This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0584
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/584 of 15 March 2023 correcting Implementing Regulation (EU) 2022/1493 concerning the authorisation of L-methionine produced by Corynebacterium glutamicum KCCM 80245 and Escherichia coli KCCM 80246 as feed additives for all animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/584 ón gCoimisiún an 15 Márta 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493 ón gCoimisiún maidir le L-meitiainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80245 agus Escherichia coli KCCM 80246 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/584 ón gCoimisiún an 15 Márta 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493 ón gCoimisiún maidir le L-meitiainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80245 agus Escherichia coli KCCM 80246 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/1668
IO L 77, 16.3.2023, pp. 5–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
16.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 77/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/584 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Márta 2023
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493 ón gCoimisiún maidir le L-meitiainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80245 agus Escherichia coli KCCM 80246 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493 ón gCoimisiún (2) rinneadh úsáid L-meitiainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80245 agus Escherichia coli KCCM 80246 mar bhreiseán beathaithe a údarú le haghaidh tréimhse 10 mbliana. |
|
(2) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493, an tásc maidir leis an uaschion taise agus maidir leis an gcéatadán d’aimíonaigéid eile atá sa bhreiseán a shainaithnítear mar “3c305ii2, tá sé earráideach. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493 a cheartú dá réir. |
|
(4) |
Ar mhaithe le cosc a chur ar shuaití ar an mbreiseán beathaithe a chur ar an margadh de dheasca na hearráide atá i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493, sa cholún “Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse”, a mhéid a bhaineann leis an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán L-meitiainín a shainaithnítear mar “3c305ii”, cuirtear an fhoclaíocht seo a leanas:
“Ullmhóid L-meitiainín ina bhfuil íoschion 90 % agus uaschion taise 1,5 %
|
— |
aimíonaigéid eile ≤ 0,70 %” in ionad an mhéid seo a leanas |
“Ullmhóid L-meitiainín ina bhfuil íoschion 90 % agus uaschion taise 0,5 %
|
— |
aimíonaigéid eile ≤ 0,63 %;”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1493 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir le L-meitiainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80245 agus Escherichia coli KCCM 80246 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 234, 9.9.2022, lch. 18).