52010PC0093

Togra leasaithe le haghaidh rialachán (ae) uimh …/…ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) /* COIM/2010/0093 leagan deireanach - P 2009/0008 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 19.3.2010

COIM(2010)93 leagan deireanach

2009/0089/P (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh …/…Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Gníomhaireacht le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1. Forais agus cuspóirí an togra

An 24 Meitheamh 2009 ghlac an Coimisiún togra reachtach d'fhonn Gníomhaireacht a bhunú a bheadh freagrach as bainistiú oibríochtúil córas teicneolaíochta faisnéise ('TF') ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais.

Dhá thogra a bhí sa phacáiste reachtaíochta tosaigh: togra le haghaidh Rialacháin ag bunú Gníomhaireachta agus togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle ag bronnadh cúraimí ar an nGníomhaireacht a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le bainistiú oibríochtúil SIS II agus VIS chun Teideal IV de Chonradh AE a chur chun feidhme. Sa Rialachán a bhí beartaithe, cumhdaíodh SIS II, VIS agus EURODAC a mhéid a bhí siad á rialú ag Conradh AE. Sa Chinneadh a bhí beartaithe, cumhdaíodh SIS II, VIS and EURODAC a mhéid a bhí siad á rialú ag Conradh AE.

Nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, tháinig deireadh leis an t-idirdhealú a bhí ann idir bunús dlí Chonradh CE agus bunús dlí Chonradh AE i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Ina theannta sin, faoi mar a cuireadh in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dTeachtaireacht COIM(2009)665 dar dáta 2 Nollaig 2009, chuaigh an togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle i léig agus aistarraingíodh go foirmeálta é.

Is gá, dá bhrí sin, na téacsanna dlí thuasluaite a chomhcheangail sa togra aonair leasaithe seo le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cuirtear san áireamh sa togra seo na hathruithe a tháinig as teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus tá na forálacha substainteacha a moladh den chéad uair mar Chinneadh ón gComhairle ann freisin.

Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú oibríochtúil fadtéarmach an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) agus EURODAC. Tá sé mar aidhm ag an togra seo le haghaidh Rialacháin chomh maith an creat a leagan síos chun go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht forbairt agus bainistiú oibríochtúil ar chórais eile TF ar mhórscála chun Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm agus, b'fhéidir, ar chórais eile TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Éileofar sainchúram ar leith ón reachtóir, nach dtugtar leis an togra seo, chun comhtháthú ar bith mar sin a dhéanamh ar chórais eile, áfach.

Rinne an Coimisiún Measúnú Iarmharta chun an réiteach is fearr a shainaithint le haghaidh bainistiú oibríochtúil fadtéarmach SIS II, VIS agus EURODAC[1]. I gcomhráitis a ghabhann le hionstraimí dlíthiúla SIS II agus VIS[2], thug an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa cuireadh don Choimisiún, tar éis Measúnú Iarmharta ina ndearnadh anailís shubstainteach ar na roghanna ó thaobh airgeadais, ó thaobh oibríochta agus ó thaobh eagrúcháin, na tograí reachtacha is gá a chur i láthair a bhronnann bainistiú oibríochtúil fadtéarmach SIS II agus VIS ar ghníomhaireacht. I ndiaidh na hanailíse ar roghanna éagsúla, measadh gur Ghníomhaireacht Rialála nua an rogha ab indéanta le cúraimí 'Údarás Bainistithe' a chur i gcrích do na córais sin san fhadtéarma.

Is éard is príomhchúram na Gníomhaireachta na cúraimí bainistithe oibríochtúla a chomhlíonadh do SIS II, VIS agus EURODAC, na córais a choinneáil ag imeacht 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, rud a dhéanfaidh malartú sonraí leanúnach gan bhriseadh a áirithiú. Thar na cúraimí oibríochtúla seo, sannfar don Ghníomhaireacht na freagrachtaí a ghabhann leo as bearta slándála a ghlacadh, tuairisciú, foilsiú, monatóireacht, faisnéis, oiliúint a bhaineann go sonrach le VIS agus SIS II a eagrú, treoirscéimeanna a chur i bhfeidhm arna iarraidh sin go sonrach ag an gCoimisiún agus monatóireacht a dhéanamh ar thaighde. Trí na córais a chomhcheangal i gComhghníomhaireacht féadfar leas a bhaint as sineirgí mar aon le háiseanna agus baill foirne a roinnt. Léiríonn struchtúr rialachais na Gníomhaireachta an gheoiméadracht athraitheach atá cheana ann a shonraíonn grúpa ilchineálach de thíortha rannpháirteacha (Ballstáit AE le leibhéil rannpháirtíochta difriúla sna córais faisnéise agus tíortha comhlachaithe).

Níl tionchar ag an togra seo ar an gcreat airgeadais i gcomhair 2007-2013. Tá an ráiteas airgeadais reachtach atá i gceangal leis an togra seo bunaithe den chuid is mó ar mheastacháin agus ar fhigiúirí ón measúnú iarmharta a rinneadh in 2007. Tá an ráiteas airgeadais reachtach seo bunaithe freisin ar an mbonn tuisceana go nglacfar leis an togra seo in 2010, ionas gur féidir an Ghníomhaireacht a bhunú go dleathach in 2011 agus a bheith ina Gníomhaireacht chuimsitheach iomlán a bheidh in ann na cúraimí ar fad a bhaineann le bainistiú oibríochtúil SIS II, VIS agus EURODAC agus córais eile TF ar mhórscála a ghabháil de láimh in 2012. Sa chomhráiteas a ghabhann le hionstraimí dlíthiúla SIS II agus VIS thiomnaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéileálfaidís leis na tograí maidir le bainistiú oibríochtúil fadtéarmach SIS II agus VIS chomh tapa agus ab fhéidir agus go nglacfaí leo chun dóthain ama a thabhairt don Ghníomhaireacht dul i mbun a cuid gníomhaíochtaí go hiomlán roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana tar éis do na hionstraimí dlíthiúla SIS II agus VIS teacht i bhfeidhm.

Ar deireadh, ba cheart don Chomhairle cuimhneamh ar na himpleachtaí a bhaineann le suíomh na Gníomhaireachta a roghnú.

1.2. An comhthéacs ginearálta

In Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear 'CFAE' anseo feasta), déantar foráil go n-áiritheoidh an tAontas nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus cumfaidh sé comhbheartas maidir le tearmann, inimirce agus rialú ag teorainneacha seachtracha. Ina leith sin, ceanglaítear in Airteagal 77 de CFAE go nglacfar bearta a bhaineann leis an gcomhbheartas maidir le víosaí, leis na seiceálacha a dhéanfar ar dhaoine agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha, leis na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal laistigh den Aontas, leis na bearta is gá chun córas comhtháite bainistíochta ar theoireannacha seachtracha a bhunú de réir a chéile, agus le gan aon rialú a dhéanamh ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu.

Sa chomhthéacs sin, ar bhonn Choinbhinsiún Schengen[3], bunaíodh Córas Faisnéise Schengen (SIS) chun beartas poiblí agus slándáil phoiblí, lena n-áirítear slándáil náisiúnta, a chothabháil. Bunaíodh an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid[4]. Is é is aidhm dó rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de réimse na saoirse, na slándála agus ceartais san Aontais Eorpachh, lena n-áirítear slándáil phoiblí agus beartas poiblí a chothabháil agus slándáil i gcríocha na mBallstát a chosaint.

Bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus sonraí a mhalartú idir Ballstáit i dtaca le víosaí gearrchónaí (Rialachán VIS)[5]. Cuirfidh VIS ar chumas consalachtaí agus údaráis inniúla eile na mBallstát faisnéis maidir le víosaí a mhalartú ar mhaithe leis an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú, 'siopadóireacht i gcomhair víosa' a chosc, cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise, seiceálacha a éascú ag pointí trasnaithe teorann seachtrach agus laistigh de na Ballstáit, ag cabhrú chun náisiúnaigh tríú tíortha a shainaithint, cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath a éascú agus ag cuidiú leis an gcosc ar bhagairtí slándála inmheánaí cheann ar bith de na Ballstáit.

Cruthaíodh EURODAC, córas teicneolaíochta faisnéise ar fud an Aontais, chun cur chun feidhme Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath[6] a éascú, a raibh sé mar aidhm aige meicníocht a bhunú lena gcinntear freagracht as iarratais ar thearmann arna dtaisceadh i gceann de Bhallstáit AE. Cuireadh ionstraim dlí de chuid an Aontais in ionad an Choinbhinsiúin, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit (ie. Rialachán Bhaile Átha Cliath)[7].

Tá geoiméadracht athraitheach ina tréith de chreataí dlíthiúla SIS II, VIS agus EURODAC. Ar thaobh amháin, glacann Éire agus an Ríocht Aontaithe páirt in EURODAC ach níl ach baint bheag acu le SIS II, agus ní ghlacann siad páirt i VIS, agus tá baint ag an Danmhairg leis na trí chóras ar bhunús dlí difriúil. Ar an taobh eile, tá baint nó beidh baint ag roinnt tíortha nach bhfuil san AE, mar atá an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin, le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, agus dá bhrí sin tá siad páirteach in SIS II agus VIS araon.

1.3. Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Mar gheall ar na gnéithe trascholún de SIS II a bhí ann roimhe seo, is é atá i gcreat dlíthiúil SIS II Rialacháin agus Cinntí de chuid an chéad cholúin agus Cinntí de chuid an tríú colún. Cé gur tháinig deireadh leis an idirdhealú sin nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, tá ionstraimí fós ann ina bhfuil struchtúr na gcolún fós le feiceáil:

- Rialachán (CE) Uimh.2424/2001 ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt[8];

- Cinneadh 2001/886/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt[9];

- Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid[10];

- Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le rochtain ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag na seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint[11];

- Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt[12];

- Cinntí 2007/170/CE agus 2007/171/CE ón gCoimisiún an 16 Márta 2007 ina leagtar síos na ceanglais líonra don Chóras Faisnéise Schengen II[13];

- Rialachán (CE) Uimh. 189/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir le tástálacha ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)[14];

- Cinneadh 2008/173/CE ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir le tástálacha ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)[15];

- Cinntí 2008/333/CE agus 334/2008/CGB ón gCoimisiún an 4 Márta 2008 lena nglactar le Lámhleabhar SIRENE agus bearta cur chun feidhme eile don dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)[16];

- Rialachán (CE) Uimh. 1104/2008 ón gComhairle an 24 Deireadh fómhair 2008 maidir le haistriú ón gCóras Faisnéise Schengen (SIS 1+) chuig an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)[17];

- Cinneadh 2008/839/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh fómhair 2008 maidir le haistriú ón gCóras Faisnéise Schengen (SIS 1+) chuig an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)[18].

Murab ionann is SIS II, bunaíodh VIS faoin gcéad cholún a bhí ann roimhe seo. Glacadh le hionstraim VIS tríú colúin le cur ar chumas údaráis forghníomhaithe dlí ainmnithe rochtain a fháil ar an gcóras chun é a cheadú maidir le cionta áirithe a dhéantar. Seo a leanas ionstraimí dlíthiúla ábhartha do VIS:

- Is é Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 ag bunú an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS)[19] an bunús dlí chun na leithreasaí is gá a chuimsiú i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh chun forbairt a dhéanamh ar VIS;

- Cinneadh 2006/752/CE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2006 lena mbunaítear na suíomhanna don Chóras Faisnéise Víosaí i rith na céime forbartha[20];

- Cinneadh 2006/648/CE ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2006 ina leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla ar na caighdeáin do ghnéithe bithmhéadracha a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar an gCóras Faisnéise Víosaí[21];

- Cinneadh 2008/602/CE ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2008 ina leagtar síos an ailtireacht fhisiciúil agus ceanglais na gcomhéadan náisiúnta agus an bhonneagair chumarsáide idir VIS láir agus na comhéadain náisiúnta don chéim forbartha[22];

- Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus sonraí a mhalartú idir Ballstáit i dtaca le víosaí gearrchónaí (Rialachán VIS)[23];

- Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chun a cheadaithe ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú[24].

Bunaíodh EURODAC faoin gcéad cholún:

- Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath[25] a chur i bhfeidhm go héifeachtach;

- Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 ina leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 a chur i bhfeidhm maidir le 'Eurodac' a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath[26] a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

1.4. Comhsheasmhacht le beartais eile agus le cuspóirí an Aontais Eorpaigh

Tá an togra comhsheasmhach le beartais reatha agus le cuspóirí an Aontais Eorpaigh, go háirithe an cuspóir chun réimse saoirse, slándála agus ceartais a chruthú.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AN MEASÚNÚ IARMHARTA

2.1. Bailiú agus úsáid an tsaineolais, comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Tá an tuarascáil um Measúnú Iarmharta bunaithe ar réamhstaidéar, a rinne conraitheoir seachtrach[27]. Rinneadh seacht n-agallamh is fiche i gcreat an staidéir, lena raibh baint ag ionadaithe ó Bhallstáit AE, an Iorua, Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, Comhúdarás Maoirseachta Schengen, an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX), Europol, an suíomh C.SIS in Strasbourg atá freagrach as bainistiú oibríochtúil SIS 1+ agus saineolaithe ón tionscal. Ina theannta sin, bunaíodh Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse, a bhí comhdhéanta d'Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas measúnaithe iarmharta.

2.2. Measúnú Iarmharta

I ndiaidh próisis réamhscagtha, coinníodh cúig rogha féideartha chun an cuspóir maidir le bainistiú oibríochtúil fadtéarmach SIS II, VIS agus EURODAC a bhaint amach agus rinneadh anailís bhreise orthu.

- Rogha 1 - bunlíne: leanfaí ar aghaidh leis an réiteach bainistithe oibríochtúil i gcomhair SIS II agus VIS a aithníodh don idirthréimhse (an Coimisiún ag bronnadh cúraimí bainistithe oibríochtúil ar údaráis na mBallstát) mar réiteach buan. Faoi láthair, déanann an Coimisiún bainistiú ar EURODAC agus dhéanfaí an réiteach seo a choinneáil freisin.

- Rogha 2 - bunlíne+ faoina gcuirfeadh an Coimisiún na cúraimí bainistithe oibríochtúil a bhaineann le SIS II, VIS agus EURODAC ar iontaoibh údaráis na mBallstát.

- Rogha 3 - Gníomhaireacht Rialála nua a ghlacfadh freagracht maidir le bainistiú oibríochtúil fadtéarmach SIS II, VIS agus EURODAC.

- Rogha 4 - dhéanfadh FRONTEX bainistiú ar na trí chóras, rud a mbeadh athruithe ar a ghníomh bunúsach agus ar a struchtúr bainistithe araon i gceist leis.

- Rogha 5 - dhéanfadh EUROPOL bainistiú ar SIS II, agus dhéanfadh an Coimisiún bainistiú ar VIS agus EURODAC. Rinneadh an rogha seo a mheas le linn caibidlíochtaí a bheith fós ar bun maidir le gníomh de chuid an Chomhphobail a dhéanamh den Choinbhinsiún Europol reatha.

Mar thoradh ar anailís chomparáideach, bhain rogha na Gníomhaireachta Rialála nua, a bhfuil sé mar aidhm aige comhstruchtúr bainistithe oibríochtúil a chruthú i gcomhair SIS II, VIS agus EURODAC, an scór ab airde amach.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1. Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Is é is aidhm don togra seo Gníomhaireacht a bhunú a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil ar SIS II, EURODAC agus ar chórais eile TF ar mhórscála chun Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

Agus bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála á thabhairt de chúram do Ghníomhaireacht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, ní dhéantar difear do na rialacha sonracha maidir leis an gcuspóir, cearta rochtana, bearta slándála agus ceanglais bhreise cosanta sonraí atá infheidhme maidir leis na córais sin.

Bunófar an Ghníomhaireacht rialála mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici. Is cúraimí oibríochtúla iad na chéad chúraimí atá le bronnadh ar an nGníomhaireacht. Is é sin le rá bainistiú foriomlán a áirithiú ar na córais faisnéise agus ar oibriú na gcóras. Dá bhrí sin, bheadh sé ina 'ionad barr feabhais' ag a mbeadh sainfhoireann oibríochtúil. Dhéanfadh saineagraíocht tiomnaithe an leibhéal éifeachtachta agus freagrúlachta is airde a áirithiú freisin, agus as forbairt agus bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais féideartha eile i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais freisin.

Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as na cúraimí a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide dá dtagraítear in Airteagail 15(2) de Rialachán agus de Chinneadh SIS II agus in Airteagal 26(2) de Rialachán VIS agus in Airteagal [5(2)...] de Rialachán (CE) XX/2010 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Rialachán (CE) Uimh. […/…][28] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Sa bhreis air sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí a bhaineann le hoiliúint a chur ar shaineolaithe in VIS agus SIS II lena n-áirítear oiliúint i ndáil le malartú faisnéise, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus cur chun feidhme treoirscéimeanna, arna iarraidh sin go sonrach ag an gCoimisiún.

D'fhéadfadh an Ghníomhaireacht a bheith freagrach freisin as córais eile TF ar mhórscála a fhorbairt agus a bhainistiú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Bheadh sé seo faoi réir ag ionstraimí reachtacha lena mbunófaí córais a bhronnfadh as sin na hinniúlachtaí faoi seach ar an nGníomhaireacht.

Is é an príomhchomhlacht a rialóidh an Ghníomhaireacht an Bord Bainistíochta ar a mbeidh ionadaíocht leordhóthanach na mBallstát agus an Choimisiúin. Ba cheart d'ionadaíocht na mBallstát cearta agus oibleagáidí Conarthacha gach Ballstáita léiriú. Beidh na tíortha atá bainteach le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, agus forbairt acquis Schengen agus bearta a bhaineann le EURODAC rannpháirteach sa Ghníomhaireacht freisin.

3.2. Bunús dlí

Is ar Airteagail 77(2)(a) agus (b), 78(2)(e), 79(2)(c), 74, 82(1)(d) agus 87(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá an togra leasaithe seo bunaithe.

In Airteagal 74 de CFAE, déantar foráil do bhearta iomchuí a ghlacadh chun comhar riaracháin idir na ranna ábhartha i riaracháin na mBallstát a spreagadh agus a neartú. Is bunús iomchuí dlí é seo toisc go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid agus comhar idir ranna ábhartha riaracháin na mBallstát a éascú sna réimsí a luaitear thuas.

Tabharfaidh na cúraimí bainistithe oibríochtúil atá le bronnadh ar an nGníomhaireacht tacaíocht do na gnéithe beartais atá mar bhunús ag Rialachán SIS II agus VIS. I gcomhréir le hAirteagail 77(2)(b) agus 79(2)(c) de CFAE, ar Airteagail iad atá ina mbunús iomchuí dlí le cúraimí na Gníomhaireachta a bhaineann le SIS II, beidh an Ghníomhaireachta ag plé le gnéithe teicniúla na gcúrsaí sin a bhaineann le seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha chomh maith le bearta i réimse na hinimirce neamhdhleathaí agus na cónaitheachta neamhdhleathaí faoi seach. Maidir le cúrsaí VIS, tabharfaidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta tacaíocht theicniúil do nósanna imeachta na mBallstát maidir le víosaí a eisiúint; tá sé bunaithe, dá bhrí sin, ar Airteagal 77(2)(a) de CFAE.

Maidir le cúrsaí EURODAC, is éard a bheidh i gceist leis na cúraimí bainistithe oibríochtúla atá le bronnadh ar an nGníomhaireacht tacaíocht theicniúil a thabhairt agus cinneadh á dhéanamh i ndáil leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a chuireann náisiúnach tríú tír isteach i gceann de na Ballstáit (Airteagal 78(2)(e) de CFAE).

In Airteagal 82(1)(d) de CFAE déantar foráil do bhearta a ghlacadh chun comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus le breitheanna a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 87(2)(a) de CFAE go ndéanfar, chun críche comhar póilíneachta idir údaráis inniúla na mBallstát a bhunú, bearta maidir le bailiú, stóráil, próiseáil, anailisiú agus malartú faisnéise ábhartha a ghlacadh. Is ionann na forálacha sin agus bunús iomchuí dlí le cúraimí sa réimse seo a thabhairt don Ghníomhaireacht.

Is i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a ghlacfar bearta dá dtagraítear in Airteagail 77(2)(a) agus (b), 78(2)(e), 79(2)(c), 82(1)(d) agus 87(2)(a) de CFAE. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach maidir leis an Rialachán ina iomláine a ghlacadh.

3.3. Geoiméadracht athraitheach

Toisc go bhfuil bunús dlí an togra seo le haghaidh Rialacháin le fáil i dTeideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá tionchar ag an geoiméadracht athraitheach a eascraíonn as na Prótacail ar sheasamh na Ríochta Aontaithe, na hÉireann agus na Danmhairge air. Is forbairt é an togra seo le haghaidh Rialacháin ar acquis Schengen agus ar fhorálacha na mbeart a bhaineann le EURODAC. Dá bhrí sin, ní mór na hiarmhairtí a leanas a eascraíonn as na prótacail agus as na comhaontuithe comhlachais éagsúla a chur san áireamh.

An Danmhairg:

Faoin bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, ar Prótacal é atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh beart de bhun Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ag an gComhairle, ach amháin i gcás "bearta lena gcinntear na tríú tíortha a gcaithfidh víosa a bheith i seilbh a gcuid náisiúnach agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát, nó bearta a bhaineann le formáid chomhionann do víosaí". Is forbairt an togra seo ar acquis Schengen agus tá feidhm ag Airteagal 4 den Phrótacal. I gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, chinn an Danmhairg Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta.

A fhad a bhaineann le EURODAC, i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, cuireann an Danmhairg Rialachán EURODAC reatha i bhfeidhm, tar éis comhaontú idirnáisiúnta[29] a thug sí i gcrích leis an AE in 2006.

An Ríocht Aontaithe agus Éire:

A mhéid a bhaineann sé le SIS II arna rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS, is forbairt an togra seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach nglacann an Ríocht Aontaithe agus Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen agus Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2002 maidir le hiarraidh na hÉireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann sé le SIS II arna rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn agus níl siad faoi réir a chur i bhfeidhm.

Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal ag Rialachán EURODAC (CE) Uimh. 2725/2000 i ndiaidh an fhógra a thug siad go raibh siad ag iarraidh a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin bunaithe ar sheasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann a ghabhann leis na Conarthaí. Níl aon tionchar ag seasamh na mBallstát seo maidir le Rialachán EURODAC ar an rannpháirtíocht a d'fhéadfadh a bheith acu amach anseo maidir leis an togra seo.

An Iorua agus an Íoslainn:

Maidir leis an Iorua agus an Íoslainn, is ionann an togra seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an gcomhlachas atá ag an dá Stát sin le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen[30].

An tráth céanna agus a chuaigh roinnt Ballstát nach bhfuil san AE i gcomhlachú le acquis Schengen, rinne an Comhphobal (mar a thugtaí air – 'an tAontas' a thugtar air anois) roinnt comhaontuithe a thabhairt i gcrích, nó tá sé ar tí iad a thabhairt i gcrích. I gcás roinnt de na comhaontuithe sin téann na tíortha sin i gcomhlachú leis na bearta a bhaineann le EURODAC freisin. Is in 2001 a tugadh i gcrích an comhaontú lenar ndeachaigh an Íoslainn agus an Iorua i gcomhlachú[31].

An Eilvéis:

Maidir leis an Eilvéis, is ionann an togra seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[32].

Maidir leis na bearta a bhaineann le EURODAC, rinneadh an comhaontú lena ndeachaigh an Eilvéis i gcomhlachú a thabhairt i gcrích an 28 Feabhra 2008 agus tá sé infheidhme ón 12 Nollaig 2008 i leith[33].

Lichtinstéin:

Maidir le Lichtinstéin, is ionann an togra seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a rinneadh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise, le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, B agus G de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle[34].

Maidir leis na bearta a bhaineann le EURODAC, síníodh an comhaontú lena ndeachaigh Lichtinstéin i gcomhlachú an 28 Feabhra 2008 agus tá sé faoi réir a thabhairt i gcrích amach anseo[35].

Forálacha coiteanna le haghaidh na dtíortha atá comhlachaithe leis na bearta a bhaineann le EURODAC:

I gcomhréir leis na trí chomhaontú thuasluaite, glacfaidh na tíortha comhlachaithe na bearta a bhaineann le EURODAC agus a fhorbairt gan eisceacht. Ní bhíonn siad rannpháirteach i nglacadh aon ghníomhartha lena leasaítear nó lena dtógtar ar na bearta a bhaineann le EURODAC (lena n-áirítear mar sin an togra seo) ach ní foláir dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de chreat ama áirithe maidir lena gCinneadh cibé an nglacann siad nó nach nglacann siad an méid atá sa ghníomh, a luaithe is a fhormheasfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa é. Sa chás nach nglacfaidh an Iorua, an Íoslann, an Eilvéis nó Lichtinstéin le gníomh lena leasaítear nó lena bhforbraítear na bearta a bhaineann le EURODAC, cuirfear deireadh leis na comhaontuithe faoi seach, mura gcinneann an Comhchoiste/Coiste Measctha arna bhunú ag na comhaontuithe a mhalairt d'aontoil.

D'fhonn cearta agus oibleagáidí idir an Danmhairg — tír a tháinig, faoi mar a míníodh thuas, i gcomhlachú leis na bearta a bhaineann le EURODAC trí chomhaontú idirnáisiúnta — agus na tíortha comhlachaithe thuasluaite, cuireadh dhá ionstraim eile i gcrích idir an Comhphobal (mar a thugtaí air – 'an tAontas' atá air anois) agus na tíortha comhlachaithe[36].

3.4. Prionsabal na coimhdeachta

Déanann an togra prionsabal na coimhdeachta a urramú, toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh bheartaithe a bhaint amach ina n-aonair, is é sin bainistiú oibríochtúil an SIS II Láir, VIS Láir agus na gComhéadan Náisiúnta, EURODAC Láir, chomh maith le gnéithe áirithe dá gcuid bonneagar cumarsáide, a bhronnadh ar Ghníomhaireacht.

3.5. Prionsabal na comhréireachta

Thabharfaí inniúlachtaí don Ghníomhaireacht, a bheadh le maoiniú ó bhuiséad an AE, chun lárchodanna SIS II, lárchodanna VIS agus na comhéadain náisiúnta, agus an chuid láir de EURODAC a bhainistiú, agus iad sin amháin, chomh maith le gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide, gan freagracht a bheith aici as na sonraí a iontráiltear sna córais. Tá na Ballstáit inniúil ar a gcórais náisiúnta. Dá bhrí sin, ní théann inniúlachtaí na Gníomhaireachta thar an méid is gá chun tacú le malartú sonraí atá éifeachtúil, slán agus leanúnach idir na Ballstáit. Meastar bunú struchtúir thiomnaithe a bheith i gcomhréir le leasanna dlisteanacha úsáideoirí agus nádúr ardslándála, ard-infhaighteachta agus ríthábhachtach na misean.

3.6. Rogha Ionstraimí

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna bhunú ar Airteagail 77(2)(a) agus (b), 78(2)(e), 79(2)(c), 74, 82(1)(d) agus 87(2)(a) de CFAE is ea an ionstraim is oiriúnaí le comhlacht a bhunú faoi Theideal V de CFAE.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Déanfar an Ghníomhaireacht a chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Bhí an ráitis airgeadais ábhartha i gceangal leis an togra bunaidh dar dáta 24 Meitheamh 2009; níl aon athrú déanta air.

5. EOLAS BREISE

5.1. Simpliú

Tá foráil sa togra chun reachtaíocht a shimpliú trí aon struchtúr bainistithe oibríochtúil amháin a bhunú i gcomhair roinnt córas TF i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais.

5.2. Meastóireacht

Tá clásal meastóireachta ar áireamh in Airteagal 27 den Rialachán atá beartaithe.

2009/0089/P (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh …/…Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Gníomhaireacht le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagail 77(2)(a) agus (b), 78(2)(e), 79(2)(c), 74, 82(1)(d) agus 87(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[37],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta[38],

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[39],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an gnáthnós imeachta reachtach[40],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Bunaíodh an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)[41] a bhunú, a oibriú agus a úsáid agus le Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II)[42] a bhunú, a oibriú agus a úsáid. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB beidh an Coimisiún freagrach, ar feadh idirthréimhse, as bainistiú oibríochtúil SIS II Láir. I ndiaidh na hidirthréimhse sin, beidh Údarás Bainistíochta freagrach as bainistiú oibríochtúil SIS II Láir agus as gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide.

(2) Bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 ag bunú an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS)[43]. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus sonraí a mhalartú idir Ballstáit i dtaca le víosaí gearrchónaí (Rialachán VIS)[44] beidh an Coimisiún freagrach, ar feadh idirthréimhse, as bainistiú oibríochtúil VIS. I ndiaidh na hidirthréimhse sin, beidh Údarás Bainistíochta freagrach as bainistiú oibríochtúil VIS Láir, na gcomhéadan náisiúnta agus as gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide.

(3) Bunaíodh EURODAC le Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil[45]. I gcomhréir le Rialachán (CE) XX/2009 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Rialachán Uimh.[…/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil beidh an Coimisiún freagrach, ar feadh idirthréimhse, as bainistiú oibríochtúil EURODAC. I ndiaidh na hidirthréimhse sin, beidh Údarás Bainistíochta freagrach as bainistiú oibríochtúil an Lárchórais agus gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide.

(4) Chun bainistiú oibríochtúil SIS II, VIS agus EURODAC a áirithiú i ndiaidh na hidirthréimhse agus, go hionchaiseach, bainistiú oibríochtúil córais faisnéise teicneolaíochta ('TF') eile i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, is gá Údarás Bainistíochta a bhunú.

(5) D'fhonn sineirgí a bhaint amach, is gá foráil a dhéanamh do bhainistiú oibríochtúil na gcóras seo in eintiteas amháin, ag baint leasa as geilleagair mhórscála, mais chriticiúil a chruthú agus an ráta úsáide is airde as caipiteal agus as acmhainní daonna a áirithiú.

(6) Ós rud é gur cheart neamhspleáchas dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais a bheith ag an Údarás Bainistíochta, ba cheart é a bhunú i bhfoirm gníomhaireachta rialála a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici.

(7) Dá bharr sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúraimí an Údaráis Bainistíochta, atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus i Rialachán (CE) XX/2009 maidir le bunú 'Eurodac' chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, a chomhlíonadh. Tá tuilleadh forbartha teicniúla i gceist leis na cúraimí seo.

(8) Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht oiliúint a bhaineann go sonrach le VIS agus SIS II a eagrú.

(9) Lena chois sin, féadfar ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas breise TF ar mhórscála ar bhonn ionstraime reachtaí ábhartha a chur de fhreagracht ar an nGníomhaireacht chun Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar thaighde agus as treoirscéimeanna i gcomhair córas TF ar mhórscála chun Teideal V de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm, arna iarraidh sin go sonrach go beacht ag an gCoimisiún.

(10) Ní imrítear tionchar ar na rialacha sonracha is infheidhme maidir le bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais trí bhainistiú oibríochtúil na gcóras sin a bhronnadh ar Ghníomhaireacht. Go háirithe, tá na rialacha sonracha maidir le cuspóir, cearta rochtana, bearta slándála agus ceanglais bhreise cosanta sonraí le haghaidh gach ceann de na córais a bhfuil an Ghníomhaireacht freagrach as a bhainistiú oibríochtúil, infheidhme.

(11) Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na mBallstát agus thar ceann an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta chun rialú éifeachtúil a dhéanamh ar fheidhmeanna na Gníomhaireachta. Ba cheart na cumhachtaí is gá a bhronnadh ar an mBord Bainistíochta go háirithe chun an clár oibre bliantúil a ghlacadh, chun na feidhmeanna a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus nósanna imeachta a bhunú ionas go nglacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinntí a bhaineann le cúraimí oibríochtúla na Gníomhaireachta.

(12) Chun uathriail iomlán agus neamhspleáchas iomlán na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt di le maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséid an Aontais a fhad a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuireaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gurbh í an Chúirt Iniúchóirí a bheadh freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais.

(13) Ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú le gníomhaireachtaí eile an Aontais Eorpaigh laistigh de chreat a n-inniúlachtaí faoi seach, go háirithe gníomhaireachtaí a bunaíodh i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais.

(14) Agus bainistiú oibríochtúil córas TF á áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta a leanúint ag cur san áireamh go bhfuil feidhm ag na ceanglais ghairmiúla is airde.

(15) Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[46] maidir leis an nGníomhaireacht a bheith ag próiseáil sonraí pearsanta. Foráiltear sa Rialachán seo, inter alia , go mbeidh cumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rochtain a fháil ón nGníomhaireacht ar gach faisnéis is gá dá chuid fiosrúchán.

(16) D’fhonn feidhmiú trédhearcach na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[47] i leith na Gníomhaireachta.

(17) Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[48] i leith na Gníomhaireachta, agus ba cheart di aontú don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[49].

(18) Chun coinníollacha fostaíochta oscailte trédhearcacha a áirithiú agus caitheamh go cothrom leis na baill foirne, ba cheart feidhm a bheith ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach ('na Rialacháin Foirne') i leith na foirne agus i leith Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na rialacha rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile.

(19) Is comhlacht í an Ghníomhaireacht a bhunaigh an tAontas de réir bhrí Airteagal 185(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[50] agus ba cheart di a rialacha airgeadais a ghlacadh dá réir.

(20) Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[51] i leith na Gníomhaireachta.

(21) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Gníomhaireacht a chruthú ag leibhéal an Aontais Eorpaigh, a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(22) Urramaítear leis an Rialachán seo cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear in Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a léirítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(23) A mhéid a bhaineann le SIS II agus VIS, i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá curtha i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo cé acu a chuirfear chun feidhme ina dhlí náisiúnta é nó nach gcuirfear. I gcomhréir le hAirteagal 5 den iarPhrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chinn an Danmhairg Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta. Ar bhonn an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cén Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát éigin eile an Aontais Eorpaigh a scrúdú agus 'Eurodac' chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d'fhonn Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath[52] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, tá an Danmhairg tar éis rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta.

(24) A fhad a bhaineann le SIS II arna rialú ag an Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[53]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh ná ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm a mhéid a fhorbraíonn na bearta ann forálacha acquis Schengen a mhéid a bhaineann siad le SIS II arna rialú ag an Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, ar airteagail iad atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm a mhéid nach bhforbraíonn na bearta ann forálacha acquis Schengen a mhéid a bhaineann siad le SIS II arna rialú ag an Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS. Mar sin féin, tá an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann na forálacha ann le SIS II arna rialú ag Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000, maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen. Ina theannta sin, i litir dar dáta an 23 Meán Fómhair 2009 chuig Uachtarán na Comhairle, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl go bhfuil sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. A mhéid nach mbaineann an Rialachán seo le SIS II arna rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS, tá an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, rannpháirteach ina ghlacadh, tá sé ina cheangal uirthi agus tá sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(25) A mhéid a bhaineann sé le SIS II arna rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[54]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh ná ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm a mhéid a fhorbraíonn na bearta ann forálacha acquis Schengen a mhéid a bhaineann siad le SIS II arna rialú ag an Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, ar airteagail iad atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm a mhéid nach bhforbraíonn na bearta ann forálacha acquis Schengen a mhéid a bhaineann siad le SIS II arna rialú ag an Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS. Mar sin féin, tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann na forálacha ann le SIS II arna rialú ag Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002, maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen.

(26) Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo, a mhéid is a bhaineann sé le SIS II agus VIS, agus forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an AE agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an gcomhlachas atá ag an dá Stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[55], a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B agus G de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[56]. Maidir le EURODAC, is ionann an Rialachán seo agus beart nua a bhaineann le EURODAC de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua i ndáil leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Íoslann nó san Iorua a scrúdú. Dá réir sin, agus faoi réir a gcinneadh chun é a chur chun feidhme ina ndlíchóras inmheánach, ba cheart do thoscaireachtaí Phoblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, gan cearta vótála áfach. D’fhonn a bheith in ann na modúlachtaí breise a shocrú a chuirfidh ar chumas Phoblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na stáit sin.

(27) Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo, a mhéid is a bhaineann sé le SIS II agus VIS, agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a cuireadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[57], a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B agus G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh. Maidir le EURODAC, is ionann an Rialachán seo agus beart nua a bhaineann le EURODAC de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú. Dá réir sin, faoi réir a chinneadh chun é a chur chun feidhme ina ndlíchóras inmheánach, ba cheart do thoscaireachtaí Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, gan cearta vótála áfach. D’fhonn a bheith in ann módúlachtaí breise a shocrú a chuirfidh ar chumas Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise.

(28) Maidir le Lichtinstéin, is ionann an Rialachán seo, a mhéid is a bhaineann le SIS II agus VIS, agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a rinneadh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i bhfeidhm, le cur chun feidhme agus le forbairt acquis Schengen a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B agus G de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle[58]. Maidir le EURODAC, is ionann an Rialachán seo agus beart nua a bhaineann le EURODAC de réir bhrí an Phrótacail idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis[59] a scrúdú. Dá réir sin, ba cheart do thoscaireacht Phrionsacht Lichtinstéin a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, ach gan cearta vótála, áfach. D’fhonn a bheith in ann módúlachtaí breise a shocrú a chuirfidh ar chumas Phrionsacht Lichtinstéin a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Prionsacht Lichtinstéin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR

Airteagal 1

Bunú na Gníomhaireachta

Bunaítear leis seo Gníomhaireacht Eorpach ('an Ghníomhaireacht') le haghaidh bainistiú oibríochtúil an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), EURODAC agus chun córais teicneolaíochta faisnéise ('TF') eile ar mhórscála a fhorbairt agus a bhainistiú chun Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ

Airteagal 2

Cúraimí a bhaineann le SIS II

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a bhronntar ar an Údarás Bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, eagróidh sí comhoiliúint don fhoireann a bhfuil baint acu le faisnéis bhreise a mhalartú i gcomhréir le Lámhleabhar SIRENE, agus déanfaidh sí na cúraimí a bhaineann le hoiliúint a chur ar shaineolaithe maidir le SIS II mar a fhoráiltear dó i Rialachán (CE) Uimh. XXX ón gComhairle maidir le meicníocht mheastóireachta a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú[60].

Airteagal 3

Cúraimí a bhaineann le VIS

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a bhronntar ar an Údarás Bainistíochta leis Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle agus déanfaidh sé cúraimí a bhaineann le hoiliúint maidir le húsaid VIS.

Airteagal 4

Cúraimí a bhaineann le EURODAC

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a bhronntar ar an Udarás Bainistíochta leis an Rialachán (CE) XX/2009 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d'fhonn Rialachán (CE) Uimh.[…/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil.

Airteagal 5

Monatóireacht ar thaighde

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar fhorbairtí i dtaighde ábhartha i gcomhair bainistiú oibríochtúil SIS II, EURODAC agus córas eile TF ar mhórscála chun Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

2. Coinneoidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas maidir leis na forbairtí dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn rialta.

Airteagal 6

Treoirscéimeanna

1. Arna iarraidh sin go sonrach ag an gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht treoirscéimeanna a chur chun feidhme le haghaidh forbairt agus/nó bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála, chun Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

2. Leithreasaí airgeadais i gcomhair treoirscéimeanna a iarrann an Coimisiún, ní dhéanfar iad a iontráil sa bhuiséad go ceann níos mó na dhá bhliain airgeadais as a chéile.

CAIBIDIL III

STRUCHTÚR AGUS EAGRÚCHÁN

Airteagal 7

Stádas dlíthiúil

1. Comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin reachtaíocht náisiúnta ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla. Tabharfar an chumhacht di freisin Comhaontú Ceanncheathrún a chur i gcrích lena Ballstát óstaigh.

3. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

4. Is i […] a bheidh suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe

Airteagal 8

Struchtúr

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

1. Bord Bainistíochta;

2. Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

3. Grúpaí Comhairleacha.

Airteagal 9

Cumhachtaí an Bhoird Bainistíochta

1. D’fhonn a áirithiú go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht faoina cuid cúraimí, déanfaidh an Bord Bainistíochta, go háirithe:

4. Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, más iomchuí, a bhriseadh as a phost, i gcomhréir le hAirteagal 15;

5. údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

6. struchtúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a bhunú i ndiaidh comhairliúcháin leis an gCoimisiún;

7. rialacha maidir le nósanna imeachta na Gníomhaireachta a bhunú i ndiaidh comhairliúcháin leis an gCoimisiún;

8. rialacha a bhunú lena rialaítear úsáid teangacha ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo;

9. an Comhaontú Ceanncheathrún atá le síniú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis an mBallstát óstaigh a fhormheas tar éis togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

10. i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne a ghlacadh;

11. an Plean Beartais Foirne Ilbhliantúil a ghlacadh agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis Bhuiséadaigh faoin 31 Márta gach bliain ar a dhéanaí;

12. roimh an 30 Meán fómhair gach bliain agus, tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún, le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu, agus i gcomhréir le nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais agus clár reachtach an Aontais i réimsí Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta don bhliain atá le teacht a ghlacadh; agus a áirithiú go gcuirfear an clár oibre a ghlacfar ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus go bhfoilseofar é;

13. roimh an 31 Márta gach bliain, tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin a ghlacadh agus a chur ar aghaidh faoin 15 Meitheamh ar a dhéanaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig an gCúirt Iniúchóirí; foilseofar an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí;

14. a cuid feidhmeanna a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, de bhun fhorálacha Airteagal 28, 29(6) agus 30 den Rialachán seo;

15. na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo;

16. ball foirne den Ghníomhaireacht a cheapadh ina oifigeach cuntasaíochta a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme maidir lena chuid dualgas a chomhlíonadh;

17. na bearta slándála is gá a ghlacadh, lena n-áirítear plean slándála;

18. ball foirne den Ghníomhaireacht a cheapadh ina Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le Rialachán (EC) Uimh. 45/2001;

19. na socruithe praiticiúla a ghlacadh, chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme, laistigh de 6 mhí i ndiaidh dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

20. tuarascálacha a ghlacadh ar fheidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach, de VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB agus de EURODAC de bhun Airteagal [28] de Rialachán (CE) XX/2009 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil;

21. tráchtaí a dhéanamh ar thuarascáil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an iniúchadh de bhun Airteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 42(2) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus cinneadh a dhéanamh i ndáil le socruithe leantacha ar an iniúchadh;

22. staidreamh a bhaineann le SIS II a fhoilsiú de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(3) de Chinneadh 2007/533CGB faoi seach;

23. foilsiú bliantúil liosta na n-údarás inniúil atá údaraithe cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá i SIS II de bhun Airteagal 31(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 46(8) de Chinneadh 2007/533/CGB a áirithiú, maraon le liosta na nOifigí N.SIS II agus na mBiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 7(3) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach;

24. aon chúraimí eile a bhronntar air i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh.

2. Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar aon cheist a bhfuil dlúthbhaint aici le forbairt nó bainistiú oibríochtúil na gcóras TF.

Airteagal 10

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1. Beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta.

2. Ceapfaidh gach Ballstát comhalta den Bhord Bainistíochta chomh maith le comhalta malartach. Ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí lena gcomhaltaí malartacha. Déanfaidh na comhaltaí malartacha ionadaíocht thar ceann na gcomhaltaí nuair a bheidh siad as láthair. Is comhaltaí le cearta vótála a bheidh iontu.

3. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ar bhonn ardleibhéil taithí agus saineolais ábhartha a bheith acu i réimse córas TF ar mhórscála i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála.

4. Is ceithre bliana an téarma oifige a bheidh ag na comhaltaí. Beifear in ann é a athnuachan uair amháin. Tar éis do théarma oifige comhalta dul in éag nó sa chás go n-éireoidh sé as oifig, fanfaidh sé san oifig go dtí go ndéanfar a cheapachán a athnuachan nó go dtí go rachaidh duine eile ina ionad.

5. Beidh tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt ar acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC páirteach sa Ghníomhaireacht. Ceapfaidh gach tír ionadaí amháin agus ionadaí malartach ar an mBord Bainistíochta a bheidh ina gcomhaltaí gan cearta vótála.

Airteagal 11

Cathaoirleacht an Bhoird Bainistíochta

1. Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach as measc a chuid comhaltaí.

2. Is ceithre bliana an téarma oifige a bheidh ag an gcathaoirleach agus is féidir é a athnuachan uair amháin. Éagfaidh téarma oifige an Chathaoirligh níos luaithe má thagann a mballraíocht ar an mBord Bainistíochta chun críche.

3. Ní féidir a cheapadh mar Chathaoirleach ach duine as measc na gcomhaltaí sin a cheapfaidh na Ballstáit agus a ghlacann páirt go hiomlán i nglacadh na n-ionstraimí dlíthiúla a rialaíonn na córais ar fad atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 12

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1. Tionólfar cruinnithe an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh ón gCathaoirleach nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad dá chomhaltaí nó ar iarratas ón gCoimisiún. Beidh dhá ghnáthchruinniú sa bhliain ar a laghad ag an mBord Bainistíochta.

2. Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta páirt sna cruinnithe.

3. Féadfaidh na saineolaithe atá ina gcomhaltaí de na Grúpaí Comhairleacha cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

4. Deonófar stádas breathnóra ar Europol agus ar Eurojust le haghaidh chruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair atá saincheist a bhaineann le SIS II, i gcomhthéacs Chinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle a chur i bhfeidhm, ar an gclár oibre. Deonófar stádas breathnóra ar Europol freisin le haghaidh chruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair atá saincheist a bhaineann le VIS, i gcomhthéacs Chinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle a chur i bhfeidhm, ar an gclár oibre.

5. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d'aon duine eile freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir, ar duine é a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise.

6. Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 13

Vótáil

1. Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo chomh maith le hAirteagail 9(1)(i), déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta trí thromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

2. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta.

3. Is féidir le gach comhalta a cheapfaidh Ballstát agus atá rannpháirteach i nglacadh aon ionstraimí dlíthiúil a rialaíonn córas TF atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht vóta a chaitheamh ar cheist a bhaineann leis an gcóras TF sin.

4. I gcás easaontaithe i measc comhaltaí maidir le cibé an ndéanann vóta difear do chóras TF ar leith nó nach ndéanann, cinnfidh comhaltaí le tromlach dhá thrian nach ndéanfaidh sé difear.

5. Ní chaithfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta vóta.

6. Bunófar socruithe vótála níos mionsonraithe i rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon cheanglais maidir le córam, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 14

Feidhmeanna agus cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bainistiú ar an nGníomhaireacht agus ionadaíocht thar a ceann.

2. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh. Gan dochar d'inniúlachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta faoi seach, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin teagasc ná ní ghlacfaidh sé/sí teagasc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3. Gan dochar d'Airteagal 9, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagracht iomlán as na cúraimí a chuirtear ar an nGníomhaireacht agus beidh sé/sí faoi réir ag an nós imeachta urscaoilte bliantúil de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme an bhuiséid.

4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cuireadh a thabhairt do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme a chúraimí.

5. Go háirithe, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin:

25. riarachán laethúil na Gníomhaireachta a áirithiú;

26. gníomh ar bith is gá a dhéanamh lena áirithiú go n-oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

27. nósanna imeachta, cinntí, straitéisí, cláir agus gníomhaíochtaí a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme, laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo, lena rialacha cur chun feidhme agus le haon dlí is infheidhme;

28. córas éifeachtúil le gur féidir monatóireacht agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar na córais TF, lena n-áirítear staidreamh, agus ar an nGníomhaireacht a bhunú agus a chur chun feidhme;

29. páirt a ghlacadh, gan an ceart vótála, i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta;

30. na cumhachtaí atá leagtha síos in Airteagal 17(2) maidir le foireann na Gníomhaireachta a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú;

31. gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, ceanglais rúndachta a bhunú a chomhlíonfaidh Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB agus Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 faoi seach agus Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) XX/2009 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil;

32. Comhaontú Ceanncheathrún a chaibidliú agus, tar éis don Bhord Bainistíochta é a fhormheas, a shíniú le Rialtas an Bhallstáit óstaigh.

6. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na dréachtaí seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta le go nglacfar iad:

33. clár bliantúil oibre na Gníomhaireachta agus a tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, i ndiaidh comhairliúcháin leis na Grúpaí Comhairleacha roimh ré;

34. na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht;

35. an buiséad don bhliain atá le teacht;

36. an Plean Beartais Foirne ilbhliantúil;

37. na téarmaí tagartha don mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 27;

38. na socruithe praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme;

39. na bearta slándála is gá, lena n-áirítear plean slándála;

40. tuarascálacha ar fheidhmiú teicniúil gach córais TF dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(q) den Rialachán seo, ar bhonn na dtorthaí ón monatóireacht agus ón meastóireacht;

41. liosta na n-údarás inniúil atá údaraithe cuardach a dhéanamh go díreach ar na sonraí atá ar fáil in SIS II, lena n-áirítear liosta na nOifigí N.SIS II agus na mBiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(t) den Rialachán seo a fhoilsiú go bliantúil.

7. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon chúraimí eile a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh

1. Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, bunaithe ar liosta iarrthóirí arna mholadh ag an gCoimisiún, do thréimhse cúig bliana.

2. Sula gceapfar é, féadfar cuireadh a thabhairt don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil/choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí na gcoistí a fhreagairt.

3. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, i gcaitheamh na naoi mí a thagann roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana seo. Sa mheastóireacht, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo, go háirithe, a mheasúnú:

42. na torthaí a baineadh amach sa chéad téarma oifige agus an bealach ar baineadh amach iad;

43. dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta atá le teacht.

4. Ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún agus an tuarascáil meastóireachta á cur san áireamh aige, agus sna cásanna siúd amháin ina dtugann dualgais agus ceanglas na Gníomhaireachta údarás dó, féadfaidh an Bord Bainistíochta téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh aon uair amháin ar feadh trí bliana ar a mhéad.

5. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh. Laistigh de mhí roimh a théarma oifige a shíneadh, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil/choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí an choiste/na gcoistí a fhreagairt.

6. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta as a chuid gníomhaíochtaí.

7. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost.

Airteagal 16

Grúpaí Comhairleacha

1. Cuirfidh na Grúpaí Comhairleacha seo a leanas saineolas ar fáil don Bhord Bainistíochta a bhaineann leis na córais TF faoi seach agus go háirithe i gcomhthéacs ullmhú an chláir oibre bhliantúil agus na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí:

44. Grúpa Comhairleach SIS II;

45. Grúpa Comhairleach VIS;

46. Grúpa Comhairleach EURODAC;

47. Grúpa Comhairleach ar bith eile a bhaineann le córas TF ar mhórscála arna fhorbairt nó arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht.

2. Ceapfaidh gach Ballstát, gach tír a bhfuil baint aige le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC agus an Coimisiún chomh maith comhalta amháin ar gach ceann de na Grúpaí Comhairleacha ar feadh téarma trí bliana, agus is féidir é seo a athnuachan.

3. Féadfaidh Europol agus Eurojust araon ionadaí a cheapadh chuig Grúpa Comhairleach SIS II. Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh chuig Grúpa Comhairleach VIS.

4. Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí de na Grúpaí Comhairleacha. Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta nó a ionadaí i dteideal freastal ar chruinnithe uile na nGrúpaí Comhairleacha mar bhreathnóir.

5. Leagfar nósanna imeachta maidir le hoibriú agus comhoibriú na nGrúpaí Comhairleacha síos i rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta.

6. Agus tuairim á hullmhú acu, déanfaidh na Grúpaí Comhairleacha go léir a ndícheall teacht ar chomhaontú. Mura féidir teacht ar chomhaontú mar sin, is éard a bheidh sa tuairim ná seasamh thromlach na gcomhaltaí, lena n-áirítear a chuid foras. Déanfar an seasamh/na seasaimh mionlaigh, lena n-áirítear a gcuid foras, a thaifeadadh freisin. Beidh feidhm ag Airteagal 13(3) dá réir. Ligfear do na comhaltaí atá ag déanamh ionadaíochta thar ceann na dtíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC tuairimí a chur in iúl, nach gcuirfear san áireamh agus an tromlach is gá á ríomh.

7. Déanfaidh gach Ballstát agus gach tír a bhfuil baint aici le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC gníomhaíochtaí na nGrúpaí Comhairleacha a éascú.

8. Maidir le cathaoirleacht, beidh feidhm ag Airteagal 11 mutatis mutandis .

CAIBIDIL IV

OIBRIÚ

Airteagal 17

An fhoireann

1. Beidh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais chun críche na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta a chur i bhfeidhm, maidir le Foireann na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2. Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht na cumhachtaí arna mbronnadh ar an Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus ar an údarás atá i dteideal conarthaí a chur i gcrích le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach eile i leith a foirne féin.

3. Gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, cuirfidh an Ghníomhaireacht rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile i bhfeidhm.

4. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne a ghlacadh;

Airteagal 18

Leas an phobail

Gabhfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhaltaí de na Grúpaí Comhairleacha orthu féin gníomhú chun leasa an phobail. Chuige seo, déanfaidh siad ráiteas tiomantais gach bliain i scríbhinn.

Airteagal 19

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú

Leagfar síos na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát óstaigh agus na háiseanna a chuirfidh an Stát sin ar fáil chomh maith leis na rialacha sonracha is infheidhme maidir le Ballstát óstaigh na Gníomhaireachta don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta, d'fhoireann na Gníomhaireachta agus dá gclann i gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstaigh a chuirfear i gcrích i ndiaidh formheas a fháil ón mBord Bainistíochta. Ba cheart do thír óstaigh na Gníomhaireachta na coinníollacha is fearr agus is féidir a sholáthar chun feidhmiú ceart na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirithítear scolaíocht ilteangach, dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí.

Airteagal 20

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 21

Dliteanas

1. Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, slánóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a seirbhísigh ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

4. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as aon damáiste dá luaitear i mír 3.

5. Beidh dliteanas pearsanta sheirbhísigh na Gníomhaireachta i leith na Gníomhaireachta á rialú ag na forálacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

Airteagal 22

Teangacha

1. Na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear an teanga a bheidh in úsáid i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa[61], beidh feidhm acu i leith na Gníomhaireachta.

2. Gan dochar do chinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfar an clár oibre bliantúil agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(i) agus (j) a ullmhú i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

3. Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá i leith ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

4. Bunóidh an Bord Bainistíochta na socruithe praiticiúla chun an réimeas teanga a chur chun feidhme.

Airteagal 23

Rochtain ar dhoiciméid

1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin[62] maidir le doiciméid a bheidh i seilbh na Gníomhaireachta.

2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta leis na socruithe praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm, laistigh de 6 mhí i ndiaidh dháta infheidhmeachta an Rialacháin seo.

3. Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó a bheith mar pháirt de chaingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 228 agus 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh faoi seach.

Airteagal 24

Faisnéis agus cumarsáid

1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid a dhéanamh ar a tionscnamh féin sna réimsí a thagann faoina dualgas. Áiritheoidh sí go háirithe go dtabharfar eolas faoina cuid oibre atá oibiachtúil, iontaofa agus furasta a thuiscint don phobal agus d'aon pháirtí leasmhar go tapa, chomh maith leis an bhfoilseachán a shonraítear in Airteagal 9(1)(i),(j),(s),(t), Airteagal 27(3) agus Airteagal 29(8).

2. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos na socruithe praiticiúla maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 25

Cosaint sonraí

1. Beidh an fhaisnéis arna próiseáil ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus saorghluaiseacht na sonraí sin[63].

2. Bunóidh an Bord Bainistíochta na bearta a úsáidfidh an Ghníomhaireacht chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí na Gníomhaireachta

Airteagal 26

Rialacha slándála maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogair

neamhaicmithe

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála atá i gCinneadh 2001/844/CE, CEE, Euratom an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha nós imeachta inmheánacha i bhfeidhm[64]. Cumhdófar leis seo, inter alia , forálacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm freisin na prionsabail slándála i ndáil le faisnéis íogair neamhaicmithe a phróiseáil mar atá arna nglacadh agus á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach.

Airteagal 27

Meastóireacht

1. Laistigh de thrí bliana ón dáta ar ghlac an Ghníomhaireacht a freagrachtaí chuici féin, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ar bhonn na dtéarmaí tagartha arna n-eisiúint ag an mBord Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

2. Sa mheastóireacht déanfar measúnú ar áirgiúlacht, ar ábharthacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cuid cleachtas oibre. Cuirfear tuairimí geallsealbhóirí san áireamh sa mheastóireacht, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon.

3. Gheobhaidh an Bord Bainistíochta an mheastóireacht agus seolfaidh an Bord moltaí maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh sé ar aghaidh iad, maille lena thuairim féin agus le tograí iomchuí, chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa. Beidh plean gníomhaíochta agus clár ama san áireamh, más iomchuí. Cuirfear an mheastóireacht agus na moltaí araon ar fáil don phobal.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 28

Buiséad

1. Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar do chineálacha ioncaim eile, ná:

48. fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Rannán an Choimisiúin);

49. ranníocaíocht ó na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC;

50. aon ranníocaíocht airgeadais ó na Ballstáit.

2. Cuimseoidh caiteachas na Gníomhaireachta, inter alia , luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le conarthaí nó comhaontuithe a chuirfidh an Ghníomhaireacht i gcrích. Gach bliain tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas de mheastacháin ioncaim agus chaiteachais na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, chomh maith leis an bplean bunaíochta, agus cuirfear ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta é.

3. Beidh ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta ar comhardú.

4. Gach bliain glacfaidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn dréachta dá tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, dréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

5. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an dréachtmheastachán d'ioncam agus de chaiteachas na Gníomhaireachta agus na treoirlínte ginearálta atá mar bhonn leis an meastachán sin chuig an gCoimisiún agus chuig na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC faoin 10 Feabhra gach bliain agus an dréachtmheastachán deiridh faoin 31 Márta.

6. Faoin 31 Márta gach bliain ar a dhéanaí, cuirfidh an Bord Bainistíochta na nithe seo a leanas isteach chuig an gCoimisiún agus chuig an údarás buiséadach:

51. a dhréachtchlár oibre;

52. an Plean Beartais Foirne ilbhliantúil nuashonraithe, arna bhunú i gcomhréir leis na treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún;

53. faisnéis maidir le líon na n-oifigeach agus na mball foirne sealadach agus ar chonradh mar atá sainmhínithe sa Rialachán Foirne do na blianta n-1 agus n chomh maith le meastachán don bhliain n+1;

54. faisnéis maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil arna ndeonú ag an mBallstát óstaigh ar an nGníomhaireacht;

55. meastachán ar iarmhéid an chuntais toraidh do bhliain n-1.

7. Cuirfidh an Coimisiún ráiteas na meastachán ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá dtagraítear mar an t-údarás buiséadach) mar aon leis an réamhdhréacht de bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

8. Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé atá riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis buiséid é i gcomhréir le hAirteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

9. Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Ghníomhaireacht a údarú. Glacfaidh an t-údarás buiséadach leis an bplean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

10. Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad na Gníomhaireachta. Beidh an buiséad críochnaitheach i ndiaidh ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Déanfar é a choigeartú dá réir sin más iomchuí.

11. Leanfaidh athrú ar bith ar an mbuiséad, lena n-áirítear an plean bunaíochta, an nós imeachta céanna.

12. Cuirfidh an Bord Bainistíochta in iúl don údarás buiséadach, a luaithe agus is féidir, go bhfuil sé ar intinn aige aon tionscadal a mbeadh impleachtaí suntasacha airgeadais aige do mhaoiniú an bhuiséid a chur chun feidhme, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a bheith ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin chomh maith leis na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC. Má bhíonn sé i gceist ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, cuirfidh sé é sin in iúl don Bhord Bainistíochta laistigh de choicís tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal a fháil. In éagmais freagra, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an oibríocht bheartaithe.

Airteagal 29

An buiséad a chur chun feidhme

1. Is é Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faisnéis ar bith a bhaineann le toradh na nósanna imeachta meastóireachta ar aghaidh chuig an údarás buiséadach ar bhonn bliantúil.

3. Seolfaidh Oifigeach Cuntasaíochta na Gníomhaireachta a chuid cuntas sealadach, chomh maith leis an tuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais i rith na bliana, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí tráth nach déanaí ná an 1 Márta den bhliain ina dhiaidh sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe de réir Airteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002[65].

4. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta an tuarascáil ar bhainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, tráth nach déanaí ná an 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin.

5. Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, de bhun Airteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta ar a freagracht féin agus cuirfear faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

6. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

7. Faoin 1 Iúil den bhliain ina dhiaidh ar a dhéanaí, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, ar aghaidh chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus chuig na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC chomh maith.

8. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

9. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena chuid barúlacha faoi 30 Meán fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

10. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, gach faisnéis is gá le haghaidh oibriú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht, atá leagtha síos in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

11. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a bheidh ag gníomhú trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh 15 Bealtaine de bhliain n + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain n.

Airteagal 30

Rialacha airgeadais

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht. Ní fhéadfaidh siad imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002[66] ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 mura bhfuil gá sonrach leis an imeacht sin d'fheidhmiú na Gníomhaireachta agus go bhfuil réamhthoiliú faighte ón gCoimisiún.

Airteagal 31

An comhrac in aghaidh calaoise

1. D'fhonn calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999[67].

2. Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta.

3. Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OEFC seiceálacha ar an toirt a thabhairt i gcrích, más gá, i measc fhaighteoirí mhaoiniú na Gníomhaireachta agus i measc na ngníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

1. Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus oibriú tosaigh na Gníomhaireachta go dtí go mbeidh cumas oibríochtúil aici a buiséad féin a chur chun feidhme.

2. Chuige sin, go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a chuid dualgais tar éis don Bhord Bainistíochta é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún líon teoranta oifigeach a shannadh lena n-áirítear duine amháin chun feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chomhlíonadh, ar bhonn eatramhach.

3. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach íocaíocht a údarú a chlúdaítear sna creidmheasanna a ndéantar foráil dóibh i mBuiséad na Gníomhaireachta, i ndiaidh don Bhord Bainistíochta iad a fhormheas, agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne i ndiaidh plean bunaíochta na Gníomhaireachta a ghlacadh.

Airteagal 33

Rannpháirtíocht na dtíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC

Faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, déanfar socruithe a shonróidh, inter alia , cineál, méid, agus rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le EURODAC in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus maidir leis an bhfoireann.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2. Rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun a cuid freagrachtaí atá leagtha amach in Airteagail 2 go 6 ón 1 Eanáir 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht i gcomhair bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais.

2. CREAT ABM/ABB (BAINISTIÚ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ)

Réimse Beartais: Réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (teideal 18)

Gníomhaíochtaí:

Dlúthpháirtíocht – Teorainneacha seachtracha, beartas maidir le víosaí agus saorghluaiseacht daoine (caibidil 18.02)

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte gaolmhara a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A) agus a gceannteidil san áireamh:

Creat airgeadais 2007-2013: Teideal 3A

Faoi Chaibidil 18.02: Dlúthpháirtíocht – Teorainneacha seachtracha, beartas maidir le víosaí agus saorghluaiseacht daoine, struchtúr iomchuí a chruthú don Ghníomhaireacht i gcomhair bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais i.e.:

- Airteagal 18 02 XX a chruthú – dar teideal 'Gníomhaireacht i gcomhair bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais'

- mír 18 02 XX XX a chruthú - dar teideal 'Gníomhaireacht i gcomhair bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais' – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2

- mír 18 02 XX XX a chruthú - dar teideal 'Gníomhaireacht i gcomhair bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais' – Fóirdheontas faoi Theidil 3

Is faoi nós imeachta buiséid na bliana 2011 a chinnfear an rogha airteagail agus míreanna, faoi Chaibidil 18 02.

3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus na hiarmharta airgeadais:

Samhlaítear go mbeidh an Ghníomhaireacht bunaithe go dlíthiúil in 2011 agus beidh sí ina Gníomhaireacht chuimsitheach iomlán, ábalta tabhairt faoi na cúraimí go léir i ndáil le bainistiú oibríochtúil SIS II, VIS agus EURODAC agus córas eile TF ar mhórscála in 2012. Déanfar obair ullmhúcháin chuige sin ó 2010 i leith agus maoineofar é ar bhonn an bhunúis dlí atá ann cheana: Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 i gcomhair SIS II[68], Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcomhair VIS[69], agus Rialachán (CE) XX/2010 maidir le 'Eurodac' a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil.

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa pheirspictíocht airgeadais |

Féach Pointe 3.1 | Neamhéigeantach | LD[70] | SEA | Ní Hea | Ní Hea | 3A |

4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. na coda | Bliain 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | n+4 | n + 5 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[71] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 0.000 | 13.7 | 54.5 | 39.4 | 107.6 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 0.000 | 13.7 | 54.5 | 39.4 | 107.6 |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[72] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin (LN) | 8.2.4. | c | 0.000 | 0.000 | 0.000 | 0.000 | 0.000 |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 0.000 | 13.7 | 54.5 | 39.4 | 107.6 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 0.000 | 13.7 | 54.5 | 39.4 | 107.6 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[73] |

Acmhainní daonna agus caiteachas a bhaineann leo (LN) | 8.2.5. | d | 1.2 | 1.5 | 0.9 | 0.6 | 4.2 |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus caiteachas a bhaineann leo, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0.3 | 0.3 | 0.3 | 0.3 | 1.2 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 1.5 | 15.5 | 55.7 | 40.3 | 113 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 1.5 | 15.5 | 55.7 | 40.3 | 113 |

Sonraí an Chómhaoinithe

Chomh maith le líne buiséid an AE, bainfidh an Ghníomhaireacht leas as cómhaoiniú ó na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus bearta a bhaineann le EURODAC i gcomhréir le hAirteagal 28.1.b den Rialachán seo.

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

X Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana. Tiocfaidh na leithreasaí is gá chun gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a chumhdach ó leithreasaí dá bhforáiltear faoi láthair sa Chlárú Airgeadais 2011-2013 sna línte buiséid 18 02 04 'Córais Faisnéise Schengen (SIS II)', 18 02 05 ' Córas Faisnéise Víosaí (VIS)' agus 18 03 11 'EURODAC'.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( D'fhéadfadh sé gur ghá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh a chur i bhfeidhm i ngeall ar an togra[74] (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

X Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – seo thíos an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh an ngíomhaíocht [Bliain n-1] | Staid tar éis na gníomhaíochta |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 10 | 12 | 7 | 5 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Sa ghearrthéarma tá gá ann tabhairt faoi roinnt gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus tosaíochta le go mbeidh an Ghníomhaireacht ag feidhmiú go hiomlán. D'fhéadfadh sé go mbeadh an obair seo a leanas i gceist: staidéir indéantachta ar shuíomhanna ionchasacha, suíomhanna nua a fháil chun na córais a óstáil, oibreacha tógála nó oiriúnaithe, na córais a athlonnú, baill foirne a earcú agus oiliúint a chur orthu agus a áirithiú go bhfuil an trealamh, na hacmhainní agus na nósanna imeachta ar fad is gá i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht.

San fhadtéarma, cuirfidh an Ghníomhaireacht réiteach bainistíochta éifeachtúil ar fáil do SIS II, VIS, EURODAC agus córais eile TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais.

Is gá Gníomhaireacht a bhunú a bheidh in ann na príomhriachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

- Oibriú agus bainistiú éifeachtúil slán a dhéanamh ar na córais, caighdeán seirbhíse leormhaith a áirithiú d'úsáideoirí na gcóras sin, leanúnachas agus seirbhís gan bhriseadh, slándáil agus sláine sonraí agus rialacha maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh;

- Struchtúr rialachais leormhaith a sholáthar a théann i ngleic le riachtanais institiúidí an AE, Ballstáit rannpháirteacha agus páirtithe leasmhara eile. Ba cheart don struchtúr freastal ar na gnéithe ilcholúin de bhunúis dlí na gcóras seo;

- Bainistíocht airgeadais leanúnach, éifeachtach, freagrach, slán a dhéanamh ar na córais TF sin, chun sineirgí agus barainneacht mhórscála a bhaint amach, mais chriticiúil a chruthú, an ráta úsáide is airde ar chaipiteal agus ar acmhainní daonna a áirithiú agus táirgiúlacht na foirne a mhéadú;

- Eagrúchán éifeachtúil, ag baint an úsáid is fearr as acmhainní daonna agus táirgiúlacht.

5.2. An breisluach toisc an AE a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Cuirfidh an togra seo réiteach fadtéarmach ar fáil le haghaidh bainistiú SIS II, VIS, EURODAC agus córas eile TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, chun sineirgí a bhaint amach agus barainneacht mhórscála a áirithiú.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Is é cuspóir an togra seo, ar an gcéad dul síos, Gníomhaireacht a bhunú a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil fadtéarmach a dhéanamh ar SIS II, VIS agus EURODAC.

Ina theannta sin, ba cheart freagracht as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais eile TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais a thabhairt don Ghníomhaireacht.

Is iad na táscairí a bheadh ann ná an staidreamh a bhaineann leis na hamais a dhéantar a thaifeadadh do na foláirimh éagsúla (de réir córais).

5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

X Bainistiú Láraithe

( ag an gCoimisiún go díreach

( go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

X comhlachtaí arna mbunú ag an Aontas, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( leis na Ballstáit

( le Tríú tíortha

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. An Córas Monatóireachta

Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as monatóireacht agus meastóireacht éifeachtúil a bhunú agus a chur chun feidhme maidir le feidhmíocht na Gníomhaireachta. Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ag cur na dtorthaí arna mbaint amach agus cuspóirí an chláir oibre bhliantúil i gcomparáid lena chéile go háirithe. I ndiaidh comhairliúcháin leis na Grúpaí Comhairleacha agus í a bheith glactha ag an mBord Bainistíochta, cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Comhairle, an Coimisiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Chúirt Iniúchóirí faoin 15 Meitheamh ar a dhéanaí den bhliain ina dhiaidh sin. Cuirfear an chéad tuarascáil ar fáil in 2013 agus foilseofar í.

Foilseoidh an Ghníomhaireacht staidreamh gach bliain a thaispeánfaidh líon na dtaifead in aghaidh na catagóire foláirimh, líon na n-amas in aghaidh na catagóire foláirimh agus an méid uaireanta a ndearnadh rochtain ar SIS II, ar an iomlán agus i gcomhair gach Ballstáit.

Laistigh de dhá bhliain ón dáta ar ghlac an Ghníomhaireacht a freagrachtaí chuici féin, agus gach ré bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil córas SIS II Láir agus an Bhonneagair Chumarsáide, lena n-áirítear a shlándáil agus malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise breise idir Ballstáit, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

Laistigh de dhá bhliain ón dáta ar ghlac an Ghníomhaireacht a freagrachtaí chuici féin, agus gach ré bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil VIS, lena n-áirítear a shlándáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

Maidir le EURODAC, ba cheart don Ghníomhaireacht, uair sa dá bhliain, tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an Lárchórais, lena n-áirítear a shlándáil, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid an Choimisiúin agus ba cheart di tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Lárchórais a chur faoina mbráid freisin.

Laistigh de thrí bliana ón dáta ar ghlac an Ghníomhaireacht a freagrachtaí chuici féin, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta coimisiúnú ar mheastóireacht sheachtrach neamhspleách ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Sa mheastóireacht sin, scrúdófar a héifeachtaí atá comhlíonadh a misin ag an nGníomhaireacht. Déanfar tionchar na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre a mheas freisin. Cuirfear tuairimí geallsealbhóirí san áireamh sa mheastóireacht, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon. Gheobhaidh an Bord Bainistíochta an mheastóireacht agus seolfaidh an Bord moltaí chuig an gCoimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí seo ar aghaidh, maille lena thuairim féin agus le tograí iomchuí, chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa. Beidh plean gníomhaíochta agus clár ama san áireamh, más iomchuí. Cuirfear an mheastóireacht agus na moltaí araon ar fáil don phobal.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Tá an mheastóireacht ex-ante curtha san áireamh sa mheasúnú iarmharta.

6.2.2. Bearta a glacadh i ndiaidh meastóireachta idirmheánaí idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil san am atá thart)

Is cur chuige nua nuálaíoch maidir le faisnéis a mhalartú é Gníomhaireacht Rialála a bhunú le haghaidh bainistiú SIS II, VIS agus EURODAC. Dá réir sin, níl taithí inchomparáide roimhe seo ann chun ceachtanna díreacha a bhaint as.

Mar sin féin, cuireadh san áireamh mar is iomchuí dea-chleachtais a bhí ann nuair a bunaíodh gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Laistigh de thrí bliana ón dáta a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht a freagrachtaí chuici féin, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

D'fhonn calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 gan srian ar an nGníomhaireacht seo.

Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag OLAF agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme ar a cuid fostaithe uile.

Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an toirt a thabhairt i gcrích, más gá, i measc fhaighteoirí mhaoiniú na Gníomhaireachta agus i measc na ngníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

8. SONRAÍ NA NACMHAINNÍ[76]

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 1ú deachúil)

Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

Oifigigh nó foireann shealadach[82] (XX 01 01) | A*/AD | 6 | 7 | 4.5 | 3.5 |

B*, C*/AST | 4 | 5 | 2.5 | 1.5 |

Foireann atá á maoiniú[83] ag Airteagal XX 01 02 |

Foireann eile[84] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 |

IOMLÁN | 10 | 12 | 7 | 5 |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhaineann le bainistiú oibríochtúil fadtéarmach SIS II, VIS agus EURODAC a bhronnadh ar an nGníomhaireacht, agus ansin comhordú an Choimisiúin ar an nGníomhaireacht agus í a leanúint.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh

( Poist a réamhdháileadh laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

X Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

X Poist a ath-imscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (ath-imscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

Déanfar an gá atá le hacmhainní daonna agus riaracháin a chumhdach laistigh den leithroinnt is féidir a dheonú ar an Ard-Stiúrthóireacht atá i gceannas i gcreat an nós imeachta leithroinnte bliantúil i bhfianaise srianta buiséid.

Líon na n -acmhainní daonna sa ghníomhaireacht (an chéim thionscnaimh agus oibríochtúil)

Is faisnéis tháscach í an fhaisnéis thíos. Déanfar mionsonrú uirthi ag tráth níos déanaí chomh luath agus a bheidh cúraimí agus riachtanais deiridh na Gníomhaireachta ar eolas, maidir le hacmhainní daonna agus riaracháin.

Bliain | An fhoireann a earcófar de réir a chéile |

2011 Seimeastar 1 | 15 |

2011 Seimeastar 2 | 60 |

2012 | 40 |

2013 | 5 |

IOMLÁN | 120 |

Is í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh bainistiú ar earcaíocht sheachtrach.

Is foireann oibríochtúil agus riaracháin araon a bheidh i bhfoireann na Gníomhaireachta, le 120 duine san iomlán. Is meastachán é seo ar na hacmhainní daonna a bhfuil gá leo bunaithe ar fhigiúirí ón measúnú iarmharta atá tugtha suas chun dáta.

Meastar go bhfuil gá le 75 duine chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar SIS II agus VIS (lena n-áirítear an cumas bithmhéadrach). Dhéanfaí an 45 duine eile a dháileadh chuig bainistiú oibríochtúil EURODAC agus na cúraimí riaracháin ar fad laistigh den Ghníomhaireacht. Glacann an figiúr seo san áireamh freisin freagrachtaí a bhronntar ar an ngníomhaireacht maidir le monatóireacht a dhéanamh ar thaighde, treoirscéimeanna a chur chun feidhme arna iarraidh sin go sonrach ag an gCoimisiún chomh maith le cúnamh a thabhairt do Ghrúpaí Comhairleacha.

Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh (céim thionscnaimh agus oibríochtúil)

Bainistiú oibríochtúil SIS II, VIS agus EURODAC a áirithiú, oiliúint ar VIS agus SIS II a áirithiú lena n-áirítear oiliúint a bhaineann le faisnéis bhreise a mhalartú, monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus treoirscéimeanna a chur chun feidhme arna iarraidh sin go sonrach ag an gCoimisiún.

8.2.4. Caiteachas Riaracháin eile a chumhdaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | N/A | N/A | N/A | N/A |

- intra muros | N/A | N/A | N/A | N/A |

- extra muros | N/A | N/A | N/A | N/A |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | Year 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (18 01 01) | 1.2 | 1.5 | 0.9 | 0.6 |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.)[86] (sonraigh an líne sonrach buiséid) |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 1.2 | 1.5 | 0.9 | 0.6 |

Seo costas na foirne ar a mbeidh an cúram ullmhúchán, meastóireacht, rialú agus comhordú a dhéanamh ar an nGníomhaireacht laistigh den Choimisiún.

Ríomh- Oifigigh agus foireann shealadach - meánchostas bliantúil: 122000 EUR /per capita

8.2.6. Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid thagartha EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil) |

Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n+5 | Bliain n+6 agus níos déanaí | IOMLÁN |

18 01 02 11 01 – Misin | 0.3 | 0.3 | 0.3 | 0.3 | 1.2 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

XX 01 02 11 03 – Coistí[87] |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin |

XX 01 02 11 05 – Córais faisnéise |

2 Caiteachas Iomlán Bainistíochta Eile (XX 01 02 11) |

3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.3 | 0.3 | 0.3 | 0.3 | 1.2 |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid thagartha

Cuimsíonn misin cuairteanna ar Bhallstáit a dhéanann na córais a óstáil agus chuig ceanncheathrú na Gníomhaireachta lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus na nGrúpaí Comhairleacha.

Déanfar an gá atá le hacmhainní daonna agus riaracháin a chumhdach laistigh den leithroinnt is féidir a dheonú ar an Ard-Stiúrthóireacht atá i gceannas i gcreat an nós imeachta leithroinnte bliantúil i bhfianaise srianta buiséid.

[1] Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimsiúin, doiciméad a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála i réimse na saoirse , na slándála agus an cheartais agus Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle lena mbronntar ar an nGníomhaireacht arna bhunú le Rialachán XX cúraimí i ndáil le bainistiú oibríochtúil SIS II agus VIS atá laistigh de raon feidhme Theideal VI de Chonradh AE, COIM (2009) 293 deireanach.

[2] Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid, IO L 381, 28.12.2006, lch 4;

Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le rochtain ar an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag na seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint, IO L 381, 28.12.2006, lch 1.;

Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid, IO L 205, 7.8.2007, lch 63;

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus sonraí a mhalartú idir Ballstáit i dtaca le víosaí gearrchónaí (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lch 60;

Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chun a cheadaithe ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, IO L 218, 13.8.2008, lch 129.

[3] Coinbhinsiún ag cur Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 i bhfeidhm idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, IO L 239, 22.9.2000, lch 19.

[4] IO L 381, 28.12.2006, lch 4 agus IO L 205, 7.8.2007, lch 63.

[5] IO L 218, 13.8.2008, lch 60.

[6] IO C 254, 19.8.1997, lch 1.

[7] IO L 50, 25.2.2003, lch 1.

[8] IO L 328, 13.12.2001, lch 4.

[9] IO L 328, 13.12.2001, lch 1.

[10] IO L 381, 28.12.2006, lch 4.

[11] IO L 381, 28.12.2006, lch 1.

[12] IO L 205, 7.8.2007, lch 63.

[13] IO L 79, 20.3.2007, lch 20.

[14] IO L 57, 1.3.2008, lch 1.

[15] IO L 57, 1.3.2008, lch 14.

[16] IO L 123, 8.5.2008, lch 1.

[17] IO L 299, 8.11.2008, lch 1.

[18] IO L 299, 8.11.2008, lch 43.

[19] IO L 213, 15.6.2004, lch 5.

[20] IO L 305, 4.11.2006, lch 13.

[21] IO L 267, 27.9.2006, lch 41.

[22] IO L 194, 23.7.2008, lch 3.

[23] IO L 218, 13.8.2008, lch 60.

[24] IO L 218, 13.8.2008, lch 129.

[25] IO L 316, 15.12.2000, lch 1. Cuireadh leagan athmhúnlaithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (2008) 825 leagan deireanach.

[26] IO L 62, 5.3.2002, lch 1.

[27] Measúnú ar roghanna le haghaidh bainistiú fadtéarmach an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus EURODAC agus córas eile TF ar mhórscála sa réimse an Cheartais, na Saoirse agus na Slándála, Tuarascáil Deireanach, 15 Deireadh fómhair 2007, RAND Europe.

[28] Togra ón gCoimisiún a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, COIM(2009) 342 deireanach (leagan athmhúnlaithe).

[29] Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát éigin eile an Aontais Eorpaigh a scrúdú agus 'Eurodac' chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d'fhonn Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, IO L 66, 08.03.2006, lch 38.

[30] IO L 176, 10.7.1999, lch 36.

[31] Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÉireann agus Ríocht na hIorua maidir le critéir agus meicníochtaí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua a scrúdú, IO L 93, 3.4.2001, lgh 40-47.

[32] IO L 53, 27.2.2008, lch 52.

[33] Cinneadh ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le críochnú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le critéir agus meicníochtaí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, IO L 53, 27.2.2008, lch 3.

[34] IO L 83, 26.3.2008, lch 3.

[35] Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, IO…

[36] Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, an Eilvéis agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le critéir agus meicníochtaí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát, san Eilvéis nó i Lichtinstéin a scrúdú, IO…, agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le critéir agus meicníochtaí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát, nó san Íoslainn nó san Iorua a scrúdú, IO L 57, 28.2.2006, lch 16.

[37] IO…

[38] .

[39] IO…

[40] Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an xxx agus Cinneadh ón gComhairle an xxx (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil).

[41] IO L 381, 28. 12. 2006, lch 4.

[42] IO L 205, 7. 8. 2007, lch 63.

[43] IO L 213, 15.6.2004, lch 5.

[44] IO L 218, 13.08.2008, lch 60.

[45] IO L 316, 15.12.2000, lch 1.

[46] IO L 8, 12.1.2001, lch 1.

[47] IO 145, 31.5.2001, lch 43.

[48] IO L 136, 31.5.1999, lch 1.

[49] IO L 136, 31.5.1999, lch 15.

[50] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

[51] IO L 357, 31.12.2002, lch 72.

[52] IO L 66, 8.3.2006, lch 38.

[53] IO L 131, 01.6.2000, lch 43.

[54] IO L 64, 7.3.2002, lch 20.

[55] IO L 176, 10.7.1999, lch 36.

[56] IO L 176, 10.7.1999, lch 31.

[57] IO L 53, 27.2.2008, lch 52.

[58] IO L 83, 26.3.2008, lch 3.

[59] IO…

[60] IO…

[61] IO 17, 6.10.1958, lch 385.

[62] IO L 145, 31.5.2001, lch 43.

[63] IO L 8, 12.1.2001, lch 1.

[64] IO L 317, 3.12.2001, lch 1.

[65] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

[66] IO L 357, 31.12.2002, lch 72.

[67] IO L 136, 31.5.1999, lch 1.

- [68] Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid, IO L 381, 28.12.2006, lch 4.

- [69] Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus sonraí a mhalartú idir Ballstáit i dtaca le víosaí gearrchónaí (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lch 60.

- [70] Leithreasaí difreáilte.

- [71] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 den Teideal xx atá i gceist.

- [72] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

- [73] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

- [74] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

- [75] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse na gníomhaíochta thar 6 bliana.

- [76] Tá na figiúirí seo bunaithe ar an measúnú iarmharta go príomha.

- [77] I measc na gcostas tá: costais reatha, fuinneamh, rialú slándála, árachas.

- [78] Figiúirí measta a mbeidh coigeartú le déanamh orthu.

- [79] Beartaítear speansais oibríochtúla lena n-áirítear speansais taistil agus chothabhála agus ateangaireachta (2 chruinniú don Bhord Bainistíochta, 6 chruinniú do na Grúpaí comhairleacha in aghaidh na bliana) a chumhdach leis an leithreasú seo.

- [80] Déanfaidh Ionad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an AE i Lucsamburg an obair aistriúcháin den chuid is mó.

- [81] Cuimsíonn an figiúr seo staidéir indéantachta agus treoirscéimeanna atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 faoi seach den Rialachán seo.

- [82] Costas NACH gcuimsítear sa mhéid tagartha.

- [83] Costas NACH gcuimsítear sa mhéid tagartha.

- [84] Costas a chuimsítear sa mhéid tagartha.

- [85] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

- [86] Ag an bpointe seo, ní mheastar go bhfuil aon ghá le foireann sheachtrach (foireann chúnta, SNI, chonarthacha, etc.)

- [87] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.