Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007X1214(01)

Mínithe Maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha

OJ C 303, 14.12.2007, p. 17–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 01 Volume 007 P. 120 - 138

14.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/17


MÍNITHE  (1) MAIDIR LEIS AN gCAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA

(2007/C 303/02)

Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

TEIDEAL I – DÍNIT

Míniú ar Airteagal 1 – Dínit an duine

Ceart bunúsach ann féin is ea dínit an duine; ní hé amháin sin ach is í is bonn, dáiríre, do na cearta bunúsacha. Rinneadh dínit an duine a chumhdach i 1948 i mbrollach an Dearbhaithe Uilechoitinn um Chearta an Duine: ‘... de bhrí go bhfuil aitheantas ar an dínit inghreamaithe agus ar na cearta comhionanna dosháraithe atá ag gach duine sa teaghlach daonna mar bhunús leis an tsaoirse, leis an gceartas agus leis an tsíocháin sa chruinne’. Sa bhreithiúnas a thug sí an 9 Deireadh Fómhair 2001 i gcás C–377/98 an Ísiltír v. Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, 2001 ECR I-7079, i bhforais Uimh. 70 – 77, dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais ceart bunúsach an duine chun a dhínite.

Fágann sin nach féidir úsáid a bhaint as aon cheann de na cearta a leagtar síos sa Chairt seo chun dochar a dhéanamh do dhínit duine eile, agus gur cuid de shubstaint na gceart a leagtar síos sa Chairt seo í dínit an duine. Ní mór, dá bhrí sin, í a urramú, fiú amháin agus srian á chur ar cheart.

Míniú ar Airteagal 2 – Ceart chun beatha

1.

Tá mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar an gcéad abairt d'Airteagal 2(1) den CECD ar mar seo a leanas atá:

‘1.   Cosnóidh an dlí ceart gach uile dhuine chun a bheo...’

2.

Cuireadh as ionad an dara habairt den fhoráil, ina ndearnadh tagairt do phionós an bháis, ar theacht i bhfeidhm d'Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann leis an CECD ar mar seo a leanas atá:

‘Déantar an bhreith bháis a dhíothú. Ní dhaorfar aon duine chun báis ná ní chuirfear aon duine chun báis.’

Tá Airteagal 2(2) den Chairt bunaithe ar an bhforáil sin.

3.

Freagraíonn forálacha Airteagal 2 den Chairt do na hAirteagail thuasluaite den CECD agus dá Phrótacal. Is ionann brí agus raon feidhme dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt. Ní mór a mheas, dá bhrí sin, gur cuid den Chairt freisin iad na sainmhínithe ‘diúltacha’ atá sa CECD:

(a)

Airteagal 2(2) den CECD:

‘Ní mheasfar gur sárú ar an Airteagal seo bás d'imirt ar dhuine trí fhorneart d'úsáid nach mó ná mar is dianghá:

(a)

chun aon duine a chosaint ar fhoréigean neamhdhleathach;

(b)

chun duine a ghabháil go dleathach nó duine faoi choinneáil dhleathach a chosc ar éalú;

(c)

chun gníomh dleathach a dhéanamh d'fhonn círéib nó éirí amach a chur faoi chois.’

(b)

Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann leis an CECD:

‘Féadfaidh Stát an bhreith bháis a fhoráil ina reachtaíocht i leith gníomhartha arna ndéanamh tráth cogaidh nó tráth garbhagairt cogaidh; ní chuirfear an bhreith sin i bhfeidhm ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin agus i gcomhréir leis na forálacha ann ...’.

Míniú ar Airteagal 3 – An ceart chun iomláine an duine

1.

Sa bhreithiúnas a thug sí an 9 Deireadh Fómhair 2001 i gCás C–377/98 an Ísiltír v. Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle 2001 ECR I-7079, forais Uimh. 70, 78 – 80, dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais ceart bunúsach an duine chun a iomláine agus go gcuimsíonn sé, i gcomhthéacs na míochaine agus na bitheolaíochta, saorthoiliú feasach an deontóra agus an fhaighteora.

2.

Tá prionsabail Airteagal 3 den Chairt san áireamh cheana féin sa Choinbhinsiún um Chearta an Duine agus an Bhithmhíochaine, arna ghlacadh ag Comhairle na hEorpa (ETS 164 agus prótacal breise ETS 168). Níl sé d'aidhm ag an gCairt imeacht ó na prionsabail sin agus ní thoirmisctear dá bhrí sin ach an chlónáil atáirgeach. Ní údaraítear ná ní thoirmisctear foirmeacha eile clónála. Ní choisceann sí mar sin, beag ná mór, ar an reachtas saghsanna eile clónála a thoirmeasc.

3.

An tagairt do chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais sin arb é is aidhm dóibh daoine a roghnú, baineann sí leis na hócáidí sin a d'fhéadfadh a bheith ann ina ndéantar cláir roghnaithe a eagrú agus a chur chun feidhme, a chuimsíonn feachtais aimridithe, an toircheas éigeantach, cleamhnais eitneacha éigeantacha, gan ach iad a lua; gníomhartha iad uile a meastar gur cionta idirnáisiúnta iad i Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta arna ghlacadh sa Róimh an 17 Iúil 1998 (féach Airteagal 7(1)(g) de).

Míniú ar Airteagal 4 – Toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach

Is é an ceart atá i gceist in Airteagal 4 an ceart a ráthaítear in Airteagal 3 den CECD, agus is ionann an fhoclaíocht ann: ‘Ní dhéanfar céastóireacht ar dhuine ar bith ná cóir ná pionós mídhaonna nó táirchéimneach a chur air.’ De bhua Airteagal 52(3) den Chairt, is ionann brí agus raon dó agus don Airteagal sa CECD.

Míniú ar Airteagal 5 – Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe

1.

Freagraíonn an ceart atá in Airteagal 5(1) agus (2) d'Airteagal 4(1) agus (2) den CECD, a bhfuil an fhoclaíocht chéanna ann. Mar sin, is ionann brí agus raon feidhme dó agus don Airteagal sa CECD, de bhua Airteagal 52(3) den Chairt. Dá bharr sin:

ní dhéanfaidh aon teorannú difear go dlisteanach don cheart dá bhforáiltear i mír 1;

ní mór féachaint do na sainmhínithe ‘diúltacha’ atá in Airteagal 4(3) den CECD agus brí á baint as an nath ‘saothar éignithe nó éigeantach’ i mír 2:

‘Chun críche an Airteagail seo ní áireofar mar “obair ainneonach nó éigeantach”:

(a)

aon obair a chuirfear faoi dear a dhéanamh i ngnáthchúrsa coinneála a bheas curtha ar dhuine de réir fhorálacha Airteagal 5 den Choinbhinsiún seo nó le linn duine a bheith ar saoirse choinníollach ón gcoinneáil sin;

(b)

aon tseirbhís de ghné mhíleata nó, i gcás agóideoirí coinsiasacha i dtíortha a dtugtar aithint dóibh sin, seirbhís a ordaítear in ionad seirbhíse míleata éigeantaí;

(c)

aon tseirbhís a ordaítear i gcás éigeandáil nó anachain a bheith ag bagairt bhascadh nó aimhleas an phobail;

(d)

aon obair nó seirbhís is cuid de ghnáthdhualgais saoránaigh.’

2.

Eascraíonn mír 3 go díreach ó dhínit an duine agus cuirtear san áireamh sa mhír seo na forbairtí is déanaí sa choireacht eagraithe, eagrú na hinimirce neamhdhlíthiúla brabúsaí, mar shampla, nó gréasáin um dhúshaothrú gnéasach. San Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Europol, tá an sainmhíniú seo a leanas ina dtagraítear don gháinneáil ar mhaithe leis an dúshaothrú gnéasach:‘ciallaíonn “ceannaíocht i ndaoine” duine a chur faoi smacht iarbhír agus neamhdhleathach daoine eile trí fhoréigean nó bagairtí a úsáid nó trí ghaol údaráis a mhí-úsáid nó trí inlíochtaí d'fhonn gabháil le dúshaothrú meirdreachais, foirmeacha dúshaothraithe chollaí agus ionsaí ar mhionaoisigh nó tráchtáil i ndáil le leanaí a thréigean’. I gCaibidil VI den Choinbhinsiún ag cur Chomhaontú Schengen chun feidhme, coinbhinsiún atá lánpháirtithe in acquis an Aontais, a bhfuil an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach ann, tá an fhoclaíocht seo a leanas in Airteagal 27(1) ina dtagraítear do ghréasáin inimirce neamhdhleathaí: ‘Gabhann na Páirtithe Conarthacha ar láimh pionóis iomchuí a fhorchur ar aon duine a chuidíonn nó a fhéachann le cuidiú, ar mhaithe le brabús, le heachtrannach teacht isteach nó fanacht ar chríoch Páirtí Chonarthaigh de shárú ar dhlíthe an Pháirtí Chonarthaigh sin maidir le heachtrannaigh teacht isteach agus fanacht.’ An 19 Iúil 2002, ghlac an Chomhairle cinneadh réime maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac (IO L 203, 1.8.2002, lch. 1) agus sainmhínítear in Airteagal 1 de na cionta atá i gceist leis an ngáinneáil ar dhaoine ar mhaithe leis an dúshaothrú oibre nó leis an teacht i dtír gnéasach, cionta a gcaithfidh na Ballstáit cionta inphionóis a dhéanamh díobh de bhua an chinnidh réime sin.

TEIDEAL II – SAOIRSÍ

Míniú ar Airteagal 6 – An ceart chun saoirse agus slándála

Is iad na cearta atá in Airteagal 6 na cearta a ráthaítear in Airteagal 5 den CECD agus, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, is ionann brí agus raon feidhme dóibh. Dá bhrí sin, ní fhéadfar níos mó de theorainneacha a chur go dlisteanach leo ná na teorainneacha a cheadaítear sa CECD, mar atá in Airteagal 5:

‘1.   Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse agus slándála a phearsan. Ní bhainfear a shaoirse d'aon duine ach amháin sna cásanna seo a leanas agus de réir nós imeachta a bheas ordaithe leis an dlí:

(a)

duine a choinneáil go dleathach tar éis é a chiontú ag cúirt inniúil;

(b)

duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach toisc gan é do dhéanamh de réir ordaithe dleathaigh cúirte nó chun a chur faoi dear go gcomhlíonfar aon oibleagáid a bheas ordaithe leis an dlí;

(c)

duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach chun é a thabhairt os comhair an údaráis dhlíthiúil inniúil as amhras réasúnach go bhfuil sé tar éis cion a dhéanamh nó nuair a mheasfar go réasúnach gur gá sin chun é a chosc ó chion a dhéanamh nó ó theitheadh i ndiaidh cion a dhéanamh;

(d)

mionaoiseach a choinneáil le hordú dleathach chun maoirsiú a dhéanamh ar a chuid oideachais nó é a choinneáil go dleathach chun é a thabhairt os comhair an údaráis dhlíthiúil inniúil;

(e)

daoine a choinneáil go dleathach chun galair tógálach a chosc ó leathadh agus daoine mímheabhracha, anphótairí, andúiligh i ndrugaí, nó fuadairí a choinneáil amhlaidh;

(f)

duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach chun é a chosc ó theacht isteach gan údarás sa tír, nó duine a ghabháil nó a choinneáil amhlaidh a bhfuil beart á thionscnamh ina choinne d'fhonn é d'ionnarbadh nó d'eiseachadadh.

2.   Gach uile dhuine a ghabhfar, cuirfear in iúl dó gan mhoill, i dteanga a thuigfeas sé, na cúiseanna ar gabhadh é agus aon chúiseamh atáthar a chur ina leith.

3.   Gach uile dhuine a ghabhfar nó a choinneofar do réir fhorálacha mhír 1(c) den Airteagal seo, tabharfar gan mhoill é os comhair breithimh nó oifigigh eile ag a bhfuil údarás ón dlí chun cumhacht bhreithiúnach d'fheidhmiú agus beidh sé i dteideal go dtriailfí é laistigh d'am réasúnach nó go saorfaí é ag feitheamh ar a thriail. Féadfar coinníoll a chur lena shaoradh go dtabharfaidh sé ráthaíocht go láithreoidh chun a thriala.

4.   Gach uile dhuine a mbainfear a shaoirse de trína ghabháil nó trína choinneáil beidh sé i dteideal imeachta a thionscnamh trína gcinnfidh cúirt go haibéil dlisteanas a choinneála trína n-ordófar é a shaoradh mura dleathach é a choinneáil.

5.   Gach uile dhuine a ndéanfar gabháil nó coinneáil air contrártha d'fhorálacha an Airteagail seo, beidh aige ceart, is féidir a chur a bhfeidhm, chun cúiteamh d'fháil.’

Ní mór na cearta atá cumhdaithe in Airteagal 6 a urramú, go háirithe nuair a bheidh dlíthe agus gníomhartha reachtacha á nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, ar bhonn Airteagail 82, 83 agus 85 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun na forálacha íosta coiteanna a shainmhíniú maidir le cionta agus pionóis a aicmiú agus maidir le gnéithe áirithe den dlí nós imeachta.

Míniú ar Airteagal 7 – Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh

Freagraíonn na cearta a ráthaítear in Airteagal 7 do na cearta a ráthaítear in Airteagal 8 den CECD. Chun forbairtí sa teicneolaíocht a chur san áireamh, tá an focal ‘cumarsáid’ curtha isteach in ionad an fhocail ‘comhfhreagras’.

I gcomhréir le hAirteagal 52(3) is ionann brí agus raon feidhme dó agus don Airteagal comhfhreagrach sa CECD. Dá dheasca sin, is ionann na teorainneacha a fhéadfar a fhorchur go dlisteanach leis an gceart seo agus na teorainneacha a cheadaítear le hAirteagal 8 den CECD:

‘1.   Tá ag gach uile dhuine an ceart chun go mba slán dó a shaol príobháideach agus saol a theaghlaigh, a ionad cónaithe agus a chomhfhreagras.

2.   Ní chuirfidh aon údarás poiblí isteach ar fheidhmiú an chirt seo, ach sa mhéid go mbeidh sin de réir an dlí agus riachtanach i ndaonlathas ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, le sábháilteacht an phobail nó le leas eacnamaíoch na tíre, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun sláinte nó moráltacht a chosaint nó chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.’

Míniú ar Airteagal 8 – Sonraí pearsanta a chosaint

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 286 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31), agus freisin ar Airteagal 8 den CECD agus ar Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 um Chosaint Daoine Aonair maidir le hUathphróiseáil Sonraí Pearsanta, atá daingnithe ag na Ballstáit uile. Gabhann Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 39 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ionad Airteagal 286 den Chonradh CE anois. Tagraítear freisin do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1). Tá coinníollacha agus teorainneacha sa Treoir agus sa Rialachán thuasluaite maidir le feidhmiú an chirt chun sonraí pearsanta a chosaint.

Míniú ar Airteagal 9 – An ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 12 den CECD ar mar seo a leanas atá: ‘Ar aois in-nuachair a shlánú dóibh tá ag fir agus ag mná an ceart chun pósadh agus teaghlach a bhunú, de réir na ndlíthe náisiúnta a bhaineas le feidhmiú an chirt sin.’ Cuireadh cruth na haimsire seo ar fhoclaíocht an Airteagail chun go gclúdódh sé cásanna ina n-aithníonn an reachtaíocht náisiúnta socraíochtaí eile seachas an pósadh le haghaidh teaghlach a bhunú. Ní thoirmisceann ná ní fhorchuireann an tAirteagal seo stádas an phósta a dheonú d'aontais idir dhaoine den ghnéas céanna. Tá cosúlacht ag an gceart seo, dá bhrí sin, leis an gceart a dheonaítear sa CECD, ach féadfaidh raon feidhme níos leithne a bheith aige nuair a fhoráiltear amhlaidh le reachtaíocht náisiúnta.

Míniú ar Airteagal 10 – Saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin

Freagraíonn an ceart a ráthaítear i mír 1 don cheart a ráthaítear in Airteagal 9 den CECD agus, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt is ionann an raon feidhme atá aige agus atá ag an Airteagal sin. Ní mór dá bhrí sin do theorainneacha leis an gceart sin Airteagal 9(2) den Choinbhinsiún a urramú ar mar a leanas atá: ‘Ní bheidh de shrian ar shaoirse duine chun a chreideamh nó a dheimhne d'fhoilsiú ach pé srian a ordófar le dlí agus is gá i ndaonlathas ar mhaithe le slándáil an phobail, chun an t-ord poiblí, an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint, nó chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.’

Freagraíonn an ceart a ráthaítear i mír 2 do na traidisiúin bhunreachtúla náisiúnta agus don fhorbairt atá tagtha ar an reachtaíocht náisiúnta maidir leis an gceist seo.

Míniú ar Airteagal 11 – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

1.

Freagraíonn Airteagal 11 d'Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar mar seo a leanas atá:

‘1.   Tá ag gach uile dhuine an ceart chun tuairimí a nochtadh. Áirítear sa cheart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag duine agus chun eolas agus smaointe a ghlacadh agus a leathadh gan aon bhac ón údarás poiblí agus gan aird ar chríochtheoranta. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo aon Stát a chosc óna chur faoi dear do ghnóthais forleatha, chianamharcaíochta nó chineama ceadúnais a bheith acu.

2.   Ós rud é go bhfuil dualgais agus mortabháil ag gabháil le feidhmiú na saoirsí sin, is cead go mbeadh a bhfeidhmiú faoi réir pé foirmiúlachtaí, coinníollacha, srianta nó pionós a bheas ordaithe le dlí agus is gá i ndaonlathas, ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, le comhláine chríocha an Stáit nó le sábháilteacht an phobail, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint, chun clú nó cearta daoine eile a chosaint, chun cosc a chur le sceitheadh aon eolais a gheofar i modh rúin, nó chun údarás agus neamhchlaontacht breithiúna a chumhdach.’

De bhun Airteagal 52(3) den Chairt is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear sa CECD. Ní fhéadfar, mar sin, níos mó de theorainneacha a chur go dlisteanach leis ná na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) den Choinbhinsiún, gan dochar d'aon srianta a fhéadfar a fhorchur le dlí iomaíochta an Aontais ar cheart na mBallstát na socruithe maidir le ceadúnais dá dtagraítear sa tríú habairt d'Airteagal 10(1) den CECD a thabhairt isteach.

2.

Léiríonn mír 2 den Airteagal seo go soiléir iarmhairtí mhír 1 maidir le saoirse na meán. Tá sé bunaithe ach go háirithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an teilifís, go háirithe sa chás C–288/89 (breithiúnas an 25 Iúil 1991, Stichting Collectieve Antennevoorziening Gouda e.a. [1991] ECR I–4007), agus ar an bPrótacal maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit atá i gceangal le Conradh CE agus atá anois i gceangal leis na conarthaí, agus ar Threoir 89/552/CEE ón gComhairle (go háirithe an seachtú réamhaithris déag de).

Míniú ar an Airteagal 12 – Saoirse comhthionóil agus comhlachais

1.

Freagraíonn mír 1 den Airteagal seo d'Airteagal 11 den CECD ar mar seo a leanas atá:

‘1.   Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse a bheith aige teacht ar tionól agus gabháil le comhlachas go sítheoilte, lena n-áirítear an ceart chun ceardchumainn a bhunú agus gabháil le ceardchumainn chun a leasa a chosaint.

2.   Ní chuirfear aon srian le feidhmiú na gceart sin seachas pé srian a bheas ordaithe le dlí agus is gá i ndaonlathas ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta nó le sábháilteacht an phobail, nó chun anord nó coiriúlacht a chosc, nó chun an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint nó chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Ní choiscfidh an tAirteagal seo srianta dleathacha a chur ar fheidhmiú na gceart sin ag comhaltaí de na fórsaí armtha, de na póilíní, nó de lucht riaracháin an Stáit.’

Is ionann an bhrí atá le forálacha mhír 1 den Airteagal seo 12 agus an bhrí atá leis an CECD ach is forleithne a raon feidhme toisc go bhfuil feidhm acu ar gach uile leibhéal, lena n-áirítear an leibhéal Eorpach. I gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, ní fhéadfar níos mó de theorainneacha a chur leis an gceart sin ná na teorainneacha a mheastar a bheith dlisteanach de bhua Airteagal 11(2) den CECD.

2.

Tá an ceart seo bunaithe freisin ar Airteagal 11 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.

3.

Freagraíonn mír 2 den Airteagal seo d'Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Míniú ar Airteagal 13 – Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí

Fionntar an ceart seo go príomha ón gceart chun saoirse smaoinimh agus chun tuairimí a nochtadh. Tá sé le feidhmiú ag féachaint d'Airteagal 1 agus féadfar é a chur faoi réir na dteorainneacha a údaraítear le hAirteagal 10 den CECD.

Míniú ar Airteagal 14 – An ceart chun oideachais

1.

Tá an ceart seo bunaithe ar chomhthraidisúin bhunreachtúla na mBallstát agus ar Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD ar mar seo a leanas atá:

‘Ní dhiúltófar d'aon duine an ceart chun oideachais. Nuair a bheas sé ag feidhmiú aon fheidhmeanna dá ngabhfaidh sé chuige maidir leis an oideachas agus leis an teagasc, bhéarfaidh an Stát urraim do cheart tuismitheoirí chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an teagasc sin i gcomhréir lena ndeimhní creidimh agus fealsúnachta féin.’

Measadh gur mhaith an rud é réim an Airteagail seo a leathnú ionas go mbainfeadh sé leis an rochtain ar an ngairmoiliúint agus ar an oiliúint leanúnach (féach pointe 15 den Chairt Chomhphobail um Chearta Bunúsacha Sóisialta le haghaidh Oibrithe agus Airteagal 10 den Chairt Shóisialta), agus prionsabal an tsaoroideachais éigeantaigh a chur isteach ann freisin. An chaoi a bhfuil an fhoclaíocht, níl ann ach go bhfuil sé le tuiscint ón bprionsabal seo, fad a bhaineann leis an saoroideachas éigeantach, go mbeidh sé de dheis ag gach uile leanbh freastal ar fhoras ina dtairgtear saoroideachas. Ní chuireann sé de cheangal ar gach foras ina gcuirtear oideachas nó gairmoiliúint nó oiliúint leanúnach ar fáil, go háirithe forais phríobháideacha, é seo a dhéanamh saor in aisce. Ní fhágann sé ach an oiread nach gcaithfear íoc as sainfhoirmeacha áirithe oideachais má ghlacann an Stát bearta arb é is aidhm dóibh cúiteamh airgeadais a dheonú. A mhéid atá feidhm ag an gCairt maidir leis an Aontas, ciallaíonn sé seo nach mór don Aontas an saoroideachas éigeantach a urramú ina bheartais oiliúna ach, ar ndóigh, ní chruthaíonn sé seo aon chumhachtaí nua. Maidir le ceart tuismitheoirí, ní mór é a léiriú i dteannta fhorálacha Airteagal 24.

2.

Maidir leis an tsaoirse chun forais oideachasúla phoiblí nó phríobháideacha a bhunú, déantar í a ráthú mar ghné de ghnéithe den tsaoirse chun gnó a sheoladh ach tá teorainn léi toisc na hurraime do phrionsabail dhaonlathacha agus déantar í a fheidhmiú i gcomhréir leis na socruithe arna sainiú leis an reachtaíocht náisiúnta.

Míniú ar Airteagal 15 – Saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh

Aithnítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais an tsaoirse chun gairm a roghnú, mar atá cumhdaithe in Airteagal 15(1) (féach inter alia breithiúnas an 14 Bealtaine 1974, Cás 4/73 Nold [1974] ECR 491, míreanna 12 go 14 de na forais; breithiúnas an 13 Nollaig 1979, Cás 44/79, Hauer, [1979] ECR 3727; breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 1986, Cás 234/85 Keller [1986] ECR 2987, mír 8 de na forais).

Tarraingítear sa mhír seo freisin ar Airteagal 1(2) de Chairt Shóisialta na hEorpa a síníodh an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile, agus ar phointe 4 de Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe an 9 Nollaig 1989. Tá an téarma ‘dálaí oibre’ le tuiscint de réir bhrí Airteagal 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déileálann mír 2 leis na trí shaoirse a ráthaítear in Airteagail 26 agus 45, agus in Airteagail 49 agus 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, eadhon, saorghluaiseacht d'oibrithe, saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar.

Tá mír 3 bunaithe ar an Airteagal 153(1)(g) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus ar Airteagal 19(4) de Chairt Shóisialta na hEorpa, a síníodh an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus a dhaingnigh na Ballstáit uile. Dá bhrí sin, tá Airteagal 52(2) den Chairt infheidhme. Maidir le mairnéalaigh a bhfuil náisiúntacht tríú Stáit acu a earcú ar chriúnna bád atá faoi bhratach Ballstáit den Aontas, tá an cheist sin á rialú ag dlí an Aontais agus ag an reachtaíocht agus ag an gcleachtas náisiúnta.

Míniú ar Airteagal 16 – Saoirse chun gnó a sheoladh

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais inar aithníodh an tsaoirse chun gníomhaíocht eacnamaíochta nó thráchtála a fheidhmiú (féach breithiúnais an 14 Bealtaine 1974, Cás 4/73, Nold [1974] ECR 491, mír 14 de na forais; agus an 27 Meán Fómhair 1979, Cás 230/78 SpA Eridiana agus eile [1979] ECR 2749, míreanna 20 agus 31 de na forais agus an tsaoirse chonarthach (féach inter alia Sukkerfabriken Nykøbing, Cás 151/78 [1979] ECR 1, mír 19 de na forais, agus breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 1999, C–240/97 An Spáinn v. an Coimisiún, [1999] ECR I–6571, mír 99 de na forais), agus Airteagal 119(1) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina n-aithnítear an tsaoriomaíocht. Ar ndóigh, tá an ceart seo le feidhmiú agus urraim á tabhairt do dhlí an Aontais agus don reachtaíocht náisiúnta. Féadfar é a chur faoi réir na dteorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 52(1) den Chairt.

Míniú ar Airteagal 17 – An ceart chun maoine

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 1 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD:

‘Tá gach duine aiceanta nó duine dlíthiúil i dteideal a shealús a theachtadh go sítheoilte. Ní bhainfear a shealús d'aon duine ach amháin ar mhaithe le leas an phobail agus faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear leis an dlí agus le buntreoracha ginearálta an dlí idirnáisiúnta.

Ní bhainfidh na forálacha réamhráite in aon tslí, áfach, ó cheart Stáit chun pé dlíthe is gá leis a chur i bhfeidhm d'fhonn úsáid maoine a rialú ar mhaithe leis an leas coiteann nó d'fhonn a dheimhniú go n-íocfar cánacha nó sraitheanna eile nó pionóis.’

Is ceart bunúsach é seo is coiteann do gach bunreacht náisiúnta. Is iomaí uair a aithníodh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é, agus is i mbreithiúnas Hauer a aithníodh den chéad uair é (13 Nollaig 1979 [1979] ECR 3727). Cuireadh cruth na haimsire seo ar an bhfoclaíocht ó shin ach, i gcomhréir le hAirteagal 52(3), is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear sa CECD agus ní fhéadfar níos mó de theorainneacha a chur leis ná na teorainneacha dá bhforáiltear ansin.

Déantar cosaint na maoine intleachtúla, gné amháin den cheart chun maoine, a lua go sonrach i mír 2 mar gur ag dul i méid atá an tábhacht a bhaineann léi agus toisc reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail. Folaíonn an mhaoin intleachtúil an mhaoin liteartha agus ealaíne; folaíonn sí freisin inter alia an ceart chun paitinne agus trádmharcanna agus cearta gaolmhara. Na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1, beidh feidhm mar is iomchuí acu maidir leis an maoin intleachtúil.

Míniú ar Airteagal 18 – An ceart chun tearmainn

Tá téacs an Airteagail bunaithe ar Airteagal 63 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina ionad anois, a chuireann de cheangal ar an Aontas Coinbhinsiún na Ginéive maidir le dídeanaithe a urramú. Ba chóir tagairt a dhéanamh do na Prótacail a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn, atá i gceangal leis na conarthaí, agus leis an Danmhairg, d'fhonn a chinneadh a mhéid a dhéanann na Ballstáit sin dlí an Aontais sa réimse seo a chur chun feidhme agus a mhéid atá an tAirteagal seo infheidhme maidir leo. Tá an tAirteagal seo ag teacht leis an bPrótacal maidir le tearmann atá i gceangal leis na conarthaí.

Míniú ar Airteagal 19 – Cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh

Is ionann brí agus raon feidhme do mhír 1 den Airteagal seo agus d'Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann leis an CECD maidir leis an díbirt chomhchoiteann. Is é an cuspóir atá leis a ráthú go bhfuil scrúdú sonrach mar bhunús le gach breith agus nach bhféadfar aon bheart aonair a ghlacadh chun na daoine go léir a bhfuil náisiúntacht Stáit ar leith acu a dhíbirt (féach freisin Airteagal 13 den Chúnant um Chearta Sibhialta agus Polaitiúla).

Tá cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais um Chearta an Duine maidir le hAirteagal 3 den CECD ar áireamh i mír 2 (féach Ahmed v. an Ostair, breithiúnas an 17 Nollaig 1996, 1996-VI, lch. 2206, agus Soering, breithiúnas an 7 Iúil 1989).

TEIDEAL III – COMHIONANNAS

Míniú ar Airteagal 20 – Comhionannas os comhair an dlí

Freagraíonn an tAirteagal seo do phrionsabal ginearálta dlí atá le fáil sna Bunreachtanna Eorpacha go léir agus atá aitheanta freisin ag an gCúirt Bhreithiúnais mar bhunphrionsabal de dhlí an Chomhphobail (breithiúnas an 13 Samhain 1984, Cás 283/83 Racke [1984] ECR 3791, breithiúnas an 17 Aibreán 1997, Cás 15/95 EARL [1997] ECR I–1961, agus breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Cás 292/97 Karlsson [2000] ECR 2737).

Míniú ar Airteagal 21 – Neamh-idirdhealú

Tarraingíonn mír 1 ar Airteagal 13 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina ionad anois, ar Airteagal 14 den CECD agus ar Airteagal 11 den Choinbhinsiún um Chearta an Duine agus an Bhithmhíochaine maidir leis an oidhreacht ghéiniteach. A mhéid a fhreagraíonn sí d'Airteagal 14 den CECD, tá sí infheidhme i gcomhréir leis.

Níl mír 1 agus Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh contrártha lena chéile ná níl siad ar neamhréir le chéile ná ní hionann an raon feidhme ná an chríoch atá acu: tugann Airteagal 19 cumhacht don Aontas chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh, lena n-áirítear comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát, chun cineálacha áirithe idirdhealaithe, a bhfuil liosta iomlán díobh san Airteagal sin, a chomhrac. Féadfaidh reachtaíocht den sórt sin gníomhaíocht údaráis na mBallstát a chlúdach (mar aon leis an gcaidreamh idir dhaoine aonair) in aon réimse faoi theorainn chumhachtaí an Aontais. Maidir leis an bhforáil inAirteagal 21(1), áfach, ní chruthaítear aon chumhacht inti chun dlíthe frith-idirdhealaithe a achtú sna réimsí sin de ghníomhaíocht na mBallstát nó den ghníomhaíocht phríobháideach, ná ní chuireann sí toirmeasc glan ar an idirdhealú sna réimsí móra forleathana sin. Níl ann ach go ndíríonn sí ar an idirdhealú a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus cumhachtaí arna dtabhairt dóibh faoi na conarthaí á bhfeidhmiú acu, agus ar an idirdhealú a dhéanann na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Dá bhrí sin, ní chuireann mír 1 aon athrú ar raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar faoi Airteagal 19 ná ar an léiriú a dhéantar ar an Airteagal sin.

Freagraíonn mír 2 d'Airteagal 18(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ní mór í a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis.

Míniú ar Airteagal 22 – Éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar Airteagal 151(1) agus (4) de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 167(1) agus (4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gcultúr, curtha ina n-ionad anois. Tá an meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus teanga leagtha síos freisin anois in Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá an tAirteagal seo á spreagadh freisin ag Dearbhú Uimh. 11 a ghabhann le hIonstraim Chríochnaitheach Chonradh Amstardam maidir le stádas eaglaisí agus eagraíochtaí neamhfhaoistiniúla, atá le fáil anois in Airteagal 17 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Míniú ar Airteagal 23 – Comhionannas idir mná agus fir

Tá an chéad mhír bunaithe ar Airteagail 2 agus 3(2) de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 3 den Chonradh ar an Aonas Eorpach agus Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina n-ionad anois, ina gcuirtear de cheangal ar an Aontas cothú an chomhionannais idir mná agus fir a bheith mar chuspóir aige. Tá sí bunaithe freisin ar Airteagal 157(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tarraingíonn sí ar Airteagal 20 de Chairt Shóisialta na hEorpa an 3 Bealtaine 1996 arna hathbhreithniú agus ar phointe 16 den Chairt Chomhphobail um chearta le haghaidh oibrithe.

Tá sé bunaithe freisin ar Airteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 2(4) de Threoir 76/207/CEE ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne idir mná agus fir a chur chun feidhme maidir le rochtain ar an bhfostaíocht, ar an ngairmoiliúint agus ar ardú céime, agus maidir le dálaí oibre.

Is leagan giorraithe d'Airteagal 157(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá i mír 2 ina bhforáiltear nach gcoisctear le prionsabal na córa comhionainne bearta a choimeád ar bun ná bearta a ghlacadh ina bhforáiltear do bhuntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe slí bheatha ghairmiúil a shaothrú nó chun míbhuntáistí gairmréime a chosc nó a chúiteamh. I gcomhréir le hAirteagal 52(2), ní dhéanann an dara mír leasú ar Airteagal 157(4).

Míniú ar Airteagal 24 – Cearta an linbh

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Choinbhinsiún Nua-Eabhrac um Chearta an Linbh, a síníodh an 20 Samhain 1989 agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile, agus go háirithe ar Airteagail 3, 9, 12 agus 13 de.

Cuirtear san áireamh i mír 3 go bhféadfadh sé, mar chuid de bhunú limistéir shaoirse, shlándála agus cheartais, go n-áireofaí i reachtaíocht an Aontais maidir le hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, a dtugann Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cumhachtaí ina leith, cearta cuairte lena gcinntítear go bhféadfaidh leanaí teagmháil phearsanta, dhíreach a bheith acu ar bhonn rialta lena mbeirt tuismitheoirí.

Míniú ar Airteagal 25 – Cearta daoine scothaosta

Tarraingíonn an tAirteagal seo ar Airteagal 23 de Chairt Shóisialta na hEorpa arna hathbhreithniú agus ar Airteagail 24 agus 25 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe. Ar ndóigh, clúdaíonn rannpháirtíocht sa saol sóisialta agus sa saol cultúrtha rannpháirtíocht sa saol polaitiúil freisin.

Míniú ar Airteagal 26 – Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú

Tá an prionsabal a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal 15 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus tarraingíonn sé freisin ar phointe 26 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.

TEIDEAL IV – DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

Míniú ar Airteagal 27 – Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin sa ghnóthas

Tá an tAirteagal seo le fáil i gCairt Shóisialta na hEorpa arna hathbhreithniú (Airteagal 21) agus sa Chairt Chomhphobail maidir le cearta le haghaidh oibrithe (pointí 17 agus 18). Tá feidhm aige faoi na coinníollacha a leagtar síos le dlí an Aontais agus le dlíthe náisiúnta. An tagairt do leibhéil iomchuí, is tagairt í do na leibhéil a leagtar síos le dlí an Aontais nó le dlíthe nó le cleachtais náisiúnta, agus d'fhéadfadh an leibhéal Eorpach a bheith ar áireamh anseo nuair a fhoráiltear amhlaidh le reachtaíocht an Aontais. Tá acquis an Aontais sa réimse seo suntasach: Airteagail 154 agus 155 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Treoracha 2002/14/CE (creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo), 98/59/CE (iomarcaíochtaí comhchoiteanna), 2001/23/CE (gnóthais a aistriú) agus 94/45/CE (Comhairlí oibreacha Eorpacha).

Míniú ar Airteagal 28 – An ceart chun comhargántaíochta agus chun gníomhaíochta comhchoitinne

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 6 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar an gCairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe (pointí 12 go 14). D'aithin an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an ceart chun gníomhaíochta comhchoitinne mar cheann de na gnéithe de na cearta ceardchumainn atá leagtha síos le hAirteagal 11 den CECD. Maidir leis na leibhéil iomchuí a bhféadfadh an chaibidlíocht chomhchoiteann tarlú orthu, féach an míniú a thugtar ar an Airteagal roimhe seo. Is faoi dhlíthe agus faoi chleachtais náisiúnta a thagann na rialacha mionsonraithe agus na teorainneacha maidir le gníomhaíocht chomhchoiteann a fheidhmiú, lena n-áirítear dul ar stailc, agus lena n-áirítear an cheist i dtaobh an féidir an ghníomhaíocht sin a reáchtáil go comhuaineach i roinnt Ballstát.

Míniú ar Airteagal 29 – An ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís socrúcháin

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 1(3) de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 13 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.

Míniú ar Airteagal 30 – Cosaint i gcás ina dtarlaíonn dífhostú neamh-inleithscéil

Tarraingíonn an tAirteagal seo ar Airteagal 24 den Chairt Shóisialta athbhreithnithe. Féach freisin Treoir 2001/23/CE maidir le cearta fostaithe a choimirciú i gcás gnóthais a aistriú, agus Treoir 80/987/CEE maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra, arna leasú le Treoir 2002/74/CE.

Míniú ar Airteagal 31 – Dálaí oibre cothroma agus córa

1.

Tá mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar Threoir 89/391/CEE maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh. Tarraingíonn sé freisin ar Airteagal 3 den Chairt Shóisialta agus ar phointe 19 den Chairt Chomhphobail um chearta le haghaidh oibrithe agus, maidir leis an dínit ag an obair, ar Airteagal 26 den Chairt Shóisialta athbhreithnithe. Tá an téarma ‘dálaí oibre’ le tuiscint de réir bhrí Airteagal 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Tá mír 2 bunaithe ar Threoir 93/104/CE maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, ar Airteagal 2 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 8 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.

Míniú ar Airteagal 32 – Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair

Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Threoir 94/33/CE maidir le cosaint daoine óga ag an obair, ar Airteagal 7 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointí 20 go 23 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.

Míniú ar Airteagal 33 – Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil

Tá Airteagal 33(1) bunaithe ar Airteagal 16 de Chairt Shóisialta na hEorpa.

Tarraingíonn mír 2 ar Threoir 92/85/CEE ón gComhairle maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche agus ar Threoir 96/34/CE maidir leis an gcomhaontú réime um shaoire do thuismitheoirí arna thabhairt i gcrích ag UNICE, CEEP agus CEC. Tá sé bunaithe freisin ar Airteagal 8 (an máithreachas a chosaint) de Chairt Shóisialta na hEorpa agus tarraingíonn sé ar Airteagal 27 (cearta oibrithe a bhfuil freagrachtaí teaghlaigh orthu chun deiseanna comhionanna agus cóir chomhionann a fháil) den Chairt Shóisialta athbhreithnithe. Folaíonn ‘máithreachas’ an tréimhse uile ón gcoimpeart go dtí an bhaint den chíoch.

Míniú ar Airteagal 34 – Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta

Tá an prionsabal a leagtar amach in Airteagal 34(1) bunaithe ar Airteagail 153 agus 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 12 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 10 den Chairt Chomhphobail um Chearta le haghaidh Oibrithe. Ní mór don Aontas é a urramú agus na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal 153 agus 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á bhfeidhmiú aige. An tagairt do sheirbhísí sóisialta, is tagairt í do chásanna inar tugadh isteach seirbhísí den sórt sin chun buntáistí áirithe a sholáthar, ach ní thugann sí le tuiscint go bhfuil seirbhísí den sórt sin le cruthú san áit nach ann dóibh. Ní foláir an bhrí chéanna a bhaint as ‘máithreachas’ agus atá le baint as san Airteagal roimhe seo.

Tá mír 2 bunaithe ar Airteagail 12(4) agus 13(4) de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 2 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus meabhraíonn sí na rialacha a eascraíonn as Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68.

Tarraingíonn mír 3 ar Airteagal 13 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar Airteagail 30 agus 31 den Chairt Shóisialta athbhreithnithe agus ar phointe 10 den Chairt Chomhphobail. Ní mór don Aontas í a urramú i gcomhthéacs na mbeartas arna mbunú ar Airteagal 153 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Míniú ar Airteagal 35 – Cúram sláinte

Tá na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal 152 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina ionad anois, agus ar Airteagail 11 agus 13 de Chairt Shóisialta na hEorpa. Cuimsíonn an dara habairt den Airteagal a bhfuil in Airteagal 168(1).

Míniú ar Airteagal 36 – Rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta

Tá an tAirteagal seo ag teacht go hiomlán le hAirteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ní chruthaítear aon cheart nua leis. Níl ann ach go leagtar amach ann an prionsabal go n-urramóidh an tAontas an rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear sna forálacha náisiúnta, nuair a bheidh na forálacha sin ag luí le dlí an Aontais.

Míniú ar Airteagal 37 – Cosaint an chomhshaoil

Tá na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagail 2, 6 agus 174 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagail 11 agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina n-ionad anois.

Tarraingíonn sé freisin ar fhorálacha roinnt bunreachtanna náisiúnta.

Míniú ar Airteagal 38 – Cosaint tomhaltóirí

Tá an prionsabal a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL V – CEARTA NA SAORÁNACH

Míniú ar Airteagal 39 – An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa

Tá feidhm ag Airteagal 39 faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sna conarthaí, i gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt. Freagraíonn Airteagal 39(1) don cheart a ráthaítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 22 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gceart sin a fheidhmiú), agus freagraíonn Airteagal 39(2) d'Airteagal 14(2)den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is éard atá in Airteagal 39(2) bunphrionsabail chóras toghchánach an Stáit dhaonlathaigh.

Míniú ar Airteagal 40 – An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha

Freagraíonn an tAirteagal seo don cheart a ráthaítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 22 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gceart sin a fheidhmiú). I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear leis na hAirteagail sin sna conarthaí.

Míniú ar Airteagal 41 – An ceart chun dea-riaracháin

Tá Airteagal 41 bunaithe ar an Aontas a bheith faoi réir smacht reachta a ndearnadh a shaintréithe a fhorbairt sa chásdlí inar cumhdaíodh an dea-riarachán inter alia mar phrionsabal ginearálta dlí (féach inter alia breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 31 Márta 1992, i gCás C–255/90 P, Burban [1992] ECR I–2253, agus breithiúnais na Cúirte Céadchéime an 18 Meán Fómhair 1995 i gCás T-167/94 Nölle [1995] ECR II–2589, agus an 9 Iúil 1999 i gCás T231/97, New Europe Consulting e.a., [1999] ECR II–2403). Is ón gcásdlí a eascraíonn an fhoclaíocht atá ar an gceart sin sa chéad dá mhír (breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 1987, i gCás 222/86 Heylens [1987] ECR 4097, mír 15 de na forais, breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 1989 i gCás 374/87 Orkem [1989] ECR 3283, breithiúnas an 21 Samhain 1991 i gCás C–269/90, TU München [1991] ECR I-5469, agus breithiúnais na Cúirte Céadchéime an 6 Nollaig 1994 i gCás T–450/93, Lisrestal [1994] ECR, II–1177, an 18 Meán Fómhair 1995 i gCás T167/94 Nölle [1995] ECR II–2589) agus is as Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thagann an fhoclaíocht maidir leis an oibleagáid réasúin a lua (féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 298 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun reachtaíocht a ghlacadh ar mhaithe le riarachán Eorpach atá oscailte, éifeachtach, neamhspleách).

Atáirgeann mír 3 an ceart a ráthaítear anois le hAirteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Atáirgeann mír 4 an ceart a ráthaítear anois le hAirteagail 20(2)(d) agus 25 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá na cearta sin le feidhmiú faoi na coinníollacha agus faoi na teorainneacha a shainítear sna conarthaí.

Is gné thábhachtach den cheist seo é an ceart chun leigheas éifeachtach agus ráthaítear in Airteagal 47 den Chairt seo é.

Míniú ar Airteagal 42 – An ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid

An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is as Airteagal 255 de Chonradh CE, a ndearnadh Rialachán (CE) 1049/2001 a ghlacadh ar a bhonn ina dhiaidh sin, a eascraíonn sé. Tá an Coinbhinsiún Eorpach tar éis an ceart seo a leathnú ionas go mbainfidh sé le doiciméid de chuid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí i gcoitinne, beag beann ar a bhfoirm (féach Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, feidhmítear an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Míniú ar Airteagal 43 – Ombudsman Eorpach

An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagail 20 agus 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear sa dá Airteagal sin.

Míniú ar Airteagal 44 – An ceart chun achainí a dhéanamh

An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagail 20 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear sa dá Airteagal sin.

Míniú ar an Airteagal 45 – Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe

An ceart a ráthaítear le mír 1, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagal 20(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é (féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 21 agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2002, C–413/99 Baumbast [2002] ECR 709). I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá na cearta sin le feidhmiú faoi na coinníollacha agus faoi na teorainneacha a shainítear sna conarthaí.

Tagraítear i mír 2 don chumhacht a thugtar don Aontas le hAirteagail 77, 78 agus 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, braitheann deonú an chirt seo ar fheidhmiú na cumhachta sin ag na hinstitiúidí.

Míniú ar Airteagal 46 – Cosaint taidhleoireachta agus chonsalach

An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagail 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é; féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 23. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear sa dá Airteagal sin.

TEIDEAL VI – CEARTAS

Míniú ar Airteagal 47 – An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil

Tá an chéad mhír bunaithe ar Airteagal 13 den CECD:

‘Gach uile dhuine a sárófar a chearta agus a shaoirsí mar atáid leagtha amach sa Choinbhinsiún seo, beidh leigheas éifeachtach aige os comhair údaráis náisiúnta, d'ainneoin gur daoine a bhí ag gníomhú i gcáil oifigiúil a rinne an sárú.’

Is forleithne, áfach, an chosaint atá i ndlí an Aontais toisc go ráthaíonn sé an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte. Chumhdaigh an Chúirt Bhreithiúnais an ceart sin ina breithiúnas an 15 Bealtaine 1986, mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais (Cás 222/84, Johnston [1986] ECR 1651; féach freisin breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 1987, Cás 222/86, Heylens, [1987] ECR 4097 agus breithiúnas an 3 Nollaig 1992, Cás C–97/91 Borelli [1992] ECR, I–6313). De réir na Cúirte, tá feidhm freisin ag an bprionsabal ginearálta sin de chuid dhlí an Aontais maidir leis na Ballstáit nuair atá dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Ní raibh sé i gceist nuair a cuireadh an fasach seo isteach sa Chairt athrú a dhéanamh ar an gcóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh a leagtar síos sna Conarthaí, go háirithe na rialacha a bhaineann le hinghlacthacht caingne díreacha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Scrúdaigh an Coinbhinsiún Eorpach córas athbhreithnithe bhreithiúnaigh an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le hinghlacthacht, agus dhaingnigh sé iad cé go ndearna sé gnéithe áirithe díobh a leasú, mar atá le sonrú ar Airteagail 251 go 281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe ar Airteagal 263(4). Tá feidhm ag Airteagal 47 maidir le hinstitiúidí an Aontais agus maidir le hinstitiúidí na mBallstát nuair atá dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, agus sin maidir leis na cearta uile a ráthaítear le dlí an Aontais.

Freagraíonn an dara mír d'Airteagal 6(1) sa CECD, ar mar seo a leanas atá:

‘Chun a chearta agus a dhualgais sibhialta nó aon chúiseamh coiriúil ina choinne a chinneadh, tá ag gach uile dhuine teideal chun éisteacht chóir phoiblí d'fháil laistigh d'am réasúnach ó bhinse neamhspleách neamhchlaon a bheas bunaithe le dlí. Craolfar an breithiúnas go poiblí ach féadfar an preas agus an pobal d'eisiamh ón triail go léir nó ó aon chuid di, ar mhaithe leis an moráltacht, leis an ord poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta i ndaonlathas má bhíonn sin riachtanach i gcomhair leasa ógánach nó chun saol príobháideach na bpáirtithe a chosaint, nó sa mhéid gur dianghá é dar leis an gcúirt in imthosca speisialta ina rachadh an phoiblíocht chun dochair don cheartais’.

Níl an ceart chun éisteacht chóir teoranta i ndlí an Aontais do dhíospóidí a bhaineann le cearta dlí shibhialta agus le hoibleagáidí dlí shibhialta. Is amhlaidh atá toisc gur comhphobal é an tAontas atá bunaithe ar an smacht reachta, mar a luaigh an Chúirt i gCás 294/83, ‘Les Verts’ v. Parlaimint na hEorpa (breithiúnas an 23 Aibreán 1986, [1986] ECR 1339). Mar sin féin, tá feidhm ag na ráthaíochtaí a thugtar leis an CECD ar gach slí seachas a mhéid a bhaineann lena raon feidhme, ar dhóigh chomhchosúil maidir leis an Aontas.

Maidir leis an tríú mír, tugtar faoi deara gur chóir, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais um Chearta an Duine, foráil a dhéanamh do chúnamh dlíthiúil i gcás nach bhféadfaí leigheas éifeachtach a áirithiú dá uireasa (Breithiúnas an CECD an 9 Deireadh Fómhair 1979, Airey, Sraith A, Imleabhar 32, lch. 11). Tá córas cúnaimh dhlíthiúil ann freisin do chásanna atá os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Míniú ar Airteagal 48 – Toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil

Is ionann Airteagal 48 agus Airteagal 6(2) agus (3) den CECD, ar mar seo a leanas atá:

‘2.   Gach uile dhuine a chúiseofar i gcion coiriúil, is tuigthe é a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar ciontach é de réir dlí.

3.   Gach uile dhuine a chúiseofar i gcion coiriúil beidh na bunchearta seo a leanas aige:

(a)

go n-inseofar gan mhoill dó, i dteanga a thuigfeas sé agus go mionchruinn, gné agus fáth an chúisimh ina choinne;

(b)

a leordhóthain ama agus saoráidí a bheith aige chun a chosaint d'ullmhú;

(c)

é féin a chosaint i bpearsain nó trí chabhair dhlíthiúil dá roghain féin nó, mura bhfuil sé acmhainneach ar íoc as cabhair dlíthiúil, sin d'fháil in aisce nuair is gá sin ar mhaithe leis an gceartas;

(d)

finnéithe ina choinne a cheistiú nó a chur dá gceistiú agus finnéithe thar a cheann a thabhairt i láthair agus a cheistiú de réir na gcoinníollacha céanna a bhainfeas le finnéithe ina choinne;

(e)

cabhair teangaire d'fháil in aisce mura féidir leis an teanga a úsáidtear sa chúirt a thuiscint nó a labhairt.’

I gcomhréir le hAirteagal 52(3), is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear leis an CECD.

Míniú ar Airteagal 49 – Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis

Leanann an tAirteagal seo an riail thraidisiúnta maidir le neamh-aisghníomhaíocht dlíthe agus smachtbhannaí coiriúla. Cuireadh leis seo an riail maidir le haisghníomhaíocht dlí choiriúil níba thrócairí, atá ann i roinnt Ballstát agus atá le fáil in Airteagal 15 den Chúnant maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla.

Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 7 den CECD:

‘1.   Ní mheasfar aon duine a bheith ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil faoin dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta an tráth a rinneadh é. Ná ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil.

2.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do thriail agus pionósú aon duine in aon ghníomh nó neamhghníomh ba chion coiriúil tráth a dhéanta do réir na bprionsabal ginearálta dlí a aithníos náisiúin shibhialta.’

I mír 2, scriosadh an tagairt do náisiúin ‘shibhialta’, ní athraíonn sé seo an bhrí atá leis an mír, ina dtagraítear ach go háirithe do chionta in aghaidh na daonnachta. I gcomhréir le hAirteagal 52(3), is ionann brí agus raon feidhme atá don cheart a ráthaítear anseo agus don cheart a ráthaítear sa CECD.

I mír 3 luaitear prionsabal ginearálta na comhréire idir pionóis agus cionta coiriúla, prionsabal atá cumhdaithe i gcomhthraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

Míniú ar Airteagal 50 – An ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna

Mar seo a leanas atá in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann leis an CECD:

‘1.   Ní féidir aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla faoin dlínse sa Stát céanna i ngeall ar chion a bhfuil sé éigiontaithe nó ciontaithe go críochnaitheach i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí agus an nós imeachta coiriúil sa Stát sin.

2.   Ní choiscfidh na forálacha sa mhír roimhe seo ar an gcás a athoscailt i gcomhréir leis an dlí agus an nós imeachta coiriúil sa Stát i dtrácht, má tá fianaise nua nó fíorais atá fionnta go nua nó má tá éalang bunúsach sna himeachtaí roimhe sin a d'fhéadfadh fearadh ar an mbreithiúnas a tugadh.

3.   Níl aon mhaolú ceadaithe ar an Airteagal seo faoi Airteagal 15 sa Choinbhinsiún.’

Tá feidhm ag riail an ‘non bis in idem’ maidir le dlí an Aontais (féach, i measc na raidhse fasach, breithiúnas an 5 Bealtaine 1996, Cásanna Ceangailte 18/65 agus 35/65, Gutmann v. Coimisiún [1966] ECR 149 agus cás a bhí ann le déanaí, breith ón gCúirt Chéadchéime an 20 Aibreán 1999, Cásanna Ceangailte T305/94 agus eile, Limburgse Vinyl Maatschappij NV v. Coimisiún [1999] ECR II-931). Carnadh dhá phionós den chineál céanna atá i gceist sa riail a thoirmisceann an carnadh, eadhon pionóis dlí choiriúil.

I gcomhréir le hAirteagal 50, ní hé amháin go bhfuil feidhm ag riail an ‘non bis in idem’ laistigh de dhlínse aon Stáit amháin ach tá feidhm aici freisin idir dhlínsí roinnt Ballstát. Freagraíonn sé seo don acquis i ndlí an Aontais; féach Airteagail 54 go 58 de Choinbhinsiún Schengen agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Feabhra 2003, C–187/01 Gözütok (2003, ECR I-1345), Airteagal 7 den Choinbhinsiún maidir le Leasa Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus Airteagal 10 den Choinbhinsiún maidir leis an éillitheacht a chomhrac. Na heisceachtaí fíortheoranta atá sna Coinbhinsiúin sin a cheadaíonn do na Ballstáit riail an ‘non bis in idem’ a mhaolú, clúdaítear sa chlásal cothrománach in Airteagal 52(1) den Chairt maidir le teorainneacha iad. Maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7, eadhon ina ndéantar an prionsabal a chur i bhfeidhm laistigh den Bhallstát céanna, is ionann brí agus raon feidhme don cheart ráthaithe agus don cheart comhfhreagrach sa CECD.

TEIDEAL VII – FORÁLACHA GINEARÁLTA A bhFUIL LÉIRIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ

Míniú ar Airteagal 51 – Raon feidhme

Is é is aidhm d'Airteagal 51 raon feidhme na Cairte a chinneadh. Féachtar ann lena shuíomh go soiléir gur maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais is mó atá feidhm ag an gCairt, de réir phrionsabal na coimhdeachta. Dréachtaíodh an fhoráil seo i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lenar cuireadh de cheangal ar an Aontas cearta bunúsacha a urramú, agus i gcomhréir leis an sainordú arna eisiúint ag Comhairle Eorpach Köln. Tá an téarma ‘institiúidí’ cumhdaithe sna conarthaí. Is minic, sna conarthaí, a úsáidtear an abairt ‘comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí’ chun tagairt a dhéanamh do na heagrais uile arna mbunú leis na conarthaí nó le reachtaíocht thánaisteach (féach, mar shampla, Airteagal 15 nó Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).

Maidir leis na Ballstáit, eascraíonn sé go glan soiléir as cásdlí na Cúirte Breithiúnais nach bhfuil an ceanglas maidir le cearta bunúsacha a urramú, a shainítear i gcomhthéacs an Aontais, ceangailteach ar na Ballstáit ach amháin nuair a ghníomhaíonn siad laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais (breithiúnas an 13 Iúil 1989, Cás 5/88 Wachauf [1989] ECR 2609; breithiúnas an 18 Meitheamh 1991, Cás C-260/89 ERT [1991] ECR I-2925; breithiúnas an 18 Nollaig 1997 (C–309/96 Annibaldi [1997] ECR I–7493). Dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais an cásdlí seo sna téarmaí seo a leanas: ‘Fairis sin, ba chóir a mheabhrú go bhfuil na ceanglais a eascraíonn ó chosaint ceart bunúsach i ndlíchóras an Chomhphobail ceangailteach freisin ar na Ballstáit nuair a chuireann siad rialacha Comhphobail chun feidhme ...’ (breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Cás C-292/97, [2000] ECR I-2737, mír 37 de na forais). Ar ndóigh, tá feidhm ag an riail seo, mar atá sí cumhdaithe sa Bhunreacht, maidir le húdaráis láir agus maidir le comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla, agus maidir le heagraíochtaí poiblí, nuair a chuireann siad chun feidhme dlí an Aontais.

Daingníonn mír 2, i dteannta an dara habairt de mhír 1, nach bhféadfaidh sé a bheith de thoradh ar an gCairt go leathnaítear na cumhachtaí agus na cúraimí a thugtar don Aontas leis na conarthaí. Luaitear go sonrach anseo iarmhairtí loighciúla phrionsabal na coimhdeachta agus nach bhfuil de chumhachtaí ag an Aontas ach a bhfuil tugtha dó. Níl éifeacht ar bith leis na cearta bunúsacha mar a ráthaítear san Aontais iad seachas i gcomhthéacs na gcumhachtaí a chinntear leis na conarthaí. Dá bhrí sin, is laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí céanna sin amháin a eascróidh aon oibleagáid a bheidh ar institiúidí an Aontais, de bhun an dara habairt de mhír 1, prionsabail a leagtar síos sa Chairt a chur chun cinn.

Daingníonn mír 2 freisin nach bhféadfaidh sé a bheith de thoradh ar an gCairt raon feidhme dhlí an Aontais a leathnú níos faide ná cumhachtaí an Aontais mar atá arna mbunú sna conarthaí. Tá an riail seo bunaithe cheana ag an gCúirt Bhreithiúnais i dtaca leis na cearta bunúsacha a aithnítear mar chuid de dhlí an Aontais (breithiúnas an 17 Feabhra 1998, C–249/96 Grant [1998] ECR I–621, pointe 45 de na forais). I gcomhréir leis an riail seo, ní gá a rá nach féidir an tagairt don Chairt in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a thuiscint mar ní a leathnaíonn as féin raon gníomhaíochta na mBallstát a mheasfar mar ‘chur chun feidhme dhlí an Aontais’ (de réir bhrí mhír I agus an chásdlí thuasluaite).

Míniú ar Airteagal 52 – Raon feidhme agus léiriú na gceart agus na bprionsabal

Is é is críoch d'Airteagal 52 raon feidhme cheart agus phrionsabail na Cairte a shocrú, agus rialacha a leagan síos maidir lena léiriú. Déileálann mír 1 leis na socruithe maidir le cearta a theorannú. Is bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais atá an fhoclaíocht: ‘... tá sé seanbhunaithe i gcásdlí na Cúirte gur féidir srianta a fhorchur ar cheart bunúsach a fheidhmiú, go háirithe i gcomhthéacs comheagraíochta margaidh, ar chuntar go bhfreagraíonn na srianta sin do chuspóirí leasa choitinn arna saothrú ag an gComhphobal agus nach ionann iad, maidir leis an aidhm atá á saothrú, agus cur isteach neamhréireach, míréasúnta a bhainfeadh an bonn de shubstaint na gceart sin’ (breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Cás C–292/97, mír 45 de na forais). Folaíonn an tagairt do na leasanna ginearálta atá aitheanta ag an Aontas na cuspóirí atá luaite in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus leasanna eile a chosnaítear le forálacha sonracha de na conarthaí ar nós Airteagal 4(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 35(3) agus Airteagail 36 agus 346 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tagraíonn mír 2 do chearta a ráthaíodh go sainráite roimhe seo sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus a aithníodh sa Chairt agus atá le fáil anois sna conarthaí (go háirithe na cearta a chineann ó shaoránacht den Aontas). Soiléiríonn sé go leanfaidh na cearta sin de bheith faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir leis an dlí sin de chuid an Aontais ar a bhfuil siad bunaithe agus dá bhforáiltear sna conarthaí. Ní athraíonn an Chairt córas na gceart a thugtar le Conradh CE agus atá le fáil anois sna conarthaí.

Tá mír 3 ceaptha an comhchuibheas is gá a áirithiú idir an Chairt agus an CECD trína rialú, a mhéad a fhreagraíonn na cearta sa Chairt seo do na cearta a ráthaítear sa CECD, gur ionann brí agus raon feidhme dóibh, lena n-áirítear teorainneacha údaraithe, agus dóibh siúd a leagtar síos sa CECD. Ciallaíonn sé sin, ach go háirithe, nach mór don reachtóir, agus teorainneacha á leagan síos aige maidir leis na cearta sin, na caighdeáin chéanna a chomhlíonadh a shocraítear leis na socruithe mionsonraithe um theorannú dá bhforáiltear sa CECD agus atá infheidhme dá bhrí sin maidir leis na cearta a chlúdaítear sa mhír seo, gan dochar a dhéanamh dá chionn sin do neamhspleáchas dhlí an Aontais ná do neamhspleáchas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Folaíonn an tagairt don CECD an Coinbhinsiún agus na Prótacail a ghabhann leis. Cinntear brí agus raon feidhme na gceart arna ráthú, ní hamháin le téacs na n-ionstraimí sin ach freisin le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá sé i gceist leis an abairt dheiridh den mhír a chur ar chumas an Aontais cosaint níos forleithne a áirithiú. Ar aon chaoi, ní fhéadfaidh an leibhéal cosanta a thugtar leis an gCairt a bheith níos ísle choíche ná an leibhéal a ráthaítear leis an CECD.

Ní chuireann an Chairt de chosc ar na Ballstáit leas a bhaint as Airteagal 15 den CECD, lena n-údaraítear maoluithe ar na cearta sa CECD i gcás cogaidh nó i gcás aon chontúirtí poiblí eile a bheith ag bagairt ar shaol an náisiúin, agus iad i mbun gníomhaíochta i réimse cosanta náisiúnta i gcás cogaidh agus i réimse choimeád an oird phoiblí, i gcomhréir leis na freagrachtaí atá orthu mar a aithnítear in Airteagal 4(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagail 72 agus 347 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh iad.

Tugtar liosta ina dhiaidh seo de na cearta is féidir a mheas faoi láthair, gan forbairtí a chosc ar an dlí, ar an reachtaíocht ná ar na Conarthaí, mar chearta a fhreagraíonn do na cearta sa CECD de réir bhrí na míre seo. Níl aon chearta sa bhreis orthu sin sa CECD ar áireamh ann.

1.

Airteagail sa Chairt ar ionann brí agus raon feidhme dóibh agus do na hAirteagail chomhfhreagracha den CECD:

Freagraíonn Airteagal 2 d'Airteagal 2 den CECD;

Freagraíonn Airteagal 4 d'Airteagal 3 den CECD;

Freagraíonn Airteagal 5(1) agus (2) d'Airteagal 4 den CECD;

Freagraíonn Airteagal 6 d'Airteagal 5 den CECD;

Freagraíonn Airteagal 7 d'Airteagal 8 den CECD;

Freagraíonn Airteagal 10(1) d'Airteagal 9 den CECD;

Freagraíonn Airteagal 11 d'Airteagal 10 den CECD gan dochar d'aon srianta a fhéadfaidh dlí an Aontais a fhorchur ar cheart na mBallstát na socruithe ceadúnais dá bhforáiltear sa tríú habairt d'Airteagal 10(1) den CECD a thabhairt isteach;

Freagraíonn Airteagal 17 d'Airteagal 1 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD;

Freagraíonn Airteagal 19(1) d'Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 4;

Freagraíonn Airteagal 19(2) d'Airteagal 3 den CECD mar atá arna léiriú ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine;

Freagraíonn Airteagal 48 d'Airteagal 6(2) agus (3) den CECD;

Freagraíonn Airteagal 49(1) (seachas an abairt dheiridh) agus Airteagal 49(2) d'Airteagal 7 den CECD.

2.

Airteagail arb ionann brí dóibh agus do na hAirteagail chomhfhreagracha sa CECD, ach ar forleithne a raon feidhme:

Clúdaíonn Airteagal 9 an réimse céanna agus a chlúdaíonn Airteagal 12 den CECD, ach féadfar a raon feidhme a leathnú ionas go mbainfidh sé le cineálacha eile pósta má bhunaítear le reachtaíocht náisiúnta iad;

Freagraíonn Airteagal 12(1) d'Airteagal 11 den CECD ach leathnaítear go dtí leibhéal an Aontais Eorpaigh a raon feidhme;

Freagraíonn Airteagal 14(1) d'Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD ach déantar a raon feidhme a leathnú ionas go gclúdóidh sé an rochtain ar an ngairmoiliúint agus ar an oiliúint leanúnach;

Freagraíonn Airteagal 14(3) d'Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD maidir le cearta tuismitheoirí;

Freagraíonn Airteagal 47(2) agus (3) d'Airteagal 6(1) den CECD ach níl feidhm maidir le dlí an Aontais ná maidir lena chur chun feidhme ag an teorannú ar chinneadh ceart sibhialta agus oibleagáidí sibhialta nó cúiseamh coiriúil;

Freagraíonn Airteagal 50 d'Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann leis an CECD ach déantar a raon feidhme a leathnú go dtí leibhéal an Aontais Eorpaigh idir Chúirteanna na mBallstát;

Ar deireadh, ní fhéadfar saoránaigh den Aontas Eorpach a mheas mar eachtrannaigh, faoi raon feidhme dhlí an Aontais, mar gheall ar an toirmeasc ar aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta. Na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 sa CECD maidir le cearta eachtrannach, níl feidhm acu, dá bhrí sin, maidir leo sa chomhthéacs seo.

An riail léirithe atá i mír 4, tá sí bunaithe ar fhoclaíocht Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tugann sí aird chuí ar chur chuige na Cúirte Breithiúnais i leith na gcomhthraidisiún bunreachtúil (m.sh. breithiúnas an 13 Nollaig 1979, Cás 44/79 Hauer [1979] ECR 3727; breithiúnas an 18 Bealtaine 1982, Cás 155/79, AM&S, [1982] ECR 1575). De réir na rialach sin, seachas cur chuige docht a leanúint, bunaithe ar ‘an gcomhainmneoir is ísle’, ba chóir na cearta Cairte lena mbaineann a léiriú ar shlí a thabharfadh ardleibhéal cosanta, a shásaíonn dlí an Aontais agus a luíonn leis na comhthraidisiúin bhunreachtúla.

Soiléirítear i mír 5 an t-idirdhealú a dhéantar idir na ‘cearta’ agus na ‘prionsabail’ a leagtar amach sa Chairt. De réir an idirdhealaithe sin, déanfar cearta suibiachtúla a urramú, san áit a ndéanfar prionsabail a chomhlíonadh (Airteagal 51(1)). Féadfar prionsabail a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha nó le gníomhartha feidhmiúcháin (arna nglacadh ag an Aontas i gcomhréir lena chumhachtaí, agus ag na Ballstáit nuair a chuireann siad dlí an Aontais chun feidhme agus ansin amháin); dá réir sin, ní bhíonn tábhacht ag baint leo do na Cúirteanna seachas nuair a bhíonn gníomhartha den sórt sin le léiriú nó le léirmheas. Ní eascraíonn éilimh dhíreacha astu, áfach, ar ghníomhaíocht dhearfach ag institiúidí an Aontais ná ag údaráis na mBallstát. Tagann sé seo le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (féach go háirithe an cásdlí maidir le ‘prionsabal an réamhchúraim’ in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: breithiúnas na Cúirte Céadchéime an 11 Meán Fómhair 2002, Cás T–13/99, Pfizer v. An Chomhairle, le tagairtí iomadúla don chásdlí roimhe sin; agus sraith breithiúnas ar Airteagal 33 (sean-Airteagal 39) maidir le prionsabail dhlí na talmhaíochta, m.sh. breithiúnas na Cúirte Breithiúnais C–265/85, Van den Berg, [1987] ECR 1155: mionscrúdú ar phrionsabal chobhsú an mhargaidh agus ar an ionchas réasúnach) agus le cur chuige chórais bhunreachtúla na mBallstát i leith na ‘bprionsabal’, go háirithe i réimse an dlí shóisialta. Mar léiriú, áirítear Airteagail 25, 26 agus 37 ar na samplaí de phrionsabail a aithnítear sa Chairt. I gcásanna áirithe, féadfaidh gnéithe de cheart agus gnéithe de phrionsabal a bheith san aon Airteagal amháin den Chairt, m.sh. Airteagail 23, 33 agus 34.

Tagraítear i mír 6 do na hAirteagail éagsúla sa Chairt ina ndéantar tagairt, de mheon na coimhdeachta, do dhlíthe agus do chleachtais náisiúnta.

Míniú ar Airteagal 53 – Leibhéal na cosanta

Tá an fhoráil seo ceaptha chun an leibhéal cosanta a choimeád ar bun a thugann dlí an Aontais, an dlí náisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta laistigh dá raon feidhme féin faoi seach. Mar gheall ar an tábhacht atá leis, luaitear an CECD.

Míniú ar Airteagal 54 – Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid

Freagraíonn an tAirteagal seo d'Airteagal 17 den CECD:

‘Ní cead aon ní sa Choinbhinsiún seo a léiriú mar ní a bheir d'aon Stát, grúpa, nó duine ceart ar bith chun páirt a ghlacadh in aon ghníomh d'fhonn aon chearta nó saoirse dá luaitear anseo a dhíothú, nó a theorannú thar mar a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo.’


(1)  Nóta ón eagarthóir: Tá na tagairtí d'uimhreacha Airteagal sa Chonradh tugtha cothrom le dáta agus tá ceartú déanta ar earráidí follasacha áirithe.


Top