This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0667
Council Decision (CFSP) 2022/667 of 21 April 2022 on an assistance measure taking the form of a general programme for support to the African Union under the European Peace Facility for the period 2022-2024
Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024
Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024
ST/6164/2022/INIT
IO L 121, 22.4.2022, p. 38–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 22/07/2024
22.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 121/38 |
CINNEADH (CBES) 2022/667 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Aibreán 2022
maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (ii), de Chinneadh (CBES) 2021/509, leis an tSaoráid Eorpach Síochána, is féidir maoiniú a thabhairt do bhearta cúnaimh chun tacú le gnéithe míleata na n-oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir eagraíocht réigiúnach nó idirnáisiúnta. |
(2) |
Féadfaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a bheith ina mbeart sonrach, sin nó ina gclár ginearálta le haghaidh tacaíocht a mbeidh fócas ar leith geografach nó téamach ag roinnt leis. |
(3) |
Admhaíonn an Chomhairle tábhacht straitéiseach leanúnach na Comhpháirtíochta Síochána agus Slándála idir an Afraic agus an tAontas Eorpach, faoi Straitéis Chomhpháirteach AE-an Afraic, go háirithe an creat comhair a bunaíodh faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic agus ról ceannasach an Aontais Afracaigh i gcaomhnú na síochána agus na slándála ar mhór-roinn na hAfraice mar a shonraítear in Airteagal 16 den Phrótacal a bhaineann le bunú Chomhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh. Tá an Chomhairle fós tiomanta acmhainneachtaí an Aontais Afracaigh a fhorbairt sa réimse seo, cúnamh a sholáthar i dtaca le hoibríochtaí tacaíochta síochána arna stiúradh ag an Afraic agus chun an Struchtúr Afracach um Shíocháin agus um Shlándáil a neartú i dtreo a lánoibríochtaithe, i gcomhréir leis an Meabhrán Tuisceana idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach maidir leis an tSíocháin, an tSlándáil agus an Rialachas an 23 Bealtaine 2018, mar aon leis na sásraí comhair atá bunaithe a chothú, go háirithe cur chuige comhtháite bunaithe ar chomhpháirtíocht, ar chomhairliúchán agus ar chomhordú straitéiseach feabhsaithe. |
(4) |
Áirithíodh aistriú rianúil thacaíocht an Aontais ón tSaoráid um Shíocháin san Afraic go dtí an tSaoráid Eorpach Síochána trí bheart cúnaimh a ghlacadh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach lena gcumhdaítear an dara leath de 2021 (2). Ba cheart clár ginearálta ilbhliantúil chun tacú leis an Aontas Afracach sa tréimhse ó 2022 go 2024 a theacht i ndiaidh an chláir ghinearálta sin don dara leath de 2021, lena gceadaítear go leanfar de mhaoiniú iontaofa agus intuartha a chur ar fáil d’oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir na hAfraice atá sainordaithe nó údaraithe ag Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh agus, ag an am céanna, áiritheofar an tsolúbthacht is gá chun freagairt go héifeachtach agus go héifeachtúil ar fhorbairtí coinbhleachta ar mhór-roinn na hAfraice. Meastar go bhféadfadh eintitis a bhfuil taithí acu ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic agus faoin mbeart cúnaimh, atá i bhfoirm clár ginearálta tacaíochta don Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána lena gcumhdaítear an dara leath de 2021, na gníomhaíochtaí faoin mbeart cúnaimh seo a chur chun feidhme. |
(5) |
Ina litir dar dáta an 1 Iúil 2021 a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, d’iarr an tAontas Afracach ar an Aontas leanúint ón 1 Iúil 2021 de thacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir na hAfraice, ar oibríochtaí iad atá sainordaithe nó údaraithe ag Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh. |
(6) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána. |
(7) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, cuirtear ar bun beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach, atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an Beart Cúnaimh”). Leis an mBeart Cúnaimh, maoineofar gníomhaíochtaí arna bhformheas ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála faoin 31 Nollaig 2024.
2. Is iad cuspóirí foriomlána an Bhirt Cúnaimh minicíocht, ré agus déine na gcoinbhleachtaí foréigneacha san Afraic a laghdú agus ról an Aontais Afracaigh maidir leis an tsíocháin agus leis an tslándáil ar mhór-roinn na hAfraice a neartú. Is é cuspóir sonrach an Bhirt Cúnaimh feabhas a chur ar bhainistiú coinbhleachta trí ghnéithe míleata d’oibríochtaí tacaíochta síochána a imscaradh ag Coimisiún an Aontais Afracaigh agus ag eagraíochtaí réigiúnacha san Afraic.
3. Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh gnéithe míleata na n-oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir na hAfraice atá sainordaithe nó údaraithe ag Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
(a) |
costais a chumhdach a bhaineann le pearsanra (le haghaidh 40 % táscach den mhéid tagartha airgeadais iomlán), amhail liúntais laethúla agus liúntais do phearsanra míleata, liúntas cothaithe misin d’oifigigh mhíleata sa cheanncheathrú misin, oibríochtaí aslonnaithe taismeach, cúiteamh báis agus míchumais, ciondálacha, costais iompair agus taistil, agus oiliúint do phearsanra míleata; |
(b) |
trealamh agus seachadadh seirbhísí a sholáthar agus a uasghrádú (le haghaidh 35 % táscach den mhéid tagartha airgeadais iomlán), amhail trealamh saighdiúirí aonair, tomhaltáin leighis, feithiclí, breosla agus cothabháil feithiclí, feistí agus seirbhísí cumarsáide, teicneolaíocht agus seirbhísí TF, bonneagar agus seirbhísí ceannais agus rialaithe, agus trealamh eile cé is moite den trealamh nó ardáin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509; |
(c) |
oibreacha a chur i gcrích (le haghaidh 25 % táscach den mhéid tagartha airgeadais iomlán), amhail tógáil agus athshlánú beairicí míleata, saoráidí oiliúna agus saoráidí leighis. |
4. Mairfidh ré an Bhirt Cúnaimh 72 mhí ón 1 Eanáir 2022.
Airteagal 2
Tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a fhormheas
1. I gcomhréir le hAirteagal 59(7) de Chinneadh (CBES) 2021/509, sula dtabharfar tacaíocht le haghaidh aon ghníomhaíocht faoin mBeart Cúnaimh„ beidh iarraidh ann ó Choimisiún an Aontais Afracaigh mar thairbhí an Bhirt Cúnaimh (“an tairbhí”).
2. Tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), tar éis dul i gcomhairle leis an riarthóir um bearta cúnaimh arna cheapadh faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 (“an riarthóir um bearta cúnaimh”), a mhéid a bhaineann le cúrsaí cur chun feidhme airgeadais, moladh a thíolacadh maidir le scrúdú arna dhéanamh ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, agus formheas uaidh, ina dtabharfar breac-chuntas ar an tacaíocht atá beartaithe, lena n-áirítear a bhuiséad agus an t-eintiteas nó na heintitis a roghnófar as measc na n-eintiteas a liostaítear in Airteagal 5(2) den Chinneadh seo atá chun an tacaíocht bheartaithe, agus breithnithe a bhaineann le hanailís ar íogaire agus rioscaí i ndáil le coinbhleachtaí a chur chun feidhme, mar aon le bearta maidir le faireachán agus rialú dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chinneadh seo, de réir mar a cheanglaítear.
Airteagal 3
Socruithe airgeadais
1. EUR 600 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.
Airteagal 4
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo agus ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhthéacs fhormheas na tacaíochta do gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) |
comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
(b) |
úsáid chuí agus éifeachtúil a bhaint as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
(c) |
cothabháil leordhóthanach a dhéanamh ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil le linn a saolré; |
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 5
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncam agus an caiteachas faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, agus ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Féadfaidh aon cheann de na heintitis seo a leanas gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur chun feidhme, ina n-iomláine nó i bpáirt, mar ghníomhaithe cur chun feidhme nó trí dheontais a fhéadfar a dhámhachtain gan glao ar thograí:
(a) |
Coimisiún an Aontais Afracaigh; |
(b) |
Aontas na Magraibe Arabaí; |
(c) |
Comhphobal na Stát Saiheile agus Sahárach; |
(d) |
An Cómhargadh d’Oirthear agus Deisceart na hAfraice; |
(e) |
Comhphobal Oirthear na hAfraice; |
(f) |
Fórsa Fuireachais Oirthear na hAfraice; |
(g) |
Comhphobal Eacnamaíoch Stáit Lár na hAfraice; |
(h) |
Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar; |
(i) |
an tÚdarás Idir-rialtasach Forbartha; |
(j) |
Cumas Réigiúnach na hAfraice Thuaidh; |
(k) |
Comhphobal Forbartha Dheisceart na hAfraice; |
(l) |
G5 na Saiheile; |
(m) |
an Coimisiún um Imchuach Loch Shead; |
(n) |
Oifig Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe; |
(o) |
Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe; |
(p) |
Oifig na Náisiún Aontaithe le haghaidh Seirbhísí Tionscadail; |
(q) |
Oifig Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa tSomáil; |
(r) |
cibé aireachtaí, ranna rialtais, nó comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile dlí phoiblí de chuid na mBallstát, nó comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad, a mhéid a thugtar ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh. |
3. Daingneoidh an riarthóir um bearta cúnaimh acmhainneacht eintitis ar leith gníomhaíocht nó cuid de ghníomhaíocht a chur chun feidhme sula bhformheasfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tacaíocht don ghníomhaíocht.
Airteagal 6
Faireachán, Meastóireacht agus Rialú
1. Bunófar bearta chun faireachán, meastóireacht agus rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar go háirithe go gcomhlíonfaidh an tairbhí agus aon eintiteas eile a bhaineann tairbhe dhíreach as tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus go gcomhlíonfaidh an tairbhí aon ghealltanais agus oibleagáidí eile arna mbunú faoi na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 4.
3. Ag brath ar an tacaíocht fhormheasta le haghaidh gníomhaíocht faoin mBeart Cúnaimh, d’fhéadfaí a áireamh ar na bearta dá dtagraítear i mír 1 faireachán ar dhul chun cinn i ndáil le coinníollacha agus tagarmharcanna arna gcomhaontú leis an tairbhí, creataí um chomhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus ceanglais an díchill chuí a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, rialú iarlastála sócmhainní chun úsáid iomchuí a áirithiú agus atreorú a sheachaint, agus straitéisí díscoir agus scoir a shainaithint.
Airteagal 7
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 8
Fionraí agus foirceannadh
1. I gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó an Beart Cúnaimh iomlán a chur ar fionraí, arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Ardionadaí, sna cásanna seo a leanas:
(a) |
má tá a oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta á sárú ag an tairbhí, go háirithe an dlí um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, nó mura gcomhlíonann sé na gealltanais a tugadh faoi na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 4; |
(b) |
má cuireadh an conradh le gníomhaí cur chun feidhme ar fionraí nó má foirceannadh é tar éis sárú ar a oibleagáidí faoin gconradh; |
(c) |
mura gceadófar a thuilleadh, de bharr na staide sa limistéar geografach lena mbaineann, an beart a chur chun feidhme agus, ag an am céanna, a áirithiú go bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha ag gabháil leis; |
(d) |
mura bhfreastalóidh saothrú an bhirt ar a chuspóirí a thuilleadh nó mura mbeidh an saothrú sin chun leas an Aontais a thuilleadh. |
I gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh an tArdionadaí cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt ar bhonn sealadach go dtí go ndéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh ina leith.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 9
Comhsheasmhacht ghníomhaíocht an Aontais
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2021/509, áiritheofar comhsheasmhacht idir gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh agus gníomhaíochtaí eile i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus bearta faoi ionstraimí i réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, chomh maith le beartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an cur chuige comhtháite i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Cinneadh (AE) 2021/1210 ón gComhairle an 22 Iúil 2021 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána in 2021 (IO L 263, 23.7.2021, lch. 7).
IARSCRÍBHINN
Liosta d’aireachtaí, ranna rialtais agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile dlí phoiblí de chuid na mBallstát, agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a tugadh ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh, a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt (1):
— |
Deutsche Gesellschaft für Internationale Zusammenarbeit |
— |
Expertise France |
(1) Ní bhaineann an liosta seo ach leis an mBeart Cúnaimh arna bhunú leis an gCinneadh seo, agus ní eisiatar leis an fhéidearthacht go bhféadfar eintitis eile a ainmniú do bhearta cúnaimh sa todhchaí, lena n-áirítear iad siúd atá i bhfoirm clár ginearálta.