Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2016:176:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 176, 30 Meitheamh 2016


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

59
30 Meitheamh 2016


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2016/1035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí

1

 

*

Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

21

 

*

Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

55

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2015/1892 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 lena bhformheastaran Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ( IO L 279, 23.10.2015 )

92

 


 

(1)   Faoin tagairt L 176 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/1035 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Mar thoradh ar idirbheartaíocht iltaobhach a rinneadh faoi choimirce na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, cuireadh Comhaontú um Ghnáthdhálaí Iomaíochta a Urramú sa Tionscal Longthógála agus Longdheisithe Tráchtála (“an Comhaontú Longthógála”) i gcrích an 21 Nollaig 1994.

(3)

I gcreat an Chomhaontaithe Longthógála, aithníodh nach raibh sé praiticiúil, i ngeall ar thréithe speisialta a bhaineann le hidirbhearta um cheannach loinge, dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála a chur i bhfeidhm orthu, dleachtanna dá bhforáiltear faoi Airteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, faoin gComhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, agus faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 a Chur Chun Feidhme (“Comhaontú Frithdhumpála 1994”) atá i gceangal leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Mar thoradh ar an ngá modh éifeachtach cosanta a chur ar fáil i gcoinne longa a dhíol faoina ngnáthluach, rud a dhéanann díobháil, cuireadh Cód um Phraghsáil Dhíobhálach Longthógála i gcrích agus, in éineacht leis na Bunphrionsabail a ghabhann leis, sin Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú Longthógála (“Cód IPI”).

(4)

Tá téacs Chód IPI bunaithe ar Chomhaontú Frithdhumpála 1994 den chuid is mó, ach imíonn sé ón gComhaontú sin nuair atá údar leis i ngeall ar an ngné speisialta a bhaineann le hidirbhearta um cheannach loinge. Dá bhrí sin, ba cheart an teanga atá in Cód IPI a léiriú i reachtaíocht an Aontais bunaithe ar théacs Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid is féidir.

(5)

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gComhaontú Longthógála agus na forálacha reachtacha a eascraíonn uaidh do dhlí an Aontais.

(6)

Chun an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí a bunaíodh faoin gComhaontú Longthógála a choinneáil, ba cheart don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne aon soithigh a bhfuil praghas díobhálach air, a dhéanann díobháil don tionscal de chuid an Aontais má dhíoltar é faoi bhun an ghnáthluacha.

(7)

Maidir le tógálaithe long ó Pháirtithe Conarthacha sa Chomhaontú Longthógála, ní fhéadfaidh díolachán soithí bheith faoi réir imscrúdú an Aontais ach amháin más ceannaitheoir ón Aontas ceannaitheoir an tsoithigh, agus ar choinníoll nach soitheach míleata é an long.

(8)

Is inmhianaithe rialacha soiléire agus mionsonraithe maidir le ríomh an ghnáthluacha a leagan amach. Go háirithe, ba cheart luach den sórt sin a bheith bunaithe, nuair is féidir, ar dhíolachán ionadaíoch soithigh chomhchosúil mar ghnáthchuid den trádáil sa tír onnmhairiúcháin. Is caoithiúil sainiú a dhéanamh ar na himthosca ina bhféadtar a mheas go ndéantar caillteanas ar dhíolachán intíre agus go bhféadtar é a chur as an áireamh, agus ina bhféadtar dul ar iontaoibh díolachán soithigh chomhchosúil le tríú tír, nó dul ar iontaoibh gnáthluacha ríofa. Is inmhianaithe freisin foráil a dhéanamh do leithdháileadh ceart costas, fiú amháin i gcásanna oibríochtaí atá díreach tosaithe. Tá sé riachtanach freisin, agus an gnáthluach á ríomh, an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun méideanna na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin, agus an corrlach brabúis a chur san áireamh i luach den sórt sin, a lua.

(9)

Chun bheith in ann an ionstraim um phraghsáil dhíobhálach a chomhrac a chur i bhfeidhm i gceart, ba cheart don Choimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun bailíocht na muirear cuntasaíochta sna hilchuideachtaí agus sna gabháltais mhóra i dtríú tíortha a fháil amach, nuair is gá meastachán a dhéanamh ar struchtúr an chostphraghais.

(10)

Agus an gnáthluach do thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu á chinneadh, is léir gur beart stuama é rialacha a leagan amach maidir leis an tríú tír iomchuí a bhfuil geilleagar margaidh aici a roghnú le húsáid chun na críche sin agus, i gcás nach féidir tríú tír iomchuí a fháil, a fhoráil gur féidir an gnáthluach a shuíomh ar aon bhonn réasúnach eile.

(11)

Is caoithiúil an praghas onnmhairiúcháin a shainiú agus liosta a dhéanamh de na coigeartuithe ar cheart a dhéanamh sna cásanna sin ina meastar gur gá an praghas sin a athchóiriú ón gcéad phraghas ón margadh oscailte.

(12)

Chun críocha comparáid chothrom a áirithiú idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach a áirithiú, moltar liosta a dhéanamh de na fachtóirí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do phraghsanna agus d'inchomparáideacht praghsanna, lena n-áirítear pionóis chonarthacha.

(13)

Is inmhianaithe treoir shoiléir agus mhionsonraithe a sholáthar i dtaca leis na fachtóirí a d'fhéadfadh a bheith ábhartha lena chinneadh i dtaobh an ndearna an díolachán ar phraghas díobhálach díobháil ábhartha nó an bhfuil baol ann go ndéanfadh sé díobháil ábhartha. Agus é á thaispeáint go ndearna leibhéal praghsanna an díolacháin lena mbaineann díobháil don tionscal de chuid an Aontais, ba cheart aird a thabhairt ar an tionchar atá ag fachtóirí eile agus, go háirithe, ar na dálaí margaidh atá i réim san Aontas.

(14)

Tá sé inmholta an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a shainmhíniú trí thagairt a dhéanamh don chumas soitheach comhchosúil a thógáil agus foráil a dhéanamh go bhféadfar páirtithe a bhfuil baint acu le honnmhaireoirí a eisiaimh ó thionscal den sórt sin, agus an téarma “baint” a shainmhíniú.

(15)

Is gá na coinníollacha nós imeachta agus substainteacha maidir le gearán i gcoinne praghsáil dhíobhálach a thaisceadh, lena n-áirítear an méid is ceart don tionscal de chuid an Aontais tacú leis, agus an fhaisnéis faoi cheannaí an tsoithigh, praghsáil dhíobhálach, díobháil nó cúisíocht is ceart a bheith i ngearán den sórt sin a leagan amach. Is caoithiúil freisin na nósanna imeachta maidir le diúltú do ghearáin nó imeachtaí a thionscnamh a shonrú.

(16)

I gcás ina bhfuil ceannaitheoir an tsoithigh a bhfuil praghas díobhálach air bunaithe i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile den Chomhaontú Longthógála, féadfar iarraidh a bheith sa ghearán go ndéanfadh údaráis an Pháirtí Chonarthaigh sin imscrúdú a thionscnamh sa ghearán freisin. Ba cheart iarraidh den sórt sin a tharchur chuig údaráis an Pháirtí Chonarthaigh, má tá údar leis sin.

(17)

Nuair is iomchuí, féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin nuair a dhéanann údaráis de Pháirtí Conarthach sa Chomhaontú Longthógála gearán i scríbhinn, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus faoi choinníollacha an Chomhaontaithe Longthógála.

(18)

Is gá a shonrú an bealach ar cheart fógra a thabhairt do pháirtithe leasmhara i leith na faisnéise atá de dhíth ar na húdaráis. Ba cheart neart deiseanna a thabhairt do pháirtithe leasmhara chun an fhianaise ábhartha uile a thíolacadh agus a leasanna a chosaint. Is inmhianaithe freisin na rialacha agus na nósanna imeachta atá le leanúint i rith an imscrúdaithe a leagan amach go soiléir, go háirithe na rialacha faoina gcuireann páirtithe leasmhara iad féin in iúl, faoina gcuireann siad a dtuairimí in iúl, faoina dtugann siad faisnéis laistigh de theorainneacha ama sonraithe, más rud é go bhfuil tuairimí agus faisnéis den sórt sin le cur san áireamh. Is iomchuí freisin na coinníollacha a leagan amach faoina bhféadfaidh páirtí leasmhar rochtain a fháil ar fhaisnéis arna tíolacadh ag páirtithe leasmhara eile, agus barúlacha a thabhairt fúithi. Ba cheart comhar a bheith ann freisin idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus faisnéis á bailiú.

(19)

Is gá foráil a dhéanamh gur cheart foirceannadh cásanna, is cuma má dhéantar muirear praghsála díobhálaí a ghearradh nó nach ndéantar, a dhéanamh bliain amháin ar a dhéanaí ón dáta tionscnaimh nó ó dháta seachadta an tsoithigh, de réir mar a bheidh.

(20)

Ba cheart imscrúduithe nó imeachtaí a fhoirceannadh i gcásanna inar corrlach praghsála díobhálaí de minimis atá ann.

(21)

Féadfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan muirear praghsála díobhálaí a ghearradh má chuirtear díolachán an tsoithigh a bhfuil praghas díobhálach air ar neamhní go cinntitheach gan choinníoll nó má ghlactar le leigheas coibhéiseach eile. Mar sin féin, an gá gan baint amach na haidhme atá á saothrú faoin Rialachán seo a chur i mbaol, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar conas a dhéanfar sin.

(22)

Ba cheart muirear praghsála díobhálaí atá comhionann leis an gcorrlach praghsála díobhálaí a ghearradh trí chinneadh ar an tógálaí long a rinne díobháil don tionscal de chuid an Aontais trí shoitheach a dhíol ar phraghas díobhálach, i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart rialacha beachta agus mionsonraithe a leagan síos maidir le cinneadh den sórt sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear gach beart is gá chun é a fhorfheidhmiú go hiarbhír, go háirithe frithbhearta a dhéanamh mura n-íocann an tógálaí long an muirear praghsála díobhálaí laistigh den teorainn ama is infheidhme.

(23)

Is gá rialacha beachta a leagan amach maidir leis an gceart lódála agus dílódála i gcalafoirt an Aontais a dhiúltú do shoithí arna dtógáil ag tógálaithe long atá faoi réir frithbheart.

(24)

Ní théann an oibleagáid chun an muirear praghsála díobhálaí a íoc in éag ach amháin má dhéantar muirear den sórt sin a íoc ina iomláine nó ag deireadh na tréimhse a bhfuil feidhm ag na frithbhearta lena linn.

(25)

Níor cheart aon ghníomhaíocht a dhéantar faoin Rialachán seo a bheith contrártha do leas an Aontais.

(26)

Agus é ag gníomhú de bhun an Rialacháin seo, ba cheart don Aontas an gá atá le gníomhaíocht thapa agus éifeachtach a choinneáil i gcuimhne.

(27)

Is caoithiúil foráil a dhéanamh maidir le cuairteanna fíorúcháin chun faisnéis arna cur isteach maidir le praghsáil dhíobhálach agus maidir le díobháil a sheiceáil, ach ní fhéadfar cuairteanna den sórt sin a thabhairt mura bhfuarthas freagraí iomchuí ar cheistneoirí.

(28)

Is gá a fhoráil, i gcás nach gcomhoibríonn páirtithe go sásúil, go bhféadfar faisnéis eile a úsáid chun na torthaí a bhunú agus go bhféadfadh sé nach mbeadh faisnéis den sórt sin chomh fabhrach do na páirtithe agus a bheadh dá gcomhoibreoidís.

(29)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le déileáil le faisnéis rúnda sa chaoi nach nochtar rúin ghnó.

(30)

Tá sé fíor-riachtanach foráil a dhéanamh maidir le fíorais bhunriachtanacha agus breithnithe a nochtadh go cuí do pháirtithe atá cáilithe do dhéileáil den sórt sin agus go ndéantar nochtadh den sórt sin, ag féachaint go cuí don phróiseas cinnteoireachta san Aontas, laistigh de theorainn ama inar féidir le páirtithe a leasanna a chosaint.

(31)

Ceanglaítear coinníollacha aonfhoirmeacha le cur chun feidhme na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Prionsabail agus sainmhínithe

1.   Féadfar muirear praghsála díobhálaí a ghearradh ar thógálaí aon soithigh a bhfuil praghas díobhálach air, a ndéantar díobháil nuair a dhíoltar í do cheannaitheoir nach ceannaitheoir i dtír tionscnaimh an tsoithigh é.

2.   Measfar go bhfuil praghsáil dhíobhálach déanta ar shoitheach más rud é go bhfuil praghas onnmhairiúcháin an tsoithigh atá á dhíol níos lú ná praghas inchomparáide ar shoitheach comhchosúil, agus é á dhíol i ngnáthchúrsa trádála, chuig ceannaitheoir ón tír onnmhairiúcháin.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “soitheach” aon soitheach féinghluaiste muirghabhála 100 tona comhlán nó níos mó, a úsáidtear chun earraí nó daoine a iompar nó chun sainseirbhís a dhéanamh (mar shampla, bristeoirí oighir agus dreidirí) agus aon tuga 365 kW nó níos mó;

(b)

ciallaíonn “soitheach comhchosúil” aon soitheach den chineál céanna a bhfuil an cuspóir céanna leis agus atá thart ar an méid céanna leis an soitheach atá i gceist agus a bhfuil tréithe aige atá an-chosúil le tréithe an tsoighigh atá i gceist;

(c)

ciallaíonn “soitheach den chatagóir ginearálta céanna” aon soitheach den chineál céanna a bhfuil an cuspóir céanna leis, ach a bhfuil difear suntasach sa mhéid ann;

(d)

cumhdaíonn “díolachán” leas úinéireachta sa soitheach a chruthú nó a aistriú, seachas leas úinéireachta arna chruthú nó arna fháil chun na críche urrús a sholáthar do ghnáthiasacht tráchtála, agus chun na críche sin amháin;

(e)

cuimsíonn “leas úinéireachta” aon leas conarthach nó dílsithe a chuireann ar chumas tairbhí nó tairbhithe leasa den sórt sin buntáiste a bhaint as oibriú an tsoithigh ar bhealach atá inchomparáide go substaintiúil leis an gcaoi ar féidir le húinéir leas a bhaint as oibriú an tsoithigh. Agus cinneadh á dhéanamh an ann d'inchomparáideacht shubstaintiúil den sórt sin, cuirfear na fachtóirí seo a leanas, inter alia, san áireamh:

(i)

téarmaí agus dálaí an idirbhirt;

(ii)

an cleachtas tráchtála sa tionscal;

(iii)

cé acu atá an soitheach atá faoi réir an idirbhirt comhtháite in oibríochtaí an tairbhí nó na dtairbhithe nó nach bhfuil; agus

(iv)

cé acu atá dóchúlacht ann go hiarbhír go mbainfidh tairbhí nó tairbhithe leasanna den sórt sin buntáiste as oibriú an tsoithigh, agus an riosca a ghlacadh chuige nó chucu féin, ar feadh cuid shuntasach de shaolré an tsoithigh nó nach bhfuil;

(f)

ciallaíonn “ceannaitheoir” aon duine nó aon chuideachta a fhaigheann leas úinéireachta, lena n-áirítear trí léas nó cairtfhostú lom fadtéarmach, i gcomhar leis an aistriú bunaidh ón tógálaí long, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear duine nó cuideachta is úinéir ceannaitheora nó a rialaíonn ceannaitheoir, nó a thugann treoracha don cheannaitheoir. Is úinéir ceannaitheora é duine nó cuideachta má tá leas os cionn 50 % aige nó aici sa cheannaitheoir. Rialaíonn duine nó cuideachta ceannaitheoir nuair is féidir leis an duine nó leis an gcuideachta, ó thaobh an dlí nó ó thaobh cúrsaí oibríochta de, srian nó treoir a chur ar an gceannaitheoir, agus toimhdítear gur leas 25 % atá i gceist anseo. Má dhéantar úinéireacht ar cheannaitheoir a léiriú, déantar toimhde de nach bhfuil rialú ar leithligh air ach amháin má léirítear a mhalairt. Féadfar níos mó ná ceannaitheoir amháin a bheith ag aon soitheach amháin;

(g)

ciallaíonn “cuideachta” aon chuideachta arna bunú nó aon ghnóthas arna bhunú faoin dlí sibhialta nó tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile arna rialú ag dlí poiblí nó príobháideach, bíodh siad brábúsmhar nó neamhbhrábúsmhar;

(h)

ciallaíonn “Páirtí Conarthach” aon tríú tír ar páirtí í sa Chomhaontú Longthógála.

Airteagal 2

Praghsáil dhíobhálach a chinneadh

1.   Beidh an gnáthluach bunaithe de ghnáth ar an bpraghas a d'íoc ceannaitheoir neamhspleách sa tír onnmhairiúcháin nó atá le híoc aige, i ngnáthchúrsa trádála, as soitheach comhchosúil.

2.   Ní fhéadfar praghsanna idir páirtithe ar cosúil go bhfuil comhlachas eatarthu nó socrú cúitimh acu le chéile a mheas mar phraghsanna i ngnáthchúrsa trádála agus ní fhéadfar iad a úsáid chun an gnáthluach a shocrú ach amháin má chinntear nach bhfuil tionchar ag an gcaidreamh sin orthu.

3.   I gcás nár díoladh soithí comhchosúla i ngnáthchúrsa trádála, nó i gcás nach féidir comparáid cheart a dhéanamh ar bhonn díolacháin den sórt sin, i ngeall ar an staid shonrach an mhargaidh sin, déanfar gnáthluach an tsoithigh chomhchosúil a ríomh ar bhonn praghas onnmhairiúcháin soithigh chomhchosúil, i ngnáthchúrsa trádála, chuig tríú tír iomchuí, ar choinníoll go bhfuil an praghas sin ionadaíoch. Mura bhfuil díolacháin den sórt sin chuig aon tríú tír iomchuí ann nó mura féidir comparáid cheart a dhéanamh ar bhonn na ndíolachán sin, déanfar gnáthluach na soithí comhchosúla a ríomh ar bhonn an chostais táirgthe sa tír tionscnaimh móide méid réasúnta do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis.

4.   Díolacháin soithí comhchosúla i margadh intíre na tíre onnmhairiúcháin, nó díolacháin onnmhairiúcháin chuig tríú tír, ar phraghsanna faoi bhun chostais táirgthe an aonaid (idir sheasta agus inathraitheach) móide costais díola, ghinearálta agus riaracháin, ní fhéadfar glacadh leo mar chostais nach dtagann as gnáthchúrsa trádála ar chúiseanna praghais, agus ní fhéadfar neamhaird a thabhairt orthu agus an gnáthluach á shocrú, ach amháin má chinntear go bhfuil díolacháin den sórt sin á ndéanamh ar phraghsanna a fhágfaidh nach féidir na costais go léir a aisghnóthú laistigh de thréimhse réasúnta, ar cheart a bheith ina tréimhse cúig bliana de ghnáth.

5.   Déanfar costais a ríomh de ghnáth ar bhonn taifid arna gcoinneáil ag an tógálaí long atá faoi imscrúdú, ar choinníoll go bhfuil taifid den sórt sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo sa tír lena mbaineann agus go léirítear go dtugann na taifid léiriú réasúnta ar na costais a bhaineann le táirgeadh agus díolachán an tsoithigh atá i gceist.

Tabharfar aird ar fhianaise a cuireadh isteach maidir le leithdháileadh ceart na gcostas, ar choinníoll go léirítear gur úsáideadh leithdháilte den sórt sin go stairiúil. In éagmais modh níos iomchuí, tabharfar tús áite do leithdháileadh na gcostas ar bhonn láimhdeachais. Mura léiríodh é cheana féin i leithdháileadh na gcostas faoin bhfomhír seo, déanfar coigeartú iomchuí ar na costais a bhaineann leis na míreanna neamh-athfhillteacha costais a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó atá chun leasa táirgeachta i láthair na huaire, nó le cásanna ina bhfuil tionchar ag oibríochtaí atá díreach tosaithe ar na costais.

6.   Beidh na méideanna do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann le soithí comhchosúla a dhíolann agus a tháirgeann an tógálaí long atá faoi imscrúdú, i ngnáthchúrsa trádála. I gcásanna nach féidir méideanna den sórt sin a shocrú ar an mbonn sin, féadfar na méideanna a shocrú ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

meán ualaithe na méideanna iarbhír arna socrú do thógálaithe long eile sa tír tionscnaimh i ndáil le táirgeadh agus díolacháin soithí comhchosúla ar mhargadh intíre na tíre sin;

(b)

na méideanna iarbhír is infheidhme maidir le táirgeadh agus díolacháin soithí den chatagóir ginearálta céanna, i ngnáthchúrsa trádála, don tógálaí long atá i gceist i margadh intíre na tíre tionscnaimh;

(c)

aon mhodh réasúnta eile, ar choinníoll nach bhfuil an méid don bhrabús a shocrófar leis an modh sin níos mó ná an brabús a dhéanfaidh togálaithe long eile de ghnáth ar dhíolacháin soithí den chatagóir ginearálta céanna ar mhargadh intíre na tíre tionscnaimh.

Lena chois sin, beidh an brabús a chuirfear leis agus luach tógála á ríomh, i ngach cás, bunaithe ar an meánbhrabús arna dhéanamh thar thréimhse réasúnta ama, sé mhí de ghnáth roimh an díolachán atá faoi imscrúdú agus ina dhiaidh, agus léireoidh sé brabús réasúnta tráth díolacháin den sórt sin. Agus ríomh den sórt sin á dhéanamh, cuirfear deireadh le haon saobhadh a dtaispeántar go mbeidh brabús tráth an díolacháin nach brabús réasúnta é mar thoradh air.

7.   I ngeall ar an aga fada idir an conradh agus seachadadh soithí, ní bheidh san áireamh sa ghnáthluach costais iarbhíre a dtaispeánann an tógálaí long gur costais de thoradh force majeure atá iontu agus atá i bhfad níos mó ná an méadú costais a bhféadfadh an tógálaí long bheith ag súil leis le réasún agus a chur san áireamh nuair a socraíodh na téarmaí ábhartha díolacháin.

8.   I gcás díolacháin ó thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu agus, go háirithe, tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir leo, déanfar an gnáthluach a shocrú ar bhonn an phraghais nó an luacha ríofa i dtríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici, nó ar bhonn an phraghais ó thríú tír den sórt sin chuig tíortha eile, an tAontas san áireamh, nó, nuair nach féidir an méid sin a dhéanamh, ar aon bhonn réasúnta eile, lena n-áirítear an praghas iarbhír a íocadh nó atá le híoc san Aontas ar an soitheach comhchosúil, arna choigeartú más gá chun corrlach brabúis réasúnta a chur san áireamh.

Roghnófar tríú tír iomchuí a bhfuil geilleagar margaidh aici ar bhealach nach bhfuil míréasúnta, ag tabhairt aird iomchuí ar aon fhaisnéis iontaofa arna cur ar fáil tráth an roghnúcháin. Tabharfar aird ar theorainneacha ama freisin.

Cuirfear na páirtithe san imscrúdú ar an eolas, go gairid tar éis an t-imscrúdú a thionscnaimh, faoin tríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici atá beartaithe agus tabharfar 10 lá dóibh chun a dtuairimí a thabhairt.

9.   An praghas onnmhairiúcháin, beidh sé cothrom leis an bpraghas iarbhír a íocadh nó atá le híoc don soitheach atá i gceist.

10.   I gcásanna nach bhfuil praghas onnmhairiúcháin ann nó más cosúil go bhfuil an praghas onnmhairiúcháin neamhiontaofa i ngeall ar chomhlachas nó socrú cúitimh idir an tógálaí long agus an ceannaitheoir nó tríú páirtí, féadfar an praghas onnmhairiúcháin a ríomh ar bhonn an phraghais ar a athdhíolfar an soitheach den chéad uair le ceannaitheoir neamhspleách, nó, mura ndéanfar an soitheach a athdhíol le ceannaitheoir neamhspleách nó nach ndéanfar é a athdhíol sa riocht céanna ar díoladh é ar an gcéad dul síos, ar aon bhonn réasúnta.

Sna cásanna sin, déanfar coigeartú do gach costas, lena n-áirítear dleachtanna agus cánacha, arna dtabhú idir an chéad díolachán agus an t-athdhíolachán, agus coigeartú do bhrabúis arna dtabhú, chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shocrú.

Ar na nithe a ndéanfar coigeartú ina leith, beidh na nithe sin a ghlacann ceannaitheoir chuige féin de ghnáth ach a íocann aon pháirtí, bíodh an páirtí sin laistigh nó lasmuigh den Aontas, ar cosúil go bhfuil sé comhlachaithe leis an tógálaí long nó leis an gceannaitheoir nó go bhfuil socrú cúitimh aige leis, lena n-áirítear na gnáthchostais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, gnáthdhleachtanna custaim agus cánacha eile atá le híoc sa tír allmhairiúcháin i dtaca le ceannach an tsoithigh agus corrlach réasúnta do chostais díola, ghinearálta agus riaracháin, agus don bhrabús.

11.   Déanfar comparáid chothrom idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach. Déanfar an chomparáid seo ar an leibhéal trádála céanna agus i ndáil le díolacháin arna ndéanamh ag an tráth is gaire is féidir don tráth céanna, rud a chiallaíonn de ghnáth diolacháin arna ndéanamh laistigh de thrí mhí roimh an díolachán atá faoi imscrúdú nó ina dhiaidh, nó, in éagmais díolacháin den sórt sin, aon tréimhse iomchuí. Cuirfear difríochtaí a dhéanann difear d'inchomparáideacht praghsanna i ngach cás san áireamh de réir mar is iomchuí sa chás sin, lena n-áirítear difríochtaí maidir le coinníollacha agus téarmaí díolacháin, pionóis chonarthacha, cáin, leibhéal trádála, cainníochtaí, tréithe fisiciúla, agus aon difríochtaí eile a dtaispeántar mar dhifríochtaí a dhéanann difear d'inchomparáideacht praghsanna. Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear i mír 10, gur imríodh tionchar ar inchomparáideacht praghsanna, socrófar an gnáthluach ar leibhéal trádála atá comhionann le leibhéal trádála an phraghais onnmhairiúcháin ríofa, nó cuirfear sin san áireamh mar is iomchuí, má tá údar leis sin, faoin mír seo. Seachnófar aon dúbailt agus coigeartuithe á ndéanamh, go háirithe maidir le lascainí agus pionóis chonarthacha. Más gá airgeadraí a thiontú chun na praghsanna a chur i gcomparáid, déanfar an tiontú sin de réir an ráta malartaithe ar an dáta díolacháin, ach i gcás díolacháin airgeadra eachtraigh ar réamh — mhargaí atá nasctha go díreach leis an díolachán onnmhairiúcháin lena mbaineann, úsáidfear ráta malartaithe an réamhdhíola. Chun críche na forála seo, beidh an dáta díolacháin comhionann leis an dáta ar a socrófar na téarmaí ábhartha díolacháin, dáta an chonartha de ghnáth. Má dhéantar na téarmaí ábhartha díolacháin a athrú go suntasach ar dháta eile, áfach, ba cheart an ráta malartaithe ar dháta an athraithe a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, déanfar coigeartuithe iomchuí chun aon tionchar míréasúnta ar an gcorrlach praghsála díobhálaí a imríodh de dheasca luaineachta ar an ráta malartaithe idir an chéad dáta díolacháin agus dáta an athraithe, agus é sin amháin, a chur san áireamh.

12.   Faoi réir na bhforálacha ábhartha a rialaíonn comparáid chothrom, socrófar de ghnáth an bhfuil corrlaigh phraghsála díobhálaí ann nó nach bhfuil ar bhonn comparáide idir gnáth-mheánluach ualaithe agus meán ualaithe na bpraghsanna do na díolacháin go léir, nó ar bhonn comparáide idir gnáthluachanna aonair agus praghsanna onnmhairiúcháin aonair de réir an idirbhirt. Féadfar gnáthluach atá bunaithe ar mheán ualaithe a chur i gcomparáid le praghsanna na ndíolachán aonair go léir, áfach, má tá patrún praghsanna onnmhairiúcháin a bhfuil difríocht shuntasach i gceist leis idir ceannaitheoirí, réigiúin nó tréimhsí difriúla, agus más rud é nach léireodh na modhanna atá sonraithe sa chéad abairt den mhír seo méid iomlán na praghsála díobhálaí atá á déanamh.

13.   Is é an méid a sháraíonn an gnáthluach an praghas onnmhairiúcháin an corrlach praghsála díobhálaí a bheidh ann. I gcás ina bhfuil corrlaigh phraghsála díobhálaí difriúla ann, féadfar meánchorrlach praghsála díobhálaí ualaithe a bhunú.

Airteagal 3

Díobháil a chinneadh

1.   De bhun an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “díobháil”, mura sonraítear a mhalairt, díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais, baol díobhála ábhartha don tionscal de chuid an Aontais nó moilliú ábhartha ar bhunú tionscail den sórt sin, agus léireofar é i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

2.   Beidh cinneadh go bhfuil díobháil ann bunaithe ar fhianaise dhearfach agus beidh scrúdú oibiachtúil ar na nithe seo a leanas i gceist leis:

(a)

an tionchar atá ag an díolachán ar phraghas níos lú ná an gnáthluach ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais do shoithí comhchosúla; agus

(b)

an tionchar a bheidh ag an díolachán sin ar an tionscal de chuid an Aontais dá bharr.

3.   Maidir le tionchar ar phraghsanna atá ag an díolachán ar phraghas atá níos lú ná an gnáthluach, cuirfear san áireamh ar tharla sé go ndearnadh sladghearradh praghais suntasach de thoradh an díolacháin ar níos lú ná an gnáthluach i gcomparáid le praghas soithí comhchosúla den tionscal de chuid an Aontais nó an bhfuil sé mar thionchar ag an díolachán sin praghsanna a bhrú síos go suntasach nó méaduithe ar phraghsanna, a thitfeadh amach murach sin, a chosc go suntasach. Ní gá go mbeifear in ann treoir chinntitheach a bhaint as aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí sin.

4.   I gcás ina bhfuil díolacháin soithí ó níos mó ná tír amháin faoi réir imscrúduithe praghsála díobhálaí go comhuaineach, ní dhéanfar tionchar an díolachán sin a mheas go carnach ach amháin má chinntear:

(a)

go bhfuil an corrlach praghsála díobhálaí arna socrú i ndáil leis na ceannacháin ó gach tír níos mó ná de minimis mar atá sainithe in Airteagal 7(3); agus

(b)

gur iomchuí measúnú carnach ar thionchair na ndíolachán oiriúnach i bhfianaise na ndálaí iomaíochta idir soithí arna ndíol ag tógálaithe long neamh-Aontais chuig an gceannaitheoir agus na dálaí iomaíochta idir soithí den sórt sin agus soithí comhchosúla an Aontais.

5.   An scrúdú ar an tionchar atá ag an díolachán ar níos lú ná an gnáthluach ar an tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, cuimseoidh sé gach fachtóir agus innéacs eacnamaíoch ábhartha a mbeidh tionchar acu ar staid an tionscail, lena n-áirítear tionscal a bheith fós ag teacht chuige féin ón tionchar a bhí ag dumpáil, praghsáil dhíobhálach nó fóirdheonú san am atá thart, méid an chorrlaigh iarbhír praghsála díobhálaí, an laghdú iarbhír agus féideartha ar dhíolacháin, brabúis, aschur, cion den mhargadh, táirgeacht, toradh ar infheistíochtaí agus úsáid toillte, fachtóirí a imríonn tionchar ar phraghsanna an Aontais tionchair dhiúltacha iarbhír agus féideartha ar shreabhadh airgid, fardail, fostaíocht, pá, fás, cumas caipiteal nó infheistíochtaí a chruinniú. Ní liosta cuimsitheach an liosta seo, agus ní gá go bhféadfar treoir chinntitheach a bhunú ar aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí seo.

6.   Ní mór a thaispeáint, ón bhfianaise ábhartha uile a chuirfear i láthair i ndáil le mír 2, go bhfuil díobháil, de réir bhrí an Rialacháin seo, á déanamh, nó go bhfuil díobháil déanta, ag an díolachán ar luach atá níos lú ná an gnáthluach. Go sonrach, beidh gá ann a thaispeáint chun na críche sin gurb iad leibhéil na bpraghsanna a sainaithníodh de bhun mhír 3 is cúis leis an tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais mar a fhoráiltear dó i mír 5, agus go bhfuil an tionchar sin ann chomh mór sin gur féidir é a aicmiú mar thionchar ábhartha.

7.   Déanfar scrúdú freisin ar fhachtóirí a bhfuil eolas orthu, seachas an díolachán ar níos lú ná an gnáthluach, fachtóirí atá ag déanamh díobhála don tionscal de chuid an Aontais ag an am céanna, lena áirithiú nach gcuirfear an díobháil arna cruthú ag na fachtóirí eile sin i leith an díolacháin ar níos lú ná an gnáthluach faoi mhír 6. Ar na fachtóirí is féidir a mheas i ndáil leis sin beidh méid agus praghsanna díolachán ag tógálaithe long i dtíortha cé is moite de na tíortha onnmhairiúcháin nach ndearnadh ar luach a bhí faoi bhun an ghnáthluacha, laghdú ar éileamh nó athruithe ar phatrúin tomhaltais, cleachtais trádála shriantacha táirgeoirí tríú tíortha agus táirgeoirí de chuid an Aontais agus iomaíocht eatarthu, forbairtí i dteicneolaíocht agus feidhmíocht onnmhairiúcháin agus táirgiúlacht an tionscail de chuid an Aontais.

8.   Déanfar tionchar an díolacháin ar phraghas atá faoi bhun an ghnáthluacha a mheasúnú i ndáil le táirgeadh na long comhchosúil a dhéanann an tionscal de chuid an Aontais nuair is féidir, trí na sonraí atá ar fáil, an táirgeadh sin a shainaithint ar leithligh ar bhonn critéar amhail an próiseas táirgthe agus díolacháin agus brabúis táirgeoirí. Mura féidir an táirgeadh sin a shainaithint ar leithligh, déanfar tionchar an díolacháin ar phraghas atá faoi bhun an ghnáthluacha a mheasúnú trí scrúdú a dhéanamh ar tháirgeadh an ghrúpa long nó an raon long is srianta a chuimsíonn an long chomhchosúil, ar féidir an fhaisnéis is gá a sholáthar ina leith.

9.   Má chinntear go bhfuil baol díobhála ábhartha ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach. Ní mór an t-athrú ar imthosca a chruthódh cás ina mbeadh an díolachán ar phraghas atá faoi bhun an ghnáthluach ina chúis díobhála a bheith intuartha go soiléir agus ní mór é a bheith ar tí tarlú.

Agus é á chinneadh go bhfuil baol díobhála ábhartha ann, ba cheart fachtóirí amhail an méid seo a leanas a mheas:

(a)

cé acu an bhfuil go leor cumais tógála shaoir ar fáil ar thaobh an tógálaí long nó méadú láithreach suntasach sa chumas tógála sin a thugann le fios gur dócha go mbeidh méadú suntasach ar dhíolachán faoi bhun an ghnáthluacha, agus a mhéid atá margaí onnmhairiúcháin eile ar fáil chun aon onnmhairithe breise a ghlacadh isteach á chur san áireamh;

(b)

an bhfuil soithí á n-onnmhairiú ar phraghsanna a laghdódh praghsanna go suntasach nó a choiscfeadh méadú ar phraghsanna a tharlódh murach sin, agus ar dócha go méadóidís an t-éileamh ar cheannacháin bhreise ó thíortha eile.

Ní gá go bhféadfaí treoir chinntitheach a bhaint as aon cheann de na fachtóirí atá sa liosta thuas ann féin, ach ní mór a bhaint de thátal, agus na fachtóirí go léir á meas le chéile, go bhfuil díolacháin bhreise faoi bhun an ghnáthluacha ar tí tarlú agus go ndéanfar díobháil ábhartha, mura ndéanfar gníomhaíocht chosantach.

Airteagal 4

Sainmhíniú ar thionscal de chuid an Aontais

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, léireofar “tionscal de chuid an Aontais” mar théarma atá ag tagairt do tháirgeoirí an Aontais ar an iomlán a bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh leis na háiseanna atá acu faoi láthair nó ar féidir a n-áiseanna a oiriúnú in am ionas go dtáirgfear soitheach comhchosúil, nó do na táirgeoirí arb ionann a gcomhchumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh agus sciar mór, mar atá sainmhínithe in Airteagal 5(6), de chumas an Aontais ar an iomlán soitheach comhchosúil a tháirgeadh. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil gaol ag na táirgeoirí leis an tógálaí long, leis na honnmhaireoirí nó leis na ceannaitheoirí, nó ina bhfuil na táirgeoirí féin ag ceannach an tsoithigh a bhfuil sé líomhainte go bhfuil sé ar phraghas díobhálach, féadfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar bheith ag tagairt do na táirgeoirí eile.

2.   Chun críche mhír 1, ní mheasfar baint a bheith ag na táirgeoirí leis an tógálaí long, na honnmhaireoirí nó na ceannaitheoirí ach amháin:

(a)

má rialaíonn duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach;

(b)

má rialaíonn tríú duine an bheirt acu go díreach nó go hindíreach; nó

(c)

má rialaíonn siad tríú duine le chéile go díreach nó go hindíreach, ar choinníoll go bhfuil foras ann a chreidiúint nó bheith in amhras go mbeadh sé d'éifeacht ag an mbaint sin go ngníomhódh an táirgeoir lena mbaineann ar chaoi eile ná mar a ghníomhódh sé le táirgeoirí nach bhfuil baint aige leo.

Chun críche na míre seo, measfar go rialaíonn táirgeoir táirgeoir eile i gcás inar féidir leis an gcéad táirgeoir, ó thaobh an dlí nó ó thaobh cúrsaí oibríochta de, srian a chur leis an dara táirgeoir nó treoir a chur air.

3.   Beidh forálacha Airteagal 3(8) infheidhme maidir leis an Airteagal seo.

Airteagal 5

Imeachtaí a thionscnamh

1.   Ach amháin sa chás dá bhforáiltear i mír 8, tionscnófar imscrúdú lena chinneadh an ann d'aon phraghsáil dhíobhálach atá líomhainte agus a thromchúisí agus a éifeachtaí atá sí nuair a gheofar gearán i scríbhinn ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, atá ag feidhmiú thar ceann an tionscail de chuid an Aontais.

Féadfar an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, nó faoi bhráid Ballstáit, a sheolfaidh é chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an Coimisiún cóip d'aon ghearán a gheobhaidh sé chuig na Ballstáit. Measfar gur taisceadh an gearán ar an gcéad lá oibre tar éis a sheachadta ar an gCoimisiún trí phost cláraithe nó tar éis don Choimisiún admháil fála a eisiúint.

I gcás, in éagmais aon ghearáin, ina bhfuil go leor fianaise ag Ballstát go bhfuil praghsáil dhíobhálach ann agus go ndearnadh díobháil don tionscal de chuid an Aontais dá dheasca, cuirfidh sé an fhianaise sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Comhdófar gearán faoi mhír 1 tráth nach déanaí ná:

(a)

sé mhí ón am ab eol don ghearánach, nó ba cheart gurbh eol dó, gur díoladh an soitheach, sna cásanna seo:

(i)

gur tugadh cuireadh don ghearánach tairiscint a chur isteach maidir leis an gconradh i gceist trí iltairiscint leathan nó aon phróiseas tairisceana eile;

(ii)

gur chuir an gearánach tairiscint isteach go hiarbhír; agus

(iii)

gur chomhlíon tairiscint an ghearánaigh sciar mór de na sonraíochtaí tairisceana;

(b)

naoi mí ón am b'eol don ghearánach, nó ba cheart gurbh eol dó, gur díoladh an soitheach in éagmais cuiridh tairiscint a chur isteach, ar choinníoll gur cuireadh isteach fógra go raibh rún aige cur isteach, fógra ina raibh fianaise a bhí ar fáil go réasúnta ag an ngearánach lenarbh fhéidir an t-idirbheart i gceist a shainaithint, tráth nach déanaí ná sé mhí ón am sin chuig an gCoimisiún nó chuig Ballstát.

Ní chomhdófar gearán in aon chor tráth is déanaí ná sé mhí ón dáta a seachadadh an soitheach.

Féadfar a mheas gurbh eol don ghearánach gur díoladh soitheach ón am a foilsíodh gur tugadh i gcrích an conradh, maille le faisnéis an-ghinearálta ar an soitheach, sa phreas trádála idirnáisiúnta.

Chun críche an Airteagail seo, is é an léiriú a bheidh ar iltairiscint leathan, iltairiscint ina dtugann an ceannaitheoir atá beartaithe cuireadh tairiscint a chur isteach do na tógálaithe long uile, ar a laghad, arb eol don cheannaitheoir go bhfuil sé ar a gcumas an soitheach i gceist a thógáil.

3.   Ba cheart fianaise a bheith i ngearán faoi mhír 1:

(a)

ar phraghsáil dhíobhálach;

(b)

ar dhíobháil;

(c)

gurb é an díolachán ar phraghas díobhálach ba chúis leis an díobháil atá líomhnaithe; agus

(d)

(i)

gur tugadh cuireadh don ghearánach, má díoladh an soitheach trí iltairiscint leathan, tairiscint a chur isteach ar an gconradh i gceist, go ndearna sé amhlaidh go hiarbhír agus gur chomhlíon tairiscint an ghearánaigh sciar mór de shonraíochtaí na tairisceana (is e sin le rá dáta seachadta agus riachtanais theicniúla); nó

(ii)

más rud é gur díoladh an soitheach trí aon phróiseas tairisceana eile agus gur tugadh cuireadh don ghearánach tairiscint a chur isteach ar an gconradh i gceist, go ndearna sé amhlaidh go hiarbhír agus gur chomhlíon tairiscint an ghearánaigh sciar mór de shonraíochtaí na tairisceana; nó

(iii)

go raibh sé ar chumas an ghearánaigh, in éagmais cuiridh tairiscint a chur isteach seachas tairiscint faoi iltairiscint leathan, an soitheach i gceist a thógáil agus, má b'eol don ghearánach, nó dá mba cheart gurbh eol dó, go raibh an díolachán beartaithe, go ndearna sé iarrachtaí sodhearbhaithe díolachán a thabhairt i gcrích leis an gceannaitheoir i gcomhréir leis na sonraíochtaí tairisceana i gceist. Féadfar a mheas gurbh eol don ghearánach go raibh an díolachán beartaithe má thaispeántar go ndearna formhór an tionscail ábhartha iarrachtaí leis an gceannaitheoir sin díolachán an tsoithigh i gceist a thabhairt i gcrích, nó má thaispeántar go raibh faisnéis ghinearálta ar an díolachán a bhí beartaithe ar fáil ó bhróicéirí, airgeadaithe, cumainn aicmiúcháin, cairtfhostóirí, comhlachais trádála nó eintitis eile a mbíonn baint acu de ghnáth le hidirbhearta longthógála a mbíodh teagmháil nó déileáil ag an ngearánach leo go tráthrialta.

4.   Sa ghearán beidh cibé faisnéis atá ar fáil go réasúnta ag an ngearánach ar na nithe seo a leanas:

(a)

aitheantas an ghearánaigh agus tuairisc ón ngearánach ar mhéid agus luach tháirgeacht an Aontais an tsoithigh chomhchosúil. I gcás ina ndéantar gearán i scríbhinn thar ceann an tionscail de chuid an Aontais saineofar sa ghearán an tionscal a ndéantar an gearán thar a cheann trí liosta de na táirgeoirí uile de chuid an Aontais a bhfuiltear ar an eolas fúthu go bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a thógáil, agus a mhéad is féidir, tuairisc ar mhéid agus luach tháirgeacht an Aontais an tsoithigh chomhchosúil a thagann ó na táirgeoirí sin;

(b)

tuairisc iomlán ar an soitheach a bhfuil sé líomhainte go bhfuil sé ar phraghas díobhálach, ainm na tíre nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairiúcháin atá i gceist, aitheantas gach onnmhaireora nó gach táirgeora eachtraigh a bhfuiltear ar an eolas faoi agus aitheantas cheannaitheoir an tsoithigh i gceist;

(c)

na praghsanna ar a ndíoltar soithigh den sórt sin i margaí intíre na tíre nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairiúcháin (nó, más iomchuí, na praghsanna ar a ndíoltar soithí den sórt sin as an tír nó na tíortha tionscnaimh nó onnmhairiúcháin isteach i dtríú tír nó tíortha, nó luach ríofa an tsoithigh) agus na praghsanna onnmhairiúcháin nó, más iomchuí, na praghsanna ar a gcéad-athdhíoltar soithí den sórt sin do cheannaitheoir neamhspleách.

(d)

an éifeacht a bhí ag an díolachán ar phraghas dhíobhálach ar phraghsanna an tsoithigh chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus an tionchar a d'imir an díolachán ar an tionscal de chuid an Aontais dá dheasca sin, agus sin á thaispeáint ag fachtóirí agus innéacsanna ábhartha a bhaineann le staid an tionscail de chuid an Aontais amhail na fachtóirí agus na hinnéacsanna atá liostaithe in Airteagal 3(3) agus (5).

5.   Scrúdóidh an Coimisiún, a mhéad is féidir, cruinneas agus leormhaithe na fianaise arna cur ar fáil sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil go leor fianaise ann chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

6.   Ní thionscnófar imscrúdú de bhun mhír 1 murar cinntíodh, ar bhonn scrúdú maidir lena mhéad atáthar i bhfách leis an ngearán a chuir táirgeoirí de chuid an Aontais a bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a thógáil in iúl, nó ina choinne, go ndearna an tionscail de chuid an Aontais an gearán nó go ndearnadh thar a cheann é. Measfar go ndearna an tionscal de chuid an Aontais an gearán nó go ndearnadh thar a cheann é más iad atá i bhfách leis táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomhchumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh agus 50 % de chumas iomlán an chuid sin den tionscal de chuid an Aontais a mhaíonn go bhfuil sé i bhfách leis an ngearán nó ina choinne. Ní thionscnófar aon imscrúdú, áfach, i gcás inarb ionann cumas na dtáirgeoirí de chuid an Aontais atá i bhfách leis an ngearán go sainráite agus 25 % de chumas iomlán tháirgeoirí an Aontais a bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh.

7.   Seachnóidh na húdaráis poibliú an ghearáin lenar iarradh imscrúdú a thionscnamh, ach amháin má tá cinneadh déanta imscrúdú a thionscnamh. Sula dtionscnófar imscrúdú, áfach, tabharfar fógra ina leith do rialtas na tíre onnmhairiúcháin lena mbaineann.

8.   Más rud é, i gcásanna ar leith, go gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh gan gearán i scríbhinn a fháil ón tionscal de chuid an Aontais, nó thar a cheann, lena n-iarrtar an t-imscrúdú sin a thionscnamh, déanfar sin má tá go leor fianaise ann go bhfuil praghsáil dhíobhálach agus díobháil ann, gurb í an phraghsáil dhíobhálach ba chúis leis an díobháil agus gur chomhlíon ball den tionscal de chuid an Aontais a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh díobháil dó na critéir dá dtagraítear i mír 3 (d), le bheith ina húdar leis an tionscnamh sin.

Más iomchuí, féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin tar éis gearán a fháil i scríbhinn ó údaráis Páirtí Chonarthaigh. Beidh go leor fianaise leis mar thaca leis an ngearán sin chun a thaispeaint go bhfuiltear nó go rabhthas ag praghsáil soithigh go díobhálach agus go bhfuil an díolachán atá líomhainte le ceannaitheoir de chuid an Aontais ar luach is lú ná an gnáthluach ag déanamh díobhála nó go ndearna sé díobháil do thionscal intíre an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann.

9.   Déanfar an fhianaise go ndearnadh praghsáil dhíobhálach agus díobháil araon a mheas go comhuaineach agus an cinneadh á dhéanamh an dtionscnófar imscrúdú nó nach dtionscnófar. Diúltófar gearán mura mbeidh go leor fianaise ann go ndearnadh praghsáil dhíobhálach nó díobháil le go mbeidh údar le leanúint den chás.

10.   Is féidir an gearán a tharraingt siar sula dtionscnófar imscrúdú agus measfar nár cuireadh isteach é sa chás sin.

11.   I gcás inar léir go bhfuil go leor fianaise ann le go mbeidh údar le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún é sin faoi cheann 45 lá ón dáta a cuireadh an gearán isteach, nó, i gcás tionscnaimh de bhun mhír 8, faoi cheann tréimhse nach faide ná sé mhí ón am ab eol nó ba cheart gurbh eol gur díoladh an soitheach, agus foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mura leor an fhianaise a cuireadh isteach, cuirfear sin in iúl don ghearánach faoi cheann 45 lá ó cuirtear an gearán isteach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go bhfuil gá le himeachtaí den sórt sin a thionscnamh.

12.   San fhógra tionscnaimh imeachtaí, nochtfar tionscnamh imscrúdaithe, luafar ainm agus tír an tógálaí long agus an cheannaitheora nó na gceannaitheoirí agus beidh tuairisc ar an soitheach i gceist agus achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas agus forálfar go bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile le cur chuig an gCoimisiún.

Luafar ann na tréimhsí a bhféadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in aithne, a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a chur isteach lena linn, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe. Luafar ann freisin an tréimhse a bhféadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 6(5) lena linn.

13.   Cuirfidh an Coimisiún onnmhaireoir, ceannaitheoir nó ceannaitheoirí an tsoithigh agus comhlachais ionadaíocha táirgeoirí, onnmhaireoirí nó ceannaitheoirí soithí den sórt sin arb eol dó go mbaineann siad leis an gceist chomh maith le hionadaithe na tíre a bhfuil a soitheach faoin imscrúdú sin agus na gearánaigh ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí, agus tabharfaidh sé, ag féachaint go cuí dó do chosaint faisnéise rúnda, téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a fuarthas de bhun mhír 1 don onnmhaireoir, agus d'údaráis na tíre onnmhairiúcháin, agus an téacs sin a chur ar fáil ar iarratas do pháirtithe leasmhara eile a bhaineann leis an gceist.

Airteagal 6

An t-imscrúdú

1.   Tar éis thionscnamh na n-imeachtaí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus, más iomchuí, le húdaráis tríú tíortha, imscrúdú a thosú ar leibhéal an Aontais. Cumhdóidh imscrúdú den sórt sin idir phraghsáil dhíobhálach agus díobháil araon, agus imscrúdófar iad go comhuaineach.

2.   Na páirtithe a gheobhaidh ceistneoirí a úsáidfear in imscrúdú ar phraghsáil dhíobhálach, beidh 30 lá ar a laghad acu le freagra a thabhairt. Ríomhfar an spriocam d'onnmhaireoirí ón dáta a fuair siad an ceistneoir, a measfar, chun na críche seo, go bhfuarthas é seachtain amháin ón lá a seoladh chuig an onnmhaireoir é nó a cuireadh ar aghaidh é chuig ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre onnmhairiúcháin. Féadfar síneadh ar an tréimhse 30 lá a thabhairt, agus teorainneacha ama an imscrúdaithe á gcur san áireamh go cuí, ar choinníoll go léiríonn an páirtí sin go bhfuil údar iomchuí le síneadh den sórt sin sa chás sonrach a bhaineann leis.

3.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar údaráis tríú tíortha, más iomchuí, agus ar na Ballstáit, faisnéis a thabhairt, agus déanfaidh na Ballstáit cibé bearta is gá chun go mbeidh éifeacht leis na hiarrataí sin.

Cuirfidh siad an fhaisnéis a iarradh maille le torthaí gach cigireachta, seiceála nó imscrúdaithe a rinneadh chuig an gCoimisiún.

Má bhaineann an fhaisnéis sin leis an leas coiteann nó má d'iarr Ballstát go gcuirfí ar aghaidh í, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh í chuig na Ballstáit, ar choinníoll nach bhfuil sí rúnda, agus,sa chás sin, cuirfear achoimre nach mbeidh faoi rún ar aghaidh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar údaráis tríú tíortha, más iomchuí, agus ar na Ballstáit, na seiceálacha agus na cigireachtaí riachtanacha uile a dhéanamh, go háirithe ar tháirgeoirí de chuid an Aontais agus imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha, ar choinníoll go dtoilíonn na gnólachtaí lena mbaineann leis sin agus gur tugadh fógra oifigiúil do rialtas na tíre lena mbaineann agus nár chuir sé ina choinne.

Déanfaidh na Ballstáit cibé bearta is gá chun go mbeidh éifeacht ag na hiarrataí sin ón gCoimisiún.

Beidh sé d'údarás ag oifigigh an Choimisiúin, má iarrann an Coimisiún nó Ballstát é, cuidiú le hoifigigh Ballstát a ndualgais a dhéanamh. Mar an gcéanna, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin cuidiú le hoifigigh údarás tríú tíortha a ndualgais a dhéanamh, má bhíonn comhaontú ina leith sin idir an Coimisiún agus na húdaráis sin.

5.   Tabharfar éisteacht do na páirtithe leasmhara a chuir iad féin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5(12) má chuir siad isteach, faoi cheann na tréimhse atá leagtha síos san fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarraidh i scríbhinn ar éisteacht lena léiríodh gur páirtí leasmhar iad ar dócha go ndéanfaidh toradh an imeachta difear dóibh agus go bhfuil fáthanna sonracha ann ar cheart éisteacht leo.

6.   Tabharfar deiseanna, arna iarraidh sin, don tógálaí long, don cheannaitheoir nó do na ceannaitheoirí, d'ionadaithe rialtas na tíre onnmhairiúcháin, do na gearánaigh agus do pháirtithe leasmhara eile, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(12), cruinniú a bheith acu leis na páirtithe sin a bhfuil tuairimí contrártha acu ionas gur féidir tuairimí contrártha a nochtadh agus argóintí ina gcoinne a dhéanamh.

Agus na deiseanna sin á dtabhairt, cuirfear an gá atá le rúndacht a chaomhnú agus an cheist an bhfuil sin caoithiúil do na páirtithe san áireamh.

Ní leagfar aon oibleagáid ar aon pháirtí freastal ar chruinniú, agus má mhainníonn sé freastal orthu ní dhéanfaidh sin aon díobháil do chás an pháirtí sin.

Cuirfear faisnéis ó bhéal dá bhforáiltear sa mhír seo san áireamh a mhéad atá sé dearbhaithe dá éis sin i scríbhinn.

7.   Na gearánaigh, an tógálaí long, an ceannaitheoir nó na ceannaitheoirí agus páirtithe leasmhara eile, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(12), maille le hionadaithe na tíre onnmhairiúcháin, féadfaidh siad, arna iarraidh sin i scríbhinn, an fhaisnéis uile a iniúchadh a chuir aon pháirtí in imscrúdú ar fáil, cé is moite d'aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó a Bhallstáit, atá ábhartha do chur in iúl a gcásanna agus nach bhfuil rúnda de réir bhrí Airteagal 13 agus a úsáidtear san imscrúdú.

Féadfaidh na páirtithe sin freagairt don fhaisnéis sin agus cuirfear a gcuid tuairimí san áireamh i gcás ina bhfuil go leor údair leo sa fhreagairt.

8.   Ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 12, scrúdófar cruinneas na faisnéise a chuir páirtithe leasmhara ar fáil agus a bhfuil torthaí bunaithe orthu, a mhéid is féidir.

9.   I gcás imeachtaí lena mbaineann comparáid praghsanna, má seachadadh soitheach comhchosúil, críochnófar an t-imscrúdú tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta a thionscanta.

I gcás imeachtaí a bhfuil an soitheach comhchosúil á thógáil, críochnófar an t-imscrúdú tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an dáta a seachadadh an soitheach comhchosúil sin.

Críochnófar imscrúduithe a mbaineann luach ríofa leo tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta a dtionscanta nó tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an dáta seachadta, cibé acu is déanaí.

Cuirfear na spriocamanna sin ar fionraí a mhéad a chuirfear Airteagal 16(2) i bhfeidhm.

Airteagal 7

Foirceannadh gan bhearta, muirir ar phraghsáil dhíobhálach a ghearradh agus a bhailiú

1.   Má tharraingítear siar gearán, féadfar na himeachtaí a fhoirceannadh.

2.   Mura dteastóidh bearta, foirceannfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

3.   Déanfar na himeachtaí a fhoirceannadh láithreach má chruthaítear gur lú ná 2 % corrlach na praghsála díobhálaí nuair a shloinntear é mar chéatadán den phraghas onnmhairiúcháin.

4.   Má léiríonn na fíorais, faoi mar a chruthófar faoi dheireadh iad, go bhfuil praghsáil dhíobhálach ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, gearrfaidh an Coimisiún muirear praghsála díobhálaí ar an tógálaí long ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Is ionann méid an mhuirir praghsála díobhálaí agus an corrlach praghsála díobhálaí atá leagtha síos. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, na bearta is gá chun go gcuirfear a chinneadh chun feidhme, go háirithe an muirear praghsála díobhálaí a bhailiú.

5.   Iocfaidh an tógálaí long an muirear praghsála díobhálaí faoi cheann 180 lá ó tugadh fógra dó gur gearradh an muirear, agus measfar go bhfuarthas an fógra sin seachtain ón lá a cuireadh é chuig an tógálaí long. Féadfaidh an Coimisiún tréimhse le híoc a síníodh go réasúnta a thabhairt don tógálaí long má thaispeánann an tógálaí long go ndéanfaí dócmhainneach é nó nach mbeadh sé ag luí le hatheagrú ar a ndearnadh faireachán breithiúnach dá n-íocfadh sé an muirear faoi cheann 180 lá agus, sa chás sin, fabhrófar ús ar aon sciar den mhuirear nár íocadh, ar ráta is comhionann leis an toradh margaidh tánaisteach ar an mbanna euro i stocmhalartán Lucsamburg móide 50 bonnphointe.

Airteagal 8

Leighis eile

Féadfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan muirear praghsála díobhálaí a ghearradh má chuireann an tógálaí long díolachán an tsoithigh ar phraghas díobhálach ar neamhní go cinntitheach agus gan choinníoll nó má chomhlíonann sé leigheas coibhéiseach eile a ghlac an Coimisiún.

Ní mheasfar gur cuireadh díolachán ar neamhní murar foirceannadh na caidrimh chonarthacha uile idir na páirtithe lena mbaineann an díolachán i gceist, murar aisíocadh an chomaoin uile a bhain leis an díolachán ná murar tugadh ar ais don tógálaí long na cearta uile ar an soitheach, nó ar chomhpháirteanna an tsoithigh, lena mbaineann.

Airteagal 9

Frithbhearta — cearta luchtaithe agus díluchtaithe a dhiúltú

1.   Mura n-íocfaidh an tógálaí long i gceist an muirear praghsála díobhálaí a gearradh faoi Airteagal 7, déanfaidh an Coimisiún frithbhearta ar na soithí a thóg an tógálaí long sin trí chearta luchtaithe agus díluchtaithe a dhiúltú.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a thiocfaidh foras na bhfrithbheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun cinn.

2.   Tiocfaidh an cinneadh lena ndéanfar na frithbhearta i bhfeidhm 30 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aisghairfear é tráth a bheidh an muirear praghsála díobhálaí íoctha ina iomláine ag an tógálaí long. Cumhdóidh an frithbheart na soithí uile a ndearnadh conradh ina leith le linn na tréimhse ceithre bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh. Beidh gach soitheach faoi réir an fhrithbhirt go ceann ceithre bliana tar éis a sheachadta. Ní fhéadfar na tréimhsí sin a laghdú ach i gcomhréir leis an toradh a bhí ar nós imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide a bhaineann leis na frithbhearta a rinneadh.

Na soithí ar diúltaíodh a gcearta luchtaithe agus díluchtaithe, sonrófar iad le cinneadh atá le glacadh ag an gCoimisiún agus le foilsiú in Irish Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Ní thabharfaidh údaráis chustaim na mBallstát cead luchtaithe ná díluchtaithe do shoithí a bhfuil a gcearta luchtaithe agus díluchtaithe faoi réir a ndiúltaithe.

Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1036, cúnamh a thabhairt don Coimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Cuairteanna fíorúcháin

1.   Tabharfaidh an Coimisiún, má mheasann sé gurb iomchuí sin, cuairteanna chun taifid onnmhairithe, tógálaithe long, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, comhlachas agus eagraíochtaí trádála a scrúdú, chun an fhaisnéis a tugadh faoi phraghsáil dhíobhálach agus díobháil a fhíorú. Mura dtabharfar freagra iomchuí in am tráth, féadfaidh an Coimisiún rogha a dhéanamh gan cuairt fíorúcháin a dhéanamh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfaighidh sé toiliú chuige sin ó na gnólachtaí lena mbaineann, go dtabharfaidh sé fógra d'ionadaithe an rialtais i gceist agus nach ndéanfaidh an rialtas sin agóid i gcoinne an imscrúdaithe. A luaithe a gheobhaidh an Coimisiún toiliú ó na gnólachtaí lena mbaineann, tabharfaidh sé fógra d'údaráis na tíre onnmhairiúcháin ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí na ngnólachtaí a bhfuiltear le cuairt a thabhairt orthu agus na dátaí a comhaontaíodh.

3.   Cuirfear na gnólachtaí lena mbaineann ar an eolas faoin gcineál faisnéise atá le fíorú le linn cuairteanna fíorúcháin agus faoi aon fhaisnéis bhreise is gá a thabhairt le linn cuairteanna den sórt sin, ach níor cheart go gcuirfeadh sin cosc ar iarrataí, arna ndéanamh le linn an fhíoraithe, ar shonraí breise atá le tabhairt i bhfianaise na faisnéise a fuarthas.

4.   Beidh oifigigh de chuid na mBallstát a iarrann sin de chúnamh ag an gCoimisiún agus imscrúduithe á ndéanamh faoi mhíreanna 1, 2 agus 3.

Airteagal 12

Neamh-chomhoibriú

1.   I gcás ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain ar an bhfaisnéis is gá a thabhairt, nó nach gcuireann ar fáil í ar dhóigh eile, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó má chuireann sé bac mór ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó torthaí deiridh, bíodh siad dearfach nó diúltach, a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Má fhaightear amach gur thug aon pháirtí leasmhar faisnéis atá bréagach nó míthreorach, déanfar neamhaird den fhaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Cuirfear na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamh-chomhoibriú.

2.   Ní mheasfar gurb ionann mainneachtain freagairt ríomhaireachta a thabhairt agus neamh-chomhoibriú, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go gcuirfí ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta air dá gcuirfeadh sé an fhreagairt ar fáil mar a iarradh í.

3.   Mura mbeidh an fhaisnéis a chuirfidh páirtí leasmhar isteach foirfe ar an uile dhóigh, ní dhéanfar neamhaird de, ar a shon sin, ar choinníoll nach dtagann deacracht mhíchuí maidir le toradh réasúnta cruinn a fháil as aon easnaimh agus go gcuirtear an fhaisnéis isteach go hiomchuí agus in am agus go bhfuil sí infhíoraithe, agus gur ghníomhaigh an páirtí go lándícheallach.

4.   Mura nglacfar le fianaise nó faisnéis, cuirfear in iúl don pháirtí a thug í láithreach cé na cúiseanna atá leis sin agus tabharfar deis dó mínithe breise a thabhairt laistigh den teorainn ama a sonraíodh. Má mheastar go bhfuil na mínithe a tugadh míshásúil, nochtfar na fáthanna ar diúltaíodh an fhianaise sin nó an fhaisnéis sin agus cuirfear ar fáil iad sna torthaí a fhoilseofar.

5.   Má bhunaítear cinntí, lena n-áirítear cinntí maidir le gnáthluach, ar fhorálacha mhír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis a tugadh sa ghearán, seiceálfar iad, más indéanta sin agus teorainneacha ama an imscrúdaithe á gcur san áireamh go hiomchuí, trí thagairt d'fhaisnéis ó fhoinsí eile atá neamhspleách is féidir bheith ar fáil, amhail liostaí praghsanna a foilsíodh, staitisticí oifigiúla maidir le díolacháin agus tuairsceáin chustaim, nó faisnéis a fuarthas ó pháirtithe leasmhara eile le linn an imscrúdaithe.

6.   Mura gcomhoibreoidh páirtí leasmhar, nó mura gcomhoibreoidh sé ach go páirteach, ionas go gcoinneofar faisnéis ábhartha siar mar gheall air sin, féadfaidh sé nach mbeidh toradh an imscrúdaithe chomh fabhrach sin don pháirtí agus a bheadh dá gcomhoibreodh sé.

Airteagal 13

Rúndacht

1.   Aon fhaisnéis ar dual di bheith rúnda (ós rud é, mar shampla, go dtabharfadh nochtadh na faisnéise sin buntáiste mór iomaíochta d'iomaitheoir nó go ndéanfadh sé dochar mór do dhuine a thugann an fhaisnéis nó do dhuine a bhfuair an duine a thugann an fhaisnéis an fhaisnéis uaidh) nó a thugann páirtithe in imscrúdú ar bhonn rúnda, is mar sin a phléifidh na húdaráis léi má léirítear go bhfuil cúis mhaith leis sin.

2.   Beidh sé de cheangal ar pháirtithe leasmhara a thugann faisnéis rúnda uathu achoimrí neamhrúnda ar an bhfaisnéis sin a chur ar fáil. Beidh go leor mionsonraí sna hachoimrí sin le gur féidir tuiscint réasúnta a bhaint astu ar éirim na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh páirtithe den sórt sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt sin. I gcásanna eisceachtúla den sórt sin, soláthrófar ráiteas ina mbeidh na fáthanna nach féidir achoimre a dhéanamh.

3.   Má mheastar nach bhfuil údar le hiarraidh ar rúndacht agus mura mbeidh an duine a thugann an fhaisnéis toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil nó a údarú go nochtfar í i bhfoirm ghinearálaithe nó i bhfoirm achoimre, féadfar neamhaird a dhéanamh den fhaisnéis sin murab é gur féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis beacht. Ní dhiúltófar iarrataí ar rúndacht go treallach.

4.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar údaráis an Aontais faisnéis ghinearálta a nochtadh, agus, go háirithe, ar na fáthanna ar ar bunaíodh cinntí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo, ná an fhianaise a raibh údaráis an Aontais ag brath uirthi a mhéad is gá sin chun na fáthanna sin a mhíniú le linn imeachtaí cúirte. Cuirfear leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó, san áireamh agus an nochtadh sin á dhéanamh.

5.   Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, ná oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr an duine a thug í go bpléifí léi i modh rúin, gan cead sonrach a fháil ón duine sin. Ní sceithfear malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit ná aon doiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.

6.   Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar chuici ar iarradh í.

Airteagal 14

Nochtadh

1.   Féadfaidh na gearánaigh, an tógálaí long, an t-onnmhaireoir, ceannaitheoir nó ceannaitheoirí an tsoithigh agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus ionadaithe na tíre onnmhairiúcháin, a iarraidh go nochtfar na mionsonraí atá laistiar de na príomhfhíorais agus na príomhbhreithnithe a bhfuil sé beartaithe ar a mbonn a mholadh go ngearrfar muirear praghsála díobhálaí nó go bhfoirceannfar imscrúdú nó imeachtaí gan muirear a ghearradh.

2.   Déanfar iarrataí ar nochtadh faisnéise deiridh, mar atá sainmhínithe i mír 1, a dhíriú chuig an gCoimisiún i scríbhinn agus gheobhaidh an Coimisiún iad laistigh de na teorainneacha ama a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún.

3.   Déanfar an nochtadh faisnéise deiridh i scríbhinn. Déanfar é sin, agus aird iomchuí á tabhairt don ghá atá ann faisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach lú ná mí amháin roimh chinneadh cinntitheach a dhéanamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir tar éis sin.

Ní dhéanfaidh nochtadh dochar d'aon chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh tar éis sin ach i gcás ina mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar fhíorais agus ar bhreithnithe éagsúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.

4.   Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochtadh a thabhairt, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, tréimhse nach lú ná 10 lá, agus aird iomchuí á tabhairt ar a phráinní atá an cás.

Airteagal 15

Tuarascáil

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo isteach ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/1036.

Airteagal 16

Forálacha deiridh

1.   Ní chuirfidh an Rialachán seo bac ar na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

aon rialacha speisialta a bheidh leagtha síos i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b)

bearta speisialta, ar choinníoll nach dtagann na bearta sin salach ar oibleagáidí a bheidh ann de bhun an Chomhaontaithe Longthógála.

2.   Imscrúdú a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo, ní dhéanfar é ná ní dhéanfar bearta ná ní choinneofar ar bun iad i gcás ina dtiocfadh na bearta sin salach ar na hoibleagáidí atá ar an Aontas a thiocfaidh as an gComhaontú Longthógála nó as aon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha eile.

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar an Aontas a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha an Chomhaontaithe Longthógála maidir le réiteach díospóidí.

Airteagal 17

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 385/96.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh an Rialachán Longthógála i bhfeidhm (7).

Ní bheidh feidhm aige maidir le soithí a ndearnadh conradh ina leith roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Longthógála, ach amháin i gcás soithí a ndearnadh conradh ina leith don tréimhse tar éis an 21 Nollaig 1994 agus a bheidh le seachadadh níos mó ná cúig bliana tar éis dháta an chonartha. Beidh na soithí sin faoi réir an Rialacháin seo, mura dtaispeánfaidh an tógálaí long gur ar ghnáthchúiseanna tráchtála agus ní le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheachaint a cuireadh an síneadh leis an dáta seachadta.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Eanáir 2016.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle an 29 Eanáir 1996 maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí (IO L 56, 6.3.1996, lch. 21).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (Féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo)

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(7)  Foilseofar dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Longthógála in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L.


IARSCRÍBHINN I

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle,

(IO L 56, 6.3.1996, lch. 21)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 5 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 385/96

An Rialachán seo

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), an chéad fhleasc

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a)(i)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), an dara fleasc

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), an tríú fleasc

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a)(iii)

Airteagal 5(2), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

Airteagal 5(2), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

Airteagal 5(3) go hAirteagal 5(10)

Airteagal 5(3) go hAirteagal 5(10)

Airteagal 5(11), an chéad fhomhír

Airteagal 5(11), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 5(11), an dara fomhír

Airteagal 5(11), an tríu habairt

Airteagal 5(12), an chéad abairt

Airteagal 5(12), an chéad fhomhír

Airteagal 5(12), an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 5(12), an dara fomhír

Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(2)

Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3), an chéad abairt

Airteagal 6(3), an chéad fhomhír

Airteagal 6(3), an dara habairt

Airteagal 6(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), an tríu abairt

Airteagal 6(3), an tríú fomhír

Airteagal 6(4), an chéad abairt

Airteagal 6(4), an chéad fhomhír

Airteagal 6(4), an dara habairt

Airteagal 6(4), an dara fomír

Airteagal 6(4), an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 6(4), an tríú fomír

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(6), an chéad abairt

Airteagal 6(6), an chéad fhomhír

Airteagal 6(6), an dara habairt

Airteagal 6(6), an dara fomhír

Airteagal 6(6), an tríu habairt

Airteagal 6(6), an tríú fomhír

Airteagal 6(6), an ceathrú habairt

Airteagal 6(6), an cheathrú fomhír

Airteagal 6(7), an chéad abairt

Airteagal 6(7), an chéad fhomhír

Airteagal 6(7), an dara habairt

Airteagal 6(7), an dara fomhír

Airteagal 6(8) agus Airteagal 6(9)

Airteagal 6(8) agus Airteagal 6(9)

Airteagal 7 go hAirteagal 11

Airteagal 7 go hAirteagal 11

Airteagal 12(1), an chéad abairt

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír

Airteagal 12(1), an dara habairt

Airteagal 12(1), an dara fomhír

Airteagal 12(1), an tríu habairt

Airteagal 12(1), an tríú fomhír

Airteagal 12(2) go hAirteagal 12(6)

Airteagal 12(2) go hAirteagal 12(6)

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14(1) agus Airteagal 14(2)

Airteagal 14(1) agus Airteagal 14(2)

Airteagal 14(3), an chéad abairt, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 14(3), an chéad fhomhír

Airteagal 14(3), an ceathrú habairt

Airteagal 14(3), an dara fomhír

Airteagal 14(4)

Airteagal 14(4)

Airteagal 14a

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


30.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

21


RIALACHÁN (AE) 2016/1036 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (2) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Sa Chomhaontú ar Chur Chun Feidhme Airteagal IV de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (“Comhaontú Frithdhumpála 1994”) tá rialacha mionsonraithe, a bhaineann go háirithe le dumpáil a ríomh, nósanna imeachta maidir le himscrúdú a thionscnamh agus a leanúint, lena n-áirítear na fíorais a shuíomh agus a láimhseáil, bearta sealadacha a fhorchur, dleachtanna frithdhumpála a fhorchur agus a bhailiú, ré agus athbhreithniú na mbeart frithdhumpála agus nochtadh poiblí d'fhaisnéis a bhaineann le himscrúduithe frithdhumpála.

(3)

D'fhonn cur i bhfeidhm leormhaith agus trédhearcach rialacha Chomhaontú Frithdhumpála 1994 áirithiú, ba cheart teanga an chomhaontaithe sin a bheith léirithe a mhéid is fearr is féidir i reachtaíocht an Aontais.

(4)

Agus rialacha Chomhaontú Frithdhumpála 1994 á gcur i bhfeidhm, tá sé fíor-riachtanach, chun cothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí a bunaíodh leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil(dá ngairtear “CGTT” anseo feasta) a choimeád, go gcuirfidh an tAontas san áireamh an chaoi a léiríonn príomhpháirtithe trádála an Aontais na rialacha sin.

(5)

Ba mhaith an rud é rialacha soiléire agus mionsonraithe maidir le ríomh gnáthluacha a leagan amach. Go háirithe, ba cheart an luach sin a bheith bunaithe ar dhíolacháin ionadaíocha i ngnáthchúrsa trádála sa tír is onnmhaireoir. Is caoithiúil treoir a thabhairt maidir le cathain a fhéadtar páirtithe a mheas mar chomhlachaithe chun críocha dumpáil a chinneadh. Is caoithiúil sainiú a dhéanamh ar na himthosca ina bhféadtar a mheas go bhfuil díolacháin intíre déanta faoina luach agus go bhféadtar neamhaird a dhéanamh dóibh, agus ina bhféadtar dul ar iontaoibh díolachán atá fágtha, nó gnáthluach comhdhéanta, nó díolacháin chuig tríú tír. Is iomchuí freisin foráil cheart a dhéanamh maidir le leithdháileadh costas, fiú i gcásanna gnólachtaí nua-thionscanta, agus maidir le treoir faoin sainmhíniú ar ghnólacht nua-thionscanta agus raon agus modh an leithdháilte. Is gá freisin, agus gnáthluach á chomhdhéanamh, go léireofar an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm leis na méideanna le haghaidh díolacháin, costas ginearálta agus riaracháin a chinneadh agus an corrlach brabúis ar cheart a áireamh sa luach sin.

(6)

Agus gnáthluach do thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu á chinneadh, is léir gur beart stuama é rialacha a leagan amach maidir leis an tríú tír iomchuí a bhfuil geilleagar margaidh aici a roghnú chun na críche sin agus, i gcás nach féidir tríú tír iomchuí a fháil, a fhoráil go bhféadfar gnáthluach a shuíomh ar aon bhonn réasúnach eile.

(7)

Is caoithiúil an praghas onnmhairiúcháin a shainiú agus liosta a dhéanamh de na coigeartuithe ar ceart a dhéanamh sna cásanna sin ina meastar gur gá an praghas sin a athchomhdhéanamh ón gcéad phraghas ar an margadh oscailte.

(8)

Chun críocha comparáid chóir idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach áirithiú, moltar liosta a dhéanamh de na fachtóirí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do phraghsanna agus d'inchomparáideacht praghsanna agus rialacha sonracha a leagan amach maidir le cathain agus conas ba cheart na coigeartuithe a dhéanamh, lena n-áirítear maidir le gur cheart aon dúbláil coigeartuithe a sheachaint. Is gá freisin a fhoráil go bhféadfar comparáid a dhéanamh ag baint úsáide as meánphraghsanna cé gur féidir praghsanna onnmhairiúcháin aonair a chur i gcomparáid le gnáthluach meánach nuair a athraíonn na praghsanna onnmhairiúcháin aonair de réir custaiméara, réigiúin nó tréimhse ama.

(9)

Is inmhianaithe treoir shoiléir agus mhionsonraithe a leagan amach i dtaca leis na fachtóirí a d'fhéadfadh bheith ábhartha lena chinneadh an ndearna na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith díobháil ábhartha nó an bhféadfaidís díobháil ábhartha a dhéanamh. Agus é á thaispeáint gur cúis díobhála iadméid agus leibhéil phraghsanna na n-allmhairí lena mbaineann do thionscail de chuid an Aontais, ba cheart aird a thabhairt ar éifeacht fachtóirí eile agus go háirithe dálaí margaidh a bhi i réim san Aontas.

(10)

Tá sé inmholta an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a shainmhíniú agus a fhoráil go bhféadfar páirtithe atá comhlachaithe le honnmhaireoirí a eisiamh ó thionscal den sórt sin, agus an téarma “comhlachaithe” a shainmhíniú. Is gá freisin foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíocht i dtaca le frithdhumpáil a dhéanfar thar ceann táirgeoirí i réigiún san Aontas agus chun treoirlínte maidir le sainiú an réigiúin sin a leagan amach.

(11)

Is gá a shonrú cé na daoine ar féidir leo gearán faoi fhrithdhumpáil a thaisceadh, lena n-áirítear a mhéid ar cheart don tionscal de chuid an Aontais tacú leis, agus an fhaisnéis faoi dhumpáil, díobháil nó cúisíocht is ceart a bheith i ngearán den sórt sin. Is caoithiúil freisin go sonrófar na nósanna imeachta maidir le gearáin a dhiúltú nó imeachtaí a thionscnamh.

(12)

Is gá an bealach a shonrú ina dtabharfar fógra do na páirtithe leasmhara i leith na faisnéise a bheidh de dhíth ar na húdaráis. Ba cheart neart deiseanna a thabhairt do pháirtithe leasmharaan fhianaise ábhartha uile a thíolacadh agus a leasanna a chosaint. Is inmhianaithe é freisin na rialacha agus na nósanna imeachta atá le leanúint i rith an imscrúdaithe a leagan amach go soiléir, go háirithe na rialacha faoina gcuireann páirtithe leasmhara iad féin in iúl, faoina gcuireann siad a dtuairimí in iúl, faoina dtugann siad faisnéis laistigh de theorainneacha ama sonraithe, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh. Is iomchuí freisin na coinníollacha a leagan amach faoinabhféadfaidh páirtí leasmhar rochtain a fháil ar fhaisnéis arna tíolacadh ag páirtithe leasmhara eile, agusbharúlacha a thabhairt faoi. Ba cheart comhar a bheith ann freisin idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus faisnéis á bailiú.

(13)

Is gá na coinníollacha faoina bhféadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur leagan amach, lena n-áirítear an coinníollacha go bhféadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ón tionscnamh agus tráth nach déanaí ná naoi mí ina dhiaidh sin. Ar chúiseanna riaracháin, is gá freisin a fhoráil go bhféadfaidh an Coimisiún na dleachtanna sin a fhorchur i ngach cás, cibé acu go díreach ar feadh tréimhse naoi mí nó in dhá chéim sé mhí agus trí mhí ar fhad.

(14)

Is gá nósanna imeachta a leagan amach maidir le gealltanais a ghlacadh a chuireann deireadh le dumpáil agus díobháil in ionad dleachtanna sealadacha nó cinntitheacha a fhorchur. Is iomchuí a shonrú freisin na hiarmhairtí a bhaineann le sárú gealltanas nó a n-aistarraingt agus go bhféadfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur i gcásanna ina mbeifear in amhras faoi shárú nó i gcás inar gá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh chun cur leis na torthaí a fuarthas. Nuair a bheifear ag glacadh le gealltanais, ba cheart féachaint chuige nach mbeidh iompraíocht fhrithiomaíoch mar thoradh ar na gealltanais bheartaithe, ná ar fhorchur na ngealltanas sin.

(15)

Is gá a fhoráil gur cheart cásanna a fhoirceannadh, cibé acu a glacadh bearta cinntitheacha nó nár glacadh, laistigh de 12 mhí de ghnáth agus tráth nach déanaí ná 15 mhí, in aon chás, ó thionscnamh an imscrúdaithe.

(16)

Ba cheart imscrúduithe nó imeachtaí a fhoirceannadh sa chás gur dumpáil de minimis atá ann nó gur diomaibhseach í an díobháil, agus is iomchuí na staideanna sin a shainmhíniú. I gcás ina mbeidh bearta le forchur, is gá a fhoráil d'fhoirceannadh imscrúduithe agus a shonrú gur cheart na bearta a bheith níos lú ná an corrlach dumpála más rud é go gcuirfeadh an méid níos lú sin deireadh leis an díobháil, agus is gá modh ríofa leibhéal na mbeart i gcásanna samplála a shonrú chomh maith.

(17)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le bailiú cúlghabhálach dleachtanna sealadacha má mheastar gurb iomchuí an méid sin a dhéanamh agus maidir le sainiú na n-imthosca a bhféadfadh cur i bhfeidhm cúlghabhálach dleachtanna a bheith mar thoradh leo ionas nach mbainfí an bonn de bhearta cinntitheacha atá le cur i bhfeidhm. Is gá freisin a fhoráil go bhféadfar dleachtanna a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcásanna ina sáraítear gealltanais nó ina n-aisghairtear iad.

(18)

Is gá a fhoráil freisin go rachaidh bearta as feidhm tar éis cúig bliana mura léiríonn athbhreithniú gur cheart iad a choinneáil. Is gá foráil a dhéanamh freisin, i gcásanna ina dtíolactar go leor fianaise go bhfuil athrú ar imthosca, maidir le hathbhreithnithe eatramhacha nó maidir le himscrúduithe lena chinneadh an ndlífear aisíochtaí dleachtanna frithdhumpála. Is iomchuí freisin a fhoráil, i gcás aon athríomh dumpála ar gá dleachtanna praghsanna onnmhairiúcháin a athchóiriú ina leith, nár cheart déileáil le dleachtanna mar chostas arna thabhú idir allmhairiú agus athdhíol i gcás ina léiritear na dleachtanna sin i bpraghsanna na dtáirgí faoi réir beart san Aontas.

(19)

Is gá foráil shonrach a dhéanamh maidir le hathmheasúnú praghsanna onnmhairiúcháin agus corrlach dumpála i gcás ina nglacann an t-onnmhaireoir an dleacht trí chineál socraithe cúitimh agus nach bhfuil na bearta léirithe i bpraghsanna na dtáirgí faoi réir beart san Aontas.

(20)

Níl aon fhorálacha igComhaontú Frithdhumpála 1994 maidir le teacht timpeall ar bhearta frithdhumpála, cé gur aithin Cinneadh Aireachta CGTT ar leithligh teacht timpeall mar fhadhb agus gur cuireadh faoi bhráid Choiste Frithdhumpála CGTT é leis an gceist a réiteach. I bhfianaise an chaoi ar theip ar na hidirbheartaíochtaí iltaobhacha go dtí seo agus ar feitheamh ar thoradh an tarchuir chuig Coiste Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”), is gá go mbeidh forálacha i reachtaíocht an Aontais chun déileáil le cleachtais, lena n-áirítear gan ach earraí a choimeáil san Aontas nó i dtríú tír, arbh é an phríomhaidhm atá acu teacht timpeall ar bhearta frithdhumpála.

(21)

Is inmhianaithe a shoiléiriú freisin céard iad na cleachtais arb ionann iad agus teacht timpeall ar na bearta atá ann. Féadtar go dtarlaíonn na cleachtais teacht timpeall laistigh nó lasmuigh den Aontas. Dá thoradh sin is gá a fhoráil go bhféadfar na díolúintí ó na dleachtanna fadaithe a fhéadfar a bhronnadh ar allmhaireoiri a bhronnadh freisin ar onnmhaireoirí nuair atá dleachtanna á gcur i bhfeidhm, dleachtanna a chuirtear i bhfeidhm chun díriú ar theacht timpeall a tharlaíonn lasmuigh den Aontas.

(22)

Is caoithiúil a cheadú go bhféadfar bearta frithdhumpála a fhionraí i gcás ina bhfuil athrú sealadach ar dhálaí margaidh, a fhágann nach iomchuí leanúint de na bearta sin a fhorchur.

(23)

Is gá a fhoráil go bhféadfar allmhairí faoi imscrúdú a chur faoi réir clárú nuair a allmhairítear iad, ionas gur féidir bearta a chur i bhfeidhm i gcoinne na n-allmhairí sin ina dhiaidh sin.

(24)

D'fhonn forghníomhú cuí beart a áirithiú, is gá go ndéanfaidh Ballstáit faireachán ar thrádáil allmhairiúcháin táirgí atá faoi réir imscrúdaithe nó faoi réir beart, chomh maith le méid na ndleachtanna arna mbailiú faoin Rialachán seo, agus is gá dóibh tuairisc ina leith a chur chuig an gCoimisiún.

(25)

Is caoithiúil foráil a dhéanamh maidir le cuairteanna fíorúcháin chun faisnéis arna dtíolacadh faoi dhumpáil agus díobháil a sheiceáil, ach chuirfí de choinníoll leis na cuairteanna sin, áfach, freagraí cuí a bheith faighte ar cheistneoirí.

(26)

Tá sé fíor-riachtanach foráil a dhéanamh maidir le sampláil i gcásanna ina bhfuil líon mór páirtithe nó beart ann ionas gur féidir imscrúduithe a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.

(27)

Is gá a fhoráil, i gcás nach gcomhoibríonn páirtithe go sásúil, go bhféadfar faisnéis eile a úsáid leis na torthaí a shuíomh agus go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis sin chomh fabhrach do na páirtithe agus a bheadh dá mba rud é gur chomhoibrigh siad.

(28)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le faisnéis rúnda a chóireáil sa chaoi nach nochtfar rúin ghnó.

(29)

Tá sé fíor-riachtanach foráil a dhéanamh maidir le nochtadh cuí fíoras bunriachtanach agus breithnithe bunriachtanacha do pháirtithe atá cáilithe don chóireáil sin agus go ndéanfar an nochtadh sin, ag féachaint go cuí don phróiseas cinnteoireachta san Aontas, laistigh de theorainn ama inar féidir le páirtithe a leasanna a chosaint.

(30)

Is stuama foráil a dhéanamh maidir le córas riaracháin faoinar féidir argóintí a thíolacadh i dtaca leis an gceist an bhfuil bearta ar leas an Aontais, lena n-áirítear leas tomhaltóirí, agus chun na teorainneacha ama a shonrú faoinar gá an fhaisnéis sin a chur in iúl, mar aon le nochtadh chearta na bpáirtithe lena mbaineann.

(31)

Ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta sealadacha agus bearta cinntitheacha a ghlacadh, agus maidir le himscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(32)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh beart críochnaitheach. Ba cheart go n-úsáidfí é freisin chun glacadh le gealltanais, chun athbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh, chun fionraí beart, chun fionraí beart a fhadú agus chun bearta a athshuíomh i bhfianaise éifeachta beart den sórt sin i gcomparáid le bearta cinntitheacha. I gcás ina ndéanfadh moill ar fhorchur na mbeart dochar ba dheacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Prionsabail

1.   Féadfar dleacht frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar aon táirge dumpáilte a bhfuil díobháil mar thoradh ar é a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas.

2.   Féadfar táirge a mheas mar tháirge dumpáilte más rud é go bhfuil a phraghas onnmhairiúcháin go dtí an Aontas níos lú ná praghas inchomparáide ar tháirge comhchosúil, i ngnáthchúrsa trádála, mar a shuitear don tír is onnmhaireoir.

3.   De ghnáth is í an tír thionscnaimh an tír is onnmhaireoir. Mar sin féin, féadfaidh tír idirmheánach a bheith i gceist, ach amháin, mar shampla, i gcás nach ndéantar ach na táirgí a athlastáil tríd an tír sin, nó nach dtáirgtear na táirgí lena mbaineann sa tír sin, nó i gcás nach ann d'aon phraghas inchomparáide dóibh sa tír sin.

4.   Chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn “táirge comhchosúil” táirge atá mar a chéile leis an táirge i gceist, eadhon ar cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, nó in éagmais táirge den sórt sin, táirge eile, cé nach cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, a bhfuil a shaintréithe an-chosúil le saintréithe an táirge i gceist.

Airteagal 2

Dumpáil a chinneadh

1.   Beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir.

Mar sin féin, i gcás nach dtáirgeann an t-onnmhaireoir sa tír is onnmhaireoir an táirge comhchosúil nó nach ndíolann sé é, féadfar an gnáthluach a bhunú ar bhonn praghsanna díoltóirí nó táirgeoirí eile.

Ní fhéadfar praghsanna idir páirtithe ar cosúil go bhfuil comhlachas eatarthu nó socrú cúitimh acu lena chéile a mheas mar phraghsanna i ngnáthchúrsa trádála agus ní fhéadfar iad a úsáid chun an gnáthluach a bhunú ach amháin má chinntear nach bhfuil tionchar ag an gcaidreamh orthu.

D'fhonn a chinneadh an bhfuil dhá páirtí comhlachaithe, féadfar an sainmhíniú ar pháirtithe comhlachaithe atá leagtha amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5) a chur san áireamh.

2.   De ghnáth úsáidfear díolacháin an táirge chomhchosúil atá beartaithe don tomhaltas intíre chun an gnáthluach a chinneadh más rud é gurb ionann méid na ndíolachán sin agus 5 % nó níos mó de méid dhíolachán an táirge i gceist leis an Aontas. Mar sin féin, féadfar méid díolachán níos lú a úsáid, mar shampla, nuair a mheastar go bhfuil na praghsanna a ghearrtar ionadaíoch don mhargadh lena mbaineann.

3.   I gcás nach bhfuil aon díolacháin den táirge chomhchosúil i ngnáthchúrsa trádála nó nach bhfuil dóthain díolachán ann, nó i gcás nach féidir comparáid cheart a dhéanamh bunaithe ar dhíolacháin den sórt sin i ngeall ar chúrsaí sa mhargadh ar leith sin, déanfar gnáthluach an táirge chomhchosúil a ríomh bunaithe ar phraghas an táirgthe sa tír thionscnaimh móide méid réasúnach do chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis, nó bunaithe ar na praghsanna onnmhairiúcháin, i ngnáthchúrsa trádála, chuig tríú tír oiriúnach, ar choinníoll go mbeidh na praghsanna sin ionadaíoch.

Féadfar a mheas gurb ann do staid margaidh áirithe don táirge lena mbaineann de réir bhrí na chéad mhíre, inter alia, nuair atá praghsanna níos ísle ná mar atá réasúnach, nuair atá babhtáil shuntasach ann, nó nuair atá socruithe próiseála neamhthráchtála ann.

4.   Díolachán an táirge chomhchosúil i margadh intíre na tíre is onnmhaireoir, nó díolacháin onnmhairí chuig tríú tír, ag praghsanna faoi bhun chostais táirgthe an aonaid (seasta agus inathraitheach) móide costais díola, ghinearálta agus riaracháin, ní fhéadfar déileáil leo mar chostais nach bhfuil i ngnáthchúrsa trádála ar chúiseanna praghais, agus ní fhéadfar neamhaird a dhéanamh orthu agus an gnáthluach á shocrú, ach amháin má chinntear go bhfuil díolacháin den sórt sin á ndéanamh laistigh de thréimhse fhadaithe i gcainníochtaí substaintiúla, agus ar phraghsanna nach bhforáiltear leo gur féidir na costais go léir a aisghnóthú laistigh de thréimhse réasúnach ama.

Má tá praghsanna atá faoi bhun costas tráth an díola níos mó ná meánphraghsanna ualaithe don tréimhse imscrúdaithe, measfar go bhfágann na praghsanna sin gur féidir na costais a aisghnóthú laistigh de thréimhse réasúnach ama.

De ghnáth is bliain amháin a bheidh sa tréimhse fhadaithe ach ní bheidh sí níos lú ná sé mhí i gcás ar bith, agus measfar go bhfuil díolacháin arna ndéanamh faoi bhun chostas an aonaid déanta i gcainníochtaí substaintiúla laistigh den tréimhse sin nuair a shuitear go bhfuil an meánphraghas díola ualaithe faoi bhun an mheánchostais ualaithe aonaid, nó nach bhfuil an méid díolachán faoi chostas aonaid níos lú ná 20 % de dhíolacháin a úsáidtear chun gnáthluach a chinneadh.

5.   Déanfar costais a ríomh de ghnáth bunaithe ar thaifid arna gcoinneáil ag an bpáirtí atá faoi imscrúdú, ar choinníoll go mbeidh taifid den sórt sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo sa tír lena mbaineann agus go dtaispeántar go dtugann na taifid léiriú réasúnach ar na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge i gceist.

Mura bhfuil costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge faoi imscrúdú léirithe go réasúnach i dtaifid an pháirtí lena mbaineann, coigeartófar iad nó bunófar iad bunaithe ar chostais na dtairgeoirí nó na n-onnmhaireoirí eile sa tír chéanna, nó, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil nó nach féidir í a úsáid, ar aon bhonn réasúnach eile, lena n-áirítear faisnéis ó mhargaí ionadaíocha eile.

Déanfar fianaise arna seoladh isteach maidir le leithdháileadh ceart na gcostas a chur san áireamh freisin, ar choinníoll go léirítear gur úsáideadh leithdháiltí den sórt sin go stairiúil. Mura mbeidh modh níos oiriúnaí ann, tabharfar tús áite do leithroinnt costas bunaithe ar láimhdeachas. Ach amháin má léirítear é cheana féin i leithdháileadh na gcostas faoin bhfomhír seo, déanfar coigeartú oiriúnach ar na costais i dtaca leis na míreanna costais neamh-athfhillteacha a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó i láthair na huaire.

I gcás ina bhfuil na costais a bhaineann le cuid den tréimhse d'aisghnóthú costas thíos le húsáid saoráidí táirgthe nua a éilíonn infheistíocht bhreise shubstaintiúil agus le rátaí ísle úsáid an chumais táirgthe, a eascraíonn as oibríochtaí nua-thionscanta a tharla le linn na tréimhse imscrúdaithe nó cuid di, is iad na meánchostais don chéim thionscnaimh na cinn is infheidhme, faoi na rialacha leithdháilte thuasluaite, ag deireadh na tréimhse sin, agus áireofar iad ar an leibhéal sin, don tréimhse lena mbaineann, sna meanchostais ualaithe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4. Cinnfear fad céime tionscnaimh i ndáil le himthosca an táirgeora nó an onnmhaireora lena mbaineann, ach ní rachaidh siad thar chion tosaigh iomchuí den tréimhse d'aisghnóthú costas. I gcás an choigeartaithe seo do chostais is infheidhme le linn na tréimhse imscrúdaithe, cuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann le céim thionscnamh a théann thar an tréimhse sin i gcás ina dtíolacfar í roimh chuairteanna fíorúcháin agus laistigh de thrí mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe.

6.   Beidh na méideanna do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann leis an táirge comhchosúil a dhíolann agus a tháirgeann an t-onnmhaireoir atá faoi imscrúdú, i ngnáthchúrsa trádála. I gcásanna nach féidir méideanna den sórt sin a chinneadh ar an mbonn sin, féadfar na méideanna a chinneadh bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

meán ualaithe na méideanna iarbhír a chinntear d'onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile faoi réir imscrúdú i leith táirgeadh agus díolachán an táirge chomhchosúil i margadh intíre na tíre tionscnaimh;

(b)

na méideanna iarbhír is infheidhme maidir le táirgeadh agus díolacháin, i ngnáthchúrsa trádála, de tháirgí den chatagóir ginearálta céanna don onnmhaireoir nó táirgeoir atá i gceist i margadh intíre na tíre tionscnaimh;

(c)

aon mhodh réasúnach eile, ar choinníoll nach mbeidh an méid don bhrabús a mbunófar leis an modh sin níos mó ná an brabús a dhéanfaidh onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile de ghnáth ar dhíolacháin táirgí sa chatagóir ghinearálta céanna ar mhargadh intíre na tíre tionscnaimh.

7.

(a)

I gcás allmhairí ó thíortha nach tíortha a bhfuil geilleagar margaidh acu iad (6), déanfar an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar an bpraghas nó luach ríofa i dtríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici, nó an praghas ó thriú tír den sórt sin chuig tíortha eile, an tAontas san áireamh, nó, nuair nach féidir é sin a dhéanamh, ar aon bhonn réasúnach eile, lena n-áirítear an praghas a íocadh nó atá iníoctha go hiarbhír san Aontas ar an táirge comhchosúil, arna gcoigeartú mar is cuí chun corrlach brabúis réasúnach a chur san áireamh.

Roghnófar tríú tír oiriúnach ag a bhfuil geilleagar margaidh ar bhealach nach bhfuil míréasúnach, ag tabhairt aird chuí ar aon fhaisnéis iontaofa a chuirfear ar fáil tráth an roghnúcháin. Cuirfear teorainneacha ama san áireamh freisin. Nuair is iomchuí, úsáidfear tríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici atá faoi réir an imscrúdaithe chéanna.

Cuirfear páirtithe san imscrúdú ar an eolas go gairid tar éis tús a thionscnaimh faoin tríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici atá beartaithe agus tabharfar 10 lá dóibh chun a dtuairimí a thabhairt.

(b)

In imscrúduithe frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne, ó Vítneam agus ón gCacacstáin agus ó aon tír eile nach bhfuil geilleagar margaidh aici agus ar bhall de ETD í ar dháta thionscnamh an imscrúdaithe, cinnfear gnáthluach i gcomhréir le mír 1 go mír 6, má léirítear, bunaithe ar éilimh chuí-réasúnaithe ag táirgeoir amháin nó níos mó faoi réir an imscrúdaithe agus i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta atá leagtha amach i bpointe (c), go bhfuil dálaí eacnamaíocha margaidh i réim don táirgeoir nó do na táirgeoirí sin i ndáil le monarú agus díol an táirge chomhchosúil lena mbaineann. Nuair nach amhlaidh an cás, beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha amach faoi phointe (a).

(c)

Ní mór éileamh faoi phointe (b) a dhéanamh i scríbhinn agus dóthain fianaise a bheith ann go n-oibríonn an táirgeoir faoi dhálaí margaidh, eadhon:

má dhéantar cinntí cuideachtaí maidir le praghsanna, costais agus ionchur, lena n-áirítear mar shampla amhábhair, costas teicneolaíochta agus saothair, aschur, díolacháin agus infheistíocht, mar fhreagairt ar chomharthaí margaidh a léiríonn soláthar agus éileamh, agus mura gcuireann an Stát isteach go suntasach orthu i dtaca leis sin, agus má léiríonn costais na bpríomhaschur luachanna margaidh go substaintiúil,

má tá aon tsraith shoiléir de bhuntaifid chuntasaíochta ag cuideachtaí a ndéantar iniúchadh orthu go neamhspleách i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta agus a chuirtear i bhfeidhm chun na gcríoch uile,

mura bhfuil costais táirgthe agus staid airgeadais cuideachtaí faoi réir saobhadh suntasach arna thabhairt ar aghaidh ón iarchóras nach raibh geilleagar margaidh aige, go háirithe i ndáil le dímheas sócmhainní, díscríobh eile, babhtáil agus íocaíocht trí fhiacha a chúiteamh,

má tá na cuideachtaí lena mbaineann faoi réir dlíthe féimheachta agus réadmhaoine a ráthaíonn deimhneacht dhlíthiúil agus cobhsaíocht d'oibriúcháin cuideachtaí, agus

má dhéantar rátaí malairte comhshó ag an ráta margaidh.

Dé ghnáth déanfar cinneadh an gcomhlíonann táirgeoir na critéir dá dtagraítear faoin bpointe seo laistigh de sheacht mí, ach ar aon chuma tráth nach déanaí ná ocht mí, tar éis tionscnamh an imscrúdaithe, tar éis deis a bheith tugtha don tionscal de chuid an Aontais barúil a thabhairt. Beidh an cinneadh sin i bhfeidhm ar feadh an imscrúdaithe. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar éilimh a dhéanfar de bhun phointe (b) de ghnáth laistigh de 28 lá ón dáta ar tionscnaíodh an t-imscrúdú.

(d)

Nuair a bheidh teorainn curtha ag an gCoimisiún lena himscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17, ní bhainfidh cinneadh de bhun phointe (b) agus phointe (c) den mhír seo ach leis na páirtithe a áiríodh san imscrúdú agus le haon táirgeoir dá dtugtar cóir aonair de bhun Airteagal 17(3).

8.   Is éard atá sa phraghas onnmhairiúcháin an praghas a íoctar go hiarbhír nó is iníoctha ar an táirge nuair a dhíoltar é le haghaidh onnmhairiú ón tír is onnmhaireoir isteach san Aontas.

9.   I gcásanna nach bhfuil praghas onnmhairiúcháin ann nó más cosúil go bhfuil an praghas onnmhairiúcháin neamhiontaofa i ngeall ar chomhlachas nó socrú cúitimh idir an t-onnmhaireoir agus an t-allmhaireoir nó tríú páirtí, féadfar an praghas onnmhairiúcháin a ríomh bunaithe ar an bpraghas ar a n-athdhíolfar na táirgí allmhairithe den chéad uair le ceannaí neamhspleách, nó, mura ndéanfar na táirgí a athdhíol le ceannaí neamhspleách nó nach ndéanfar iad a athdhíol sa riocht céanna ina n-allmhairíodh iad, ar aon bhonn réasúnach.

Sna cásanna sin, déanfar coigeartú do gach costas, lena n-áirítear dleachtanna agus cánacha, arna dtabhú idir an t-allmhairiú agus an t-athdhíol, agus coigeartú do bhrabúis arna dtabhú, chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a bhunú ar leibhéal teorann de chuid an Aontais.

I measc na n-hítimí a ndéanfar coigeartú ina leith, beidh na nithe sin a ghlacann allmhaireoir chuige féin de ghnáth ach a íocann aon pháirtí, bíodh an páirtí sin laistigh nó lasmuigh den Aontas, ar cosúil go bhfuil comhlachas i gceist nó socrú cúitimh a bheith i gceist leis an allmhaireoir nó leis an onnmhaireoir, lena n-áirítear na gnáthchostais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, gnáthdhleachtanna custaim, aon dleachtanna frithdhumpála, agus cánacha eile atá iníoctha sa tír is allmhaireoir i dtaca le hallmhairiú nó díol na n-earraí, agus corrlach réasúnach don díol, do chostais ghinearálta agus riaracháin agus don bhrabús.

10.   Déanfar comparáid chothrom idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach. Déanfar an chomparáid sin ar an leibhéal céanna trádála agus i leith díolachán a rinneadh, chomh fada agus is féidir, ag an am céanna, agus aird chuí á tabhairt ar dhifríochtaí eile a imríonn tionchar ar inchomparáideacht praghsanna. I gcás nach bhfuil an gnáthluach agus an praghas allmhairiúcháin mar atá bunaithe ar an mbonn inchomparáide sin, cuirfear an méid sin san áireamh mar is cuí, i bhfoirm coigeartuithe i ngach cás, ar bhua tuillteanais, i gcás difríochtaí i bhfachtóirí a n-éilítear agus a dtaispeántar ina leith do ndéanann siad difear do phraghsanna agus d'inchomparáideacht praghsanna. Seachnófar aon dúbailt agus coigeartuithe á ndéanamh, go háirithe maidir le lascainí, lacáistí, cainníochtaí agus leibhéal trádála. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sonraithe, déantar liosta de na fachtóirí ar féidir coigeartú a dhéanamh ina leith mar seo a leanas:

(a)

Saintréithe fisiceacha

Déanfar coigeartú i gcás difriochtaí idir saintréithe fisiceacha an táirge lena mbaineann. Beidh méid an choigeartaithe de réir meastachán réasúnach ar luach margaidh na difríochta sin.

(b)

Muirir ar allmhairí agus cánacha indíreacha

Déanfar coigeartú don ghnáthluach do mhéid a chomhfhreagraíonn d'aon mhuirir ar allmhairí nó cánacha indíreacha a ghearrtar ar an táirge comhchosúil agus ar aon ábhair atá corpraithe go fisiciúil ann, nuair a bheartaítear é don tomhaltas sa tír is onnmhaireoir agus nach mbailítear nó nach n-aisíoctar an méid i leith táirge a onnmhairítear isteach san Aontas.

(c)

Lascainí, lacáistí agus cainníochtaí

Déanfar coigeartú do na difríochtaí i lascainí agus lacáistí, lena n-áirítear na cinn a thugtar i gcás difríochtaí idir cainníochtaí, más rud é go ndéantar iadsan a chainníochtú go cuí agus go bhfuil siad nasctha go díreach leis na díolacháin atá i gceist. Féadfar coigeartú a dhéanamh freisin do lascainí agus lacáistí iarchurtha má tá an t-éileamh bunaithe ar chleachtas leanúnach i dtréimhsí roimhe sin, lena n-áirítear comhlíonadh coinníollacha a cheanglaítear chun cáiliú don lascaine nó don lacáiste.

(d)

Leibhéal trádála

(i)

Déanfar coigeartú do dhifríochtaí idir leibhéil trádála, lena n-áirítear aon difríochtaí a thagann as díolacháin OEM (Déantús Buntrealaimh), i gcás ina léirítear, i ndáil leis an slabhra leithdháilte sa dá mhargadh, go bhfuil an praghas onnmhairiúcháin, lena n-áirítear praghas onnmhairiúcháin comhdhéanta, ar leibhéal trádála atá éagsúil ón ngnáthluach agus go ndearna an difríocht difear d'inchomparáideacht praghsanna, rud a léirítear trí dhifríochtaí leanúnacha agus soiléire idir feidhmeanna agus praghsanna an díoltóra do na leibhéil trádála éagsúla i margadh intíre na tíre is onnmhaireoir. Beidh méid an choigeartaithe bunaithe ar luach margaidh na difríochta sin.

(ii)

Mar sin féin, in imthosca nach bhfuil beartaithe faoi phointe (i), nuair nach féidir difríocht atá ann cheana idir leibhéil trádála a chainníochtú mar nach ann do na leibhéil ábhartha i margadh intíre na tír is onnmhaireoir, nó nuair a leirítear go soiléir go mbaineann feidhmeanna áirithe le leibhéil trádála eile seachas an leibhéal atá le húsáid sa chomparáid, féadfar coigeartú ar leith a thabhairt.

(e)

Costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha

Déanfar coigeartú do dhifríochtaí idir na costais arna dtabhú a bhaineann go díreach le hiompar an táirge ó áitreabh an onnmhaireora chuig ceannaí neamhspleách, i gcás ina n-áirítear na costais sin sna praghsanna a ghearrtar. Sna costais sin áireofar costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha.

(f)

Pacáil

Déanfar coigeartú i gcás difríochtaí idir na costais phacála a bhaineann go díreach leis an táirge lena mbaineann.

(g)

Creidmheas

Déanfar coigeartú do na difríochtaí idir na costais ar aon chreidmheas a dheonaítear i leith na ndíolachán i gceist, ar choinníoll gur fachtóir é a chuirfear san áireamh agus na praghsanna atá le gearradh á gcinneadh.

(h)

Costais iardhíola

Déanfar coigeartú do na difríochtaí idir na costais dhíreacha ar sholáthar barantaí, ráthaíochtaí, cúnamh teicniúil agus seirbhísí, dá bhforáiltear leis an dlí agus/nó sa chonradh díolacháin.

(i)

Coimisiúin

Déanfar coigeartú do dhifríochtaí idir coimisiúin a íoctar i leith na ndíolachán i gceist.

Tuigfear leis an téarma “coimisiúin” go n-áirítear iontu an mharcáil suas a fhaigheann trádálaí an táirge nó an táirge chomhchosúil más rud é go bhfuil feidhmeanna an trádálaí sin cosúil le feidhmeanna gníomhaire a bhíonn ag obair ar bhonn coimisiúin.

(j)

Comhshó airgeadra

Más gá airgeadraí a thiontú chun na praghsanna a chur i gcomparáid, déanfar an tiontú sin ag úsáid an ráta malartaithe ar an dáta díolacháin, ach amháin, nuairatá díolachán airgeadra eachtrach ar mhargaí réamhdhíola nasctha go díreach leis an díolachán onnmhairiúcháin lena mbaineann, úsáidfear ráta malartaithe an réamhdhíola. De ghnáth, is é dáta an tsonraisc dáta an díolacháin ach is féidir dáta an chonartha, an ordaithe ceannaigh nó an ordaithe daingnithe a úsáid más rud é gurb iad is iomchuí le téarmaí nithiúla an díolacháin a shuíomh. Déanfar neamhaird ar luaineachtaí sna rátaí malairte agus tabharfar 60 lá d'onnmhaireoirí chun gluaiseacht mharthanach i rátaí malairte a léiriú le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(k)

Fachtóirí eile

Féadfar coigeartú a dhéanamh freisin do dhifríochtaí idir fachtóirí eile nach ndéantar foráil maidir leo faoi phointí (a) go (j), má léirítear go ndéanann siad difear d' inchomparáideacht praghsanna mar a cheanglaítear faoin mhír seo, go háirithe má íocann custaiméirí praghsanna éagsúla ar an margadh intíre i ngeall ar an difríocht idir na fachtóirí sin.

11.   Faoi réir na bhforálacha ábhartha a rialaíonn comparáid chothrom, suífear cibé acu atá corrlaigh dumpála ann nó nach bhfuil le linn na tréimhse imscrúdaithe bunaithe ar chomparáid idir gnáth-mheánluach ualaithe agus meán ualaithe na bpraghsanna do na hidirbhearta onnmhairiúcháin go léir isteach san Aontas, é sin nó ar chomparáid idir gnáthluachanna aonair agus praghsanna onnmhairiúcháin aonair isteach san Aontas ar bhonn idirbheart le hidirbheart. Féadfar gnáthluach atá bunaithe ar bhonn meán ualaithe a chur i gcomparáid le praghsanna na n-idirbheart onnmhairiúcháin go léir isteach san Aontas, áfach, má tá patrún praghsanna onnmhairiúcháin a bhfuil difríocht shuntasach i gceist i measc ceannaithe, réigiúin nó tréimhsí difriúla ann, agus más rud é nach ndéanfadh na modhanna atá sonraithe sa chéad abairt den mhír seo méid iomlán na dumpála atá á dhéanamh a léiriú. Ní choiscfidh an mhír seo sampláil a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17.

12.   Is é an méid faoina sáraíonn an gnáthluach an praghas onnmhairiúcháin an corrlach dumpála a bheidh ann. I gcás ina bhfuil corrlaigh dumpála éagsúla ann, féadfar meánchorrlach dumpála ualaithe a bhunú.

Airteagal 3

Díobháil a chinneadh

1.   De bhun an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “díobháil”, mura sonraítear a mhalairt, díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais, bagairt díobhála ábhartha don tionscal de chuid an Aontais nó moill ábhartha ar bhunú an tionscail sin, agus léireofar é i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

2.   Beidh cinneadh go bhfuil díobháil ann bunaithe ar fhianaise dheimhneach agus beidh scrúdú oibiachtúil ar na nithe seo a leanas i gceist leis:

(a)

méid na n-allmhairí dumpáilte agus tionchar na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna i margadh an Aontais do tháirgí comhchosúla; agus

(b)

tionchar iarmhartach na n-allmhairí sin ar an tionscal de chuid an Aontais.

3.   I dtaca le méid na n-allmhairí dumpáilte, tabharfar aird ar an gceist an bhfuil méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte, mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeadh nó tomhaltas san Aontas. I dtaca le héifeacht na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna, tabharfar aird ar an gceist ar tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghsanna trí na hallmhairí dumpáilte i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil ón tionscal de chuid an Aontais, nó cibé an é toradh na n-allmhairí sin praghsanna a laghdú go suntasach ar shlí éigin eile nó méadú ar phraghsanna go leibhéal suntasach, a tharlódh murach sin, a chosc. Ní gá go mbeifear in ann treoir chinntitheach a fháil as aon fhachtóir amháin nó níos mó ná aon fhachtóir amháin de na fachtóirí sin.

4.   I gcás ina bhfuil allmhairí táirge ó níos mó ná tír amháin faoi réir imscrúduithe frithdhumpála go comhuaineach, ní dhéanfar éifeachtaí na n-allmhairí sin a mheasúnú go carnach ach amháin má chinntear an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an corrlach dumpála arna suíomh i ndáil leis na hallmhairí ó gach tír níos mó ná de minimis mar atá sainmhínithe in Airteagal 9(3) agus nach diomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach tír; agus

(b)

gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus na coinníollacha iomaíochta idir na táirgí allmhairithe agus an táirge Aontais comhchosúil.

5.   An scrúdú ar an tionchar atá ag allmhairí dumpáilte ar an tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, cuimseoidh sé gach fachtóir agus innéacs eacnamaíoch ábhartha a mbeidh tionchar acu ar staid an tionscail, lena n-áirítear go bhfuil tionscal fós ag teacht chuige féin ón tionchar a bhí ag dumpáil, nó fóirdheontas a thabhairt san am atá thart; méid an chorrlaigh iarbhír dumpála; an laghdú iarbhír agus féideartha ar dhíolacháin, brabúis, aschur, cion den mhargadh, táirgeacht, toradh ar infheistíochtaí agus úsáid acmhainne; fachtóirí a imríonn tionchar ar phraghsanna an Aontais; tionchair dhiúltacha iarbhír agus féideartha ar shreabhadh airgeadais, fardail, fostaíocht, pá, fás, cumas caipitil nó infheistíochtaí a ardú. Ní liosta cuimsitheach an liosta seo, agus ní gá go bhféadfar treoir chinntitheach a bhunú ar aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí seo.

6.   Ní mór a léiriú, ón bhfianaise ábhartha uile a thíolactar i ndáil le mír 2, gur cúis díobhála iad na hallmhairí dumpáilte de réir bhrí an Rialacháin seo. Go sonrach, is éard a bheidh ann léiriú go bhfuil leibhéal na méideanna agus/nó na bpraghsanna arna n-aithint de bhun mhír 3 freagrach as an tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais dá bhforáiltear i mír 5, agus go bhfuil an tionchar sin ann ar leibhéal lenar féidir é a aicmiú mar thionchar ábhartha.

7.   Déanfar scrúdú ar fhachtóirí eile atá ar eolas, seachas allmhairí dumpáilte, fachtóirí atá ag déanamh díobhála don tionscal de chuid an Aontais ag an am céanna, lena n-áirithiú nach gcuirfear an díobháil arna cruthú ag na fachtóirí eile sin i leith allmhairí dumpáilte faoi mhír 6. Ar na fachtóirí ar féidir a mheas i ndáil leis sin, áireofar:méid agus praghsanna allmhairí nach ndíoltar ar phraghsanna dumpála; laghdú ar éileamh nó athruithe ar phatrúin tomhaltais; cleachtais trádála shriantacha táirgeoiri tríú tíortha agus Aontais; agus cleachtais trádála shriantacha eatarthu; forbairtí i dteicneolaíocht agus feidhmíocht onnmhairiúcháin agus táirgiúlacht an tionscail de chuid an Aontais.

8.   Déanfar éifeacht na n-allmhairí dumpáilte a mheasúnú i ndáil le táirgeadh an táirge chomhchosúil ag an dtionscal de chuid an Aontais nuair is féidir, trí na sonraí atá ar fáil, an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh ar bhonn critéar amhail an próiseas táirgthe, díolacháin agus brabúis táirgeoirí. Mura féidir an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh, déanfar éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte a mheasúnú trí scrúdú a dhéanamh ar tháirgeadh an ghrúpa táirgí nó an raon táirgí is srianta, lena n-áirítear an táirge comhchosúil, ar féidir an fhaisnéis is gá a sholáthar ina leith.

9.   Má chinntear go bhfuil baol díobhála ábhartha ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach. Ní mór go mbeadh an t-athrú ar imthosca a chruthódh cás ina mbeadh an dumpáil ina cúis díobhála, intuartha go soiléir agus ar tí tarlú.

Agus cinneadh á dhéanamh gurb ann do bhaol díobhála ábhartha, ba cheart fachtóirí amhail na fachtóirí seo a leanas a mheas:

(a)

ráta suntasach méadaithe ar allmhairí dumpáilte isteach i margadh an Aontais, rud a léiríonn gur dóchúil go mbeidh méadú suntasach ar allmhairí;

(b)

acmhainn dhóthanach an onnmhaireora atá indiúscartha go héasca agus méadú suntasach san acmhainn sin a léiríonn an dóchúlacht go dtiocfaidh méadú suntasach ar onnmhairí dumpáilte isteach san Aontas, ag cur san áireamh infhaighteachta margaí onnmhairiúcháin eile a ghlacfadh aon onnmhairí breise;

(c)

an cheist an bhfuil allmhairí ag teacht isteach ar phraghsanna, a laghdódh praghsanna go suntasach nó a choiscfeadh méadú ar phraghsanna a tharlódh murach sin, agus ar dóchúil go méadóidís an t-éileamh ar allmhairí breise;

(d)

fardail an táirge a bhfuil imscrúdú á dhéanamh air.

Ní féidir treoir chinntitheach a fháil de riachtanas ó fhachtóir amháin nó níos mó díobhsan thuasluaite, ach ní mór a bhaint de thátal as iomlán na bhfachtóirí go bhfuil tuilleadh onnmhairí dumpáilte ar tí teacht agus, mura ndéantar beart cosantach, go dtarlódh díobháil ábhartha.

Airteagal 4

Sainmhíniú ar thionscal de chuid an Aontais

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar théarma a thagraíonn do tháirgeoirí táirgí comhchosúla an Aontais nó do na táirgeoirí sin arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán suntasach, mar atá sainmhínithe in Airteagal 5(4) de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:

(a)

nuair atá táirgeoirí comhlachaithe leis na honnmhaireoirí nó na hallmhaireoirí nó nuair is allmhaireoirí an táirge a líomhnaítear a dumpáladh iad na táirgeoirí féin, féadfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar thagairt don chuid eile de na táirgeoirí;

(b)

in imthosca eisceachtúla, féadfar críoch an Aontais, i gcás an táirgeadh i gceist, a roinnt in dhá margadh iomaíocha nó níos mó agus féadfar na táirgeoirí i ngach margadh a mheas mar thionscal ar leithligh, ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

má dhíolann na táirgeoirí sa mhargadh sin a dtáirgeacht uile, nó geall leis, den táirge i gceist, sa mhargadh sin; agus

(ii)

maidir leis an éileamh sa mhargadh sin ní táirgeoirí an táirge i gceist atá lonnaithe in áit eile san Aontas a sholáthraíonn é go haon leibhéal suntasach.

Sna himthosca sin, féadfar a chinneadh gurb ann do dhíobháil fiú i gcás nach ndéantar díobháil do chuid mhór den tionscal de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil comhdhlúthacht allmhairí dumpáilte curtha isteach sa mhargadh sin ar leithligh agus ar choinníoll freisin gur chúis díobhála na hallmhairí dumpáilte do tháirgeoirí na táirgeachta uile sa mhargadh sin, nó geall leis.

2.   Chun críocha mhír 1, ní mheasfar go bhfuil táirgeoirí comhlachaithe le honnmhaireoirí nó le hallmhaireoirí ach amháin:

(a)

má stiúrann ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; nó

(b)

má tá an dá cheann faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; nó

(c)

más rud é, in éineacht lena chéile go stiúrann siad tríú páirtí go díreach nó go hindíreach, ar choinníoll go bhfuil foras ann lena chreidiúint nó bheith in amhras faoi gurb é toradh an chaidrimh go n-iompraíonn an táirgeoir lena mbaineann é féin ar bhealach eile seachas táirgeoirí neamhchomhlachaithe.

Chun críocha na míre seo, measfar táirgeoir amháin a bheith ag stiúradh táirgeora eile nuair a fhágtar go bhfuil an chéad táirgeoir in ann srian a chur ar an dara táirgeoir nó é a stiúradh ó thaobh dlí nó oibríochta.

3.   I gcás inar léiríodh tionscal de chuid an Aontas mar thagairt do tháirgeoirí eile i réigiún áirithe, tabharfar deis do na honnmhaireoirí gealltanais a thairiscint de bhun Airteagal 8 i ndáil leis an réigiún lena mbaineann. Sna cásanna sin, agus leas an Aontais sna bearta á mheasúnú, tabharfar aird ar leith ar leas an réigiúin. Mura dtairgtear gealltanas leordhóthanach go pras nó go bhfuil feidhm ag na cásanna atá leagtha ach in Airteagal 8(9) agus (10), féadfar dleacht shealadach nó chinntitheach a fhorchur i ndáil leis an Aontas ina iomláine. Sna cásanna sin féadfar na dleachtanna, más indéanta, a shrianadh do tháirgeoirí nó onnmhaireoirí sonracha.

4.   Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 3(8) maidir leis an Airteagal seo.

Airteagal 5

Imeachtaí a thionscnamh

1.   Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 6, déanfar imscrúdú lena gcinnfear arb ann d'aon dumpáil líomhnaithe, agus méid agus éifeacht na dumpála sin, a thionscnamh le gearán i scríbhinn ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó ó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann an tionscail de chuid an Aontais.

Féadfar an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, nó faoi bhráid Ballstáit a sheolfaidh chuig an gCoimisiún é. Seolfaidh an Coimisiún cóip d'aon ghearán a gheobhaidh sé chuig na Ballstáit. Measfar gur taisceadh an gearán ar an gcéad lá oibre tar éis a sheachadta don Choimisiún trí phost cláraithe nó tar éis admháil fála a bheith eisithe ag an gCoimisiún.

In éagmais aon ghearáin, agus i gcás ina bhfuil go leor fianaise ag Ballstát maidir le dumpáil agus díobháil dá toradh sin don tionscal de chuid an Aontais, déanfaidh an Ballstát an fhianaise sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin láithreach.

2.   Beidh san áireamh i ngearán faoi mhír 1 fianaise maidir le dumpáil, díobháil agus nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear a dumpáladh agus an díobháil líomhnaithe. Beidh sa ghearán an fhaisnéis sin atá ar fáil go réasúnach don ghearánach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

céannacht an ghearánaigh agus tuairisc ón ngearánach ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas. I gcás ina ndéantar gearán i scríbhinn thar ceann an tionscail de chuid an Aontais, sainaithneoidh an gearánach an tionscal ar thar a cheann a dhéantar an gearán le liosta de tháirgeoirí aitheanta go léir an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil (nó comhlachais de tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil) agus, a mhéid agus is féidir, le tuairisc ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas ag na táirgeoirí sin;

(b)

tuairisc iomlán ar an táirge a líomhnaítear a dumpáladh, ainm na tíre tionscnaimh nó onnmhairithe nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairithe i gceist, céannacht gach onnmhaireora aitheanta nó gach táirgeora iasachta aitheanta agus liosta de gach duine is eol a allmhairíonn an táirge i gceist;

(c)

na praghsanna ag a ndíoltar an táirge i dtrácht agus é ceaptha chun tomhaltais ar mhargaí baile na tíre tionscnaimh nó onnmhairithe nó na dtíortha tioncnaimh nó onnmhairithe (nó, más iomchuí, na praghsanna ag a ndíoltar an táirge ón tír thionscnaimh nó onnmhairthe nó ó na tíortha tionscnaimh nó onnmhairithe le tríú tír nó tríú tíortha nó ar luach comhdhéanta an táirge) chomh maith leis na praghsanna onnmhairiúcháin nó, más iomchuí, na praghsanna ag a n-athdhíoltar an táirge den chéad uair le ceannaitheoir neamhspleách san Aontas;

(d)

na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a líomhnaítear a dumpáladh, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghasanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar an tionscal de chuid an Aontais, mar atá léirithe ag tosca agus innéacsanna ábhartha a bhaineann le staid an tionscail de chuid an Aontais, amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5).

3.   Scrúdóidh an Coimisiún, a mhéid is féidir, cruinneas agus leordhóthanacht na fianaise arna soláthar sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil go leor fianaise chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

4.   Ní dhéanfar imscrúdú de bhun mhír 1 a thionscnamh ach amháin má chinntear, ar bhonn an mhéid atá táirgeoirí an táirge chomhchosúil san Aonta ag tacú leis an ngearán, nó an mhéid atá siad ag cur ina aghaidh, gurb ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais an gearán. Measfar gur gearán ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais atá ann má thacaíonn táirgeoirí sin an Aontais leis arb ionann a n-aschur comhchoiteann agus níos mó na 50 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil arna tháirgeadh ag an gcuid sin den tionscal de chuid an Aontais atá ag tacú leis an ngearán, nó atá ag cur ina aghaidh. Mar sin féin, ní dhéanfar aon imscrúdú a thionscnamh i gcás inar lú ná 25 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil a tháirgeann an tionscal de chuid an Aontais táirgeadh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a thacaíonn go sainráite leis an ngearán.

5.   Seachnóidh na húdaráis aon phoibliú ar an ngearán lena n-iarrtar imscrúdú a thionscnamh, ach amháin má tá cinneadh déanta imscrúdú a thionscnamh. Mar sin féin, tar éis gearán a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil leis a fháil agus sula ndéanfar imscrúdú a thionscnamh, tabharfar fógra do rialtas na tíre is onnmhaireoir lena mbaineann.

6.   Más rud é, i gcúinsí speisialta, go gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh gan gearán i scríbhinn a bheith faighte aige ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais chun an imscrúdú sin a thionscnamh, déanfar é sin ar bhonn go leor fianaise go bhfuil dumpáil, díobháil agus nasc cúisíoch ann, mar a léirítear i mír 2, chun údar a thabhairt leis an tionscnamh sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a chinnfidh sé go bhfuil gá leis an imscrúdú sin a thionscnamh.

7.   Déanfar an fhianaise maidir le dumpáil agus díobháil araon a mheas go comhuaineach mar chuid den chinneadh imscrúdú a thionscnamh, nó gan é a thionscnamh. Diúltófar do ghearán i gcás nach ann do go leor fianaise maidir le dumpáil ná maidir le díobháil chun údar a thabhairt dul ar aghaidh leis an gcás. Ní dhéanfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh tíortha arb ionann a n-allmhairí agus sciar níos lú ná 1 % den mhargadh, ach amháin i gcás ina mbíonn 3 % nó níos mó de thomhaltas an Aontais sna tíortha sin le chéile.

8.   Féadfar an gearán a aistarraingt sula ndéanfar é a thionscnamh, agus measfar sa chás sin nár taisceadh é.

9.   I gcás inar léir go bhfuil go leor fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himeachtaí a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón dáta ar taisceadh an gearán agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach bhfuil go leor fianaise ann, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an ngearán de ghnáth laistigh de 21 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún.

10.   Leis an bhfógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí tabharfar fógra maidir le tionscnamh imscrúdaithe, luafar an táirge agus na tíortha lena mbaineann, déanfar achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas, agus déanfar foráil maidir leis an gCoimisiún a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis ábhartha uile.

Luafar na tréimhsí ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in aithne, a gcuid tuairimí a nochtadh i scríbhinn agus faisnéis a chur isteach, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh san imscrúdú. Luafar ann chomh maith an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 6(5).

11.   Tabharfaidh an Coimisiún comhairle do na honnmhaireoirí, na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha arb eol dó iad a bheith bainteach, agus d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do na gearánaigh, maidir le tionscnamh na n-imeachtaí agus, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda, cuirfidh sé téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a fuarthas de bhun mhír 1 ar fáil do na honnmhaireoirí aitheanta agus d'údaráis na tíre is onnmhaireoir, agus cuirfear é ar fáil do pháirtithe leasmhara bainteacha eile arna iarraidh sin. I gcás ina bhfuil líon an-mhór onnmhaireoirí ann, d'fhéadfaí téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a chur ar fáil do húdaráis na tíre is onnmhaireoir nó don chomhlachas trádála ábhartha, agus dóibh siúd amháin.

12.   Ní chuirfidh imscrúdú frithdhumpála bac ar nósanna imeachta imréitigh custaim.

Airteagal 6

An t-imscrúdú

1.   Tar éis an imeacht a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit, tús le himscrúdú ar leibhéal an Aontais. Beidh idir dhumpáil agus díobháil mar chuid d'imscrúdú den sórt sin, agus imscrúdófar go comhuaineach.

Chun críche toradh ionadaíoch a fháil roghnófar tréimhse imscrúdaithe, i gcás dumpála, nach mbeidh níos giorra, de ghnáth, ná sé mhí go díreach roimh thionscnamh an imeachta.

De ghnáth, ní chuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe.

2.   Tabharfar 30 lá ar a laghad do pháirtithe a fhaigheann ceistneoirí mar chuid d'imscrúdú frithdhumpála freagraí a thabhairt. Beidh feidhm leis an teorainn ama d'onnmhaireoirí ón dáta a fhaightear an ceistneoir, agus chun na críche sin measfar é a bheith faighte seachtain ón lá a seoladh chuig an onnmhaireoir é nó ón lá a seoladh chuig ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre is onnmhaireoir. Féadfar síneadh ar an tréimhse 30 lá a thabhairt, agus aird chuí á tabhairt ar theorainn ama an imscrúdaithe, ar choinníoll go dtaispeánann an páirtí go bhfuil údar maith le síneadh den chineál sin, i ngeall ar a chúinsí.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, agus déanfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den chineál sin.

Seolfaidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh chuig an gCoimisiún maille le torthaí na scrúduithe, na seiceálacha nó na n-imscrúduithe go léir a rinneadh.

I gcás ina bhfuil leas ginearálta leis an bhfaisnéis sin nó i gcás inar iarr Ballstát an fhaisnéis, déanfaidh an Coimisiún í a sheoladh chuig na Ballstáit, ar choinníoll nach faisnéis rúnda atá inti, agus sa chás sin seolfar achoimre neamhrúnda ar aghaidh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit na seiceálacha agus scrúduithe go léir is gá a dhéanamh, i measc onnmhaireoirí, thrádálaithe agus tháirgeoirí an Aontais go háirithe, agus féadfaidh sé iarraidh orthu imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha, ar choinníoll go dtugann na gnólachtaí lena mbaineann a dtoiliú agus gur tugadh fógra oifigiúil do rialtas na tíre i dtrácht agus nach ndéanann siad aon agóid.

Glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den chineál sin ón gCoimisiún.

Údarófar d'oifigigh an Choimisiúin cúnamh a thabhairt d'oifigigh Ballstát a ndualgais a chomhlíonadh, má iarrann an Coimisiún nó Ballstát amhlaidh.

5.   Tabharfar éisteacht do na páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(10) má tá iarraidh i scríbhinn ar éisteacht déanta acu laistigh den tréimhse atá leagtha síos san fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarraidh ina léiríonn siad gur páirtí leasmhar iad ar dócha go ndéanfaidh toradh an imeachta difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a bheith acu.

6.   Cuirfear deiseanna ar fáil, arna iarraidh sin, do na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí, ionadaithe rialtas na tíre is onnmhaireoir agus na gearánaigh a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(10), teacht le chéile leis na páirtithe sin a bhfuil leas codarsna acu, ionas gur féidir tuairimí malartacha a chur i láthair agus argóintí frisnéise a chur chun tosaigh.

Agus deiseanna den chineál sin á gcur ar fáil ní mór a chur san áireamh an gá le rúndacht a choimeád chomh maith le háisiúlacht do na páirtithe.

Ní bheidh oibleagáid ar aon pháirtí freastal ar chruinniú agus mura bhfreastalóidh siad air ní dhéanfaidh sin aon dochar do chás an pháirtí sin.

Cuirfear an fhaisnéis ó bhéal dá bhforáiltear sa mhír seo san áireamh, a mhéid agus a ndéanfar í a dhearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin.

7.   Féadfaidh na gearánaigh, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(10), maille le hionadaithe na tíre is onnmhaireoir, arna iarraidh sin, scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a chuir aon pháirtí ar fáil don imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó a mBallstát, ar choinníoll an fhaisnéis sin a bheith ábhartha chun a gcásanna a léiriú agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 19 agus go bhfuil sé in úsáid san imscrúdú.

Féadfaidh na páirtithe sin freagairt a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh, i gcás ina bhfuil na barúlacha sin réasúnaithe a dhóthain sa fhreagairt.

8.   Seachas sna cúinsí dá bhforáiltear in Airteagal 18, déanfar cruinneas na faisnéise a chuireann páirtithe leasmhara ar fáil, agus ar a bhfuil na torthaí bunaithe, a scrúdú a mhéid agus is féidir.

9.   Maidir le himeachtaí a thionscnaítear de bhun Airteagal 5(9), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh de bhliain amháin. Ar aon chuma, i ngach cás déanfar imscrúduithe den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh de 15 mhí ó thráth a dtionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 8 le haghaidh gealltanas nó de bhun Airteagal 9 le haghaidh gníomhaíochta cinntithí.

Airteagal 7

Bearta sealadacha

1.   Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur más rud é:

(a)

gur tionscnaíodh imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b)

go bhfuil fógra tugtha chuige sin agus go bhfuil deis leordhóthanach tugtha do pháirtithe leasmhara faisnéis a thíolacadh agus barúlacha a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 5(10);

(c)

go bhfuil cinneadh sealadach dearfach déanta i dtaobh dumpála agus díobhála iarmhartaí ar an tionscal de chuid an Aontais; agus

(d)

go bhfuil gá, chun leasa an Aontais, le hidirghabháil chun díobháil den chineál sin a chosc.

Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ach nach déanaí ná naoi mí ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí.

2.   Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála sealadaí níos mó ná an corrlach dumpála atá leagtha síos go sealadach, ach ba cheart í a bheith níos lú ná an corrlach dá mba leor dleacht níos lú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

3.   Déanfar dleachtanna sealadacha a urrú le ráthaíocht, agus beidh scaoileadh na dtáirgí lena mbaineann i saorchúrsaíocht san Aontas ag brath ar ráthaíocht den chineál sin a sholáthar.

4.   Glacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(4).

5.   I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh láithreach agus ina bhfuil na coinníollacha i mír 1 comhlíonta, cinnfidh an Coimisiún, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón dáta a fhaightear an iarraidh, an bhforchuirfear dleacht frithdhumpála.

6.   Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur ar feadh sé mhí agus a fhadú trí mhí a chur leis sin, nó féadfar iad a fhorchur ar feadh naoi mí. Mar sin féin, ní fhéadfar iad a fhadú, ná a fhorchur ar feadh tréimhse naoi mí, ach amháin i gcás ina n-iarrann onnmhaireoirí ar chéatadán suntasach iad den trádáil lena mbaineann an méid sin, nó i gcás nach ndéanann siad agóid ar fhógra a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 8

Gealltanais

1.   Ar choinníoll go mbeidh cinneadh sealadach dearfa déanta i dtaobh dumpála agus díobhála, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2), tairiscintí gealltanas atá deonach agus sásúil a ghlacadh, ar gealltanais iad a chuirfidh aon onnmhaireoir isteach chun a phraghsanna a athbhreithniú nó chun deireadh a chur le honnmhairí ar phraghsanna dumpáilte, má tá an Coimisiún sásta go ndíothófar éifeacht dhíobhálach na dumpála dá bhrí sin.

I gcás den sórt sin agus fad a bheidh gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag dleachtanna sealadacha a fhorchuirfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(1) ná ag dleachtanna cinntitheacha a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 9(4), de réir mar a bheidh, ní bheidh feidhm acu maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanais, arna leasú ina dhiaidh sin.

Ní bheidh méaduithe ar phraghsanna faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná mar is gá chun an corrlach dumpála a dhíothú, agus ba cheart na méaduithe sin a bheith níos lú ná an corrlach dumpála dá mba leor na méaduithe sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gealltanais a mholadh, ach ní bheidh oibleagáid ar aon onnmhaireoir gealltanas den chineál sin a thabhairt. I gcás nach dtugann onnmhaireoirí gealltanais den chineál sin, nó nach nglacann siad le cuireadh iad a thabhairt, ní dhéanfaidh sé aon dochar do bhreithniú an cháis.

Mar sin féin, d'fhéadfaí a chinneadh gur dhóchúla toradh a bheith ar bhagairt díobhála má leanfar le hallmhairí a dhumpáil. Ní dhéanfar gealltanais a iarraidh ná a ghlacadh ó onnmhaireoirí ach i gcás ina ndearnadh cinneadh sealadach dearfach i dtaobh dumpála agus díobhála mar thoradh ar dhumpáil den chineál sin.

Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, ní fhéadfar gealltanais a thabhairt níos déanaí ná deireadh na tréimhse inar féidir uiríll a dhéanamh de bhun Airteagal 20(5).

3.   Ní gá glacadh le gealltanais a tugadh má mheastar gur neamhphraiticiúil iad a ghlacadh, eadhon i gcás in bhfuil an líon onnmhaireoirí atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann rómhór, nó ar chúiseanna eile, lena n-áirítear cúiseanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta. D'fhéadfaí na cúiseanna ar a bhfuil sé beartaithe an tairscint ar ghealltanas a dhiúltú a sholáthar don onnmhaireoir lena mbaineann, agus d'fhéadfaí deis a thabhairt dó a bharúlacha ina leith a thabhairt. Leagfar cúiseanna an diúltaithe amach sa chinneadh cinntitheach.

4.   Ceanglófar ar pháirtithe a thugann gealltanas leagan neamhrúnda den ghealltanas sin a sholáthar freisin, ionas gur féidir é a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara an imscrúdaithe.

5.   I gcás ina nglactar le gealltanais, déanfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

6.   Má ghlactar leis na gealltanais, is gnách go ndéanfar an t-imscrúdú maidir le dumpáil agus díobháil a thabhairt chun críche. Sa chás sin, má dhéantar cinneadh diúltach maidir le dumpáil nó díobháil, rachaidh an gealltanas as feidhm láithreach, seachas i gcásanna ina ndearnadh an cinneadh sin go mór mór mar go raibh gealltanas ann. I gcásanna mar sin d'fhéadfadh gá a bheith leis an ngealltanas a choinneáil ar feadh tréimhse réasúnach.

Más cinneadh dearfach maidir le dumpáil agus díobháil a dhéantar, leanfar le feidhm a bheith ag an ngealltanas i gcomhréir le téarmaí an ghealltanais agus le forálacha an Rialacháin seo.

7.   Ceanglóidh an Coimisiún ar aon onnmhaireoir ar glacadh gealltanas uaidh faisnéis a sholáthar, go tréimhsiúil, ar faisnéis í is iomchuí maidir le comhlíonadh an ghealltanais sin, agus fíorú na sonraí is ábhartha a cheadú. Mura gcomhlíontar na ceanglais sin measfar gur sárú ar an ngealltanas atá ann.

8.   I gcás ina nglactar le gealltanais ó onnmhaireoirí áirithe le linn imscrúdaithe, measfar go mbeidh éifeacht leo, chun críocha Airteagal 11, ón dáta a dhéantar an t-imscrúdú ar an tír is onnmhaireoir a thabhairt i gcrích.

9.   I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí sa ghealltanas gealltanais a shárú nó a aistarraingt nó i gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún glacadh an ghealltanais a aistarraingt, aistarraingeofar glacadh an ghealltanais le Cinneadh ón gCoimisiún nó le Rialachán ón gCoimisiún, mar is iomchuí, agus beidh feidhm láithreach ag an dleacht shealadach a fhorchuireann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 nó ag an dleacht chinntitheach a fhorchuireann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(4), ar choinníoll go dtugtar deis don onnmhaireoir lena mbaineann barúlacha a thabhairt, seachas i gcás ina n-aistarraingíonn an t-onnmhaireoir sin an gealltanas. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a chinnfidh sé gealltanas a aistarraingt.

Féadfaidh aon pháirtí leasmhar nó aon Bhallstát faisnéis a thíolacadh, ar fianaise prima facie í gur sáraíodh gealltanas. De ghnáth, an measúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar cibé acu ar sáraíodh gealltanas nó nár sáraíodh, tabharfar i gcrích é laistigh de shé mhí agus tráth nach déanaí ná 9 mí in aon chás, tar éis iarrata a bhfuil údar cuí leis a fháil.

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ó údaráis inniúla na mBallstát chun faireachán a dhéanamh ar na gealltanais.

10.   Féadfar go bhforchuirfear dleacht shealadach i gcomhréir le hAirteagal 7 ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil nuair atá cúis chun a chreidiúint go bhfuil gealltanas á shárú, nó i gcás ina ndéanfar gealltanas a shárú nó a aistarraingt nuair nár tugadh an t-imscrúdú as ar tháinig an gealltanas i gcrích.

Airteagal 9

Foirceannadh gan bearta a ghlacadh; dleachtanna cinntitheacha a fhorchur

1.   I gcás ina ndéantar an gearán a aistarraingt, is féidir an t-imeacht a fhoirceannadh ach amháin mura mbeadh foirceannadh den chineál sin chun leasa an Aontais.

2.   I gcás ina mbeidh bearta cosanta neamhriachtanach, déanfar an t-imscrúdú nó an t-imeacht a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

3.   I gcás imeachta arna thionscnamh de bhun Airteagal 5(9), is gnách go bhféachfar ar dhíobháil mar dhíobháil dhiomaibhseach i gcás inarb ionann na hallmhairí i gceist agus níos lú ná na méideanna atá sonraithe in Airteagal 5(7). Maidir leis na himeachtaí céanna, foirceannfar láithreach é i gcás ina gcinntear go bhfuil an corrlach dumpála níos lú ná 2 % arna shloinneadh mar ráta céatadáin den phraghas onnmhairiúcháin, ar choinníoll nach ndéanfar ach an t-imscrúdú a fhoirceannadh i gcás ina bhfuil an corrlach faoi bhun 2 % i gcás onnmhaireoirí aonair, agus fanfaidh siad faoi réir an imeachta agus féadfar iad a ath-imscrúdú mar chuid d'aon athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin don tír lena mbaineann de bhun Airteagal 11.

4.   I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil dumpáil ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, agus go bhfuil gá, chun leasa an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21, forchuirfidh an Coimisiún dleacht chinntitheach frithdhumpála, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3). I gcás ina mbeidh dleachtanna sealadacha i bhfeidhm, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dhul in éag do na dleachtanna sin.

Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála níos mó ná an corrlach dumpála atá leagtha síos ach ba cheart í a bheith níos lú ná an corrlach dá mba leor dleacht níos lú chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

5.   Déanfar dleacht frithdhumpála a fhorchur sna méideanna iomchuí i ngach cás, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar allmhairí táirge a thagann ó aon fhoinse a dumpáladh agus a rinne díobháil, seachas allmhairí ó na foinsí sin ar glacadh le gealltanais uathu faoi théarmaí an Rialacháin seo.

Sa rialachán lena bhforchuirtear bearta frithdhumpála, sonrófar an dleacht le haghaidh gach soláthraí nó, más rud é gur neamhphraiticiúil é sin a dhéanamh, le haghaidh na tíre soláthair lena mbaineann. Féadfar a mheas, mar sin féin, ar mhaithe leis an dleacht a shonrú, gur eintiteas amháin atá i soláthraithe atá leithleach go dlíthiúil ó sholáthraithe eile nó atá leithleach go dlíthiúil ón Stát. Chun an fhomhír seo a chur i bhfeidhm, féadfar tosca amhail na tosca seo a leanas a chur san áireamh: naisc struchtúracha nó chorparáideacha idir na soláthraithe agus an Stát nó idir soláthraithe, rialú nó tionchar ábhartha ag an Stát maidir le praghsáil agus aschur, nó struchtúr eacnamaíoch na tíre soláthair.

6.   Nuair a bheidh teorainn curtha ag an gCoimisiún lena himscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17, ní rachaidh aon dleacht frithdhumpála a chuirfear i bhfeidhm ar allmhairí ó onnmhaireoirí nó ó tháirgeoirí a chuir iad féin in aithne de réir Airteagal 17 ach nár áiríodh san imscrúdú, ní rachaidh an dleacht sin thar an meánchorrlach ualaithe dumpála arna shocrú do na páirtithe sa sampla, is cuma ar cinneadh an gnáthluach do na páirtithe sin ar bhonn Airteagal 2(1) go (6) nó ar bhonn phointe (a) d'Airteagal 2(7) nó nár cinneadh.

Chun críocha na míre seo, tabharfaidh an Coimisiún neamhaird ar na corrlaigh nialais agus de minimis, agus ar chorrlaigh arna leagan síos sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 18.

Cuirfear dleachtanna aonair i bhfeidhm ar allmhairí ó aon onnmhaireoir nó táirgeoir a dtabharfar cóir aonair dó, dá bhforáiltear in Airteagal 17.

Airteagal 10

Cúlghabhálacht

1.   Ní chuirfear bearta sealadacha ná dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha i bhfeidhm ach ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht i ndiaidh don bheart a glacadh de bhun Airteagal 7(1) nó Airteagal 9(4), de réir an cháis, a theacht i bhfeidhm, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   I gcás dleacht shealadach a bheith curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil dumpáil agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén chion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht chinntitheach frithdhumpála le forchur, nó nach bhfuil.

Chun na críche sin, ní aireofar le “díobháil” moilliú ábhartha i dtaca le tionscal de chuid an Aontais a bhunú, ná bagairt de dhíobháil ábhartha, ach amháin i gcás inar léir go mbeadh díobháil ábhartha mar thoradh uirthi in éagmais beart sealadach. I ngach cás eile a bhaineann le bagairt nó moilliú den chineál sin, scaoilfear aon mhéideanna sealadacha agus ní fhéadfar dleachtanna cinntitheacha a fhorchur ach ón dáta a dhéantar cinneadh deiridh maidir le bagairt nó moilliú ábhartha.

3.   Má tá an dleacht frithdhumpála chinntitheach níos airde ná an dleacht shealadach, ní dhéanfar an difríocht a bhailiú. Má tá an dleacht frithdhumpála chinntitheach níos ísle ná an dleacht shealadach, déanfar an dleacht a athríomh. I gcás ina ndéantar cinneadh deiridh atá diúltach, ní dhéanfar an dleacht shealadach a dheimhniú.

4.   Féadfar dleacht frithdhumpála chinntitheach a ghearradh ar tháirgí atá beartaithe lena gcaitheamh tráth nach déanaí ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach ach gan an dáta sin a bheith roimh thionscnamh an imscrúdaithe, ar choinníoll:

(a)

na hallmhairí a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5);

(b)

deis a gcuid barúlacha a thabhairt a bheith tugtha do na hallmhaireoirí lena mbaineanna ón gCoimisiún;

(c)

teist maidir le dumpáil thar thréimhse fhada a bheith ann maidir leis an táirge i dtrácht, nó an t-allmhaireoir a bheith ar an eolas faoin dumpáil i dtaobh mhéid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe nó cruthaithe, nó ar choinníoll go mba cheart é a bheith ar an eolas faoi; agus

(d)

ardú suntasach ó thaobh allmhairí a bheith ann,de bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdaithe, ardú is dócha a bhainfidh an bonnt go tromchúiseach d'éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála a bheidh le cur i bhfeidhm, i bhfianaise uainiú, méide agus cúinsí eile a bhaineann leis an ardú suntasach sin.

5.   I gcásanna ina ndéanfar gealltanais a shárú nó a aistarraingt, féadfar dleachtanna cinntitheacha a ghearradh ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht tráth nach mó ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach, ar choinníoll gur cláraíodh na hallmhairí i gcomhréir le hAirteagal 14(5), agus nach mbeidh feidhm ag aon mheasúnú cúlghabhálach den chineál sin ar allmhairí a chuirtear i saorchúrsaíocht roimh shárú nó aistarraingt an ghealltanais.

Airteagal 11

Fad, athbhreithnithe agus aisíocaíochtaí

1.   Beidh feidhm ag beart frithdhumpála chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leis chun gníomhú in aghaidh na dumpála is cúis díobhála.

2.   Rachaidh beart frithdhumpála cinntitheach in éag cúig bliana ón dáta a fhorchuirfear é nó cúig bliana ón dáta a dhéanfar cinneadh maidir leis an athbhreithniú is déanaí a cumhdóidh dumpáil agus díobháil, ach amháin má chinntear in athbhreithniú gur dhócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag an bhirt. Déanfar athbhreithniú éaga den chineál sin a thionscnamh ar thionscnamh an Choimisiúin, nó ar iarraidh tháirgeoirí an Aontais, nó thar ceann tháirgeoirí an Aontais, agus fanfaidh an beart i bhfeidhm ar feitheamh thoradh an athbhreithnithe sin.

Déanfar athbhreithniú éaga a thionscnamh i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh gur dhócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. D'fhéadfadh dóchúlacht den chineál sin a léiriú, mar shampla, trí fhianaise go bhfuil dumpáil agus díobháil ann i gcónaí nó trí fhianaise a bheith ann nach ann don díobháil a thuilleadh mar thoradh iomlán nó páirt-thoradh ar bhearta nó trí fhianaise a bheith ann go léiríonn cúinsí na n-onnmhaireoirí nó coinníollacha an mhargaidh gur dhócha tuilleadh dumpála díobhálaí a bheith ann.

Agus imscrúduithe á ndéanamh faoin mír seo, tabharfar deis d'onnmhaireoirí, d'allmhaireoirí, d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí an Aontais a mbarúlacha a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú, agus bainfear conclúidí amach agus aird chuí á tabhairt ar an bhfianaise ábhartha go léir a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil a cuireadh i láthair maidir leis an gceist cibé an dócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag beart, nó nach dócha.

Foilseofar fógra maidir le dul in éag atá le tarlú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tráth iomchuí le linn bliana deiridh thréimhse chur i bhfeidhm na mbeart mar atá sainmhínithe sa mhír seo. Ina dhiaidh sin, beidh táirgeoirí an Aontais i dteideal iarraidh ar athbhreithniú a thaisceadh i gcomhréir leis an dara fomhír, tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Foilseofar fógra chomh maith ina bhfógrófar dul in éag iarbhír beart de bhun na míre seo.

3.   D'fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh chomh maith ar an ngá le leanúint leis na bearta a fhorchur, má tá údar leis sin, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ar iarraidh ó Bhallstát nó, ar choinníoll tréimhse réasúnach ama d'aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó fhorchuirtear an bhirt chinntithigh, ar iarraidh ó aon onnmhaireoir nó allmhaireoir nó ó tháirgeoirí an Aontais, a bhfuil go leor fianaise inti chun údar a léiriú le hathbhreithniú eatramhach den chineál sin.

Tionscnófar athbhreithniú eatramhach i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh nach bhfuil gá níos mó leis an mbeart a fhorchur chun gníomhú in aghaidh dumpála agus/nó nach dócha go leanfadh an díobháil, nó go dtosódh sé arís dá gcuirfí deireadh leis an mbeart, nó dá n-athrófaí é, nó nach bhfuil an beart atá ann leordhóthanach, nó leordhóthanach níos mó, chun gníomhú in aghaidh na dumpála is cúis díobhála.

Agus imscrúduithe á ndéanamh de bhun na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, inter alia, a mheas cibé an bhfuil athrú suntasach tagtha ar na cúinsí a bhaineann le dumpáil agus díobháil, nó nach bhfuil, nó cibé an bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis an díobháil a cinneadh roimhe seo faoi Airteagal 3 á mbaint amach leis na bearta atá ann faoi láthair, nó nach bhfuil. Maidir leis sin, cuirfear an fhianaise ábhartha go léir atá doiciméadaithe i gceart san áireamh sa chinneadh deiridh.

4.   Déanfar athbhreithniú chomh maith chun críche corrlaigh aonair dumpála a chinneadh d'onnmhaireoirí nua sa tír is onnmhaireoir i dtrácht nár onnmhairigh an táirge le linn thréimhse an imscrúdaithe ar a raibh na bearta bunaithe.

Tionscnófar an t-athbhreithniú nuair is féidir le honnmhaireoir nó táirgeoir nua a léiriú nach mbaineann sé le haon cheann de na honnmhaireoirí nó na táirgeoirí sa tír is onnmhaireoir atá faoi réir na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ar an táirge, agus go deimhin gur onnmhairigh sé chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdaithe, nó i gcás inar féidir leis a léiriú gur shínigh sé oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe maidir le cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

Tionscnófar athbhreithniú le haghaidh onnmhaireora nua agus déanfar an t-athbhreithniú sin ar bhonn brostaithe tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí de chuid an Aontais barúlacha a thabhairt. Is tríd an Rialachán ón gCoimisiún lena dtionscnaítear an t-athbhreithniú a aisghairfear an dleacht atá i bhfeidhm maidir leis an onnmhaireoir nua lena mbaineann a dhéanfar an rialachán lena bhforcuiretar an dleacht sin a leasú, agus trí allmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) chun a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála a ghearradh go haisghníomhach siar go dtí dáta tionscnaimh an athbhreithnithe i gcás ina gcinneann an t-athbhreithniú go ndearna an t-onnmhaireoir sin dumpáil.

Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás dleachtanna a forchuireadh faoi Airteagal 9(6).

5.   Beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta agus imscrúduithe a sheoladh, cé is moite díobh siúd a bhaineann le teorainneacha ama, i dtaca le haon athbhreithniú arna dhéanamh de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4.

Athbhreithnithe a dhéanfar de bhun mhír 2 agus mhír 3, déanfar go pras iad agus déanfar iad, de ghnáth, tabharfar i gcrích iad laistigh de 12 mhí ó dháta thionscnamh an athbhreithnithe. Ar aon chuma, athbhreithnithe a dhéanfar de bhun mhír 2 agus mhír 3, déanfar iad a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de 15 mhí ó dháta an tionscnaimh.

Déanfar na hathbhreithnithe de bhun mhír 4 a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de naoi mí ó dháta an tionscnaimh.

Má thionscnaítear athbhreithniú arna dhéanamh de bhun mhír 2 fad is atá athbhreithniú faoi mhír 3 ar siúl mar chuid de na himeachtaí céanna, an t-athbhreithniú a dhéanfar de bhun mhír 3, déanfar é a thabhairt i gcrích ag an am céanna leis an athbhreithniú a dhéanfar de bhun mhír 2.

Mura dtabharfar an t-imscrúdú chun críche laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa triú fomhír, maidir leis na bearta:

rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe arna ndéanamh de bhun mhír 2,

rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe arna ndéanamh de bhun mhír 2 agus mhír 3 ag an am céanna, i gcás inar tionscnaíodh an t-imscrúdú de bhun mhír 2 fad is a bhí athbhreithniú á dhéanamh faoi bhun mhír 3 le linn na n-imeachtaí céanna, nó i gcás inar tionscnaíodh athbhreithnithe den chineál sin ag an am céanna, nó

ní thiocfaidh aon athrú orthu i gcás imscrúduithe arna ndéanamh de bhun mhír 3 agus mhír 4.

Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin ina bhfógrófar go bhfuil na bearta ag dul in éag nó á gcoimeád de bhun na míre seo.

6.   Tionscnóidh an Coimisiún athbhreithnithe de bhun an Airteagail seo. Cinnfidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé athbhreithnithe de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis d'oibreoir nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt le hathbhreithniú a thionscnamh de bhun mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche nó tar éis don Choimisiún a chinneadh gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis na bearta a fhorchur.

I gcás ina ndlífidh athbhreithnithe é, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), déanfar bearta a aisghairm nó a choimeád de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó a aisghairim, a choimeád nó a leasú de bhun mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo.

I gcás ina n-aisghairfear bearta maidir le honnmhaireoirí ar leith, ach nach ndéanfar iad a aisghairm sa tír ina hiomláine, beidh na honnmhaireoirí sin fós faoi réir an imeachta agus d'fhéadfaí iad a imscrúdú arís, sa ghnáthchúrsa, in aon athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an tír sin de bhun an Airteagail seo.

7.   I gcás ina bhfuil athbhreithniú ar bhearta de bhun mhír 3 ar bun ag deireadh na tréimhse ina gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm mar atá sainmhínithe i mír 2, cumhdóidh athbhreithniú den sórt sin na cúinsí atá leagtha amach i mír 2 freisin.

8.   D'ainneoin mhír 2, féadfaidh allmhaireoir aisíocaíocht dleachtanna a bailíodh a iarraidh i gcás ina léirítear go bhfuarthas réidh leis an gcorrlach dumpála, a bhí mar bhonn le híoc na ndleachtanna, nó gur laghdaíodh é go leibhéal atá faoi bhun leibhéal na dleachta i bhfeidhm.

Agus aisíocaíocht ar dhleachtanna frithdhumpála á hiarraidh, tíolacfaidh an t-allmhaireoir iarratas chuig an gChoimisiúin. Déanfar an t-iarratas a thíolacadh trí Bhallstát na críche inar cuireadh na táirgí i saorchúrsaíocht, laistigh de sé mhí ón dáta a chinn na húdaráis inniúla méid na ndleachtanna cinntitheacha a bhí le gearradh nó laistigh de sé mhí ón dáta a tógadh cinneadh cinntitheach na méideanna a bhailiú a bhí urraithe le dleacht shealadach. Seolfaidh na Ballstáit an iarraidh chuig an gCoimisiún láithreach.

Ní mheasfar go bhfuil go leor fianaise ag tacú le hiarratas ar aisíocaíocht ach amháin má tá fáisnéis bheacht ann maidir le méid na ndleachtanna frithdhumpála atá éilithe mar aisíocaíocht agus na doiciméid chustaim go léir maidir leis an méid sin a ríomh agus a íoc. Beidh fianaise ann freisin, le haghaidh tréimhse ionadaíche, maidir le gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas don onnmhaireoir nó don táirgeoir a bhfuil an dleacht infheidhme maidir leis. I gcásanna nach bhfuil baint ag an allmhaireoir leis an onnmhaireoir ná leis an táirgeoir lena mbaineann agus nach bhfuil faisnéis den chineál sin ar fáil láithreach, nó i gcásanna nach bhfuil an t-onnmhaireoir ná an táirgeoir toilteanach é a chur ar fáil don allmhaireoir, beidh ráiteas san iarratas ón onnmhaireoir nó ón táirgeoir gur laghdaíodh an corrlach dumpála, nó go bhfuarthas réidh leis, mar a shonraítear san Airteagal seo, agus go gcuirfear an fhianaise tacaíochta ábhartha ar fáil don Choimisiún. I gcás nach bhfaightear fianaise den chineál sin ón onnmhaireoir ná ón táirgeoir laistigh de thréimhse ama réasúnach, déanfar an t-iarratas a dhiúltiú.

Cinnfidh an Coimisiún ar cheart an t-iarratas a dheonú agus an chuid de a dheonófar, nó féadfaidh sé a chinneadh ag tráth ar bith athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, agus leis sin, úsáidfear faisnéis agus cinntí an athbhreithnithe sin, a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin, d'fhonn a chinneadh an mbeidh bonn cirt le haisíocaíocht agus a mhéid a bheidh bonn cirt léi. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a anailís a dhéanamh ar an iarratas.

Is iondúil go ndéanfar dleachtanna a aisíoc laistigh de 12 mhí, agus nach déanaí ná 18 mí in aon chúinsí tar éis an dáta a rinne allmhaireoir an táirge atá faoi réir na dleachta frithdhumpála iarraidh ar aisíocaíocht, agus beidh fianaise chuí ag tacú leis an iarratas sin.

Ba cheart do na Ballstáit aon aisíocaíocht arna húdarú a íoc de ghnáth laistigh de 90 lá ón dáta a dhéanfaidh an Coimisiún a chinneadh.

9.   I ngach imscrúdú athbhreithnithe nó aisíocaíochta a dhéantar de bhun an Airteagail seo, bainfidh an Coimisiún úsáid as an modh céanna agus a d'úsáid siad san imscrúdú a raibh an dleacht mar thoradh air, ar choinníoll nár athraíodh na cúinsí, agus tabharfar aird chuí ar Airteagal 2, go háirithe mír 11 agus mír 12 den Airteagal sin, agus ar Airteagal 17.

10.   Déanfaidh an Coimisiún iontaofacht na bpraghsanna onnmhairiúcháin a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 2 le linn aon imscrúdaithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo. Má chinntear an praghas onnmhairiúcháin a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 2(9) áfach, déanfaidh sé é a ríomh gan aon chuid a asbhaint mar gheall ar na dleachtanna frithdhumpála a íocadh i gcás ina gcuirfear fianaise dhochlóite ar fáil go bhfuil an dleacht léirithe go hiomchuí i bpraghsanna athdhíola agus sna praghsanna díola san Aontas ina dhiaidh sin.

Airteagal 12

Ionsú

1.   Más rud é, laistigh de dhá bhliain de ghnáth ó theacht i bhfeidhm na mbeart, go gcuireann an tionscal de chuid an Aontais nó aon pháirtí leasmhar eile go leor faisnéise isteach a léiríonn, tar éis na chéad tréimhse imscrúdaithe agus roimh fhorchur na mbeart nó ina dhiaidh sin, go bhfuil laghdú tagtha ar na praghsanna onnmhairiúcháin nó nach bhfuil aon athrú tagtha orthu, nó nach leor an t-athrú atá tagtha ar phraghsanna athdhíola ná ar phraghsanna díola an táirge allmhairithe san Aontas ina dhiaidh sin, féadfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú a athoscailt le feiceáil an raibh tionchar ag an mbeart ar na praghsanna thuasluaite. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a bheidh go leor faisnéis curtha isteach ag páirtí leasmhar lena dtugtar bonn cirt leis an scrúdú a athoscailt agus tar éis don Choimisiún a anailís air sin a thabhairt chun críche.

Féadfar an t-imscrúdú a athoscailt chomh maith, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, ar thionscnamh an Choimisiúin nó ar iarraidh ó Bhallstát.

2.   Le linn ath-imscrúdaithe de bhun an Airteagail seo, tabharfar deis d'onnmhaireoirí, d'allmhaireoirí agus do tháirgeoirí an Aontais an staid a shoiléiriú maidir le praghsanna athdíola agus praghsanna díola ina dhiaidh sin. Má bhaintear de thátal as go mba cheart athruithe ar na praghsanna sin a bheith mar thoradh ar an mbeart, déanfar athmheasúnú ar na praghsanna onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2 d'fhonn fáil réidh leis an díobháil a cinneadh roimhe seo faoi Airteagal 3 agus déanfar corrlaigh dumpála a athríomh d'fhonn na praghsanna onnmhairiúcháin athmheasúnaithe a chur san áireamh. Má mheastar go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 12(1) mar gheall ar titim sna praghsanna onnmhairiúcháin, titim a tharla tar éis an chéad tréimhse imscrúdaithe agus roimh nó i ndiaidh na bearta a fhorchur, féadfar corrlaigh dumpála a athríomh chun na praghsanna onnmhairiúcháin níos ísle sin a chur san áireamh.

3.   I gcás ina léireofar le hath-imscrúdú de bhun an Airteagail seo go bhfuil méadú tagtha ar dhumpáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta atá i bhfeidhm a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), i gcomhréir leis an eolas nua atá ar fáil maidir le praghsanna onnmhairithiúcháin. Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála a fhorchuirfear de bhun an Airteagail seo níos mó ná dhá oiread na dleachta a forchuireadh ar dtús.

4.   Beidh feidhm ag forálacha iomchuí Airteagal 5 agus Airteagal 6 maidir le haon ath-imscrúdú a dhéanfar de bhun an Airteagail seo, ach amháin go ndéanfar go pras an t-ath-imscrúdú sin agus, de ghnáth, déanfar é a thabhairt i gcrích laistigh de shé mhí ó dháta thionscnamh an ath-imscrúdaithe. Ar aon chuma, déanfar ath-imscrúduithe den sórt sin a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de naoi mí ó thionscnamh an ath-imscrúdaithe.

Mura ndéantar an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama dá sonraítear sa chéad fhomhír, ní dhéanfar aon athrú ar na bearta. Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go bhfuil na bearta á gcoimeád de bhun na míre seo.

5.   Ní chuirfear athruithe líomhnaithe ar ghnáthluach san áireamh faoin Airteagal seo ach amháin má chuirtear faisnéis iomlán maidir le gnáthluachanna athbhreithnithe, agus é cuí-réasúnaithe le fianaise, ar fáil don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach san fhógra maidir le himscrúdú a thionscnamh. I gcás ina bhfuil baint ag imscrúdú le gnáthluachanna a athscrúdú, féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) ar feitheamh thoradh an ath-imscrúdaithe.

Airteagal 13

Teacht timpeall

1.   Féadfar dleachtanna frithdhumpála arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a leathnú chuig allmhairí den táirge comhchosúil ó thríú tíortha, a d'fhéadfadh a bheith modhnaithe beagán nó gan a bheith modhnaithe, nó d'fhéadfaí iad a ghearradh ar allmhairí den táirge comhchosúil atá modhnaithe beagán ón tír atá faoi réir beart, nó cuid de bhearta, i gcás ina bhfuil teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

Féadfar dleachtanna frithdhumpála nach mó ná an dleacht frithdhumpála iarmharach arna forchur i gcomhréir le hAirteagal 9(5) a leathnú chuig allmhairí ó chomhlachtaí a fhaigheann tairbhe as dleachtanna aonair sna tíortha atá faoi réir beart nuair atá teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

Déanfar teacht timpeall a shainiú mar athrú ar an bpatrún trádála idir tríú tíortha agus an Aontas nó idir comhlachtaí aonair sa tír faoi réir beart agus an tAontas, agus eascraíonn sé as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas an dleacht a fhorchur, agus i gcás ina bhfuil fianaise maidir le díobháil ann nó go bhfuil an bonn á bhaint d'éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí an táirge chomhchosúil, agus i gcás ina bhfuil fianaise dumpála ann maidir leis na gnáthluachanna a cinneadh roimhe sin don táirge comhchosúil, i gcomhréir le forálacha Airteagal 2 más gá.

Áirítear na nithe a leanas, inter alia, sa chleachtas, próiseas nó obair dá dtagraítear sa tríú fomhír:

(a)

modhnú beag ar an táirge lena mbaineann ionas go bhfuil sé faoi réir cóid chustaim nach mbíonn faoi réir na mbeart de ghnáth, ar choinníoll nach n-athraíonn an modhnú sin saintréithe an táirge;

(b)

coinsíniú an táirge faoi réir beart trí thríú tíortha;

(c)

atheagrú a bpatrún agus a mbealaí díolacháin sa tír atá faoi réir beart ag onnmhaireoirí nó táirgeoirí d'fhonn a gcuid táirgí a onnmhairiú faoi dheireadh chuig an Aontas trí tháirgeoirí a bhaineann tairbhe as dleachtráta aonair níos ísle ná an dleachtráta is infheidhme ar tháirgí na monaróirí;

(d)

sna cúinsí a luaitear i mír 2, na páirteanna a chóimeáil ag oibríocht chóimeála san Aontas nó i dtríú tír.

2.   Measfar go bhfuil oibríocht chóimeála san Aontas nó i dtríú tír ag teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm sna cásanna a leanas:

(a)

cuireadh tús leis an oibríocht, nó tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus is ón tír atá faoi réir na mbeart na páirteanna ábhartha; agus

(b)

is ionann na páirteanna agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge agus é cóimeáilte, ach amháin nach measfar in aon chás go bhfuil teacht timpeallar bun más luach níos mó ná 25 % den chostas monaraithe an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe; agus

(c)

tá an bonn á bhaint d'éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí an táirge chomhchosúil agus é cóimeáilte agus tá fianaise dumpála ann maidir leis na gnáthluachanna a cinneadh roimhe sin don táirge comhchosúil nó do tháirgí cosúla.

3.   Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ar iarraidh ó Bhallstát nó ó aon pháirtí leasmhar ar bhonn go leor fianaise a bheith ann maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 1. Déanfar tionscnaimh le Rialachán ón gCoimisiún lena bhféadfar na húdaráis chustaim a threorú freisin allmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis do pháirtí leasmhar nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt chun imscrúdú a thionscnamh agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche, nó tar éis don Choimisiún féin a chinneadh go bhfuil gá le himscrúdú a thionscnamh.

Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú. Féadfaidh na húdaráis chustaim a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus déanfar an t-imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh de naoi mí.

Má thugann na fíorais, mar a shuífear sa deireadh iad, bonn cirt leis na bearta a leathnú amach, déanfaidh an Coimisiún sin ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3). Gabhfaidh éifeacht leis an bhfadú ón dáta a forchuireadh an clárú de bhun Airteagal 14(5) nó ón dáta ar iarradh ráthaíochtaí. Beidh feidhm ag forálacha nós imeachta ábhartha an Rialacháin seo maidir leis an tionscnamh agus maidir le stiúradh imscrúduithe de bhun an Airteagail seo.

4.   Ní bheidh allmhairí faoi réir clárúcháin de bhun Airteagal 14(5) ná faoi réir beart i gcás ina bhfuil siad á dtrádáil ag cuideachtaí a bhaineann tairbhe as díolúintí.

Déanfar iarrataí ar dhíolúintí a bhfuil fianaise leo a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos sa Rialachán ón gCoimisiún lena dtionscnaítear an t-imscrúdú.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, an oibríocht nó an obair teacht timpeall lasmuigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann ar féidir leo a thaispeáint nach bhfuil baint acu le haon táirgeoir atá faoi réir na mbeart agus nach bhfuil baint acu le cleachtais teacht timpeall mar atá sainmhínithe i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, an oibríocht nó an obair teacht timpeall laistigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú d'allmhaireoirí ar féidir leo a thaispeáint nach bhfuil baint acu leis na táirgeoirí atá faoi réir na mbeart.

Deonófar na díolúintí sin le Cinneadh ón gCoimisiún agus beidh siad bailí ar feadh na tréimhse agus faoi na coinníollacha a leagfar síos ann. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a anailís a thabhairt chun críche.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(4), féadfar díolúintí a dheonú chomh maith i ndiaidh an imscrúdaithe ba chúis le fadú na mbeart a thabhairt chun críche.

Ar choinníoll aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó fhadú na mbeart, agus má tá líon suntasach páirtithe atá ag iarraidh díolúine, nó a d'fhéadfadh díolúine a iarraidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh athbhreithniú ar fhadú na mbeart a thionscnamh. Déanfar aon athbhreithniú den chineál sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(5) mar is infheidhme maidir le hathbhreithnithe de bhun Airteagal 11(3).

5.   Ní chuirfidh aon rud san Airteagal seo bac ar ghnáthchur i bhfeidhm na bhforálacha i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 14

Forálacha ginearálta

1.   Is le rialachán a fhorchuirfear dleachtanna frithdhumpála sealadacha nó cinntitheacha, agus baileoidh na Ballstáit iad de réir na foirme, an ráta arna sonrú agus na gcritéar eile atá leagtha síos sa rialachán lena bhforchuirtear na dleachtanna sin. Déanfar na dleachtanna sin a bhailiú ar leithligh ó na dleachtanna custaim, na cánacha agus na muirir eile a ghearrtar de ghnáth ar allmhairí.

Ní bheidh aon táirge faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh ag an am céanna, d'fhonn déileáil leis an staid chéanna mar thoradh ar dhumpáil nó ar fhóirdheontas a thabhairt i leith onnmhairí.

2.   Foilseofar Rialacháin lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála sealadacha nó cinntitheacha, agus rialacháin nó cinntí lena nglactar le gealltanais nó lena bhfoirceanntar imscrúduithe nó imeachtaí, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis rúnda a chosaint, beidh i rialacháin nó i gcinntí den sórt sin, go háirithe, ainmneacha na n-onnmhaireoirí, más féidir, nó na dtíortha lena mbaineann, tuairisc ar an táirge agus achoimre ar na fíorais ábhartha agus na breithnithe is ábhartha i ndáil leis na cinntí maidir le dumpáil agus díobháil. I ngach cás, cuirfear cóip den rialachán nó den chinneadh chuig na páirtithe leasmhara aitheanta. Beidh feidhm ag forálacha na míre seo mutatis mutandis maidir le hathbhreithnithe.

3.   Féadfar forálacha speisialta, go háirithe i ndáil leis an sainmhíniú coitianta ar choincheap an tionscnaimh, mar atá i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.

4.   Chun leasa an Aontais, féadfar bearta arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a chur ar fionraí ar feadh tréimhse naoi mí le cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), síneadh nach mó ná bliain amháin a chur leis an bhfionraí sin.

Ní fhéadfar bearta a chur ar fionraí ach amháin i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí, agus ar choinníoll gur tugadh deis don tionscal de chuid an Aontais a dtuairimí a thabhairt agus go bhfuil na tuairimí sin curtha san áireamh. Féadfar bearta a chur i bhfeidhm arís tráth ar bith i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 15(2) mura bhfuil feidhm le cúis na fionraí a thuilleadh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas i dtráth cuí, treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiadh sin ar na allmhairí sin ó dháta an chlárúcháin ar aghaidh. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ón tionscal de chuid an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt chuige sin. Is le Rialachán a thabharfar clárú isteach agus sonrófar ann cuspóir an bhirt agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ní bheidh an tréimhse inar gcuirfear allmhairí faoi chlárúcháin níos faide ná 9 mí.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún gach mí maidir le trádáil allmhairí ar táirgí iad atá faoi réir imscrúdaithe agus beart, agus maidir leis an méid dleachtanna a bailíodh de bhun an Rialacháin seo.

7.   Gan dochar do mhír 6, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit, ar bhonn gach cáis faoi leith, an fhaisnéis is gá a sholáthar chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 6(3) agus (4) maidir leis an méid sin. Aon sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit de bhun an Airteagail seo, cumhdófar faoi fhorálacha Airteagal 19(6) iad.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta le hAirteagal 4 de.

5.   De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn maidir le bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le hathbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh de bhun Airteagal 11(6) den Rialachán seo, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

6.   Féadfaidh an coiste aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó arna iarraidh sin ag Ballstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa choiste nó go díreach leis an gCoimisiún.

Airteagal 16

Cuairteanna fíorúcháin

1.   Tabharfaidh an Coimisiúin, má mheasann sé gurb iomchuí, cuairt ar allmhaireoirí, onnmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, comhlachais agus eagraíochtaí trádála chun a dtaifid a scrúdú agus chun faisnéis a soláthraíodh ar dhumpáil agus ar dhíobháil a fhíorú. In éagmais freagra chuí agus thráthúil, b'fhéidir nach ndéanfar cuairt fíorúcháin a thabhairt.

2.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfaigheann sé comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, agus go dtugann sé fógra d'ionadaithe rialtas na tíre i dtrácht agus nach gcuireann an tír sin i gcoinne an imscrúdaithe. A luaithe agus a fhaightear comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na ngnólachtaí a bhfuil cuairt le tabhairt orthu agus na dátaí atá socraithe in iúl d'údaráis na tíre is onnmhaireoir.

3.   Cuirfear na gnólachtaí lena mbaineann ar an eolas faoin gcineál faisnéise atá le fíorú le linn na gcuairteanna fíorúcháin agus faoi aon fhaisnéis eile is gá a sholáthar le linn na gcuairteanna sin, cé nár cheart go gcuirfeadh sin bac ar iarrataí a dhéantar le linn an fhíorúcháin sonraí breise a sholáthar i bhfianaise na faisnéise atá faighte.

4.   Sna himscrúduithe a dhéanfar de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3, tabharfaidh oifigigh na mBallstát a iarrann amhlaidh cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 17

Sampláil

1.   Má tá líon mór gearánach, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí ann nó líon mór cineálacha táirgí nó idirbheart, féadfar an t-imscrúdú a theorannú do mhéid réasúnach páirtithe, táirgí nó idirbheart trí shamplaí a úsáid atá bailí ó thaobh staitisticí de ar bhonn na faisnéise atá ar fáil tráth an roghnúcháin, nó don líon ionadaíoch is mó de tháirgí, díolacháin nó onnmhairí a d'fhéadfaí a imscrúdú laistigh den am atá ar fáil.

2.   Faoin gCoimisiún a bheidh sé an rogha dheiridh a dhéanamh i ndáil le páirtithe, cineálacha táirgí nó idirbhearta a dhéanfar faoi na forálacha samplála sin, cé go dtabharfar tosaíocht do shampla a roghnú i gcomhar leis na páirtithe lena mbaineann, agus le cead uathu, ar choinníoll go gcuirfidh na páirtithe sin iad féin in aithne agus go gcuirfidh siad go leor faisnéise ar fáil, laistigh de thrí seachtaine ó lá tionscnaimh an imscrúdaithe, chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú.

3.   I gcásanna ina ndéantar an t-imscrúdú a theorannú i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar corrlach aonair dumpála a ríomh, mar sin féin, i gcás aon onnmhaireora nó tairgeora nár roghnaíodh ar an gcéad dul síos agus a thíolacann an fhaisnéis is gá laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, seachas i gcás ina bhfuil líon na n-onnmhaireoirí nó táirgeoirí chomh mór sin go mbeadh ró-ualach ag baint le himscrúduithe aonair agus go gcuirfidís bac ar an imscrúdú a thabhairt chun críche in am trátha.

4.   I gcás ina ndéantar cinneadh sampláil a dhéanamh agus nach gcomhoibríonn roinnt de na páirtithe a roghnaíodh, nó nach gcomhoibríonn aon cheann acu, rud a d'fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do thoradh an imscrúdaithe, féadfar sampla nua a roghnú.

Mar sin féin, má leantar le méid ábhartha den neamh-chomhoibriú sin nó mura bhfuil go leor ama ann sampla nua a roghnú, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 18.

Airteagal 18

Neamh-chomhoibriú

1.   I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis is gá, nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis sin, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó má chuireann sé isteach go mór ar an imscrúdú, féadfar na torthaí sealadacha nó deiridh, bíodh siad dearfach nó diúltach, a bhunú ar na fíorais atá ar fáil.

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil.

Ba cheart páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi iarmhairtí an neamh-chomhoibrithe.

2.   Ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é mainneachtain freagra leictreonach a thabhairt, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é.

3.   Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a thíolacann páirtí leasmhar oiriúnach ar gach bealach, níor cheart neamhaird a thabhairt uirthi mar sin féin, ar choinníoll nach bhfuil na heasnaimh tromchúiseach a ndóthain le deacracht mhíchuí a chruthú i dteacht ar thoradh a bheadh réasúnta cruinn, go gcuirtear an fhaisnéis chuí isteach in am trátha agus gur féidir í a fhíorú, agus go ndearna an páirtí a dhícheall na coinníollacha a chomhlíonadh.

4.   I gcás ina ndiúltaítear glacadh le fianaise nó le faisnéis áirithe, cuirfear an páirtí atá á soláthar ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú sin, agus tabharfar deis dó a chás a mhíniú tuilleadh laistigh den teorainn ama atá sonraithe. Má mheastar nach bhfuil an míniú sásúil, nochtfar na cúiseanna leis an bhfianaise nó an fhaisnéis sin a dhiúltiú, agus foilseofar iad.

5.   Má bhunaítear cinntí, lena n-áirítear na cinntí sin a bhaineann le luach normálta, ar fhorálacha mhír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis a sholáthraítear sa ghearán, déanfar é a sheiceáil, nuair is praiticiúil é agus aird chuí á tabhairt ar theorainneacha ama an imscrúdaithe, trí thagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ó fhoinsí neamhspleácha eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, amhail liostaí foilsithe praghsanna, staitisticí oifigiúla allmhairí agus dearbhuithe custaim, nó faisnéis arna fáil ó pháirtithe leasmhara eile le linn an imscrúdaithe.

D'fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin sonraí ábhartha a bhaineann leis an margadh domhanda nó margaí ionadaíocha eile, nuair is iomchuí.

6.   Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar, nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus go gcoinnítear siar faisnéis ábhartha dá bhrí sin, d'fhéadfadh an toradh a bheith níos diúltaí don pháirtí ná mar a bheadh sé dá gcomhoibreodh sé.

Airteagal 19

Rúndacht

1.   Aon fhaisnéis ar fhaisnéis rúnda í (toisc go dtabharfaí buntáiste suntasach iomaíoch d'iomaitheoir dá nochtfaí í, mar shampla, nó toisc go mbeadh tionchar suntasach diúltach aici ar an duine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó ar an duine óna bhfuair sé an fhaisnéis) nó aon fhaisnéis a sholáthraíonn páirtithe ar bhonn rúnda d'imscrúdú, déanfaidh na húdaráis í a choireáil amhlaidh.

2.   Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara atá ag soláthar faisnéise rúnda, achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a tíolacadh faoi rún a thuiscint. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt. I gcúinsí eisceachtúla den sórt sin, ní mór ráiteas faoi na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta an t-achoimriú sin a dhéanamh a chur ar fáil.

3.   Más rud é go meastar nach bhfuil údar le hiarraidh ar rúndacht agus más rud é nach bhfuil soláthróir na faisnéise toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil ná údarú a thabhairt í a nochtadh i bhfoirm ghinearálta nó i bhfoirm achoimre, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin ach amháin más féidir le foinsí iomchuí a léiriú go bhfuil an fhaisnéis sin ceart. Ní dhéanfar iarrataí ar rúndacht a dhiúltú gan chúis.

4.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar nochtadh faisnéise ginearálta ag údaráis an Aontais, agus go háirithe nochtadh na gcúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe, ná nochtadh fianaise ar a bhfuil údaráis an Aontais ag brath sa mhéid is gur gá na cúiseanna sin a mhíniú in imeachtaí cúirte. Ní foláir a chur san áireamh sa nochtadh sin leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann i dtaobh gan rúin a ngnó a nochtadh.

5.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, ná a n-oifigigh, aon fhaisnéis a gheobhaidh siad de bhun an Rialacháin seo ar faisnéis í a d'iarr an soláthróir I a chóireáil faoi rún, gan sainchead a fháil ón soláthróir sin. Ní nochtfar malartuithe faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó na mBallstát, ní nochtfar iad ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.

6.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.

Ní chuirfidh an fhoráil seo bac ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs imscrúdaithe amháin a úsáid chun críche imscrúduithe eile a thionscnamh laistigh de na himeachtaí chéanna i ndáil leis an táirge lena mbaineann.

Airteagal 20

Nochtadh

1.   Maidir leis na gearánaigh, na honnmhaireoirí agus na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus ionadaithe na tíre is onnmhaireoir, féadfaidh siad a iarraidh go nochtfar na sonraí is bunús leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar forchuireadh bearta sealadacha ar a mbonn. Déanfar iarrataí ar an nochtadh sin i scríbhinn díreach tar éis na bearta sealadacha a fhorchur, agus déanfar an nochtadh i scríbhinn a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

2.   Féadfaidh na páirtithe a luaitear i mír 1 nochtadh deiridh na bhfíoras agus na mbreithnithe a iarraidh a bhfuil sé beartaithe acu forchur beart cinntitheach, nó foirceannadh imscrúdaithe nó imeachtaí nach bhforchuirtear beart lena linn, a mholadh ar a mbonn agus aird ar leith á tabhairt ar nochtadh aon fhíoras nó breithnithe atá éagsúil leo sin a úsáidtear le haghaidh beart sealadach ar bith.

3.   Cuirfear iarrataí ar nochtadh deiridh, mar atá sainmhínithe i mír 2, faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn mí ar a dhéanaí, i gcásanna inar forchuireadh dleacht shealadach, tar éis fhorchur na dleachta sin a fhoilsiú. I gcás nár forchuireadh dleacht shealadach, tabharfar deis do pháirtithe nochtadh deiridh a iarraidh laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos ag an gCoimisiún.

4.   Is i scríbhinn a thabharfar an nochtadh deiridh. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais ná breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.

5.   Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochta dheiridh, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ar tréimhse í nach giorra ná deich lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Féadfar tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina gcaithfear nochtadh deiridh sa bhreis a dhéanamh.

Airteagal 21

Leas an Aontais

1.   Bunófar cinneadh faoin ngá le hidirghabháil chun leasa an Aontais ar luachmhéadú na leasanna éagsúla ina n-iomláine, lena n-áirítear leasanna an tionscail bhaile agus úsáideoirí agus tomhaltóirí. Ní dhéanfar cinneadh de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás ina bhfuil an deis tugtha do gach páirtí a thuairimí a chur in iúl de bhun mhír 2. In imscrúdú mar sin, tabharfar aird speisialta ar an ngá le fáil réidh leis na héifeachtaí saofa a bhíonn ag dumpáil dhíobhálach ar thrádáil, agus ar iomaíocht éifeachtach a thabhairt ar ais. Ní fhéadfar bearta, arna gcinneadh ar bhonn na dumpála agus na díobhála a rinneadh, a chur i bhfeidhm i gcás inar féidir leis na húdaráis, ar bhonn na faisnéise ar fad a tíolacadh, a bhaint de thátal as nach chun leasa an Aontais atá sé na bearta sin a chur i bhfeidhm.

2.   Chun bonn fónta a sholáthar do na húdaráis leis na tuairimí agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh don chinneadh i dtaobh an chun leasa an Aontais é bearta a fhorchur, féadfaidh na gearánaigh, na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe san fhógra faoi imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, iad féin a chur in aithne agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún. Cuirfear an fhaisnéis sin, nó achoimrí iomchuí uirthi, ar fáil do na páirtithe eile atá sonraithe san Airteagal seo, agus beidh siad i dteideal freagra a thabhairt ar an bhfaisnéis sin.

3.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 éisteacht a iarraidh. Glacfar leis na hiarrataí sin i gcás ina dtíolactar iad laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach i mír 2, agus i gcás ina leagtar amach iontu, i dtéarmaí leas an Aontais, cén fáth ar cheart éisteacht a thabhairt do na páirtithe.

4.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear na tuairimí sin san áireamh mura bhfaighfear iad laistigh de 25 lá ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart sin agus cuirfear na tuairimí sin, nó achoimrí iomchuí orthu, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt orthu.

5.   Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a dhéantar a thíolacadh go cuí agus scrúdóidh sé a ionadaí agus atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 15 mar chuid den dréacht-bheart a chuirtear isteach de bhun Airteagal 9. Ba cheart don Choimisiún tuairimí an choiste a chur san áireamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

6.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 a iarraidh go gcuirfear na fíorais agus na breithnithe ar dócha go nglacfar na cinntí deiridh ina leith ar fáil dóibh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin.

7.   Ní chuirfear faisnéis san áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise iarbhír ann a thacaíonn le bailíocht na faisnéise sin.

Airteagal 22

Forálacha críochnaitheacha

Ní chuirfidh an Rialachán seo bac ar chur i bhfeidhm:

(a)

aon rialacha speisialta atá leagtha síos i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b)

Rialacháin an Aontais i ndáil leis an earnáil talmhaíochta agus Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 (8) agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 (9) Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 (10), ón gComhairle. Feidhmeoidh an Rialachán seo mar chomhlánú ar na Rialacháin sin agus de mhaolú ó aon fhorálacha de na Rialacháin sin a chuireann bac ar chur i bhfeidhm dleachtanna frtithdhumpála;

(c)

bearta speisialta, ar choinníoll nach dtagann na bearta sin salach ar oibleagáidí de bhun Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994.

Airteagal 23

Tuarascáil

1.   Déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí aige ar chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 19, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi bhearta sealadacha agus bearta críochnaitheacha a chur i bhfeidhm, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh, faoi ath-imscrúduithe, faoi athbhreithnithe agus cuairteanna fíorúcháin, agus faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ón lá a thíolacann an Coimisiún an tuarascáil, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na Parlaiminte chun saincheisteanna ar bith a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

3.   Tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh don Choimisiún an tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, poibleoidh an Coimisiún an tuarascáil.

Airteagal 24

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléirú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(6)  Lena n-áirítear an Albáin, an Arméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Chirgeastáin, an Chóiré Thuaidh, an Mholdóiv, an Mhongóil, an tSeoirsia, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin.

(7)  Rialachán (AEE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 ón gComhairle an 7 Samhain 2006 maidir le glúcós agus lachtós (IO L 312, 11.11.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir leis an gcomhchóras trádála le haghaidh ubhalbaimine agus lachtalbaimine (IO L 181, 14.7.2009, lch. 8).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad (IO L 328, 15.12.2009, lch. 10).


IARSCRÍBHINN I

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (CE) Uimh 1225/2009

(IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)

 

Rialachán (AE) Uimh. 765/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 237, 3.9.2012, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1168/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 344, 14.12.2012, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 22 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh 1225/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 5(1) go (9)

Airteagal 5(1) go (9)

Airteagal 5(10), an chéad abairt

Airteagal 5(10), an chéad fhomhír

Airteagal 5(10), an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 5(10), an dara fomhír

Airteagal 5(11) agus (12)

Airteagal 5(11) agus (12)

Airteagal 6(1), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1), an tríú habairt

Airteagal 6(1), an dara fomhír

Airteagal 6(1), an ceathrú habairt

Airteagal 6(1), an tríú fomhír

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3), an chéad abairt

Airteagal 6(3), an chéad fhomhír

Airteagal 6(3), an dara habairt

Airteagal 6(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), an tríú habairt

Airteagal 6(3), an tríú fomhír

Airteagal 6(4), an chéad abairt

Airteagal 6(4), an chéad fhomhír

Airteagal 6(4), an dara habairt

Airteagal 6(4), an dara fomhír

Airteagal 6(4), an tríú habairt

Airteagal 6(4), an tríú fomhír

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(6), an chéad abairt

Airteagal 6(6), an chéad fhomhír

Airteagal 6(6), an dara habairt

Airteagal 6(6), an dara fomhír

Airteagal 6(6), an tríú habairt

Airteagal 6(6), an tríú fomhír

Airteagal 6(6), an ceathrú habairt

Airteagal 6(6), an ceathrú fomhír

Airteagal 6(7), an chéad abairt

Airteagal 6(7), an chéad fhomhír

Airteagal 6(7), an dara habairt

Airteagal 6(7), an dara fomhír

Airteagal 6(8) agus (9)

Airteagal 6(8) agus (9)

Airteagal 7(1), an chéad abairt

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(1), an dara habairt

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 7(2) go (5)

Airteagal 7(2) go (5)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(6)

Airteagal 8(1), an chéad abairt

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír

Airteagal 8(1), an dara habairt

Airteagal 8(1), an dara fomhír

Airteagal 8(1), an tríú habairt

Airteagal 8(1), an tríú fomhír

Airteagal 8(2), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír

Airteagal 8(2), an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 8(2), an cúigiú habairt

Airteagal 8(2), an tríú fomhír

Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagal 8(6), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 8(6), an chéad fhomhír

Airteagal 8(6), an tríú ahbairt

Airteagal 8(6), an dara fomhír

Airteagal 8(7) agus (8)

Airteagal 8(7) agus (8)

Airteagal 8(9), an chéad fhomhír

Airteagal 8(9), an chéad fhomhír

Airteagal 8(9), an dara fomhír, an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 8(9), an dara fomhír

Airteagal 8(9), an dara fomhír, an tríú habairt

Airteagal 8(9), an tríú fomhír

Airteagal 8(10)

Airteagal 8(10)

Airteagal 9(1), (2) agus (3)

Airteagal 9(1), (2) agus (3)

Airteagal 9(4), an chéad abairt

Airteagal 9(4), an chéad fhomhír

Airteagal 9(4), an dara habairt

Airteagal 9(4), an dara fomhír

Airteagal 9(5)

Airteagal 9(5)

Airteagal 9(6), an chéad abairt

Airteagal 9(6), an chéad fhomhír

Airteagal 9(6), an dara habairt

Airteagal 9(6), an dara fomhír

Airteagal 9(6), an tríú habairt

Airteagal 9(6), an tríú fomhír

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2), an chéad abairt

Airteagal 10(2), an chéad fhomhír

Airteagal 10(2), an dara abairt agus an tríú habairt

Airteagal 10(2), an dara fomhír

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4), na focail tosaigh

Airteagal 10(4), na focail tosaigh agus pointí (a) agus (b)

Airteagal 10(4)(a)

Airteagal 10(4)(c)

Airteagal 10(4)(b)

Airteagal 10(4)(d)

Airteagal 10(5)

Airteagal 10(5)

Airteagal 11(1) go (4)

Airteagal 11(1) go (4)

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 11(5), an dara fomhír

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 11(5), an tríú fomhír

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 11(5), an ceathrú fomhír

Airteagal 11(5), an dara fomhír

Airteagal 11(5), an cúigiú fomhír

Airteagal 11(5), an tríú fomhír

Airteagal 11(5), an séú fomhír

Airteagal 11(6), an chéad, abairt, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 11(6), an chéad fhomhír

Airteagal 11(6), an ceathrú habairt

Airteagal 11(6), an dara fomhír

Airteagal 11(6), an cúigiú habairt

Airteagal 11(6), an tríú fomhír

Airteagal 11(7)

Airteagal 11(7)

Airteagal 11(8), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 11(8), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír, an chéad abairt agus an dara abairt

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír, an tríú habairt

Airteagal 11(8), an cúigiú fomhír

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 11(8), an séú fomhír

Airteagal 11(9) agus (10)

Airteagal 11(9) agus (10)

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 13(1), an dara fomhír

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, an tríú habairt

Airteagal 13(1), an tríú fomhír

Airteagal 13(1), an dara fomhír

Airteagal 13(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an tríú habairt

Airteagal 13(4), an tríú fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 13(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 13(4), an cúigiú fomhír

Airteagal 13(4), an tríú fomhír

Airteagal 13(4), séú fomhír

Airteagal 13(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(4), seachtú fomhír

Airteagal 13(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 14(1), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 14(1), an chéad fhomhír

Airteagal 14(1), an tríú habairt

Airteagal 14(1), an dara fomhír

Airteagal 14(2), an chéad abairt

Airteagal 14(2), an chéad fhomhír

Airteagal 14(2), an dara habairt, an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 14(2), an dara fomhír

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 14(4), an chéad fhomhír

Airteagal 14(4), an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 14(4), an dara fomhír

Airteagal 14(5), (6) agus (7)

Airteagal 14(5), (6) agus (7)

Airteagail 15 agus 16

Airteagail 15 agus 16

Airteagal 17(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(4), an chéad abairt

Airteagal 17(4), an chéad fhomhír

Airteagal 17(4), an dara habairt

Airteagal 17(4), an dara fomhír

Airteagal 18(1), an chéad abairt

Airteagal 18(1), an chéad fhomhír

Airteagal 18(1), an dara habairt

Airteagal 18(1), an dara fomhír

Airteagal 18(1), an tríú habairt

Airteagal 18(1), an tríú fomhír

Airteagal 18(2) go (6)

Airteagal 18(2) go (6)

Airteagal 19(1) go (5)

Airteagal 19(1) go (5)

Airteagal 19(6), an chéad abairt

Airteagal 19(6), an chéad fhomhír

Airteagal 19(6), an dara habairt

Airteagal 19(6), an dara fomhír

Airteagal 20(1), (2) agus (3)

Airteagal 20(1), (2) agus (3)

Airteagal 20(4), an chéad abairt, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 20(4), an chéad fhomhír

Airteagal 20(4), an ceathrú habairt

Airteagal 20(4), an dara fomhír

Airteagal 20(5)

Airteagal 20(5)

Airteagail 21 agus 22

Airteagail 21 agus 22

Airteagal 22a

Airteagal 23

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhínn I

Iarscríbinn II


30.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

55


RIALACHÁN (AE) 2016/1037 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (3) a leasú go suntasach (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

In Iarscríbhinn 1A a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“Comhaontú an EDT”) tá, inter alia, an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 (“CGTT 1994”), Comhaontú ar Thalmhaíocht (“an Comhaontú ar Thalmhaíocht”), Comhaontú maidir le Cur Chun Feidhme Airteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 (“Comhaontú Frithdhumpála 1994”) agus Comhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (“an Comhaontú maidir le Fóirdheontais”).

(3)

D'fhonn cur chun feidhme leormhaith agus trédhearcach na rialacha dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Fóirdheontais a áirithiú, ba cheart teanga an chomhaontaithe sin a léiriú a mhéid is fearr is féidir i reachtaíocht an Aontais.

(4)

Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar a mheas go bhfuil fóirdheontas ann, is iomchuí a mhíniú go mionsonraithe, na prionsabail ar dá réir a bheidh sé le bheith in-fhrithchúitithe (go háirithe i dtaobh ar bronnadh an fóirdheontas go sonrach), agus na critéir ar dá réir a bheidh méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le ríomh.

(5)

Agus é á chinneadh gurb ann d'fhóirdheontas, is gá a thaispeáint go raibh ranníocaíocht airgeadais ó rialtas nó ó chomhlacht poiblí éigin laistigh de chríoch tíre, nó go raibh cineál éigin tacaíochta ioncaim nó praghais ann de réir bhrí Airteagal XVI de CGTT 1994, agus gur bronnadh sochar ar an bhfiontar is faighteoir dá bhrí sin.

(6)

D'fhonn sochar an fhaighteora a ríomh i gcásanna nach bhfuil tagarmharc margaidh ann sa tír lena mbaineann, ba cheart an tagarmharc a chinneadh trí na téarmaí agus coinníollacha atá i réim sa tír lena mbaineann a choigeartú ar bhonn fachtóirí iarbhíre atá ar fáil sa tír lena mbaineann. Mura bhfuil an méid sin praiticiúil toisc, inter alia, nach ann do phraghsanna nó do chostais den sórt sin nó toisc nach bhfuil siad iontaofa, ba cheart an tagarmharc iomchuí a chinneadh mar sin trí théarmaí agus coinníollacha i margaí eile a úsáid.

(7)

Is inmhianaithe treoir shoiléir agus mhionsonraithe a leagan amach i dtaca leis na fachtóirí a d'fhéadfadh bheith ábhartha lena chinneadh an ndearna na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith díobháil ábhartha nó an bhféadfaidís díobháil ábhartha a dhéanamh. Agus é á thaispeáint gur cúis díobhála iad méid agus leibhéil phraghsanna na n-allmhairí lena mbaineann do dhíobháil a rinneadh do thionscal de chuid an Aontais, ba cheart aird a thabhairt ar éifeacht fachtóirí eile agus go háirithe dálaí margaidh atá i réim san Aontas.

(8)

Tá sé inmholta an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a shainmhíniú agus a fhoráil go bhféadfar páirtithe atá comhlachaithe le honnmhaireoirí a eisiamh ó thionscal den sórt sin, agus an téarma “comhlachaithe” a shainmhíniú. Is gá freisin foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíocht i dtaca le dleacht frithchúitimh a bheidh le déanamh thar ceann táirgeoirí i réigiún san Aontas agus treoirlínte maidir le sainmhíniú réigiúin den sórt sin a leagan amach.

(9)

Is gá a shonrú cé na daoine a fhéadfaidh gearán faoi dhleacht frithchúitimh a thaisceadh, lena n-áirítear a mhéid ar cheart don tionscal de chuid an Aontais tacú leis, agus an fhaisnéis faoi fhóirdheontais in-fhrithchúitithe, díobháil nó cúisíocht is ceart a bheith i ngearán den sórt sin. Is caoithiúil freisin go sonrófar na nósanna imeachta maidir le gearáin a dhiúltú nó imeachtaí a thionscnamh.

(10)

Is gá an bealach a shonrú inar cheart fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara i leith na faisnéise a bheidh de dhíth ar na húdaráis. Ba cheart neart deiseanna a thabhairt do pháirtithe leasmhara an fhianaise ábhartha uile a thíolacadh agus a leasanna a chosaint. Is inmhianaithe freisin na rialacha agus na nósanna imeachta atá le leanúint i rith an imscrúdaithe a leagan amach go soiléir, go háirithe na rialacha faoina gcuireann páirtithe leasmhara iad féin in iúl, faoina gcuireann siad a dtuairimí in iúl, faoina dtugann siad faisnéis laistigh de theorainneacha ama sonraithe, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh. Is iomchuí freisin na coinníollacha a leagan amach faoinar féidir le páirtí leasmhar rochtain a fháil ar fhaisnéis arna tíolacadh ag páirtithe leasmhara eile, agus a bharúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis sin. Ba cheart comhar a bheith ann freisin idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus faisnéis á bailiú.

(11)

Is gá na coinníollacha faoina bhféadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur a leagan amach, lena n-áirítear na coinníollacha go bhféadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ón tionscnamh agus tráth nach déanaí ná naoi mí ina dhiaidh sin. Féadfaidh an Coimisiún na dleachtanna sin a fhorchur i ngach cás ar feadh tréimhse ceithre mhí agus ar feadh na tréimhse sin amháin.

(12)

Is gá nósanna imeachta a leagan amach maidir le gealltanais a ghlacadh a chuireann deireadh leis na fóirdheontais in-fhrithchúitithe agus díobháil nó lena ndéantar iad a fhritháireamh in ionad dleachtanna sealadacha nó dleachtanna cinntitheacha a fhorchur. Is iomchuí a shonrú freisin na hiarmhairtí a bhaineann le sárú gealltanas nó a n-aistarraingt agus go bhféadfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur i gcásanna ina mbeifear in amhras faoi shárú nó i gcás inar gá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh chun cur leis na torthaí a fuarthas. Nuair a bheifear ag glacadh le gealltanais, ba cheart féachaint chuige nach mbeidh iompraíocht fhrithiomaíoch mar thoradh ar na gealltanais bheartaithe, agus ar fhorchur na ngealltanas sin.

(13)

Is iomchuí aistarraingt gealltanais agus cur i bhfeidhm na dleachta a cheadú trí aon ghníomh dlí amháin. Is gá a áirithiú freisin go bhfoirceannfar an nós imeachta aistarraingthe laistigh de theorainn ama sé mhí de ghnáth agus tráth nach déanaí ná naoi mí i gcás ar bith chun forghníomhú cuí an bhirt atá i bhfeidhm a áirithiú.

(14)

Is gá a fhoráil gur cheart cásanna a fhoirceannadh, is cuma cé acu a glacadh bearta cinntitheacha nó nár glacadh, laistigh de 12 mhí de ghnáth agus tráth nach déanaí ná 13 mhí, in aon chás, ó thionscnamh an imscrúdaithe.

(15)

Ba cheart imscrúduithe nó imeachtaí a fhoirceannadh sa chás gur méid de minimis atá i méid an fhóirdheontais nó, go háirithe i gcás allmhairí de thionscnamh tíortha i mbéal forbartha, gur diomaibhseach é méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith nó gur diomaibhseach í an díobháil, agus is iomchuí na staideanna sin a shainiú. I gcás ina mbeidh bearta le forchur, is gá a fhoráil d'fhoirceannadh imscrúduithe agus a shonrú gur cheart na bearta a bheith níos lú ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe más rud é go gcuirfeadh méid níos lú den sórt sin deireadh leis an díobháil, agus is gá an modh a shonrú chomh maith chun leibhéal na mbeart i gcásanna samplála a ríomh.

(16)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le bailiú cúlghabhálach dleachtanna sealadacha má mheastar gurb iomchuí an méid sin a dhéanamh agus is gá na himthosca a shainiú a d'fhéadfadh cur i bhfeidhm cúlghabhálach dleachtanna a bheith mar thoradh leo ionas nach mbainfí an bonn de bhearta cinntitheacha atá le cur i bhfeidhm. Is gá freisin a fhoráil go bhféadfar dleachtanna a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcásanna ina sáraítear gealltanais nó ina n-aisghairtear iad.

(17)

Is gá a fhoráil freisin go rachaidh bearta as feidhm tar éis cúig bliana mura léiríonn athbhreithniú gur cheart iad a choinneáil. Is gá foráil a dhéanamh freisin, i gcásanna ina dtíolactar go leor fianaise go bhfuil athrú ar imthosca, maidir le hathbhreithnithe eatramhacha nó maidir le himscrúduithe lena chinneadh an ndlífear aisíocaíochtaí dleachtanna frithchúitimh.

(18)

Cé nach bhfuil forálacha maidir le teacht timpeall ar bhearta frithchúitimh sa Chomhaontú maidir le Fóirdheontais, tá an fhéidearthacht maidir le teacht timpeall den sórt sin ann, i dtéarmaí atá cosúil, murar comhionann iad, le teacht timpeall ar bhearta frithdhumpála. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le foráil in aghaidh teacht timpeall sa Rialachán seo.

(19)

Is inmhianaithe a shoiléiriú cé iad na páirtithe a bhfuil sé de cheart acu tionscnamh imscrúduithe in aghaidh teacht timpeall a iarraidh.

(20)

Is inmhianaithe a shoiléiriú freisin céard iad na cleachtais arb ionann iad agus teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm. Féadann cleachtais teacht timpeall tarlú laistigh nó lasmuigh den Aontas. Dá thoradh sin is gá a fhoráil go bhféadfar na díolúintí ó na dleachtanna leathnaithe a fhéadfar a bhronnadh ar allmhaireoiri a bhronnadh freisin ar onnmhaireoirí nuair atá dleachtanna á gcur i bhfeidhm chun díriú ar theacht timpeall a tharlaíonn lasmuigh den Aontas.

(21)

Is caoithiúil a cheadú go bhféadfar bearta frithchúitimh a fhionraí i gcás ina bhfuil athrú sealadach ar dhálaí margaidh, a fhágann nach iomchuí leanúint de na bearta sin a fhorchur ar feadh tréimhse shealadach.

(22)

Is gá a fhoráil go bhféadfar allmhairí faoi imscrúdú a chur faoi réir clárú nuair a allmhairítear iad, ionas gur féidir bearta a chur i bhfeidhm i gcoinne na n-allmhairí sin ina dhiaidh sin.

(23)

D'fhonn forghníomhú cuí beart a áirithiú, is gá go ndéanfaidh Ballstáit faireachán ar thrádáil allmhairiúcháin táirgí atá faoi réir imscrúdú nó faoi réir beart, chomh maith le méid na ndleachtanna arna mbailiú faoin Rialachán seo, agus is gá dóibh tuarascáil ina leith a thabhairt don Choimisiún. Is gá freisin a fhoráil go bhféadfadh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát, faoi réir na rialacha maidir le hurramú rúndachta, faisnéis a thabhairt a d'úsáidfí chun faireachán a dhéanamh ar ghealltanais i dtaca le praghsanna agus chun leibhéal éifeachtachta na mbeart atá i bhfeidhm a fhíorú.

(24)

Is caoithiúil foráil a dhéanamh maidir le cuairteanna fíorúcháin chun faisnéis arna tíolacadh faoi fhóirdheontais in-fhrithchúitithe agus díobháil a sheiceáil, ach chuirfí de choinníoll leis na cuairteanna sin, áfach, freagraí cuí a bheith faighte ar cheistneoirí.

(25)

Tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le sampláil i gcásanna ina bhfuil líon mór páirtithe nó beart ann ionas gur féidir imscrúduithe a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.

(26)

Is gá a fhoráil, i gcás nach gcomhoibríonn páirtithe go sásúil, go bhféadfar faisnéis eile a úsáid leis na torthaí a shuíomh agus go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis sin chomh fabhrach do na páirtithe agus a bheadh dá mba rud é gur chomhoibrigh siad.

(27)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le déileáil le faisnéis rúnda sa chaoi nach nochtfar rúin ghnó ná rúin rialtais.

(28)

Tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le nochtadh cuí na bhfíoras riachtanach agus na mbreithnithe riachtanacha do pháirtithe atá cáilithe don chóireáil sin agus go ndéanfar an nochtadh sin, ag féachaint go cuí don phróiseas cinnteoireachta san Aontas, laistigh de theorainn ama inar féidir le páirtithe a leasanna a chosaint.

(29)

Is stuama foráil a dhéanamh maidir le córas riaracháin faoinar féidir argóintí a thíolacadh i dtaobh an an chun leasa an Aontais iad na bearta, lena n-áirítear leasanna tomhaltóirí, agus chun na teorainneacha ama a shonrú ar laistigh díobh nach mór faisnéis den sórt sin a chur in iúl, mar aon le nochtadh chearta na bpáirtithe lena mbaineann.

(30)

Agus rialacha an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais á gcur i bhfeidhm, tá sé riachtanach, chun an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí a bhféachann an comhaontú sin lena mbunú a choinneáil, go gcuirfidh an tAontas san áireamh léiriú phríomhpháirtithe trádála an Aontais ar na cearta agus oibleagáidí sin, mar atá léirithe sa reachtaíocht nó sna cleachtais bhunaithe.

(31)

Ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha chun dleachtanna sealadacha agus dleachtanna cinntitheacha a ghlacadh, agus chun imscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(32)

Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid maidir le bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le bearta cinntitheacha a ghlacadh. Ba cheart é a úsáid freisin chun glacadh le gealltanais, chun athbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh, chun fionraí beart, chun fionraí beart a fhadú agus chun bearta a athshuíomh i bhfianaise éifeachta beart den sórt sin i gcomparáid le bearta cinntitheacha. I gcás ina ndéanfadh moill ar fhorchur na mbeart díobháil ba dheacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Prionsabail

1.   Féadfar dleacht frithchúiteamh a fhorchur chun aon fhóirdheontas a tugadh a fhrithchúiteamh, go díreach nó go hindíreach, le haghaidh monarú, táirgeadh, onnmhairiú nó iompair aon táirge a bhfuil a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas ina chúis díobhála.

2.   D'ainneoin mhír 1, i gcás nach n-allmhairítear táirgí go díreach ón tír thionscnaimh ach ina n-onnmhairítear isteach san Aontas ó thír idirmheánach iad, beidh forálacha an Rialacháin seo infheidhme go hiomlán agus measfar gur tharla an t-idirbheart nó na hidirbhearta, nuair is iomchuí, idir an tír thionscnaimh agus an Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

maidir le táirge, meastar gur táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith é má bhaineann sé tairbhe as fóirdheontas in-fhrithchúitithe mar atá sainmhínítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Féadfaidh rialtas thír thionscnaimh an táirge allmhairithe, nó rialtas tíre idirmheánaí óna n-onnmhairítear an táirge isteach san Aontas, dá ngairtear “an tír is onnmhaireoir” chun críocha an Rialacháin seo, fóirdheontas den sórt sin a thabhairt;

(b)

ciallaíonn “rialtas” rialtas nó aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir;

(c)

ciallaíonn “táirge comhchosúil” táirge atá mar a chéile leis an táirge i gceist, is é sin le rá, ar cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, nó, in éagmais táirge den sórt sin, táirge eile, cé nach cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, a bhfuil a shaintréithe an-chosúil le saintréithe an táirge i gceist;

(d)

ciallaíonn “díobháil”, mura sonraítear a mhalairt, díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais, bagairt díobhála ábhartha don tionscal de chuid an Aontais nó moilliú ábhartha ar bhunú tionscal den sórt sin, agus léireofar i gcomhréir le forálacha Airteagal 8 í.

Airteagal 3

Sainmhíniú ar fhóirdheontas

Measfar go bhfuil fóirdheontas ann más rud é:

1.

(a)

go bhfuil ranníocaíocht airgeadais ó rialtas sa tír thionscnaimh nó sa tír is onnmhaireoir, is é sin le rá, i gcás ina dtarlaíonn an méid seo a leanas:

(i)

baineann cleachtas rialtais le haistriú díreach cistí (mar shampla, deontais, iasachtaí, instealladh cothromais), le haistrithe ionchasacha díreacha cistí nó dliteanas (mar shampla, ráthaíochtaí iasachta);

(ii)

ligtear ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin thar ceal nó ní bhailítear é (mar shampla, dreasachtaí fioscacha amhail creidmheasanna cánach). I dtaca leis seo, i gcás díolúine táirge onnmhairithe ó dhleachtanna nó ó chánacha atá ar an táirge comhchosúil nuair atá sé beartaithe don tomhaltas intíre, nó aisíoc na ndleachtanna nó na gcánacha sin i méideanna nach mó iad ná na méideanna atá fabhraithe, ní mheasfar é a bheith ina fhóirdheontas, ar choinníoll díolúine den sórt sin a bheith tugtha i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III;

(iii)

soláthraíonn rialtas earraí nó seirbhísí seachas an bonneagar ginearálta, nó ceannaíonn sé earraí;

(iv)

déanann rialtas:

íocaíochtaí le sásra maoiniúcháin, nó

a chur de chúram ar chomhlacht príobháideach nó a ordú dó cineál amháin nó níos mó de na feidhmeanna atá léirithe i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) a dhéanamh, feidhmeanna a chuirfí de chúram de ghnáth ar an rialtas, agus níl aon difríocht ann i ndáiríre idir an cleachtas agus na cleachtais a leanann rialtais de ghnáth;

(b)

tá aon chineál tacaíochta ioncaim nó praghais ann de réir bhrí Airteagal XVI de CGTT 1994; agus

2.

go mbronntar sochar ar an gcaoi sin.

Airteagal 4

Fóirdheontais in-fhrithchúitithe

1.   Ní bheidh fóirdheontais faoi réir bearta frithchúitimh ach amháin más fóirdheontais shainiúla iad, mar atá sainmhínithe i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

2.   Lena chinneadh cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann fóirdheontas go sainiúil le fiontar nó tionscal nó le grúpa fiontar nó tionscal (“fiontair áirithe”) laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanann an t-údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, teorannú sainráite ar rochtain ar fhóirdheontas i gcás fiontair áirithe, is fóirdheontas sainiúil a bheidh san fhóirdheontas sin;

(b)

i gcás ina mbunaíonn an t-údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, critéir nó coinníollacha oibiachtúla lena rialaítear incháilitheacht le haghaidh fóirdheontas nó méid an fhóirdheontais, ní bheidh sainiúlacht i gceist, ar choinníoll go bhfuil an incháilitheacht uathoibríoch agus go gcloítear go docht le critéir agus coinníollacha den sórt sin;

(c)

más rud é, d'ainneoin cuma na neamh-shainiúlachta a bheith ann de thoradh chur i bhfeidhm na bprionsabal atá leagtha síos i bpointe (a) agus i bpointe (b), go bhfuil cúiseanna lena chreidiúint gur fóirdheontas sainiúil atá ann i ndáiríre, is féidir fachtóirí eile a chur san áireamh. Is iad na fachtóirí sin: clár fóirdheontais a bheith in úsáid ag líon teoranta fiontar áirithe; úsáid fhorleathan ag fiontair áirithe; méideanna fóirdheontas atá díréireach mór a thabhairt d'fhiontair áirithe; an modh inar fheidhmigh an t-údarás deonúcháin rogha sa chinneadh fóirdheontas a thabhairt. I dtaca leis sin, déanfar faisnéis a mheas faoi chomh minic is a dhiúltaítear nó a fhormheastar iarratais ar fhóirdheontas agus faoi na cúiseanna le cinntí den sórt sin, go háirithe.

Chun críocha phointe (b), ciallaíonn “critéir nó coinníollacha oibiachtúla” critéir nó coinníollacha atá neodrach, nach bhfuil i bhfabhar fiontair áirithe thar fhiontair eile, agus ar de chineál eacnamaíoch iad, a chuirtear i bhfeidhm go cothrománach, amhail líon fostaithe nó méid an fhiontair.

Ní mór na critéir agus na coinníollacha bheith leagtha amach go soiléir de réir dlí, rialachán, nó doiciméad oifigiúil eile, ionas gur féidir iad a fhíorú.

Agus pointe (c) den chéad fhomhír á chur i bhfeidhm, cuirfear san áireamh an méid éagsúlachta ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin, chomh maith leis an tréimhse ama ar lena linn a bhí an clár fóirdheontais i bhfeidhm.

3.   Fóirdheontas sainiúil a bheidh i bhfóirdheontas atá teoranta d'fhiontair áirithe atá suite laistigh de réigiún geografach ainmnithe laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin. Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar gur fóirdheontas sainiúil é socrú nó athrú na rátaí cánach is infheidhme go ginearálta ag gach leibhéal rialtais atá i dteideal é sin a dhéanamh.

4.   D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, measfar gur fóirdheontais shainiúla a bheidh sna fóirdheontais seo a leanas:

(a)

fóirdheontais atá ag brath, de réir dlí nó i ndáiríre, cibé acu leo féin nó mar cheann amháin de roinnt coinníollacha eile, ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, lena n-áirítear na cinn atá léirithe in Iarscríbhinn I;

(b)

fóirdheontais atá ag brath, cibé acu leo féin nó mar cheann amháin de roinnt coinníollacha eile, ar úsáid earraí intíre thar earraí onnmhairithe.

Chun críocha phointe (a), measfar go bhfuil fóirdheontais ag brath i ndáiríre ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin nuair a léiríonn na fíorais go bhfuil deonú fóirdheontais, gan a bheith ag brath go dlíthiúil ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, ceangailte i ndáiríre le honnmhairiú nó tuilleamh onnmhairiúcháin iarbhír nó a bhfuiltear ag súil leo. Ní chiallaíonn an fíric go ndeonaítear fóirdheontas d'fhiontair a onnmhairíonn gur fóirdheontas onnmhairiúcháin atá ann de réir bhrí na forála seo, mar gheall ar an bhfíric sin amháin.

5.   Aon chinneadh sainiúlachta a dhéanfar faoi fhorálacha an Airteagail seo, beidh sé bunaithe ar fhianaise dheimhneach.

Airteagal 5

Méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe a ríomh

Déanfar méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí an tsochair a bhronntar ar an bhfaighteoir sa tréimhse imscrúdaithe le haghaidh fóirdheontas a thabhairt. De ghnáth is éard a bheidh sa tréimhse seo bliain chuntasaíochta is déanaí an tairbhí, ach d'fhéadfadh aon tréimhse eile sé mhí ar a laghad roimh thionscnamh an imscrúdaithe a bheith i gceist a bhfuil sonraí airgeadais iontaofa agus sonraí ábhartha eile ar fáil fúithi.

Airteagal 6

Sochar don fhaighteoir a ríomh

Maidir leis an sochar don fhaighteoir a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

ní mheasfar gurb ionann cothromas caipitil arna soláthar ag rialtas agus sochar a bhronnadh, mura féidir a mheas go bhfuil an infheistíocht ar neamhréir leis an ngnáthchleachtas infheistíochta, lena n-áirítear soláthar caipil riosca, infheisteoirí príobháideacha i gcríoch na tíre tionscnaimh agus/nó na tíre is onnmhaireoir;

(b)

ní mheasfar gurb ionann iasacht ó rialtas agus sochar a bhronnadh, mura bhfuil difríocht idir an méid a íocann an chuideachta a fhaigheann an iasacht ar an iasacht rialtais agus an méid a d'íocfadh an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide a d'fhéadfadh an cuideachta a fháil ar an margadh. Sa chás sin is ionann an sochar agus an difríocht idir an dá mhéid sin:

(c)

ní mheasfar gurb ionann ráthaíocht iasachta ó rialtas agus sochar a bhronnadh, mura bhfuil difríocht idir an méid a íocann an chuideachta a fhaigheann an ráthaíocht ar iasacht arna ráthú ag an rialtas agus an méid a d'íocfadh an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide mura mbeadh an ráthaíocht rialtais ann. Sa chás sin is ionann an sochar agus an difríocht idir an dá shuim sin, coigeartaithe le haghaidh aon difríochta i dtáillí;

(d)

ní mheasfar gurb ionann soláthar earraí nó seirbhísí nó ceannach earraí ag rialtas agus sochar a bhronnadh, mura ndéantar iad a sholáthar ar luach saothair neamhleor nó má dhéantar an ceannach ar luach saothair atá níos mó ná leordhóthanach. Déanfar leordhóthanacht an luach saothair a chinneadh i ndáil le coinníollacha margaidh atá i réim an tráth sin don táirge nó don tseirbhís i dtír an tsoláthair nó an cheannaigh, lena n-áirítear praghas, cáilíocht, infhaighteacht, indíoltacht, iompar agus coinníollacha eile ceannaigh nó díola.

Murab ann do théarmaí margaidh agus coinníollacha i réim don tráth sin don táirge nó don tseirbhís i dtrácht i dtír an tsoláthair nó an cheannaigh, ar féidir iad a úsáid mar thagarmharcanna iomchuí, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

déanfar na téarmaí agus na coinníollacha atá i réim don tráth sin sa tír lena mbaineann a choigeartú, ar bhonn na gcostas iarbhír, praghsanna agus fachtóirí eile ar fáil sa tír sin, de réir méid iomchuí a léiríonn gnáththéarmaí agus gnáthchoinníollacha margaidh; nó

(ii)

nuair is iomchuí, úsáidfear na téarmaí agus na coinníollacha atá i réim don tráth sin i margadh tíre eile nó atá ar fáil ar an margadh domhanda.

Airteagal 7

Forálacha ginearálta maidir le ríomh

1.   Cinnfear méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe in aghaidh aonad an táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith a onnmhairítear isteach san Aontas.

Agus an méid sin á shuíomh, féadfar na heilimintí seo a leanas a asbhaint den fhóirdheontas iomlán:

(a)

aon táille iarratais nó aon chostais eile a thabhaítear de riachtanas chun cáiliú le haghaidh an fhóirdheontais, nó chun é a fháil;

(b)

cánacha onnmhairiúcháin, dleachtanna nó muirir eile a thobhaítear ar onnmhairiú an táirge isteach san Aontas a bheartaítear go sonrach chun an fóirdheontas a fhritháireamh.

I gcás ina n-éilíonn páirtí leasmhar asbhaint, ní mór dó a chruthú go bhfuil bonn cirt leis an éileamh sin.

2.   I gcás nach dtugtar an fóirdheontas trí thagairt a dhéanamh do na cainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh, déanfar méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe a chinneadh trí luach an fhóirdheontais iomláin a leithdháileadh, de réir mar is iomchuí, thar leibhéal tháirgeadh, dhíol nó onnmhairiú na dtáirgí lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe le haghaidh fóirdheontas a thabhairt.

3.   I gcás inar féidir an fóirdheontas a nascadh le héadáil sócmhainní seasta, anois nó sa todhchaí, ríomhfar méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe tríd an bhfóirdheontas a leathadh thar thréimhse a léiríonn gnáth-dhíluachadh sócmhainní den sórt sin sa tionscal lena mbaineann.

Déanfar an méid arna ríomh ar an gcaoi sin atá inchurtha leis an tréimhse imscrúdaithe, lena n-áirítear an méid a dhíorthaíonn ó shócmhainní seasta arna bhfáil roimh an tréimhse sin, a leithdháileadh de réir mar atá leagtha síos i mír 2.

I gcás gur sócmhainní neamh-dhíluachála iad, déanfar an fóirdheontas a luacháil mar iasacht saor ó ús, agus caithfear leis i gcomhréir le hAirteagal 6(b).

4.   I gcás nach féidir fóirdheontas a nascadh le héadáil sócmhainní seasta, beidh méid an tsochair arna fháil le linn na tréimhse imscrúdaithe inchurtha i bprionsabal leis an tréimhse sin, agus leithdháilfear é de réir mar atá leagtha síos i mír 2, mura dtagann imthosca speisialta chun cinn a bheadh mar údar lena leithdháileadh thar thréimhse éagsúil.

Airteagal 8

Díobháil a chinneadh

1.   Déanfar díobháil a chinneadh bunaithe ar fhianaise dheimhneach agus beidh scrúdú oibiachtúil ar an méid seo a leanas ag baint leis an gcinneadh sin:

(a)

méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith agus éifeacht na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar phraghsanna i margadh an Aontais do tháirgí comhchosúla; agus

(b)

tionchar iarmhartach na n-allmhairí sin ar an tionscal de chuid an Aontais.

2.   I dtaca le méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, tabharfar aird ar cibé acu atá nó nach bhfuil méadú suntasach ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeadh nó tomhaltas san Aontas. I dtaca le héifeacht na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar phraghsanna, tabharfar aird ar cibé acu a tharla nó nár tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghsanna trí na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil ón tionscal de chuid an Aontais, nó cibé an é toradh na n-allmhairí sin praghsanna a laghdú go suntasach ar shlí éigin eile nó méadú ar phraghsanna go leibhéal suntasach, a tharlódh murach sin, a chosc. Ní gá go mbeifear in ann treoir chinntitheach a fháil as aon fhachtóir amháin nó níos mó ná aon fhachtóir amháin de na fachtóirí sin.

3.   I gcás ina bhfuil allmhairí táirge ó níos mó ná tír amháin faoi réir imscrúduithe ar dhleacht frithchúitimh go comhuaineach, ní dhéanfar éifeachtaí allmhairí den sórt sin a mheasúnú go carnach ach amháin má chinntear an méid seo a leanas:

(a)

go bhuil méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe arna suíomh i ndáil leis na hallmhairí ó gach tír níos mó ná de minimis mar atá sainmhínithe in Airteagal 14(5) agus nach diomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach tír; agus

(b)

gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus na gcoinníollacha iomaíochta idir na táirgí allmhairithe agus an táirge Aontais comhchosúil.

4.   Áireofar sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar an tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann meastóireacht ar na tosca agus innéacsanna eacnamaíocha ábhartha uile a imríonn tionchar ar staid an tionscail, lena n-áirítear go bhfuil tionscal fós ag téarnamh ó éifeachtaí fóirdheontas a bheith a thabhairt nó dumpála san am atá thart; an méid mór fóirdheontas in-fhrithchúitithe; meath iarbhír agus ionchasach i ndíolacháin, brabúis, aschur, sciar margaidh, táirgiúlacht, toradh ar infheistíocht agus úsáid acmhainne; fachtóirí a dhéanann difear do phraghsanna Aontais; éifeachtaí diúltacha iarbhír agus ionchasacha ar shreabha airgid, fardail, fostaíocht, pá, fás agus cumas caipiteal nó infheistíochtaí a chruinniú agus, i gcás na talmhaíochta, cibé acu atá nó nach bhfuil ualach méadaithe ar chláir tacaíochta rialtais. Ní liosta cuimsitheach an liosta seo, agus ní gá go bhféadfar treoir chinntitheach a bhunú ar aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí seo.

5.   Ní mór a léiriú, ón bhfianaise ábhartha uile a thíolactar i ndáil le mír 1, gur cúis díobhála iad na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith. Go sonrach, is éard a bheidh ann léiriú go bhfuil leibhéal na méideanna agus/nó na bpraghsanna arna n-aithint de bhun mhír 2 freagrach as an tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais dá bhforáiltear i mír 4, agus go bhfuil an tionchar sin ann ar leibhéal lenar féidir é a aicmiú mar thionchar ábhartha.

6.   Déanfar fachtóirí aitheanta seachas na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith a dhéanann díobháil don tionscal de chuid an Aontais ag an am céanna a scrúdú chomh maith lena áirithiú nach mbeidh díobháil arna déanamh ag na fachtóirí sin inchurtha leis na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith de bhun mhír 5. Ar na fachtóirí ar féidir a mheas i ndáil leis sin áireofar: méid agus praghsanna allmhairí neamh-fhóirdheontais; laghdú ar éileamh nó athruithe ar phatrúin tomhaltais; cleachtais trádála shriantacha táirgeoiri tríú tíortha agus Aontais agus cleachtais trádála shriantacha eatarthu; forbairtí i dteicneolaíocht agus feidhmíocht onnmhairiúcháin; agus táirgiúlacht an tionscail de chuid an Aontais.

7.   Déanfar éifeacht na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith a mheasúnú i ndáil le táirgeadh an táirge chomhchosúil ag an tionscal de chuid an Aontais nuair is féidir, trí na sonraí atá ar fáil, an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh ar bhonn critéar amhail an próiseas táirgthe, díolacháin agus brabúis táirgeoirí. Mura féidir an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh, déanfar éifeachtaí na n-allmhairí fóirdheontais a mheasúnú trí scrúdú a dhéanamh ar tháirgeadh an grúpa táirgí nó an raon táirgí is srianta, lena n-áirítear an táirge comhchosúil, ar féidir an fhaisnéis is gá a sholáthar ina leith.

8.   Má chinntear go bhfuil bagairt díobhála ábhartha ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach. Ní mór go mbeadh an t-athrú ar imthosca a chruthódh cás ina mbeadh an fóirdheontas ina chúis díobhála, intuartha go soiléir agus ar tí tarlú.

Agus cinneadh á dhéanamh gurb ann do bhagairt díobhála ábhartha, ba cheart fachtóirí cosúil leis na fachtóirí seo a leanas a mheas:

(a)

cineál an fhóirdheontais nó na bhfóirdheontas i dtrácht agus na héifeachtaí trádála is dóchúil a thiocfadh astu;

(b)

ráta suntasach méadaithe ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith isteach i margadh an Aontais, rud a léiríonn gur dóchúil go mbeidh méadú suntasach ar allmhairí;

(c)

acmhainn leordhóthanach an onnmhaireora atá indiúscartha go héasca nó méadú atá ar tí tarlú agus suntasach san acmhainn sin a léiríonn an dóchúlacht go dtiocfidh méadú suntasach ar onnmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith isteach san Aontas, ag cur san áireamh infhaighteachta margaí onnmhairiúcháin eile a ghlacfadh aon onnmhairí breise.

(d)

cibé an bhfuil allmhairí ag teacht isteach ar phraghsanna, a laghdódh praghsanna go suntasach nó a choiscfeadh méadú ar phraghsanna a tharlódh murach sin, agus ar dochúil go méadóidís an t-éileamh ar allmhairí breise;

(e)

fardail an táirge a bhfuil imscrúdú á dhéanamh air.

Ní féidir treoir chinntitheach a fháil de riachtanas ó fhachtóir amháin díobhsan, ach ní mór a bhaint de thátal as iomlán na bhfachtóirí go bhfuil tuilleadh onnmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar tí teacht agus, mura ndéantar beart cosantach, go dtarlóidh díobháil ábhartha.

Airteagal 9

Sainmhíniú ar thionscal de chuid an Aontais

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar théarma a thagraíonn do tháirgeoirí táirgí comhchosúla an Aontais nó do na táirgeoirí sin arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán suntasach, mar atá sainmhínithe in Airteagal 10(6), de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:

(a)

nuair atá táirgeoirí comhlachaithe leis na honnmhaireoirí nó na hallmhaireoirí nó gur allmhaireoirí an táirge a líomhnaítear a fhóirdheonaíodh iad na táirgeoirí féin, féadfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar thagairt don chuid eile de na táirgeoirí;

(b)

in imthosca eisceachtúla féadfar críoch an Aontais, i gcás an táirgeadh i gceist, a roinnt in dhá margadh iomaíocha nó níos mó agus féadfar na táirgeoirí i ngach margadh a mheas mar thionscal ar leithligh, ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

má dhíolann na táirgeoirí sa mhargadh sin a dtáirgeacht uile, nó geall leis, den táirge i gceist, sa mhargadh sin; agus

(ii)

maidir leis an éileamh sa mhargadh sin ní táirgeoirí an táirge i gceist atá lonnaithe in áit eile san Aontas a sholáthraíonn é go haon leibhéal suntasach.

In imthosca den sórt sin, féadfar a chinneadh gurb ann do dhíobháil fiú i gcás nach ndéantar díobháil do chuid mhór den tionscal iomlán de chuid an Aontais, ar an gcoinníoll go bhfuil comhdhlúthacht allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith curtha isteach sa mhargadh sin ar leithligh agus ar choinníoll freisin gur cúis díobhála na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith do tháirgeoirí na táirgeachta uile sa mhargadh sin, nó geall leis.

2.   Chun críocha mhír 1, ní mheasfar go bhfuil táirgeoirí comhlachaithe le honnmhairí nó le hallmhairí ach amháin:

(a)

má rialaíonn ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; nó

(b)

má tá an dá cheann faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; nó

(c)

más rud é, in éineacht lena chéile go rialaíonn siad tríú páirtí go díreach nó go hindíreach, ar choinníoll go bhfuil forais ann lena chreidiúint nó bheith in amhras faoi gurb é toradh an chaidrimh go n-iompraíonn an táirgeoir lena mbaineann é féin ar bhealach atá éagsúil le hiompar táirgeoirí neamhchomhlachaithe.

Chun críocha na míre seo, measfar go rialaíonn ceann amháin ceann eile nuair is féidir leis an gcéad cheann srian a chur ar an dara ceann nó é a rialú ó thaobh dlí nó oibríochta.

3.   I gcás inar léiríodh an tionscal de chuid an Aontais mar thagairt do tháirgeoirí i réigiún áirithe, tabharfar deis do na honnmhaireoirí nó don rialtas a bhronnann fóirdheontais in-fhrithchúitithe gealltanais a thairiscint de bhun Airteagal 13 i ndáil leis an réigiún lena mbaineann. Sna cásanna sin, agus leas an Aontais sna bearta á mheasúnú, tabharfar aird ar leith ar leas an réigiúin. Mura dtairgtear gealltanas leormhaith go pras nó má tá feidhm ag na cásanna atá leagtha amach in Airteagal 13(9) agus (10), féadfar dleacht frithchúitimh shealadach nó chinntitheach a fhorchur san Aontas ina iomláine. Sna cásanna sin féadfar na dleachtanna, más indéanta, a shrianadh do tháirgeoirí nó onnmhaireoirí sonracha.

4.   Beidh forálacha Airteagal 8(7) infheidhme maidir leis an Airteagal seo.

Airteagal 10

Imeachtaí a thionscnamh

1.   Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 8, déanfar imscrúdú lena gcinnfear arb ann d'aon fhóirdheontas líomhnaithe, agus méid agus éifeacht an fhóirdheontais sin, a thionscnamh le gearán i scríbhinn ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó ó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann an tionscail de chuid an Aontais.

Féadfar an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, nó faoi bhráid Ballstáit a sheolfaidh chuig an gCoimisiún é. Seolfaidh an Coimisiún cóip d'aon ghearán a gheobhaidh sé chuig na Ballstáit. Measfar gur taisceadh an gearán ar an gcéad lá oibre tar éis a sheachadta don Choimisiún trí phost cláraithe nó tar éis admháil fála a bheith eisithe ag an gCoimisiún.

In éagmais aon ghearáin, agus i gcás ina bhfuil go leor fianaise ag Ballstát maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil dá thoradh sin don tionscal de chuid an Aontais, déanfaidh an Ballstát an fhianaise sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin láithreach.

2.   Beidh san áireamh i ngearán faoi mhír 1 go leor fianaise maidir le fóirdheontais in-fhrithchúitithe (lena n-áirítear méid na bhfóirdheontas sin, más féidir), díobháil a bheith ann chomh maith le nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear gur tugadh fóirdheontas ina leith agus an díobháil líomhnaithe. Beidh sa ghearán an fhaisnéis sin atá ar fáil go réasúnach don ghearánach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

céannacht an ghearánaigh agus tuairisc ón ngearánach ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas. I gcás ina ndéantar gearán i scríbhinn thar ceann an tionscail de chuid an Aontais, sainaithneoidh an gearánach an tionscal ar thar a cheann a dhéantar an gearán le liosta de tháirgeoirí cruthaithe go léir an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil (nó comhlachais de tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil) agus, a mhéid agus is féidir, le tuairisc ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas ag na táirgeoirí sin;

(b)

tuairisc iomlán ar an táirge a líomhnaítear gur tugadh fóirdheontas ina leith, ainm na tíre tionscnaimh nó onnmhairithe nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairithe i gceist, céannacht gach onnmhaireora aitheanta nó gach táirgeora iasachta aitheanta agus liosta de gach duine is eol a allmhairíonn an táirge i gceist;

(c)

fianaise gurb ann do na fóirdheontais i dtrácht, agus maidir le méid, cineál agus in-fhrithchúiteacht na bhfóirdheontas sin

(d)

na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a líomhnaítear gur tugadh fóirdheontas ina leith, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghasanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar an tionscal de chuid an Aontais, mar atá léirithe ag tosca agus innéacsanna ábhartha a bhaineann le staid an tionscail de chuid an Aontais, amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 8(2) agus (4).

3.   Scrúdóidh an Coimisiún, a mhéid is féidir, cruinneas agus leordhóthanacht na fianaise arna soláthar sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil go leor fianaise ann chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

4.   Féadfar imscrúdú a thionscnamh d'fhonn a chinneadh cibé an fóirdheontais “sonracha” de réir bhrí Airteagal 4(2) agus (3) na fóirdheontais líomhnaithe, nó nach ea.

5.   Féadfar imscrúdú a thionscnamh chomh maith maidir le bearta den chineál a liostaítear in Iarscríbhinn IV, sa mhéid go bhfuil fóirdheontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de chuid éigin iontu, d'fhonn a chinneadh cibé an gcomhlíonann na bearta i dtrácht forálacha na hIarscríbhinne sin go hiomlán, nó nach gcomhlíonann.

6.   Ní dhéanfar imscrúdú de bhun mhír 1 a thionscnamh ach amháin má chinntear, ar bhonn an mhéid atá táirgeoirí an táirge chomhchosúil san Aontas ag tacú leis an ngearán, nó an mhéid atá siad ag cur ina aghaidh, gurb ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais an gearán. Measfar gur gearán ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais atá ann má thacaíonn táirgeoirí sin an Aontais leis arb ionann a n-aschur comhchoiteann agus níos mó na 50 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil arna tháirgeadh ag an gcuid sin den tionscal de chuid an Aontais atá ag tacú leis an ngearán, nó atá ag cur ina aghaidh. Mar sin féin, ní dhéanfar aon imscrúdú a thionscnamh i gcás inar lú ná 25 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil a tháirgeann an tionscal de chuid an Aontais táirgeadh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a thacaíonn go sainráite leis an ngearán.

7.   Seachnóidh na húdaráis aon phoibliú ar an ngearán lena n-iarrtar imscrúdú a thionscnamh, ach amháin má tá cinneadh déanta imscrúdú a thionscnamh. Mar sin féin, chomh luath agus is féidir tar éis gearán a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil leis a fháil de bhun an Airteagail seo, agus in aon chás sula ndéanfar imscrúdú a thionscnamh, tabharfaidh an Coimisiún fógra do rialtas na tíre tionscnaimh nó/agus don tír is onnmhaireoir lena mbaineann, agus tabharfar cuireadh chuig comhairliúchán dóibh a mbeidh sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán sin an staid maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 2 a shoiléiriú agus comhréiteach sásúil a bhaint amach.

8.   Más rud é, in imthosca speisialta, go gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh gan gearán i scríbhinn a bheith faighte aige ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais chun an imscrúdú sin a thionscnamh, déanfar é sin ar bhonn fianaise leordhóthanach go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe, díobháil agus nasc cúisíoch ann, mar a léirítear i mír 2, chun údar a thabhairt leis an tionscnamh sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go raibh gá leis an imscrúdú sin a thionscnamh.

9.   Déanfar an fhianaise maidir le fóirdheontais agus díobháil araon a mheas go comhuaineach mar chuid den chinneadh imscrúdú a thionscnamh, nó gan é a thionscnamh. Diúltófar do ghearán i gcás nach ann do go leor fianaise maidir le fóirdheontais in-fhrithchúitithe ná maidir le díobháil chun údar a thabhairt dul ar aghaidh leis an gcás. Ní dhéanfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh tíortha arb ionann a n-allmhairí agus sciar níos lú ná 1 % den mhargadh, ach amháin i gcás ina mbíonn 3 % nó níos mó de thomhaltas an Aontais sna tíortha sin le chéile.

10.   Féadfar an gearán a aistarraingt sula ndéanfar é a thionscnamh, agus measfar sa chás sin nár taisceadh é.

11.   I gcás inar léir go bhfuil go leor fianaise ann chun údar a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón dáta ar taisceadh an gearán agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach bhfuil go leor fianaise ann, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an ngearán de ghnáth laistigh de 21 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún.

12.   Leis an bhfógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí tabharfar fógra maidir le tionscnamh imscrúdaithe, luafar an táirge agus na tíortha lena mbaineann, déanfar achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas, agus déanfar foráil maidir leis an gCoimisiún a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis ábhartha uile.

Luafar na tréimhsí ar laistigh díobh a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in aithne, a gcuid tuairimí a nochtadh i scríbhinn agus faisnéis a chur isteach, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh san imscrúdú. Luafar ann chomh maith an tréimhse ar laistigh díobh a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 11(5).

13.   Tabharfaidh an Coimisiún comhairle do na honnmhaireoirí, na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha arb eol dó iad a bheith bainteach, agus don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir agus do na gearánaigh, maidir le tionscnamh na n-imeachtaí agus, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda, cuirfidh sé téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na honnmhaireoirí aitheanta agus d'údaráis na tíre tionscnaimh agus/nó d'údaráis na tíre is onnmhaireoir, agus cuirfear é ar fáil do pháirtithe leasmhara bainteacha eile arna iarraidh sin. I gcás ina bhfuil líon an-mhór onnmhaireoirí ann, féadfar téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a chur ar fáil do húdaráis na tíre tionscnaimh agus/nó d'údaráis na tíre is onnmhaireoir nó don chomhlachas trádála ábhartha, agus dóibh siúd amháin.

14.   Ní chuirfidh imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh bac ar nósanna imeachta imréitigh custaim.

Airteagal 11

An t-imscrúdú

1.   Tar éis na himeachtaí a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit, tús le himscrúdú ar leibhéal an Aontais. Cumhdóidh imscrúdú den sórt sin fóirdheontas a thabhairt agus díobháil araon, agus imscrúdófar go comhuaineach iad.

Chun críche toraidh ionadaíoch, roghnófar tréimhse imscrúdaithe, i gcás fóirdheontas a thabhairt, lena gcumhdófar, de ghnáth, an tréimhse imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 5.

De ghnáth, ní chuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe.

2.   Páirtithe a fhaigheann ceistneoirí mar chuid d'imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh, tabharfar 30 lá ar a laghad dóibh le freagraí a thabhairt. Beidh feidhm leis an teorainn ama d'onnmhaireoirí ón dáta a fhaightear an ceistneoir, agus chun na críche sin measfar é a bheith faighte seachtain ón lá a seoladh chuig an bhfreagróir é nó ón lá a seoladh chuig ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre tionscnaimh agus/nó ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre is onnmhaireoir é. Féadfar síneadh ar an tréimhse 30 lá a thabhairt, agus aird chuí á tabhairt ar theorainn ama an imscrúdaithe, ar choinníoll go dtaispeánann an páirtí go bhfuil údar maith le síneadh den sórt sin, i ngeall ar a chúinsí.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, agus déanfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den sórt sin.

Seolfaidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh chuig an gCoimisiún maille le torthaí na scrúduithe, na seiceálacha nó na n-imscrúduithe go léir a rinneadh.

I gcás ina bhfuil leas ginearálta leis an bhfaisnéis sin nó i gcás inar iarr Ballstát an fhaisnéis, déanfaidh an Coimisiún í a sheoladh chuig na Ballstáit, ar choinníoll nach faisnéis rúnda atá inti, agus sa chás sin seolfar achoimre neamhrúnda ar aghaidh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit na seiceálacha agus scrúduithe go léir is gá a dhéanamh, i measc onnmhaireoirí, trádálaithe agus tháirgeoirí an Aontais go háirithe, agus féadfaidh sé iarraidh orthu imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha, ar choinníoll go dtugann na gnólachtaí lena mbaineann a dtoiliú agus gur tugadh fógra oifigiúil do rialtas na tíre i dtrácht agus nach ndéanann siad aon agóid.

Glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den sórt sin ón gCoimisiún.

Údarófar d'oifigigh an Choimisiúin cúnamh a thabhairt d'oifigigh Ballstát a ndualgais a chomhlíonadh, má iarrann an Coimisiún nó Ballstát amhlaidh.

5.   Tabharfar éisteacht do na páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 10(12) má tá iarraidh i scríbhinn ar éisteacht déanta acu laistigh den tréimhse atá leagtha síos san fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarraidh ina léiríonn siad gur páirtí leasmhar iad ar dócha go ndéanfaidh toradh na n-imeachtaí difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a bheith acu.

6.   Cuirfear deiseanna ar fáil, arna iarraidh sin, do na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus do na gearánaigh a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 10(12), agus do rialtas na tíre tionscnaimh agus/nó do rialtas na tíre is onnmhaireoir, teacht le chéile leis na páirtithe sin a bhfuil leas codarsna acu, ionas gur féidir tuairimí malartacha a chur i láthair agus argóintí frisnéise a chur chun tosaigh.

Agus deiseanna den sórt sin á gcur ar fáil, ní mór a chur san áireamh an gá le rúndacht a choimeád chomh maith le háisiúlacht do na páirtithe.

Ní bheidh oibleagáid ar aon pháirtí freastal ar chruinniú agus mura bhfreastalóidh siad air ní dhéanfaidh sin aon dochar do chás an pháirtí sin.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis ó bhéal dá bhforáiltear sa mhír seo, sa mhéid go ndéanfar í a dhearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin.

7.   Féadfaidh na gearánaigh, rialtas na tíre tionscnaimh agus/nó rialtas na tíre is onnmhaireoir, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 10(12), arna iarraidh sin i scríbhinn, scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a chuir aon pháirtí in imscrúdú ar fáil don Choimisiún, seachas doiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó a mBallstát, ar choinníoll an fhaisnéis sin a bheith ábhartha chun a gcásanna a léiriú agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 29 agus go bhfuil sé in úsáid san imscrúdú.

Féadfaidh na páirtithe sin freagairt a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh i gcás ina bhfuil na barúlacha sin réasúnaithe a dhóthain sa fhreagairt.

8.   Seachas i gcúinsí dá bhforáiltear in Airteagal 28, déanfar cruinneas na faisnéise a chuireann páirtithe leasmhara ar fáil, agus ar a bhfuil na torthaí bunaithe, a scrúdú a mhéid agus is féidir.

9.   Maidir le himeachtaí a thionscnaítear de bhun Airteagal 10(11), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh de bhliain amháin. Ar aon chuma, i ngach cás déanfar imscrúduithe den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh de 13 mhí ó thráth a dtionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 13 le haghaidh gealltanas nó na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 15 le haghaidh gníomhaíocht chinntitheach.

10.   Le linn an imscrúdaithe, tabharfaidh an Coimisiún deis réasúnach don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir leanúint leis an gcomhairliúchán d'fhonn an staid fhíorasach a shoiléiriú agus comhréiteach sásúil a bhaint amach.

Airteagal 12

Bearta sealadacha

1.   Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur más fíor an méid seo a leanas:

(a)

tionscnaíodh imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 10;

(b)

tá fógra tugtha chuige sin agus tugadh deis leordhóthanach do pháirtithe leasmhara faisnéis a thíolacadh agus barúlacha a thabhairt i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 10(12);

(c)

go bhfuil cinneadh sealadach dearfach déanta go mbaineann an táirge a allmhairíodh tairbhe ó fhóirdheontais in-fhrithchúitithe agus maidir le díobháil iarmhartach ar an tionscal de chuid an Aontais; agus

(d)

go bhfuil gá, chun leasa an Aontais, le hidirghabháil chun díobháil den sórt sin a chosc.

Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ach nach déanaí ná naoi mí ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí.

Ní bheidh méid na dleachta frithchúitimh sealadaí níos mó ná méid iomlán na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe atá leagtha síos go sealadach, ach ba cheart í a bheith níos lú ná an méid sin dá mba leor dleacht níos lú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

2.   Déanfar dleachtanna sealadacha a urrú le ráthaíocht, agus beidh scaoileadh na dtáirgí lena mbaineann i saorchúrsaíocht san Aontas ag brath ar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar.

3.   Glacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(4).

4.   I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh láithreach agus ina gcomhlíontar na coinníollacha atá sa chéad agus sa dara fomhír de mhír 1, cinnfidh an Coimisiún, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón dáta a fhaightear an iarraidh, an bhforchuirfear dleacht frithchúitimh shealadach.

5.   Déanfar dleachtanna frithchúitimh sealadacha a fhorchur ar feadh uastréimhse ceithre mhí.

Airteagal 13

Gealltanais

1.   Ar choinníoll go bhfuil cinneadh sealadach dearfach déanta i dtaobh fóirdheontas a thabhairt agus díobhála, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), tairiscintí gealltanas atá deonach agus sásúil a ghlacadh, ar gealltanais iad faoina ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

aontóidh an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir an fóirdheontas a dhíchur nó teorainn a chur leis nó bearta eile a dhéanamh maidir lena éifeachtaí; nó

(b)

glacfaidh aon onnmhaireoir ar láimh a phraghsanna a athbhreithniú nó stad a chur le honnmhairiú isteach sa limistéar i dtrácht fad a bhaineann na honnmhairí sin tairbhe as fóirdheontais in-fhrithchúitithe, sa chaoi go mbeidh an Coimisiún sásta go bhfuil éifeacht dhíobhálach na bhfóirdheontas díchurtha sa tslí sin.

I gcás den sórt sin agus fad atá gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag na dleachtanna sealadacha arna bhforchur ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3) ná ag na dleachtanna cinntitheacha arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 15(1) maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanais arna leasú ina dhiaidh sin.

Ní bheidh méaduithe ar phraghsanna faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná mar is gá chun méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a fhritháireamh, agus ba cheart na méaduithe sin a bheith níos lú ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe dá mba leor na méaduithe sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gealltanais a mholadh, ach ní bheidh oibleagáid ar aon tír ná ar aon onnmhaireoir gealltanas den sórt sin a thabhairt. I gcás nach dtugann tíortha ná onnmhaireoirí gealltanais den sórt sin, nó nach nglacann siad le cuireadh iad a thabhairt, ní dhéanfaidh sé aon dochar do bhreithniú an cháis.

Mar sin féin, d'fhéadfaí a chinneadh gur dhóchúla toradh a bheith ar bhagairt díobhála má leantar le fóirdheontas a thabhairt i leith allmhairí. Ní dhéanfar gealltanais a iarraidh ná a ghlacadh ó thíortha ná ó onnmhaireoirí ach i gcás ina ndearnadh cinneadh sealadach dearfach i dtaobh fóirdheontas a thabhairt agus díobhála mar thoradh ar thabhairt fóirdheontais den sórt sin.

Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, ní fhéadfar gealltanais a thabhairt níos déanaí ná deireadh na tréimhse inar féidir uiríll a dhéanamh de bhun Airteagal 30(5).

3.   Ní gá glacadh le gealltanais a tugadh má mheastar gur neamhphraiticiúil iad a ghlacadh, eadhon i gcás in bhfuil an líon onnmhaireoirí atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann rómhór, nó ar chúiseanna eile, lena n-áirítear cúiseanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta. Féadfar na cúiseanna ar a bhfuil sé beartaithe an tairscint ar ghealltanas a dhiúltú a sholáthar don onnmhaireoir agus/nó don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann, agus féadfar deis a thabhairt dóibh a mbarúlacha a thabhairt ina leith Leagfar cúiseanna an diúltaithe amach sa chinneadh cinntitheach.

4.   Ceanglófar ar pháirtithe a thugann gealltanas leagan neamhrúnda den ghealltanas sin a sholáthar freisin, ionas gur féidir é a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara an imscrúdaithe.

5.   I gcás ina nglactar le gealltanais déanfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

6.   Má ghlactar leis na gealltanais, is gnách go ndéanfar an t-imscrúdú maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil a thabhairt chun críche. Sa chás sin, má dhéantar cinneadh diúltach maidir le fóirdheontas a thabhairt nó díobháil, rachaidh an gealltanas as feidhm láithreach, seachas i gcásanna ina ndearnadh an cinneadh sin go mór mór mar go raibh gealltanas ann. I gcásanna mar sin, d'fhéadfadh gá a bheith leis an ngealltanas a choinneáil ar feadh tréimhse réasúnaí.

Más cinneadh dearfach maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil a dhéantar, leanfar le feidhm a bheith ag an ngealltanas i gcomhréir le téarmaí an ghealltanais agus le forálacha an Rialacháin seo.

7.   Ceanglóidh an Coimisiún ar aon tír nó ar aon onnmhaireoir ar glacadh gealltanais uathu faisnéis a sholáthar, go tréimhsiúil, ar faisnéis í is iomchuí maidir le comhlíonadh an ghealltanais sin, agus fíorú na sonraí is ábhartha a cheadú. Mura gcomhlíontar na ceanglais sin measfar gur sárú ar an ngealltanas atá ann.

8.   I gcás ina nglactar le gealltanais ó onnmhaireoirí áirithe le linn imscrúdaithe, measfar go mbeidh éifeacht leo, chun críocha Airteagail 18, 19, 20 agus 22, ón dáta a dhéantar an t-imscrúdú maidir leis an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir a thabhairt i gcrích.

9.   I gcás ina ndéanann aon pháirtí sa ghealltanas gealltanas a shárú nó a aistarraingt, nó i gcás ina ndéanann an Coimisiún glacadh an ghealltanais a aistarraingt, aistarraingeoidh an Coimisiún glacadh an ghealltanais, de réir mar is iomchuí, agus beidh feidhm ag an dleacht shealadach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12 nó ag an dleacht chinntitheach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 15(1), ar choinníoll go dtugtar deis don onnmhaireoir lena mbaineann, nó don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir barúlacha a thabhairt, ach amháin má aistarraingíonn an t-onnmhaireoir sin nó an tír sin glacadh an ghealltanais. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a chinnfidh sé gealltanas a aistarraingt.

Féadfaidh aon pháirtí leasmhar nó aon Bhallstát faisnéis a thíolacadh, ar fianaise prima facie í gur sáraíodh gealltanas. De ghnáth, an measúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar cibé acu ar sáraíodh gealltanas nó nár sáraíodh, tabharfar i gcrích é laistigh de shé mhí, ach ní thabharfar i gcrích é, in aon chás, níos déanaí ná naoi mí tar éis iarraidh a bhfuil údar cuí léi a fháil.

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ó údaráis inniúla na mBallstát chun faireachán a dhéanamh ar na gealltanais.

10.   Féadfar go bhforchuirfear dleacht shealadach i gcomhréir le hAirteagal 12 ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil, nuair atá cúis a chreidiúint go bhfuil gealltanas á shárú, nó i gcás ina ndéanfar gealltanas a shárú nó a aistarraingt, nuair nár tugadh an t-imscrúdú as ar tháinig an gealltanas i gcrích.

Airteagal 14

Foirceannadh gan bearta a ghlacadh

1.   I gcás ina ndéantar an gearán a aistarraingt, is féidir na himeachtaí a fhoirceannadh ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leasa an Aontais.

2.   I gcás ina bhfuil bearta cosanta neamhriachtanach déanfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

3.   Déanfar na himeachtaí a fhoirceannadh láithreach i gcás ina gcinntear gur méid de minimis méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, i gcomhréir le mír 5, nó gur diomaibhseach an díobháil nó méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann.

4.   I gcás imeachtaí arna dtionscnamh de bhun Airteagal 10(11), is gnách go bhféachfar ar dhíobháil mar dhíobháil dhiomaibhseach i gcás ina bhfuil sciar margaidh na n-allmhairí níos lú ná na méideanna atá leagtha síos in Airteagal 10(9). Maidir le himscrúduithe a bhaineann le hallmhairí ó thíortha atá i mbéal forbartha, measfar gur diomaibhseach méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith chomh maith más ionann é agus níos lú ná 4 % d'allmhairí go léir an táirge chomhchosúil san Aontas, ach amháin nuair is ionann allmhairí na dtíortha atá i mbéal forbartha a bhfuil a sciar féin de na hallmhairí níos lú ná 4 %, nuair is ionann na hallmhairí sin le chéile agus níos mó ná 9 % de na hallmhairí go léir den táirge comhchosúil san Aontas.

5.   Measfar méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a bheith de minimis más ionann an méid sin agus níos lú ná 1 % ad valorem, ach tairseach de minimis 2 % ad valorem a bheidh ann i gcás imscrúduithe maidir le hallmhairí ó thíortha atá i mbéal forbartha, ar choinníoll nach bhfoirceannfar ach an t-imscrúdú i gcás ina bhfuil méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe faoi bhun an leibhéil ad valorem ábhartha le haghaidh onnmhaireoirí aonair, a bheidh faoi réir na n-imeachtaí i gcónaí agus a fhéadfar a ath-imscrúdú mar chuid d'aon athbhreithniú ina dhiaidh sin a dhéanfar ar an tír lena mbaineann de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19.

Airteagal 15

Dleachtanna cinntitheacha a fhorchur

1.   I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall orthu, agus go bhfuil gá, chun leas an Aontais, le hidirghábháil i gcomhréir le hAirteagal 31, forchuirfidh an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3). I gcás ina bhfuil dleachtanna sealadacha i bhfeidhm, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dhul in éag na ndleachtanna sin.

Ní fhorchuirfear aon bhearta i gcás ina n-aistarraingítear an fóirdheontas nó na fóirdheontais nó i gcás inar léiríodh nach bhfuil na honnmhaireoirí ag baint aon tairbhe as na fóirdheontais a thuilleadh.

Ní bheidh méid na dleachta frithchúitimh níos mó ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe atá leagtha síos, ach ba cheart í a bheith níos lú ná méid iomlán na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe dá mba leor an dleacht níos lú sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

2.   Déanfar dleacht frithchúitimh a fhorchur sna méideanna iomchuí i ngach cás, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar allmhairí táirge a thagann ó aon fhoinse ar léir a bhaineann tairbhe as fóirdheontais in-fhrithchúitithe agus a dhéanann díobháil, seachas allmhairí ó na foinsí sin ar glacadh le gealltanais uathu faoi théarmaí an Rialacháin seo.

Sa Rialachán lena bhforchuirtear an dleacht, sonrófar an dleacht le haghaidh gach soláthraí nó, más rud é nach praiticiúil é sin a dhéanamh, le haghaidh na tíre soláthair lena mbaineann.

3.   I gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis a imscrúdú a theorannú i gcomhréir le hAirteagal 27, aon dleacht frithchúitimh a ghearrfar ar allmhairí ó onnmhaireoirí nó ó tháirgeoirí a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 27 ach nach raibh cumhdaithe san imscrúdú, ní bheidh an dleacht frithchúitimh sin níos mó ná meánmhéid ualaithe na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a leagadh síos le haghaidh na bpáirtithe sa sampla.

Chun críocha na míre seo, tabharfaidh an Coimisiún neamhaird ar aon fhóirdheontais in-fhrithchúitithe de mhéid nialais nó de minimis agus ar mhéideanna d'fhóirdheontais in-fhrithchúitithe arna leagan síos sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 28.

Cuirfear dleachtanna aonair i bhfeidhm ar allmhairí ó aon onnmhaireoir nó táirgeoir a ndearnadh méid fóirdheontas aonair a thabhairt ina leith a ríomh, mar a fhoráiltear in Airteagal 27.

Airteagal 16

Cúlghabhálacht

1.   Ní chuirfear bearta sealadacha ná dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha i bhfeidhm ach ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht i ndiaidh don bheart a glacadh de bhun Airteagal 12(1) nó Airteagal 15(1), de réir an cháis, a theacht i bhfeidhm, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   I gcás ina mbeidh dleacht shealadach curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén cion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht frithchúitimh chinntitheach le forchur, nó nach bhfuil.

Chun na críche sin, ní aireofar le “díobháil” moilliú ábhartha i dtaca le tionscal de chuid an Aontais a bhunú, ná bagairt díobhála ábhartha, ach amháin i gcás inar léir go mbeadh díobháil ábhartha mar thoradh uirthi in éagmais beart sealadach. I ngach cás eile a bhaineann le bagairt nó moilliú den sórt sin, scaoilfear aon mhéideanna sealadacha agus ní fhéadfar dleachtanna cinntitheacha a fhorchur ach ón dáta a dhéantar cinneadh deiridh maidir le bagairt nó moilliú ábhartha.

3.   Má tá an dleacht frithchúitimh chinntitheach níos airde ná an dleacht shealadach, ní dhéanfar an difríocht a bhailiú. Má tá an dleacht frithdhumpála chinntitheach níos ísle ná an dleacht shealadach, déanfar an dleacht a athríomh. I gcás ina ndéantar cinneadh deiridh atá diúltach, ní dhéanfar an dleacht shealadach a dheimhniú.

4.   Féadfar dleacht frithchúitimh chinntitheach a ghearradh ar tháirgí a scaoileadh lena gcaitheamh tráth nach déanaí ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach ach gan an dáta sin a bheith roimh thionscnamh an imscrúdaithe, ar choinníoll:

(a)

na hallmhairí a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 24(5);

(b)

deis a gcuid barúlacha a thabhairt a bheith tugtha ag an gCoimisiún do na hallmhaireoirí lena mbaineanna;

(c)

imthosca ríthábhachtacha a bheith ann ina ndéantar díobháil don táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith i dtrácht, díobháil atá deacair a dheisiú, agus ar de dheasca méid mór allmhairí a theacht isteach laistigh de thréimhse sách gearr de tháirge a bhaineann tairbhe as fóirdheontais in-fhrithchúitithe faoi théarmaí an Rialacháin seo is cúis leis an díobháil sin; agus

(d)

go meastar gur gá, chun nach dtarlóidh an díobháil sin arís, measúnú cúlghabhálach a dhéanamh ar dhleachtanna frithchúitimh ar na hallmhairí sin.

5.   I gcásanna ina ndéanfar gealltanais a shárú nó a aistarraingt, féadfar dleachtanna cinntitheacha a ghearradh ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht tráth nach mó ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach, ar choinníoll gur cláraíodh na hallmhairí i gcomhréir le hAirteagal 24(5), agus nach mbeidh feidhm ag aon mheasúnú cúlghabhálach den sórt sin ar allmhairí a chuirtear i saorchúrsaíocht roimh shárú nó aistarraingt an ghealltanais.

Airteagal 17

Fad tréimhse

Ní bheidh feidhm ag beart frithchúitimh ach amháin a fhad, agus a mhéid atá gá leis chun gníomhú in aghaidh na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe is cúis díobhála.

Airteagal 18

Athbhreithnithe éaga

1.   Rachaidh beart frithchúitimh cinntitheach in éag cúig bliana ón dáta a fhorchuirfear é nó cúig bliana ó dháta an athbhreithnithe is déanaí lena gcumhdaíodh fóirdheontas a thabhairt agus díobháil araon, ach amháin má chinntear in athbhreithniú gur dhócha go leanfaí le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag an bhirt. Déanfar athbhreithniú éaga den sórt sin a thionscnamh ar thionscnamh an Choimisiúin, nó ar iarraidh tháirgeoirí an Aontais, nó thar ceann tháirgeoirí an Aontais, agus fanfaidh an beart i bhfeidhm ar feitheamh thoradh an athbhreithnithe sin.

2.   Déanfar athbhreithniú éaga a thionscnamh i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh gur dhócha go leanfaí le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. D'fhéadfadh dóchúlacht den sórt sin a léiriú, mar shampla, trí fhianaise go bhfuil fóirdheontas a thabhairt agus díobháil ann i gcónaí nó trí fhianaise a bheith ann nach ann don díobháil a thuilleadh mar thoradh iomlán nó páirt-thoradh ar bhearta nó trí fhianaise a bheith ann go léiríonn cúinsí na n-onnmhaireoirí nó coinníollacha an mhargaidh gur dhócha go ndéanfaí tuilleadh fóirdheontas díobhálach a thabhairt.

3.   Agus imscrúduithe á ndéanamh faoin Airteagal seo, tabharfar deis d'onnmhaireoirí, d'allmhaireoirí, don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí an Aontais a mbarúlacha a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú, agus bainfear conclúidí amach agus aird chuí á tabhairt ar an bhfianaise ábhartha go léir a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil léi a cuireadh i láthair maidir leis an gceist cibé an dócha go leanfaí le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag beart, nó nach dócha.

4.   Foilseofar fógra maidir le dul in éag atá le tarlú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tráth iomchuí le linn bhliain dheiridh thréimhse chur i bhfeidhm na mbeart mar atá sainmhínithe san Airteagal seo. Ina dhiaidh sin, beidh táirgeoirí an Aontais i dteideal iarraidh ar athbhreithniú a thaisceadh i gcomhréir le mír 2, tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Foilseofar fógra chomh maith ina bhfógrófar dul in éag iarbhír beart faoin Airteagal seo.

Airteagal 19

Athbhreithnithe eatramhacha

1.   D'fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh chomh maith ar an ngá le leanúint leis na bearta a fhorchur, má tá údar leis sin, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ar iarraidh ó Bhallstát nó, ar choinníoll tréimhse réasúnach ama d'aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó forchuireadh an bhirt chinntithigh, ar iarraidh ó aon onnmhaireoir nó allmhaireoir nó ó tháirgeoirí an Aontais, nó ón tír thionscnaimh agus/nó ón tír is onnmhaireoir a bhfuil go leor fianaise inti chun údar a léiriú le hathbhreithniú eatramhach den sórt sin.

2.   Tionscnófar athbhreithniú eatramhach i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh le nach bhfuil gá níos mó leis an mbeart a fhorchur chun gníomhú in aghaidh an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe agus/nó nach dócha go leanfadh an díobháil, nó go dtosódh sé arís dá gcuirfí deireadh leis an mbeart, nó dá n-athrófaí é, nó nach bhfuil an beart atá ann leordhóthanach, nó leordhóthanach níos mó, chun gníomhú in aghaidh an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe is cúis díobhála.

3.   I gcás ina bhfuil na dleachtanna frithchúitimh a fhorchuirtear níos lú ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a fuarthas, féadfar athbhreithniú eatramhach a thionscnamh má thíolacann táirgeoirí an Aontais nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis leordhóthanach, laistigh de dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm na mbeart de ghnáth, lena léirítear laghdú ar phrasghsanna onnmhairiúcháin tar éis an tréimhse imscrúdaithe bunaidh agus roimh nó i ndiaidh na mbeart a fhorchur, nó lena léirítear nach raibh aon athrú ar phraghsanna athdhíola an táirge allmhairithe san Aontas, nó go raibh athrú neamhleor ar na praghsanna sin. I gcás ina gcruthaíonn an t-imscrúdú go bhfuil na líomhaintí fíor, féadfar dleachtanna frithchúitimh a ardú chun an t-ardú praghais is gá a bhaint amach chun an díobháil a réiteach. Mar sin féin, ní bheidh an leibhéal ardaithe dleachta níos mó ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe.

Féadfar an t-athbhreithniú eatramhach a athoscailt chomh maith, faoi na coinníollacha thuasluaite, ar thionscnamh an Choimisiúin nó ar iarraidh ó Bhallstát.

4.   Agus imscrúduithe á ndéanamh de bhun an Airteagail seo, féadfaidh an Coimisiún, inter alia, a mheas cibé an bhfuil athrú suntasach tagtha ar na cúinsí a bhaineann le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil, nó nach bhfuil, nó cibé an bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis an díobháil a cinneadh roimhe seo faoi Airteagal 8 á mbaint amach leis na bearta atá ann faoi láthair, nó nach bhfuil. Maidir leis sin, cuirfear an fhianaise ábhartha go léir atá doiciméadaithe i gceart san áireamh sa chinneadh deiridh.

Airteagal 20

Athbhreithnithe brostaithe

I gcás onnmhaireora a bhfuil a onnmhairí faoi réir dleachta frithchúitimh cinntithí ach nach ndearnadh imscrúdú ina aonar air le linn an imscrúdaithe bunaidh mar gheall ar chúiseanna eile seachas diúltú comhar a thabhairt don Choimisiún, beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin, athbhreithniú brostaithe ionas go mbeidh an Coimisiún in ann ráta dleachta frithchúitimh ar leith a leagan síos don onnmhaireoir sin.

Tionscnófar an t-athbhreithniú sin tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí an Aontais barúlacha a thabhairt.

Airteagal 21

Aisíocaíochtaí

1.   D'ainneoin Airteagal 18, féadfaidh allmhaireoir aisíocaíocht dleachtanna a bailíodh a iarraidh i gcás ina léirítear go bhfuarthas réidh le méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, a bhí mar bhonn le híoc na ndleachtanna, nó gur laghdaíodh é go leibhéal atá faoi bhun leibhéal na dleachta i bhfeidhm.

2.   Agus aisíocaíocht ar dhleachtanna frithchúitimh á hiarraidh, tíolacfaidh an t-allmhaireoir iarratas chuig an gCoimisiúin. Déanfar an t-iarratas a thíolacadh trí Bhallstát na críche inar cuireadh na táirgí i saorchúrsaíocht, laistigh de sé mhí ón dáta a chinn na húdaráis inniúla méid na ndleachtanna cinntitheacha a bhí le gearradh nó laistigh de sé mhí ón dáta a tógadh cinneadh cinntitheach na méideanna a bhailiú a bhí urraithe le dleacht shealadach. Seolfaidh na Ballstáit an iarraidh chuig an gCoimisiún láithreach.

3.   Ní mheasfar go bhfuil go leor fianaise ag tacú le hiarratas ar aisíocaíocht ach amháin má tá fáisnéis bheacht ann maidir le méid na ndleachtanna frithchúitimh atá éilithe mar aisíocaíocht agus na doiciméid chustaim go léir maidir leis an méid sin a ríomh agus a íoc. Beidh fianaise ann freisin, le haghaidh tréimhse ionadaíoch, maidir le méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe don onnmhaireoir nó don táirgeoir a bhfuil an dleacht infheidhme maidir leis. I gcásanna nach bhfuil baint ag an allmhaireoir leis an onnmhaireoir ná leis an táirgeoir lena mbaineann agus nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil láithreach, nó i gcásanna nach bhfuil an t-onnmhaireoir ná an táirgeoir toilteanach é a chur ar fáil don allmhaireoir, beidh ráiteas san iarratas ón onnmhaireoir nó ón táirgeoir gur laghdaíodh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, nó go bhfuarthas réidh leo, mar a shonraítear san Airteagal seo, agus go gcuirfear an fhianaise tacaíochta ábhartha ar fáil don Choimisiún. I gcás nach bhfaightear fianaise den sórt sin ón onnmhaireoir ná ón táirgeoir laistigh de thréimhse ama réasúnach, déanfar an t-iarratas a dhiúltiú.

4.   Cinnfidh an Coimisiún ar cheart an t-iarratas a dheonú agus an chuid de a dheonófar, nó féadfaidh sé a chinneadh ag tráth ar bith athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, agus leis sin, úsáidfear an fhaisnéis agus na cinntí ó athbhreithniú den sórt sin, a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin, d'fhonn a chinneadh an mbeidh bonn cirt le haisíocaíocht agus a mhéid a bheidh bonn cirt léi.

Is iondúil go ndéanfar dleachtanna a aisíoc laistigh de 12 mhí agus nach déanaí ná 18 mí in aon chúinsí tar éis an dáta a rinne allmhaireoir an táirge atá faoi réir na dleachta frithchúitimh iarraidh ar aisíocaíocht, agus beidh fianaise chuí ag tacú leis an iarratas sin.

Ba cheart do na Ballstáit aon aisíocaíocht arna húdarú a íoc de ghnáth laistigh de 90 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 22

Forálacha ginearálta maidir le hathbhreithnithe agus aisíocaíochtaí

1.   Beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta agus imscrúduithe a sheoladh, seachas iad siúd a bhaineann le teorainneacha ama, i dtaca le haon athbhreithniú arna ndéanamh de bhun Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20.

Na hathbhreithnithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19, déanfar go pras iad agus tabharfar i gcrích iad, de ghnáth, laistigh de 12 mhí ó dháta tionscnaimh an athbhreithnithe. Ar aon chuma, athbhreithnithe a dhéanfar de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19, déanfar iad a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de 15 mhí ó dháta an tionscnaimh.

Déanfar na hathbhreithnithe de bhun Airteagal 20 a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de naoi mí ó dháta an tionscnaimh.

Má thionscnaítear athbhreithniú de bhun Airteagal 18 fad agus atá athbhreithniú faoi Airteagal 19 ar siúl mar chuid den imeacht chéanna, tabharfar an t-athbhreithniú de bhun Airteagal 19 i gcrích ag an am céanna leis an am atáthar ag súil leis an athbhreithniú de bhun Airteagal 18 a thabhairt i gcrích.

Mura dtabharfar an t-imscrúdú i gcrích laistigh de na spriocanna ama a shonraítear sa dara fhomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír, maidir leis na bearta:

(a)

rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe de bhun Airteagal 18;

(b)

rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19 ag an am céanna, i gcás inar tionscnaíodh an t-imscrúdú de bhun Airteagal 18 fad is a bhí athbhreithniú á dhéanamh faoi Airteagal 19 le linn na n-imeachtaí céanna, nó i gcás inar tionscnaíodh athbhreithnithe den sórt sin ag an am céanna; nó

(c)

ní thiocfaidh aon athrú orthu i gcás imscrúduithe de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 20.

Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go bhfuil na bearta de bhun na míre seo ag dul in éag nó á gcoimeád.

2.   Tionscnóidh an Coimisiún athbhreithnithe de bhun Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20. Cinnfidh an Coimisiún an dtionscnóidh sé athbhreithnithe de bhun Airteagal 18 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis d'oibreoir nó do Bhallstát iarraidh a thíolacadh lena dtugtar bonn cirt chun athbhreithniú a thionscnamh de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 20 agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche nó tar éis don Choimisiún a chinneadh gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá le leanúint le bearta a fhorchur.

3.   I gcás ina ndlífidh athbhreithnithe é, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3), déanfar bearta a aisghairm nó a choimeád de bhun Airteagal 18, nó a aisghairim, a choimeád nó a leasú de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 20.

4.   I gcás ina n-aisghairfear bearta maidir le honnmhaireoirí ar leith, ach nach ndéanfar iad a aisghairm don tír ina hiomláine, beidh na honnmhaireoirí sin fós faoi réir na n-imeachtaí agus d'fhéadfaí iad a imscrúdú arís in aon athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an tír sin de bhun an Airteagail seo.

5.   I gcás ina bhfuil athbhreithniú ar bhearta de bhun Airteagal 19 ar bun ag deireadh na tréimhse ina gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm mar atá sainmhínithe in Airteagal 18, déanfar na bearta a imscrúdú faoi fhorálacha Airteagal 18 freisin.

6.   I ngach imscrúdú athbhreithnithe nó aisíocaíochta a dhéantar de bhun Airteagal 18 go hAirteagal 21, bainfidh an Coimisiún úsáid as an modh céanna agus a d'úsáid sé san imscrúdú a raibh an dleacht mar thoradh air, ar choinníoll nár athraíodh na cúinsí, agus tabharfar aird chuí ar Airteagail 5, 6, 7 agus 27.

Airteagal 23

Teacht timpeall

1.   Féadfar dleachtanna frithchúitimh arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a leathnú chuig allmhairí den táirge comhchosúil ó thríú tíortha, bíodh siad modhnaithe beagán nó gan a bheith modhnaithe, nó d'fhéadfaí iad a ghearradh ar allmhairí den táirge comhchosúil atá modhnaithe beagán ón tír atá faoi réir beart, nó cuid de bhearta, i gcás ina bhfuil teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

2.   Féadfar dleachtanna frithchúitimh nach mó ná an dleacht frithchúitimh iarmharach arna forchur i gcomhréir le hAirteagal 15(2) a leathnú chuig allmhairí ó chomhlachtaí a bhaineann tairbhe as dleachtanna aonair sna tíortha atá faoi réir beart nuair atá teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

3.   Déanfar teacht timpeall a shainmhíniú mar athrú ar an bpatrún trádála idir tríú tíortha agus an tAontas nó idir comhlachtaí aonair sa tír faoi réir beart agus an tAontas, agus eascraíonn sé as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas an dleacht a fhorchur, agus i gcás ina bhfuil fianaise maidir le díobháil ann nó go bhfuil an bonn á bhaint d'éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí an táirge chomhchosúil, agus go bhfuil an táirge comhchosúil a allmharaíodh agus/nó páirteanna den táirge sin ag baint tairbhe i gcónaí as an bhfóirdheontas.

Áirítear na nithe seo a leanas, inter alia, sa chleachtas, próiseas nó obair dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

modhnú beag ar an táirge lena mbaineann ionas go bhfuil sé faoi réir cóid chustaim nach mbíonn faoi réir na mbeart de ghnáth, ar choinníoll nach n-athraíonn an modhnú sin saintréithe an táirge;

(b)

coinsíniú an táirge atá faoi réir bearta trí thríú tíortha;

(c)

atheagrú a bpatrún agus a mbealaí díolacháin sa tír atá faoi réir beart ag onnmhaireoirí nó táirgeoirí d'fhonn a gcuid táirgí a onnmhairiú faoi dheireadh chuig an Aontas trí tháirgeoirí a bhaineann tairbhe as dleachtráta aonair atá níos ísle ná an dleachtráta is infheidhme ar tháirgí na monaróirí.

4.   Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'aon pháirtí leasmhar ar bhonn go leor fianaise a bheith ann maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Déanfar tionscnaimh le Rialachán ón gCoimisiún lena bhféadfar na húdaráis chustaim a threorú freisin maidir le hallmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 24(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis do pháirtí leasmhar nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt chun imscrúdú a thionscnamh agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche, nó tar éis don Choimisiún féin a chinneadh go bhfuil gá le himscrúdú a thionscnamh.

Déanfaidh an Coimisiúin an t-imscrúdú. Féadfaidh na húdaráis chustaim a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus déanfar na himscrúduithe a thabhairt i gcrích laistigh de naoi mí.

I gcás go dtugann na fíorais, mar a shuífear sa deireadh iad, bonn cirt chun na bearta a fhadú, déanfaidh an Coimisiún sin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Gabhfaidh éifeacht leis an bhfadú ón dáta a forchuireadh an clárú de bhun Airteagal 24(5) nó ón dáta ar iarradh ráthaíochtaí. Beidh feidhm ag forálacha nós imeachta ábhartha an Rialacháin seo maidir leis an tionscnamh agus maidir le stiúradh imscrúduithe de bhun an Airteagail seo.

5.   Ní bheidh allmhairí faoi réir clárúchán de bhun Airteagal 24(5) ná faoi réir bearta i gcás ina bhfuil siad á dtrádáil ag cuideachtaí a bhaineann tairbhe as díolúintí.

6.   Déanfar iarrataí ar dhíolúintí a bhfuil fianaise leo a thíolacadh laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos sa Rialachán ón gCoimisiún lena dtionscnaítear an t-imscrúdú.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, oibríocht nó obair teacht timpeall lasmuigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann ar féidir leo a thaispeáint nach bhfuil baint acu le haon táirgeoir atá faoi réir na mbeart agus nach bhfuil baint acu le cleachtais teacht timpeall mar atá sainmhínithe i mír 3.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, oibríocht nó obair teacht timpeall laistigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú d'allmhaireoirí ar féidir leo a thaispeáint nach bhfuil baint acu leis na táirgeoirí atá faoi réir na mbeart.

Deonaítear na díolúintí sin le cinneadh ón gCoimisiún agus beidh siad bailí ar feadh na tréimhse agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a anailís a thabhairt i gcrích.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 20, féadfar díolúintí a dheonú chomh maith i ndiaidh an imscrúdaithe is cúis le fadú na mbeart a thabhairt i gcrích.

7.   Ar choinníoll aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó fhadú na mbeart, agus má tá líon suntasach páirtithe atá ag iarraidh díolúine, nó a d'fhéadfadh díolúine a iarraidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh athbhreithniú ar fhadú na mbeart a thionscnamh. Déanfar aon athbhreithniú den sórt sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 22(1) mar is infheidhme maidir le hathbhreithnithe faoi Airteagal 19.

8.   Ní chuirfidh aon rud san Airteagal seo bac ar ghnáthchur i bhfeidhm na bhforálacha i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 24

Forálacha ginearálta

1.   Is le Rialachán a fhorchuirfear dleachtanna frithchúitimh sealadacha nó cinntitheacha, agus baileoidh na Ballstáit iad de réir na foirme, an ráta arna sonrú agus na gcritéar eile atá leagtha síos sa Rialachán lena bhforchuirtear na dleachtanna sin. Déanfar na dleachtanna sin a bhailiú ar leithligh ó na dleachtanna custaim, na cánacha agus na muirir eile a ghearrtar de ghnáth ar allmhairí.

Ní bheidh aon táirge faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh ag an am céanna d'fhonn déileáil leis an staid chéanna mar thoradh ar dhumpáil nó ar fhóirdheontas a thabhairt i leith onnmhairí.

2.   Rialacháin lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh sealadacha nó cinntitheacha, agus Rialacháin nó Cinntí lena nglactar le gealltanais nó lena bhfoirceanntar imscrúduithe nó imeachtaí, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis rúnda a chosaint, beidh sna Rialacháin nó sna Cinntí sin, go háirithe, ainmneacha na n-onnmhaireoirí, más féidir, nó na dtíortha lena mbaineann, tuairisc ar an táirge agus achoimre ar na fíorais agus na breithnithe is ábhartha i ndáil le cinntí maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil. I ngach cás, cuirfear cóip den Rialachán nó den Chinneadh chuig na páirtithe leasmhara aitheanta. Beidh feidhm ag forálacha na míre seo mutatis mutandis maidir le hathbhreithnithe.

3.   Féadfar forálacha speisialta, go háirithe i ndáil leis an sainmhíniú coitianta ar choincheap an tionscnaimh, mar atá i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.

4.   Chun leasa an Aontais, féadfar bearta arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 9 mí le cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), síneadh nach mó ná bliain amháin a chur leis an bhfionraí sin.

Ní fhéadfar bearta a chur ar fionraí ach amháin i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar choinníollacha an mhargaidh sa mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí, agus ar choinníoll gur tugadh deis don tionscal de chuid an Aontais a mbarúlacha a thabhairt agus go bhfuil na barúlacha sin curtha san áireamh. Féadfar bearta a chur i bhfeidhm arís tráth ar bith i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 25(2) mura bhfuil feidhm le cúis na fionraí a thuilleadh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas i dtráth cuí, treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiadh sin ar na allmhairí sin ó dháta an chlárúcháin ar aghaidh.

Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ón tionscal de chuid an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt chuige sin.

Is le Rialachán a thabharfar clárú isteach agus sonrófar ann cuspóir an bhirt agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún gach mí maidir le trádáil allmhairithe ar táirgí iad atá faoi réir imscrúdaithe agus beart, agus maidir leis an méid dleachtanna a bailíodh de bhun an Rialacháin seo.

7.   Gan dochar do mhír 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit, ar bhonn gach cáis faoi leith, an fhaisnéis is gá a sholáthar chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart. Chuige sin, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 11(3) agus Airteagal 11(4). Aon sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit de bhun an Airteagail seo,cumhdófar faoi fhorálacha Airteagal 29(6) iad.

Airteagal 25

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta le hAirteagal 4 de.

5.   De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn maidir le bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le hathbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh de bhun Airteagal 18 den Rialachán seo, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

6.   Féadfaidh an coiste aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar iarratas ó Bhallstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa choiste nó go díreach leis an gCoimisiún.

Airteagal 26

Cuairteanna fíorúcháin

1.   Tabharfaidh an Coimisiúin, má mheasann sé gurb iomchuí, cuairteanna ar allmhaireoirí, onnmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, comhlachais agus eagraíochtaí trádála agus chun a dtaifid a scrúdú, agus chun faisnéis a soláthraíodh ar fhóirdheonú agus ar dhíobháil a fhíorú. In éagmais freagra chuí agus thráthúil, féadfaidh sé nach ndéanfar cuairteanna fíorúcháin a thabhairt.

2.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfaigheann sé comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, agus go dtugann sé fógra don tír i dtrácht agus nach gcuireann an tír sin i gcoinne an imscrúdaithe. A luaithe agus a fhaightear comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na ngnólachtaí a bhfuil cuairt le tabhairt orthu agus na dátaí atá socraithe in iúl don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir.

3.   Cuirfear na gnólachtaí lena mbaineann ar an eolas faoin gcineál faisnéise atá le fíorú le linn na gcuairteanna fíorúcháin agus faoi aon fhaisnéis eile is gá a sholáthar le linn na gcuairteanna sin, cé nár cheart go gcuirfeadh sin bac ar iarrataí a dhéantar le linn an fhíorúcháin sonraí breise a sholáthar i bhfianaise na faisnéise atá faighte.

4.   Sna himscrúduithe a dhéanfar de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, tabharfaidh oifigigh na mBallstát sin a iarrann amhlaidh cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 27

Sampláil

1.   Má tá líon mór gearánach, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí ann nó líon mór cineálacha táirgí nó idirbheart, féadfar an t-imscrúdú a theorannú:

(a)

do mhéid réasúnach páirtithe, táirgí nó idirbheart trí shamplaí a úsáid atá bailí ó thaobh staitisticí de ar bhonn na faisnéise atá ar fáil tráth an roghnúcháin; nó

(b)

don líon ionadaíoch is mó de na táirgí, díolacháin nó onnmhairí a d'fhéadfaí a imscrúdú laistigh den am atá ar fáil.

2.   Faoin gCoimisiún a bheidh sé an rogha deiridh a dhéanamh i ndáil le páirtithe, cineálacha táirgí nó idirbhearta a dhéanfar faoin Airteagal seo, cé go dtabharfar tosaíocht do shampla a roghnú i gcomhar leis na páirtithe lena mbaineann, agus le cead uathu, ar choinníoll go gcuirfidh na páirtithe sin iad féin in aithne agus go gcuirfidh siad go leor faisnéise ar fáil, laistigh de thrí seachtaine ó lá tionscnaimh an imscrúdaithe, chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú.

3.   I gcásanna ina ndéantar an t-imscrúdú a theorannú i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar méid fóirdheontas in-fhrithchúitithe ar leith a tugadh a ríomh i gcás aon onnmhaireora nó tairgeora nár roghnaíodh ar an gcéad dul síos agus a thíolacann an fhaisnéis is gá laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, seachas i gcás ina bhfuil líon na n-onnmhaireoirí nó táirgeoirí chomh mór sin go mbeadh ró-ualach ag baint le himscrúduithe aonair agus go gcuirfidís bac ar an imscrúdú a thabhairt chun críche in am trátha.

4.   I gcás ina ndéantar cinneadh sampláil a dhéanamh agus nach gcomhoibríonn roinnt de na páirtithe a roghnaíodh, nó nach gcomhoibríonn aon cheann acu, rud a d'fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do thoradh an imscrúdaithe, féadfar sampla nua a roghnú.

Mar sin féin, má leantar le méid ábhartha den neamh-chomhoibriú sin nó mura bhfuil go leor ama ann sampla nua a roghnú, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 28.

Airteagal 28

Neamh-chomhoibriú

1.   I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis is gá, nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis sin laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó má chuireann sé isteach go mór ar an imscrúdú, féadfar na torthaí sealadacha nó deiridh, bíodh siad dearfach nó diúltach, a bhunú ar na fíorais atá ar fáil.

I gcás inar léir gur sholáthar páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil.

Ba cheart páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi iarmhairtí an neamh-chomhoibrithe.

2.   Ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é mainneachtain freagra leictreonach a thabhairt, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é.

3.   Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a thíolacann páirtí leasmhar oiriúnach ar gach bealach, níor cheart neamhaird a thabhairt uirthi mar sin féin, ar choinníoll nach bhfuil na heasnaimh tromchúiseach a ndóthain le deacracht mhíchuí a chruthú i dteacht ar thoradh a bheadh réasúnta cruinn, go gcuirtear an fhaisnéis chuí isteach in am trátha agus gur féidir í a fhíorú, agus go ndearna an páirtí a dhícheall.

4.   I gcás ina ndiúltaítear glacadh le fianaise nó le faisnéis áirithe, cuirfear an páirtí atá á soláthar ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú sin, agus tabharfar deis dó a chás a mhíniú tuilleadh laistigh den teorainn ama atá sonraithe. Má mheastar nach bhfuil an míniú sásúil, nochtfar na cúiseanna leis an bhfianaise nó an fhaisnéis sin a dhiúltiú, agus foilseofar iad.

5.   Má bhunaítear cinntí, lena n-áirítear na cinntí sin a bhaineann leis an líon fóirdheontas in-fhrithchúitithe, ar fhorálacha mhír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis a sholáthraítear sa ghearán, déanfar é a sheiceáil, nuair is praiticiúil é agus aird chuí á tabhairt ar theorainneacha ama an imscrúdaithe, trí thagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ó fhoinsí neamhspleácha eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, amhail liostaí foilsithe praghsanna, staitisticí oifigiúla allmhairí agus dearbhuithe custaim, nó faisnéis arna fáil ó pháirtithe leasmhara eile le linn an imscrúdaithe.

D'fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin sonraí ábhartha a bhaineann leis an margadh domhanda nó margaí ionadaíocha eile, nuair is iomchuí.

6.   Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar, nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus go gcoinnítear siar faisnéis ábhartha dá bhrí sin, d'fhéadfadh an toradh a bheith níos diúltaí don pháirtí ná mar a bheadh sé dá gcomhoibreodh sé.

Airteagal 29

Rúndacht

1.   Aon fhaisnéis ar fhaisnéis rúnda í (toisc go dtabharfaí buntáiste suntasach iomaíoch d'iomaitheoir dá nochtfaí í, mar shampla, nó toisc go mbeadh tionchar suntasach diúltach aici ar an duine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó ar an duine óna bhfuair sé an fhaisnéis) nó aon fhaisnéis a sholáthraíonn páirtithe ar bhonn rúnda d'imscrúdú, caithfidh na húdaráis leis amhlaidh, ar chúis a shuíomh.

2.   Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara atá ag soláthar faisnéis rúnda, achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a tíolacadh faoi rún a thuiscint. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt sin. I gcúinsí eisceachtúla den sórt sin, ní mór ráiteas faoi na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta an t-achoimriú sin a dhéanamha chur ar fáil.

3.   Más rud é go meastar nach bhfuil údar le hiarraidh ar rúndacht agus más rud é nach bhfuil soláthróir na faisnéise toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil ná údarú a thabhairt í a nochtadh i bhfoirm ghinearálta nó i bhfoirm achoimre, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin ach amháin más féidir le foinsí iomchuí a léiriú go bhfuil an fhaisnéis sin ceart. Ní dhéanfar iarrataí ar rúndacht a dhiúltú gan chúis.

4.   Ní chuirfidh an t Airteagal seo bac ar nochtadh faisnéise ginearálta ag údaráis an Aontais, agus go háirithe nochtadh na gcúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe, ná nochtadh fianaise ar a bhfuil údaráis an Aontais ag brath sa mhéid is gur gá na cúiseanna sin a mhíniú in imeachtaí cúirte. Ní foláir a chur san áireamh sa nochtadh sin leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann i dtaobh gan rúin a ngnó a nochtadh.

5.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, ná a n-oifigigh, aon fhaisnéis a gheobhaidh siad de bhun an Rialacháin seo ar faisnéis í a d'iarr an soláthróir a choinneáil faoi rún, gan sainchead a fháil ón soláthróir sin. Ní nochtfar malartuithe faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó na mBallstát, ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.

6.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.

Ní chuirfidh an fhoráil seo bac ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs imscrúdaithe amháin a úsáid chun críche imscrúduithe eile a thionscnamh laistigh de na himeachtaí céanna a bhaineann leis an táirge comhchosúil céanna.

Airteagal 30

Nochtadh

1.   Féadfaidh na gearánaigh, na honnmhaireoirí agus na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir, a iarraidh go nochtfar na sonraí is bunús leis na fíorais riachtanacha agus na breithnithe riachtanacha ar forchuireadh bearta sealadacha ar a mbonn. Déanfar iarrataí ar an nochtadh sin i scríbhinn díreach tar éis na bearta sealadacha a fhorchur, agus déanfar an nochtadh i scríbhinn a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin.

2.   Féadfaidh na páirtithe a luaitear i mír 1 nochtadh deiridh na bhfíoras riachtanach agus na mbreithnithe riachtanach a iarraidh a bhfuil sé beartaithe acu forchur beart cinntitheach, nó foirceannadh imscrúdaithe nó imeachtaí nach bhforchuirtear beart lena linn, a mholadh ar a mbonn agus aird ar leith á tabhairt ar nochtadh aon fhíoras nó aon bhreithnithe atá éagsúil leo sin a úsáidtear le haghaidh bearta sealadacha ar bith.

3.   Cuirfear iarrataí ar nochtadh deiridh faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn mí ar a dhéanaí, i gcásanna inar forchuireadh dleacht shealadach, tar éis fhorchur na dleachta sin a fhoilsiú. I gcás nár forchuireadh dleacht shealadach, tabharfar deis do pháirtithe nochtadh deiridh a iarraidh laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos ag an gCoimisiún.

4.   Is i scríbhinn a thabharfar an nochtadh deiridh. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 14 nó in Airteagal 15 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais ná breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.

5.   Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochta dheiridh, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ar tréimhse í nach giorra ná 10 lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Féadfar tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina gcaithfear nochtadh deiridh sa bhreis a dhéanamh.

Airteagal 31

Leas an Aontais

1.   Bunófar cinneadh i dtaobh an bhfuil gá le hidirghabháil chun leasa an Aontais ar mheasúnú ar na leasanna éagsúla ina n-iomláine, lena n-áirítear leasanna an tionscail bhaile agus úsáideoirí agus tomhaltóirí. Ní dhéanfar cinneadh de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás ina bhfuil an deis tugtha do gach páirtí a thuairimí a chur in iúl de bhun mhír 2. In imscrúdú mar sin, tabharfar aird speisialta ar an ngá le fáil réidh leis na héifeachtaí saofa a bhíonn ag fóirdheontas díobhálach a tugadh ar thrádáil, agus ar iomaíocht éifeachtach a thabhairt ar ais. Ní fhéadfar bearta, arna gcinneadh ar bhonn an fhóirdheontais a tugadh agus na díobhála a rinneadh, a chur i bhfeidhm i gcás inar féidir leis na húdaráis, ar bhonn na faisnéise ar fad a tíolacadh, a bhaint de thátal as nach chun leasa an Aontais atá sé na bearta sin a chur i bhfeidhm.

2.   Chun bonn fónta a sholáthar do na húdaráis leis na tuairimí agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh don chinneadh i dtaobh an chun leasa an Aontais é bearta a fhorchur, féadfaidh na gearánaigh, na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe san fhógra faoi imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh a thionscnamh, féadfaidh siad iad féin a chur in aithne agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún. Cuirfear an fhaisnéis sin, nó achoimrí iomchuí uirthi, ar fáil do na páirtithe eile atá sonraithe sa mhír seo, agus beidh siad i dteideal freagra a thabhairt bunaithe ar a bhfuil san fhaisnéis sin.

3.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 éisteacht a iarraidh. Glacfar le hiarrataí den sórt sin i gcás ina dtíolactar iad laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach i mír 2, agus i gcás ina leagtar amach iontu, i dtéarmaí leas an Aontais, na cúiseanna i dtaobh cén fáth ar cheart éisteacht a thabhairt do na páirtithe.

4.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear na tuairimí sin san áireamh mura bhfaighfear iad laistigh de 25 lá ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart sin agus cuirfear na tuairimí sin, nó achoimrí iomchuí orthu, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt orthu.

5.   Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a dhéanfar a thíolacadh go cuí agus scrúdóidh sé a ionadaí atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gcoiste mar chuid den dréacht-bheart a chuirfear isteach de bhun Airteagal 14 agus Airteagal 15. Ba cheart don Choimisiún tuairimí an choiste a chur san áireamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

6.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 a iarraidh go gcuirfear na fíorais agus na breithnithe ar dócha go nglacfar na cinntí deiridh ina leith ar fáil dóibh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin.

7.   Ní chuirfear faisnéis san áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise ann a thacaíonn le bailíocht na faisnéise sin.

Airteagal 32

Naisc idir bearta um dhleachtanna frithchúitimh agus réitigh iltaobhacha

Má tá táirge allmhairithe faoi réir aon fhrithbheart a fhorchuirtear tar éis dul in iontaoibh nósanna imeachta um réiteach díospóide an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais, agus más iomchuí na bearta sin chun an díobháil a rinne na fóirdheontais in-fhrithchúitithe a leigheas, déanfar aon dleacht frithchúitimh arna forchur i ndáil leis an táirge sin a fhionraí nó a aisghairm láithreach, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 33

Forálacha críochnaitheacha

Ní chuirfidh an Rialachán seo bac ar chur i bhfeidhm:

(a)

aon rialacha speisialta atá leagtha síos i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b)

Rialacháin an Aontais i ndáil leis an earnáil talmhaíochta agus Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 (8) ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (9), agus Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle (10). Feidhmeoidh an Rialachán seo mar chomhlánú ar na Rialacháin sin agus de mhaolú ó aon fhorálacha de na Rialacháin sin a chuireann bac ar chur i bhfeidhm dleachtanna frithchúitimh;

(c)

bearta speisialta, ar choinníoll nach dtagann na bearta sin salach ar oibleagáidí faoi CGTT 1994.

Airteagal 34

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/1036.

Airteagal 35

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 597/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléirú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (IO C 230, 14.7.2015, lch. 129).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(4)  Féach Iarscríbhinn V.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (Féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo)

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 ón gComhairle, an 7 Samhain 2006 maidir le glúcós agus lachtós (IO L 312, 11.11.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir leis an gcomhchóras trádála le haghaidh ubhalbaimine agus lachtalbaimine (IO L 181, 14.7.2009, lch. 8).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad (IO L 328, 15.12.2009, lch. 10).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA LÉIRITHEACH FÓIRDHEONTAS ONNMHAIRIÚCHÁIN

(a)

Fóirdheontais dhíreacha arna soláthar ag rialtais le gnólacht nó le tionscal atá ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin.

(b)

Scéimeanna coinneála airgeadra nó aon chleachtais dá leithéid ina gcuimseofaí bónas ar onnmhairí.

(c)

Muirir iompair inmheánaigh agus muirir lasta maidir le loingsithe onnmhairiúcháin, arna soláthar nó faoi shainordú ag rialtais, ar théarmaí atá níos fabhraí ná do lastais baile.

(d)

Táirgí nó seirbhísí allmhairithe nó baile arna soláthar ag rialtais nó a gcuid gníomhaireachtaí, go díreach nó go hindíreach trí scéimeanna atá sainordaithe ag rialtais, lena n-úsáid i dtáirgeadh earraí onnmhairithe, ar théarmaí nó ar choinníollacha atá níos fabhraí ná le haghaidh táirgí nó seirbhísí comhchosúla, nó atá iomaíoch go díreach, lena n-úsáid i dtáirgeadh earraí do thomhaltas intíre, más rud é (i gcás táirgí) go bhfuil téarmaí nó coinníollacha den sórt sin níos fabhraí ná a bhfuil ar fáil (1) ar bhonn tráchtála ar mhargaí domhanda dá n-onnmhaireoirí.

(e)

Díolúine iomlán nó páirteach, loghadh, nó iarchur (2) a bhaineann go sonrach le honnmhairí, ar chánacha díreacha (3) nó ar mhuirir leasa shóisialta a íocadh nó is iníoctha ag fiontair thionsclaíocha nó tráchtála.

(f)

Asbhaintí speisialta a cheadú a bhaineann go díreach le honnmhairí nó le feidhmíocht onnmhairiúcháin, de bhreis orthu sin a deonaíodh i leith táirgeadh le haghaidh tomhaltas intíre, chun an bonn ar a ngearrtar cánacha díreacha a ríomh.

(g)

Díolúine nó loghadh, i ndáil le táirgí onnmhairithe a tháirgeadh agus a dháileadh, ar chánacha indíreacha (4) de bhreis ar na cánacha a ghearrtar i leith táirgí comhchosúla a tháirgeadh agus a dháileadh nuair a dhíoltar le haghaidh tomhaltas intíre iad.

(h)

Díolúine, loghadh nó iarchur cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe (4) ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáidtear i dtáirgeadh táirgí a onnmhairíodh de bhreis ar dhíolúine, loghadh nó iarchur cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáideadh i dtáirgeadh táirgí comhchosúla nuair a dhíoltar do thomhaltas intíre iad; ar choinníoll, áfach, go bhféadfar cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe a dhíolmhú, a aisíoc nó a iarchur ar tháirgí onnmhairithe fiú nuair nach ndíolmhaítear, nach loghtar nó nach n-iarchuirtear sin ar tháirgí comhchosúla nuair a dhíoltar do thomhaltas intíre iad, má thoibhítear na cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl) (5). Déanfar an mhír seo a léiriú i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le tomhaltas na n-ionchur sa phróiseas táirgthe atá in Iarscríbhinn II.

(i)

Loghadh nó aisíoc muirear ar allmhairí (4) de bhreis ar na cánacha a ghearrtar ar ionchuir allmhairithe a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl); ar choinníoll, áfach, i gcásanna áirithe go bhféadfadh gnólacht cainníocht ionchur ón margadh intíre a úsáid atá comhionann le agus ar aon chaighdeán agus ar aon saintréithe leis na hionchuir allmhairithe mar ionadach dóibh d'fhonn leas a bhaint as an bhforáil seo más rud é go dtarlaíonn na hoibríochtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin chomhfhreagracha araon laistigh de thréimhse ama réasúnach, gan dul thar dhá bhliain. Déanfar an mhír seo a léiriú i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le hídiú na n-ionchur sa phróiseas táirgthe atá in Iarscríbhinn II agus na treoirlínte i gcinneadh na gcóras aisíoca ionadaigh mar fhóirdheontais onnmhairiúcháin atá in Iarscríbhinn III.

(j)

Rialtais (nó institiúidí speisialta a rialaíonn rialtais) a thabhairt cláir um ráthaíocht creidmheasa nó um árachas onnmhairiúcháin, cláir árachais nó ráthaíochta i gcoinne arduithe i gcostas táirgí a onnmhairíodh nó i gcláir riosca malartán, ag rátaí préimhe atá neamhleor chun costais oibriúcháin fhadtéarmacha agus caillteanais na gclár a chlúdach.

(k)

Creidmheasanna onnmhairiúcháin arna ndeonú ag rialtais (nó institiúidí speisialta arna rialú ag rialtais agus/nó ag gníomhú faoi údarás rialtas) ag rátaí is ísle ná a bhfuil a íoc go hiarbhír as na cistí ata in úsáid amhlaidh (nó a mbeadh orthu a íoc má fuarthas ar iasacht iad ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta d'fhonn cistí ar chomhaibíocht agus ar chomhthéarmaí creidmheasa eile a fháil agus a bhíonn ainmnithe san airgeadra céanna leis an gcreidmheas onnmhairiúcháin), nó iad a íoc na costais uile, nó cuid díobh, a thabhaigh onnmhaireoirí nó institiúidí airgeadais chun creidmheasanna a fháil, a mhéid a úsáidtear iad chun buntáiste ábharach a bhaint amach i réimse na dtéarmaí creidmheasa onnmhairiúcháin.

Ar choinníoll, áfach, más rud é go bhfuil Comhalta de chuid EDT ina pháirtí do ghealltanas idirnáisiúnta ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin oifigiúla a bhfuil ar a laghad 12 Chomhalta bunaidh den sórt sin ina bpáirtithe ón 1 Eanáir 1979 (nó gealltanas comharba ar ghlac na Comhaltaí bhunaidh leis), nó más rud é i gcleachtas go gcuireann Comhalta de chuid EDT forálacha rátaí úis an ghealltanais ábhartha i bhfeidhm, ní mheasfar cleachtas creidmheasa onnmhairiúcháin atá i gcomhréir leis na forálacha sin a bheith ina fhóirdheontas onnmhairiúcháin.

(l)

Aon mhuirear eile ar an gcuntas poiblí ar fóirdheontas onnmhairiúcháin é de réir bhrí Airteagal XVI de CGTT 1994.


(1)  Ciallaíonn “ar fáil ar bhonn tráchtála” go bhfuil an rogha idir táirgí baile agus allmhairithe neamhshrianta agus gur ar bhreithnithe tráchtála amháin a bhraitheann sí.

(2)  Ní fhéadfaidh iarchur bheith ina fhóirdheontas onnmhairiúcháin i gcás, mar shampla, go mbailítear muirir úis iomchuí.

(3)  Chun críocha an Rialacháin seo:

ciallaíonn “cánacha díreacha” cánacha ar phá, brabúis, leasanna, cíosanna, dleachtanna, agus gach cineál eile ioncaim, agus cánacha ar úinéireacht maoine réadaí,

ciallaíonn “muirir ar allmhairí” taraifí, dleachtanna, agus muirir fhioscacha eile nár áiríodh aon áit eile san fhonóta seo a thoibhítear ar allmhairí,

ciallaíonn “cánacha indíreacha” cánacha ar dhíolacháin, máil, láimhdeachas, breisluach,saincheadúnais, stampa, aistriú, fardal agus trealamh, cánacha teorann agus gach cáin eile seachas cánacha díreacha agus muirir ar allmhairí,

is iad is cánacha indíreacha “arna dtobhach ag céim níos luaithe” na cánacha a ghearrtar ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáidtear go díreach nó go neamhdhíreach chun an táirge a dhéanamh,

is iad is cánacha indíreacha “carnacha” cánacha ilchéimneacha a thoibhítear áit nach bhfuil aon sásra chun an cháin a chreidiúnú ina dhiaidh sin má úsáidtear na hearraí nó seirbhísí atá faoi réir cánach, ag céim amháin de tháirgeadh i staid den táirgeadh ina dhiaidh sin, cuimsíonn

“loghadh” cánacha a aisíoc nó lacáiste cánacha, cuimsíonn

“loghadh nó aisíoc” díolúine iomlán nó páirteach nó iarchur muirear ar allmhairí.

(4)  Féach fonóta 2 a ghabhann le pointe (e).

(5)  Níl feidhm ag pointe (h) maidir le córais cánach breisluacha agus coigeartú ar cháin teorann a dhéantar ina n-ionad; is é pointe (g) amháin a chlúdaíonn an fhadhb maidir le loghadh iomarcach cánacha breisluacha.


IARSCRÍBHINN II

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE HIONCHUIR A ÍDIÚ SA PHRÓISEAS TÁIRGTHE  (1)

1.

Is féidir le scéimeanna indíreacha lacáiste cánach díolúine, loghadh nó iarchur cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe a cheadú, cánacha a thoibhítear ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl). Mar an gcéanna, is féidir le scéimeanna aisíoca loghadh nó aisíoc ar mhuirir a cheadú, muirir a thoibhítear ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl).

2.

Déanann liosta léiritheach na bhfóirdheontas onnmhairiúcháín in Iarscríbhinn I tagairt don téarma “ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe” i bpointí (h) agus (i). De bhun phointe (h), is féidir le scéimeanna indíreacha lacáiste cánach a bheith ina bhfóirdheontas onnmhairiúcháin sa mhéid go mbíonn díolúine, loghadh nó iarchur mar thoradh orthu ar chánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe de bhreis ar an méid cánacha den sórt sin a thoibhítear iarbhír ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. De bhun phointe (i), is féidir le scéimeanna aisíoca a bheith ina bhfóirdheontas onnmhairiúcháin sa mhéid go mbíonn loghadh nó aisíoc mar thoradh orthu ar mhuirir onnmhairiúcháin de bhreis orthusan a thoibhítear go hiarbhír ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Ordaítear leis an dá phointe nach mór gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl i dtorthaí maidir le hídiú na n-ionchur i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Déanann pointe (i) foráil freisin maidir le hionadú, nuair is iomchuí sin.

3.

Agus scrúdú á dhéanamh cibé an ídítear ionchuir i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe,ní mór don Choimisiún dul ar aghaidh de ghnáth ar an mbonn seo a leanas, mar chuid d'imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh de bhun an Rialacháin seo.

4.

I gcás ina líomhnaítear go dtugann scéim lacáiste cánach indíreach, nó scéim aisíoca, fóirdheontas mar gheall ar ró-lacáiste nó ró-aisíoc cánacha indíreacha nó muirir allmhairiúcháin ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe,ní mór don Choimisiún de ghnáth ar dtús a chinneadh an bhfuil ar bun ag rialtas na tíre is onnmhaireoir agus á chur i bhfeidhm aige, córas nó nós imeachta lena dheimhniú cén t-ionchur a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe agus cé na méideanna atá i gceist. I gcás inar cinneadh a leithéid de chóras nó de nós imeachta a chur i bhfeidhm, ní mór don Choimisiún de ghnáth ansin scrúdú a dhéanamh ar an gcóras nó ar an nós imeachta féachaint an bhfuil sé réasúnach, éifeachtach chun na críche atá beartaithe, agus bunaithe ar chleachtais tráchtála a nglactar go ginearálta leo sa tír is onnmhaireoir. Féadfaidh an Coimisiún a mheas gur gá tástálacha praiticiúla áirithe a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 26(2), chun faisnéis a fhíorú nó lena dheimhniú dó féin go bhfuil an córas nó an nós imeachta á chur i bhfeidhm go héifeachtach.

5.

Nuair nach bhfuil aon chóras nó nós imeachta den sórt sin ann, i gcás nach bhfuil sé réasúnach, nó i gcás gur tionscnaíodh é agus go meastar é a bheith réasúnta, ach go bhfaightear nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm nó nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm go héifeachtach, is gnáth gur gá scrúdú breise ón tír is onnmhaireoir atá bunaithe ar an ionchur iarbhír a chur i gcrích agus cinneadh á dhéanamh cibé ar tharla íocaíocht iomarcach. Má mheasann an Coimisiún gur gá sin, féadfar scrúdú breise a dhéanamh i gcomhréir le pointe 4.

6.

Ní mór don Choimisiún de ghnáth déileáil le hionchuir mar ionchuir atá ionchorpraithe go fisiciúil má úsáidtear ionchur den sórt sin sa phróiseas táirgthe agus go bhfuil siad go fisiciúil sa táirge onnmhairithe. Ní gá d'ionchur a bheith i láthair sa táirge críochnaitheach san fhoirm chéanna inar tháinig sé isteach sa phróiseas táirgthe.

7.

Agus an méid ionchur ar leith a ídítear i dtáirgeadh táirge onnmhairithe á chinneadh, ní mór “gnáthlamháltas do dhramhaíl” a chur san áireamh de ghnáth, agus ní mór caitheamh le dramhaíl den sórt sin de ghnáth amhail is gur ídíodh i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe í. Tagraíonn an téarma “dramhaíl” don chuid sin d'ionchur ar leith nach bhfuil feidhm neamhspleách aici sa phróiseas táirgthe, nach n-ídítear agus an táirge onnmhairithe á tháirgeadh (ar chúiseanna amhail neamhéifeachtúlachtaí) agus nach ndéanann an monaróir céanna a aisghabháil, a úsáid nó a dhíol.

8.

Ní mór do chinneadh an Choimisiúin ar cibé an “gnáth”-lamháltas an lamháltas atá á éileamh do dhramhaíl na nithe seo a chur san áireamh de ghnáth, an próiseas táirgthe, meántaithí an tionscail sa tír is onnmhaireoir, agus tosca teicniúla eile, de réir mar is iomchuí. Ní mór don Choimisiún a choinneáil i gcuimhne gur ceist thábhachtach í cibé ar ríomh na húdaráis sa tír is onnmhaireoir an méid dramhaíola go réasúnta, nuair a bheartaítear an méid sin a áireamh sa lacáiste cánach nó dleachta nó sa loghadh cánach nó dleachta.


(1)  Is iad is ionchuir a ídítear sa phróiseas táirgthe ionchuir a ionchorpraíodh go fisiciúil, fuinneamh, breoslaí agus ola a úsáidtear sa phróiseas táirgthe agus catalaígh a ídítear le linn a n-úsáide chun an táirge onnmhairithe a fháil.


IARSCRÍBHINN III

TREOIRLÍNTE CHUN CÓRAIS AISÍOCA IONADAIGH A CHINNEADH MAR FHÓIRDHEONTAIS ONNMHAIRIÚCHÁIN

I

Is féidir le córais aisíoca aisíoc nó aistarraingt a cheadú ar mhuirir ar allmhairí ar ionchuir a ídítear i bpróiseas táirgthe táirge eile agus i gcás ina mbeidh in onnmhairiú an táirge deiridh seo ionchuir intíre a bhfuil an caighdeán agus na saintréithe céanna acu leosan a cuireadh isteach le haghaidh na n-ionchur allmhairithe. De bhun phointe (i) d'Iarscríbhinn I, is féidir le córais aisíoca a bheith ina bhfóirdheontas onnmhairiúcháin sa mhéid is go mbíonn ró-aisíoc de thoradh orthu ar na muirir a toibhíodh ar allmhairí ar dtús ar na hionchuir a allmhairítear a bhfuil aisíoc á éileamh ina leith.

II

Agus scrúdú á dhéanamh ar aon chóras aisíoca ionadaíoch mar chuid d'imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh de bhun an Rialacháin seo, ní mór don Choimisiún dul ar aghaidh de ghnáth ar an mbonn seo a leanas:

1.

ordaítear le pointe (i) d'Iarscríbhinn I go bhféadfar ionchuir an mhargaidh bhaile a chur in ionad ionchuir allmhairithe i dtáirgeadh táirge le haghaidh onnmhairiú ar choinníoll go bhfuil na hionchuir den sórt sin comhionann i gcainníocht, agus ar aon chaighdeán agus ar aon saintréithe, leis na hionchuir allmhairithe atá á gcur ina n-ionad. Is tábhachtach go mbeadh córas nó nós imeachta fíorúcháin ann toisc go gcuireann sé ar chumas rialtas na tíre is onnmhaireoir a áirithiú agus a léiriú nach mó méid na n-ionchur a n-éilítear aisíoc ina leith ná méid na dtáirgí den chineál céanna atá á n-onnmhairiú, i cibé foirm, agus nach ann d'aisíoc ar mhuirir ar allmhairí de bhreis ar na cinn a gearradh ar dtús ar na hionchuir allmhairithe atá i gceist;

2.

i gcás ina líomhnaítear go dtugann córas aisíoca ionadaíoch fóirdheontas, ní mór don Choimisiún de ghnáth dul ar aghaidh ar dtús lena chinneadh an bhfuil córas nó nós imeachta fíorúcháin i bhfeidhm ag rialtas na tíre is onnmhaireoir, agus an gcuireann sé an córas nó an nós imeachta sin i bhfeidhm. I gcás inar cinneadh a leithéid de chóras nó de nós imeachta a chur i bhfeidhm, scrúdóidh an Coimisiún de ghnáth ansin an nós imeachta um fhíorú féachaint an bhfuil siad réasúnach, éifeachtach chun na críche atá beartaithe, agus bunaithe ar chleachtais tráchtála a nglactar go ginearálta leo sa tír is onnmhaireoir. Sa mhéid go gcinntear go bhfuil na nósanna imeachta ann chun freastal ar an tástáil agus go cuirtear i bhfeidhm go héifeachtach iad, ní thoimhdeofar aon fhóirdheontas a bheith ann. Féadfaidh an Coimisiún a mheas gur gá tástálacha praiticiúla áirithe a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 26(2), chun faisnéis a fhíorú nó lena dheimhniú dó féin go bhfuil na nósanna imeachta um fhíorú á gcur i bhfeidhm go héifeachtach.

3.

nuair nach bhfuil aon nósanna imeachta fíorúcháin ann, i gcás nach bhfuil siad réasúnach, nó i gcás ina meastar na nósanna imeachta den sórt sin a bheith bunaithe agus a bheith réasúnach, ach go bhfaightear nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm go hiarbhír nó nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm go héifeachtach, d'fhéadfadh go bhfuil fóirdheontas ann. I gcásanna den sórt sin, ba ghá go ndéanfadh an tír is onnmhaireoir tuilleadh scrúdaithe arna mbunú ar na hidirbhearta a tharla go hiarbhír chun a chinneadh cibé ar tharla íocaíocht iomarcach. Má mheasann an Coimisiún gur gá sin, féadfar scrúdú breise a dhéanamh i gcomhréir le pointe 2;

4.

má tá foráil maidir le haisíoc ionadach ann faoina bhfuil cead ag onnmhaireoirí loingsithe allmhairithe áirithe a roghnú ar a n-éilítear aisíoc, níor cheart a mheas go dtugann sé sin ann féin fóirdheontas;

5.

mheasfaí aisíoc iomarcach ar mhuirir ar allmhairí a bheith ann, de réir bhrí phointe (i) d'Iarscríbhinn I, i gcás inar íoc rialtais ús ar aon airgead a aisíocadh faoina scéimeanna aisíoca, a mhéid den ús a íocadh go hiarbhír nó atá iníoctha.


IARSCRÍBHINN IV

(Macasamhail is ea an Iarscríbhinn seo d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú ar Thalmhaíocht. Aon téarmaí nó nathanna nach mínítear anseo nó nach bhfuil féinmhínitheach, tá siad le léiriú i gcomhthéacs an Chomhaontaithe sin.)

TACAÍOCHT INTÍRE: BUNÚS AN DÍOLÚINE Ó NA GEALLTANAIS UM LAGHDÚ

1.   Bearta tacaíochta intíre a n-éilítear díolúine ina leith ó na gealltanais um laghdú, comhlíonfaidh siad an bunriachtanas nach bhfuil aon éifeachtaí saofa ar thrádáil nó éifeachtaí ar tháirgeadh acu, nó, ar an chuid is mó, éifeachtaí íosta. Dá réir sin, gach beart a n-éilítear díolúine ina leith, beidh sé i gcomhréir leis na critéir bhunúsacha seo a leanas:

(a)

déanfar an tacaíocht atá i gceist a chur ar fáil trí chlár rialtais atá maoinithe go poiblí (lena n-áirítear ioncam rialtais atá ligthe thar ceal) nach mbaineann aistrithe ó thomhaltóirí leis; agus

(b)

ní bheidh d'éifeacht ag an tacaíocht atá i gceist go dtabharfar tacaíocht praghsanna do tháirgeoirí;

móide critéir agus na coinníollacha a bhaineann go sonrach le beartais agus atá leagtha amach thíos.

Cláir seirbhísí na Rialtas

2.   Seirbhísí ginearálta

Gabhann caiteachas (nó ioncam atá ligthe thar ceal) le beartais sa chatagóir seo i ndáil le cláir a sholáthraíonn seirbhísí nó sochair don talmhaíocht nó do phobal na tuaithe. Ní ghabhfaidh íocaíochtaí díreacha le táirgeoirí nó le próiseálaithe leo. Cláir den sórt sin, lena n-áirítear an liosta seo a leanas ach nach bhfuil teoranta dó, comhlíonfaidh sé na critéir ghinearálta i bpointe 1 agus coinníollacha a bhaineann go sonrach le beartais agus atá leagtha amach thíos:

(a)

taighde, lena n-áirítear taighde ginearálta, taighde i dtaca le cláir comhshaoil, agus cláir thaighde a bhaineann le táirgí áirithe;

(b)

rialú lotnaidí agus galar, lena n-áirítear bearta rialaithe ginearálta agus bearta rialaithe a bhaineann go sonrach le táirge ar leith chun lotnaidí agus galair a rialú, mar shampla córais luathrabhaidh, coraintín agus díothú;

(c)

seirbhísí oiliúna, lena n-áirítear saoráidí oiliúna ginearálta agus sonracha;

(d)

seirbhísí comhairleacha agus um shíneadh, lena n-áirítear modhanna a sholáthar chun aistriú faisnéise agus torthaí taighde chuig táirgeoirí agus tomhaltóirí a éascú;

(e)

seirbhísí cigireachta, lena n-áirítear seirbhísí cigireachta ginearálta agus iniúchadh a dhéanamh ar tháirgí áirithe chun críocha sláinte, sábháilteachta, grádaithe nó caighdeánaithe;

(f)

seirbhísí margaíochta agus cur chun cinn, lena n-áirítear eolas faoin margadh, comhairle agus cur chun cinn a bhaineann le táirgí áirithe ach gan caiteachas chun críoch neamhshonraithe a chur san áireamh a d'fhéadfadh díoltóirí a úsáid chun a bpraghas díola a laghdú, nó tairbhe dhíreach eacnamaíoch a bhronnadh ar cheannaitheoirí; agus

(g)

seirbhísí bonneagair, lena n-áirítear: líonobair leictreachas, bóithre agus modhanna eile iompair, saoráidí margaidh agus calafoirt, saoráidí soláthair uisce, dambaí agus scéimeanna draenála, agus oibreacha bonneagair a bhaineann le cláir comhshaoil. I ngach cás, ní dhéanfar an caiteachas a dhíriú ach ar oibreacha caipitil a sholáthar nó a thógáil, agus eiseoidh sé saoráidí ar an bhfeirm, seachas chun fóntais phoiblí atá ar fáil don phobal i gcoitinne a líonoibriú, a sholáthar faoi fhóirdheontas. Ní chuimseoidh sé fóirdheontais ar ionchuir nó ar chostais oibriúcháin, nó muirir úsáideora tosaíochta.

3.   Stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha slándála bia (1)

Caiteachas (nó ioncam atá ligthe thar ceal) i ndáil le carnadh agus sealbhú stoc táirgí atá mar chuid lárnach de chlár slándála bia, a aithníodh i reachtaíocht náisiúnta. D'fhéadfaí a áireamh leis sin cúnamh rialtais do stóráil phríobháideach táirgí mar chuid de chlár den sórt sin.

Freagróidh méid agus carnadh an stoic sin do spriocanna réamhshocraithe a bhaineann le slándáil bia amháin. Próiseas charnadh agus dhiúscairt an stoic, beidh sé trédhearcach ó thaobh airgeadais de. Déanfar ceannacháin bia an rialtais ar phraghsanna margaidh reatha agus déanfar díolacháin ó stoic slándála bia ar phraghas nach lú ná an praghas margaidh reatha intíre le haghaidh an táirge agus na cáilíochta atá i gceist.

4.   Cúnamh bia intíre (2)

Caiteachas (nó ioncam atá ligthe thar ceal) i ndáil le soláthar cúnaimh bia intíre do chodanna den daonra atá i ngátar.

Incháilitheacht an cúnamh bia a fháil, beidh sí faoi réir critéar a sainíodh go soiléir agus a bhaineann le cuspóirí cothaithe. Beidh cúnamh den sórt sin mar sholáthar díreach bia dóibh siúd lena mbaineann nó acmhainní a sholáthar d'fhaighteoirí incháilithe chun go bhféadfaidh siad bia a cheannach ar an margadh nó ar phraghsanna fóirdheonaithe. Déanfar ceannach bia an rialtais ar phraghsanna margaidh reatha agus beidh maoiniú agus riaradh an chúnaimh trédhearcach.

5   Íocaíochtaí díreacha le táirgeoirí

Tacaíocht a cuireadh ar fáil trí íocaíochtaí díreacha (nó ioncam a ligeadh thar ceal, lena n-áirítear íocaíochtaí comhchineáil) do tháirgeoirí a n-éilítear díolúine ó ghealltanais laghdaithe ina leith, comhlíonfaidh sí na critéir bhunúsacha a leagtar amach i bpointe 1, móide critéir shonracha a bhaineann le cineálacha aonair íocaíochta dírí mar atá leagtha amach i bpointí 6 go 13. I gcás ina n-éilítear díolúine ó laghdú le haghaidh aon chineál reatha nó nua íocaíochta dírí seachas iad siúd atá sonraithe i bpointí 6 go 13, beidh sé i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach i bpointí 6 (b) go (e), i dteannta leis na critéir ghinearálta atá leagtha amach i bpointe 1.

6.   Tacaíocht ioncaim dhíchúpláilte

(a)

Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh de réir critéir a shaineofar go soiléir amhail ioncam, stádas mar tháirgeoir nó úinéir talún, a úsáid tosca nó leibhéal táirgeachta i mbuntréimhse shainithe sheasta.

(b)

Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe air sin.

(c)

Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta a bhaineann le haon táirgeadh a rinneadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(d)

Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith leis na tosca táirgeachta a úsáideadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(e)

Ní éileofar aon táirgeadh d'fhonn íocaíochtaí den sórt sin a fháil.

7.   Rannpháirtíocht airgeadais an Rialtais i dtaca le hárachas ioncaim agus cláir slándála ioncaim

(a)

Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh trí chaillteanas ioncaim, gan ach ioncam a fhaightear ó thalmhaíocht a chur san áireamh, ar mó é ná 30 % den ollioncam meánach nó a chomhionann in ioncam glan (gan aon íocaíochtaí ó na scéimeanna céanna nó ó scéimeanna den chineál céanna) sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana arna bhunú ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an iontráil is ísle. Aon táirgeoir a chomhlíonfaidh an coinníoll sin, beidh sé i dteideal na híocaíochtaí a fháil.

(b)

Cúiteoidh méid na n-íocaíochtaí den sórt sin níos lú ná 70 % de chaillteanas ioncaim an táirgeora le linn na bliana a n-éiríonn an táirgeoir incháilithe an cúnamh sin a fháil.

(c)

Ní bhainfidh méid aon íocaíochtaí den sórt sin ach le hioncam; ní bhainfidh sé le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir; nó leis na praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta, a bhaineann le táirgeadh den sórt sin; nó leis na tosca táirgeachta atá úsáideadh.

(d)

I gcás ina bhfaighidh táirgeoir san aon bhliain íocaíochtaí de bhun an phointe seo agus de bhun phointe 8 (faoiseamh ó thubaistí nádúrtha), beidh iomlán na n-íocaíochtaí den sórt sin níos lú ná 100 % de chaillteanas iomlán an táirgeora.

8.   Íocaíochtaí (a dhéantar go díreach nó trí rannpháirtíocht airgeadais an rialtais i scéimeanna árachais barr) le haghaidh faoiseamh ó thubaistí nádúrtha

(a)

Ní thiocfaidh incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin i gceist ach amháin tar éis aitheantas foirmiúil ó údaráis rialtais gur tharla tubaiste nádúrtha nó a leithéid (lena n-áirítear ráigeanna galair, inmhíolú lotnaidí, timpistí núicléacha, agus cogadh ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann), nó go bhfuil sé ag tarlú; agus déanfar é a chinneadh le caillteanas táirgeachta is mó ná 30 % den mheán táirgeachta sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana arna bhunú ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an iontráil is ísle.

(b)

Ní dhéanfar íocaíochtaí arna ndéanamh tar éis tubaiste a chur i bhfeidhm ach amháin i leith caillteanas ioncaim, beostoc (lena n-áirítear íocaíochtaí i ndáil le cóireáil tréidliachta na n-ainmhithe), talaimh nó tosca táirgthe eile mar gheall ar an tubaiste nádúrtha atá i gceist.

(c)

Ní chúiteoidh na híocaíochtaí níos mó ná an costas iomlán a bhaineann le caillteanais den sórt sin a ionadú agus ní cheanglóidh sé nó ní shonróidh sé cineál nó méid na táirgeachta amach anseo.

(d)

Ní rachaidh íocaíochtaí a rinneadh le linn tubaiste thar an leibhéal is gá chun cosc a chur le caillteanas breise mar a shainítear i gcritéar atá leagtha amach i bpointe (b), nó é a mhaolú.

(e)

I gcás ina bhfaighidh táirgeoir san aon bhliain íocaíochtaí de bhun an phointe seo agus de bhun phointe 7 (árachas ioncaim agus cláir slándála ioncaim), beidh iomlán na n-íocaíochtaí den sórt sin níos lú ná 100 % de chaillteanas iomlán an táirgeora.

9.   Cúnamh do choigeartú struchtúrach a chuirtear ar fáil trí chláir scoir táirgeoirí

(a)

Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh trí thagairt do chritéir atá sainithe go soiléir i gcláir a ceapadh chun scor daoine atá i mbun táirgeadh talmhaíochta indíolta, nó iad a bhogadh chuig gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta a éascú.

(b)

Beidh na híocaíochtaí sin coinníollach ar scor iomlán buan na bhfaighteoirí ó tháirgeadh talmhaíochta indíolta.

10.   Cúnamh do choigeartú struchtúrach a chuirtear ar fáil trí chláir scoir acmhainní

(a)

Cinnfear incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin trí thagairt do chritéir atá sainithe go soiléir i gcláir a ceapadh chun talamh nó acmhainní eile, lena n-áirítear beostoc, a bhaint ó tháirgeadh talmhaíochta indíolta.

(b)

Beidh na híocaíochtaí sin ag brath ar thalamh a scor ó tháirgeadh talmhaíochta indíolta ar feadh trí bliana ar a laghad, agus i gcás beostoic ar a mharú nó a dhiúscairt go buan cinntitheach.

(c)

Ní cheanglóidh agus ní shaineoidh íocaíochtaí aon úsáid eile le haghaidh na talún sin nó acmhainní eile atá i gceist chun táirgí talmhaíochta indíolta a tháirgeadh.

(d)

Ní bheidh baint ag íocaíochtaí le cineál nó le méid na táirgeachta nó leis na praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta, a bhaineann le táirgeadh a rinneadh agus leas á bhaint as an talamh nó as acmhainní eile atá fós ag táirgeadh.

11.   Cúnamh do choigeartú struchtúrach a chuirtear ar fáil trí chabhair infheistíochta

(a)

Cinnfear incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin trí thagairt do chritéir a shaineofar go soiléir i gcláir rialtais a ceapadh chun cabhrú le hathstruchtúrú airgeadais nó fisiciúil oibríochtaí táirgeora mar fhreagra ar mhíbhuntáistí struchtúracha a léiríodh go hoibiachtúil. Féadfar incháilitheacht do chláir dá leithéid a bheith bunaithe freisin ar chlár rialtais atá sainithe go soiléir chun talamh talmhaíochta a athphríobháidiú.

(b)

Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe air sin, seachas mar a fhoráilfear faoi chritéar (e).

(c)

Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta a bhaineann le haon táirgeadh a rinneadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(d)

Ní thabharfar na híocaíochtaí ach amháin ar feadh na tréimhse ama is gá do réadú na hinfheistíochta a gcuirtear ar fáil iad ina leith.

(e)

Ní dhéanfaidh na híocaíochtaí sainordú nó ainmniú ar bhealach ar bith ar na táirgí talmhaíochta atá le táirgeadh ag na faighteoirí ach amháin a cheangal orthu gan táirge ar leith a tháirgeadh.

(f)

Teorainneofar na híocaíochtaí don mhéid is gá chun an míbhuntáiste struchtúrach a chúiteamh.

12.   Íocaíochtaí faoi chláir chomhshaoil

(a)

Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh mar chuid de chlár comhshaoil nó caomhnaithe rialtais a shaineofar go soiléir agus beidh sé ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sonracha faoin gclár rialtais, lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le modhanna táirgthe nó ionchuir.

(b)

Teorainneofar méid na híocaíochta do na costais bhreise nó don chaillteanas ioncaim a bhaineann le comhlíonadh an chláir rialtais.

13.   Íocaíochtaí faoi chláir cúnaimh réigiúnaigh

(a)

Teorainneofar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin do tháirgeoirí i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste. Ní mór do gach réigiún den sórt sin a bheith ina limistéar geografach tadhlach ainmnithe go soiléir, agus sainfhéiniúlacht eacnamaíoch agus riaracháin aige, a mheastar a bheith faoi mhíbhuntáiste ar bhonn critéar neodrach agus oibiachtúil a léirítear go soiléir i dlí nó rialachán agus a léiríonn nach as cúinsí sealadacha a eascraíonn deacrachtaí an réigiúin.

(b)

Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir in aon bhliain tar éis na buntréimhse seachas chun an táirgeadh sin a laghdú.

(c)

Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta a bhaineann le haon táirgeadh a rinneadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(d)

Ní bheidh íocaíochtaí ar fáil ach amháin do tháirgeoirí i réigiúin atá cáilithe, ach beidh siad ar fáil de ghnáth do gach táirgeoir laistigh de na réigiúin sin.

(e)

I gcás ina mbaineann siad le tosca táirgthe, déanfar íocaíochtaí ag ráta céimlaghdaitheach agus iad os cionn leibhéal tairseach na toisce lena mbaineann.

(f)

Teorainneofar na híocaíochtaí do na costais bhreise nó don chaillteanas ioncaim a bhaineann le dul i mbun táirgeadh talmhaíochta indíolta sa limistéar forordaithe.


(1)  Chun críche phointe 3 den Iarscríbhinn seo, déanfar cláir stocshealbhaíochta rialtais chun críocha slándála bia i dtíortha atá i mbéal forbartha a bhfuil a n-oibriú trédhearcach agus á chur i gcrích i gcomhréir le critéir nó treoirlínte oibiachtúla atá foilsithe go hoifigiúil a mheas a bheith i gcomhréir le forálacha an phointe seo, lena n-áirítear cláir faoina bhfaightear stoic earraí bia chun críocha slándála bia agus iad a scaoileadh ar phraghsanna riartha, ar choinníoll go bhfuil an difríocht idir an praghas fála agus an praghas tagartha seachtrach curtha san áireamh in AMS.

(2)  Chun críocha phointe 3 agus phointe 4 den Iarscríbhinn seo, déanfar soláthar earraí bia ar phraghsanna ar tugadh fóirdheontas ina leith leis an gcuspóir freastal ar riachtanais bia daoine bochta uirbeacha agus tuaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha ar bhonn rialta ar phraghsanna réasúnta a mheas a bheith i gcomhréir le forálacha an phointe seo.


IARSCRÍBHINN V

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle

(IO L 188, 18.7.2009, lch. 93)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 18 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN VI

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 597/2009

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 11

Airteagail 1 go 11

Airteagal 12(1) go (4)

Airteagal 12(1) go (4)

Airteagal 12(6)

Airteagal 12(5)

Airteagal 13 agus Airteagal 14

Airteagal 13 agus Airteagal 14

Airteagal 15(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 15(2), an chéad abairt

Airteagal 15(2), an chéad fhomhír

Airteagal 15(2), an dara habairt

Airteagal 15(2), an dara fomhír

Airteagal 15(3)

Airteagal 15(3)

Airteagail 16 go 27

Airteagail 16 go 27

Airteagal 28(1) go (4)

Airteagal 28(1) go (4)

Airteagal 28(5), an chéad abairt

Airteagal 28(5), an chéad fhomhír

Airteagal 28(5), an dara habairt

Airteagal 28(5), an dara fomhír

Airteagal 28(6)

Airteagal 28(6)

Airteagail 29 go 33

Airteagail 29 go 33

Airteagal 33a

Airteagal 34

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 35

Airteagal 36

Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV

Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI


Ceartúchán

30.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

92


Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2015/1892 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 lena bhformheastaran Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 279 Eagrán Speisialta Gaeilge an 23 Deireadh Fómhair 2015 )

Ar leathanach 42, sa teideal:

in ionad:

“CINNEADH (AE) 2015/1892 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Deireadh Fómhair 2015

lena bhformheastaran Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach”,

léitear:

“CINNEADH (AE) 2015/1892 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2014

lena bhformheastar an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach”.

Ar leathanach 42, in Airteagal 2, sa dara mír:

in ionad:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 1 Deireadh Fómhair 2015.”,

léitear:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18 Feabhra 2014.”.


Top