This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1187
Council Decision (CFSP) 2023/1187 of 19 June 2023 on Union support for the universalisation and effective implementation of the International Convention for the Suppression of Acts of Nuclear Terrorism
Cinneadh (CBES) 2023/1187 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2023 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur
Cinneadh (CBES) 2023/1187 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2023 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur
ST/9636/2023/ADD/1
IO L 157, 20.6.2023, p. 35–45
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
20.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 157/35 |
CINNEADH (CBES) 2023/1187 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Meitheamh 2023
maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Nollaig 2003 ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (‘an Straitéis’), ina luaitear gur féidir le neamhleathadh, dí-armáil agus rialú arm rannchuidiú ar bhealach riachtanach le comhrac domhanda na sceimhlitheoireachta trí laghdú a dhéanamh ar an riosca go bhfaigheadh gníomhaithe neamhstáit rochtain ar airm ollscriosta, ar ábhair radaighníomhacha agus ar mhodhanna seachadta. I gCaibidil III den Straitéis, tá liosta beart is gá a dhéanamh laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha araon chun leathadh den sórt sin a chomhrac. |
(2) |
Tá an Straitéis á cur chun feidhme go gníomhach ag an Aontas agus tá éifeacht á tabhairt aige do na bearta a liostaítear i gCaibidil III di, go háirithe trí oibriú i dtreo uiliú agus, i gcás inar gá, neart na bpríomhchonarthaí, na bpríomhchomhaontuithe agus na bpríomhshocruithe fíorúcháin maidir le dí-armáil agus neamhleathadh, agus trí acmhainní airgeadais a scaoileadh chun tacú le tionscadail shonracha arna ndéanamh ag institiúidí iltaobhacha, mar shampla, Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC) agus Oifig Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe (UNOCT). |
(3) |
An 13 Aibreán 2005, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur, a osclaíodh lena shíniú an 14 Meán Fómhair 2005. |
(4) |
Ina Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal Securing our Common Future [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a seoladh an 24 Bealtaine 2018, thug Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dá aire nach raibh na rioscaí núicléacha inghlactha agus go raibh siad ag dul i méid. |
(5) |
An 10 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1939 (1). |
(6) |
An 7 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/919 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 agus lena gcuirtear síneadh lena chur chun feidhme go dtí an 30 Samhain 2022 i bhfianaise na ndúshlán leanúnach a eascraíonn as paindéim COVID-19. |
(7) |
An 8 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2185 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 agus lena gcuirtear síneadh breise lena chur chun feidhme go dtí an 30 Meitheamh 2023 i bhfianaise na moille leanúnaí ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/1939 mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19. |
(8) |
Tagraíonn Compás Straitéiseach 2022 don tSlándáil agus don Chosaint do shíorbhagairt an leathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta, agus cuirtear in iúl ann cuspóir an Aontais gníomhaíochtaí nithiúla an Aontais a threisiú mar thaca le spriocanna dí-armála, neamhleata agus rialaithe arm. Luaitear ann freisin bagairt thrasnáisiúnta na sceimhlitheoireachta mar dhúshlán leanúnach agus toil an Aontais chun a fhreagairt a neartú chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr. |
(9) |
Ba cheart cur chun feidhme teicniúil an Chinnidh seo a chur de chúram ar UNODC agus ar Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe (UNCCT) de chuid UNOCT. |
(10) |
Ba cheart an Cinneadh seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gCreat–Chomhaontú Airgeadais agus Riaracháin arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach leis na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas le cláir nó tionscadail arna riar ag na Náisiúin Aontaithe a bhainistiú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta, Straitéis Dhomhanda an Aontais maidir leis an mBeartas Eachtrach agus Slándála agus an Compás Straitéiseach maidir le Slándáil agus Cosaint a chur chun feidhme, tacóidh an tAontas a thuilleadh le huiliú agus le cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (‘ICSANT’) trí ghníomhaíocht oibríochtúil.
2. Is é a bheidh i gcuspóirí an ghnímh dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
líon na Stát a thionscnaíonn próisis le bheith ina bPáirtithe in ICSANT a mhéadú agus feasacht agus eolas ar ICSANT a mhúscailt i measc tairbhithe mar shampla lucht ceaptha beartas náisiúnta agus cinnteoirí náisiúnta agus i bhfóraim idirnáisiúnta; |
(b) |
feabhas a chur ar reachtaíocht náisiúnta agus ar chumas oifigeach ceartais choiriúil agus geallsealbhóirí náisiúnta ábhartha eile i dtíortha tairbhíocha cásanna ina bhfuil ICSANT ábhartha a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú; |
(c) |
beartais, cleachtais agus nósanna imeachta a fheabhsú chun bagairt gníomhaithe neamhstáit a chosc, a bhrath agus freagairt orthu, lena n-áirítear ábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile a bheith á bhfáil, á sealbhú agus/nó á n-úsáid ag sceimhlitheoirí; |
(d) |
feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar bhagairt na sceimhlitheoireachta raideolaíche agus na sceimhlitheoireachta núicléiche agus ar iompar coiriúil eile a bhaineann leis na hábhair sin; |
(e) |
feabhas a chur ar an gcomhar náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear malartú faisnéise, laistigh de Stáit is Páirtithe agus eatarthu féin agus bearta éifeachtacha praiticiúla á gceapadh agus á nglacadh acu chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme go héifeachtach. |
3. Leagtar amach san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar an ngníomh dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is é UNODC agus UNOCT a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an ghnímh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur i gcrích.
3. Déanfaidh UNODC agus UNOCT an cúram sin faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNCOD agus le UNOCT.
Airteagal 3
1. Is é EUR 4 000 000,82 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an ghnímh arna mhaoiniú ag an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais a mhaoineofar leis an méid tagartha dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontuithe ranníocaíochta i gcrích le UNODA agus le UNOCT. Sonrófar sna comhaontuithe ranníocaíochta go n-áiritheoidh UNODC agus UNOCT infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, agus sin iomchuí dá méid.
4. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a tugadh na comhaontuithe i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODC agus UNOCT. Is ar bhonn na dtuarascálacha tráthrialta sin a dhéanfaidh an Chomhairle an mheastóireacht.
2. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais chur chun feidhme an ghnímh dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis dháta thabhairt i gcrích na gcomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3). Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. BUSCH
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1939 ón gComhairle an 10 Nollaig 2018 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 314, 11.12.2018, lch. 41).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/919 ón gComhairle an 7 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 201, 8.6.2021, lch. 27).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/2185 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 288, 9.11.2022, lch. 80).
IARSCRÍBHINN
Tacaíocht ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur
Achoimre feidhmiúcháin
Cúlra
Tá Coinbhinsiún Idirnáisiúnta 2005 maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (ICSANT) ar cheann den 19 n-ionstraim dlí idirnáisiúnta i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus tá sé bunriachtanach don tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta. Ó mhí an Mhárta 2023, tá 120 Páirtí in ICSANT, rud a chiallaíonn go bhfuil níos mó ná aon trian den domhan nach bhfuil faoi chosaint an Choinbhinsiúin go fóill. Ionas gur féidir acmhainneacht iomlán ICSANT a bhaint amach, agus chun nach mbeidh tearmainn agus bealaí éalaithe dlíthiúla ann, tá an t-uiliú ina phríomhsprioc i gcónaí. Is é an chéad chéim atá riachtanach glacadh leis mar pháirtí ach os a choinne sin tá a chur chun feidhme éifeachtach (reachtach agus teicniúil) ríthábhachtach freisin.
Is éard atá i gceist le dul isteach in ICSANT an reachtaíocht náisiúnta cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar na ceanglais uile a leagtar amach sa Choinbhinsiún a thrasuí go leordhóthanach i gcórais náisiúnta dlí. Leis an méid sin, soláthraítear cumhdach dlíthiúil cuimsitheach i dtaca le coireanna abhaineann le hábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta, mar aon le sásraí chun an t-iompar sin a chosc agus chun freagairt air.
Cuireadh tús in 2019 leis an gcéad tionscadal idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe Promoting universalization and effective implementation of the International Convention for the Suppression of Acts of Nuclear Terrorism [Cur chun cinn uiliú agus chur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur], agus cuirfear bailchríoch air i mí an Mheithimh 2023. Is comhpháirtíocht thábhachtach iltaobhach slándála an tionscadal sin chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt leanúnach go bhfaighidh gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad ábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile nó go mbainfidh siad úsáid as chun críoch sceimhlitheoireachta nó chun críoch coiriúil eile. Tá an méid sin ábhartha, go háirithe, tráth atá méadú tagtha ar an aird pholaitiúil ar shaincheist na slándála núicléiche ar fud an domhain.
Réasúnaíocht an tionscadail
Tá ICSANT fós an-ábhartha, ní hamháin do thíortha a bhfuil ábhar núicléach agus cláir cumhachta núicléiche acu, ach do gach tír eile freisin, ós rud é go gclúdaíonn ICSANT ábhar radaighníomhach eile a úsáidtear go coitianta – inter alia – sa leigheas, sa tionscal agus sa talmhaíocht. Dá bhrí sin, is gá leanúint d’uiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin a chur chun cinn agus de thacaíocht a thabhairt ina thaobh, trí léiriú a thabhairt ar an tairbhe do gach Stát a bhaineann le bheith rannpháirteach sa chonradh, agus iompar sceimhlitheoireachta agus iompar coiriúil eile a dhéanann gníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad a bhaineann le hábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile a chosc agus a thoirmeasc. I ndáil leis an méid sin, beidh an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe i gcomhpháirtíocht arís i dtionscadal nua dar teideal Supporting the universalization and effective implementation of the International Convention for the Suppression of Acts of Nuclear Terrorism [Tacú le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur].
Sprioc an Tionscadail
Is é is aidhm don tionscadal, trí bhíthin uiliú agus cur chun feidhme éifeachtach ICSANT, a áirithiú nach mbeidh aon tearmann ann dóibh siúd a dhéanann gníomhartha sceimhlitheoireachta nó gníomhartha coiriúla eile a bhaineann le hábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile, nó a fhéachann lena ndéanamh.
Tréimhse an Tionscadail
1 Iúil 2023 – 30 Meitheamh 2026 (36 mhí)
Raon Feidhme Geografach an Tionscadail
Domhanda, réigiúnach, náisiúnta
Cur Chuige an Tionscadail
Is iad an Oifig um Chosc na Sceimhlitheoireachta (TPB) de chuid Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC), trína Clár um sceimhlitheoireacht CBRN a chosc, agus Oifig na Náisiún Aontaithe um an bhFrithsceimhlitheoireacht (UNOCT), trí Chlár Lárionad Comhpháirteach Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe (UNCCT) dá cuid a bhaineann le hAirm Ollscriosta/Sceimhlitheoireacht Cheimiceach, Bhitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (WMD/CBRN) a chosc agus freagairt ar an méid sin, a chuirfidh an tionscadal seo chun feidhme, i ndlúthchomhar le hoifigí ábhartha allamuigh mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear Toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh, an Tionscnamh maidir le hIonaid Barr Feabhais an Aontais Eorpaigh chun Riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach a mhaolú (CoE AE CBRN), an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA), Institiúid Taighde na Náisiún Aontaithe um Choireacht agus Ceartas (UNICRI), Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) agus Grúpa Saineolaithe Choiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun rún 1540 (2004).
Roinnfear an tionscadal ina dhá chomhpháirt, gach ceann acu le bheith curtha chun feidhme ag UNODC agus ag UNOCT/UNCCT, faoi seach, i gcomhréir lena sainorduithe agus lena saineolas. Beidh roinnt aschur agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme ag UNODC, dá bharr sin, agus cuirfidh UNOCT/UNCCT cinn eile chun feidhme. I gcásanna áirithe, beidh an dá eintiteas rannpháirteach ann.
Leis an tionscadal, cuirfear leis na gníomhaíochtaí a rinneadh agus leis na huirlisí a forbraíodh sa tionscadal a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2018/1939 ón gComhairle an 10 Nollaig 2018.
Déanfar an tionscadal i gcomhréir leis na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe (GCTS) ina gcuirtear i bhfios go láidir nach mór do gach beart a dhéantar chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac a bheith i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. Déanfar na noirm agus na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le cearta an duine (mar atá sna conarthaí, i ndlí an ghnáis agus in ionstraimí eile) a chomhtháthú sa tionscadal.
Cuirfear an tionscadal i bhfeidhm ar bhealach inscne-íogair, agus déanfar peirspictíochtaí inscne a phríomhshruthú i ngach céim den tionscadal. Sa tionscadal, cuirfear peirspictíochtaí inscne chun cinn agus déanfar gné na hinscne a chomhtháthú ina mhodheolaíocht agus, a mhéid is féidir, áiritheofar comhdheiseanna d’oifigigh baineanna agus d’oifigigh fhireanna chun bheith rannpháirteach i ngach imeacht tionscadail, agus béim á leagan ar na tairbhí a bhaineann le seirbhísigh phoiblí ar mná iad a áireamh sna hinstitiúidí náisiúnta. Déanfar an t-aiseolas go léir a bhailítear ó shuirbhéanna agus tástálacha réamh-cheardlainne agus iar-cheardlainne a imdhealú de réir inscne, lena chinntiú sa tionscadal go ndéanfar dearcadh na n-oifigeach baineann a fháil agus a thuairisciú. Déanfaidh táscairí tionscadail sonraí atá imdhealaithe de réir inscne a bhailiú agus a thuairisciú.
Déanfaidh UNODC agus UNOCT comhordú de réir mar is iomchuí maidir le cur chun feidhme a ngníomhaíochtaí faoi seach.
Aon uair a lorgaítear saineolas seachtrach chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, féachfaidh UNODC agus UNOCT le saineolaithe ó Bhallstát den Aontas Eorpach a fhostú.
Sa tionscadal, áireofar comhar leis an gcomhphobal idirnáisiúnta agus leis na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear parlaimintí, aireachtaí ceartais agus geallsealbhóirí ábhartha eile, chun uiliú ICSANT a chur chun cinn, infheictheacht a fheabhsú faoina thábhachtaí atá sé go gcloífí leis agus fothú acmhainneachta a chur cinn chun gur féidir é a chur chun feidhme go héifeachtach.
Torthaí an Tionscadail
Toradh 1: Méadú ar líon na Stát a bhreithníonn/a thionscnaíonn próisis/le bheith ina bpáirtithe in ICSANT agus méadú ar fheasacht agus eolas ar ICSANT a mhúscailt i measc tairbhithe (lucht ceaptha beartas agus cinnteoirí náisiúnta, lena n-áirítear parlaiminteoirí) agus i bhfóraim idirnáisiúnta. Baintear leas as sineirgí le hionstraimí dlí idirnáisiúnta ábhartha eile (CPPNM, ACPPNM, rún 1540 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe) de réir mar is iomchuí.
Toradh 2: Feabhas a chur ar reachtaíocht náisiúnta agus ar chumas oifigeach ceartais choiriúil agus geallsealbhóirí náisiúnta ábhartha eile i dtíortha tairbhíocha cásanna ina mbeadh ICSANT ábhartha a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú.
Toradh 3: Feabhas a chur ar bheartais, cleachtais agus nósanna imeachta chun bagairt na ngníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad, sceimhlitheoirí san áireamh, a fhaigheann ábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile, nó a shealbhaíonn agus/nó a úsáideann an t-ábhar sin, a chosc, a bhrath agus freagairt ar an mbagairt sin agus feabhas a chur ar an eolas agus an tuiscint ar bhagairt na sceimhlitheoireachta raideolaíche agus na sceimhlitheoireachta núicléiche agus ar iompar coiriúil eile a bhaineann leis na hábhair sin.
Toradh 4: Feabhas a chur ar an gcomhar náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear malartú faisnéise, laistigh de na Stáit is Páirtithe agus eatarthu féin agus bearta éifeachtacha praiticiúla á gceapadh agus á nglacadh acu chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme go héifeachtach.
Aschuir agus gníomhaíochtaí tionscadail
Toradh 1: Méadú ar líon na Stát a bhreithníonn/a thionscnaíonn próisis/le bheith ina bpáirtithe in ICSANT agus méadú ar fheasacht agus eolas ar ICSANT a mhúscailt i measc tairbhithe (lucht ceaptha beartas agus cinnteoirí náisiúnta, lena n-áirítear parlaiminteoirí) agus i bhfóraim idirnáisiúnta. Baintear leas as sineirgí le hionstraimí dlí idirnáisiúnta ábhartha eile (CPPNM, ACPPNM, rún 1540 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe) de réir mar is iomchuí.
Aschur 1.1: Cuirtear chun cinn a thábhachtaí atá uiliú agus cur chun feidhme éifeachtach ICSANT, trí infheict.heacht, abhcóideacht na n-imeachtaí ábhartha, agus rannchuidiú leo
Gníomhaíocht 1.1.1.: Seoladh an tionscadail agus cur i láthair na dtorthaí ó ghníomhaíochtaí roimhe seo (UNODC/UNOCT)
Eagróidh UNODC agus UNOCT/UNCCT seoladh tionscadail i Vín agus i Nua-Eabhrac faoi seach, ina dtabharfar cuireadh do Bhuanmhisin áitiúla na mBallstát. Féachfaidh na feidhmeoirí le hionadaíocht ó na príomh-Bhallstáit, idir an tAontas Eorpach agus Ballstáit ó na spriocréigiún araon, chun suim sa dara tionscadal sin agus móiminteam ina leith a chothú agus chun cur chun feidhme an tionscadail a éascú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Tabharfar deis, leis na himeachtaí sin, torthaí agus ceachtanna a foghlaimíodh ón tionscadal roimhe seo a chomhroinnt.
Gníomhaíocht 1.1.2.: Cur chun cinn an staidéir dar teideal Reasons and Challenges of United Nations Member States for Not Becoming Party to ICSANT and Tools for its Effective Implementation [Na cúiseanna atá ag Ballstáit de chuid na Náisiún Aontaithe gan bheith ina bpáirtí in ICSANT agus na dúshláin atá rompu agus uirlisí chun ICSANT a chur chun feidhme go héifeachtach] (UNOCT)
Eagróidh UNOCT/UNCCT trí (3) sheisiún chun an staidéar a chur chun cinn agus a scaipeadh, Reasons and Challenges of United Nations Member States for Not Becoming Party to ICSANT and Tools for its Effective Implementation [Na cúiseanna atá ag Ballstáit de chuid na Náisiún Aontaithe gan bheith ina bpáirtí in ICSANT agus na dúshláin atá rompu agus uirlisí chun ICSANT a chur chun feidhme go héifeachtach], staidéar a forbraíodh le linn thionscadal ICSANT, a thabharfar chun críche i mí an Mheithimh 2023. Sa staidéar léirítear tuiscint níos doimhne ar na cúiseanna atá ag na Ballstáit gan bheith ina bpáirtí in ICSANT agus na dúshláin atá rompu agus tugtar roinnt moltaí faoin gcaoi lena áirithiú go gcloífear níos mó leis agus go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é. Go háirithe, déanfaidh UNOCT/UNCCT obair leantach leis na príomh-Bhallstáit a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as torthaí agus treoir an staidéir.
Gníomhaíocht 1.1.3.: Infheictheacht, abhcóideacht na n-imeachtaí a bhaineann le ICSANT arna n-óstáil ag eagraíochtaí eile (UNODC/UNOCT), agus rannchuidiú leo
Laistigh dá sainorduithe faoi seach, agus de réir mar is iomchuí, tabharfaidh UNODC agus UNOCT/UNCCT saineolas agus cuirfidh siad ICSANT agus a chuid oibre faoin tionscadal chun cinn i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta, mar shampla imeachtaí a bhaineann leis/arna n-eagrú ag an méid seo a leanas:
— |
creataí dlíthiúla idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Fhisiciúil Ábhair Núicléach agus an leasú air, rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, ach gan bheith teoranta dóibh sin; |
— |
eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear IAEA, Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (INTERPOL), UNICRI, Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR), UNODA, Oifig Gnóthaí Dlíthiúla na Náisiún Aontaithe (OLA), ach gan a bheith teoranta dóibh sin; |
— |
an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha; |
— |
tionscnaimh idirnáisiúnta lena n-áirítear CoE AE CBRN, an Chomhpháirtíocht Dhomhanda i gcoinne Leathadh Arm agus Ábhar Ollscriosta, an Tionscnamh um Bagairt Núicléach agus Comhshocrú Comhordúcháin Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le Frithsceimhlitheoireachta. |
Aschur 1.2.: Cloí le ICSANT agus sineirgí le hionstraimí dlí idirnáisiúnta ábhartha eile a chur chun cinn agus a mhéadú
Gníomhaíocht 1.2.1.: Cloí leis an gCoinbhinsiún a chur chun cinn trí chuairteanna tíre (UNODC)
Ag tógáil ar an bhfor-rochtain fhairsing ar thug UNODC fúithi i dtreo uiliú agus ar a líonra ollmhór d’oifigí allamuigh, eagróidh UNODC ocht (8) gcuairt tíre ar stáit nach bhfuil ina bpáirtithe in ICSANT go fóill agus, de réir anailís UNODC agus na rannpháirtíochta roimhe seo, a bhainfeadh níos mó tairbhe as comhairliúcháin aghaidh ar aghaidh. Le linn na gcuairteanna tíre sin, de réir mar is iomchuí, rachaidh UNODC i dteagmháil le geallsealbhóirí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, parlaiminteoirí san áireamh.
Gníomhaíocht 1.2.2.: Cloí leis an gCoinbhinsiún a chur chun cinn trí dhul i dteagmháil le Parlaimintí náisiúnta na mBallstát nach páirtithe in ICSANT (UNOCT) iad
Eagróidh UNOCT/UNCCT trí (3) imeacht náisiúnta chun achainí chomhpháirteach a dhíriú ar Pharlaimintí na mBallstát nach páirtithe sa Choinbhinsiún iad go fóill. Ina theannta sin, tabharfar cuireadh do gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear an Aireacht Gnóthaí Eachtracha, an Aireacht Dlí agus Cirt, údaráis rialála núicléacha agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, a bheith rannpháirteach sa seisiún faisnéise. Díreoidh na himeachtaí náisiúnta ar a ábhartha atá ICSANT chun feabhas a chur ar an tslándáil núicléach, ar chomhlántacht agus sineirgí le hionstraimí dlí idirnáisiúnta eile, ar na buntáistí nuair a chloítear leis an gCoinbhinsiún agus ar an riosca nuair nach gcloítear leis, ar dhea-chleachtas sa chur chun feidhme, agus ar bhagairt na sceimhlitheoireachta a bhaineann le hábhar núicléach agus radaighníomhach. Oibreoidh UNOCT/UNCCT, i gcomhar le Clár UNOCT maidir le rannpháirtíocht pharlaiminteach chun sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, sa chlároifig in Doha, i ndlúthchomhar le heagraíochtaí parlaiminteacha idirnáisiúnta, réigiúnacha chun cloí leis an gCoinbhinsiún a chur chun cinn.
Gníomhaíocht 1.2.3.: Cloí leis an gCoinbhinsiún a chur chun cinn trí cheardlanna réigiúnacha (UNODC)
Chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na n-iarrachtaí um uiliú a rinneadh faoin gcéad tionscadal ICSANT de chuid an Aontais, eagróidh UNODC ceithre (4) cheardlann fhíorúla réigiúnacha, idir-réigiúnacha, fho-réigiúnacha, leantacha do lucht ceaptha beartas agus do chinnteoirí stát nach páirtithe fós iad in ICSANT (trí (3) cinn i mBéarla, ceann amháin (1) i bhFraincis).
Cuirfidh na ceardlanna fíorúla leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin gCinneadh ón gComhairle roimhe seo chun an inbhuanaitheacht a áirithiú. Déanfar ábhair ábhartha a fhorbrófar faoin tionscadal, mar shampla ríomhfhoghlaim agus lámhleabhair oiliúna, mar aon le hábhair leictreonacha múscailte feasachta (atá ar fáil cheana féin i ngach ceann de shé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe) a dháileadh roimh na ceardlanna agus lena linn de réir mar is iomchuí. Chomh maith le díriú ar ICSANT, tabharfaidh na ceardlanna aghaidh ar shineirgí leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Fhisiciúil Ábhair Núicléach agus leis an leasú air, agus ar rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus beidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach iontu de réir mar is iomchuí (e.g. IAEA). Spreagfaidh UNODC stáit chun teachtaí den Pharlaimint a áireamh i measc na n-ainmnithe do na ceardlanna fíorúla.
Gníomhaíocht 1.2.4.: An dara seimineár comhpháirteach IAEA-UNODC chun uiliú ICSANT agus an leasú ar CPPNM (UNODC) a chur chun cinn
Ag tógáil ar an gcéad imeacht comhpháirteach rathúil a reáchtáladh an 11-12 Samhain 2021, eagróidh UNODC, i gcomhar le IAEA, an dara hócáid den chineál sin. Beidh an t-imeacht ar siúl i Vín na hOstaire.
Gníomhaíocht 1.2.5.: Cloí leis an gCoinbhinsiún a chur chun cinn trí imeacht ardleibhéil ar imeall Chomhdháil Idirnáisiúnta IAEA 2024 maidir leis an tSlándáil Núicléach (UNODC)
Ag tógáil ar an imeacht rathúil ar an imeall, imeacht a thionóil UNODC in 2020 ar imeall Chomhdháil Idirnáisiúnta IAEA maidir leis an tSlándáil Núicléach (ICONS), reáchtálfaidh UNODC imeacht ardleibhéil ag an gcéad ICONS eile i Vín na hOstaire in 2024. Is príomhchruinniú slándála núicléiche í an Chomhdháil a chuimsíonn mír aireachta agus clár eolaíoch agus teicniúil ina gcuimsítear plé ardleibhéil beartais agus seisiúin theicniúla chomhthreomhara. D’fhreastail breis agus 57 n-aire agus breis agus 2000 saineolaí ó 130 tír agus 35 eagraíocht idirnáisiúnta ar an gComhdháil dheireanach in 2020.
Gníomhaíocht 1.2.6.: Cloí leis an gCoinbhinsiún a chur chun cinn trí imeacht ardleibhéil ar imeall na Seachtaine Frithsceimhlitheoireachta i Nua Eabhrac (UNOCT)
Eagróidh UNOCT/UNCCT imeacht ardleibhéil le linn na Seachtaine Frithsceimhlitheoireachta ag na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac, teacht le chéile débhliantúil iontach feiceálach de na Ballstáit agus de chomhpháirtithe idirnáisiúnta frithsceimhlitheoireachta.
Gníomhaíocht 1.2.7.: Imeacht ar an imeall maidir le gnéithe de chearta an duine agus ICSANT á chur chun feidhme (UNODC/UNOCT)
Eagróidh UNODC agus UNOCT imeacht ar an imeall maidir le forálacha ICSANT um chearta an duine. I measc na gcainteoirí ar tugadh cuireadh dóibh tá an Rapóirtéir Speisialta maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac san am céanna, agus ionadaithe ó eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha eile. Leis an imeacht, inter alia, cuirfear le Curaclam Oiliúna Dlí Frithsceimhlitheoireachta Uimh. 4 UNODC Human Rights and Criminal Justice Responses to Terrorism [Cearta an Duine agus Freagairtí an Cheartais Choiriúil ar an Sceimhlitheoireacht], mar aon le Curaclam Oiliúna Dlí Frithsceimhlitheoireachta Uimh. 1 UNODC Counter-Terrorism in the International Law Context [Frithsceimhlitheoireacht i gComhthéacs an Dlí Idirnáisiúnta].
Toradh 2: Feabhas a chur ar reachtaíocht náisiúnta agus ar chumas oifigeach ceartais choiriúil agus geallsealbhóirí náisiúnta ábhartha eile i dtíortha tairbhíocha cásanna ina mbeadh ICSANT ábhartha a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú.
Aschur 2.1.: Cuirtear cúnamh reachtach ar fáil do Stáit iarrthacha
Gníomhaíocht 2.1.1.: Cúnamh reachtach ábhartha chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha ICSANT agus cur i bhfeidhm an dlí ag oifigigh túslíne, ag údaráis forfheidhmithe dlí, ag ionchúisitheoirí agus ag na breithiúna a chumasú (UNODC)
Tabharfaidh UNODC cúnamh reachtach ábhartha do stáit iarrthacha trí athbhreithnithe doiciméad, arna iarraidh sin agus de réir mar is iomchuí, ag tógáil ar fhorálacha coiriúlúcháin comhpháirteacha samhlacha UNODC-IAEA i gcoinne na sceimhlitheoireachta núicléiche, an ceistneoir féinmheasúnaithe a d’fhorbair UNODC agus a óstáiltear ar shuíomh gréasáin ICSANT UNODC, Lámhleabhar UNODC maidir le Cúnamh Dlí Frithpháirteach agus Eiseachadadh agus Uirlis Scríbhneora i ndáil le Cúnamh Dlí Frithpháirteach UNODC, dea-chleachtais arna sainaithint trí reachtaíocht náisiúnta chur chun feidhme Airteagal 2 de ICSANT a thiomsaigh UNODC, mar aon le huirlisí atá le forbairt ag UNODC faoi Aschur 2.3. Tabharfaidh UNODC an deis do thairbhithe na leasuithe reachtacha atá beartaithe a chur faoi bhráid parlaiminteoirí.
Aschur 2.2.: Feabhas curtha ar chumas na gcóras ceartais choiriúil náisiúnta cionta a bhaineann le ICSANT a chosc, a bhrath, a chur faoi chois, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú
Eagróidh UNODC cúig (5) sheimineár náisiúnta do alumni ionaid oideachais bhreithiúnaigh agus oiliúna breithiúnaí agus deich (10) seimineár gréasáin ar ghnéithe áirithe d’fheidhmiú ICSANT. Beidh UNODC ag brath ar an saineolas seanbhunaithe ar an ábhar a forbraíodh faoina chlár um sceimhlitheoireacht CBRN a chosc i gcomhréir leis an sainordú a thug Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe do UNODC.
Gníomhaíocht 2.2.1.: Seimineáir náisiúnta d’ionaid oideachais bhreithiúnaigh agus oiliúna breithiúnaí (UNODC)
Eagróidh UNODC cúig (5) sheimineár d’ionaid oideachais bhreithiúnaigh agus oiliúna breithiúnaí sna Stáit is Páirtithe chun gur féidir feabhas a chur ar a gcumas ICSANT a chur chun feidhme go héifeachtach agus feasacht a mhúscailt i leith an Choinbhinsiúin. Sna seimineáir, cuirfear i láthair, inter alia, an lámhleabhar maidir le cásanna bréige a bhaineann le cionta faoi ICSANT agus ábhair eile arna bhforbairt ag UNODC, iad siúd a forbraíodh faoi Aschur 2.3. ina measc, agus cuirfear modheolaíocht maidir le hoiliúint don oiliúnóir i bhfeidhm chun an inbhuanaitheacht a áirithiú.
Gníomhaíocht 2.2.2.: Sraith seimineár gréasáin (UNODC)
Déanfaidh UNODC deich (10) seimineár gréasáin maidir le príomhghnéithe éagsúla de ICSANT, mar shampla dlínse, eiseachadadh, cearta an duine, agus caomhnú fianaise, i measc nithe eile. Reáchtálfar na seimineáir ghréasáin i roinnt teangacha. Tabharfar cuireadh d’eintitis idirnáisiúnta eile, mar shampla IAEA, INTERPOL, CoE AE CBRN, agus Coiste 1540, i measc eintitis eile. Beidh taifeadtaí ar an seimineár gréasáin ar fáil ar líne chun an inbhuanaitheacht a chinntiú. Leis na cuirí chuig Buanmhisin déanfar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí náisiúnta ábhartha, parlaiminteoirí san áireamh, a spreagadh.
Aschur 2.3.: Déantar uirlisí cúnaimh theicniúil a fhorbairt, a nuashonrú, a leathnú agus/nó a speisialú
Gníomhaíocht 2.3.1.: Suíomh gréasáin ICSANT (UNODC)
Is é suíomh gréasáin ICSANT UNODC (unodc.org/icsant) an pointe tagartha do chleachtóirí ar fud an domhain ós rud é go bhfuil gach acmhainn a bhaineann leis an gCoinbhinsiún air, an stair nós imeachta, stádas i leith cloí leis an gCoinbhinsiún, ailt anailíseacha, bailiúchán reachtaíochta náisiúnta cur chun feidhme, uirlisí fothaithe acmhainneachta agus cúnamh teicniúil agus reachtach de chuid UNODC, ina measc. Ó seoladh é i mí Mheán Fómhair 2021, cheadaigh os cionn 10 000 úsáideoir an suíomh gréasáin. Déanfaidh UNODC an suíomh gréasáin a choinneáil ar bun, a nuashonrú go rialta agus a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil de na Náisiúin Aontaithe (an Araibis, an tSínis, an Béarla, an Fhraincis, an Rúisis agus an Spáinnis). Mar shampla, óstálfaidh an suíomh gréasáin gach uirlis nua a fhorbrófar, tuarascálacha ar imeachtaí agus reachtaíocht náisiúnta bhreise lena gcuirfear Airteagal 2 de ICSANT chun feidhme.
Ina theannta sin, óstálfaidh an suíomh gréasáin bunachar sonraí d’údaráis ainmnithe ICSANT (de réir aschur 4.1.).
Gníomhaíocht 2.3.2.: Uirlisí speisialaithe cúnaimh theicniúil (UNODC)
Forbróidh agus foilseoidh UNODC i gcóip chrua agus i leagan leictreonach ar shuíomh gréasáin ICSANT UNODC (unodc.org/icsant) uirlisí breise speisialaithe cúnaimh theicniúil maidir le ICSANT i ngach ceann de shé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe. I measc na n-ábhar beidh an méid a leanas:
— |
Sraith straitéisí maidir le gnéithe éagsúla de ICSANT (e.g., dlínse, cearta an duine, urghabháil agus cosaint ábhair nach bhfuil faoi rialú rialála agus comhar idirnáisiúnta) |
— |
Sraith straitéisí maidir le sineirgí leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Fhisiciúil Ábhair Núicléach (CPPNM) agus leis an leasú air |
— |
Sraith straitéisí maidir le sineirgí le rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe |
— |
Sraith straitéisí maidir leis na forálacha coiriúla samhlacha lena gcumhdaítear na cionta a leagtar amach in ICSANT, CPPNM agus an leasú a ghabhann leis, arna bhforbairt go comhpháirteach ag IAEA agus UNODC |
Gníomhaíocht 2.3.3.: Físeán maidir le stair nós imeachta agus príomhfhorálacha ICSANT (UNODC)
Cuirfidh UNODC físeán ar fáil ina míneofar stair nós imeachta agus príomhfhorálacha ICSANT. San fhíseán beidh fianaise ó roinnt Stát is Páirtithe agus ó gheallsealbhóirí eile, lena n-áiritheofar cothromaíocht gheografach agus inscne, agus béim á leagan ann ar an tábhacht a bhaineann le ICSANT. Beidh an físeán ar fáil i ngach ceann de shé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe ar shuíomh gréasáin ICSANT UNODC (unodc.org/icsant).
Toradh 3: Feabhas a chur ar bheartais, cleachtais agus nósanna imeachta chun bagairt na ngníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad, sceimhlitheoirí san áireamh, a fhaigheann ábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile, nó a shealbhaíonn agus/nó a úsáideann an t-ábhar sin, a chosc, a bhrath agus freagairt ar an mbagairt sin agus feabhas a chur ar an eolas agus an tuiscint ar bhagairt na sceimhlitheoireachta raideolaíche agus na sceimhlitheoireachta núicléiche agus ar iompar coiriúil eile a bhaineann leis na hábhair sin.
Aschur 3.1.: Neartaítear cumas na mBallstát fáil, seilbh agus/nó úsáid ábhair núicléach nó ábhair radaighníomhaigh eile a chosc, a bhrath agus freagairt ar an méid sin
Eagróidh UNOCT/UNCCT ceithre (4) cheardlann réigiúnacha agus cleachtaí boird chun cur le cumas na mBallstát an sceimhlitheoireacht núicléach a chomhrac san Afraic, san Áise Láir agus i gCugas agus in Oirdheisceart na hEorpa agus in Oirthear na hEorpa. Leis na ceardlanna réigiúnacha agus leis na cleachtaí boird, cuirfear feabhas ar chumas na mBallstát a mhéid a bhaineann le brath, fóiréinsic, freagairt agus maolú sceimhlitheoireachta raideolaíche agus núicléiche, lena n-áirítear úsáid a bhaint as modheolaíocht shaincheaptha chun cabhrú le húdaráis náisiúnta ICSANT a chur chun feidhme go héifeachtach agus comhar idirnáisiúnta a fheabhsú, rud a léireoidh a thábhachtaí atá sé a bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún. Spreagfaidh na ceardlanna sainaithint seaimpíní réigiúnacha agus malartuithe dea-chleachtas Theas-Theas. Ina theannta sin, beidh roghnú na dtíortha bunaithe, inter alia, ar thorthaí agus chonclúidí an mheasúnaithe chomhpháirtigh de chuid UNOCT/UNCCT-INTERPOL Global Threat Assessment on Non-State Actors and Their Potential Use of CBRNE Materials [Measúnú ar an mbagairt dhomhanda a bhaineann le gníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad agus an úsáid a d’fhéadfaidís a bhaint as ábhair CBRNE].
Gníomhaíocht 3.1.1.: Ceardlanna réigiúnacha agus cleachtaí boird chun cur le cumas na mBallstát an sceimhlitheoireacht núicléach a chomhrac (UNOCT)
Eagróidh UNOCT/UNCCT ceithre (4) cheardlann réigiúnacha agus cleachtaí boird sna réimsí seo a leanas:
An sceimhlitheoireacht raideolaíoch agus núicléach a chomhrac agus béim á leagan ar bhrath chun críche fothaithe acmhainneachta i réimse an bhraite, ag díriú ar dhea-chleachtais a shainaithint agus a chur i bhfeidhm maidir le brath ábhair raideolaíoch/núicléach trí bhíthin faisnéise agus ionstraimí a chuireann le fothú acmhainneachta chun sceimhlitheoireacht raideolaíoch agus núicléach a chomhrac ós rud é go mbaineann sé le bainistiú slándála teorann.
An sceimhlitheoireacht raideolaíoch agus núicléach a chomhrac agus béim á leagan ar fhóiréinsic chun críche fothaithe acmhainneachta i réimse na fóiréinsice, ag díriú ar a thábhachtaí atá an fhóiréinsic núicléach, comhordú idirghníomhaireachta, agus rannchuidiú le fothú acmhainneachta chun an sceimhlitheoireacht raideolaíoch agus núicléach a chomhrac.
Sceimhlitheoireacht raideolaíoch agus núicléach a chomhrac le béim ar fhreagairt agus ar mhaolú chun críche fothaithe acmhainneachta i réimse na freagartha agus an mhaolaithe, ag díriú ar an gcumas freagairt ar bhealach éifeachtach, tráthúil agus comhordaithe ar theagmhais sceimhlitheoireachta a bhaineann le hábhar núicléach nó ábhar radaighníomhach eile mar ghné bhunriachtanach de chreat slándála núicléiche.
Aschur 3.2. Is fearr anois an t-eolas agus an tuiscint atá ag na Ballstáit ar bhagairt na sceimhlitheoireachta raideolaíche agus núicléiche
Eagróidh UNOCT/UNCCT ceithre (4) oiliúint náisiúnta spriocdhírithe ar an láthair do cheithre (4) Bhallstát chun cur leis an acmhainneacht sceimhlitheoireacht raideolaíoch agus núicléach a chomhrac. Leis an oiliúint, cuirfear feabhas ar chumas na mBallstát, inter alia, an riosca agus an bhagairt a thuiscint, frithbhearta a fhorbairt, freagairt ar theagmhais a chleachtadh, agus bonneagar criticiúil agus príomhacmhainní a shainaithint agus a chosaint. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, bainfidh UNOCT/UNCCT tairbhe as an taithí fhairsing a fuarthas a bhuí leis an bpunann oiliúna arna forbairt agus arna cur chun feidhme faoin chlár domhanda maidir le hairm ollscriosta (WMD)/airm cheimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha, núicléacha (CBRN) a chosc agus freagairt orthu, a bhfuil os cionn 1 500 oifigeach oilte aige.
Gníomhaíocht 3.2.1.: Oiliúint náisiúnta ar an láthair maidir leis an sceimhlitheoireacht raideolaíoch agus núicléach a chomhrac (UNOCT)
Oibreoidh UNOCT/UNCCT leis na Ballstáit chun an oiliúint iomchuí frithsceimhlitheoireachta a shainaithint, de réir a dtosaíochtaí agus a riachtanas, mar a leanas:
Oiliúint náisiúnta – Cúrsa bunúsach maidir le bagairtí raideolaíocha agus núicléacha lena gcuirtear ar chumas pearsanra freagairt go héifeachtach ar an staid raideolaíoch agus núicléach, lena dtugtar moltaí do fhreagróirí chun go mbeidh siad in ann oibriú i dtimpeallacht ina bhfuil oibreáin raideolaíocha agus núicléacha a d’fhéadfadh a bheith guaiseach.
Oiliúint náisiúnta – Cúrsa Idirmheánach maidir le bagairtí raideolaíocha agus núicléacha lena gcomhtháthaítear topaicí ábhartha a bhaineann le bagairtí raideolaíocha agus núicléacha. Áireofar leis sin, taispeántais agus cleachtaí praiticiúla, ina mbeidh cásanna réalaíocha a bhaineann le gáinneáil raideolaíoch a bhrath agus a dhíchumasú, ábhar raideolaíoch nó núicléach a shainaithint ar láthair na coire, agus guaiseacha agus fianaise raideolaíocha agus núicléacha a aithint.
Oiliúint náisiúnta – Ardchúrsa maidir le bagairtí raideolaíocha agus núicléacha lena gcumhdaítear bagairtí raideolaíocha agus núicléacha ar bhealach níos mionsonraithe agus béim ar leith á leagan ar ghléasanna scaipthe ábhair raideolaíoch agus ar ghléasanna núicléacha seiftithe.
Oiliúint náisiúnta – Cúrsa maidir le frithbhearta raideolaíocha agus núicléacha ina gcuirtear i láthair an cur chuige ilghníomhaireachta lena ndírítear ar fhrithbhearta a fhorbairt i leith bagairtí raideolaíocha agus núicléacha, agus ar an bhfreagairt chomhpháirteach ar theagmhais raideolaíocha agus núicléacha, ó phríomhghníomhaireachtaí náisiúnta, lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, lucht custaim, gníomhaireachtaí slándála, céadfhreagróirí, lucht faisnéise, lucht sláinte poiblí, údaráis rialála, lucht tionscail, etc.
Oiliúint náisiúnta – Cúrsa maidir le cosaint bonneagair chriticiúil ina ndírítear ar earnálacha ar féidir ionsaí díreach a dhéanamh orthu, mar shampla stáisiúin núicléacha, imoibreoirí taighde núicléach, suíomhanna ina bhfuil foinsí raidió, nóid iompair, mar aon le hearnálacha a fhéadfaidh gníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad díriú orthu chun teicneolaíochtaí íogaire agus rialaithe a fháil.
Toradh 4: Feabhas a chur ar an gcomhar náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear malartú faisnéise, laistigh de na Stáit is Páirtithe agus eatarthu féin agus bearta éifeachtacha praiticiúla á gceapadh agus á nglacadh acu chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme go héifeachtach.
Aschur 4.1.: Éascaítear malartú faisnéise de réir mar a éilíonn ICSANT
Le héifeacht, an 3 Deireadh Fómhair 2022, rinne Oifig Gnóthaí Dlíthiúla na Náisiún Aontaithe (OLA) —arb í a chomhlíonann feidhmeanna taisclainne an Ardrúnaí don Choinbhinsiún seo — a chur de chúram ar UNODC go hoifigiúil, i bhfianaise a shainordaithe, a róil agus a shaineolais maidir le ICSANT, chun fógraí maidir le hainmniú údarás arna ndéanamh ag na Stáit is Páirtithe faoi Airteagal 7(4) a fháil agus a scaipeadh. Dá bhrí sin, seolfar gach fógra den chineál sin chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: unodc-icsant@un.org. Tá na fógraí a fuarthas le cur ar shuíomh gréasáin ICSANT UNODC agus — faoi réir tarchur breise ó UNODC chuig OLA — ar shuíomh gréasáin Bhailiúchán Conarthaí na Náisiún Aontaithe.
Gníomhaíocht 4.1.1.: Feachtas chun na Stáit is Páirtithe in ICSANT a spreagadh chun údarás inniúil agus pointe idirchaidrimh a ainmniú de bhun Airteagal 7(4) den Choinbhinsiún (UNODC)
Seolfaidh UNODC gníomhaíochtaí múscailte feasachta atá dírithe ar Stáit atá ina bpáirtithe cheana féin in ICSANT a spreagadh chun an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 7(4) a chomhlíonadh, lena gceanglaítear ar na Stáit is Páirtithe na Náisiúin Aontaithe a chur ar an eolas faoina n-údaráis inniúla agus a bpointí idirchaidrimh atá freagrach as faisnéis a bhaineann le ICSANT a sheoladh agus a fháil. Áireofar ar na gníomhaíochtaí litreacha a sheoladh chuig Buanmhisin ábhartha lena n-iarrtar orthu a n-oibleagáid faoi Airteagal 7(4) a chomhlíonadh; cruinnithe déthaobhacha a reáchtáil; bileoga agus ábhar for-rochtana eile a fhorbairt i ngach ceann de shé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe.
Gníomhaíocht 4.1.2.: Cruinniú na n-údarás náisiúnta inniúil agus na bpointí idirchaidrimh ICSANT (UNODC)
Eagróidh UNODC an chéad chruinniú de na húdaráis inniúla agus na pointí idirchaidrimh sin i Vín na hOstaire, sa tríú bliain den tionscadal. Áireofar leis an gcruinniú, i measc nithe eile, bréagfhreachnamh comhordúcháin agus oiliúint maidir le conas a bheith ina phointe idirchaidrimh 7(4) éifeachtach. Díreofar an cruinniú ar na pointí idirchaidrimh náisiúnta agus ar gheallsealbhóirí náisiúnta ábhartha eile.
Gníomhaíocht 4.1.3.: Seisiúin faisnéise fíorúla ICSANT do líonraí breithiúnacha agus slándála UNODC atá ann cheana (UNODC)
Ag tógáil ar na líonraí comhair seanbhunaithe atá comhdhéanta de phointí fócasacha slándála agus breithiúnacha arna mbunú ag UNODC i réigiúin éagsúla ar fud an domhain (e.g., don tSaiheil, don Mheánoirthear agus don Afraic Thuaidh, agus don Aigéan Indiach), cuirfidh UNODC faisnéisithe teicniúla ar líne ar fáil agus oibreoidh sé go fíorúil i gcomhar leis na líonraí sin agus modheolaíocht maidir le hoiliúint don oiliúnóir á cur i bhfeidhm. Comhoibríonn pointí fócasacha na líonraí seanbhunaithe sin go rialta trí anailís a dhéanamh ar dhúshláin oibríochtúla, trí dhea-chleachtais a chomhroinnt mar fhreagairt ar na dúshláin sin agus trí chásanna ábhartha a phlé.
Aschur 4.2.: Baineann na spriocphobail úsáid ar an leibhéal réigiúnach as dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh maidir le dul isteach in ICSANT agus cur chun feidhme ICSANT chun cur chun feidhme éifeachtach ICSANT agus na slándála núicléiche a mhéadú
Gníomhaíocht 4.2.1.: Cruinnithe de chuid Phobail na gCleachtóirí (UNOCT)
Eagróidh UNOCT/UNCCT ceithre (4) chruinniú chun comhar náisiúnta idir cleachtóirí raideolaíocha agus núicléacha agus frithsceimhlitheoireachta a chur chun cinn chun feabhas a chur ar chomhroinnt eolais agus faisnéise, mar aon le comhordú idirghníomhaireachta. Leis na cruinnithe sin, tabharfar le chéile pobail cleachtóirí le hionadaithe ó ghníomhaireachtaí frithsceimhlitheoireachta, ó lucht custaim, ó chéadfhreagróirí, ó lucht faisnéise, ó bhreithiúna, ó údaráis forfheidhmithe dlí, ó chomhlachtaí cinnteoireachta/beartais, ó oifigigh sláinte poiblí, ó údaráis rialála núicléacha, etc. Cuirfidh na cruinnithe ar chumas phobail na gcleachtóirí bearnaí, dúshláin agus ceachtanna a foghlaimíodh a shainaithint mar aon le dea-chleachtais a chomhroinnt a bhaineann le malartú faisnéise, comhroinnt faisnéise agus comhar idirnáisiúnta. Cothóidh na pobail sin comhar agus comhordú na ngeallsealbhóirí a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtach ICSANT agus na slándála núicléiche, agus bainfidh siad tairbhe as an Ardán um Nascadh & Foghlaim de chuid UNOCT. Seoladh an uirlis nuálach seo um fhothú acmhainneachta, atá ar líne, i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus leis an uirlis sin tugtar le chéile na Ballstáit, an earnáil phríobháideach, an saol acadúil, meithleacha machnaimh, institiúidí taighde agus an tsochaí shibhialta chun seachadadh cúnaimh theicniúil phearsanta a threisiú. Is uirlis fhíorúil uathúil é an t-ardán lena sáraítear bacainní mar shampla costas, achair gheografacha, agus srianta paindéime trí acmhainní frithsceimhlitheoireachta (CT) agus acmhainní chun an t-antoisceachas foréigneach (PCVE) a chosc agus a chomhrac, a chur ar fáil atá inrochtana ag geallsealbhóirí agus cleachtóirí éagsúla tráth ar bith agus áit ar bith.