EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0461
Commission Implementing Decision (EU) 2022/461 of 15 March 2022 amending Implementing Decision (EU) 2019/570 as regards rescEU transport and logistics capacities (notified under document C(2022)1685) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/461 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 a mhéid a bhaineann le hacmhainneachtaí iompair agus lóistíochta rescEU (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1685) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/461 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 a mhéid a bhaineann le hacmhainneachtaí iompair agus lóistíochta rescEU (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1685) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1685
OJ L 93, 22.3.2022, p. 193–196
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 93/193 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/461 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 a mhéid a bhaineann le hacmhainneachtaí iompair agus lóistíochta rescEU
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1685)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (1), agus go háirithe Airteagal 32(1), pointe (g), de
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE leagtar amach creat dlíthiúil rescEU. Is cúlchiste acmhainneachtaí ar leibhéal an Aontais é rescEU arb é is aidhm dó cúnamh a sholáthar i staideanna treascracha nach féidir leis na hacmhainneachtaí foriomlána ar an leibhéal náisiúnta atá ann cheana ná leo siúd arna ngealladh ag na Ballstáit don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta freagairt éifeachtach ar thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine a áirithiú. |
(2) |
Treisíodh an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (“an Sásra Aontais”) le déanaí le Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE . Is é is aidhm don leasú teorainneacha an tSásra Aontais a tháinig chun cinn le linn phaindéim COVID-19 a shárú, agus tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit agus iad thíos leis na héigeandálaí nó na tubaistí céanna nó leis na héigeandálaí nó na tubaistí éagsúla go comhuaineach. |
(3) |
Sainaithníodh oibríochtaí iompair agus lóistíochta mar dhúshlán i roinnt oibríochtaí freagartha de chuid Shásra an Aontais le blianta beaga anuas. Is léir ó ráig agus ó chéimeanna tosaigh phaindéim COVID-19 le gairid go bhfuil gá le héifeachtúlacht níos straitéisí sa réimse seo, go háirithe chun acmhainní leighis, pearsanra agus othair a iompar. Sainaithníodh an easpa acmhainní leordhóthanacha iompair agus lóistíochta mar chonstaic bharrthábhachtach a mhéid a bhain le cumas na mBallstát cúnamh a sholáthar nó a fháil. |
(4) |
Dá réir sin, de bhun Airteagal 12(2) de Chinneadh 1313/2013/AE, leagadh síos réimse an iompair agus na lóistíochta mar réimse tosaíochta le haghaidh fhorbairt acmhainneacht rescEU, rud a chuireann le haerchomhrac na ndóiteán foraoise, leis an bpráinnfhreagairt leighis agus le heachtraí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (“CBRN”). |
(5) |
Ba cheart gurbh iad príomhchúraimí na hacmhainneachta iompair agus lóistíochta faoi rescEU seirbhísí iompair agus lóistíochta gaolmhara a sholáthar do dhaoine (lena n-áirítear othair agus foirne atá ag gabháil d’oibríochtaí freagartha), d’ábhar nó do threalamh, nó teaglaim dá bhfuil thuasluaite. |
(6) |
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, sainaithníodh go bhféadfadh na hacmhainneachtaí iompair agus lóistíochta a bheith ilfheidhmeach sa bhreis ar acmhainneachtaí aeir rescEU a sainmhíníodh cheana. |
(7) |
De bhun Airteagal 12(4) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, ceanglais cháilíochta le haghaidh na n-acmhainneachtaí freagartha ar cuid iad de rescEU, tá siad le leagan síos i gcomhairle leis na Ballstáit. |
(8) |
Ba cheart acmhainneachtaí iompair agus lóistíochta a bhunú chun freagairt do rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach a bhfuil tionchar mór acu, i gcomhréir leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 3d de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 ón gComhairle (3) agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 a leasú dá réir. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a: “Airteagal 3a Costais incháilithe maidir le haslonnú aerleighis rescEU, foireann leighis éigeandála chineál 2 agus 3, stoc-charnadh leighis, dí-éilliú CBRN, stoc-charnadh CBRN, dídean shealadach agus acmhainneachtaí iompair agus lóistíochta Déanfar gach catagóir costais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1a a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a chur san áireamh agus costas iomlán incháilithe acmhainneachtaí rescEU á ríomh.” |
(3) |
In Airteagal 3e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4: ‘3. Bunófar acmhainneachtaí rescEU dá dtagraítear i bpointí (c) go (j) d’Airteagal 2(2) leis an gcuspóir bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach a bhfuil tionchar mór acu. 4. I gcás ina n-imscartar acmhainneachtaí rescEU dá dtagraítear i bpointí (c) go (j) d’Airteagal 2(2) faoin Sásra Aontais, cumhdófar 100 % de na costais oibríochtúla le cúnamh airgeadais ón Aontas, de bhun Airteagal 23(4b) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.”; |
(4) |
Leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Janez LENARČIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.
(2) Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainneachtaí rescEU agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE ón gCoimisiún (IO L 99, 10.4.2019, lch. 41).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570, cuirtear isteach an Roinn 10 seo a leanas:
“10. |
Acmhainneacht Iompair agus Lóistíochta
|
(1) I gcás acmhainneachtaí aeir, féadfar a chuimsiú le himthosca den sórt sin imthosca ina dtarlaíonn nach bhfuil fáil ar rúidbhealaí éirí de thalamh nó tuirlingthe, nó ina dtarlaíonn go bhfuil siad gearr nó go bhfuil damáiste déanta dóibh.
(2) Amhail earraí contúirteacha, soláthairtí leighis, lóistíocht slabhra fuachta chun vacsaíní a iompar, etc.