Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0947 - 0947
Prótacal Uimh. 6 maidir le háiteanna cónaithe tánaisteacha a fháil i Málta TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS: Agus aird á tabhairt ar an líon fíortheoranta d'áiteanna cónaithe i Málta agus an t-achar fíortheoranta talaimh atá ar fáil chun críocha foirgníochta nach féidir leo ach na bunriachtanais a chruthaíonn forbairt dhéimeagrafach na gcónaitheoirí láithreacha a fholú, féadfaidh Málta, ar bhonn neamhidirdhealaitheach, na rialacha a choimeád i bhfeidhm ar feadh cúig bliana ar a laghad atá arna leagan síos san Acht um Maoin Dhochorraithe (Fáil ag Neamhchónaitheoirí) (Caibidil 246) ar rialacha iad maidir le náisiúnaigh de na Ballstáit nach raibh cónaí orthu go dleathach i Málta ar feadh cúig bliana ar a laghad maidir le maoin dhochorraithe le haghaidh áiteanna cónaithe tánaisteacha d'fháil agus do choimeád. Cuirfidh Málta nósanna imeachta um údarú i bhfeidhm chun maoin dhochorraithe a fháil chun críocha áiteanna cónaithe tánaisteacha i Málta a bheidh bunaithe ar chritéir atá poiblí, oibiachtúil, cobhsaí agus trédhearcach. Cuirfear na critéir sin i bhfeidhm ar dhóigh neamhidirdhealaitheach agus ní dhifreálfaidh siad idir náisiúnaigh Mhálta agus náisiúnaigh na mBallstát eile. Áiritheoidh Málta nach gcuirfear ar chor ar bith cóir níos sriantaí ar náisiúnach de Bhallstát ná ar náisiúnach tríú tír. I gcás gur mó luach maoine amháin den sórt sin arna ceannach ag náisiúnach de Bhallstát ná na tairseacha dá bhforáiltear i reachtaíocht Mhálta, is é sin 30000 lira Máltach le haghaidh árasán agus 20000 lira Máltach le haghaidh aon chineál maoine seachas árasáin agus maoin a bhfuil tábhacht stairiúil aici, deonófar údarú. Féadfaidh Málta na tairseacha sin a choigeartú chun athruithe praghsanna ar mhargadh an eastáit réadaigh i Málta a léiriú. --------------------------------------------------