This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0821
Regulation (EU) 2021/821 of the European Parliament and of the Council of 20 May 2021 setting up a Union regime for the control of exports, brokering, technical assistance, transit and transfer of dual-use items (recast)
Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú)
Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú)
PE/54/2020/REV/2
IO L 206, 11.6.2021, p. 1–461
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 16/12/2023
11.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/821 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2021
lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht. |
(2) |
Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo a áirithiú go ndéanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit, chomh fada agus a bhaineann le hítimí dé-úsáide, na cúinsí iomchuí go léir a chur i gcuntas. Áirítear ar na breithnithe ábhartha oibleagáidí agus gealltanais idirnáisiúnta, oibleagáidí faoi smachtbhannaí ábhartha, breithnithe maidir le beartas náisiúnta eachtrach agus slándála, lena n-áirítear iad siúd i gComhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (3), agus ina measc cearta an duine, agus breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus riosca atreoraithe. Tríd an Rialachán seo, léiríonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta do cheanglais dhlíthiúla láidre a chothú seo chomh fada agus a bhaineann le hítimí dé-úsáide, chomh maith le malartú faisnéise ábhartha a neartú agus trédhearcacht níos fearr. Maidir le hítimí cibearfhaireachais, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát breithniú a dhéanamh go háirithe ar an mbaol go mbainfí úsáid astu i ndáil le brú faoi chois inmheánach nó go ndéanfaí sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. |
(3) |
Is é is aidhm don Rialachán seo freisin an treoir atá le tabhairt d’onnmhaireoirí a neartú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), maidir le cleachtais fhreagracha, ach gan dochar a dhéanamh d’iomaíochas domhanda onnmhaireoirí itimí dé-úsáide nó do thionscail comhlachaithe eile nó don saol acadúil atá lonnaithe nó bunaithe i mBallstát. |
(4) |
Chinn Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a glacadh an 28 Aibreán 2004 go bhfuil gach Stát le bearta éifeachtacha a dhéanamh agus a fhorfheidhmiú, chun rialuithe náisiúnta a bhunú le leathadh arm núicléach, ceimiceach nó bitheolaíoch, agus modhanna seachadta na n-arm sin, a chosc, lena n-áirítear trí rialuithe oiriúnacha a bhunú i dtaca le hábhair ghaolmhara, trealamh agus teicneolaíocht. Tá gá le rialuithe freisin faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, amhail an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (‘Coinbhinsiún na nArm Ceimiceach’ nó ‘CWC’) agus an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh agus Stoc-Charnadh Arm Baictéareolaíochta (Bitheolaíocht) agus Tocsaine agus maidir lena nDíothú (an Coinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine’ nó ‘BWC’) agus i gcomhréir le gealltanais arna gcomhaontú i gcórais iltaobhacha rialaithe onnmhairí. |
(5) |
Tá comhchóras éifeachtach rialaithe onnmhairí ar ítimí dé-úsáide riachtanach, dá bhrí sin, chun a áirithiú go gcomhlíontar gealltanais agus freagrachtaí idirnáisiúnta na mBallstát agus an Aontais, go háirithe i ndáil le neamhleathadh, síocháin réigiúnach, slándáil agus cobhsaíocht agus urraim do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta. |
(6) |
Le Straitéis AE i gcoinne leathadh Arm Ollscriosta an 12 Nollaig 2003 (Straitéis AOS AE), leagtar béim ar thiomantas an Aontais do rialuithe láidre comhordaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar onnmhairí. |
(7) |
Tá rannchuidiú ó onnmhaireoirí, ó bhróicéirí, ó sholáthraithe cúnaimh theicniúil nó ó gheallsealbhóirí ábhartha eile ríthábhachtach d’aidhm fhoriomlán na rialuithe trádála. Ionas go mbeidh siad in ann gníomhú i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfar an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta lena mbaineann an Rialachán seo trí bhearta um scagadh idirbheart, ar a dtugtar prionsabal an díchill chuí freisin, mar chuid de na Cláir Inmheánacha um Chomhlíonadh (ICP). I ndáil leis sin, ní mór méid agus struchtúr eagraíochtúil na n-onnmhaireoirí go háirithe a chur san áireamh nuair a bheidh ICPanna á bhforbairt agus á gcur chun feidhme. |
(8) |
Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go bhféadfadh daoine atá comhpháirteach i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a stiúradh nó a dhéanamh, nó atá freagrach as an méid sin, mí-úsáid a bhaint as ítimí áirithe cibearfhaireachais neamhliostaithe a onnmhairítear ó chríoch chustaim an Aontais, is iomchuí onnmhairiú earraí den sórt sin a rialú. Baineann rioscaí gaolmhara, go háirithe, le cásanna ina ndéantar ítimí cibearfhaireachais a dhearadh go speisialta chun ionradh nó domhain-iniúchadh paicéad ar fhaisnéis agus ar chórais teileachumarsáide a chumasú chun faireachas ceilte a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha trí fhaireachán, asbhaint, bailiú nó anailísiú a dhéanamh ar shonraí, lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha, ó na córais sin. Maidir le hítimí a úsáidtear chun críoch feidhmeanna tráchtála amháin amhail billeáil, margaíocht, seirbhísí cáilíochta, sástacht úsáideoirí agus slándáil líonra, meastar, de ghnáth, nach mbaineann rioscaí den sórt sin leo. |
(9) |
D’fhonn rialú éifeachtach ar onnmhairiú earraí cibearfhaireachais neamhliostaithe a neartú, tá sé ríthábhachtach cur i bhfeidhm rialuithe uileghabhálacha sa réimse sin a chomhchuibhiú tuilleadh. Chuige sin, tá na Ballstáit tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na rialuithe sin trí fhaisnéis a roinnt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún, go háirithe maidir le forbairtí teicneolaíocha ítimí cibearfhaireachais, agus trí fhorairdeall a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na rialuithe sin chun malartú a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais. |
(10) |
Chun a chur ar chumas an Aontais freagairt go tapa do mhí-úsáid thromchúiseach na dteicneolaíochtaí atá ann cheana nó do rioscaí nua a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ba cheart sásra a thabhairt isteach a chuirfidh ar chumas na mBallstát a bhfreagairtí a chomhordú nuair a shainaithneofar riosca nua. Ba cheart go leanfadh tionscnaimh chun rialuithe coibhéiseacha a thabhairt isteach ar an leibhéal iltaobhach i ndiaidh comhordú den sórt sin chun an fhreagairt ar an riosca arna shainaithint a leathnú. |
(11) |
Ba cheart rialú a dhéanamh freisin ar tharchur bogearraí agus teicneolaíochta dé-úsáide trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha, facs nó teileafón chuig cinn scríbe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais. Chun teorainn a chur le hualach riaracháin na n-onnmhaireoirí agus údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart ceadúnais ghinearálta nó dhomhanda nó léirmhínithe comhchuibhithe ar fhorálacha a sholáthar i gcás tarchuir áirithe, amhail tarchuir chuig néal. |
(12) |
I bhfianaise ról tábhachtach na n-údarás custaim i bhforfheidhmiú rialuithe onnmhairí, ba cheart na téarmaí a úsáidtear sa Rialachán seo a bheith comhsheasmhach, a mhéid is féidir, leis na sainmhínithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ('Cód Custaim an Aontais'). |
(13) |
Féadfaidh catagóirí éagsúla daoine a bheith bainteach le honnmhairiú ítimí dé-úsáide, lena n-áirítear daoine nádúrtha amhail soláthraithe seirbhíse, taighdeoirí, sainchomhairleoirí agus daoine a dhéanann ítimí dé-úsáide a tharchur go leictreonach. Tá sé riachtanach go mbeadh gach duine den sórt sin ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le honnmhairiú agus soláthar cúnaimh theicniúil maidir le hítimí íogaire. Go háirithe, bíonn dúshláin ar leith i rialú onnmhairí os comhair institiúidí acadúla agus taighde mar gheall ar, inter alia, a dtiomantas ginearálta do shaormhalartú smaointe, teicneolaíochtaí ceannródaíocha a bheith i gceist go minic lena n-obair thaighde, a struchtúir eagraíochtúla agus cineál idirnáisiúnta a malartuithe eolaíochta. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, i gcás inar gá, feasacht a ardú i measc an phobail acadúil agus taighde agus treoir shaincheaptha a chur ar fáil dóibh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha sin. I gcomhréir le córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí, ba cheart go bhforálfaí, a mhéid is féidir, le cur chun feidhme na rialuithe do chur chuige comhchoiteann i ndáil le forálacha áirithe, go háirithe maidir leis na nótaí dírialaithe ar ‘thaighde bunúsach eolaíoch’ agus ‘fearann poiblí’ a thagann ón saol acadúil. |
(14) |
Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar an téarma ‘bróicéir’ chun go gcuimseofar daoine dlítheanacha agus comhpháirtíochtaí nach bhfuil cónaí orthu nó nach bhfuil bunaithe i mBallstát agus a sholáthraíonn seirbhísí bróicéireachta ó chríoch chustaim an Aontais. |
(15) |
Le Conradh Liospóin, soiléirítear gur faoi inniúlacht an Aontais a thagann soláthar cúnaimh theicniúil a mbaineann gluaiseacht trasteorann leis. Is iomchuí, dá bhrí sin, sainmhíniú ar chúnamh teicniúil a thabhairt isteach agus na rialuithe is infheidhme maidir lena sholáthar a shonrú. Ina theannta sin, ar mhaithe le héifeachtacht agus le comhsheasmhacht, ba cheart na rialuithe maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar a chomhchuibhiú. |
(16) |
Mar a dhéantar i Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, ba cheart é a bheith indéanta d’údaráis na mBallstát idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-Aontais a thoirmeasc faoi imthosca áirithe, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais acu, trí fhaisnéis nó trí fhoinsí eile, go bhfuil na hítimí ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh úsáid deiridh míleata i dtír atá faoi réir trádbhac arm, nó le haghaidh leathadh arm ollscriosta nó a modhanna seachadta. |
(17) |
Ba cheart coinníollacha agus ceanglais cheadúnúcháin a chomhchuibhiú, i gcás inarb iomchuí, chun saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint agus chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach rialuithe a áirithiú ar fud chríoch chustaim an Aontais. Chuige sin, is gá freisin údaráis inniúla na mBallstát a shainaithint go soiléir i ngach cás rialaithe. Is ar na húdaráis náisiúnta atá an fhreagracht cinneadh a dhéanamh maidir le húdaruithe ginearálta onnmhairiúcháin aonair, domhanda nó náisiúnta, maidir le húdaruithe chun seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar, maidir le hidirthuras ítimí dé-úsáide neamh-Aontais agus maidir le húdaruithe le haghaidh ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn IV a aistriú laistigh de chríoch chustaim an Aontais. |
(18) |
Ba cheart treoirlínte do Chláir Inmheánacha um Chomhlíonadh a thabhairt isteach chun rannchuidiú le cothrom na Féinne a bhaint amach idir onnmhaireoirí agus chun cur i bhfeidhm éifeachtach rialuithe a fheabhsú. Ba cheart a chur san áireamh i dtreoirlínte den sórt sin na difríochtaí idir méideanna, acmhainní, réimsí gníomhaíochta agus gnéithe agus coinníollacha eile a bhaineann le honnmhaireoirí agus a bhfochuideachtaí, amhail struchtúir agus caighdeáin um chomhlíonadh d’inghrúpaí, agus ar an gcaoi sin seachnófar cur chuige ‘aon mhúnla amháin do chách’ agus cabhrófar le gach onnmhaireoir a réitigh féin a aimsiú maidir le comhlíonadh agus iomaíochas. Ba cheart d’onnmhaireoirí a úsáideann údaruithe onnmhairiúcháin domhanda CIC a chur chun feidhme mura rud é go measann an t-údarás inniúil nach gá sin i ngeall ar imthosca eile arna gcur san áireamh aige agus an t-iarratas ar údarú onnmhairiúcháin domhanda arna thíolacadh ag an onnmhaireoir á phróiseáil aige. |
(19) |
Ba cheart breischinn d’údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a thabhairt isteach chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí, go háirithe FBManna, agus ar údaráis, a laghdú agus ag an am céanna leibhéal iomchuí rialaithe a áirithiú i ndáil leis na hítimí ábhartha agus na cinn scríbe ábhartha. I gcás inar gá, féadfaidh na Ballstáit treoir a thabhairt d’onnmhaireoirí maidir le feidhmiú údaruithe ginearálta. Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta a thabhairt isteach i gcás onnmhairí a mbaineann riosca íseal leo, i gcás ina measann siad go bhfuil gá leis. Ba cheart údarú do thionscadail mhóra a thabhairt isteach freisin chun coinníollacha ceadúnúcháin a chur in oiriúint do riachtanais ar leith an tionscail. |
(20) |
Ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, treoirlínte agus/nó moltaí a fhorbairt maidir le dea-chleachtais chun tacú le cur i bhfeidhm na rialuithe ar bhonn praiticiúil. Agus na treoirlínte agus/nó na moltaí á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar riachtanais faisnéise FBManna. |
(21) |
Is eilimintí riachtanacha iad liostaí coiteanna d’ítimí dé-úsáide, de chinn scríbe agus de threoirlínte chun go mbeidh córas rialaithe onnmhairiúcháin éifeachtach ann. |
(22) |
Ba cheart do na Ballstáit a bhunaíonn liostaí náisiúnta rialaithe de bhun an Rialacháin seo an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoi liostaí den sórt sin. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas freisin maidir le gach cinneadh údarú a dhiúltú le haghaidh onnmhaire a gceanglaítear údarú ina leith ar bhonn liosta náisiúnta um rialú. |
(23) |
Chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt go mear do dhálaí atá ag athrú maidir le measúnú a dhéanamh ar íogaireacht onnmhairí faoi údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas agus d’fhorbairtí teicneolaíochta agus tráchtála, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinní I, II, agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Ba cheart cinntí chun liosta coiteann na n-ítimí dé-úsáide atá faoi réir rialuithe onnmhairiúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta a bheith i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus leis na gealltanais ar ghlac na Ballstáit nó an tAontas leo mar chomhaltaí de na comhaontuithe ábhartha idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus mar chomhaltaí na gcóras iltaobhacha rialaithe onnmhairí ábhartha nó trí na conarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú. I gcás ina mbaineann leasú ar Iarscríbhinn I le hítimí dé-úsáide a liostaítear freisin in Iarscríbhinn II nó IV, déanfar na hIarscríbhinní sin a leasú dá réir sin. Maidir le cinntí chun na liostaí coiteanna d’ítimí agus de chinn scríbe a leagtar amach i Roinn A go Roinn H d’Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart iad a ghlacadh ag féachaint do na critéir mheasúnaithe a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(24) |
Ba cheart don Choimisiún na nuashonruithe ar Iarscríbhinn I a fhoilsiú trí ghníomhartha tarmligthe i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. |
(25) |
Ba cheart don Choimisiún tiomsú liostaí náisiúnta rialaithe atá i bhfeidhm sna Ballstáit i dteangacha oifigiúla uile an Aontais a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta. |
(26) |
Ba cheart forálacha náisiúnta agus cinntí náisiúnta a dhéanann difear d’onnmhairiú ítimí dé-úsáide a dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais tráchtála, agus go háirithe faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart go n-áiritheodh malartú iomchuí faisnéise agus comhairliúcháin i ndáil le forálacha náisiúnta agus cinntí náisiúnta go gcuirfear rialuithe i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhleanúnach ar fud chríoch chustaim an Aontais. |
(27) |
Is réamhriachtanas é comhchóras rialaithe a bheith ann chun saorghluaiseacht ítimí dé-úsáide a bhunú laistigh de chríoch chustaim an Aontais. |
(28) |
De bhun agus laistigh de theorainneacha Airteagal 36 CFAE agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta a ghlactar ar láimh, coinníonn na Ballstáit an ceart chun rialuithe a dhéanamh ar aistrithe ítimí dé-úsáide áirithe laistigh de chríoch chustaim an Aontais chun beartas poiblí nó slándáil phoiblí a choimirciú. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar liosta na n-ítimí atá faoi réir rialuithe aistrithe laistigh den Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus tuilleadh forbartha ar na bunoibleagáidí idirnáisiúnta á chur san áireamh, mar aon le forbairtí teicneolaíochta agus tráchtála maidir le measúnú ar íogaireacht na n-aistrithe. Ba cheart cinntí a dhéanamh chun an liosta coiteann d’ítimí dé-úsáide atá faoi réir rialuithe onnmhairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a nuashonrú ag féachaint d’Airteagal 36 CFAE, eadhon leasanna beartais phoiblí agus leasanna slándála poiblí atá ag Ballstáit ag féachaint d’Airteagal 36 CFAE. |
(29) |
An 22 Meán Fómhair 1998, shínigh na Ballstáit agus an Coimisiún Prótacail de bhreis ar na comhaontuithe coimirce faoi seach idir na Ballstáit, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, lena gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit, i measc bearta eile, faisnéis a sholáthar maidir le haistriú trealaimh shonraithe agus ábhair neamhnúicléigh. Ba cheart go gceadódh rialuithe aistrithe laistigh den Aontas don Aontas agus dá Bhallstáit a n-oibleagáidí faoi na comhaontuithe sin a chomhlíonadh. |
(30) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhsheasmhach rialuithe a bhaint amach ar fud an Aontais, is iomchuí raon feidhme an chomhairliúcháin agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a leathnú, agus uirlisí a thabhairt isteach chun tacú le forbairt líonra choitinn um rialú onnmhairiú ar fud an Aontais, amhail nósanna imeachta ceadúnaithe leictreonacha, sainghrúpaí teicniúla agus sásra um chomhordú an fhorfheidhmithe a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, a áirithiú go rachaidh an Grúpa Comhordaithe um Dhé-Úsáid agus na grúpaí saineolaithe teicniúla i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le honnmhaireoirí, le bróicéirí, le soláthraithe cúnaimh theicniúil agus le geallsealbhóirí ábhartha eile lena mbaineann an Rialachán seo, lena n-áirítear eagraíochtaí tionscail agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
(31) |
Cé go gcomhroinneann na húdaráis chustaim faisnéis áirithe le húdaráis chustaim eile ag baint úsáid as córas bainistíochta riosca i gcomhréir le rialacha custaim an Aontais, is iomchuí freisin dlúthchomhar idir na húdaráis cheadúnúcháin agus na húdaráis chustaim a áirithiú. |
(32) |
Is iomchuí a shoiléiriú, a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, gur cheart próiseáil agus malartú faisnéise a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 (7) agus (AE) 2018/1725 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(33) |
Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na bearta uile is gá a ghlacadh chun cosaint na faisnéise rúnda agus na faisnéise íogaire eile a áirithiú i gcomhréir, go háirithe, le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (9), Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (10) ón gCoimisiún agus an Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (11). Áirítear leis sin, go háirithe, an oibleagáid gan faisnéis rúnaicmithe a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón tionscnóir. Maidir le haon fhaisnéis atá de chineál íogair ach nach bhfuil rúnaicmithe nó aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, ba cheart do na húdaráis í a láimhseáil amhlaidh. |
(34) |
Is gnéithe riachtanacha iad for-rochtain chuig an earnáil phríobháideach, go háirithe do FBManna, agus trédhearcacht le haghaidh córas éifeachtach rialaithe onnmhairí. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le forbairt leanúnach treoirlínte, i gcás inar gá, chun tacú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir le tuarascáil bhliantúil an Aontais ar chur chun feidhme na rialuithe a fhoilsiú. |
(35) |
Ba cheart a áiríthiú i dtuarascáil bhliantúil an Aontais maidir le cur chun feidhme na rialuithe faisnéis ábhartha maidir le ceadúnú agus forfheidhmiú rialuithe faoin Rialachán seo, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le rúndacht sonraí áirithe a chosaint, go háirithe i gcás ina bhféadfadh foilsiú sonraí ceadúnúcháin difear a dhéanamh d’údair imní faoin tslándáil náisiúnta atá ag na Ballstáit nó an rúndacht tráchtála a chur i mbaol agus a chuirfeadh ar chumas soláthraithe nach de chuid an Aontais iad an bonn a bhaint de chinntí sriantacha ceadúnúcháin a bheith á ndéanamh ag na Ballstáit. |
(36) |
Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is iomchuí, ba cheart do gach Ballstát bearta a dhéanamh chun na cumhachtaí iomchuí a thabhairt do na húdaráis inniúla. |
(37) |
I gcomhréir le Straitéis AOS AE, ba cheart do gach Ballstát pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chinneadh a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo. Is iomchuí freisin forálacha a thabhairt isteach chun tacú le forfheidhmiú éifeachtach rialuithe, i measc nithe eile trí shásra um chomhordú forfheidhmithe. |
(38) |
Leagtar síos i gCód Custaim an Aontais, i measc nithe eile, forálacha a bhaineann le hearraí a onnmhairiú agus a athonnmhairiú. Níl aon rud sa Rialachán seo a chuireann srian ar chumhacht ar bith faoi Chód Custaim an Aontais agus a fhorálacha cur chun feidhme, ná de bhun an Chóid agus na bhforálacha sin. |
(39) |
Leis na rialuithe onnmhairiúcháin, rannchuidítear leis an tslándáil idirnáisiúnta agus bíonn tionchar acu ar thrádáil le tríú tíortha. Is iomchuí, dá bhrí sin, idirphlé agus comhar a fhorbairt le tríú tíortha chun tacú le cothrom na Féinne domhanda agus chun an tslándáil idirnáisiúnta a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún cur leis an méid a rannchuidíonn siad le gníomhaíochtaí na gcóras iltaobhach rialaithe onnmhairí. Ba cheart go dtacódh na Ballstáit agus an Coimisiún leis na córais sin i bhforbairt rialuithe láidre onnmhairithe mar bhonn domhanda agus mar shamhail don dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus mar uirlis thábhachtach chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a áirithiú. Ba cheart rannchuidithe a dhéanamh nuair a shainaithníonn na Ballstáit uile riosca nua i réimse na n-ítimí cibearfhaireachais chun cothrom na Féinne iltaobhach a áirithiú. |
(40) |
Tá an Rialachán seo infheidhme gan dochar do Chinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena mbunaítear rialacha sonracha chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú ítimí don tSeirbhís Phoiblí Rialáilte (PRS) faoi Chlár Galileo. |
(41) |
Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Bunaítear leis an Rialachán seo córas de chuid an Aontais chun onnmhairí, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú.
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘ítimí dé-úsáide’ ítimí, lena n-áirítear bogearraí agus teicneolaíocht, is féidir a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon, agus áirítear orthu ítimí is féidir a úsáid chun airm núicléacha, cheimiceacha nó bhitheolaíocha nó a modhanna seachadta a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh nó a úsáid, lena n-áirítear gach ítim is féidir a úsáid chun críoch neamhphléascach agus a chabhraíonn ar bhealach ar bith le hairm núicléacha nó feistí pléascáin núicléacha eile a mhonarú; |
(2) |
ciallaíonn ‘onnmhairiú’:
|
(3) |
ciallaíonn ‘onnmhaireoir’:
|
(4) |
ciallaíonn ‘dearbhú onnmhairiúcháin’ gníomh trína léiríonn aon duine nádúrtha nó dlítheanach; nó aon chomhpháirtíocht, san fhoirm fhorordaithe agus ar an modh forordaithe, gur mian leis ítimí dé-úsáide a shonraítear i bpointe (1) a chur faoi nós imeachta onnmhairithe; |
(5) |
ciallaíonn ‘dearbhú ath-onnmhairiúcháin’ gníomh de réir bhrí Airteagal 5(13) de Chód Custaim an Aontais; |
(6) |
ciallaíonn ‘dearbhú imeachta achomair’ gníomh de réir bhrí Airteagal 5(10) de Chód Custaim an Aontais; |
(7) |
ciallaíonn ‘seirbhísí bróicéireachta’:
Chun críocha an Rialacháin seo, eisiatar ón sainmhíniú seo soláthar seirbhísí coimhdeacha amháin. Is éard is seirbhísí coimhdeacha ann ná iompar, seirbhísí airgeadais, árachas nó athárachas, nó fógraíocht ghinearálta nó cur chun cinn. |
(8) |
ciallaíonn ‘bróicéir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhpháirtíocht a sholáthraíonn seirbhísí bróicéireachta ó chríoch chustaim an Aontais isteach i gcríoch tríú tír; |
(9) |
ciallaíonn ‘cúnamh teicniúil’ aon tacaíocht theicniúil a bhaineann le deisiúcháin, forbairt, monarú, cóimeáil, tástáil, cothabháil, nó aon seirbhís theicniúil eile, agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm teagaisc, comhairle, oiliúna, eolais nó scileanna oibre a tharchur nó seirbhísí comhairliúcháin, lena n-áirítear trí mheán leictreonach agus ar an teileafón nó trí aon chineál cúnaimh eile ó bhéal; |
(10) |
ciallaíonn ‘soláthraí cúnaimh theicniúil’:
|
(11) |
ciallaíonn ‘idirthuras’ iompar ítimí dé-úsáide neamh-Aontais a thagann isteach agus a théann trí chríoch chustaim an Aontais agus a bhfuil a gceann scríbe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais sna cásanna seo a leanas:
|
(12) |
ciallaíonn ‘údarú aonair onnmhairiúcháin’ údarú a thugtar d’aon onnmhaireoir sonrach amháin le haghaidh aon úsáideoir deiridh amháin nó aon choinsíní amháin i dtríú tír agus lena gcumhdaítear ítim dé-úsáide amháin nó níos mó; |
(13) |
ciallaíonn ‘údarú foriomlán onnmhairiúcháin’ údarú a thugtar d’onnmhaireoir sonrach amháin i ndáil le cineál nó catagóir ítimí dé-úsáide a d’fhéadfadh a bheith bailí lena n-onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó agus/nó i dtríú tír shonraithe amháin nó níos mó; |
(14) |
ciallaíonn ‘údarú le haghaidh tionscadal mór’ údarú onnmhairiúcháin aonair nó údarú onnmhairiúcháin domhanda a dheonaítear d’onnmhaireoir sonrach amháin, i ndáil le cineál nó catagóir ítimí dé-úsáide a fhéadfaidh a bheith bailí lena n-onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír shonraithe amháin nó níos mó chun críche tionscadail mhóir shonraithe; |
(15) |
ciallaíonn ‘údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas’ údarú onnmhairiúcháin le haghaidh onnmhairí go tíortha cinn scríbe áirithe atá ar fáil ag na honnmhaireoirí uile a chomhlíonann na coinníollacha agus na ceanglais a liostaítear i Roinn A go Roinn H d’Iarscríbhinn II; |
(16) |
ciallaíonn ‘údarú ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta’ údarú onnmhairiúcháin arna shainiú le reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 12(6) agus Roinn C d’Iarscríbhinn III; |
(17) |
ciallaíonn ‘críoch chustaim an Aontais’ críoch chustaim an Aontais de réir bhrí Airteagal 4 de Chód Custaim an Aontais; |
(18) |
ciallaíonn ‘ítimí dé-úsáide nach ítimí de chuid an Aontais iad’ ítimí a bhfuil stádas earraí nach earraí de chuid an Aontais iad de réir bhrí Airteagal 5(24) de Chód Custaim an Aontais; |
(19) |
ciallaíonn ‘trádbhac arm’ trádbhac arm arna fhorchur le cinneadh nó comhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle nó le cinneadh ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) nó le trádbhac arm arna fhorchur le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; |
(20) |
ciallaíonn ‘ítimí cibearfhaireachais’ ítimí dé-úsáide atá saindeartha chun faireachas ceilte ar dhaoine nádúrtha a chumasú trí shonraí a bhaint, a bhailiú nó a anailísiú ó fhaisnéis agus ó chórais teileachumarsáide nó trí faireachán a dhéanamh orthu; |
(21) |
ciallaíonn ‘clár inmheánach um chomhlíonadh’ nó ‘CIC’ beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha atá leanúnach arna nglacadh ag onnmhaireoirí chun comhlíonadh fhorálacha agus chuspóirí an Rialacháin seo agus théarmaí agus choinníollacha na n-údaruithe a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo a éascú, lena n-áirítear, inter alia, bearta díchill chuí lena ndéantar measúnú ar na rioscaí a bhaineann le honnmhairiú na n-ítimí chuig úsáideoirí deiridh agus le húsáidí deiridh; |
(22) |
ciallaíonn ‘idirbheart atá comhionann go bunúsach’ idirbheart a bhaineann le paraiméadair nó saintréithe teicniúla atá mórán mar an gcéanna agus a bhfuil an t-úsáideoir deiridh céanna nó an coinsíní céanna i gceist le hidirbheart eile. |
CAIBIDIL II
RAON FEIDHME
Airteagal 3
1. Beidh údarú de dhíth chun ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a onnmhairiú.
2. De bhun Airteagal 4, 5, 9 nó 10, féadfar údarú a éileamh freisin chun ítimí dé-úsáide áirithe nach liostaítear in Iarscríbhinn I a onnmhairiú chuig gach ceann scríbe nó chuig cinn scríbe áirithe.
Airteagal 4
1. Beidh údarú de dhíth chun ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I a onnmhairiú más rud é gur chuir údarás inniúil in iúl don onnmhaireoir go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach:
(a) |
lena n-úsáid chun airm cheimiceacha, bhitheolaíocha nó núicléacha, nó feistí pléascáin núicléacha eile, a fhorbairt, a tháirgeadh, a láimhseáil, a oibriú, a chothabháil, a stóráil, a bhrath, a shainaithint nó a scaipeadh, nó chun diúracáin a fhorbairt, a tháirgeadh, a chothabháil, nó a stóráil, ar diúracáin iad atá in ann na hairm sin a sheachadadh; |
(b) |
le haghaidh úsáid deiridh mhíleata má tá an tír cheannaigh nó an tír cinn scríbe faoi réir trádbhac arm; chun críocha an phointe seo, ciallaíonn ‘úsáid deiridh mhíleata’:
|
(c) |
lena n-úsáid mar pháirteanna nó mar chomhpháirteanna d’ítimí míleata atá liostaithe sa liosta náisiúnta míleata agus a onnmhairíodh ó chríoch Ballstáit gan údarú nó mar shárú ar údarú arna fhorordú le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin. |
2. I gcás gurb eol d’onnmhaireoir go bhfuil na hítimí dé-úsáide atá beartaithe aige a onnmhairiú, nach liostaítear in Iarscríbhinn I, ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra don údarás inniúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin cinneadh i dtaobh na honnmhaire lena mbaineann a chur faoi réir údarú.
3. Féadfaidh Ballstát reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena bhforchuirtear ceanglas údarúcháin maidir le honnmhairiú ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I má tá forais amhrais ag an onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
4. Maidir le Ballstát a fhorchuireann ceanglas údarúcháin de bhun mhír 1, 2 nó 3, cuirfidh sé a údaráis chustaim agus údaráis náisiúnta ábhartha eile ar an eolas gan mhoill agus soláthróidh sé faisnéis ábhartha do na Ballstáit eile agus don Choimisiún maidir leis an gceanglas údarúcháin i dtrácht, go háirithe maidir leis na hítimí agus na heintitis lena mbaineann, mura rud é go measann sé nach iomchuí é sin a dhéanamh i bhfianaise chineál an idirbhirt nó i bhfianaise íogaireacht na faisnéise lena mbaineann.
5. Tabharfaidh na Ballstáit aird chuí ar fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 4 agus cuirfidh siad a n-údaráis chustaim agus údaráis náisiúnta ábhartha eile ar an eolas faoin méid sin.
6. Ionas go bhféadfaidh na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar na diúltuithe bailí uile, beidh feidhm ag Airteagal 16(1), (2) agus (5) go (7) maidir le cásanna a bhaineann le hítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I.
7. Déanfar na malartuithe uile faisnéise a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis maidir le cosaint , leis an mbeartas eachtrach nó leis an tslándáil náisiúnta atá faoi chosaint a chosaint. Déanfar na malartuithe faisnéise sin trí mhodhanna slána leictreonacha, lena n-áirítear tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 23(6).
8. Ní dochar an Rialachán seo do cheart na mBallstát bearta náisiúnta a dhéanamh faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/479.
Airteagal 5
1. Beidh údarú ag teastáil chun ítimí cibearfhaireachais nach liostaítear in Iarscríbhinn I a onnmhairiú más rud é gur chuir an t-údarás inniúil in iúl don onnmhaireoir go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfadh sé go bhfuil siad ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-úsáid i dtaca le brú faoi chois inmheánach agus/nó sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
2. I gcás gurb eol d’onnmhaireoir, de réir thorthaí an díchill chuí, go bhfuil ítimí cibearfhaireachais ceaptha atá beartaithe ag an onnmhaireoir a onnmhairiú, nach liostaítear in Iarscríbhinn I iad, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra don údarás inniúil. Cinnfidh an t-údarás inniúil sin an gcuirfidh sé an t-onnmhairiú lena mbaineann faoi réir údarú nó nach gcuirfidh. Déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle treoirlínte nó moltaí, dá dtagraítear in Airteagal 26(1), a chur ar fáil d’onnmhaireoirí.
3. Féadfaidh Ballstát reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena bhforchuirtear ceanglas údarúcháin maidir le honnmhairiú ítimí cibearfhaireachais nach liostaítear in Iarscríbhinn I má tá forais amhrais ag an onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
4. Maidir le Ballstát a fhorchuireann ceanglas údarúcháin de bhun mhír 1, mhír 2 nó mhír 3, cuirfidh sé a údaráis chustaim agus údaráis náisiúnta ábhartha eile ar an eolas gan mhoill agus soláthróidh sé faisnéis ábhartha do na Ballstáit eile agus don Choimisiún maidir leis an gceanglas údarúcháin i dtrácht, go háirithe maidir leis na hítimí agus na heintitis lena mbaineann, mura rud é go measann sé nach iomchuí é sin a dhéanamh i bhfianaise chineál an idirbhirt nó i bhfianaise íogaireacht na faisnéise lena mbaineann.
5. Tabharfaidh na Ballstáit aird chuí ar fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 4 agus déanfaidh siad athbhreithniú uirthi i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i mír 1 laistigh de 30 lá oibre. Cuirfidh siad a n-údaráis chustaim agus údaráis náisiúnta ábhartha eile ar an eolas. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh aon Bhallstát síneadh ar an tréimhse 30 lá a iarraidh. Mar sin féin, ní bheidh an síneadh níos faide ná 30 lá oibre.
6. I gcás ina dtabharfaidh na Ballstáit uile agus an Coimisiún fógra dá chéile agus don Choimisiún gur cheart ceanglas údarúcháin a fhorchur i gcás idirbhearta atá go bunúsach comhionann, foilseoidh an Coimisiún i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faisnéis maidir leis na hítimí cibearfhaireachais agus, i gcás inarb iomchuí, cinn scríbe atá faoi réir ceanglais údarúcháin de réir mar a thug na Ballstáit fógra ina leith chun na críche sin.
7. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an bhfaisnéis a fhoilsítear de bhun mhír 6 uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, ar bhonn faisnéise agus anailísí ábhartha arna soláthar ag an gCoimisiún. I gcás ina dtugann na Ballstáit uile fógra dá chéile agus don Choimisiún gur cheart foilsiú ceanglais údarúcháin a leasú nó a athnuachan, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis arna foilsiú de bhun mhír 6 i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a leasú nó a athnuachan go pras agus dá réir.
8. Ionas go bhféadfaidh na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar na diúltuithe bailí uile, beidh feidhm ag Airteagal 16(1), (2) agus (5) go (7) maidir le cásanna a bhaineann le hítimí cibearfhaireachais nach liostaítear in Iarscríbhinn I.
9. Déanfar na malartuithe uile faisnéise a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis maidir le cosaint, leis an mbeartas eachtrach nó leis an tslándáil náisiúnta atá faoi chosaint a chosaint. Déanfar malartuithe faisnéise den sórt sin trí mhodhanna slána leictreonacha, lena n-áirítear tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 23(6).
10. Déanfaidh na Ballstáit machnamh ar thacú le hítimí a fhoilsítear de bhun mhír 6 den Airteagal seo a chur isteach sna córais idirnáisiúnta iomchuí maidir le neamhleathadh nó sna socruithe iomchuí maidir le rialú onnmhairí d’fhonn síneadh a chur leis na rialuithe. Cuirfidh an Coimisiún anailísí ar na sonraí ábhartha arna mbailiú de bhun Airteagal 23(2) agus Airteagal 26(2) ar fáil.
11. Ní dochar an Rialachán seo do cheart na mBallstát bearta náisiúnta a dhéanamh faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/479.
Airteagal 6
1. Beidh údarú de dhíth le haghaidh seirbhísí bróicéireachta ar ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I más rud é gur chuir an t-údarás inniúil an bróicéir ar an eolas go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
2. I gcás ina mbeartóidh bróicéir seirbhísí bróicéireachta ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a sholáthar agus gurb eol dó go bhfuil na hítimí sin ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), tabharfaidh an bróicéir fógra don údarás inniúil. Cinnfidh an t-údarás inniúil sin an gcuirfidh sé seirbhísí bróicéireachta den sórt sin faoi réir údarú nó nach gcuirfidh.
3. Féadfaidh Ballstát cur i bhfeidhm mhír 1 a leathnú chuig ítimí dé-úsáide neamhliostaithe.
4. Féadfaidh Ballstát reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena bhforchuirtear ceanglas údarúcháin maidir le soláthar seirbhísí bróicéireachta ítimí dé-úsáide má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
5. Beidh feidhm ag Airteagal 9(2), (3) agus (4) maidir leis na bearta náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo.
Airteagal 7
1. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na hítimí lonnaithe toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I tráth ar bith más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
2. Sula ndéanfar cinneadh cibé acu a thoirmeascfar nó nach dtoirmeascfar idirthuras, féadfaidh an t-údarás inniúil ceanglas onnmhairiúcháin a fhorchur i gcásanna aonair le haghaidh idirthuras sonrach ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Má tharlaíonn an t-idirthuras trí chríoch an iliomad Ballstát, beidh údarás inniúil gach Ballstáit dá ndéantar difear in ann idirthuras den sórt sin trína chríoch a thoirmeasc.
Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas údarúcháin a fhorchur ar an duine nádúrtha nó dlítheanach nó ar an gcomhpháirtíocht a shealbhaíonn an conradh leis an gcoinsíní sa tríú tír agus ag a bhfuil an chumhacht cinneadh a dhéanamh go seolfar na hítimí trí chríoch chustaim an Aontais.
Mura bhfuil cónaí ar an duine nádúrtha nó dlítheanach nó ar an gcomhpháirtíocht i gcríoch chustaim an Aontais, nó mura bhfuil siad bunaithe ann, féadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas údarúcháin a fhorchur ar cheann acu seo a leanas:
(a) |
an dearbhóir de réir bhrí Airteagal 5(15) de Chód Custaim an Aontais; |
(b) |
an t-iompróir de réir bhrí Airteagal 5(40) de Chód Custaim an Aontais; nó |
(c) |
an duine nádúrtha a iompraíonn na hítimí dé-úsáide ar idirthuras i gcás na n-ítimí dé-úsáide sin a bheith i mbagáiste pearsanta an duine sin. |
3. Féadfaidh Ballstát cur i bhfeidhm mhír 1 a leathnú chuig ítimí dé-úsáide neamhliostaithe.
4. Beidh feidhm ag Airteagal 9(2), (3) agus (4) maidir leis na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 8
1. Beidh údarú de dhíth le haghaidh soláthar cúnaimh theicniúil ar ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I más rud é gur chuir an t-údarás inniúil in iúl don soláthraí cúnaimh theicniúil go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
2. I gcás ina mbeartaíonn soláthraí cúnaimh theicniúil cúnamh teicniúil a sholáthar le haghaidh ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I agus gurb eol dó go bhfuil na hítimí sin ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), tabharfaidh soláthraí an chúnaimh theicniúil fógra don údarás inniúil. Cinnfidh an t-údarás inniúil sin i dtaobh an cúnamh teicniúil sin a chur faoi réir údaraithe.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 sna cásanna seo a leanas:
(a) |
más rud é go soláthraítear cúnamh teicniúil laistigh de chríoch tíre a liostaítear i gCuid 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn II nó isteach inti, nó i dtreo cónaitheoir i dtír atá liostaithe i gCuid 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn II; |
(b) |
más rud é, maidir leis an gcúnamh teicniúil, gur i bhfoirm aistriú faisnéise atá sé atá san fhearann poiblí nó i bhfoirm taighde eolaíoch bunúsach de réir bhrí an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht nó an Nóta Teicneolaíochta Núicléiche a leagtar amach in Iarscríbhinn I; |
(c) |
más rud é go soláthraíonn údaráis nó gníomhaireachtaí de chuid Ballstáit cúnamh teicniúil i gcomhthéacs a gcúraimí oifigiúla; |
(d) |
más rud é go gcuirtear cúnamh teicniúil ar fáil d’fhórsaí armtha Ballstáit ar bhonn na gcúraimí a shanntar dóibh; |
(e) |
má sholáthraítear an cúnamh teicniúil chun críche a luaitear sna heisceachtaí le haghaidh ítimí de chuid an Chórais Rialaithe um Theicneolaíocht Diúracán (teicneolaíocht CRTD) in Iarscríbhinn IV; nó |
(f) |
más rud é gurb é an cúnamh teicniúil an t-íosmhéid is gá chun na hítimí sin ar eisíodh údarú onnmhairiúcháin ina leith a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil (a sheiceáil) nó a dheisiú. |
4. Féadfaidh Ballstát cur i bhfeidhm mhír 1 a leathnú chuig ítimí dé-úsáide neamhliostaithe.
5. Féadfaidh Ballstát reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena bhforchuirtear ceanglas údarúcháin maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar i gcás ina bhfuil forais amhrais ag an soláthraí cúnaimh theicniúil, ar soláthraí é a bheartaíonn cúnamh teicniúil a sholáthar le haghaidh ítimí dé-úsáide, go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfadh siad a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
6. Beidh feidhm ag Airteagal 9(2), (3) agus (4) maidir leis na bearta náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo.
Airteagal 9
1. Féadfaidh Ballstát onnmhairiú ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I a thoirmeasc nó ceanglas údarúcháin a fhorchur air ar chúiseanna slándála poiblí, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta, nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon bhearta arna nglacadh de bhun mhír 1 gan mhoill agus cuirfidh siad na cúiseanna beachta atá leis na bearta in iúl. Más rud é go mbunaítear liosta náisiúnta um rialú leis an mbeart, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas freisin faoin tuairisc ar na hítimí rialaithe.
3. Tabharfaidh na Ballstáit, gan mhoill, fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon leasú a dhéantar ar na bearta arna nglacadh de bhun mhír 1 freisin, lena n-áirítear aon leasú ar a liostaí náisiúnta rialaithe.
4. Foilseoidh an Coimisiún na bearta a gcuirfear fógra chuige ina leith de bhun mhíreanna 2 agus 3 i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún tiomsú de na liostaí náisiúnta rialaithe atá i bhfeidhm sna Ballstáit a fhoilsiú ar leithligh, gan mhoill agus i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Ar fhógra a fháil ó Bhallstát faoi aon leasú ar a liosta náisiúnta rialaithe, foilseoidh an Coimisiún, gan mhoill agus i dteangacha oifigiúla uile an Aontais nuashonrú ar thiomsú na liostaí náisiúnta rialaithe atá i bhfeidhm sna Ballstáit.
Airteagal 10
1. Beidh údarú ag teastáil chun ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I a onnmhairiú má fhorchuireann Ballstát eile ceanglas údarúcháin le haghaidh onnmhairiú na n-ítimí sin ar bhonn liosta náisiúnta rialaithe d’ítimí arna ghlacadh ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 9 agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9(4), agus más rud é go bhfuil an t-údarás inniúil tar éis an t-onnmhaireoir a chur ar an eolas go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, d’úsáidí is cúis imní maidir le slándáil phoiblí, lena n-áirítear cosc a chur ar ghníomhartha sceimhlitheoireachta, nó breithnithe maidir le cearta an duine.
2. Maidir le Ballstát a dhiúltóidh údarú a cheanglaítear faoi mhír 1, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas freisin faoi chinneadh den sórt sin.
3. Maidir le Ballstát a fhorchuireann ceanglas údarúcháin, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar onnmhairiú ítime dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé a údaráis chustaim agus údaráis náisiúnta ábhartha eile ar an eolas faoin gceanglas údarúcháin gan mhoill agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, go háirithe maidir leis na hítimí agus na húsáideoirí deiridh lena mbaineann. Tabharfaidh na Ballstáit eile aird chuí ar an bhfaisnéis sin agus cuirfidh siad a n-údaráis chustaim agus údaráis náisiúnta ábhartha eile ar an eolas faoin méid sin.
Airteagal 11
1. Beidh údarú de dhíth freisin le haghaidh aistrithe ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn IV laistigh den Aontas. Ní chumhdófar ítimí dé-úsáide a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn IV le húdarú ginearálta.
2. Féadfaidh Ballstát ceanglas údarúcháin a fhorchur le haghaidh aistriú ítimí dé-úsáide eile óna chríoch chuig Ballstát eile i gcásanna inarb amhlaidh tráth an aistrithe:
(a) |
gurb eol don oibritheoir nó don údarás inniúil gur lasmuigh de chríoch chustaim an Aontas atá ceann scríbe deiridh na n-ítimí lena mbaineann, agus |
(b) |
go bhfuil onnmhairiú na n-ítimí sin chuig an gceann scríbe deiridh sin faoi réir ceanglas údarúcháin de bhun Airteagal 3, 4, 5, 9 nó 10 sa Bhallstát a bhfuil na hítimí le haistriú uaidh, agus nach bhfuil onnmhairiú den sórt sin go díreach óna chríoch údaraithe faoi údarú ginearálta ná faoi údarú foriomlán; agus |
(c) |
nach bhfuil aon phróiseáil ná oibriú mar atá sainmhínithe in Airteagal 60(2) de Chód Custaim an Aontais le déanamh ar na hítimí sa Bhallstát a bhfuil siad le haistriú chuige. |
3. Déanfar iarratas ar an údarú aistrithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 sa Bhallstát óna bhfuil na hítimí dé-úsáide le haistriú.
4. I gcásanna ina bhfuil an Ballstát óna bhfuil na hítimí le haistriú tar éis glacadh cheana féin le honnmhairiú na n-ítimí dé-úsáide le linn nósanna imeachta comhairliúcháin a leagtar amach in Airteagal 14, eiseofar an t-údarú aistrithe don oibreoir láithreach, mura rud é go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na himthosca.
5. Cuirfidh Ballstát a ghlacann reachtaíocht lena ndéantar ceanglas den sórt sin a fhorchur dá dtagraítear i mír 2 an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi na bearta atá déanta aige gan mhoill. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a gcuirfear fógra chuige ina leith i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
6. Ní bheidh sé i gceist le cur i bhfeidhm na mbeart a ghlacfar de bhun mhíreanna 1 agus 2 rialuithe teorann inmheánaí a chur i bhfeidhm laistigh de chríoch chustaim an Aontais, ach ní bheidh i gceist ach rialuithe a fheidhmítear mar chuid de na gnáthnósanna imeachta rialaithe a chuirtear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ar fud chríoch chustaim an Aontais.
7. Ní bheidh mar thoradh ar na bearta a chuirtear i bhfeidhm de bhun mhíreanna 1 agus 2, aistrithe ó Bhallstát amháin chuig Ballstát eile faoi réir coinníollacha níos srianta ná iad sin a fhorchuirtear ar onnmhairiú na n-ítimí céanna chuig tríú tíortha.
8. Féadfaidh Ballstát a cheangal, faoi reachtaíocht náisiúnta, go ndéanfar, le haghaidh aon aistrithe ón mBallstát sin laistigh den Aontas d’ítimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Catagóir 5, Cuid 2, nach liostaítear in Iarscríbhinn IV, faisnéis bhreise a bhaineann leis na hítimí sin a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit sin.
9. Tabharfar le fios go soiléir sna doiciméid tráchtála ábhartha a bhaineann le haistrithe ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I laistigh den Aontas go bhfuil na hítimí sin faoi réir rialuithe má dhéantar iad a onnmhairiú ó chríoch chustaim an Aontais. San áireamh sna doiciméid sin tá, go háirithe, aon chonradh díolacháin, deimhniú ar ordú, sonrasc nó nóta last-táille.
CAIBIDIL III
ÚDARÚ ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS ÚDARÚ LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ BRÓICÉIREACHTA AGUS CÚNAMH TEICNIÚIL
Airteagal 12
1. Féadfar na cineálacha údaruithe onnmhairiúcháin seo a leanas a eisiúint nó a bhunú faoin Rialachán seo:
(a) |
údarúcháin aonair onnmhairiúcháin; |
(b) |
údarúcháin dhomhanda onnmhairiúcháin; |
(c) |
údarúcháin náisiúnta ghinearálta onnmhairiúcháin; |
(d) |
údarúcháin ghinearálta onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh onnmhairiú ítimí áirithe chuig cinn scríbe áirithe faoi choinníollacha sonracha agus faoi cheanglais shonracha maidir le húsáid mar a leagtar amach i Roinn A go Roinn H d’Iarscríbhinn II. |
Beidh údarúcháin arna n-eisiúint nó arna mbunú faoin Rialachán seo bailí ar fud chríoch chustaim an Aontais.
2. Is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe a thabharfaidh údaruithe onnmhairiúcháin aonair agus údaruithe onnmhairiúcháin dhomhanda faoin Rialachán seo.
Gan dochar do phointe (3) d’Airteagal 2, i gcás nach bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó bunaithe ar chríoch chustaim an Aontais, is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na hítimí dé-úsáide lonnaithe a thabharfaidh údaruithe onnmhairiúcháin aonair faoin Rialachán seo.
Eiseofar gach údarú onnmhairiúcháin aonair agus gach údarú onnmhairiúcháin foriomlán, aon uair is féidir sin, ar mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn III.
3. Beidh údaruithe onnmhairiúcháin aonair agus údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána bailí ar feadh suas le dhá bhliain, mura gcinnfidh an t-údarás inniúil a mhalairt.
Beidh údarúcháin do thionscadail mhóra bailí ar feadh tréimhse atá le cinneadh ag an údarás inniúil, ach nach faide ná ceithre bliana í, ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo bunaithe ar ré an tionscadail.
4. Soláthróidh onnmhaireoirí gach faisnéis ábhartha atá de dhíth ar an údarás inniúil dá n-iarratais ar údaruithe onnmhairiúcháin aonair agus údaruithe onnmhairiúcháin domhanda chun faisnéis iomlán a sholáthar go háirithe faoin úsáideoir deiridh, an tír cinn scríbe agus úsáid deiridh na hítime atá á honnmhairiú.
Beidh údaruithe onnmhairiúcháin aonair faoi réir ráiteas úsáide deiridh. Féadfaidh an t-údarás inniúil iarratais áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid ráiteas úsáide deiridh a sholáthar. Féadfaidh údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána a bheith faoi réir ráiteas úsáide deiridh más iomchuí.
Déanfaidh onnmhaireoirí a úsáideann údaruithe onnmhairiúcháin domhanda CIC a chur chun feidhme, mura rud é go measann an t-údarás inniúil nach gá sin i ngeall ar fhaisnéis eile arna cur san áireamh aige agus an t-iarratas ar údarú onnmhairiúcháin domhanda arna thíolacadh ag an onnmhaireoir á phróiseáil aige.
Déanfaidh na Ballstáit ceanglais tuairiscithe agus ceanglais ICP a bhaineann le húsáid na n-údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána a shainiú.
Arna iarraidh sin d’onnmhaireoirí, déanfar údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána ina bhfuil teorainneacha cainníochta a dheighilt.
5. Próiseálfaidh údaráis inniúla na mBallstát iarrataí ar údaruithe aonair nó foriomlána laistigh de thréimhse a bheidh le socrú faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas náisiúnta.
6. Maidir leis na húdaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin:
(a) |
déanfaidh siad na hítimí a liostaítear in Roinn 1 d'Iarscríbhinn II a eisiamh óna raon feidhme; |
(b) |
beidh siad sainithe faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas náisiúnta; féadfaidh gach onnmhaireoir, atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air sa Bhallstát a eisíonn na húdaruithe sin, iad a úsáid, má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sa reachtaíocht náisiúnta chomhlántach; eiseofar iad i gcomhréir leis na sonrúcháin a leagtar amach i Roinn C d’Iarscríbhinn III; |
(c) |
ní úsáidfear iad más rud é gur chuir an t-údarás inniúil an t-onnmhaireoir ar an eolas go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), nó más eol don onnmhaireoir go bhfuil na hítimí ceaptha le haghaidh úsáidí den sórt sin. |
Féadfaidh údaruithe náisiúnta ghinearálta onnmhairiúcháin feidhm a bheith acu freisin maidir le hítimí agus cinn scríbe a liostaítear i Ranna A go H d’Iarscríbhinn II.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún láithreach faoi aon údarú náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin a eisítear nó a mhodhnaítear. Foilseoidh an Coimisiún fógraí den sórt sin i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
7. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid má tá amhras réasúnta ann i leith chumas an onnmhaireora an t-údarú sin a chomhlíonadh nó foráil de chuid na reachtaíochta maidir le rialú ar onnmhairiú a chomhlíonadh.
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú faoi onnmhaireoirí a bhfuil toirmeasc orthu úsáid a bhaint as údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas, ach amháin má chinneann údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe nach ndéanfaidh an t-onnmhaireoir iarracht ítimí dé-úsáide a onnmhairiú trí Bhallstát eile. Déanfar faisnéis a mhalartú trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 23(6).
Airteagal 13
1. Is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an mbróicéir nó an soláthraí cúnaimh theicniúil nó ina bhfuil sé bunaithe a dheonóidh údaruithe le haghaidh soláthar seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh teicniúil faoin Rialachán seo. I gcás nach mbeidh an bróicéir nó an soláthraí cúnaimh theicniúil ina chónaí nó bunaithe ar chríoch chustaim an Aontais, is é údarás inniúil an Bhallstáit as a gcuirfear na seirbhísí bróicéireachta nó an cúnamh teicniúil ar fáil a dheonóidh údaruithe chun seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar faoin Rialachán seo.
2. Tabharfar údaruithe chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar le haghaidh cainníocht shocraithe d’ítimí sonracha agus déanfar suíomh na n-ítimí sa tríú tír as ar thionscain siad, an t-úsáideoir deiridh agus suíomh beacht an úsáideora deiridh a shainaithint go soiléir.
Sainaithneofar go soiléir sna húdaruithe le haghaidh cúnamh teicniúil an t-úsáideoir deiridh agus suíomh beacht an úsáideora sin.
Beidh na húdarúcháin bailí ar fud chríoch chustaim an Aontais.
3. Soláthróidh bróicéirí agus soláthraithe cúnaimh theicniúil gach faisnéis ábhartha don údarás inniúil atá de dhíth dá n-iarratas ar údarú faoin Rialachán seo, go háirithe sonraí maidir le suíomh na n-ítimí dé-úsáide, tuairisc shoiléir ar na hítimí agus ar an gcainníocht atá i gceist, tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an idirbheart, an tír atá mar cheann scríbe, an t-úsáideoir deiridh sa tír sin agus suíomh beacht an úsáideora deiridh.
4. Próiseálfaidh údaráis inniúla na mBallstát iarrataí ar údaruithe chun seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar laistigh de thréimhse ama a bheidh le cinneadh faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas náisiúnta.
5. Eiseofar gach údarú le haghaidh soláthar seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh teicniúil, aon uair is féidir sin, ar mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a bhfuil ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn III.
Airteagal 14
1. Más rud é, i gcás ítimí dé-úsáide ar cuireadh iarratas isteach ina leith ar údarú onnmhairiúcháin aonair chuig ceann scríbe nach liostaítear i gCuid 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn II nó chuig aon cheann scríbe i gcás ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn IV, go bhfuil nó go mbeidh na hítimí sin suite i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, amach ón mBallstát ina ndearnadh an t-iarratas, tabharfar sin le fios san iarratas. Rachaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar cuireadh an t-iarratas ar údarú onnmhairiúcháin faoina bhráid i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát a bheidh i dtrácht láithreach agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha. Féadfar an comhairliúchán sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 23(6) . Déanfaidh na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leo aon agóidí a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le húdarú den sórt sin a dheonú a chur in iúl laistigh de 10 lá oibre, agus beidh siad ina gceangal ar an mBallstát ina ndearnadh an t-iarratas.
Mura bhfaighfear aon agóid laistigh de 10 lá oibre, measfar nach bhfuil aon agóid ag na Ballstáit a ndeachthas i gcomhairle leo.
I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh aon Bhallstát a rachfar i gcomhairle leis síneadh ar an tréimhse 10 lá sin a iarraidh. Mar sin féin, ní bheidh an síneadh níos faide ná 30 lá oibre.
2. Más rud é go bhféadfadh onnmhairiú dochar a dhéanamh dá leasanna slándála riachtanacha, féadfaidh Ballstát iarraidh ar Bhallstát eile gan údarú onnmhairiúcháin a dheonú nó, más rud é gur deonaíodh údarú den sórt sin, iarraidh go ndéanfaí é a chur ar neamhní, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm. Rachaidh an Ballstát a gheobhaidh iarraidh den sórt sin i mbun comhairliúcháin neamh-cheangailteacha láithreach leis an mBallstát a dhéanfaidh an iarraidh, agus beidh siad le cur i gcrích laistigh de 10 lá oibre. I gcás ina ndéanfaidh an Ballstát a fhaigheann an t-iarratas cinneadh an t-údarú a dheonú, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi sin ag baint úsáid as an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 23(6).
Airteagal 15
1. Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu údarú a dheonú nó gan é a dheonú nó é a thoirmeasc faoin Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit na breithnithe ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear:
(a) |
Oibleagáidí agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát, go háirithe na hoibleagáidí agus na gealltanais lenar ghlac gach ceann acu mar chomhaltaí de na córais idirnáisiúnta ábhartha maidir le neamhleathadh agus na socruithe ábhartha maidir le rialú onnmhairí, nó trí na conarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú; |
(b) |
a n-oibleagáidí faoi smachtbhannaí arna bhforchur le cinneadh nó le comhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle nó le cinneadh ó ESCE nó le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; |
(c) |
breithnithe maidir le beartas náisiúnta eachtrach agus slándála, lena n-áirítear iad siúd a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES; |
(d) |
breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus riosca an atreoraithe. |
2. Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i mír 1, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratas ar údarú foriomlán onnmhairiúcháin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh cur chun feidhme ICP ag an onnmhaireoir.
Airteagal 16
1. Féadfaidh an t-údarás inniúil, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an Rialachán seo, diúltú údarú a dheonú agus féadfaidh sé údarú atá deonaithe cheana aige a chur ar neamhní, a fhionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm. I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil údarú onnmhairiúcháin a dhiúltú, a chur ar neamhní, a shrianadh go suntasach nó a chúlghairm nó i gcás ina mbeidh cinneadh déanta aige nach ndéanfar an t-onnmhairiú atá beartaithe a údarú, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis ábhartha leo. I gcás ina bhfuil údarú onnmhairiúcháin curtha ar fionraí ag údarás inniúil Ballstáit, cuirfear an measúnú deiridh in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile agus don Choimisiún ag deireadh na tréimhse fionraíochta.
2. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát athbhreithniú ar dhiúltuithe ar údaruithe a dtabharfar fógra ina leith faoi mhír 1 laistigh de thrí bliana ón uair a thabharfar fógra ina leith agus déanfaidh siad iad a chúlghairm, a leasú nó a athnuachan. Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógra faoi thorthaí an athbhreithnithe d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún a luaithe is féidir. Leanfaidh diúltuithe nach ndéantar a chúlghairm de bheith bailí agus déanfar athbhreithniú orthu gach trí bliana. Tráth an tríú hathbhreithniú, beidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann míniú a thabhairt ar an réasúnú a bhí le diúltú den sórt sin a choinneáil.
3. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra gan mhoill d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoina gcinntí maidir le toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide a dhéantar faoi Airteagal 7. Beidh an fhaisnéis ábhartha go léir sna fógraí sin lena n-áirítear aicmiú na hítime, paraiméadair theicniúla na hítime, an tír is ceann scríbe agus an t-úsáideoir deiridh.
4. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo freisin maidir le húdaruithe chun seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 13.
5. Sula gcinnfidh údarás inniúil Ballstáit ar cheart nó nár cheart údarú a dheonú nó idirthuras a thoirmeasc faoin Rialachán seo, déanfaidh sé scrúdú ar gach diúltú bailí nó cinneadh lena dtoirmeasctar idirthuras ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a rinneadh faoin Rialachán seo lena fhionnadh ar dhiúltaigh údaráis inniúla i mBallstát eile údarú nó idirthuras le haghaidh idirbheart arb ionann é go bunúsach agus an t-idirbheart i dtrácht. Ansin rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh diúltaithe nó cinntí den sórt sin chun idirthuras a thoirmeasc mar a fhoráiltear i míreanna 1, 3 agus 4 den Airteagal seo.
Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát a rachfar i gcomhairle leo in iúl laistigh de 10 lá oibre an measann siad gur idirbheart atá go bunúsach comhionann leis an idirbheart atá i gceist an t-idirbheart i dtrácht. Mura bhfaighfear freagairt laistigh de 10 lá oibre, measfar nach measann údaráis inniúla na mBallstát a ndeachthas i gcomhairle leo gur idirbheart atá comhionann go bunúsach leis an idirbheart i dtrácht atá ann.
Más gá tuilleadh faisnéise chun meastóireacht cheart a dhéanamh ar an idirbheart i dtrácht, tiocfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an tréimhse 10 lá sin a fhadú. Mar sin féin, ní bheidh an síneadh níos faide ná 30 lá oibre.
Más rud é, tar éis comhairliúchán den sórt sin, go gcinneann an t-údarás inniúil an t-údarú a dheonú nó an t-idirthuras a cheadú, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún, agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha go léir chun an cinneadh a mhíniú.
6. Déanfar na fógraí uile a cheanglaítear faoin Airteagal seo trí bhíthin meán slán leictreonach, lena n-áirítear tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 23(6).
7. Beidh gach faisnéis a roinnfear de bhun an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 23(5) maidir le rúndacht faisnéise den sórt sin.
CAIBIDIL IV
LIOSTAÍ D’ÍTIMÍ DÉ-ÚSÁIDE AGUS DE CHINN SCRÍBE A LEASÚ
Airteagal 17
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus i IV a thabhairt cothrom le dáta, mar a leanas:
(a) |
liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus gealltanais ábhartha, agus aon leasú orthu, lenar ghlac na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, an tAontas mar chomhaltaí de na córais idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus na socruithe idirnáisiúnta maidir le rialú onnmhairiú, nó trí chonarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú; |
(b) |
i gcás ina mbaineann leasú ar Iarscríbhinn I le hítimí dé-úsáide a liostaítear freisin in Iarscríbhinn II nó IV, déanfar na hIarscríbhinní sin a leasú dá réir sin. |
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun Iarscríbhinn II a leasú trí ítimí a bhaint agus trí chinn scríbe a chur le raon feidhme údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas nó trí chinn scríbe a bhaint de raon feidhme na n-údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid arna chur ar bun de bhun Airteagal 24 agus ag cur san áireamh oibleagáidí agus gealltanais faoi na córais ábhartha maidir le neamhleathadh agus na socruithe ábhartha maidir le rialú onnmhairí, amhail leasuithe ar liostaí rialaithe, chomh maith le forbairtí geopholaitiúla ábhartha. Más rud é go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne, cinn scríbe áirithe a bhaint de raon feidhme údaraithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na míre seo.
Airteagal 18
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 9 Meán Fómhair 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 17 seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 19
1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.
Airteagal 20
Déanfar liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, ar fochuid í d’Iarscríbhinn I, a thabhairt cothrom le dáta ag féachaint d’Airteagal 36 CFAE, eadhon leasanna na mBallstát i dtaca le beartas poiblí agus slándáil an phobail.
CAIBIDIL V
NÓSANNA IMEACHTA CUSTAIM
Airteagal 21
1. Agus na foirmiúlachtaí á gcur i gcrích d’onnmhairiú na n-ítimí dé-úsáide ag an oifig chustaim a bhfuil sé de chúram uirthi an dearbhú onnmhairiúcháin a láimhseáil, cuirfidh an t-onnmhaireoir cruthúnas ar fáil go bhfuarthas aon údarú onnmhairiúcháin a bhí riachtanach.
2. D’fhéadfadh sé go gceanglófar ar an onnmhaireoir aistriúchán a sholáthar ar aon doiciméad a chuirtear ar fáil mar chruthúnas, go teanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina ndéantar an dearbhú onnmhairiúcháin a thíolacadh.
3. Gan dochar d’aon cheann de na cumhachtaí a bhronntar air faoi Chód Custaim an Aontais agus de bhun an Chóid sin, féadfaidh Ballstát próiseas an onnmhairithe óna chríoch féin a chur ar fionraí freisin ar feadh tréimhse nach faide í ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 4 nó, más gá, cosc a chur ar bhealach eile ar ítimí dé-úsáide a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear faoi údarú onnmhairiúcháin bailí an Aontais a fhágáil trína chríoch féin, i gcás ina bhfuil:
(a) |
forais amhrais aige faoin méid seo a leanas:
|
(b) |
go bhfuil faisnéis iomchuí aige maidir le cur i bhfeidhm féideartha na mbeart faoi Airteagal 4(1). |
4. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, rachaidh an Ballstát dá dtagraítear sa mhír sin i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit a dheonaigh an t-údarú onnmhairithe nó a fhéadfaidh gníomhú de bhun Airteagal 4(1) gan mhoill ionas go bhféadfaidh an t-údarás inniúil gníomhú de bhun Airteagal 4(1) nó Airteagal 16(1) . Má chinneann an t-údarás inniúil sin an t-údarú a choimeád nó gan gníomhaíocht a dhéanamh de bhun Airteagal 4(1), tabharfaidh sé freagra laistigh de 10 lá oibre, arna iarraidh sin dó, a fhéadfar a shíneadh go 30 lá oibre i gcúinsí eisceachtúla. I gcás den sórt sin, nó mura bhfaighfear freagra laistigh de 10 nó 30 lá oibre, de réir mar a bheidh, scaoilfear na hítimí dé-úsáide láithreach. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a dheonaigh an t-údarú údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Coimisiún ar an eolas.
5. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoir a fhorbairt chun tacú leis an gcomhar idirghníomhaireachta idir na húdaráis cheadúnúcháin agus na húdaráis chustaim.
Airteagal 22
1. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfaí na foirmiúlachtaí custaim le haghaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide a chur i gcrích ach amháin ag oifigí custaim arna gcumhachtú chuige sin.
2. Cuirfidh na Ballstáit a bhainfidh leas iad féin as an rogha a leagtar amach i mír 1 an Coimisiún ar an eolas faoi na hoifigí custaim arna gcumhachtú go cuí. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
CAIBIDIL VI
COMHAR RIARACHÁIN, CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 23
1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lena n-áirítear:
(a) |
liosta d’údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil sé de chumhacht acu:
|
(b) |
na bearta dá dtagraítear in Airteagal 25(1). |
Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar aghaidh chuig na Ballstáit eile agus foilseoidh sé an fhaisnéis i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, na bearta iomchuí uile is gá chun comhar díreach agus malartú faisnéise a bhunú idir na húdaráis inniúla d‘fhonn éifeachtúlacht chóras rialaithe onnmhairí an Aontais a fheabhsú agus d’fhonn a áirithiú go ndéanfar rialú a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach agus go héifeachtach ar fud chríoch chustaim an Aontais. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa mhalartú faisnéise:
(a) |
sonraí ábhartha i gcomhair ceadúnúcháin, arna soláthar do gach údarú a eisítear (e.g. luach agus cineálacha ceadúnais agus cinn scríbe lena mbaineann, líon úsáideoirí na n-údaruithe ginearálta); |
(b) |
faisnéis bhreise maidir le rialuithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 15(1), líon na n-oibreoirí a bhfuil ICP acu agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sonraí maidir le honnmhairiú ítimí dé-úsáide a dhéantar i mBallstáit eile; |
(c) |
faisnéis maidir leis an anailís is bunús le hítimí nó ítimí atá beartaithe a chur leis na liostaí náisiúnta rialaithe de bhun Airteagal 9; |
(d) |
faisnéis maidir le forfheidhmiú rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí rioscabhunaithe, sonraí onnmhaireoirí ar baineadh an ceart díobh úsáid a bhaint as na húdaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta nó údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, líon na sáruithe, urghabhálacha agus cur i bhfeidhm pionós eile; |
(e) |
sonraí faoi úsáideoirí deiridh íogaire, gníomhairí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí soláthair amhrasacha agus, nuair a bhíonn fáil orthu, na bealaí a tógadh. |
3. Déanfar malartú sonraí ceadúnúcháin uair sa bhliain ar a laghad i gcomhréir le treoirlínte atá le tarraingt suas ag an nGrúpa Comhordaithe um Dhé-Úsáid arna bhunú de bhun Airteagal 24 agus aird chuí á tabhairt ar cheanglais dhlíthiúla a bhaineann le faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faisnéis maidir le cosaint, leis an mbeartas eachtrach nó leis an tslándáil náisiúnta atá faoi chosaint a chosaint.
4. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún scrúdú rialta ar chur chun feidhme Airteagal 15 bunaithe ar fhaisnéis arna tíolacadh de bhun an Rialacháin seo agus ar anailísí ar shonraí den sórt sin. Urramóidh gach rannpháirtí sna malartuithe sin rúndacht na bpléití.
5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (14), agus go háirithe ag a chuid forálacha maidir le rúndacht faisnéise.
6. Forbróidh an Coimisiún córas atá slán agus criptithe i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid arna chur ar bun faoi Airteagal 24, chun tacú le comhar díreach agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an córas a nascadh, i gcás inarb indéanta, le córais cheadúnúcháin leictreonacha údaráis inniúla na mBallstát a mhéid is gá chun an comhar díreach agus an malartú faisnéise sin a éascú. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le buiséad, forbairt agus feidhmiú an chórais.
7. Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.
Airteagal 24
1. Déanfar Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid a chur ar bun agus beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach air. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí don Ghrúpa seo. Scrúdóidh sé aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhféadfaidh an Cathaoirleach nó ionadaí Ballstáit a ardú.
2. Déanfaidh an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, cibé uair a mheasann sé gur gá sin, dul i gcomhairle le honnmhaireoirí, le bróicéirí, le soláthraithe cúnaimh theicniúil agus le geallsealbhóirí ábhartha eile lena mbaineann an Rialachán seo.
3. Bunóidh an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, nuair is iomchuí, sainghrúpaí ar a mbeidh saineolaithe ó na Ballstáit chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha a bhaineann le cur chun feidhme na rialuithe, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le liostaí rialaithe an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta. Rachaidh sainghrúpaí teicniúla i gcomhairle, nuair is iomchuí, le honnmhaireoirí, bróicéirí, soláthraithe cúnaimh theicniúil agus geallsealbhóirí ábhartha eile a mbaineann an Rialachán seo leo.
4. Tacóidh an Coimisiún le clár um fhorbairt acmhainní an Aontais um cheadúnú agus um fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí chláir oiliúna choiteanna a fhorbairt d’oifigigh na mBallstát, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid.
Airteagal 25
1. Déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun forfheidhmiú ceart an Rialacháin seo a áirithiú. Go háirithe, leagfaidh sé síos na pionóis is infheidhme má dhéantar sárú ar fhorálacha an Rialachán seo, nó ar fhorálacha a ghlacfar lena chur chun feidhme. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Bunóidh an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid sásra comhordaithe forfheidhmiúcháin chun tacú le malartú faisnéise agus comhar díreach idir údaráis inniúla agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe na mBallstát (an ‘Sásra um Chomhordú Fhorfheidhmithe’) . Faoin Sásra um Chomhordú Forfheidhmithe, malartóidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis ábhartha, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, lena n-áirítear cur i bhfeidhm, cineál agus éifeacht na mbeart, arna ndéanamh faoi mhír 1, maidir le forfheidhmiú na ndea-chleachtas agus onnmhairithe neamhúdaraithe ítimí dé-úsáide agus/nó sáruithe ar an Rialachán seo agus/nó ar an reachtaíocht náisiúnta ábhartha.
Faoin Sásra um Chomhordú Forfheidhmithe, malartóidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis ábhartha, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, lena n-áirítear cur i bhfeidhm, cineál agus éifeacht na mbeart, arna ndéanamh faoi mhír 1, maidir le forfheidhmiú na ndea-chleachtas agus onnmhairithe neamhúdaraithe ítimí dé-úsáide agus/nó sáruithe ar an Rialachán seo agus/nó ar an reachtaíocht náisiúnta ábhartha.
Beidh malartú faisnéise faoin Sásra um Chomhordú Forfheidhmithe faoi rún.
CAIBIDIL VII
TRÉDHEARCACHT, FOR-ROCHTAIN, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT
Airteagal 26
1. Nuair is iomchuí, cuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle treoirlínte agus/nó moltaí don dea-chleachtas ar fáil i dtaca leis na hábhair dá dtagraítear sa Rialachán seo chun éifeachtacht chóras rialaithe onnmhairiúcháin an Aontais agus comhsheasmhacht a chur chun feidhme a áirithiú. Is ar na Ballstáit ina bhfuil cónaí ar onnmhaireoirí nó ina bhfuil siad bunaithe a bheidh an fhreagracht treoirlínte agus/nó moltaí maidir le dea-chleachtais a sholáthar d’onnmhaireoirí, do bhróicéirí agus do sholáthraithe cúnaimh theicniúil. Sna treoirlínte sin agus/nó sna moltaí maidir le dea-chleachtais, cuirfear san áireamh go háirithe riachtanais faisnéise FBManna.
2. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin Dé-úsáide, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le gníomhaíochtaí, scrúduithe agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-úsáid. Is tuarascáil phoiblí a bheidh sa tuarascáil bhliantúil sin.
Beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil maidir le húdaruithe (go háirithe líon agus luach de réir cineálacha ítimí agus de réir cinn scríbe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát), diúltuithe agus toirmisc faoin Rialachán seo. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil freisin faisnéis faoin riarachán (go háirithe soláthar foirne, gníomhaíochtaí comhlíonta agus for-rochtana, uirlisí tiomnaithe ceadúnaithe nó aicmithe) agus forfheidhmiú rialuithe (go háirithe líon na sáruithe agus na bpionós).
Maidir le hítimí cibearfhaireachais, áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis thiomnaithe maidir le húdaruithe, go háirithe maidir le líon na n-iarratas a fuarthas de réir ítim, an Ballstát eisiúna agus na cinn scríbe a mbaineann na hiarratais sin leo, agus maidir leis na cinntí a rinneadh i leith na n-iarratas sin.
Cuirfear an fhaisnéis a bheidh sa tuarascáil bhliantúil i láthair i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 3.
Cuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle treoirlínte ar fáil maidir leis an modheolaíocht chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun an tuarascáil bhliantúil a ullmhú, lena n-áirítear na cineálacha ítimí a chinneadh agus sonraí forfheidhmithe a bheith ar fáil.
3. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is iomchuí ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú agus aird chuí á tabhairt acu ar cheanglais dlí a bhaineann le faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis maidir le cosaint, leis an mbeartas eachtrach nó leis an tslándáil náisiúnta atá faoi chosaint a chosaint. Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir le staidreamh Eorpach maidir le faisnéis a mhalartófar nó a fhoilseofar faoin Airteagal seo.
4. Idir an 10 Meán Fómhair 2026 agus an 10 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. I ndiaidh an 10 Meán Fómhair 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar Airteagal 5 agus déanfaidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
CAIBIDIL VIII
BEARTA RIALAITHE
Airteagal 27
1. Coinneoidh onnmhaireoirí ítimí dé-úsáide cláir nó taifid mionsonraí dá gcuid onnmhairí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann. Beidh san áireamh sna cláir nó taifid den sórt sin, go háirithe, doiciméid tráchtála amhail sonraisc, lastliostaí agus doiciméad iompair nó seolta eile ina mbeidh faisnéis leordhóthanach chun go mbeifear in ann na nithe seo a leanas a shainaithint:
(a) |
tuairisc ar na hítimí dé-úsáide; |
(b) |
cainníocht na n-ítimí dé-úsáide; |
(c) |
ainm agus seoladh an onnmhaireora agus an choinsíní; |
(d) |
úsáid deiridh agus úsáideoir deiridh na n-ítimí dé-úsáide, nuair is eol sin. |
2. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann, coimeádfaidh bróicéirí agus soláthraithe cúnaimh theicniúil cláir nó taifid de sheirbhísí bróicéireachta nó do chúnamh teicniúil ionas go mbeidh siad in ann a chruthú, arna iarraidh sin, an tuairisc ar na hítimí dé-úsáide a bhí faoi réir seirbhísí bróicéireachta nó cúnamh teicniúil, an tréimhse ina raibh na hítimí faoi réir na seirbhísí sin, ceann scríbe na n-ítimí sin agus na seirbhísí sin, agus na tíortha lena mbaineann na seirbhísí sin.
3. Coinneofar na cláir nó taifid agus na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 1 agus i 2 ar feadh cúig bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana féilire inar tharla an t-onnmhairiú nó inar soláthraíodh na seirbhísí bróicéireachta nó cúnamh teicniúil. Tabharfar ar aird iad, arna iarraidh sin, don údarás inniúil.
4. Coinneofar doiciméid agus taifid ar aistrithe laistigh den Aontas d’ítimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar feadh trí bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana féilire inar tharla an t-aistriú agus soláthrófar iad d’údarás inniúil an Bhallstáit ónar aistríodh na hítimí sin, arna iarraidh sin.
Airteagal 28
Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is cuí, déanfaidh gach Ballstát gach beart is gá chun go mbeidh a chuid údarás inniúil in ann:
(a) |
faisnéis a bhailiú faoi aon ordú nó idirbheart a bhfuil baint ag ítimí dé-úsáide leis; |
(b) |
a dheimhniú an bhfuil na bearta rialaithe onnmhairiúcháin á gcur i bhfeidhm mar is cuí, agus d’fhéadfaí a chuimsiú leis sin go háirithe an chumhacht chun dul isteach ar áitreabh duine a bhfuil leas aige in idirbheart onnmhairiúcháin nó bróicéirí a bhfuil baint acu le seirbhísí bróicéireachta a sholáthar faoi na cúinsí a leagtar amach in Airteagal 6, nó soláthraithe cúnaimh theicniúil faoi na cúinsí a leagtar amach in Airteagal 8. |
CAIBIDIL IX
COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA
Airteagal 29
1. I gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit idirphlé ar bun le tríú tíortha, d’fhonn cóineasú domhanda rialuithe a chur chun cinn.
Féadfaidh an t-idirphlé tacú le comhar rialta agus cómhalartach le tríú tíortha, lena n-áirítear faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, chomh maith le fothú acmhainneachta agus for-rochtain chuig tríú tíortha. D‘fhéadfadh an t-idirphlé a bheith ina spreagadh freisin do thríú tíortha cloí le rialuithe láidre onnmhairithe atá forbartha ag córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí mar mhúnla don dea-chleachtas idirnáisiúnta.
2. Gan dochar do na forálacha a bhaineann le comhaontuithe um chúnamh frithpháirteach riaracháin nó le prótacail i gcúrsaí custaim arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha, féadfaidh an Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún comhaontuithe a chaibidil le tríú tíortha lena bhforálfar d’aitheantas frithpháirteach maidir le rialuithe onnmhairiúcháin i ndáil le hítimí dé-úsáide arna gcumhdach leis an Rialachán seo.
Déanfar an chaibidlíocht sin a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú in Airteagal 207(3) de CFAE agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, de réir mar is iomchuí.
CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 30
Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar don Chinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2015 lena ndéantar forlíonadh ar Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE.
Airteagal 31
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.
Leanfaidh na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 d’fheidhm a bheith acu i gcás iarratais ar údaruithe a rinneadh roimh an 9 Meán Fómhair 2021, áfach.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 32
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an nóchadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairí, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).
(3) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealamh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(5) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(6) Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).
(7) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(9) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(10) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(11) IO C 202, 8.7.2011, lch. 13.
(12) Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtain ar an tseirbhís faoi rialáil phoiblí a sholáthraíonn an córas domhanda loingseoireachta satailíte arna bhunú faoin gclár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).
(13) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NA nÍTIMÍ DÉ-ÚSÁIDE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3 DEN RIALACHÁN SEO
Le liosta na n-ítimí dé-úsáide atá san Iarscríbhinn seo, cuirtear chun feidhme rialuithe dé-úsáide arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Grúpa na hAstráile (1), an Córas um Rialú na Teicneolaíochta Diúracán (MTCR) (2), Grúpa na Soláthróirí Ábhar Núicléach (NSG) (3), Comhshocraíocht Wassenaaragus (4) agus an Coinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha (CWC) (5).
AN CLÁR
Cuid 1 - |
Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe |
Cuid II - Catagóir 0 |
Ábhair núicléacha, saoráidí agus trealamh |
Cuid III - Catagóir 1 |
Ábhair speisialta agus trealamh gaolmhar |
Cuid IV - Catagóir 2 |
Próiseáil ar ábhair |
Cuid V - Catagóir 3 |
Leictreonaic |
Cuid VI - Catagóir 4 |
Ríomhairí |
Cuid VII - Catagóir 5 |
Teileachumarsáid agus ‘an tslándáil faisnéise’ |
Cuid VIII - Catagóir 6 |
Braiteoirí agus léasair |
Cuid IX - Catagóir 7 |
Loingseoireacht agus eitleonaic |
Cuid X - Catagóir 8 |
Abháir Mhuirí |
Cuid XI - Catagóir 9 |
Aeraspás agus tiomáint |
CUID 1 – Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe
NÓTAÍ GINEARÁLTA A GHABHANN LE hIARSCRÍBHINN I
1. |
Maidir le rialú earraí atá deartha nó atá modhnaithe le haghaidh úsáid mhíleata, féach an liosta nó na liostaí ábhartha de rialuithe maidir le hearraí míleata atá á gcoimeád ag Ballstáit AE féin. Aon tagairt atá san Iarscríbhinn lena ndeirtear ‘FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA’, is ag tagairt do na liostaí sin atá sí. |
2. |
Níor cheart go ndéanfaí cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú toisc aon earraí neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasra) a bheith á n-onnmhairiú, a bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó iontu, nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe sin príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir an chomhpháirt sin nó na comhpháirteanna sin a bhaint nó a úsáid chun críche eile.
|
3. |
Leis na hearraí atá sonraithe san Iarscríbhinn seo, áirítear earraí nua agus earraí athláimhe araon. |
4. |
I gcásanna áirithe, is de réir ainm agus uimhir CAS a liostaítear ceimiceáin. Beidh feidhm ag an liosta maidir le ceimiceáin a bhfuil an fhoirmle struchtúrach chéanna acu (lena n-áirítear hiodráití) is cuma an t-ainm atá orthu ná an uimhir CAS atá acu. Léirítear na huimhreacha CAS ionas go bhféadfar ceimiceán áirithe nó meascán áirithe a shainaithint, gan beann ar ainmníocht. Ní féidir uimhreacha CAS a úsáid mar aitheantóirí uathúla toisc go bhfuil uimhreacha difriúla CAS ag foirmeacha áirithe de na ceimiceáin a liostaítear, agus toisc go bhféadfadh uimhir dhifriúil CAS a bheith ag meascáin a bhfuil ceimiceán atá sa liosta iontu. |
NÓTA MAIDIR LEIS AN TEICNEOLAÍOCHT NÚICLÉACH (NTN)
(Le léamh in éineacht le roinn E de Chatagóir 0.)
An ‘teicneolaíocht’ sin a bhaineann go díreach le haon earra atá rialaithe i gCatagóir 0, déantar í a rialú de réir fhorálacha Chatagóir 0.
An ‘teicneolaíocht’ sin atá ann chun earraí atá faoi rialú a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’, leanann sí de bheith faoi rialú fiú nuair is infheidhme í maidir le hearraí neamhrialaithe.
Nuair a cheadaítear earraí a onnmhairiú, údaraítear go n-onnmhaireofaí freisin, chuig an úsáideoir deiridh céanna sin, an ‘teicneolaíocht’ íosta is gá chun na hearraí sin a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil agus a dheisiú.
Ní bheidh feidhm ag na rialuithe maidir le haistriú ‘teicneolaíochta’, i ndáil le faisnéis ‘atá san fhearann poiblí’ ná maidir le ‘taighde bunúsach eolaíoch’.
NÓTA GINEARÁLTA MAIDIR LE TEICNEOLAÍOCHT (NGT)
(Le léamh in éineacht le roinn E de Chatagóir 1 go Catagóir 9.)
Onnmhairiú na ‘teicneolaíochta’ sin atá ‘riachtanach’ chun earraí a rialaítear i gCatagóir 1 go Catagóir 9 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’, déantar é a rialú de réir fhorálacha Chatagóir 1 go Catagóir 9.
An ‘teicneolaíocht’ sin atá ‘riachtanach’ chun earraí faoi rialú ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’, is faoi rialú a bheidh sí i gcónaí, fiú nuair is infheidhme í maidir le hearraí neamhrialaithe.
An ‘teicneolaíocht’ sin arb í an teicneolaíocht íosta í is gá chun suiteáil, oibriú, cothabháil (seiceáil) nó deisiúchán na n-earraí sin nach bhfuil faoi rialú nó a n-údaraítear iad a onnmhairiú, níl feidhm ag aon rialuithe ina leith.
Nóta: |
Ní chumhdaíonn an méid sin an ‘teicneolaíocht’ sin atá sonraithe in 1E002.e., 1E002.f., 8E002.a. agus 8E002.b. |
Na rialuithe maidir le haistriú ‘teicneolaíochta’, ní bheidh feidhm acu maidir le faisnéis ‘atá san fhearann poiblí’ ná maidir le ‘taighde bunúsach eolaíoch’, ná maidir leis an bhfaisnéis íosta is gá le haghaidh iarratais phaitinne.
ÓTA MAIDIR LE BOGEARRAÍ NÚICLÉACHA (NGB)
(Tá sáraíocht ag an nóta seo ar aon rialú i roinn D de Chatagóir 0 go Catagóir 9.)
Ní rialaítear le Roinn D de Chatagóir 0 den liosta seo ‘bogearraí’ arb é an ‘cód aidhme’ íosta is gá iad chun na hítimí sin ar údaraíodh a n-onnmhairiú a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil (a sheiceáil) nó a dheisiú.
Nuair a cheadaítear earraí a onnmhairiú, údaraítear go n-onnmhaireofaí freisin chuig an úsáideoir deiridh céanna sin, an ‘cód aidhme’ íosta is gá chun na hearraí sin a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil agus a dheisiú.
Nóta: |
Ní dhíolmhaítear ‘bogearraí’ atá sonraithe i gCatagóir 5, Cuid 2 (‘Slándáil Faisnéise) den Nóta maidir le Bogearraí Núicléacha. |
NÓTA GINEARÁLTA MAIDIR LE BOGEARRAÍ (NGB)
(Tá sáraíocht ag an nóta seo ar aon rialú i roinn D de Chatagóir 1 go Catagóir 9.)
Ní rialaítear le Catagóir 1 go Catagóir 9 den liosta seo ‘bogearraí’ atá:
a. |
Ar fáil i gcoitinne don phobal toisc:
|
b. |
‘San fhearann poiblí’; nó |
c. |
Ina ‘gcód aidhme’ íosta is gá chun na hítimí sin a bhfuil a n-onnmhairiú údaraithe a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil (a sheiceáil) nó a dheisiú. |
Nóta: |
Ní dhíolmhaítear ‘bogearraí’ atá sonraithe i gCatagóir 5, Cuid 2 (‘Slándáil Faisnéise’) le hiontráil c. den Nóta Ginearálta maidir le Bogearraí. |
NÓTA GINEARÁLTA MAIDIR LE ‘SLÁNDÁIL FAISNÉISE’ (GISN)
Ba cheart ítimí ‘slándála faisnéise’ nó feidhmeanna ‘slándála faisnéise’ a chur san áireamh i bhfianaise fhorálacha Chatagóir 5, Cuid 2, fiú más comhpháirteanna, ‘bogearraí’ nó feidhmeanna ítimí eile iad.
CLEACHTAIS EAGARTHÓIREACHTA IRIS OIFIGIÚIL AN AONTAIS EORPAIGH
I gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa treoir stíle Idirinstitiúideach, i gcás téacsanna Gaeilge arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
— |
úsáidtear camóg idir an tslánuimhir agus na deachúlacha,
|
Leanann an téacs a thugtar san Iarscríbhinn seo an cleachtas thuasluaite.
ACRAINMNEACHA AGUS GIORRÚCHÁIN A ÚSÁIDTEAR SAN IARSCRÍBHINN SEO
Maidir le hacrainmneacha agus giorrúcháin a úsáidtear mar théarmaí sainmhínithe, féach ‘Sainmhínithe ar Théarmaí a Úsáidtear san Iarscríbhinn seo’.
ACRAINMNEACHA AGUS GIORRÚCHÁIN
ABEC |
Coiste na nInnealtóirí um Imthacaí Fáinneacha |
ABMA |
Comhlachas Meiriceánach na Monaróirí Giaranna |
ADC |
Tiontaire ó Analógach go Digiteach |
AGMA |
Comhlachas Meiriceánach na Monaróirí Giaranna |
AHRS |
Córais Tagartha um Shainstiúir agus Treo-cheann |
AISI |
An Institiúid Mheiriceánach um Iarainn agus um Chruach |
ALE |
Eipealuadair Chisil Adamhaigh |
ALU |
Aonad Loighce agus Uimhríochta |
ANSI |
An Institiúid Mheiriceánach um Chaighdeáin Náisiúnta |
APP |
Buaicfheidhmiú Coigeartaithe |
APU |
Aonad Cumhachta Cúnta |
ASTM |
An Cumann Meiriceánach um Thástálacha agus um Ábhair |
ATC |
Rialú Aerthráchta |
BJT |
Trasraitheoirí Dépholacha Cumair |
BPP |
Táirge na bParaiméadar Léis |
BSC |
Rialaitheoir Bunstáisiúin |
CAD |
Dearadh Ríomhchuidithe |
CAS |
Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha |
CCD |
Gléas Luchtchúpláilte |
CDU |
Aonad Rialaithe agus Taispeána |
CEP |
Earráid Chiorclach Dhóchúil |
CMM |
Meaisín Tomhaiste Comhordanáidí |
CMOS |
Gaireas Comhlántach Leathsheoltacha Oscaíde Miotail |
CNTD |
Deascadh Teirmeach trí Núicléatú Rialaithe |
CPLD |
Gaireas Loighce In-ríomhchláraithe Coimpléascach |
CPU |
Lár-Aonad Próiseála |
CVD |
Deascadh Ceimiceach Gaile |
CW |
Cogaíocht Cheimiceach |
CW (do léasair) |
Tonn Leanúnach |
DAC |
Tiontaire ó Analógach go Digiteach |
DANL |
Meánleibhéal Fuaime Léirithe |
DBRN |
Loingseoireacht Sonraí-Thagartha |
DDS |
Sintéiseoir Digiteach Díreach |
DMA |
Anailís Dinimiciúil-Mheicniúil |
DME |
Trealamh Tomhais Achar |
DMOSFET |
Trasraitheoirí Éifeacht Réimse an Chumair a bhfuil Leathsheoltóirí Ocsaíde Idirleata acu |
DS |
Soladaithe ó thaobh an treo de |
EB |
Droichead pléascach |
EB-PVD |
Deascadh Fisiceach Gaile trí Léas Leictreoin |
EBW |
Sreang phléascach droichid |
ECM |
Meaisíniú Leictriceimiceach |
EDM |
Meaisíní Díluchtaithe Leictreacha |
EFI |
Tionscnóirí Scragaill Pléascacha |
EIRP |
Cumhacht Choibhéiseach Radaithe go hIseatrópach |
EMP |
Bíog Leictreamaighnéadach |
ENOB |
Líon Iarbhír na nGiotán |
ERF |
Bailchríochnú Leictrisreabheolaíoch |
ERP |
Cumhacht Choibhéiseach Radaithe |
ESD |
Díluchtú Leictreastatach |
ETO |
Tíreastóir Inscoite ag Astaíre |
ETT |
Tíreastóir Truiceartha Leictreacha |
EU |
An tAontas Eorpach |
EUV |
Ultraivialait Fhoircneach |
FADEC |
Rialú Digiteach Innill le hÚdarás Iomlán |
FFT |
Trasfhoirm Tapa Fourier |
FPGA |
Eagar Geataí In-ríomhchláraithe sa Réimse |
FPIC |
Idirnasc In-ríomhchláraithe sa Réimse |
FPLA |
Eagar Loighce In-ríomhchláraithe sa Réimse |
FPO |
Oibríochtaí Snámhphointe |
FWHM |
Lánleithead ar Leath-Uasmhéid |
GLONASS |
Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte |
GNSS |
Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte |
GPS |
Córas Suite Domhanda |
GSM |
Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach |
GTO |
Tíreastóir Inscoite ag Astaíre |
HBT |
Trasraitheoirí Heitrea-Dépholacha |
HDMI |
Comhéadan Ilmheán Ardghléine |
HEMT |
Trasraitheoirí Ard-Soghluaiseachta Leictreon |
ICAO |
An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta |
IEC |
An Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil |
IED |
Gaireas Pléascach Seiftithe |
IEEE |
Institiúid na nInnealtóirí Leictreacha agus Leictreonacha |
IFOV |
Réimse Radhairc Meandrach |
IGBT |
Trasraitheoirí Dépholacha a bhfuil Geata Inslithe acu |
IGCT |
Tíreastóir Cómhalartaithe Geata Chomhtháite |
IHO |
Eagraíocht Idirnáisiúnta Hidreagrafaíochta |
ILS |
Córas Tuirlingthe le hIonstraimí |
IMU |
Aonad Tomhais Táimhe |
INS |
Córas Loingseoireachta Táimhe |
IP |
Prótacal Idirlín |
IRS |
Córas Tagartha Táimhe |
IRU |
Aonad Tagartha Táimhe |
ISA |
Atmaisféar Caighdeánach Idirnáisiúnta |
ISAR |
Radar Cró Shintéisigh inbhéartaigh |
ISO |
Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán |
ITU |
An tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide |
JT |
Joule-Thomson |
LIDAR |
Aimsiú agus Raonáil Solais |
LIDT |
Tairseach an Damáiste Léasar-Aslaithe |
LOA |
Fad foriomlán |
LRU |
Aonad atá In-Athsholáthraithe sa líne |
LTT |
Tíreastóir Truiceartha Solais |
MLS |
Córais Tuirlingthe Micreathoinne |
MMIC |
Ciorcaid Iomlánaithe Micreathoinne Mhonailiotacha |
MOCVD |
Deascadh Ceimiceach Orgánaimhiotalach Gaile |
MOSFET |
Trasraitheoirí Éifeacht Réimse an Chumair a bhfuil Leathsheoltóirí Ocsaíde Idirleata acu |
MPM |
Modúl Cumhachta Micreathonnach |
MRF |
Bailchríochnú Maighnéadaisreabheolaíoch |
MRF |
Méid na Tréithe Intaifithe is Lú |
MRI |
Íomháú Athshondais Mhaighnéadaigh |
MTBF |
Meán-Am idir Theipeanna |
MTTF |
Meán-Am go Teip |
NA |
Cró Uimhriúil |
NDT |
Tástáil Neamhscriosach |
NEQ |
Glanchainníocht Phléascach |
NIJ |
An Institiúid Náisiúnta Dlí agus Cirt |
OAM |
Oibríochtaí, Riarachán nó Cothabháil |
OSI |
Idirnasc Córas Oscailte |
PAI |
Polaimídí-imídí |
PAR |
Radar Ascnaimh Bheacht |
PCL |
Aimsiú Comhtháiteach Éighníomhach |
PDK |
Pacáiste Deartha Próisis |
PIN |
Uimhir Aitheantais Phearsanta |
PMR |
Raidió Soghluaiste Príobháideach |
PVD |
Deascadh Fisiceach gaile |
ppm |
codanna sa mhilliún |
QAM |
Modhnúchán na hAimplitiúide Cearnaithe |
QE |
Éifeachtúlacht Chandamach |
RAP |
Plasmaí Adamh Imoibríoch |
RF |
Radaimhinicíocht |
rms |
meán cuadratach |
RNC |
Rialaitheoir Líonra Raidió |
RNSS |
Córas Réigiúnach um Loingseoireacht Satailíte |
ROIC |
Cuaird Iomlánaithe Léamh Amach |
S-FIL |
Liteagrafaíocht Inphrionta Céime agus Splaince |
SAR |
Radar Cró Shintéisigh |
SAS |
Sonóir Cró Shintéisigh |
SC |
Criostal Aonair |
SCR |
Coigeartóir Sileacain Rialaithe |
SFDR |
Raon Dinimiciúil Saor Tuilí |
SHPL |
Léasar For-Ardchumhachta |
SLAR |
Radar aerbheirthe Taobhfhéachana |
SOI |
Sileacain ar Inslitheoir |
SQUID |
Gléas Trasnaíochta Candamach Forsheolta |
SRA |
Cóimeáil atá In-Athsholáthraithe sa Cheardlann |
SRAM |
Cuimhne Statach Randamrochtana |
SSB |
Taobh-bhanda Aonair |
SSR |
Radar Tánaisteach Faireachais |
SSS |
Sonóir Taobhscanta |
TIR |
Léamh Iomlán Léirithe |
TVR |
Freagairt Voltais Tarchuir |
u |
Aonad Maise Adamhaí |
UPR |
Inatriallacht Aontreoch Suíomhaimsiúcháin |
UTS |
Neart Teanntachta Deiridh |
UV |
Ultraivialait |
VJFET |
Trasraitheoirí Ingearacha Éifeacht Réimse an Chumair |
VOR |
Raon Uilethreoch An-Ardmhinicíochta |
WHO |
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte |
WLAN |
Líonra Achair Logánta gan Sreang |
SAINMHÍNIÚ AR NA TÉARMAÍ A ÚSÁIDTEAR SAN IARSCRÍBHINN SEO
CUID II Catagóir 0
CATAGÓIR 0 – ÁBHAIR NÚICLÉACHA, SAORÁIDÍ NÚICLÉACHA, AGUS TREALAMH NÚICLÉACH
0A Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
0A001 |
‘Imoibreoirí núicléacha’ agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe dóibh agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
0B Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
0B001 |
Gléasra chun iseatóip ‘úráiniam nádúrtha’, ‘úráiniam laghdaithe’ nó ‘ábhar inscaoilte speisialta’ a dheighilt, agus trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
0B002 |
Córais, trealamh nó comhpháirteanna cúntacha atá saindeartha nó sainullmhaithe, mar a leanas, do ghléasra um dheighilt iseatóp atá sonraithe in 0B001, atá déanta as ‘ábhair atá díonach ar chreimeadh ó UF6’ nó atá faoi chosaint na n-ábhar sin:
|
0B003 |
Gléasra do thiontú an úráiniam agus trealamh atá saindeartha agus sainullmhaithe lena aghaidh, mar a leanas:
|
0B004 |
Gléasra do tháirgeadh nó do thiúchan tromuisce, deoitéiriam agus comhdhúl eile deoitéiriam agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh, mar a leanas:
|
0B005 |
Gléasra atá saindeartha chun eilimintí breosla ‘imoibreora núicléach’ a mhonarú, agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh.
Nóta Teicniúil: Le trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe chun eilimintí breosla ‘imoibreora núicléach’ a mhonarú, áirítear trealamh:
|
0B006 |
Gléasra chun eilimintí ionradaithe breosla ‘imoibreora núicléach’ a athphróiseáil, agus trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh.
|
0B007 |
Gléasra chun plútóiniam a thiontú, agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh, mar a leanas:
|
0C Ábhair
0C001 |
‘Úráiniam nádúrtha’ nó ‘úráiniam laghdaithe’ nó tóiriam i bhfoirm miotail, cóimhiotail, comhdhúil cheimiceach nó tiúcháin agus aon ábhar eile ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na nithe réamhluaite;
|
0C002 |
‘Ábhair inscoilte speisialta’
|
0C003 |
Deoitéiriam, tromuisce (ocsaíd deoitéiriam) agus comhdhúile eile deoitéiriam, agus meascáin agus tuaslagáin ina bhfaightear deoitéiriam, inar mó ná 1:5 000 an cóimheas iseatópach deoitéiriam le hidrigin. |
0C004 |
Graifít ar mó a leibhéal íonachta ná cúig pháirt in aghaidh an mhilliúin de ‘choibhéis bóróin’ agus ar mó a dlús ná 1.50 g/cm3 lena húsáid in ‘imoibreoir núicléach’, i gcainníocht ar mó í ná 1 kg.
|
0C005 |
Comhdhúile nó púdair atá sainullmhaithe chun bacainní ar idirleathadh gásach a mhonarú, atá díonach ar chreimeadh UF6 (e.g. nicil nó cóimhiotail arb í nó iad nicil, ocsaíd alúmanaim nó polaiméirí hidreacarbóin lánfhluairínithe 60 % nó níos mó dá meáchan), arb é 99,9 % nó níos mó a n-íonacht de réir meáchain, agus ag a bhfuil méid cháithníneach ar lú í ná 10 μm arna thomhas le caighdeán ASTM B330 agus ag a bhfuil ardleibhéal aonfhoirmeachta maidir le méid na gcáithníní. |
0D Bogearraí
0D001 |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun na hearraí atá sonraithe sa Chatagóir seo ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’. |
0E Teicneolaíocht
0E001 |
‘Teicneolaíocht’ mar a shainítear sa Nóta maidir leis an Teicneolaíocht Núicléach chun na hearraí atá sonraithe sa Chatagóir seo ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’. |
CUID III – Catagóir 1
CATAGÓIR 1 – ÁBHAIR SPEISIALTA AGUS TREALAMH GAOLMHAR
1A Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
1A001 |
Comhpháirteanna atá déanta as comhdhúile fluairínithe, mar a leanas:
|
1A002 |
Struchtúir nó lannáin ‘chomhchodacha’, mar a leanas:
|
1A003 |
Táirgí atá monaraithe as poilimídí aramatacha neamh-‘inchomhleáite’ i bhfoirm scannáin, leatháin, téipe nó ribín, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
1A004 |
Trealamh cosanta agus braite agus a chomhpháirteanna nach bhfuil saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata, mar a leanas:
|
1A005 |
Armúr coirp agus comhpháirteanna lena aghaidh, mar a leanas:
|
1A006 |
Trealamh, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun Gairis Phléascacha Seiftithe (IEDanna) a dhiúscairt, mar a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
Nóta Teicniúil: Chun críocha 1A006.b. is feistí iad ‘suaiteoirí’ atá saindeartha chun cosc a chur ar fheidhmiú gairis phléascaigh trí dhiúracán leachta, soladach nó sobhriste a theilgean.
|
1A007 |
Trealamh agus feistí, atá saindeartha chun lánáin agus gléasanna a bhfuil ‘ábhair fuinneamhachais’ iontu a thionscnamh, trí mhodhanna leictreacha, mar a leanas:
Nótaí Teicniúla:
|
1A008 |
Lánáin, feistí agus comhpháirteanna, mar a leanas:
Nóta Teicniúil: Is lánáin phléascacha iad ‘lánáin mhúnlaithe’ atá múnlaithe chun éifeachtaí an tséidte phléascaigh a dhíriú. |
1A102 |
Comhpháirteanna carbón-carbóin pirealaithe agus athsháithithe atá deartha le haghaidh feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó i roicéid sondála atá sonraithe in 9A104. |
1A202 |
Struchtúir chomhchodacha, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 1A002, atá i bhfoirm feadán, agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
1A225 |
Catalaígh phlatanaithe atá saindeartha nó sainullmhaithe chun an t-imoibriú malartaithe hidrigin-iseatóp a chur chun cinn idir hidrigin agus uisce chun tritiam a fháil ar ais ó thromuisce nó chun tromuisce a tháirgeadh. |
1A226 |
Sainphacálacha a bhféadfar úsáid a bhaint astu chun tromuisce a dheighilt ó ghnáthuisce agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
1A227 |
Fuinneoga sciata ard-dlúis (gloine luaidhe nó eile) radaíochta ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus frámaí atá saindeartha lena n-aghaidh:
Nóta Teicniúil: In 1A227, ciallaíonn an téarma ‘achar fuar’ an t-achar féachana den fhuinneog a nochtar don leibhéal is ísle radaíochta san fheidhmchlár deartha. |
1B Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
1B001 |
Trealamh chun na struchtúir nó na lannáin ‘chomhchodacha’ atá sonraithe in 1A002 nó chun na ‘hábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ atá sonraithe in 1C010 a tháirgeadh nó a iniúchadh mar a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
Nótaí Teicniúla:
|
1B002 |
Trealamh atá deartha chun púdar cóimhiotal nó ábhair cháithníneacha a tháirgeadh, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
1B003 |
Uirlisí, díslí, múnlaí nó daingneáin do ‘fhoirmiú sárphlaisteach’ nó do ‘nascáil idirleata’ tíotáiniam, alúmanaim nó a gcóimhiotal, atá saindeartha chun aon cheann díobh seo a leanas a mhonarú:
|
1B101 |
Trealamh, seachas an trealamh atá sonraithe in 1B001, chun comhchodaigh struchtúracha ‘a tháirgeadh’, mar a leanas; agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
1B102 |
‘Trealamh táirgeachta’ do phúdar miotail, seachas an trealamh atá sonraithe in 1B002, agus a chomhpháirteanna, mar a leanas:
|
1B115 |
Trealamh, seachas an trealamh atá sonraithe in 1B002 nó in 1B102, chun tiomántáin agus comhchodaigh tiomántán a tháirgeadh, mar a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena aghaidh:
|
1B116 |
Soic atá saindeartha chun ábhair a dhíorthaítear go pirealaíoch a tháirgeadh, ábhair a fhoirmítear i múnla, ar mhandrail nó ar fhoshraith eile ó gháis réamhtheachtacha a lobhann i raon teochta 1 573 K (1 300oC) go 3 173 K2 900oC) ag brúnna de 130 Pa go 20 kPa. |
1B117 |
Baiscmheascthóirí ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
1B118 |
Meascthóirí leanúnacha ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
1B119 |
Muilte fuinnimh shreabhánaigh a bhféadfar iad a úsáid chun substaintí atá sonraithe in 1C011.a., in 1C011.b., in 1C111 nó sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata, a mheilt nó a mhuilleáil, agus na comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh. |
1B201 |
Innill tochraiste filiméad, seachas na cinn atá sonraithe in 1B001 nó in 1B101, agus aon trealamh gaolmhar, mar a leanas:
|
1B225 |
Cealla leictrealaíocha chun fluairín a tháirgeadh a bhfuil acmhainn táirgteachta acu is mó ná 250 g de fhluairín san uair. |
1B226 |
Deighilteoirí leictreamaighnéadacha iseatóp atá deartha le haghaidh ianfhoinsí aonair nó ianfhoinsí iolracha a bhfuil ar a gcumas léas-sruth ianach iomlán 50 mA nó níos mó a sholáthar, nó deighilteoirí leictreamaighnéadacha iseatóp atá feistithe lena samhail d’ianfhoinsí.
|
1B228 |
Colúin driogaireachta chrióigineacha hidrigine ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nóta Teicniúil: In 1B228, ciallaíonn ‘fad éifeachtach’ airde ghníomhach an ábhair pacála i gcolún de chineál pacáilte, nó airde ghníomhach na bplátaí teagmhála inmheánacha i gcolún de chineál pláta. |
1B230 |
Caidéil a bhfuil ar a gcumas tuaslagáin catalaígh aimíde potaisiam, bíodh sé tiubhaithe nó caol, a chur i gcúrsaíocht i leacht amóinia (KNH2/NH3), agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
1B231 |
Saoráidí nó gléasra don tritiam, nó an trealamh lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
1B232 |
Turbafhorbróirí nó tacair chun turbafhorbróirí-comhbhrúiteoirí a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
1B233 |
Saoráidí nó gléasra deighilte iseatóp litiam, agus an trealamh lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
1B234 |
Soithí, cuasáin agus gabhdáin srianta tréanphléascáin, agus feistí srianta cosúil leo atá deartha le haghaidh tástáil tréanphléascán agus gaireas pléascach agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
1B235 |
Cóimeálacha sprice agus comhpháirteanna do tháirgeadh tritiam, mar a leanas:
Nóta Teicniúil: Féadfar a áireamh ar chomhpháirteanna atá saindeartha do chóimeálacha sprice chun tritiam a tháirgeadh piollairí litiam, faighteoirí tritiam, agus cumhdaigh shainbhrataithe. |
1C Ábhair
Nóta Teicniúil:
Miotail agus Cóimhiotail:
Mura bhforáiltear dá mhalairt, cumhdófar leis na focail ‘miotail’ agus ‘cóimhiotail’ in 1C001 agus in 1C012 amhfhoirmeacha agus foirmeacha leathdhéanta, mar a leanas:
Amhfhoirmeacha:
|
Anóidí, liathróidí, barraí (lena n-áirítear barraí eangaithe agus barraí sreinge), billéid, bloic, blúmáin, brící, toirtíní, catóid, criostail, ciúbanna, díslí, gráinní, gráinníní, tinní, cnapáin, piollairí, muca, púdar, rondelles, grán, leaca, slugaí, spúinse, bataí; |
Foirmeacha leathdhéanta (bídís brataithe, plátáilte, druileáilte nó pollta nó ná bídís):
a. |
Ábhair bhuailte nó ábhair shaoirsithe a dhéantar trí rolláil, trí tharraingt, trí easbhrú, trí ghaibhniú, trí easbhrú imbhuailte, trí fháscadh, trí shnáíthiú, trí adamhú, agus trí mheilt, i.e.: uillinn, cainéil, ciorcail, dioscaí, deannach, sleanntaigh, scragaill agus duillí, gaibhniú, pláta, púdar, brúiteáin agus stampáin, ribíní, fáinní, slata (lena n-áirítear slata táthúcháin loma, slata sreinge, agus sreang rolláilte), cónaisc, cruthanna, leatháin, stiallacha, píobáin agus feadáin (lena n-áirítear dioscaí, cearnóga agus cuasáin feadáin), sreang tarraingthe nó easbhrúite; |
b. |
Ábhar teilgthe atá táirgthe trí theilgean i ngaineamh, i ndísle, i miotal, i bplástar nó i gcineálacha múnlaí eile, lena n-áirítear teilgin ardbhrú, foirmeacha sintéaraithe, agus foirmeacha a dhéantar le miotalóireacht phúdrála. |
Níor cheart go sárófaí cuspóir an rialaithe le heasportáil na bhfoirmeacha neamhliostaithe a ndeirtear gur táirgí críochnaithe iad ach ar amhfhoirmeacha nó foirmeacha leathdhéanta iad i ndáiríre.
1C001 |
Ábhair atá saindeartha chun radaíocht leictreamaighnéadach, nó polaiméirí seoltacha iontu féin, a ionsú mar a leanas:
|
1C002 |
Cóimhiotail, púdar cóimhiotail, agus ábhair chóimhiotalacha, mar a leanas:
Nótaí Teicniúla:
|