Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0552

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/552 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2022 lena gcinntear go gcomhlíonann malartáin urrús náisiúnta Stáit Aontaithe Mheiriceá atá cláraithe leis an Securities and Exchange Commission ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2014/65/AE agus go bhfuil siad faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/1965

IO L 107, 6.4.2022, pp. 85–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/552/oj

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/85


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/552 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Aibreán 2022

lena gcinntear go gcomhlíonann malartáin urrús náisiúnta Stáit Aontaithe Mheiriceá atá cláraithe leis an Securities and Exchange Commission ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2014/65/AE agus go bhfuil siad faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 2a(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé mar thoradh ar an sainmhíniú ar “díorthach thar an gcuntar” agus ar “conradh díorthach thar an gcuntar” a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go bhfuil ionstraimí airgeadais seachas díorthaigh thar an gcuntar ina gconarthaí díorthacha a ndéantar iad a fhorghníomhú ar mhargadh rialáilte mar a shainítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nó ar mhargadh tríú tír a meastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte de bhun Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Mar thoradh air sin, chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, conarthaí díorthacha a fhorghníomhaítear ar mhargadh tríú tír a meastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte, ba cheart iad a aicmiú mar ionstraimí airgeadais seachas díorthaigh thar an gcuntar.

(2)

De réir Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tá margadh tríú tír le meas mar mhargadh atá coibhéiseach le margadh rialáilte i gcás ina gcomhlíonann an margadh sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2014/65/AE agus ar choinníoll go mbíonn an margadh faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach. Dá bhrí sin, ba cheart a mheasúnú an ndéanann malartáin urrús náisiúnta (MUNanna), atá bunaithe in SAM agus atá faoi mhaoirseacht SEC, na ceanglais sin a chomhlíonadh.

(3)

Tá an measúnú coibhéise sin teoranta do MUNanna a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus dá bhrí sin, cumhdaíonn sé ionstraimí díorthacha a thrádáiltear ar na malartáin sin agus a imréitíonn na CPLanna a aithníonn ESMA.

(4)

I Roinn 3(a)(1) den Securities Exchange Act of 1934 (“an tAcht Malartán”), sainmhínítear malartán mar aon eagraíocht, comhlachas nó grúpa daoine a chuimsíonn, a chothaíonn, nó a sholáthraíonn margadh nó saoráidí le haghaidh ceannaitheoirí agus díoltóirí urrús a thabhairt le chéile nó chun comhlíonadh a dhéanamh ar shlí eile ar na feidhmeanna maidir le hurrúis is gnách le stocmhalartán a chomhlíonadh. Déantar an téarma “malartán” a shainmhíniú tuilleadh faoi Riail SEC 3b-16 mar eagraíocht, comhlachas nó grúpa infheisteoirí a thugann le chéile na horduithe le haghaidh urrús de chuid ceannaitheoirí agus díoltóirí iolracha agus a úsáideann modhanna bunaithe neamh-idirdhealaitheacha, cibé acu trí shaoráid trádála a sholáthar nó trí rialacha a leagan síos faoina n-idirghníomhóidh orduithe den sórt sin le chéile agus faoina gcomhaontóidh na ceannaitheoirí agus díoltóirí a théann i mbun orduithe den sórt sin le téarmaí na trádála. Dá réir sin, ceanglaítear ar mhalartán córas iltaobhach a oibriú i gcomhréir le rialacha neamh-lánroghnacha.

(5)

De réir Roinn 19(a)(1) den Acht Malartán, ní mór do mhalartán a bheith cláraithe le SEC mar MUN sular féidir leis tosú i mbun oibríochtaí. Deonaíonn SEC an clárú má chinneann sé go bhfuil na ceanglais is infheidhme maidir leis an iarratasóir á gcomhlíonadh. Ní mór do SEC clárú a dhiúltú i gcás nach bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh. Leis an Acht Malartán, ceanglaítear de bhreis air sin go mbíonn socruithe ar bun ag malartán chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha iompair agus gníomhaíochta uile ar mian leis an iarratasóir dul ina mbun. Faoin Acht Malartán, tá sé de choinníoll ar MUNanna go gcloífí leis na ceanglais chlárúcháin tosaigh chun go leanfaidh siad de bheith cláraithe. Dá bhrí sin ceanglaítear ar MUNanna cláraithe cothabháil a dhéanamh ar rialacha, beartais agus nósanna imeachta atá comhsheasmhach lena n-oibleagáidí reachtúla, agus a bheith inniúil ar a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích ar bhonn leanúnach.

(6)

De bhreis air sin sonraítear leis an Acht Malartán nach mór do MUNanna rochtain neamhchlaonta a sholáthar dá gcomhaltaí ar a gcuid margaí agus seirbhísí. Ní mór do na critéir rochtana a bheith trédhearcach agus ní mór nach gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach míchothrom idirdhealaitheach. Dá bhrí sin ceanglaítear ar MUNanna cláraithe rialacha soiléire trédhearcacha a bheith acu maidir le hurrúis a ghlacadh lena dtrádáil ionas go mbeifear in ann na hurrúis sin in a thrádáil ar bhealach cóir, ordúil agus éifeachtúil agus go bhfuil siad soshannta go neamhshrianta. Tá caighdeáin liostaithe ag na malartáin roghanna agus cothromas araon atá faoi réir fhormhaoirseacht SEC de bhun Roinn 19 agus Riail 19b-4 den Acht Malartán. Leis na rialacha agus caighdeáin liostaithe de chuid SEC, ceanglaítear ar eisitheoirí urrús is bun le roghanna liostaithe faisnéis a nochtadh go tráthúil a bheadh ábhartha maidir le hinfheisteoirí nó ar dóigh di tionchar a bheith aici ar phraghas na n-urrús. Tá toirmeasc ar MUNanna liostú a dhéanamh ar aon urrús de chuid eisitheora nach gcomhlíonann ceanglais an choiste iniúchóireachta a leagtar amach i rialacha SEC. Ní ceadmhach do MUN urrúis a chlárú arb iad is bun le roghanna liostaithe ar ina leith nach bhfuil faisnéis faoi na hurrúis agus faoin eisitheoir ar fáil go poiblí. Le Riail SEC 9b-1, ceanglaítear freisin ar mhargaí oscailte doiciméad nochta roghanna a ullmhú ina bhfuil faisnéis shonraithe áirithe faoi na tréithe agus na rioscaí a bhaineann le roghanna a thrádáiltear ar mhalartán. Tá an doiciméad nochta roghanna sin le soláthar ag bróicéir déileálaithe do chustaiméirí, agus tá an doiciméad sin le comhdú le SEC sula dtugtar do chustaiméirí é. Anuas air sin, is é an Options Clearing Corporation (Corparáid Imréitigh Roghanna SAM, “OCC”) eisitheoir roghanna a liostaítear ar mhalartán. Tá OCC cláraithe le SEC mar chorparáid imréitigh agus eagraíocht féinrialála. Ní mór do OCC Roinn 17A den Acht Malartán a chomhlíonadh, lena gceanglaítear, inter alia, go gceaptar rialacha OCC, go ginearálta, chun leas infheisteoirí agus leas an phobail a chosaint. Bíonn rialacha faoi réir fhormhaoirseacht SEC de bhun Roinn 19 den Acht Malartán agus Riail SEC 19b-4. Thairis sin, athruithe a bheartaíonn OCC a dhéanamh ar a rialacha, oibríochtaí nó nósanna imeachta a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar chineál agus leibhéal an riosca a bhaineann le OCC, tá siad faoi réir fhormhaoirseacht SEC freisin de bhun Roinn 806(e) den Dodd-Frank Wall Street Reform and Consumer Protection Act of 2010 agus Riail SEC 19b-4. Le Riail SEC17Ad-22(c), ceanglaítear ar OCC eolas airgeadais bliantúil iniúchta a nochtadh go poiblí. Ina theannta sin, le Riail SEC 17Ad-22(e)(23), ceanglaítear go bhforfheidhmíonn OCC beartais agus nósanna imeachta a dhéanann foráil maidir le, inter alia, nochtadh poiblí na rialacha ábhartha agus na nósanna imeachta ábhartha, lena n-áirítear príomh-ghnéithe a rialacha agus nósanna imeachta um bainistiú mainneachtana, sonraí bunúsacha maidir le luachanna agus méid na n-idirbheart, agus tuairisc chuimsitheach ar a rialacha, beartais agus nósanna imeachta ábhartha maidir lena chreat dlíthiúil, rialachais, bainistithe riosca agus oibríochta. Áirithítear trádáil ordúil urrús ar MUN trí chumhachtaí SEC chun trádáil a fhionraí agus orduithe éigeandála a eisiúint in imthosca áirithe agus chun leas infheisteoirí agus leas an phobail a chosaint. Tá ar áireamh freisin i gcreat rialála na Stát Aontaithe ceanglais trédhearcachta réamhthrádála gus iarthrádála maidir le faisnéis a sholáthar go tráthúil do rannpháirtí sa mhargadh.

(7)

Ar chlárú dó le SEC, déantar Eagraíocht Féin-Rialála (EFR) de MUN. Tá féinrialáil idirghabhálaithe margaidh trí chóras EFRanna ar cheann de na heilimintí lárnacha i gcreat rialála na Stát Aontaithe. Bíonn EFRanna freagrach go príomha as rialacha a leagan síos faoina ndéanfaidh a gcomhaltaí gnó agus as faireachán a dhéanamh ar na bealaí ina ndéanann a gcomhaltaí gnó. Ina gcáil mar EFRanna, déanann MUNanna faireachán agus forfheidhmiú ar an gcomhlíonadh a dhéanann a gcuid comhaltaí agus daoine a bhaineann lena gcomhaltaí ar an Acht Malartán, ar na rialacha agus rialacháin faoin Acht sin agus ar a gcuid rialacha féin. I gcás neamhchomhlíonadh rialacha MUNanna ag comhaltaí, ceanglaítear ar MUNanna aghaidh a thabhairt ar sháruithe féideartha ar rialacha an mhargaidh nó ar dhlíthe feidearálacha urrús a dhéanann a gcomhaltaí. Ceanglaítear orthu freisin SEC a chur ar an eolas faoi sháruithe suntasacha.

(8)

Dá bhrí sin, na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus is infheidhme maidir le MUNanna, ar ceanglais iad a leagtar amach sa chreat dlíthiúil le haghaidh oibriú MUNanna, soláthraíonn siad torthaí atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III de Threoir 2014/65/AE sna réimse seo a leanas: próiseas údarúcháin, ceanglais shainmhínitheacha, rochtain ar an malartán aitheanta, ceanglais oibríochtúla, ionstraimí airgeadais a ligean isteach lena dtrádáil, ionstraimí a fhionraí agus iad a bhaint den trádáil, faireachán ar chomhlíonadh agus rochtain ar shocruithe imréitigh agus réitigh.

(9)

Dá bhrí sin, maidir leis na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí i ndáil le MUNanna atá bunaithe sna Stáit Aontaithe, cinneann an Coimisiún go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2014/65/AE.

(10)

Maidir le maoirseacht éifeachtach, is iad an Securities Act of 1933 (“an tAcht Urrús”) agus an tAcht Malartán na príomh-achtanna reachtacha lena mbunaítear córas atá in-fhorfheidhmitheach ó thaobh dlí le haghaidh urrúis a thrádáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Leis an Acht Malartán, tugtar údarás leathan do SEC i ndáil leis na gnéithe uile a bhaineann le tionscal na n-urrús, lena n-áirítear an chumhacht chun bróicéirí déileálaithe, gníomhairí aistrithe agus gníomhaireachtaí imréitigh a chlárú, a rialáil agus a mhaoirsiú chomh maith le EFRanna sna Stáit Aontaithe ina n-áirítear malartáin náisiúnta urrús.

(11)

Leis an Acht Malartán, sainaithnítear agus toirmeasctar cineálacha áirithe iompair sna margaí agus soláthraítear do SEC cumhachtaí araíonachta maidir le heintitis rialáilte agus daoine a bhaineann leo. Thairis sin, leis an Acht Malartán, cumhachtaítear do SEC a cheangal ar chuideachtaí a bhfuil urrúis acu a thrádáiltear go poiblí faisnéis a thuairisciú go tréimhsiúil. Tá féinrialáil idirghabhálaithe margaidh trí chóras EFRanna ar cheann de na heilimintí lárnacha i gcreat rialála na Stát Aontaithe. Faoi chreat rialála na Stát Aontaithe, is iad EFRanna, mar rialtóirí, atá freagrach go príomha as leagan amach, agus faireachán ar, na rialacha faoina ndéanann a gcomhaltaí gnó.

(12)

Leis an Acht Malartán, ceanglaítear ar gach EFR cáilithe a bheith in ann faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh a dhéanann a gcuid comhaltaí agus daoine a bhaineann lena gcomhaltaí ar an Acht Malartán, ar na rialacha agus rialacháin faoin Acht sin agus ar a gcuid rialacha féin. Mar chuid dá mhaoirseacht leanúnach ar MUNanna, déanann SEC meastóireacht ar chumas gach malartáin suirbhéireacht a dhéanamh ar a gcomhaltaí agus ar a ngníomhaíochtaí trádála. Tá sé de dhualgas ar MUN aghaidh a thabhairt ar sháruithe féideartha ar bith a dhéanann a chomhaltaí ar rialacha an mhargaidh nó ar dhlíthe feidearálacha urrús agus tuairisc a thabhairt do SEC maidir le sáruithe féideartha den sórt sin.

(13)

Mar chuid dá dhualgas chun comhlíonadh a fhorfheidhmiú ar thaobh a gcomhaltaí, tá gach MUN freagrach as sáruithe ar bith ar an Acht Malartán, agus ar na rialacha agus rialacháin a ghlactar faoi, a imscrúdú agus a smachtú. Féadfaidh SEC freisin, dá rogha féin, sáruithe ar bith ar an Acht Malartán, agus ar na rialacha agus rialacháin a ghlactar faoi, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Tá rialacha EFR faoi réir athbhreithniú SEC freisin. Faoi Roinn 19(h) den Acht Malartán, féadfaidh SEC smachtbhannaí a fhorchur ar EFRanna a mhainnigh, gan údar ná leithscéal réasúnach, forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh aon riail EFR ag comhalta nó ag duine a bhaineann le comhalta.

(14)

De bhun Roinn 21 den Acht Malartán, féadfaidh SEC imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe rialacha EFR agus smachtbhannaí a fhorchur ar chomhaltaí EFR a sháraíonn na rialacha sin. Mar chuid dá mhaoirseacht leanúnach ar EFRanna, déanann SEC meastóireacht ar chumas gach EFR maoirseacht a dhéanamh ar a gcomhaltaí agus ar a ngníomhaíochtaí trádála. Ceanglaítear ar MUNanna SEC a chur ar an eolas faoi athruithe ar bith ar na rialacha.

(15)

Maidir le forfheidhmiú éifeachtach, tá sé d’údarás leathan ag SEC imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe iarbhír nó féideartha ar dhíthe feidearálacha urrús na Stát Aontaithe, lena n-áirítear an tAcht Malartán agus na rialacha a ghlactar faoi. Féadfaidh SEC taifid a fháil ó eintitis rialáilte de bhun a chumhachtaí maoirseachta. Thairis sin, faoina údarás subpoena, féadfaidh SEC iallach a chur ar aon duine nó eintiteas in aon áit laistigh de na Stáit Aontaithe doiciméid nó fianaise a thabhairt ar aird. Tá sé d’údarás ag SEC gníomhaíochtaí forfheidhmithe a dhéanamh trí chaingne sibhialta a thionscnamh i gcúirteanna ceantair feidearálacha nó imeachtaí riaracháin a thionscnamh os comhair breitheamh dlí riaracháin de chuid SEC mar gheall ar sháruithe ar dhlíthe feidearálacha urrús, lena trádáil chos istigh agus cúbláil margaidh. I gcaingne sibhialta, féadfaidh SEC féachaint leis go n-aisíocfar an t-airgead a fuarthas ar dhrochbhealaí, go n-íocfaí ús réamh-bhreithiúnais, go ngearrfaí pionóis in airgead sibhialta, go n-eiseofaí urghairí, chomh maith le cúiteamh coimhdeach eile, lena n-áirítear cuntasaíocht ó chosantóir.

(16)

I gcaingne riaracháin, féadfar a áireamh ar na smachtbhannaí cáintí, teorainneacha le gníomhaíochtaí, pionóis shibhialta i dteannta aisíocaíocht airgid a fuarthas ar dhrochbhealaí nó daoine aonair a urchosc, nó clárú eintitis a aisghairm. Tá cumhachtaí ag SEC chun caingne fhorfheidhmithe a thabhairt in aghaidh EFR mar gheall ar gan ghníomhú nó gan na feidhmeanna is gá a chomhlíonadh. Thairis sin, tá SEC údaraithe chun a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe a chomhordú lena chomhghleacaithe intíre agus idirnáisiúnta tráth ar bith le linn fiosrúcháin nó imscrúdú, lena n-áirítear ábhar a tharchur chuig Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe le haghaidh ionchúiseamh coiriúil nó chuig comhlachtaí coiriúla nó rialála eile le haghaidh gníomhaíochta. Ina theannta sin, tá sé d’údarás ag SEC faisnéis neamh-phoiblí a roinnt le comhghleacaithe intíre agus idirnáisiúnta.

(17)

Le creat dlíthiúil agus maoirseachta SAM, áirithítear trédhearcacht agus sláine an mhargaidh freisin trí chosc a chur ar dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileáil chos istigh agus cúbláil margaidh. Leis an gcreat dlíthiúil agus maoirseachta, toirmeasctar an t-iompar a d’fhéadfadh saobhadh ar fheidhmiú an mhargaidh a bheith mar thoradh air, lena n-áirítear cúbláil margaidh agus faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a chur in iúl. Leis an gcreat dlíthiúil agus maoirseachta, údaraítear do SEC freisin gníomhaíochtaí forfheidhmithe a dhéanamh in aghaidh iompar den sórt sin.

(18)

Cinneann an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhfuil na MUNanna faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach in SAM ar bhonn leanúnach.

(19)

Maidir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, meastar, dá bhrí sin, go bhfuil siad comhlíonta maidir le MUNanna arna n-údarú agus arna maoirsiú ag SEC in SAM.

(20)

Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhaineann le MUNanna, ar ceanglais iad is infheidhme in SAM an tráth a glacadh an Cinneadh seo. Leanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le ESMA, d’fhaireachán a dhéanamh go rialta ar na socruithe maoirseachta agus forfheidhmithe le haghaidh MUNanna agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha arb ar a mbonn a glacadh an Cinneadh seo.

(21)

An t-athbhreithniú rialta ar na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir leis na MUNanna in SAM, tá sé gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú sonrach tráth ar bith nuair is gá don Choimisiún, de bharr forbairtí ábhartha, athmheasúnú a dhéanamh ar an gcoibhéis a deonaíodh. D’fhéadfadh aisghairm an Chinnidh seo teacht as athmheasúnú den sórt sin.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, malartáin urrús náisiúnta Stáit Aontaithe Mheiriceá atá cláraithe leis an Securities and Exchange Commission agus a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, comhlíonann siad ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2014/65/AE agus tá siad faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


IARSCRÍBHINN

Malartáin Urrús Náisiúnta atá cláraithe le US Securities and Exchange Commission agus a meastar a bheith coibhéiseach le margaí rialáilte:

(a)

BOX Exchange LLC,

(b)

Cboe BZX Exchange, Inc.,

(c)

Cboe C2 Exchange, Inc.,

(d)

Cboe EDGX Exchange, Inc.,

(e)

Cboe Exchange, Inc.,

(f)

Miami International Securities Exchange, LLC,

(g)

MIAX Emerald, LLC,

(h)

MIAX PEARL, LLC,

(i)

Nasdaq GEMX, LLC,

(j)

Nasdaq ISE, LLC,

(k)

Nasdaq BX, Inc.,

(l)

Nasdaq MRX, LLC,

(m)

Nasdaq PHLX, LLC,

(n)

Nasdaq Options Market, LLC,

(o)

NYSE American Options, LLC, agus

(p)

NYSE Arca, Inc.


Top