Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1017

Cinneadh (CBES) 2022/1017 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)

ST/9344/2022/INIT

IO L 170, 28.6.2022, pp. 74–75 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1017/oj

28.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 170/74


CINNEADH (CBES) 2022/1017 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2022

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2005, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES (1), maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah).

(2)

An 30 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/955 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lena gcuirtear síneadh léi go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(3)

An 4 Márta 2021, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EU BAM Rafah, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) gur cheart síneadh a chur le EU BAM Rafah go ceann tréimhse bhreise 24 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2023.

(4)

An 1 Meitheamh 2021, thug PSC dá aire freisin, agus faisnéis a chuir Iosrael agus Údarás na Palaistíne ar fáil á cur san áireamh, gur cheart, ag an gcéim sin, síneadh bliana a chur le EU BAM Rafah, go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(5)

An 28 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1065 (3), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lena gcuirtear síneadh léi go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(6)

Bunaithe ar fhaisnéis bhreise arna cur ar fáil ag Iosrael agus ag Údarás na Palaistíne, ba cheart síneadh bliain bhreise a chur le BAM Rafah, go dtí an 30 Meitheamh 2023, mar a comhaontaíodh i gcomhthéacs Athbhreithniú Straitéiseach EU BAM Rafah.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES a leasú dá réir.

(8)

Cuirfear EU BAM Rafah i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Is é EUR 2 570 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EU BAM Rafah a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.’;

(2)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. PANNIER-RUNACHER


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES ón gComhairle an 25 Samhain 2005 maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 327, 14.12.2005, lch. 28).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/955 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 212, 3.7.2020, lch. 18).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1065 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 229, 29.6.2021, lch. 11).


Top