhairt chun críche chéim náisiúnta an nós imeachta clárúcháin. Mar sin féin, ba cheart don Oifig táille a ghearradh le haghaidh nós imeachta clárúcháin dhírigh, ós rud é go gcruthaíonn an nós imeachta sin níos mó oibre don Oifig ná próiseáil na n-iarratas a scrúdaíodh cheana sa chéim náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart don Oifig táillí a ghearradh ar nósanna imeachta faoin Rialachán seo a bhaineann le tásca geografacha tríú tír agus ar achomhairc.

(71)

Ba cheart go gcumhdódh na táillí nó muirir rialaithe agus fíoraithe na costais, lena n-áirítear na forchostais, arna dtabhú ag na húdaráis inniúla a dhéanann na rialuithe, ach níor cheart dóibh dul thar na costais sin. Ar na forchostais, féadfar costais an eagrúcháin agus na tacaíochta is gá chun na rialuithe a phleanáil agus a chur i gcrích a áireamh agus, i gcás inarb infheidhme, an costas a thagann as úsáid comhlachtaí deimhnithe táirgí nó daoine nádúrtha. Níor cheart aon táille a ghearradh as an bhféindearbhú agus a phróiseáil a chur isteach.

(72)

Ba cheart costais bhunaithe riachtanacha an chórais TF a bheartaítear faoin Rialachán seo, – eadhon an córas digiteach le haghaidh iarratais a chur faoi bhráid na hOifige go leictreonach – clár an Aontais, agus an tairseach dhigiteach, a mhaoiniú ó bharrachas carntha buiséadach na hOifige. Ba cheart na costais oibriúcháin a eascraíonn as na cúraimí a chuirtear ar an Oifig leis an Rialachán seo a chumhdach le buiséad oibríochtúil na hOifige.

(73)

Leis an gcóras digiteach le haghaidh iarratais a chur faoi bhráid na hOifige go leictreonach, ba cheart oifig thosaigh agus cúloifig a áireamh agus ba cheart nasc rianúil a bheith ar fáil mar chuid den chóras ina bhfuil comhéadan agus comhtháthú rianúil le córais TF na n-údarás náisiúnta, le clár an Aontais agus le córas TF EDMI chun Ionstraim na Ginéive a riar. Ba cheart Clár an Aontais a bheith ar aon chuma le Clár an Aontais de thásca geografacha le haghaidh fíonta, earraí bia agus táirgí talmhaíochta agus ba cheart, ar a laghad, na feidhmiúlachtaí céanna a bheith aige.

(74)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: (i) na ceanglais a shonrú a thuilleadh i ndáil le doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas; (ii) ítimí breise a liostú don doiciméadú tionlacain atá le cur isteach; (iii) na critéir don nós imeachta clárúcháin dhírigh a shonrú; (iv) na nósanna imeachta agus na coinníollacha is infheidhme a leagan amach maidir le hiarratais a ullmhú agus iad a thíolacadh chuig an Oifig; (v) ábhar an fhógra achomhairc agus an nós imeachta i ndáil leis an achomharc a thíolacadh agus a scrúdú a shonrú; (vi) ábhar agus foirm chinntí na mBord Achomhairc a shonrú; agus (vii) an fhaisnéis agus na ceanglais i ndáil leis an bhfoirm chaighdéanach don fhéindearbhú a mhodhnú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(75)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas: (i) rialacha a leagan síos a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis atá sa tsonraíocht táirge, i gcás inar gá teorainn mar sin chun iarratais a sheachaint a bheidh róthoirtiúil; (ii) rialacha a leagan síos maidir le foirm na sonraíochta táirge; (iii) formáid agus cur i láthair ar líne na doiciméadachta tionlacain a shonrú; (iv) rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta chun na hiarratais dhíreacha a ullmhú agus a thíolacadh; (v) rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh iarratais a chur faoi bhráid na hOifige agus maidir le foirm na n-iarratas sin, lena n-áirítear i ndáil le hiarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin; (vi) rialacha a leagan síos maidir leis an bhfreasúra a thíolacadh agus lena sonraítear an fhormáid agus cur i láthair ar líne an ráitis freasúra réasúnaithe; (vii) rialacha a leagan síos maidir leis an bhfógra tráchtanna a thíolacadh, agus a fhormáid agus a chur i láthair ar líne a shonrú; (viii) cinntí agus nósanna imeachta i gcásanna ina nglacann an Coimisiún an chumhacht ón Oifig cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas; (ix) rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an nós imeachta maidir leis an iarratas sin, foirm agus cur i láthair iarrata ar leasú Aontais ar an sonraíocht táirge agus maidir leis an nós imeachta, foirm leasuithe caighdeánacha agus cur in iúl na leasuithe sin don Oifig; (x) rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le foirm an phróisis cealaithe, chomh maith le cur i láthair na n-iarrataí ar chealú; (xi) ollstruchtúr TF le haghaidh Chlár an Aontais a leagan amach agus le haghaidh chur i láthair Chlár an Aontais; (xii) formáid agus cur i láthair ar líne sleachta ó Chlár an Aontais a shonrú; (xiii) saintréithe teicniúla shiombail an Aontais agus tásc an Aontais a shonrú mar aon leis na rialacha a bhaineann lena n-úsáid ar tháirgí a mhargaítear faoi thásc geografach cláraithe, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí atá le húsáid; (xiv) nádúr agus cineál na faisnéise a bheidh le malartú a shonrú mar aon leis na modhanna chun faisnéis a mhalartú chun críoch rialuithe; agus (xv) méideanna na dtáillí atá le gearradh ag an Oifig a chinneadh agus na bealaí a ndéanfar iad a íoc nó, i gcás táille ar achomhairc os comhair na mBord Achomhairc, a aisíoc. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(76)

Tá cosaint na dtásc geografach atá ann i láthair na huaire ar an leibhéal náisiúnta bunaithe ar chineálacha éagsúla cur chuige rialála. Agus de bharr dhá chóras chomhthreomhara a bheith ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, bíonn an baol ann go gcuirfear mearbhall ar thomhaltóirí agus táirgeoirí. Trí chreat rialála Aontais a chur in ionad na gcóras náisiúnta cosanta tásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, chruthófaí deimhneacht dhlíthiúil, laghdófaí an t-ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta, d’áiritheofaí iomaíocht chóir idir táirgeoirí na dtáirgí a mbaineann tásca geografacha mar sin leo, chomh maith le costais intuartha agus réasúnta íseal, agus chuirfí le creidiúnacht na dtáirgí i súile na dtomhaltóirí. Chuige sin, ba cheart deireadh teacht le córais náisiúnta chosanta na dtásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha 12 mhí tar éis dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart go bhféadfaí síneadh ama a chur leis an gcosaint a dheonaítear faoi na córais náisiúnta sin go dtí go dtabharfar clárú na dtásc geografach náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit lena mbaineann i gcrích. Tá tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha cláraithe ag roinnt Ballstát, go háirithe iad sin ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin maidir le hAinmniúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus maidir lena gClárú go hIdirnáisiúnta, faoin gComhaontú sin. Tá cosaint deonaithe acu freisin, faoin gComhaontú sin, do thásca geografacha tríú tír. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1753 a leasú ionas go mbeifear in ann leanúint de chosaint a thabhairt do na tásca geografacha sin.

(77)

Ós rud é go bhfuil gá le tréimhse ama chun a áirithiú go bhfuil an creat d’fheidhmiú cuí an Rialacháin seo i bhfeidhm chun córas de chuid an Aontais agus córas idirnáisiúnta a chruthú a dhéanfaidh cosaint ar thásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tar éis do thréimhse réasúnta dul in éag tar éis a ghlactha. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe i ndáil leis an maolú ón gcéim náisiúnta, i ndáil leis an mBord Comhairleach, bunú an chórais TF agus tarmligean cumhachtaí chuig an gCoimisiún ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(78)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, lena n-áirítear an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil.

(79)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin cruthú córais de chuid an Aontais chun tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(80)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 2 Meitheamh 2022 (23),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

clárú agus cosaint tásc geografach lena n-ainmnítear táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a mbaineann cáilíocht áirithe, clú nó saintréith eile leo atá bainteach lena dtionscnamh geografach agus rialuithe i ndáil leis na tásca geografacha sin; agus

(b)

tásca geografacha a iontráladh sa chlár idirnáisiúnta arna bhunú faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (‘Ionstraim na Ginéive’) arna riar ag an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI).

Airteagal 2

Cuspóirí

Bunaítear leis an Rialachán seo córas Aontais chun tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint, go háirithe trí fhorálacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na cúraimí, na cearta agus na freagrachtaí is gá do tháirgeoirí chun tásca geografacha a bhainistiú, lena n-áirítear mar fhreagairt d’éilimh shochaíocha ar tháirgí inbhuanaithe;

(b)

clárú simplí éifeachtúil na dtásc geografach agus cosaint iomchuí na gceart maoine intleachtúla á cur san áireamh;

(c)

breisluach a ghiniúint trí rannchuidiú le hiomaíocht chóir sa mhargadh;

(d)

faisnéis iontaofa agus ráthaíocht maidir le barántúlacht táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach don tomhaltóir;

(e)

rialuithe éifeachtacha agus forfheidhmiú éifeachtach i ndáil le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus an margú le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha ar fud an Aontais, lena n-áirítear sa ríomhthráchtáil agus, ag an am céanna, sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú;

(f)

forbairt eacnamaíoch áitiúil lena rannchuidítear le fios gnó agus comhoidhreacht a chosaint.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí talmhaíochta nó earraí bia dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, maidir le fíonta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ná le deochanna biotáilleacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/787.

3.   Faoin Rialachán seo, tá clárú agus cosaint tásc geografach gan dochar don oibleagáid atá ar tháirgeoirí dlí de chuid an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe maidir le táirgí a chur ar an margadh, lipéadú táirgí, sábháilteacht táirgí, cosaint tomhaltóirí agus faireachas margaidh.

4.   Níl feidhm ag Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) maidir leis na tásca geografacha a chosnaítear faoin Rialachán seo.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha’ táirgí:

(a)

a tháirgtear go hiomlán de láimh nó le cabhair ó uirlisí láimhe nó digiteacha, nó trí mhodhanna meicniúla, i gcás inarb é an rannchuidiú de láimh comhpháirt thábhachtach den táirge críochnaithe; nó

(b)

a tháirgtear ar bhealach caighdeánaithe, lena n-áirítear táirgeadh srathach agus trí mheaisíní a úsáid;

(2)

ciallaíonn ‘táirgeoir’ oibreoir atá ag gabháil do chéim tháirgthe amháin nó níos mó le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha;

(3)

ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí’ aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil den chuid is mó táirgeoirí a bhíonn ag obair leis an táirge céanna;

(4)

ciallaíonn ‘céim tháirgthe’ aon chéim den táirgeadh, lena n-áirítear monarú, próiseáil, fáil, eastóscadh, gearradh nó ullmhú, go dtí an pointe ag a mbíonn an táirge i bhfoirm a fhágann gur féidir é a chur ar an margadh;

(5)

ciallaíonn ‘traidisiúnta’, i ndáil le táirge de thionscnamh limistéir gheografaigh, go bhfuil cruthúnas ann gur bhain táirgeoirí ó phobal úsáid, san am a chuaigh thart, as táirge ar feadh tréimhse a fhéadtar an úsáid sin a tharchur ó ghlúin go glúin;

(6)

ciallaíonn ‘téarma cineálach’:

(a)

ainm táirge, agus cé go mbaineann sé leis an áit, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb é an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois é;

(b)

téarma coiteann san Aontas a chuireann síos ar chineál an táirge nó ar airíonna an táirge; nó

(c)

téarma nach dtagraíonn do tháirge ar leith;

(7)

ciallaíonn ‘comhlacht deimhnithe táirgí’ comhlacht, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, dá dtugtar an cúram a dheimhniú go gcomhlíonann táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach an tsonraíocht táirge;

(8)

ciallaíonn ‘féindearbhú’ doiciméad i bhfoirm chomhchuibhithe, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, ina léiríonn táirgeoirí, nó ionadaí údaraithe ar féidir leis ionadaíocht a dhéanamh dóibh, ar a bhfreagracht aonair go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach agus go ndearnadh na rialuithe agus na seiceálacha uile is gá chun comhréireacht a chinneadh mar is ceart chun an úsáid dhleathach an táisc gheografaigh a léiriú d’údaráis inniúla na mBallstát;

(9)

ciallaíonn ‘an Oifig’ Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) 2017/1001;

(10)

ciallaíonn ‘fógra tráchtanna’ nóta i scríbhinn arna thaisceadh leis an Oifig lena léirítear míchruinnis san iarratas gan nós imeachta freasúra a thionscnamh;

(11)

ciallaíonn ‘cosaint shonrach náisiúnta maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha’ teideal maoine intleachtúla faoin dlí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil lena gcosnaítear go sonrach na hainmneacha lena n-aithnítear táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a mbaineann cáilíocht áirithe, clú nó saintréith eile leo atá bainteach lena dtionscnamh geografach, cé is moite de thrádmharcanna.

Airteagal 5

Cosaint sonraí

1.   Measfar gur rialaitheoirí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 iad an Coimisiún agus an Oifig i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Measfar gur rialaitheoirí de réir bhrí Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 iad údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le tásc geografach

1.   Chun go gcáileoidh ainm táirge ceardaíochta nó tionsclaíoch do chosaint mar thásc geografach, comhlíonfaidh an táirge na ceanglais seo a leanas:

(a)

gur de thionscnamh áite, réigiúin nó tíre ar leith é an táirge;

(b)

go bhfuil cáilíocht an táirge, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(c)

go dtarlaíonn ar a laghad ceann amháin de chéimeanna táirgthe an táirge sa limistéar geografach sainithe.

2.   Eisiafar táirgí atá contrártha leis an mbeartas poiblí ó chosaint tásc geografach.

TEIDEAL II

TÁSCA GEOGRAFACHA A CHLÁRÚ

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 7

An nós imeachta clárúcháin

1.   Beidh dhá chéim sa nós imeachta clárúcháin. Tarlóidh an chéad chéim ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 12 go 16. Tarlóidh an dara céim ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 21 go 30.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit maolú a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 19, ar chéim náisiúnta an nós imeachta clárúcháin. I gcásanna den sórt sin, cuirfear iarratais ar chlárú go díreach faoi bhráid na hOifige.

3.   Coinneofar aon ualach riaracháin a bhaineann leis an nós imeachta clárúcháin chomh híseal agus is féidir.

Airteagal 8

Iarratasóir

1.   Déanfaidh grúpa táirgeoirí iarratas ar chlárú táisc gheografaigh (‘iarratas’) a thíolacadh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, measfar táirgeoir aonair a bheith ina iarratasóir i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a thíolacadh; agus

(b)

is trí chuid ar leith de chríoch a shainítear an limistéar geografach lena mbaineann gan tagairt do theorainneacha maoine agus tá saintréithe ag an gcuid sin den chríoch atá éagsúil go suntasach le saintréithe na limistéar geografach comharsanachta nó tá saintréithe an táirge éagsúil le saintréithe na dtáirgí a tháirgtear i limistéir gheografacha chomharsanachta.

3.   Beidh cead ag eintitis áitiúla nó réigiúnacha an Bhallstáit óna dtionscnaíonn an grúpa táirgeoirí nó an táirgeoir aonair cúnamh a chur ar fáil agus an t-iarratas á ullmhú agus sa nós imeachta gaolmhar.

4.   Féadfar údarás áitiúil nó réigiúnach nach ceann de na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus Airteagal50(1) é, arna ainmniú ag Ballstát, nó eintiteas príobháideach arna ainmniú ag Ballstát, a mheas mar iarratasóir de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo. Luafar san iarratas na cúiseanna atá leis an ainmniú sin.

5.   I gcás táirge a thionscnaítear i limistéar geografach trasteorann, féadfaidh roinnt iarratasóirí as Ballstáit éagsúla, as Ballstáit agus tríú tíortha, nó as tríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú táisc gheografaigh a thaisceadh le haghaidh táirge den sórt sin.

Airteagal 9

Sonraíocht táirge

1.   Chun go gcosnófar ainm táirge ceardaíochta agus thionsclaíoch mar thásc geografach, comhlíonfaidh an táirge lena mbaineann an tsonraíocht táirge lena léireofar gur comhlíonadh ceanglais uile Airteagal 6(1). Beidh an tsonraíocht táirge oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus léireofar inti na céimeanna táirgthe atáthar a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

Áireofar an méid seo a leanas sa tsonraíocht táirge:

(a)

an t-ainm atá le cosaint mar thásc geografach, a fhéadfaidh a bheith ina ainm geografach a thugtar ar an áit ina dtáirgtear táirge nó ina ainm a úsáidtear le linn trádála nó sa ghnáthchaint chun tuairisc a thabhairt ar an táirge nó chun tagairt a dhéanamh dó sa limistéar geografach sainithe;

(b)

an cineál táirge;

(c)

tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar na hamhábhair;

(d)

sonraíocht an limistéir gheografaigh shainithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), agus faisnéis lena suitear an nasc idir an limistéar geografach agus cáilíocht áirithe, an clú nó saintréith eile de chuid an táirge dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b);

(e)

fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe a shonraítear in Airteagal 6(1), pointí (a) agus (c), an táirge, lena n-áirítear trí na céimeanna táirgthe a dhéantar sa limistéar geografach sainithe sin a lua;

(f)

tuairisc ar na modhanna táirgthe agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna traidisiúnta agus na cleachtais shonracha arna n-úsáid;

(g)

faisnéis maidir le pacáistiú, i gcás ina gcinnfidh an t-iarratasóir nach mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe, agus sa chás sin tabharfaidh an t-iarratasóir bonn cirt leordhóthanach atá sonrach don táirge maidir leis an bhfáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sin;

(h)

aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge;

(i)

tásc aon chéime táirgthe aonair, ar céim í sin a dhéanann táirgeoir amháin nó níos mó i mBallstát nó i dtríú tír nach é an Ballstát nó an tríú tír dar tionscnamh ainm an táirge, agus aon fhorálacha sonracha maidir le comhlíonadh a fhíorú i ndáil leis sin;

(j)

ceanglais eile a ndéanann na Ballstáit nó grúpa táirgeoirí foráil maidir leo, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha lena dteorannaítear an fhaisnéis atá sa tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá teorannú den sórt sin chun líon iomarcach iarratas a sheachaint, agus lena leagtar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta táirge. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 10

Doiciméad aonair

1.   Déanfar an doiciméad aonair atá san iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(2), pointe (b), a tharraingt suas trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn II. An fhaisnéis seo a leanas a bheidh inti:

(a)

an t-ainm atá le cosaint mar thásc geografach;

(b)

an cineál táirge;

(c)

tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le pacáistiú agus lipéadú,

(d)

sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach;

(e)

tuairisc ar an nasc idir an táirge agus an limistéar geografach sainithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na heilimintí sonracha den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe atá ina n-údar leis an nasc sin.

2.   I gcás inar micrifhiontair, fiontair bheag nó mheánmhéide (MFBM) an t-iarratasóir, nó inar grúpa táirgeoirí nach gcomhdhéantar ach de MFBManna é, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 12(1), as a dtagann an grúpa táirgeoirí nó an táirgeoir aonair iarracht cúnamh a thabhairt, arna iarraidh sin don iarratasóir agus gan dochar don chinneadh maidir leis an iarratas, agus an doiciméad aonair á ullmhú i gcomhréir lena chleachtas riaracháin.

I gcás iarratais trasteorann, measfar gur údarás inniúil de réir bhrí na chéad fhomhíre é údarás inniúil aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát an nós imeachta clárúcháin dhírigh dá dtagraítear in Airteagal 20 a úsáid, féachfaidh an Oifig, i ndlúthchomhar leis an bpointe teagmhála aonair arna cheapadh de bhun Airteagal 19(5), le cúnamh a thabhairt don iarratasóir an doiciméad aonair a ullmhú.

Aon chúnamh a tabharfaidh údaráis nó an Oifig faoin mír seo, beidh sé gan dochar dofhreagracht an iarratasóra as an doiciméad aonair.

Airteagal 11

Doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas

1.   Beidh na nithe seo a leanas sa doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas (‘na doiciméid a ghabhann leis’):

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 50(1) agus, i gcás inarb infheidhme, comhlacht deimhnithe táirgí nó an duine nádúrtha atá ag fíorú an chomhlíonta le sonraíocht an táirge dá dtagraítear in Airteagal 51(5), pointe (b), Airteagal 52(1), pointe (b), agus Airteagal 53, pointe (b);

(c)

faisnéis faoi aon srian ar úsáid nó ar chosaint an táisc gheografaigh agus, i gcás inarb ábhartha, aon bhearta idirthréimhseacha, arna moladh ag an iarratasóir nó ag an údarás inniúil náisiúnta tar éis don údarás inniúil an t-iarratas agus aon fhreasúra a ghrinnscrúdú;

(d)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát nó an t-iarratasóir a bheith iomchuí.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 69, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 69, chun an Rialachán seo a leasú tríd na hítimí breise atá le soláthar sa doiciméadacht a ghabhann le clárú a liostú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid agus cur i láthair ar líne na doiciméadachta tionlacain. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Caibidil 2

An chéim náisiúnta

Roinn 1

Nósanna imeachta ar an leibhéal náisiúnta

Airteagal 12

An t-údarás inniúil a ainmniú

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo nó d’Airteagal 19, déanfaidh gach Ballstát údarás inniúil a ainmniú don chéim náisiúnta den nós imeachta maidir le tásca geografacha a chlárú le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

Beidh an t-údarás inniúil sin freagrach freisin as céim náisiúnta na nósanna imeachta maidir le leasú ar shonraíocht an táirge nó as an gclárú a chealú.

2.   Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó comhaontú go bhfuil an t-údarás inniúil i gceann amháin acu le bheith freagrach as céim náisiúnta na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear an t-iarratas a chur faoi bhráid na hOifige, rud a dhéanfar freisin thar ceann an Bhallstáit eile nó thar ceann na mBallstát.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Coimisiún agus don Oifig faoin 1 Nollaig 2025 ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, arna n-ainmniú faoi mhír 1, agus coimeádfaidh siad an t-eolas sin cothrom le dáta. Cuirfidh siad an Coimisiún agus an Oifig ar an eolas, faoin dáta céanna, i gcás ina gcinnfidh siad dul i gcomhar le chéile ar bhonn buan maidir le céim náisiúnta na nósanna imeachta, mar a fhoráiltear dó i mír 2.

Airteagal 13

Tíolacadh an iarratais

1.   Gan dochar d’Airteagal 12(2) agus Airteagal 20(1), cuirfear iarratas ar chlárú thásc geografach táirge de thionscnamh an Aontais faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an táirge i dtrácht.

2.   Beidh an méid a leanas san iarratas:

(a)

an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 10; agus

(c)

an doiciméadacht a ghabhann leis dá dtagraítear in Airteagal 11.

3.   Ceadóidh an t-údarás inniúil d’iarratasóirí a n-iarratais a chur isteach go leictreonach.

Airteagal 14

Scrúdú an údaráis inniúil ar an iarratas

1.   Scrúdóidh an t-údarás inniúil an t-iarratas trí bhíthin sásraí éifeachtacha trédhearcacha lena fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 8 agus go soláthraítear ann an fhaisnéis is gá dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 11.

2.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán nó mícheart, tabharfaidh sé deis don iarratasóir an t-iarratas sin a chomhlánú nó a cheartú laistigh de theorainn ama shocraithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, nach gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 8 nó nach soláthraítear ann an fhaisnéis is gá dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 11, diúltóidh sé don iarratas. Murach sin, rachaidh sé ar aghaidh leis an nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 15

Nós imeachta freasúra náisiúnta

1.   Tar éis an scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a thabhairt chun críche, seolfaidh an t-údarás inniúil nós imeachta náisiúnta freasúra. Leis an nós imeachta sin, déanfar foráil chun go bhfoilseofar an t-iarratas agus ar feadh tréimhse 2 mhí ar a laghad ó dháta foilsithe an iarratais ar lena linn a fhéadfaidh aon duine a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí sa Bhallstáit atá i gceannas ar chéim náisiúnta an chláraithe nó sna Ballstáit as a dtagann an táirge lena mbaineann (‘freasúróir náisiúnta’) freasúra i gcoinne an iarratais a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Bunóidh na Ballstáit na socruithe mionsonraithe do nós imeachta freasúra den sórt sin.

2.   I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil an freasúra inghlactha, tabharfaidh sí cuireadh don fhreasúróir náisiúnta agus don iarratasóir, laistigh de 2 mhí tar éis an freasúra sin a fháil, dul i mbun comhairliúcháin ar feadh tréimhse réasúnach nach faide ná 3 mhí. Aon tráth le linn na tréimhse sin, féadfaidh an t-údarás inniúil, ar iarraidh ón bhfreasúróir náisiúnta agus ón iarratasóir, síneadh nach faide ná 3 mhí a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an t-iarratasóir in iúl do na húdaráis inniúla toradh an chomhairliúcháin sin, lena n-áirítear aon mhodhnuithe arna gcomhaontú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an iarratas.

3.   Beidh freasúra bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a)

nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe na ceanglais maidir le cosaint a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

go mbeadh sé contrártha d’Airteagal 42 nó 43, nó Airteagal 44(2) an tásc geografach atá molta a chlárú; nó

(c)

go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá molta dochar do bheithsine ainm atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt a úsáidtear i gcúrsa trádála nó trádmhairc, nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 16

Cinneadh ag an gcéim náisiúnta

1.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarratas agus measúnú a dhéanamh ar thoradh an nós imeachta freasúra, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon mhodhnuithe arna gcomhaontú ar an iarratas, go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh, déanfaidh sé cinneadh fabhrach gan moill mhíchuí agus cuirfidh sé an t-iarratas faoi bhráid na hOifige, i gcomhréir le hAirteagal 22(1). I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh, diúltóidh sé don iarratas.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil a chinneadh ar fáil go poiblí. Foilseoidh sé go leictreonach an tsonraíocht táirge ar a bhfuil an cinneadh fabhrach uaidh bunaithe.

3.   Beidh sé de cheart ag aon pháirtí ag a bhfuil leas dlisteanach achomharc a thaisceadh i gcoinne an chinnidh a rinneadh faoi mhír 1.

Airteagal 17

Éifeachtúlacht nósanna imeachta

I ndáil le hAirteagail 14, 15 agus 16, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta riaracháin éifeachtúla intuartha gasta. Beidh faisnéis faoi na nósanna imeachta sin, lena n-áirítear aon spriocdhátaí is infheidhme agus fad iomlán na nósanna imeachta, ar fáil go poiblí. Comhoibreoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Oifig laistigh den Bhord Comhairleach arna bhunú de bhun Airteagal 35 (‘an Bord Comhairleach’) chun dea-chleachtais a roinnt d’fhonn éifeachtúlacht na nósanna imeachta sin a chur chun cinn.

Airteagal 18

Cosaint náisiúnta shealadach

1.   Féadfaidh Ballstát cosaint náisiúnta shealadach a bhronnadh ar thásc geografach, le héifeacht ón dáta a chuirtear an t-iarratas faoi bhráid na hOifige.

2.   Tiocfaidh deireadh leis an gcosaint náisiúnta shealadach ar an dáta a nglacfar cinneadh maidir leis an iarratas nó an dáta a dtarraingeofar siar an t-iarratas.

3.   I gcás nach bhfuil tásc geografach cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí na cosanta idirthréimhsí náisiúnta sin.

4.   Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí a eascraíonn as na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Ní bheidh aon éifeacht ag na bearta sin ar an margadh inmheánach ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

Roinn 2

Maolú agus clárú díreach

Airteagal 19

Maolú ar an gcéim náisiúnta

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún maolú a dheonú do Bhallstát ón oibleagáid, a leagtar síos i Roinn 1, údarás inniúil a ainmniú agus iarratais a phróiseáil ar an leibhéal náisiúnta, i gcás ina ndéanfaidh an Ballstát faoin 30 Samhain 2024, an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún:

(a)

fianaise nach bhfuil cosaint shonrach náisiúnta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha; agus

(b)

iarraidh ar an maolú sin agus measúnú ag gabháil leis lena léirítear gur íseal an leas áitiúil maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint.

2.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát sula nglacfaidh sé cinneadh maidir leis an maolú dá dtagraítear i mír 1.

3.   Féadfaidh Ballstát ar deonaíodh maolú dó i gcomhréir le mír 1 a chur in iúl don Choimisiún i scríbhinn gur chinn sé gan leas a bhaint as an maolú sin a thuilleadh agus go bhfuil cinneadh déanta aige údarás inniúil a ainmniú chun críocha chéim náisiúnta an nós imeachta clárúcháin. Maidir le cinneadh a dhéanfaidh Ballstát scor de leas a bhaint as an maolú, ní dhéanfaidh sé difear d’aon nósanna imeachta clárúcháin atá ar siúl faoi láthair.

4.   Má théann líon na n-iarratas díreach arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 ag iarratasóirí ó Bhallstát dár deonaíodh maolú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, má théann sé go substaintiúil thar an meastachán a tugadh sa mheasúnú a chuir an Ballstát isteach de bhun na míre sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an maolú sin a tharraingt siar.

5.   Déanfaidh Ballstát ar deonaíodh maolú dó pointe teagmhála aonair i gcomhréir le mír 1 a cheapadh maidir le haon saincheisteanna teicniúla a bhaineann le táirgí agus iarratais agus cuirfidh sé a shonraí teagmhála ar fáil don Choimisiún agus don Oifig. Beidh an pointe teagmhála aonair sin neamhspleách ar na hiarratasóirí agus neamhchlaonta.

6.   Ní bheidh Ballstát dár deonaíodh maolú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 49 go 62.

Airteagal 20

Clárú díreach

1.   I gcás inar deonaíodh maolú do Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 19(1), déanfar aon iarratas (‘iarratas díreach’), iarraidh ar leasú ar an tsonraíocht táirge nó iarraidh ar chealú arna tíolacadh ag iarratasóir de chuid an Bhallstáit sin i ndáil le táirge de thionscnamh an Aontais, a thíolacadh go díreach chuig an Oifig.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 14, Airteagal 16(2), Airteagal 23(1), (2) agus (4) go (7) agus Airteagail 25 go 33, mutatis mutandis, ar an nós imeachta clárúcháin dhírigh dá dtagraítear san Airteagal seo.

3.   Sa nós imeachta clárúcháin dhírigh, féadfaidh aon duine a bhfuil leas dlisteanach aige, lena n-áirítear freasúraí náisiúnta, freasúra a thaisceadh leis an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 25.

4.   Déanfaidh an Oifig cumarsáid leis an iarratasóir agus leis an bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 19(5) maidir le haon saincheisteanna teicniúla a bhaineann leis an iarratas díreach.

5.   Laistigh de 2 mhí tar éis iarraidh a bheith curtha isteach ag an Oifig, cuirfidh an Ballstát cúnamh ar fáil, tríd an bpointe teagmhála aonair, go háirithe maidir leis na hiarratais dhíreacha a scrúdú. Arna iarraidh sin don Bhallstát, féadfar síneadh 2 mhí a chur leis an teorainn ama. Áireofar ar an gcúnamh sin scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe sonracha áirithe na hiarratais dhíreacha arna dtaisceadh leis an Oifig, faisnéis sna hiarratais dhíreacha a fhíorú, dearbhuithe a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a eisiúint agus freagra a thabhairt ar iarrataí eile ar shoiléiriú arna ndéanamh ag an Oifig i ndáil leis na hiarratais sin.

6.   Mura gcuirfidh an Ballstát cúnamh ar fáil, tríd an bpointe teagmhála aonair, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, cuirfear an nós imeachta clárúcháin ar fionraí go ceann suas le sé mhí. I gcás nach gcuirfear an cúnamh ar fáil laistigh den tréimhse sin, rachaidh an Rannóg um Thásca Geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha arna bhunú de bhun Airteagal 34 (‘an Rannóg um Thásca Geografacha’) i gcomhairle leis an mBord Comhairleach sula ndéanfaidh siad cinneadh deiridh ar an iarratas.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiarratais ar thásca geografacha a chlárú i dtaca le táirgí de thionscnamh tríú tír (‘tásca geografacha tríú tír’).

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 69 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú maidir leis an nós imeachta clárúcháin dhírigh.

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lenar leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta i ndáil le hiarratais dhíreacha a ullmhú agus a chur isteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Caibidil 3

Nósanna imeachta ar leibhéal an Aontais agus cúraimí na hOifige

Roinn 1

Na nósanna imeachta ar leibhéal an Aontais

Airteagal 21

Clárú

Le nósanna imeachta clárúcháin ar leibhéal an Aontais, cumhdófar an méid seo a leanas:

(a)

céim an Aontais den nós imeachta clárúcháin maidir le hiarratas arna chur isteach ag údarás inniúil Ballstáit tar éis do chinneadh fabhrach a bheith déanta maidir leis an iarratas ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 16(1);

(b)

an nós imeachta clárúcháin maidir le hiarratas díreach arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 20; agus

(c)

an nós imeachta clárúcháin maidir le hiarratas ar chlárú táisc gheografaigh tríú tír, cé is moite de thásca geografacha atá faoi chosaint san Aontas faoi Ionstraim na Ginéive, nó faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann.

Airteagal 22

Iarratais a chur faoi bhráid na hOifige

1.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (a), is é údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chuirfidh an t-iarratas faoi bhráid na hOifige. Sna cásanna sin, beidh an méid seo a leanas san iarratas:

(a)

an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 10;

(b)

an doiciméadacht a ghabhann leis dá dtagraítear in Airteagal 11;

(c)

dearbhú ón údarás inniúil ar cuireadh an t-iarratas faoina bhráid ar dtús, ina ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha maidir le clárú faoin Rialachán seo;

(d)

tagairt don tsonraíocht táirge a fhoilseofar go leictreonach i gcomhréir le Airteagal 16(2).

2.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (b), cuirfidh an t-iarratasóir iarratas díreach faoi bhráid na hOifige.

Sna cásanna sin, beidh an méid a leanas san iarratas:

(a)

an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 10;

(c)

an doiciméadacht a ghabhann leis dá dtagraítear in Airteagal 11.

3.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (c), is é an t-iarratasóir a chuirfidh iarratas ar thásc geografach tríú tír a chlárú go díreach faoi bhráid na hOifige nó is é údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann a dhéanfaidh sin, de réir mar is infheidhme faoi dhlí an tríú tír. Measfar gur páirtithe sa nós imeachta clárúcháin iad an t-iarratasóir agus údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann.

Sna cásanna sin, beidh an méid a leanas san iarratas:

(a)

an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 10;

(c)

an doiciméadacht a ghabhann leis dá dtagraítear in Airteagal 11;

(d)

cruthúnas dlíthiúil ar an gcosaint tásc geografach sa tríú tír tionscnaimh;

(e)

cruthúnas cumhachta aturnae i gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht ar an iarratasóir.

4.   I gcás ina dtíolacfar iarratas comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 8(5), is ceann acu seo a leanas a chuirfidh an t-iarratas faoi bhráid na hOifige:

(a)

údarás inniúil ceann de na Ballstáit lena mbaineann, i gcás ina bhfuil an limistéar geografach trasteorann lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin;

(b)

údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás ina bhfuil an limistéar geografach trasteorann lonnaithe i mBallstát agus i dtríú tír araon;

(c)

an t-iarratasóir tríú tír, nó údarás inniúil ceann amháin de na tríú tíortha lena mbaineann, i gcás ina bhfuil an limistéar geografach trasteorann lonnaithe i níos mó ná tríú tír amháin.

5.   Áireofar in iarratas comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 8(5), de réir mar is infheidhme, na doiciméid a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, ó na Ballstáit nó ó na tríú tíortha lena mbaineann. Cuirfear céim náisiúnta ghaolmhar an nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagail 14, 15 agus 16 i gcrích sna Ballstáit go léir lena mbaineann, ach amháin i gcás ina mbeidh Airteagal 12(2) i bhfeidhm.

6.   Cuirfear iarratais isteach go leictreonach, trí úsáid a bhaint as córas digiteach le haghaidh iarratais a chur faoi bhráid na hOifige go leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 67.

7.   Tar éis di iarratas a fháil, foilseoidh an Oifig é i gClár an Aontais um thásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha (‘clár an Aontais’) dá dtagraítear in Airteagal 37. Coimeádfar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo cothrom le dáta.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 69 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nósanna imeachta agus na coinníollacha is infheidhme a maidir le hiarratais a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid na hOifige a leagan amach.

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis nósanna imeachta le haghaidh iarratas chuig an Oifig, agus maidir le foirm agus cur i láthair na n-iarratas agus iad á gcur faoi bhráid na hOifige, lena n-áirítear maidir le hiarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 23

Scrúdú ar an iarratas agus foilsiú chun críoch freasúra

1.   Scrúdóidh an Oifig iarratas arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 22, laistigh den Rannóg um Thásca Geografacha. Seiceálfaidh an Oifig an méid seo a leanas:

(a)

nach bhfuil aon earráidí follasacha ann;

(b)

go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar de bhun Airteagal 22(1), (2) nó (3), de réir mar is infheidhme, iomlán; agus

(c)

go mbeidh an doiciméad aonair beacht agus de chineál teicniúil agus i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Leis an scrúdú arna dhéanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cuirfear san áireamh toradh chéim náisiúnta an nós imeachta clárúcháin sa Bhallstát lena mbaineann, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 20.

3.   Déanfar an scrúdú dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thréimhse 6 mhí óna bhfaightear an t-iarratas. I gcás inar faide ná sé mhí an tréimhse sin nó inar dócha gur faide ná sé mhí í, cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna atá leis an moill.

4.   Féadfaidh an Oifig faisnéis bhreise a lorg ó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann. Más iarratasóir ó thríú tír a thíolaic an t-iarratas nó údarás inniúil ó thríú tír, cuirfidh an t-iarratasóir sin nó an t-údarás inniúil sin faisnéis fhorlíontach ar fáil i gcás ina n-iarrfaidh an Oifig air déanamh amhlaidh.

5.   I gcás ina rachaidh an Rannóg um Thásca Geografacha i gcomhairle leis an mBord Comhairleach, tabharfar fógra faoin méid sin don iarratasóir agus cuirfear an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 ar fionraí.

6.   I gcás go measann an Oifig, i bhfianaise an scrúdaithe arna dhéanamh de bhur mhír 1, go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán nó mícheart, cuirfidh an Oifig a barúlacha ar aghaidh chuig údarás inniúil an Bhallstáit nó, i gcás iarratais ó thríú tír, chuig an iarratasóir nó chuig an údarás inniúil a sheol an t-iarratas chuig an Oifig, agus iarrfaidh sí orthu an t-iarratas a chomhlánú nó a cheartú laistigh de dhá mhí. Cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir go ndiúltófar don iarratas mura gcomhlánófar nó mura gceartófar é faoin spriocdháta.

Mura gcomhlánóidh nó mura gceartóidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, nó i gcás iarratais ó thríú tír, an t-iarratasóir nó an t-údarás inniúil lena mbaineann, an t-iarratas roimh an sprioc-am, diúltófar don iarratas, de bhun Airteagal 29(1).

7.   I gcás ina measfaidh an Oifig, mar gheall ar an scrúdú arna dhéanamh de bhun mír 1 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo comhlíonta, foilseoidh sé, chun críoch freasúra, i gclár an Aontais, an doiciméad aonair agus an tagairt don táirge a fhoilseofar go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(2). Foilseofar an doiciméad aonair i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Airteagal 24

Agóidí i gcoinne chinneadh na céime náisiúnta

1.   Cuirfidh údarás inniúil Ballstáit an Oifig ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha náisiúnta i gcoinne chinneadh an údaráis inniúil sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chlárú táisc gheografaigh.

2.   Díolmhófar an Oifig ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta chun an scrúdú a chur i gcrích a leagtar amach in Airteagal 23(3), agus cuirfidh sí an t-iarratasóir ar an eolas maidir leis na cúiseanna don mhoill, i gcás ina ndéanann údarás inniúil Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cuireann sé in iúl don Choimisiún go ndearnadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 16(1) a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh riaracháin nó breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh riaracháin nó breithiúnach críochnaitheach é; nó

(b)

iarrann sé ar an Oifig an scrúdú a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí náisiúnta riaracháin nó breithiúnacha chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais.

3.   Nuair a bheidh an cinneadh riaracháin nó breithiúnach dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), críochnaitheach, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit an Oifig ar an eolas dá réir sin.

4.   Beidh éifeacht ag an díolúine a leagtar amach i mír 2 go dtí go gcuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit in iúl don Oifig nach ann don chúis leis an bhfionraí a thuilleadh.

Airteagal 25

Nós imeachta freasúra ar leibhéal an Aontais

1.   Laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus ón tagairt d’fhoilsiú leictreonach na sonraíochta táirge i gclár an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 23(7), féadfaidh freasúróir, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, freasúra a thaisceadh leis an Oifig. Measfar gurb iad an t-iarratasóir agus an freasúróir na páirtithe sa nós imeachta.

2.   Féadfaidh údarás inniúla Ballstáit, nó i dtríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír nó i mBallstát eile a bheith ina fhreasúróir, cé is moite de fhreasúróir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

3.   Is í an Oifig a dhéanfaidh inghlacthacht an fhreasúra a sheiceáil, i gcomhréir le hAirteagal 26.

4.   I gcás ina measfaidh an Oifig go bhfuil an freasúra inghlactha, tabharfaidh sí cuireadh don fhreasúróir agus don iarratasóir, laistigh de 2 mhí tar éis an freasúra sin a fháil, dul i mbun comhairliúcháin ar feadh tréimhse réasúnach nach faide ná 3 mhí d’fhonn teacht ar réiteach sítheach. Tráth ar bith le linn na tréimhse sin, féadfaidh an Oifig, ar iarraidh comhpháirteach ón bhfreasúróir agus ón iarratasóir, síneadh nach faide ná 3 mhí a chur leis an tréimhse sin. Tairgfidh an Oifig réiteach díospóidí malartach, mar shampla idirghabháil, do na comhairliúcháin idir an t-iarratasóir agus an freasúróir, dá dtagraítear in Airteagal 170 de Rialachán (AE) 2017/1001.

5.   Le linn na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh an t-iarratasóir agus an freasúróir an fhaisnéis is gá ar fáil dá chéile chun measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

6.   Féadfaidh an Rannóg um Thásca Geografacha, ag céim ar bith den nós imeachta freasúra, dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach, agus sa chás sin cuirfear an tréimhse dá dtagraítear i mír 4 ar fionraí.

7.   Laistigh de mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh an t-iarratasóir toradh na gcomhairliúchán in iúl don Oifig.

8.   I gcás, tar éis na gcomhairliúchán, inar modhnaíodh an fhaisnéis a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 23(7), déanfaidh an Oifig scrúdú nua ar an iarratas modhnaithe. I gcás ina modhnaítear an t-iarratas ar bhealach substaintiúil, agus más é breith na hOifige go gcomhlíonann an t-iarratas modhnaithe na coinníollacha maidir le clárú, foilseoidh sé an t-iarratas modhnaithe i gcomhréir le hAirteagal 23(7).

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhfreasúra a thíolacadh agus lena sonraítear an fhormáid agus cur i láthair ar líne an ráitis freasúra réasúnaithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 26

Inghlacthacht agus forais freasúra

1.   Ní bheidh freasúra a thaiscfear i gcomhréir le hAirteagal 25 inghlactha ach amháin má tá san fhreasúra sin an fhaisnéis uile a shonraítear san fhoirm chaighdeánach don ráiteas freasúra réasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Beidh freasúra bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a)

nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe na ceanglais maidir le cosaint a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

go mbeadh sé contrártha d’Airteagal 42, 43, nó 44(2) an tásc geografach atá beartaithe a chlárú; nó

(c)

go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá molta dochar d bheithsine ainm atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt a úsáidtear i gcúrsaí trádála nó mar chuid de thrádmharc, nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an iarratais dá bhforáiltear in Airteagal 22(7).

3.   Diúltófar do fhreasúra nach bhfuil inghlactha i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 27

An nós imeachta um fhógra tráchtanna

1.   Faoi cheann trí mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus ón tagairt don tsonraíocht táirge i gclár an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 23(7), féadfaidh údarás inniúil Ballstáit nó tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát eile nó i dtríú tír, fógra tráchtanna a thaisceadh leis an Oifig.

2.   Tabharfar aon mhíchruinneas le fios i bhfógra tráchtanna nó beidh faisnéis bhreise ann maidir leis an gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear sárú féideartha ar dhlí eile de chuid an Aontais. Ní thabharfaidh sé aon chearta dá údar ná ní thionscnóidh sé nós imeachta freasúra. Ní bheidh an fógra tráchtanna bunaithe ar na forais atá leis an bhfreasúra agus ní mheasfar gur páirtí sa nós imeachta údar an fhógra tráchtanna.

3.   Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas maidir leis an bhfógra tráchtanna agus cuirfidh sí san áireamh é nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir leis an gclárú, ach amháin má tá an fógra tráchtanna doiléir nó más follasach go bhfuil sé mícheart.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhfógra tráchtanna a thíolacadh, ina sonrófar a fhormáid agus a chur i láthair ar líne. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 28

Idirthréimhsí maidir le tásc geografach a úsáid

1.   Gan dochar d’Airteagal 44, tráth cláraithe an táisc gheografaigh, féadfaidh an Oifig a chinneadh idirthréimhse suas le 5 bliana a dheonú chun go bhféadfar leanúint d’úsáid a bhaint as an ainmniúchán faoina ndearnadh táirge a mhargú a úsáid i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír, ar ainmniúchán é a chuimsíonn ainm a sháraíonn Airteagal 40, nó ina bhfuil ainm mar sin, ar choinníoll gur léiríodh an méid seo a leanas le freasúra inghlactha, faoi Airteagal 15 nó 25, i gcoinne an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh a ndéantar a chosaint a shárú:

(a)

le clárú an táisc gheografaigh lena mbaineann, go gcuirfí i mbaol beithsine ainm atá comhionann nó ainm comhchosúla a úsáidtear i gcúrsaí trádála chun críoch ainmnithe táirge; nó

(b)

go ndearnadh na táirgí sin a mhargú go dleathach faoin ainm chun críoch ainmnithe táirge sa chríoch lena mbaineann ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh fhoilsiú an iarratais dá bhforáiltear in Airteagal 22(7).

2.   Féadfaidh an Oifig idirthréimhse suas le 15 bliana a dheonú nó féadfaidh sí a chinneadh an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír 1 a fhadú suas le tréimhse iomlán 15 bliana, ar choinníoll go léireofar sa bhreis air sin:

(a)

go raibh an t-ainm dá dtagraítear i mír 1 in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann, isteach chuig an Oifig;

(b)

níorbh é ba chuspóir, ag am ar bith, d'úsáid an ainm dá dtagraítear i mír 1 tairbhe a bhaint as clú an ainm arna chlárú mar thásc geografach; agus

(c)

níor cuireadh an tomhaltóir ar míthreoir ná ní fhéadfaí é a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh geografach na dtáirgí.

3.   Déanfar cinntí lena ndeonaítear nó lena gcuirtear síneadh le hidirthréimhse, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, a fhoilsiú i gclár an Aontais.

4.   Le linn na hidirthréimhse, agus ainm dá dtagraítear i mír 1 á úsáid, beidh tásc na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir sofheicthe ar an lipéadú agus, i gcás inarb infheidhme, mar chuid den tuairisc ar an táirge i gcás ina bhfuil an táirge á mhargú ar shuíomh gréasáin díolacháin ar líne.

5.   D’fhonn an cuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach táirgeoir táirge arna ainmniú le tásc geografach sa limistéar geografach lena mbaineann sonraíocht ghaolmhar an táirge, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana a dheonú le haghaidh baint amach an chomhlíonta, le héifeacht ón dáta a chuirtear an t-iarratas faoi bhráid na hOifige, ar choinníoll go raibh an táirge i dtrácht á mhargú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus an t-ainm sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh 5 bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas le húdarás inniúil an Bhallstáit sin agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 15.

6.   Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag mír 5 maidir le tásc geografach lena dtagraítear do limistéar geografach i dtríú tír. Ní bheidh feidhm maidir le tásca geografacha lena dtagraítear do limistéar geografach i dtríú tír ag an oibleagáid tagairt a dhéanamh sa nós imeachta freasúra náisiúnta don úsáid leanúnach dá dtagraítear sa mhír sin.

Airteagal 29

Cinneadh na hOifige maidir leis an iarratas

1.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Oifig ón ngrinnscrúdú arna dhéanamh de bhun Airteagal 23, go measann an Oifig nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal sin, diúltóidh sé don iarratas.

2.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil don Oifig ón scrúdú arna dhéanamh de bhun Airteagal 23, go measann an Oifig gur comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo agus nach bhfuil aon fhreasúra inghlactha faighte, cláróidh an Oifig an tásc geografach.

3.   I gcás ina bhfuil freasúra inghlactha faighte ag an Oifig, agus gur thángthas ar chomhaontú tar éis na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 25(4), cláróidh an Oifig an tásc geografach tar éis di a sheiceáil an gcomhlíonann an comhaontú dlí an Aontais. Más gá, i gcás modhnuithe neamhshubstainteacha ar an bhfaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 23(7), tabharfaidh an Oifig an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

4.   I gcás ina bhfuil freasúra inghlactha faighte ag an Oifig, ach nár thángthas ar chomhaontú tar éis na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 25(4), scrúdóidh an Oifig an bhfuil údar maith leis an bhfreasúra. Déanfaidh an Oifig measúnú ar na forais freasúra i ndáil le críoch an Aontais. Bunaithe ar an measúnú sin, diúltóidh an Oifig don fhreasúra agus cláróidh sí an t-ainm atá faoi chosaint mar thásc geografach, nó diúltóidh sí don iarratas.

5.   Sonrófar i gcinntí na hOifige i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, aon choinníollacha is infheidhme maidir leis an gclárú agus, i gcás modhnuithe neamhshubstainteacha, foilseoidh an Oifig an athuair, chun críoch faisnéise, an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 23(7).

6.   Foilseofar cinntí arna nglacadh ag an Oifig i gclár an Aontais i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Déanfar tagairt don chinneadh arna fhoilsiú i gclár an Aontais a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 30

Cinneadh an Choimisiúin maidir leis an iarratas

1.   Maidir le hiarratais dá dtagraítear in Airteagal 21, féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith roimh dheireadh an nós imeachta clárúcháin, ar a thionscnamh féin, nó arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit nó don Oifig, an chumhacht a ghlacadh chuici féin cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas i gcás ina bhféadfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe a bheith contrártha don bheartas poiblí, nó ina bhféadfadh an clárú sin nó an diúltú don chlárú dochar a dhéanamh do chaidreamh trádála nó seachtrach an Aontais.

2.   I gcás ina bhfuil an nós imeachta ón Oifig dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo glactha ag an gCoimisiún, cuirfidh an Oifig dréacht den chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 29(1) go (5) ar fáil don Choimisiún.

3.   Glacfaidh an Coimisiún aon chinntí dá dtagraítear in míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2) agus foilseofar iad i gclár an Aontais.

4.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3, mutatis mutandis, maidir le nósanna imeachta chun an tsonraíocht táirge a leasú agus chun an clárú a chealú.

5.   Chun críocha mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, áiritheoidh an Oifig go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún, tríd an gcóras digiteach le haghaidh iarratais a chur faoi bhráid na hOifige go leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 67, ar dhoiciméid maidir leis na hiarratais, ar iarrataí ar leasú ar an tsonraíocht táirge agus ar iarrataí ar chealú.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach an nós imeachta is infheidhme maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 31

Leasú ar an tsonraíocht táirge

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar cláraíodh tásc geografach ina ainm nó ina hainm, nó táirgeoir a úsáideann tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 47(1), a iarraidh go bhformheasfaí leasú ar shonraíocht táirge don tásc geografach cláraithe sin.

2.   Déanfar leasuithe ar an tsonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir:

(a)

leasuithe ar de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 3, lena gceanglaítear nós imeachta freasúra ar leibhéal an Aontais, agus

(b)

leasuithe caighdeánacha a gcaithfear a scrúdú ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal tríú tír.

3.   Measfar leasú a bheith ina leasú de chuid an Aontais i gcás ina gceanglaítear leis athbhreithniú ar an doiciméad aonair agus ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gurb é atá i ceist leis an leasú athrú ar an ainm atá faoi chosaint mar thásc geografach, nó athrú in úsáid an ainm sin;

(b)

tá baol ann go mbainfeadh an leasú an bonn den nasc idir an limistéar geografach agus an táirge dá dtagraítear sa doiciméad aonair; nó

(c)

gabhann srianta le margaíocht an táirge leis an leasú.

4.   Maidir le hiarraidh ar leasú de chuid an Aontais, beidh feidhm mutatis mutandis ag céimeanna na céime náisiúnta agus céimeanna chéim an Aontais mar a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 14 go 30. Is í an Oifig a dhéanfaidh cinneadh maidir le hiarraidh ar leasú de chuid an Aontais nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 30, is é an Coimisiún a dhéanfaidh é.

5.   Aon leasú ar shonraíocht táirge do thásc geografach cláraithe, cé is moite de na leasuithe sin dá dtagraítear i mír 3, measfar gur leasú caighdeánach é agus tiocfaidh sé faoi inniúlacht an Bhallstáit nó an tríú tír as a dtagann an táirge. A luaithe a fhormheasfar iad, cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha leasuithe caighdeánacha in iúl don Oifig.

I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 20, formheasfaidh an Oifig leasuithe caighdeánacha.

6.   Measfar gur leasú sealadach a bheidh i leasú caighdeánach i gcás ina mbaineann sé le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó mar thoradh ar thubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint, nó tubaiste de dhéanamh an duine mar shampla cogadh, bagairt cogaidh nó ionsaí sceimhlitheoireachta.

7.   Maidir le hiarraidh ar leasú arna thíolacadh ag údarás inniúil tríú tír nó ag táirgeoirí atá bunaithe i dtríú tír, beidh cruthúnas iontu go gcomhlíontar, leis an leasú atá á iarraidh, an dlí maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír sin.

8.   I gcás inar le leasuithe caighdeánacha, freisin, a bhaineann iarraidh ar leasú de chuid an Aontais a bhaineann le tásc geografach lena n-ainmnítear táirge de thionscnamh Ballstáit, ní dhéanfaidh ach an Oifig nó an Coimisiún leasú an Aontais a scrúdú i gcomhréir le mír 4.

9.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó an Oifig cuireadh a thabhairt don iarratasóir ar cláraíodh an tásc geografach ina ainm chun gnéithe eile den tsonraíocht táirge a mhodhnú.

10.   Foilseoidh an Oifig leasuithe an Aontais agus leasuithe caighdeánacha, a luaithe a fhormheasfar iad, i gclár an Aontais.

11.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nós imeachta maidir le leasú de chuid an Aontais agus foirm agus cur i láthair iarrata ar leasú de chuid Aontais, agus maidir leis an nós imeachta le haghaidh leasuithe caighdeánacha agus foirm na leasuithe caighdeánacha agus foirm na leasuithe sin agus maidir le cur in iúl leasuithe den sórt sin don Oifig. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 32

Cealú

1.   Cealófar clárú táisc gheografaigh i gcás inar cláraíodh an tásc geografach de shárú ar Airteagal 42(1), Airteagal 43(1) nó (2), nó Airteagal 44(2).

2.   Féadfar clárú táisc gheografaigh a chealú sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní féidir a áirithiú a thuilleadh go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht táirge;

(b)

níor cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh tréimhse comhleanúnaí dar fad 5 mbliana as a chéile ar a laghad.

3.   Féadfar clárú táisc gheografaigh a chealú freisin arna iarraidh sin don iarratasóir ar cláraíodh an tásc geografach ina ainm nó ina hainm.

4.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit, údarás inniúil tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach acu iarraidh ar chealú de bhun mhíreanna 1 agus 2 a thíolacadh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún nó an Oifig nós imeachta chealúcháin a thionscnamh ar a thionscnamh féin, ar na forais a leagtar amach i mír 2.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis maidir leis an nós imeachta cealúcháin ag céimeanna na céime náisiúnta agus ag céim an Aontais mar a leagtar amach in Airteagail 7, 8, 14, 15, 16, agus 20 go 30.

7.   Sula gcinnfidh an Oifig clárú táisc gheografaigh a chealú, cuirfidh sí sin in iúl, sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, don iarratasóir ar ina ainm a chláraítear an tásc geografach. Sula gcinnfidh an Oifig clárú táisc gheografaigh tríú tír a chur ar ceal, rachaidh sí i gcomhairle le húdaráis inniúla an tríú tír lena mbaineann. Más de bhun Airteagal 20 a cláraíodh an tásc geografach, féadfaidh an Rannóg um Thásca Geografacha dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach agus leis an bpointe teagmhála aonair sa Bhallstát lena mbaineann.

8.   Nuair a dhéanfar clárú táisc gheografaigh a chealú, déanfar clár an Aontais a nuashonrú dá réir.

9.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tásca geografacha tríú tír atá faoi chosaint san Aontas faoi Ionstraim na Ginéive nó faoi chomhaontú idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann.

10.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus foirm an cealaithe, agus maidir le cur i láthair na n-iarrataí ar chealú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 33

Achomhairc

1.   Féadfaidh aon pháirtí i nós imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a ndéanann cinneadh a rinne an Oifig sa nós imeachta sin dochar dó achomharc a chuir faoi bhráid na mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 36 (‘na Boird Achomhairc’) i gcoinne an chinnidh sin. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a bheith páirteach san achomharc.

2.   Beidh éifeacht fionraíochta ag an achomharc. Beidh éifeacht ag cinneadh na hOifige nár cuireadh i gcoinne an lá tar éis dháta dhul in éag na tréimhse achomhairc dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír.

3.   Ní dhéanfar achomharc in aghaidh cinneadh nach gcuireann deireadh le himeachtaí a mhéid a bhaineann le ceann de na páirtithe ach amháin i gcomhthéacs achomharc ar an gcinneadh críochnaitheach.

4.   Déanfar an fógra achomhairc a thíolacadh i scríbhinn chuig an Oifig laistigh de 2 mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh atá á chonspóid. Measfar nach mbeidh an fógra achomhairc tíolactha go cuí go dtí go mbeidh an táille don achomharc íoctha.

I gcás achomhairc, déanfar ráiteas i scríbhinn ina leagfar amach na forais achomhairc a thíolacadh chuig an Oifig laistigh de 4 mhí ó dháta foilsithe an chinnidh atá á chonspóid.

5.   Tar éis inghlacthacht an achomhairc a scrúdú, déanfaidh na Boird Achomhairc cinneadh maidir lena fhiúntais. Feidhmeoidh na Boird Achomhairc aon chumhacht laistigh d’inniúlacht na Rannóige um Thásca Geografacha a bhí freagrach as an gcinneadh atá á chonspóid, nó tarchuirfidh siad an cás chuig an Rannóg um Thásca Geografacha sin.

Féadfaidh na Boird Achomhairc, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh réasúnaithe i scríbhinn, ó pháirtí, dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach.

Déanfaidh an Oifig réiteach malartach díospóidí, mar shampla seirbhísí idirghabhála a thairiscint dá dtagraítear in Airteagal 170 de Rialachán (AE) 2017/1001, d’fhonn cabhrú leis na páirtithe teacht ar shocrú cairdiúil.

6.   Féadfar caingne a thabhairt os comhair an Chúirt Ghinearálta i gcoinne chinntí na mBord Achomhairc maidir le hachomhairc, laistigh de 2 mhí ó dháta fógra chinneadh na mBord Achomhairc, ar na forais gur sáraíodh ceanglas riachtanach nós imeachta, gur sáraíodh an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gur sáraíodh an Rialachán seo nó aon riail dlí a bhaineann lena chur i bhfeidhm nó mí-úsáid cumhachta. Beidh an caingean oscailte d’aon pháirtí sna himeachtaí os comhair na mBord Achomhairc a n-imríonn a gcinneadh drochthionchar orthu agus d’aon Bhallstát. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta chun an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní nó a athrú.

7.   Gabhfaidh éifeacht le cinntí na mBord Achomhairc an lá tar éis dháta éagtha na tréimhse dá dtagraítear i mír 6 nó, i gcás inar tugadh caingean os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, ar an dáta i ndiaidh an dáta a dhífear an caingean sin nó a dhífhostófar aon achomharc a comhdaíodh leis an gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta. Glacfaidh an Oifig gach beart is gá chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomhairc i gcoinne an bhreithiúnais sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, a chomhlíonadh.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 69, tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

ábhar an fhógra achomhairc dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus an nós imeachta i ndáil leis an achomharc a thíolacadh agus a scrúdú; agus

(b)

ábhar agus foirm chinntí na mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

Roinn 2

Eagrúchán agus cúraimí na hOifige

Airteagal 34

An Rannóg um Thásca Geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha

1.   Bunófar Rannóg um Thásca Geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha laistigh den Oifig. Beidh an Rannóg sin um Thásca Geografacha freagrach as cinntí a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iarratas ar thásc geografach a chlárú;

(b)

iarraidh ar leasú ar an tsonraíocht táirge;

(c)

cur i gcoinne iarratais nó iarraidh ar leasú ar an tsonraíocht táirge;

(d)

iontrálacha i gclár an Aontais;

(e)

iarraidh ar chlárú táisc gheografaigh a chealú.

2.   Déanfaidh painéal de thriúr comhaltaí cinntí maidir le freasúra agus iarrataí ar chealú. Beidh cáilíocht dlí ag comhalta amháin ar a laghad. Déanfaidh comhalta aonair a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí aige gach cinneadh eile faoi mhír 1.

Airteagal 35

Bord Comhairleach

1.   Bunófar Bord Comhairleach chun tuairim a thabhairt i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an Rannóg um Thásca Geografacha agus na Boird Achomhairc, dul i dteagmháil leis an mBord Comhairleach agus, arna iarraidh sin don Choimisiún, rachaidh siad i gcomhairle leis an mBord sin maidir le ceisteanna a bhaineann le hiarratas ag céim ar bith de na nósanna imeachta um chlárú, lena n-áirítear nósanna imeachta freasúra, nósanna imeachta achomhairc, nósanna imeachta maidir leis an tsonraíocht táirge a leasú agus cealú an clárúcháin dá dtagraítear in Airteagail 23, 25, 26, 29, 31, 32 agus 33. Féadfar dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach freisin maidir le hábhair chothrománacha, amhail:

(a)

measúnú ar na critéir cháilíochta;

(b)

clú táirge a bhunú;

(c)

cineál cineálach ainm a chinneadh;

(d)

measúnú ar an nasc idir saintréithe an táirge agus a thionscnamh geografach;

(e)

an riosca go gcuirfí mearbhall ar thomhaltóirí i gcásanna coinbhleachta idir tásca geografacha agus trádmharcanna, comhainmneacha nó ainmneacha táirgí atá ann cheana a mhargaítear go dlíthiúil.

3.   Féadfaidh an Rannóg um Thásca Geografacha, agus, i gcás inarb infheidhme, na Boird Achomhairc dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach maidir le clárú féideartha mar thásca geografacha ainmneacha atá faoi réir iarratais dhíreacha dá dtagraítear in Airteagal 20.

4.   Tabharfar tuairim an Bhoird Chomhairligh ar phainéal triúr comhaltaí agus beidh siad neamhcheangailteach.

5.   Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún agus a gcomhaltaí malartacha faoi seach a bheidh ar an mBord Comhairleach. I gcás inar gá, iarrfar ar shaineolaithe aitheanta i réimse na dtásc geografach nó i réimse na catagóire táirgí lena mbaineann, lena n-áirítear ionadaithe ó réigiúin agus ón saol acadúil, saineolas a chur ar fáil don Bhord Comhairleach.

6.   Mairfidh sainorduithe chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh tréimhse suas le 5 bliana agus féadfar iad a athnuachan.

7.   Poibleoidh an Oifig liosta de chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar a láithreán gréasáin agus coimeádfaidh sí an liosta sin cothrom le dáta.

8.   Sonrófar na nósanna imeachta maidir le comhaltaí an Bhoird Chomhairligh a cheapadh agus oibriú an Bhoird sin ina rialacha nós imeachta arna bhformheas ag an mBord Bainistíochta arna mbunú faoi Airteagal 153 de Rialachán (AE) 2017/1001, agus poibleofar iad. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag comhaltaí an Bhoird Chomhairligh.

9.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht an tacaíocht lóistíochta is gá don Bhord Comhairleach agus soláthróidh siad rúnaíocht dá chruinnithe.

Airteagal 36

Boird Achomhairc

Beidh na Boird Achomhairc arna mbunú faoi Airteagal 165 de Rialachán (AE) 2017/1001 inniúil i ndáil le cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc in aghaidh cinntí arna nglacadh ag an Oifig faoin Rialachán seo.

Airteagal 37

Clár de chuid an Aontais de thásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha

1.   Déanfaidh an Oifig clár leictreonach de chuid an Aontais a bhunú agus a choinneáil chun tásca geografacha a bhainistiú le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha. Beidh rochtain éasca ag an bpobal air agus beidh sé i bhformáid meaisín-inléite.

2.   Ar ghabháil éifeacht do chinneadh lena gcláraítear tásc geografach, déanfaidh an Oifig, i gcomhréir le hAirteagail 29 nó 30, na sonraí seo a leanas a chur isteach i gclár an Aontais:

(a)

an t-ainm a cláraíodh mar thásc geografach faoi chosaint (‘tásc geografach faoi chosaint’);

(b)

an cineál táirge ar cláraíodh an tásc geografach ina leith;

(c)

ainm an iarratasóra ar cláraíodh an tásc geografach ina ainm nó ina hainm;

(d)

an tagairt don chinneadh lena gcláraítear an tásc geografach;

(e)

tír thionscnaimh nó tíortha tionscnaimh an táirge ar cláraíodh an tásc geografach ina leith.

3.   Féadfar tásca geografacha tríú tír atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a iontráil i gclár an Aontais, má chinneann an Coimisiún amhlaidh. I gcás den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, agus ina dhiaidh sin cuirfidh an Oifig na tásca geografacha isteach i gclár an Aontais. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

4.   Déanfar tásc geografach a chur isteach i gclár an Aontais ina script bhunaidh. I gcás nach n-úsáidtear litreacha Laidineacha sa script bhunaidh, déanfar an tásc geografach a thras-scríobh i litreacha Laidineacha agus cuirfear an dá leagan den tásc geografach isteach i gclár an Aontais agus beidh stádas comhionann acu.

5.   I dtaca le doiciméadacht a bhaineann le clárú táisc gheografaigh, coinneoidh an Oifig an doiciméadacht sin i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir ar feadh thréimhse bhailíochta an táisc gheografaigh, agus, i gcás ina ndiúltófar an t-iarratas nó ina gcealófar an clárú, go ceann 10 mbliana eile tar éis an diúltaithe nó an chealaithe sin.

6.   Cumhdófar costais reatha chlár an Aontais le buiséad oibríochtúil na hOifige.

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach ollstruchtúr TF agus cur i láthair chlár an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 38

Fís-sleachta ó chlár an Aontais

1.   Áiritheoidh an Oifig go mbeidh aon duine in ann sliocht oifigiúil a íoslódáil go héasca saor in aisce i bhformáid meaisín-inléite ó chlár an Aontais lena soláthraítear cruthúnas gur cláraíodh an tásc geografach, agus na sonraí ábhartha eile lena n-áirítear dáta an iarratais nó dáta eile is ábhartha chun tosaíocht a éileamh. Féadfar an sliocht oifigiúil a úsáid mar dheimhniú barántúil.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid agus cur i láthair ar líne sleachta ó chlár an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 39

Tacaíocht theicniúil

1.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh an Oifig scrúdú ar thásca geografacha tríú tír, mar aon le cúraimí riaracháin gaolmhara a bhaineann leo:

(a)

ar táirgí iad atá faoi chosaint nó a bhfuil sé molta iad a chur faoi chosaint faoi chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, seachas Ionstraim na Ginéive; nó

(b)

ar táirgí iad a bhfuil sé molta iad a chur faoi chosaint faoi chomhaontú idirnáisiúnta atá faoi chaibidil ag an Aontas.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ón gCoimisiún, poibleoidh an Oifig liosta de na comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcosnaítear tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach iontu, chomh maith le liosta na dtásc geografach atá faoi chosaint faoi na comhaontuithe sin agus, i gcás athruithe, tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.

TEIDEAL III

TÁSCA GEOGRAFACHA A CHOSAINT

Airteagal 40

Tásca geografacha a chosaint

1.   Tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais, déanfar iad a chosaint ar an méid seo a leanas:

(a)

aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as an tásc geografach maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú, i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí a chumhdaítear leis an gclárú, nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an táisc gheografaigh atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear clú an táisc gheografaigh atá faoi chosaint nó ina ndéantar dochar dá chlú;

(b)

aon mhí-úsáid, aithris nó tabhairt chun cuimhne an ainm atá faoi chosaint mar thásc geografach, fiú má léirítear fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear an tásc geografach faoi chosaint nó má chuirtear frása leis, amhail ‘ar nós’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘mar a tháirgtear i’, ‘aithris’, ‘blas’, ‘cumhrán’, ‘cosúil le’ nó nath cosúil leo sin;

(c)

aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó saintréithe bunúsacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, ar ábhair fógraíochta nó i ndoiciméid nó san fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar chomhéadain ar líne a bhaineann leis an táirge chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán ar dócha go mbainfí míthuairim as maidir lena thionscnamh;

(d)

aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), measfar go dtabharfar tásc geografach chun cuimhne, go háirithe i gcás ina ndéantar nasc atá díreach agus soiléir go leor leis an táirge a chumhdaítear leis an tásc geografach cláraithe a chruthú in intinn an ghnáththomhaltóra Eorpaigh atá réasúnta eolach agus réasúnta géarchúiseach agus cáiréiseach.

3.   Beidh feidhm ag cosaint tásc geografach freisin maidir le haon úsáid a bhaintear as ainm fearainn atá contrártha le mír 1.

4.   Beidh feidhm ag cosaint tásc geografach freisin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin; agus

(b)

earraí a dhíoltar trí bhíthin modhanna ciandíola, mar shampla an ríomhthráchtáil.

5.   An grúpa táirgeoirí nó aon táirgeoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan scaoileadh leo le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás ina dtiocfaidh na hearraí sin, lena n-áirítear a bpacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina sáraítear mír 1 leo.

6.   Ní thiocfaidh tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo chun bheith ina théarma cineálach laistigh den Aontas.

7.   I gcás inarb é atá i dtásc geografach ainm comhshuite ina bhfuil téarma cineálach, ní hé a bheidh in úsáid an téarma sin iompar dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b).

Airteagal 41

Páirteanna nó comhpháirteanna i dtáirgí monaraithe

1.   Beidh Airteagal 40 gan dochar d’úsáid táisc gheografaigh atá faoi chosaint ag táirgeoirí, i gcomhréir le hAirteagal 47, lena chur in iúl go bhfuil, i dtáirge próiseáilte, nó go n-ionchorpraítear leis, mar pháirt nó mar chomhpháirt, táirge arna ainmniú leis an tásc geografach sin, ar choinníoll go mbainfear leas as an úsáid sin i gcomhréir le cleachtais mhacánta tráchtála agus nach dtagann an úsáid sin i dtír ar chlú an táisc gheografaigh, nach lagaítear ná nach gcaolaítear clú an táisc gheografaigh sin ná nach ndéantar dochar dó.

2.   Ní úsáidfear tásc geografach atá faoi chosaint lena n-ainmnítear páirt nó comhpháirt táirge monaraithe i sonrúchán díolacháin an táirge sin, ach amháin i gcás ina bhfuil toiliú tugtha ag an iarratasóir ar cláraíodh an tásc geografach ina ainm nó ina hainm leis an úsáid sin.

Airteagal 42

Téarmaí cineálacha

1.   Ní chlárófar téarma cineálach mar thásc geografach.

2.   Le cruthú go bhfuil ainm cineálach nó nach bhfuil, ní mór na tosca ábhartha go léir a chur san áireamh, go háirithe:

(a)

an staid mar atá i limistéir tomhaltais;

(b)

dlí ábhartha an Aontais nó an dlí ábhartha náisiúnta.

Airteagal 43

Comhainmneacha

1.   Maidir le hiarratas a tíolacadh tar éis iarratas a bheith déanta ar ainm atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach nó atá faoi chosaint mar thásc geografach san Aontas, déanfar an tásc geografach sin a dhiúltú, mura bhfuil idirdhealú leordhóthanach i gcleachtas idir an dá ainm comhainmneach a mhéid a bhaineann lena gcoinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus a gcur i láthair, ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus gur gá a áirithiú nach gcuirfear na tomhaltóirí ar míthreoir i dtaca le fíorchéannacht nó tásc geografach na dtáirgí.

2.   Ní chlárófar ainm atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach, a ndearnadh iarratas ina leith nó atá faoi chosaint mar thásc geografach san Aontas, agus ar dócha go gcuirfeadh sé an tomhaltóir ar míthreoir faoi fhíorthionscnamh geografach táirge fiú má tá ainm chríoch, réigiún nó áit tionscnaimh iarbhír an táirge atá i gceist cruinn.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, is don mhéid seo a leanas a dhéantar tagairt le hainm ‘a ndearnadh iarratas ina leith nó atá faoi chosaint mar thásc geografach san Aontas’:

(a)

tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais;

(b)

tásca geografacha a ndearnadh iarratas ina leith, ar choinníoll go gcuirfear isteach iad i gclár an Aontais ina dhiaidh sin;

(c)

ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá faoi chosaint san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1753; agus

(d)

tásca geografacha, ainmneacha tionscnaimh agus téarmaí coibhéiseacha atá faoi chosaint de bhun comhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tír amháin nó níos mó ná sin.

Airteagal 44

An caidreamh idir tásca geografacha agus trádmharcanna

1.   Maidir le hiarratas ar thrádmharc a chlárú, a mbeadh a úsáid contrártha le hAirteagal 40, diúltófar an clárú sin má chuirtear isteach é tar éis an dáta a cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh faoi bhráid na hOifige. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh aon tosaíocht a éilítear san iarratas ar chlárú an trádmhairc.

2.   Diúltófar d’iarratas ar thásc geografach a chlárú más rud é, i bhfianaise trádmharc a bhfuil clú air nó a bhfuil marc aitheanta aige, ar dócha go ndéanfaí leis an ainm atá beartaithe mar thásc geografach an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorchéannacht an táirge.

3.   Déanfaidh an Oifig agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis náisiúnta inniúla trádmharcanna atá cláraithe de shárú ar mhír 1 a chur ó bhail, arna iarraidh sin.

4.   Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, maidir le trádmharc atá a úsáid contrártha le hAirteagal 40 den Rialachán seo, ar cuireadh iarratas isteach ina leith, ar cláraíodh é nó ar bunaíodh é trína úsáid de mheon macánta laistigh den Aontas, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an dlí is infheidhme, roimh an dáta a chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh don Oifig, féadtar leanúint dá úsáid agus é a nuashonrú d’ainneoin clárú an táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d’fhorais le neamhbhailíocht nó cúlghairm faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) ná Rialachán (AE) 2017/1001. Sna cásanna sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh agus úsáid an trádmhairc ábhartha.

5.   Féadfar marcanna ráthaíochta agus deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(4) de Threoir (AE) 2015/2436 agus in Airteagal 83 de Rialachán (AE) 2017/1001, agus cómharcanna dá dtagraítear in Airteagal 29(3) de Threoir (AE) 2015/2436 agus in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2017/1001, a úsáid ar lipéid agus ar phacáistíocht, in éineacht leis an tásc geografach.

Airteagal 45

Cúraimí grúpaí táirgeoirí

1.   Feidhmeoidh grúpaí táirgeoirí ar bhealach trédhearcach, oscailte agus neamh-idirdhealaitheach, agus ar bhealach lena gceadófar do tháirgeoirí uile an táirge arna ainmniú le tásc geografach dul isteach sa ghrúpa táirgeoirí tráth ar bith.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin gur féidir le comhlachtaí poiblí agus páirtithe leasmhara eile, mar shampla grúpaí tomhaltóirí, miondíoltóirí agus soláthraithe a bheith rannpháirteach in obair grúpa táirgeoirí.

2.   Áiritheoidh grúpaí táirgeoirí go gcomhlíonfaidh táirgeoirí laistigh den ghrúpa an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach go leanúnach agus an tásc geografach faoi chosaint agus an tsiombail Aontais á n-úsáid acu sa mhargadh. Féadfaidh grúpa táirgeoirí, go háirithe, na cearta seo a leanas a fheidhmiú agus na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an tsonraíocht táirge a ullmhú agus a leasú agus seiceálacha comhlíontachta inmheánacha a chur ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na céimeanna táirgthe sonraíocht táirge;

(b)

caingean dlí a thabhairt chun an chosaint tásc geografach a áirithiú mar aon le haon cheart maoine intleachtúla eile atá nasctha go díreach leis an táirge;

(c)

comhaontú gealltanais a thabhairt maidir le hinbhuanaitheacht, cibé acu san áireamh sa tsonraíocht táirge nó san áireamh mar thionscnamh ar leith;

(d)

bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an táisc gheografaigh, lena n-áirítear:

(i)

feachtais mhargaíochta agus fógraíochta chomhchoiteanna a dhearadh, a eagrú agus a reáchtáil;

(ii)

faisnéis a scaipeadh agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cur chun cinn, chun airíonna an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach a chur in iúl do thomhaltóirí;

(iii)

anailísí a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch, inbhuanaitheacht táirgthe, saintréithe teicniúla an táirge atá ainmnithe ag an tásc geografach;

(iv)

faisnéis a scaipeadh faoin tásc geografach agus an tsiombail Aontais; agus

(v)

comhairle agus oiliúint a chur ar na táirgeoirí atá ann cheana agus ar na táirgeoirí a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear maidir le príomhshruthú inscne agus comhionannas;

(e)

góchumadh agus úsáidí calaoiseacha amhrasta táisc gheografaigh sa mhargadh inmheánach a chomhrac le haghaidh táirge nach bhfuil i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge, trí fhaireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an tasc geografach ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus i margaí tríú tír ina bhfuil an tásc geografach sin faoi chosaint, lena n-áirítear ar chomhéadain ar líne, agus i gcás inar gá, trí na húdaráis forfheidhmithe a chur ar eolas;

(f)

gníomhaíochtaí a fhorbairt chun a áirithiú go bhfuil an táirge a ainmnítear leis an tásc geografach i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge; agus

(g)

aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh chun a áirithiú go mbaineann an tásc geografach leas as cosaint dlí leordhóthanach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí fhógra a chur chuig na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 51(5), Airteagal 52(3) agus Airteagal 54(2).

Airteagal 46

Cearta um thásc geografach in ainmneacha fearainn a chosaint

Áiritheoidh clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil cód tíre arna mbunú san Aontas go n-aithneoidh aon nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóide le haghaidh ainmneacha fearainn tásca geografacha cláraithe mar cheart is féidir a agairt sna nósanna imeachta sin.

Airteagal 47

Ceart úsáide

1.   Féadfaidh aon táirgeoir táirge atá i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach úsáid a bhaint as tásc geografach cláraithe.

2.   Áiritheoidh táirgeoirí go gcomhlíonann a gcuid táirgí an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

Airteagal 48

Siombail, tásc agus giorrúchán Aontais

1.   Beidh siombail an Aontais a bunaíodh le haghaidh ‘tásca geografacha faoi chosaint’ faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 infheidhme maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

2.   Maidir le táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha de thionscnamh an Aontais a mhargaítear faoi thásc geografach, féadfaidh siombail an Aontais a bheith ar an lipéadú agus ar an ábhar fógraíochta nó cumarsáide. Beidh an tásc geografach le feiceáil sa réimse radhairc céanna ina bhfuil an tsiombail Aontais.

3.   Féadfar an giorrúchán ‘TGFC’ a fhreagraíonn don tásc ‘tásc geografach faoi chosaint’ a thaispeáint ar an lipéadú ar tháirgí arna n-ainmniú ag tásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

4.   Féadfar úsáid a bhaint as siombail, tásca agus giorrúchán an Aontais ar ábhar lipéadaithe agus fógraíochta nó cumarsáide le haghaidh táirgí monaraithe i gcás ina ndéanfar tagairt leis an tásc geografach do pháirt nó do chomhábhar de chuid na dtáirgí sin. Sa chás sin, cuirfear tásc, giorrúchán nó siombail an Aontais in aice le hainm an chomhábhair a shainaithnítear go soiléir mar pháirt nó mar chomhábhar. Ní chuirfear siombail tásc, ná giorrúchán an Aontais ar bhealach a thugann le tuiscint don tomhaltóir gurb é ainm an táirge mhonaraithe ina iomláine é, seachas ainm páirte nó ainm comhpháirte den táirge atá faoi chosaint leis an tásc geografach.

5.   Ní fhéadfar siombail, tásc ná giorrúchán an Aontais, de réir mar is ábhartha, a bheith ar lipéadú an táirge ná, i gcás inarb infheidhme, ar ábhar fógraíochta nó cumarsáide le haghaidh an táirge go dtí go mbeidh an cinneadh maidir le clárú an táisc gheografaigh foilsithe i gcomhréir le hAirteagal 29(6) nó Airteagal 30(3), de réir mar is infheidhme.

6.   Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar lipéadú an táirge agus, i gcás inarb infheidhme, ar ábhar fógraíochta nó cumarsáide le haghaidh an táirge:

(a)

léirithe ar an limistéar geografach tionscnaimh dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge; agus

(b)

téacs, grafaicí nó siombailí a thagraíonn don Bhallstát nó don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach sin suite.

7.   An tsiombail sin de chuid an Aontais a bhaineann le tásc geografach tríú tír agus a iontráladh i gclár an Aontais, féadfar í a thaispeáint ar lipéadú an táirge agus ar ábhar fógraíochta nó cumarsáide le haghaidh an táirge. Sa chás sin, beidh feidhm ag mír 2.

8.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar saintréithe teicniúla shiombail agus thásc an Aontais mar aon leis na rialacha a bhaineann lena n-úsáid ar tháirgí a mhargaítear faoi thásc geografach cláraithe, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga atá le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

TEIDEAL IV

RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 49

Raon feidhme

1.   Cumhdaítear leis an Teideal seo rialuithe i ndáil le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

2.   Áireofar an méid seo a leanas sna rialuithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

a fhíorú go bhfuil táirge arna ainmniú le tásc geografach i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach;

(b)

faireachán a dhéanamh ar úsáid tásc geografach sa mhargadh, lena n-áirítear sa ríomhthráchtáil.

Airteagal 50

Údaráis inniúla a ainmniú

1.   Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na rialuithe dá bhforáiltear sa Teideal seo.

2.   Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 oibiachtúil neamhchlaonta agus gníomhóidh siad ar bhealach trédhearcach. Beidh foireann cháilithe agus na hacmhainní is gá acu chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtúil.

Airteagal 51

Comhlíontacht a fhíorú bunaithe ar fhéindearbhaithe

1.   I gcás táirge a ainmnítear le tásc geografach agus ar de thionscnamh an Aontais é, déanfar comhlíonadh na sonraíochta táirge comhfhreagraí a fhíorú trí bhíthin féindearbhaithe. Déanfar an féindearbhú trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus beidh ann an fhaisnéis riachtanach a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

2.   Sula gcuirfear an táirge ar an margadh, cuirfidh na táirgeoirí féindearbhú faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 50(1). A luaithe a bheidh an táirge ar an margadh, tíolacfaidh na táirgeoirí féindearbhú arís gach 3 bliana chun a léiriú go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht i gcónaí. I gcás ina leasófar an tsonraíocht táirge ar bhealach a dhéanfaidh difear don táirge lena mbaineann, déanfar an féindearbhú a nuashonrú gan mhoill.

3.   Seiceálfaidh an t-údarás inniúil, ar a laghad, go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhéindearbhú iomlán agus comhsheasmhach. I gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh san fhéindearbhú iomlán agus comhsheasmhach agus nach bhfuil aon fhorchoimeádais eile aige maidir le comhlíontacht, eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú údarúcháin maidir leis an tásc geografach a úsáid le haghaidh an táirge lena mbaineann nó déanfaidh sé an deimhniú atá ann cheana a athnuachan. I gcás earráidí follasacha nó neamhréir fhollasach san fhéindearbhú, tabharfar an deis don táirgeoir an féindearbhú a chomhlánú nó a cheartú.

4.   Le fíorú bunaithe ar fhéindearbhú, ní chuirfear cosc chomhlíontacht an táirge leis an tsonraíocht táirge a bheith fíoraithe ag comhlachtaí deimhnithe táirgí nó ag daoine nádúrtha.

5.   Chun críche a fhíorú go bhfuil an táirge a chumhdaítear le féindearbhú comhlíontach, déanfaidh ceann díobh seo a leanas rialuithe, a fhéadfar a dhéanamh sula gcuirfear an táirge ar an margadh agus tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh, bunaithe ar anailís riosca agus, má tá fáil orthu, ar fhógraí ó tháirgeoirí leasmhara táirgí a ainmnítear leis an tásc geografach:

(a)

an t-údarás inniúil; nó

(b)

comhlacht deimhnithe táirgí nó duine nádúrtha amháin nó níos mó dár tarmligeadh cúraimí rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 55.

6.   I gcás neamhchomhlíontachta, déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an cor a leigheas.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 69 chun an Rialachán seo a leasú tríd an bhfaisnéis agus na ceanglais i ndáil leis an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mhodhnú, i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 52

Comhlíontacht arna fíorú ag údarás inniúil nó comhlachtaí deimhnithe táirgí nó daoine nádúrtha

1.   De rogha ar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir lena fhíorú go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht chomhfhreagrach táirge trí bhíthin rialuithe a dhéanfar sula gcuirfear an táirge ar an margadh agus ina dhiaidh sin. Beidh an fíorú sin le déanamh ag:

(a)

údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 50(1); nó

(b)

comhlacht deimhnithe táirgí nó duine nádúrtha amháin nó níos mó dár tarmligeadh cúraimí rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 55.

2.   I gcás ina léireoidh rialuithe arna ndéanamh sula gcuirfear an táirge ar an margadh go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht táirge, eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú údarúcháin maidir leis an tásc geografach a úsáid le haghaidh an táirge lena mbaineann.

3.   Na rialuithe a dhéanfar tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh, is ar anailís riosca a bhunófar iad agus, má tá fáil orthu, ar fhógraí ó tháirgeoirí leasmhara táirgí arna n-ainmniú ag tásc geografach. I gcás ina léireoidh na rialuithe sin go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht táirge, déanfaidh an t-údarás inniúil an deimhniú údarúcháin a athnuachan.

4.   I gcás neamhchomhlíontachta, déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an cor a leigheas.

Airteagal 53

Comhlíontacht táirgí de thionscnamh tríú tír a fhíorú

Maidir le tásca geografacha tríú tír, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh ceann amháin díobh seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge comhfhreagraí a fhíorú:

(a)

údarás inniúil arna ainmniú ag an tríú tír; nó

(b)

comhlacht nó comhlachtaí deimhnithe táirgí.

Airteagal 54

Faireachán a dhéanamh ar úsáid tásc geografach sa mhargadh

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 50(1) faireachán ar úsáid na dtásc geografach sa mhargadh, gan beann ar na táirgí lena mbaineann a bheith á stóráil nó á n-iompar nó á ndáileadh nó á dtairiscint lena ndíol ar an leibhéal mórdhíola nó miondíola, lena n-áirítear sa tráchtáil leictreonach.

2.   Chun na críocha dá dtagraítear in mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 50(1) rialuithe, bunaithe ar anailís riosca agus, má tá fáil orthu, ar fhógraí ó tháirgeoirí leasmhara táirgí arna n-ainmniú ag tásc geografach. I gcás inar gá sin, glacfaidh na húdaráis sin na céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid ainmneacha táirgí nó seirbhísí a tháirgtear, a sholáthraítear nó a mhargaítear ina gcríoch a chosc nó a stopadh más rud é go sáraítear an chosaint tásc geografach dá bhforáiltear in Airteagail 40 agus 41 leis an úsáid sin.

Airteagal 55

Cúraimí i ndáil le rialú a tharmligean

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla na cúraimí i ndáil le rialú dá dtagraítear in Airteagal 51(5), Airteagal 52(2) agus (3) agus Airteagal 54(2) a tharmligean chuig comhlacht nó comhlachtaí deimhnithe táirgí nó chuig daoine nádúrtha.

2.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil atá ag tarmligean go mbeidh na cumhachtaí is gá ag an gcomhlacht deimhnithe táirgí nó ag an duine nádúrtha dá dtarmligtear na cúraimí i ndáil le rialú dá dtagraítear i mír 1 chun na cúraimí sin a dhéanamh go héifeachtach.

3.   Is i scríbhinn a bheidh tarmligean na gcúraimí i ndáil le rialú agus beidh siad faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh cur síos beacht sa tarmligean ar na cúraimí sin i ndáil le rialú arna dtarmligean chuig an gcomhlacht deimhnithe táirgí nó chuig an duine nádúrtha, agus ar na coinníollacha faoina bhféadfar na cúraimí sin a dhéanamh;

(b)

i gcás ina ndéantar na cúraimí rialaithe a tharmligean chuig comhlachtaí deimhnithe táirgí, déanfaidh na comhlachtaí deimhnithe táirgí sin an méid seo a leanas:

(i)

an saineolas, an trealamh, an bonneagar agus na hacmhainní is gá a bheith acu chun na cúraimí tarmligthe i ndáil le rialú a dhéanamh go héifeachtúil;

(ii)

líon leordhóthanach foirne a bheith acu a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu; agus

(iii)

gníomhóidh siad ar bhealach trédhearcach agus beidh siad neamhchlaonta agus saor ó aon choinbhleacht leasa; go háirithe, ní bheidh baol ann go ndéanfar difear go díreach nó go hindíreach do neamhchlaontacht a n-iompair maidir le feidhmiú na gcúraimí tarmligthe i ndáil le rialú;

(c)

i gcás ina ndéantar an cúraimí i ndáil le rialú a tharmligean chuig daoine nádúrtha:

(i)

beidh an saineolas, an trealamh, an bonneagar agus na hacmhainní is gá acu chun na cúraimí tarmligthe i dáil le rialú a dhéanamh go héifeachtúil;

(ii)

beidh na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu; agus

(iii)

gníomhóidh siad ar bhealach trédhearcach agus beidh siad neamhchlaonta agus saor ó aon choinbhleacht leasa maidir le feidhmiú na gcúraimí tarmligthe i ndáil le rialú;

(d)

beidh socruithe i bhfeidhm le comhordú éifeachtúil éifeachtach a áirithiú idir na húdaráis inniúla atá ag tarmligean agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí nó na daoine nádúrtha.

Airteagal 56

Oibleagáidí comhlachtaí deimhnithe táirgí agus oibleagáidí daoine nádúrtha

Maidir leis na comhlachtaí deimhnithe táirgí nó na daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí i ndáil le rialú chucu i gcomhréir le hAirteagal 55, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

torthaí na rialuithe agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a chur in iúl do na húdaráis inniúla atá ag tarmligean, ar bhonn rialta, agus tráth ar bith a n-iarrfaidh na húdaráis inniúla amhlaidh;

(b)

na húdaráis inniúla atá ag tarmligean a chur ar an eolas láithreach i gcás ina léiríonn torthaí na rialuithe neamhchomhlíonadh nó ina léiríonn siad go bhfuil seans mór neamhchomhlíonta ann, mura bhforáiltear a mhalairt le socruithe sonracha arna leagan síos idir na húdaráis inniúla atá ag tarmligean agus an comhlacht deimhnithe táirgí nó an duine nádúrtha lena mbaineann; agus

(c)

comhoibriú leis na húdaráis inniúla atá ag tarmligean agus cúnamh a thabhairt dóibh, agus rochtain a thabhairt do na húdaráis sin ar a n-áitribh agus ar dhoiciméadacht a bhaineann leis na cúraimí tarmligthe i ndáil le rialú.

Airteagal 57

Oibleagáidí na n-údarás inniúil atá ag tarmligean

1.   Déanfaidh údaráis inniúla a bhfuil cúraimí tairmligthe acu i ndáil le rialú chuig comhlachtaí deimhnithe táirgí nó chuig daoine nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagal 55, an tarmligean a chúlghairm ina iomláine nó i bpáirt gan mhoill sna cásanna seo a leanas:

(a)

cás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil an comhlacht deimhnithe táirgí nó an duine nádúrtha ag mainneachtain na cúraimí tarmligthe i ndáil le rialú a dhéanamh i gceart;

(b)

cás ina mainníonn an comhlacht deimhnithe táirgí nó an duine nádúrtha beart cuí agus tráthúil a dhéanamh chun na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas; nó

(c)

cás inar cuireadh i mbaol neamhspleáchas nó neamhchlaontacht an chomhlachta deimhnithe táirgí nó an duine nádúrtha.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla atá ag tarmligean an tarmligean a chúlghairm freisin ar chúiseanna eile seachas na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla iniúchtaí nó imscrúduithe na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí nó na ndaoine nádúrtha a eagrú tráth ar bith, i gcás inar gá sin.

Airteagal 58

Faisnéis phoiblí maidir le húdaráis inniúla, comhlachtaí deimhnithe táirgí agus daoine nádúrtha

1.   Poibleoidh na Ballstáit ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil, arna n-ainmniú de bhun Airteagal 50(1), agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí agus na ndaoine nádúrtha, dá dtagraítear in Airteagal 51(5), pointe (b), agus Airteagal 52(1) pointe (b) faoi seach, agus nuashonróidh siad an fhaisnéis sin i gcás ina dtarlóidh athruithe.

2.   Maidir le tríú tíortha, poibleoidh an Oifig ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear in Airteagal 53, má tá fáil orthu, agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta i gcás ina dtarlóidh athruithe.

3.   Déanfaidh an Oifig tairseach dhigiteach a bhunú ina bpoibleofar ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 59

Creidiúnú comhlachtaí deimhnithe táirgí

1.   Comhlíonfaidh na comhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear in Airteagal 55 an méid seo a leanas agus déanfar iad a chreidiúnú, ag brath ar a ngníomhaíochtaí, i gcomhréir leis na caighdeáin seo a leanas:

(a)

Caighdeán Eorpach EN ISO/IEC 17065 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’, caighdeán Eorpach EN ISO/IEC 17020 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht’ agus caighdeán Eorpach EN ISO/IEC 17025 ‘Ceanglais ghinearálta maidir le hinniúlacht saotharlanna tástála agus calabrúcháin’, lena n-áirítear aon leaganacha nó leasuithe de na caighdeáin sin; nó

(b)

caighdeáin oiriúnacha eile a dtugtar aitheantas dóibh go hidirnáisiúnta.

2.   Maidir leis an gcreidiúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, is comhlacht creidiúnúcháin dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar ball den Chomhar Eorpach don Chreidiúnú é, a dhéanfaidh an creidiúnú, nó, maidir le comhlacht deimhnithe táirgí tríú tír, is comhlacht creidiúnúcháin aitheanta lasmuigh den Aontas ar ball den Fhóram Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin (FIC) nó den Chomhar Idirnáisiúnta um Chreidiúnaí (CICS) é a dhéanfaidh an creidiúnú.

Airteagal 60

Orduithe chun gníomhú i gcoinne ábhar neamhdhleathach ar líne

1.   Aon fhaisnéis a bhaineann le fógraíocht, cur chun cinn agus díol na dtáirgí a bhfuil rochtain ag daoine atá bunaithe san Aontas orthu agus a sháraíonn an chosaint tásc geografach dá bhforáiltear in Airteagail 40 agus 41 den Rialachán seo, measfar gur ábhar neamhdhleathach í de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/2065.

2.   Féadfaidh údaráis náisiúnta, bhreithiúnacha nó riaracháin de chuid na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065, ordú a eisiúint chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’ábhar neamhdhleathach, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin.

Airteagal 61

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 1 Nollaig 2025, fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 62

Cúnamh frithpháirteach agus comhar

1.   Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun na rialuithe agus an forfheidhmiú i ndáil le tásca geografacha a chosnaítear faoin Rialachán seo.

Féadfar a áireamh sa chúnamh riaracháin, más iomchuí agus trí chomhaontú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann, rannpháirtíocht údarás inniúil Ballstáit i seiceálacha ar an láthair arna ndéanamh ag údaráis inniúla Ballstáit eile.

2.   I gcás sárú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar thásc geografach, déanfaidh Ballstát bearta chun go n-éascófaí tarchur na faisnéise maidir leis an sárú féideartha sin óna údaráis forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 50(1).

3.   Maidir leis na húdaráis atá i gceannas ar an bhfaireachán sna Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 54, comhoibreoidh siad, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, le údaráis, ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis phóilíneachta, gníomhaireachtaí frith-ghóchumtha, údaráis custaim, oifigí maoine intleachtúla, údaráis um fhaireachas margaidh agus um chosaint tomhaltóirí agus cigirí miondíola.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtugtar mionsonrú ar nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú agus na modhanna chun faisnéis a mhalartú chun críche rialuithe faoin gCaibidil seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

TEIDEAL V

LEASUITHE AR GHNÍOMHARTHA EILE

Airteagal 63

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1001

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 151(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(ba)

tásca geografacha a riar agus a chur chun cinn le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, go háirithe na cúraimí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus córas maidir le cosaint na dtásc geografach a chur chun cinn.

(*1)  Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).’;"

(2)

In Airteagal 153(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(n)

rialacha nós imeachta an Bhoird Chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 35(8) de Rialachán (AE) 2023/2411a ghlacadh.’;

(3)

In Airteagal 170, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach úsáid a bhaint as seirbhísí an Lárionaid ar bhonn deonach agus é mar aidhm aige nó aici teacht ar réiteach cairdiúil trí chomhaontú frithpháirteach maidir le díospóidí, bunaithe ar an Rialachán seo, ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 nó ar Rialachán (AE) 2023/2411, le comhaontú frithpháirteach.’

.

Airteagal 64

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1753

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1753 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdaítear sa téarma ‘tásca geografacha’ ainmniúcháin tionscnaimh de réir bhrí Ionstraim na Ginéive, lena n-áirítear ainmniúcháin tionscnaimh de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012 agus (AE) Uimh. 1308/2013, chomh maith le tásca geografacha de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh a bhaineann le táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha atá faoi réir clárú idirnáisiúnta, déanfar cosaint san Aontas a fhorléiriú mar a shonraítear in Airteagail 6 agus 40 de Rialachán (AE) 2023/2411.

(*2)  Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).’;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘an Oifig’ Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, arna bunú faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).’;"

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Ar aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta, déanfaidh an Coimisiún, ina cháil mar Údarás Inniúil de réir bhrí Airteagal 3 d’Ionstraim na Ginéive mar a shonraítear in Airteagal 4(1) de Chinneadh (AE) 2019/1754, iarratais a chomhdú maidir le tásca geografacha a chlárú go hidirnáisiúnta, ar tásca iad atá faoi chosaint ag dlí an Aontais agus cláraithe faoin dlí sin, agus a bhaineann le táirgí ar de thionscnamh an Aontais iad de bhun Airteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (‘an Biúró Idirnáisiúnta’).

2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún nó, i ndáil le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, ar an Oifig, tásca geografacha ar de thionscnamh chríoch Bhallstáit iad agus atá cláraithe agus faoi chosaint faoi dhlí an Aontais a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta. Beidh iarrataí den saghas sin bunaithe ar:

(a)

iarraidh arna déanamh ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 5(2) d’Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear i bpointe (xvii) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive; nó

(b)

ar a dtionscnamh féin.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Maidir le hiarrataí ar thásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta, leanfaidh an Oifig ar aghaidh, ina cáil mar Údarás Inniúil de réir bhrí Airteagal 3 d’Ionstraim na Ginéive mar a shonraítear in Airteagal 4(1) de Chinneadh (AE) 2019/1754, ar bhonn an chinnidh maidir le cosaint a dheonú i gcomhréir le hAirteagail 21 go 37 de Rialachán (AE) 2023/2411.’

;

(3)

In Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, iarrfaidh an Oifig ar an mBiúró Idirnáisiúnta clárú táisc gheografaigh de thionscnamh Ballstáit sa Chlár Idirnáisiúnta a chealú má chomhlíontar aon cheann de na dálaí dá dtagraítear i mír 1.’

;

(4)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Foilseoidh an Coimisiún nó, i ndáil le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, foilseoidh an Oifig aon chlárú idirnáisiúnta ar thug an Biúró Idirnáisiúnta fógra ina leith de bhun Airteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive, a bhaineann le tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta nach Ballstát ina leith é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear i bpointe (xv) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive.’

;

(5)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh an Coimisiún nó, i gcás tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, an Oifig measúnú ar aon chlárú idirnáisiúnta ar thug an Biúró Idirnáisiúnta fógra ina leith de bhun Airteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive a bhaineann le tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear i bpointe (xv) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive, chun a chinneadh an bhfuil an t-ábhar sainordaitheach a leagtar síos i Riail 5(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive (‘na Comhrialacháin’) san áireamh ann, agus go háirithe na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó saintréithe a leagtar síos i Riail 5(3) de na Comhrialacháin.’

;

(6)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Laistigh de 4 mhí ón dáta a bhfoilseofar an clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó tríú Páirtí Conarthach nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é mar a shainítear faoi phointe (xv) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe san Aontas nó i dtríú Páirtí Conarthach nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é, féadfaidh siad freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, nó, i gcás tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, leis an Oifig. Beidh an freasúra i gceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.’

;

(b)

i mír 2, scriostar pointe (e);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún nó, i gcás tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, an Oifig measúnú ar na forais freasúra a leagtar amach i mír 2 maidir le críoch an Aontais nó cuid di,’;

(7)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5, go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin agus nach bhfaighfear aon fhreasúra nó aon fhreasúra inghlactha, diúltóidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, aon fhreasúra neamh-inghlactha a dhiúltú agus cinnfidh sé cosaint a dheonú don tásc geografach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, diúltóidh an Oifig d’aon fhreasúra neamh-inghlactha agus cinnfidh sí cosaint tásc geografach a dheonú.

2.   I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin nó go bhfaightear freasúra atá inghlactha mar a leagtar amach in Airteagal 6(2), cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an ndéanfaidh sé cosaint a dheonú do thásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Maidir le tásca geografacha le haghaidh ceardaíochta agus tionsclaíocha, is í an Oifig nó, i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2023/2411 an Coimisiún a ghlacfaidh an cinneadh maidir le cosaint a dheonú. I gcás a ghlacann an Coimisiún an cinneadh cosaint a dheonú, déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán seo.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

‘4.   I gcomhréir le hAirteagal 15(1) d'Ionstraim na Ginéive, tabharfaidh an Coimisiún nó, maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, an Oifig fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi dhiúltú éifeachtaí an chlárúcháin idirnáisiúnta lena mbaineann i gcríoch an Aontais, laistigh de 12 mhí ón bhfógra maidir le clárú idirnáisiúnta a fháil i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d'Ionstraim na Ginéive.’;

5.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, diúltú ar tugadh fógra ina leith cheana don Bhiúró Idirnáisiúnta a tharraingt siar, go hiomlán nó go páirteach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

I gcás inar thug an Oifig fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le diúltú i ndáil le tásca geografacha a chosaint, féadfaidh an Oifig, ar a tionscnamh féin nó tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, an diúltú sin a tharraingt siar, go hiomlán nó go páirteach.

Tabharfaidh an Coimisiún nó, i ndáil le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, an Oifig, fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoin tarraingt siar sin gan mhoill.’

;

(8)

In Airteagal 8(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí na hOifige.’;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Na héifeachtaí atá ag tásc geografach tríú tír arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta a neamhbhailíochtú san Aontas

1.   Féadfaidh an Coimisiún nó, maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, féadfaidh an Oifig, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, na héifeachtaí atá ag cosaint tásc geografach san Aontas a neamhbhailíochtú, ina iomláine nó i bpáirt, i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás nach bhfuil an tásc geografach faoi chosaint a thuilleadh ag an bPáirtí Conarthach Tionscnaimh;

(b)

i gcás nach bhfuil an tásc geografach cláraithe a thuilleadh sa Chlár Idirnáisiúnta;

(c)

i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh an t-inneachar éigeantach a leagtar síos i riail 5(2) de na Comhrialacháin nó na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó saintréithe a leagtar síos i Riail 5(3) de na Comhrialacháin.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun críche mhír 1 den Airteagal seo. Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán seo, ach amháin i gcás inar tugadh deis do dhaoine nádúrtha nó d’eintitis dhlítheanacha mar a thagraítear dóibh i bpointe (ii) d’Airteagal 5(2) d’Ionstraim na Ginéive nó do na tairbhithe, mar a shainmhínítear iad i bpointe (xvii) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive, a gcearta a chosaint.

3.   I gcás nach bhfuil an neamhbhailíochtú faoi réir achomhairc a thuilleadh, nó i ndáil le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi neamhbhailíochtú éifeachtaí chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh i gcríoch an Aontais i gcomhréir le pointe (a) nó (c) de mhír 1.’

;

(10)

In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I ndáil le hainmniúchán tionscnaimh ar de thionscnamh Ballstáit é, ar páirtí conarthach é i gComhaontú Liospóin, le haghaidh táirge a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/2411 ach nach bhfuil faoi chosaint an Rialacháin sin go fóill, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn iarrata ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 5(2) d’Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive, nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh ceann de na nithe seo a leanas a iarraidh:

(a)

clárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin faoi Rialachán (AE) 2023/2411; nó

(b)

cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoin rogha de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, agus taiscfidh sé an iarraidh faoi seach faoin 2 Nollaig 2026. Beidh feidhm ag an nós imeachta clárúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 70(4) de Rialachán (AE) 2023/2411 mutatis mutandis.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann clárú idirnáisiúnta an ainmniúcháin tionscnaimh sin faoi Ionstraim na Ginéive, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát sin Ionstraim na Ginéive nó gur aontaigh sé di de bhun an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle, laistigh de 12 mhí ó dháta clárúcháin an táisc gheografaigh faoi Rialachán (AE) 2023/2411.

Fíoróidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhar leis an Oifig, leis an mBiúró Idirnáisiúnta, an bhfuil aon mhodhnuithe le déanamh faoi Riail 7(4) de na Comhrialacháin chun críche an chláraithe faoi Ionstraim na Ginéive. Údaróidh an Oifig don Bhallstát lena mbaineann foráil a dhéanamh do na modhnuithe is gá agus fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta.

I gcás go ndiúltófar an clárúchán faoi Rialachán (AE) 2023/2411 agus go mbeidh na leighis riaracháin agus bhreithiúnacha bainteacha ídithe, nó mura mbeidh an iarraidh ar chlárú faoi Ionstraim na Ginéive déanta de bhun an tríú fomhír den mhír seo, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.’

;

(11)

cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 15(1):

‘(e)

i gcás táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/2411, ón gCoiste um Thásca Geografacha Ceardaíochta agus Tionsclaíocha arna bhunú le hAirteagal 68 den Rialachán sin.’.

TEIDEAL VI

TÁILLÍ

Airteagal 65

Táillí

1.   Féadfaidh na Ballstáit táillí a ghearradh chun na costais a bhaineann leis an gcéim náisiúnta de na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chumhdach, go háirithe na costais a thabhaítear le linn iarratais, freasúraí, iarrataí ar leasuithe ar an tsonraíocht táirge, iarrataí ar chealú agus achomhairc a phróiseáil.

2.   Féadfaidh na Ballstáit táillí a ghearradh nó muirir a fhorchur chun costais na rialuithe a dhéantar de bhun Theideal IV den Rialachán seo a chumhdach.

3.   Gearrfaidh an Oifig táille maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an nós imeachta clárúcháin dhírigh, dá dtagraítear in Airteagal 20;

(b)

an nós imeachta a bhaineann le tásca geografacha tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (c); agus

(c)

achomhairc os comhair na mBord Achomhairc, dá dtagraítear in Airteagal 33.

4.   Féadfaidh an Oifig táille a ghearradh i ndáil le hiarrataí ar an tsonraíocht táirge a leasú agus i ndáil le hiarrataí ar chealú, i gcás ina ndearnadh an tásc geografach a chlárú de bhun cheann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 3.

5.   Beidh aon táillí a ghearrfar faoin Rialachán seo réasúnta, comhréireach agus cuirfear san áireamh leo staid MFBManna chun iomaíochas táirgeoirí a chothú. Ní rachaidh na táillí sin thar na costais a thabhófar chun na cúraimí a dhéanfar faoin Rialachán seo.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun méideanna na dtáillí atá le gearradh ag an Oifig agus na bealaí ina n-íocfar iad nó, i gcás táille as achomhairc os comhair na mBord Achomhairc, a aisíoc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

TEIDEAL VII

FORÁLACHA FORLÍONTACHA

Airteagal 66

Teangacha nós imeachta

1.   Na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chuirfear chuig an Oifig i ndáil leis na nósanna imeachta faoin Rialachán seo, beidh siad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

2.   Maidir leis na cúraimí a thugtar don Oifig faoin Rialachán seo, is iad teangacha oifigiúla uile an Aontais a bheidh i dteangacha na hOifige i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1 (26).

Airteagal 67

Córas TF

1.   Déanfaidh an Oifig an córas digiteach le haghaidh iarratais a chur faoi bhráid na hOifige go leictreonach, clár an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 37, agus an tairseach dhigiteach dá dtagraítear in Airteagal 58(3) a bhunú agus a chothabháil.

2.   Beidh an córas digiteach le haghaidh iarratais a chur faoi bhráid na Oifige go leictreonach ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Beidh rochtain éasca ag an bpobal air, i bhformáid atá inléite ag meaisín agus a úsáidtear go coitianta, agus úsáidfear é chun iarratais a chur faoi bhráid na hOifige de bhun Airteagal 21. Ina theannta sin, beidh an acmhainneacht ag an gcóras digiteach sin le go n-úsáidfeadh na Ballstáit é ag céim náisiúnta an nós imeachta clárúcháin.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um Thásca Geografacha Ceardaíochta agus Tionsclaíocha de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 11, 20, 22, 33 agus 51 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana ón 1 Nollaig 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 11, 20, 22, 33 nó 51 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 11, 20, 22, 33 nó 51 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 70

Ainmneacha atá ann cheana agus cosaint idirthréimhseach

1.   Faoin 2 Nollaig 2026, scoirfidh cosaint shonrach náisiúnta maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha de bheith ann, agus maidir le hiarratais a bheidh ar feitheamh, measfar nár tíolacadh iad, ach amháin i gcás ina ndéantar iarraidh de bhun mhír 2.

2.   Faoin 2 Nollaig 2026, cuirfidh na Ballstáit leasmhara in iúl don Choimisiún agus don Oifig cé acu ainmneacha atá faoi chosaint dlí nó, sna Ballstáit nach bhfuil aon chóras cosanta iontu, cé acu ainmneacha arna mbunú de réir úsáide, is mian leo a chlárú agus a chosaint de bhun an Rialacháin seo.

3.   Ar bhonn iarrata arna déanamh de bhun mhír 2, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann síneadh ama a chur le cosaint náisiúnta go dtí go dtugtar an nós imeachta clárúcháin i gcrích de bhun mhír 4 agus gur cinneadh críochnaitheach é. I gcás ina ndeonófar cosaint an Aontais, measfar gurb é an chéad lá cosanta faoin Rialachán seo an lá a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus an Oifig ar an eolas, agus i gcomhréir le mír 2.

4.   Cláróidh an Oifig, nó, i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 30, an Coimisiún, na hainmneacha a gcuirfear an Coimisiún ar an eolas fúthu de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus lena gcomhlíontar Airteagail 3, 6, 9 agus 10 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 22 go 30. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 25, 26 agus 27. Ní chlárófar téarmaí cineálacha, áfach.

Airteagal 71

Oibleagáidí tuairiscithe ar na Ballstáit

1.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún faoin 2 Nollaig 2029, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an straitéis maidir leis na rialuithe uile, agus torthaí na rialuithe uile, a dhéantar chun comhlíonadh na gceanglas a fhíorú a bhaineann leis an gcóras chun tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint a bhunaítear leis an Rialachán seo, dá dtagraítear i dTeideal IV;

(b)

comhlíonadh a fhíorú bunaithe ar fhéindearbhú dá dtagraítear in Airteagal 51;

(c)

an comhlíonadh a bheith fíoraithe ag údarás inniúil nó ag comhlacht deimhnithe táirgí nó ag duine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 52;

(d)

faireachán a dhéanamh ar úsáid tásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha sa mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 54;

(e)

comhlíonadh leanúnach dá dtagraítear in Airteagal 45(2); agus

(f)

ábhar neamhdhleathach ar chomhéadain ar líne dá dtagraítear in Airteagal 60.

2.   Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 19 ar fáil don Choimisiún chun maolú ar an nós imeachta clárúcháin caighdeánach faoin 30 Samhain 2024. Ar bhonn na faisnéise a fhaightear, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarraidh an Bhallstáit lena mbaineann maolú ar an nós imeachta clárúcháin caighdeánach agus gan údarás náisiúnta a ainmniú chun próiseáil a dhéanamh ar iarratais, ar iarrataí ar an tsonraíocht táirge a leasú agus ar iarrataí ar chealú mar a cheanglaítear le hAirteagal 12(1).

Airteagal 72

Athbhreithniú

1.   Faoin 2 Nollaig 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh togra reachtach le haghaidh a athbhreithnithe, i gcás inarb iomchuí. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar a mhéid a dhéantar luach na dtáirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha arna n-ainmniú le tásc geografach a chruthú laistigh den limistéar geografach sainithe nó in áit eile.

2.   Faoin an 2 Meitheamh 2026 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a indéanta atá córas faisnéise agus foláirimh in aghaidh úsáid mhí-úsáideach tásc geografach le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha sa chóras ainmneacha fearainn, agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2025. Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 19(1) agus (2), Airteagal 35(1), Airteagal 37(7), Airteagail 67, 68 agus 69 agus Airteagal 71(2) ón 16 Samhain 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 486, 21.12.2022, lch. 129.

(2)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023.

(4)   IO L 271, 24.10.2019, lch. 15.

(5)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)

(11)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7. 2002, lch. 37).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(13)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994, i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe (IO L 179, 19.6.2014, lch. 17).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(16)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú. (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 1).

(21)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)   IO C 258, 5.7.2022, lch. 5.

(24)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(25)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).

(26)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).


IARSCRÍBHINN I

FOIRM CHAIGHDEÁNACH DON FHÉINDEARBHÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 51

Féindearbhú dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

1.

Ainm agus seoladh an táirgeora: …

[Cuir isteach ainm agus seoladh an oibreora (cuideachta nó táirgeoir aonair) agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus seoladh ionadaí údaraithe na cuideachta nó an táirgeora a shíníonn an féindearbhú thar ceann an chomhlachta nó an táirgeora]

2.

Grúpa táirgeoirí: …

[Más infheidhme, cuir isteach ainm agus seoladh an ghrúpa táirgeoirí dá bhfuil an táirgeoir ina bhall]

3.

Ainm an táirge agus an cineál táirge: …

[Cuir isteach an t-ainm agus gach airí faoina margaítear an táirge atá ainmnithe leis an tásc geografach nó faoina mbeartaítear é a mhargú agus na cineálacha earraí lena mbaineann an táirge]

4.

Stádas an táirge: …

[Sonraigh an bhfuil an táirge ar an margadh cheana]

5.

Láithreáin táirgthe: …

[Cuir isteach gach láithreán táirgthe, lena seoladh agus a sonraí teagmhála, agus na gníomhaíochtaí (céimeanna táirgthe de bhun na sonraíochta táirge) a dhéantar ann]

6.

Ainm, uimhir agus dáta cláraithe an táisc gheografaigh: …

[Is féidir an ceanglas a chomhlíonadh ach an sliocht leictreonach comhfhreagrach ón gclár a chur i gceangal leis an bhféindearbhú]

7.

Doiciméad aonair: …

[Cuir isteach an fhaisnéis ón doiciméad aonair: ainm an táirge agus tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir leis an bpacáistiú agus an lipéadú, lena n-áirítear go bhféadfaí siombail an Aontais a úsáid le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint, agus sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach]

8.

Tuairisc ar na bearta a rinne an táirgeoir chun a áirithiú go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht táirge: …

[Cuir isteach gach beart (rialuithe agus seiceálacha) arna déanamh ag an táirgeoir féin, ag an ngrúpa táirgeoirí nó ag tríú páirtí ó cuireadh isteach an féindearbhú deireanach, agus tuairisc achomair ar gach beart sa tábla thíos ag gabháil leis]

Pointe rialaithe  (2)

Luach tagartha (3)

(Tástálacha)

Uathrialú (AC) ialú Inmheánach (IC) nó Rialú Seachtrach (EC)  (4)

Minicíocht (5)

An té atá freagrach as an rialú

Modh an rialaithe

Doiciméad tagartha

 

 

 

 

 

 

 

9.

Faisnéis bhreise: …

[Cuir isteach aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith ábhartha lena mheas an bhfuil an tsonraíocht táirge á comhlíonadh ag an táirge, e.g. samplaí den lipéad, má tá rialacha lipéadaithe sa tsonraíocht táirge]

10.

Dearbhú maidir le comhlíonadh cheanglais na sonraíochta táirge:

Dearbhaím, leis seo, go gcomhlíonann an táirge thuasluaite, lena n-áirítear a shaintréithe agus a chomhpháirteanna, go gcomhlíonann sé an tsonraíocht táirge comhfhreagrach. Na rialuithe agus na seiceálacha uile is gá chun comhréireacht a chinneadh i gceart, tá siad curtha i gcrích.

Is eol dom go bhféadfar pionóis a fhorchur i gcás ráiteas bréagach a dhéanamh.

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(áit agus dáta):

(ainm, feidhm) (síniú):


(1)  Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).

(2)  Pointe rialaithe: an chéim sheicphointe nó na céimeanna seicphointe laistigh den phróiseas táirgthe ina gcuirtear an beart rialaithe i bhfeidhm.

(3)  Spriocluach tagartha, más ann dó, atá le baint amach ag an bpointe rialaithe.

(4)  AC: rialú arna dhéanamh ag an táirgeoir féin; IC: rialú arna dhéanamh ag an ngrúpa táirgeoirí féin; CE: rialú arna dhéanamh ag comhlacht deimhnithe táirgí nó ag duine nádúrtha.

(5)  Minicíocht: an t-eatramh ama idir na rialuithe.


IARSCRÍBHINN II

FOIRM CHAIGHDEÁNACH DON DOICIMÉAD AONAIR DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10

Doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

[Cuir isteach an t-ainm, mar atá i bpointe 1:] ‘…’

Uimhir Aontais: [le haghaidh úsáid an Aontais amháin]

1.

Ainm(neacha) [an táisc gheografaigh atá beartaithe] ...

[Cuir isteach an t-ainm atá le cosaint mar thásc geografach nó, i gcás iarraidh ar léasú ar an tsonraíocht táirge, an t-ainm cláraithe]

2.

Ballstát nó tríú tír …

3.

Tuairisc ar an táirge

3.1.

Cineál táirge …

3.2.

Tuairisc ar an táirge arna ainmniú leis an ainm faoi phointe 1 …

[D’fhonn an táirge sin a shainaithint, úsáid na sainmhínithe agus na caighdeáin a úsáidtear go coitianta i gcás an táirge sin. Sa tuairisc ar an táirge, dírigh ar shainiúlacht an táirge, trí aonaid tomhais agus téarmaí coiteanna nó teicniúla comparáide a úsáid, gan saintréithe teicniúla a bhaineann le gach táirge den chineál sin nó ceanglais éigeantacha dhlíthiúla is infheidhme maidir le gach táirge den chineál sin a chur san áireamh]

3.3.

Céimeanna táirgthe sonracha nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe …

[Luaigh na réasúnuithe maidir le haon srian nó maolú]

3.4.

Rialacha sonracha maidir le pacáistiú an táirge a ainmnítear leis an ainm faoi phointe 1

[Más infheidhme, soláthar réasúnuithe táirgeshonracha maidir le haon srian]

3.5.

Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge arna ainmniú faoin ainm faoi phointe 1 …

[Más infheidhme, luaigh na réasúnuithe maidir le haon srian]

4.

Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach …

[I gcás inarb iomchuí, cuir isteach léarscáil den limistéar geografach]

5.

Nasc leis an limistéar geografach …

[Luaigh an nasc idir an limistéar geografach agus an cháilíocht áirithe, clú nó saintréith eile an táirge.

Chuige sin, luaigh go sainráite cé na tosca sin ar a bhfuil an nasc bunaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, eilimintí den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe lena dtugtar údar cuí leis an nasc sin]

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge (le cur isteach ag an údarás inniúil nó ag an Oifig, a luaithe a bheidh sí ar fáil)


(1)  Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).


IARSCRÍBHINN III

FOIRM CHAIGHDEÁNACH DON RÁITEAS FREASÚRA RÉASÚNAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 26

Ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an (1)

1.

Ainm an táirge: …

[mar a iontráladh i gclár an Aontais é]

2.

Uimhir: …

[mar a iontráladh i gclár an Aontais é]

Dáta foilsithe an doiciméid aonair agus an tagairt d’fhoilsiú leictreonach na sonraíochta táirge i gclár an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 23(7) de Rialachán (AE) 2023/2411: ...

3.

Sonraí teagmhála

Teagmhálaí:

Teideal: …

Ainm: …

Duine nádúrtha nó dlítheanach/eagraíocht/an t-údarás inniúil: …

Seoladh: …

Uimhir theileafóin: …

Seoladh ríomhphoist: …

4.

Forais le haghaidh an fhreasúra:

Neamhchomhlíonadh na gceanglas sonrach maidir le cosaint a leagtar síos sa Rialachán (AE) 2023/2411.

Bheadh an tásc geografach atá beartaithe contrártha do na nithe seo a leanas:

Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2023/2411;

Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2023/2411; nó

Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2023/2411.

Dhéanfadh an tásc geografach atá beartaithe dochar do bheithsine ainm a úsáidtear i réimse na trádála nó trádmhairc atá comhionann nó comhchosúil nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an iarratais dá bhforáiltear in Airteagal 22(7) de Rialachán (AE) 2023/2411

5.

Sonraí chun tacú leis an bhfreasúra

[Soláthraigh cúiseanna cuí-réasúnaithe agus údar cuí leis an bhfreasúra, lena n-áirítear ráiteas ina mínítear leas dlisteanach an fhreasúra, mura rud é go ndéanann údarás náisiúnta an freasúra a thaisceadh, agus sa chás sin ní gá ráiteas leasa dhlisteanaigh a dhéanamh.]

(áit agus dáta):

(ainm, feidhm) (síniú):


(1)  Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)