EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R1006

Rialachán (CE) Uimh. 1006/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 286, 31.10.2009, p. 31–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 16 Volume 002 P. 147 - 151

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R2152

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1006/oj

31.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/31


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1006/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an soláthar bliantúil staidrimh i ndáil leis an tsochaí faisnéise a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), sriantar é ar feadh tréimhse suas go cúig bliana tagartha tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin agus tiocfaidh deireadh leis sa bhliain 2009. Tá gá leanúnach, áfach, ar leibhéal an Chomhphobail, leis an soláthar bliantúil faisnéise comhleanúnaí staidrimh ar réimse na sochaí faisnéise.

(2)

Leag Comhairle Eorpach Mhárta 2005 béim ar a thábhachtaí atá sé sochaí faisnéise atá go hiomlán uilechuimsitheach a thógáil, agus í bunaithe ar úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (ICTanna) i seirbhísí poiblí, i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) agus i dteaghlaigh.

(3)

D’aithin Comhairle Eorpach Mhárta 2006 an tábhacht mhór atá le húsáid níos táirgiúla ICTanna i ngnóthaí agus in eagraíochtaí riaracháin agus d’iarr sí ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis i2010 a chur chun feidhme le fuinneamh. Leis an straitéis sin, déantar geilleagar digiteach atá oscailte agus iomaíoch a chur chun cinn agus tugtar suntas do ICT mar thiománaí i gcomhair uilechuimsitheachta agus ardchaighdeáin maireachtála. Glactar léi mar ghné thábhachtach de chomhpháirtíocht athnuaite Liospóin le haghaidh foráis agus fostaíochta.

(4)

In Aibreán 2006, thacaigh Grúpa Ardleibhéil i2010, arna chur ar bun le Cinneadh 2006/215/CE ón gCoimisiún (3), le creat tagarmharcála i2010, lena leagtar amach liosta táscairí tábhachtacha chun forbairt na sochaí faisnéise Eorpaí a thagarmharcáil de réir mar atá leagtha síos i straitéis i2010.

(5)

Le Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Creat-Chlár Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (4) cuidítear le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta a mhéadú sa Chomhphobal, le cur chun cinn na sochaí eolais a chur ar aghaidh, agus le forbairt inbhuanaithe a chothú atá bunaithe ar fhorás cothrom eacnamaíoch. Leis an gCinneadh sin, ceanglaítear ar an gComhphobal bonn fónta anailíse a áirithiú dó féin chun tacú le ceapadh beartais i roinnt réimsí. Tacaíonn an creat-chlár arna chur ar bun leis an gCinneadh sin le gníomhaíochtaí le haghaidh anailísí beartais atá bunaithe ar staidreamh oifigiúil.

(6)

Éilítear leis an Dearbhú Aireachta ar r-Uilechuimsitheacht, a glacadh i Ríge an 11 Meitheamh 2006, go mbeadh sochaí faisnéise uilechuimsitheach ann. Leagann sé síos an creat i gcomhair beartais chuimsithigh ar r-Uilechuimsitheacht agus tugann sé aghaidh ar shaincheisteanna i réimsí amhail an tsochaí atá ag aosú, an bhearna dhigiteach ó thaobh na geografaíochta de, inrochtaineacht, litearthacht dhigiteach agus inniúlachtaí digiteacha, éagsúlacht chultúrtha agus seirbhísí poiblí uilechuimsitheacha ar líne. Iarrtar ar an gCoimisiún ann tacú le bailiú fianaise agus le tagarmharcáil laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de.

(7)

Maidir leis na táscairí chun tagarmharcáil a dhéanamh ar fhorbairt na sochaí faisnéise mar a cuireadh in iúl i straitéisí polaitiúla an Chomhphobail, amhail creat tagarmharcála i2010 de chuid straitéis i2010 agus na forbairtí breise air faoi straitéis Liospóin, ba cheart iad a bhunú ar fhaisnéis chomhleanúnach staidrimh.

(8)

Ba cheart go gcuirfeadh an leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (5) san áireamh.

(9)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo leis an ualach atá ar fhreagróirí agus ar údaráis staidrimh náisiúnta, ar ualach é a thomhaistear de réir líon na n-athraitheach sainordaitheach nó fhad na n-agallamh, maidir le bailiú agus le tarchur staidrimh chomhchuibhithe i gcomparáid leis an staid a bhí ann sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 a leasú dá réir.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 leis seo mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

‘1.   Beidh ar áireamh sa staidreamh atá le tiomsú faisnéis atá úsáideach i ndáil leis na táscairí struchtúracha agus atá ag teastáil chun straitéisí polaitiúla an Chomhphobail maidir le forbairt an spáis faisnéise Eorpaigh, le nuálaíocht i gcúrsaí gnó agus leis an tsochaí faisnéise Eorpach a thagarmharcáil, amhail creat tagarmharcála i2010 agus forbairtí air faoi straitéis Liospóin, agus faisnéis eile is gá chun bonn aonfhoirmeach a sholáthar ar a ndéanfar anailís ar an tsochaí faisnéise.’;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

An tslí ina ndéileáiltear le sonraí agus sonraí a tharchur agus a scaipeadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a éilítear leis an Rialachán seo, agus le bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (7) ar tharchur sonraí rúnda.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a éilítear leis an Rialachán seo a tharchur i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe arna chomhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

3.   Beidh feidhm ag Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis an tslí ina ndéileáiltear le sonraí rúnda agus maidir le scaipeadh sonraí rúnda.

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Cáilíocht staidrimh agus tuarascálacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit caighdeán na sonraí a tharchuirtear a áirithiú.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta arna leagan síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Gach bliain, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear mar aon le haon athruithe modheolaíocha a bheidh déanta a sholáthar don Choimisiún (Eurostat). Soláthrófar an tuarascáil aon mhí amháin tar éis tharchur na sonraí.’;

4.

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle 13 Iúil 2009.

(2)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 49.

(3)  IO L 80, 17.3.2006, lch. 74.

(4)  IO L 310, 9.11.2006, lch. 15.

(5)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(6)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(7)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.’;


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Modúl 1: Fiontair agus an tSochaí faisnéise

(1)   Aidhmeanna

Is é is aidhm don mhodúl seo staidreamh a sholáthar go tráthúil i ndáil le fiontair agus an tsochaí faisnéise. Soláthraítear creat leis le haghaidh na riachtanas i dtéarmaí a bhaineann leis an gcumhdach, le ré agus le tréimhsiúlacht, leis na hábhair atá cumhdaithe, le miondealú ar na sonraí a sholáthrófar, leis an gcineál sonraí a sholáthrófar agus le haon staidéir phíolótacha nó féidearthachta atá riachtanach.

(2)   Cumhdach

Cumhdaítear an modúl seo gníomhaíochtaí gnó faoi Roinn C go Roinn N agus faoi Roinn R agus faoi Rannán 95 den aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE REV. 2).

Tiomsófar staidreamh maidir le haonaid fhiontraíochta.

(3)   Ré agus tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí

Soláthrófar staidreamh go bliantúil ar feadh tréimhse suas go 15 bliana tagartha ón 20 Bealtaine 2004. Ní gá go soláthrófar gach saintréith gach bliain; déanfar tréimhsiúlacht an tsoláthair maidir le gach saintréith ar leith a shonrú agus a aontú mar chuid de na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8.

(4)   Na hábhair atá cumhdaithe

Bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na saintréithe atá le soláthar:

córais ICT agus an chaoi a n-úsáidtear iad i bhfiontair,

úsáid an idirlín agus gréasán leictreonach eile ag fiontair,

r-thráchtáil,

próisis r-ghnó agus gnéithe eagrúcháin,

úsáid ICT ag fiontair chun faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus lucht riaracháin phoiblí (r-rialtas),

inniúlacht ICT san aonad fiontraíochta agus an gá le scileanna ICT,

bacainní ar úsáid ICT, an idirlín agus gréasán leictreonach eile, agus próiseas r-thráchtála agus r-ghnó,

caiteachas agus infheistíocht ICT,

slándáil agus iontaofacht ICT,

úsáid ICT agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol (ICT Glas),

rochtain ar an idirlíon agus ar theicneolaíochtaí gréasáin eile, agus úsáid na nithe sin, chun nithe agus feistí a cheangal le chéile (Idirlíon na Rudaí Nithiúla),

rochtain ar theicneolaíochtaí, agus úsáid teicneolaíochtaí, trína soláthraítear an cumas chun dul i gceangal leis an idirlíon nó le gréasáin eile ó áit ar bith in am ar bith (lúdracht uileláithreach).

Ní chumhdófar gach ábhar gach bliain.

(5)   Miondealú ar sholáthar sonraí

Ní gá go ndéanfar gach miondealú a sholáthar gach bliain; bainfear leas as an liosta seo a leanas chun na miondealuithe a tharraingt suas, agus cineál na n-aonad staidrimh, an cháilíocht a bhfuiltear ag súil léi maidir leis na sonraí staidrimh agus méid iomlán na samplála á gcur san áireamh. Aontófar na miondealuithe mar chuid de na bearta cur chun feidhme:

de réir aicme méide,

de réir cheannteideal NACE,

de réir réigiúin: beidh miondealuithe de réir réigiúin teorannaithe do thrí ghrúpáil ar a mhéid.

(6)   An cineál sonraí a sholáthrófar

Tarchuirfidh na Ballstáit sonraí comhiomlána chuig an gCoimisiún (Eurostat).

(7)   Staidéir fhéidearthachta agus phíolótacha

Aon uair a shainaithnítear riachtanais nua shuntasacha maidir le sonraí, nó aon uair atá gá le táscairí nua de chineál casta, tionscnóidh an Coimisiún staidéir fhéidearthachta nó phíolótacha a bheidh le cur i gcrích ar bhonn deonach ag na Ballstáit sula mbaileofar aon sonraí. Leis na staidéir sin, déanfar measúnacht ar an bhféidearthacht a bhaineann le bailiú na sonraí faoi seach, agus na buntáistí a bhaineann le hinfhaighteacht na sonraí i gcoibhneas leis an gcostas bailiúcháin agus an ualach ar fhreagróirí á gcur san áireamh. Trí thorthaí na staidéar féidearthachta nó píolótach seo, rannchuideofar le sainiú táscairí nua.

IARSCRÍBHINN II

Modúl 2: Daoine aonair, teaghlaigh agus an tsochaí faisnéise

(1)   Aidhmeanna

Is é is aidhm don mhodúl seo staidreamh a sholáthar go tráthúil i ndáil le daoine aonair, le teaghlaigh agus leis an tsochaí faisnéise. Soláthraítear creat leis le haghaidh na riachtanas i dtéarmaí a bhaineann leis an gcumhdach, le ré agus le tréimhsiúlacht, leis na hábhair atá cumhdaithe, le saintréithe cúlra shocheacnamaíoch na sonraí a sholáthrófar, leis an gcineál sonraí a sholáthrófar agus le haon staidéir phíolótacha nó féidearthachta atá riachtanach.

(2)   Cumhdach

Cumhdaíonn an modúl seo staidreamh i ndáil le daoine aonair agus teaghlaigh.

(3)   Ré agus tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí

Soláthrófar staidreamh go bliantúil ar feadh tréimhse suas go 15 bliana tagartha ón 20 Bealtaine 2004. Ní gá go soláthrófar gach saintréith gach bliain; déanfar tréimhsiúlacht an tsoláthair maidir le gach saintréith ar leith a shonrú agus a aontú mar chuid de na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8.

(4)   Na hábhair atá cumhdaithe

Bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na saintréithe atá le soláthar:

rochtain ar ICT agus úsáid ICT ag daoine aonair agus/nó ag teaghlaigh,

úsáid an idirlín agus gréasán leictreonach eile ag daoine aonair agus/nó ag teaghlaigh le haghaidh cuspóirí éagsúla,

slándáil agus iontaofacht ICT,

inniúlacht agus scileanna ICT,

bacainní ar úsáid ICT agus an idirlín,

iarmhairtí a bhraitear a bheith ann do dhaoine aonair agus/nó do theaghlaigh mar gheall ar úsáid ICT,

úsáid ICT ag daoine aonair chun faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus le lucht riaracháin phoiblí (r-rialtas),

rochtain ar theicneolaíochtaí, agus úsáid teicneolaíochtaí, lena gcumasaítear dul i gceangal leis an idirlíon nó le gréasáin eile ó áit ar bith in am ar bith (lúdracht uileláithreach).

Ní chumhdófar gach ábhar gach bliain.

(5)   Saintréithe cúlra shocheacnamaíoch maidir le soláthar sonraí

Ní gá go ndéanfar gach saintréith chúlra a sholáthar gach bliain; bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí chun na saintréithe cúlra a tharraingt suas agus aontófar na saintréithe cúlra mar chuid de na bearta cur chun feidhme:

(a)

i gcás staidrimh a sholáthrófar maidir le teaghlaigh:

de réir cineáil teaghlaigh,

de réir grúpa ioncaim,

de réir réigiúin.

(b)

i gcás staidrimh a sholáthrófar maidir le daoine aonair:

de réir aoisghrúpa,

de réir inscne,

de réir leibhéil oideachais,

de réir staide fostaíochta,

de réir stádais pósta de facto,

de réir tíre breithe, saoránachta,

de réir réigiúin.

(6)   An cineál sonraí a sholáthrófar

Tarchuirfidh na Ballstáit taifid aonair sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), ach ní cheadófar na haonaid staidrimh lena mbaineann a shainaithint go díreach trí na taifid sin.

(7)   Staidéir fhéidearthachta agus phíolótacha

Aon uair a shainaithnítear riachtanais nua shuntasacha maidir le sonraí nó aon uair atá gá le táscairí nua de chineál casta, tionscnóidh an Coimisiún staidéir fhéidearthachta nó phíolótacha a bheidh le cur i gcrích ar bhonn deonach ag na Ballstáit sula mbaileofar aon sonraí. Leis na staidéir sin, déanfar measúnacht ar an bhféidearthacht a bhaineann le bailiú na sonraí faoi seach, agus na buntáistí a bhaineann le hinfhaighteacht na sonraí i gcoibhneas leis an gcostas bailiúcháin agus leis an ualach ar fhreagróirí á gcur san áireamh. Trí thorthaí na staidéar féidearthachta nó píolótach seo rannchuideofar le sainmhíniú táscairí nua.


Top