This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1082
Council Decision (EU) 2023/1082 of 30 May 2023 on the position to be taken on behalf of the European Union within the International Maritime Organization’s Maritime Safety Committee during its 107th session as regards the amendment of the International Convention for the Safety of Life at Sea (SOLAS), of the 1994 International Code of Safety for High-speed Craft (the ‘1994 HSC Code’) and the 2000 International Code of Safety for High-speed Craft (the ‘2000 HSC Code’), of the International Code for Ships Operating in Polar Waters (the ‘Polar Code’), of the 1978 International Convention on Standards of Training, Certification and Watch-keeping for Seafarers (STCW) and the STWC Code, and of the International Life-Saving Appliances Code (the ‘LSA Code’)
Cinneadh (AE) 2023/1082 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 107ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta a mhéid a bhaineann le leasú ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 1994 (‘Cód HSC 1994’) agus ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 2000 (‘Cód HSC 2000’), ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Longa a Oibríonn in Uiscí Polacha (‘an Cód Polach’), ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (STCW) agus ar Chód STCW, agus ar an gCód um Fhearais Tarrthála
Cinneadh (AE) 2023/1082 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 107ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta a mhéid a bhaineann le leasú ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 1994 (‘Cód HSC 1994’) agus ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 2000 (‘Cód HSC 2000’), ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Longa a Oibríonn in Uiscí Polacha (‘an Cód Polach’), ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (STCW) agus ar Chód STCW, agus ar an gCód um Fhearais Tarrthála
ST/8653/2023/INIT
IO L 144, 5.6.2023, pp. 60–62
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
5.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 144/60 |
CINNEADH (AE) 2023/1082 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 107ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta a mhéid a bhaineann le leasú ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 1994 (‘Cód HSC 1994’) agus ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 2000 (‘Cód HSC 2000’), ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Longa a Oibríonn in Uiscí Polacha (‘an Cód Polach’), ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (STCW) agus ar Chód STCW, agus ar an gCód um Fhearais Tarrthála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais san earnáil mhuiriompair an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint. |
|
(2) |
Le linn a 107ú seisiún (MSC 107) ón 31 Bealtaine go dtí an 9 Meitheamh 2023, meastar go nglacfaidh Coiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) leasuithe ar Chaibidlí II-2 agus XIV den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir 1974 (SOLAS), agus ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 1994 (Cód HSC 1994), agus ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 2000 (‘Cód HSC 2000’), ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Longa a Oibríonn in Uiscí Polacha, 1978 (an ‘Cód Polach’), ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (STCW) agus ar Chód STCW, agus ar an gCód Idirnáisiúnta um Fhearais Tarrthála. |
|
(3) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MSC 107 a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na leasuithe ar Chaibidlí II-2 agus XIV de Choinbhinsiún SOLAS, agus ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000, ar an gCód Polach, ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chód STCW, agus ar an gCód um Fhearais Tarrthála, tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 (1) agus (AE) 2019/1021ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Treoracha 2002/59/CE (3), 2009/45/CE (4), 2013/53/AE (5), 2014/90/AE (6) agus (AE) 2022/993 (7), agus ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 97/70/CE ón gComhairle (8). |
|
(4) |
Leis na leasuithe ar Chaibidlí II-2 de Choinbhinsiún SOLAS, agus ar Chóid HSC 1994 agus 2000, cuirfear toirmeasc ar chúir comhraic dóiteáin ina bhfuil aigéad sulfónach sárfhluarochtáin a úsáid i gcomhrac dóiteáin muirí. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin ós rud é gur substaint é aigéad sulfónach sárfhluarochtáin atá díobhálach do shláinte an duine agus don mhuirthimpeallacht araon. |
|
(5) |
Leis na leasuithe ar Chaibidil XIV de Choinbhinsiún SOLAS, agus ar an gCód Polach, éascófar cur i bhfeidhm éigeantach forálacha áirithe maidir le soithí iascaireachta agus déanfar éigeantach mar ghné riachtanach de phleanáil turais iad modheolaíochtaí áirithe lena gcinntear cumais oibríochta loinge faoi dhálaí oighir a dhéanamh éigeantach. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin ó tharla go bhfeabhsóidh siad chaighdeáin sábháilteachta i gcomhair longa nach longa SOLAS iad agus a oibrítear in uiscí Polacha. |
|
(6) |
Leis na leasuithe ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chód STCW tabharfar aghaidh ar úsáid deimhnithe leictreonacha de bhun Choinbhinsiún STCW agus Cód STCW. Ba don Aontas tacú leis na leasuithe sin ó tharla go n-éascóidh digitiú na ndeimhnithe STCW an obair a dhéanann córais riaracháin an stáit brataí, oifigigh rialaithe stáit ar chalafoirt agus maraithe agus go gcuirfí laghdú leis na leasuithe sin ar an ualach riaracháin a bhíonn orthu. Leis an digitiú sin d’fhéadfadh sé go mbeifí in ann deimhnithe calaoiseacha a shainaithint níos tapa freisin. |
|
(7) |
Áireofar leis na leasuithe ar an gCód um Fhearais Tarrthála ceanglais nua maidir le haeráil ar árthaí marthanais a mhéid a bhaineann le báid tarrthála atá go hiomlán dúnta. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin ó tharla go bhfeabhsóidh siad cheanglais sábháilteachta maidir le caighdeáin aerála i mbáid tarrthála atá go hiomlán dúnta. |
|
(8) |
Níl an tAontas ina bhall de IMO, ná ina pháirtí conarthach i SOLAS, sa Chód HSC 1994 agus sa Chód 2000, sa Chód Polach, i gCoinbhinsiún STCW agus sa Chód STWC ná sa Chód Idirnáisiúnta um Fhearais Tarrthála. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh ón Aontas a chur in iúl. |
|
(9) |
Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid d’fhéadfadh na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus go dtagann siad faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) le linn a 107ú seisiún (‘MSC 107’) aontú go leasófar Chaibidlí II-2 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, agus ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 1994 (Cód HSC 1994), agus ar an gCód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 2000 (‘Cód HSC 2000’), ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Longa a Oibríonn in Uiscí Polacha (‘an Cód Polach’), ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (STCW) agus ar Chód STCW, agus ar an gCód Idirnáisiúnta um Fhearais Tarrthála, mar a leagtar amach i gCiorclán Uimh. 4658/Rev.1 iad.
Airteagal 2
1. Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, cuimsítear na leasuithe lena mbaineann a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit, ar baill iad uile de IMO, an seasamh sin in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
2. Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan aon cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 3
Leis seo, údaraítear do na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt le bheith faoi cheangal, chun leas an Aontais, ag na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
(3) Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).
(4) Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh long paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).
(5) Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).
(6) Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).
(7) Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 169, 27.6.2022, lch. 45).
(8) Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena mbunaítear córas sábháilteachta comhchuibhithe le haghaidh soithí iascaireachta 24 mhéadar ar fhad nó níos mó (IO L 34, 9.2.1998, lch. 1).