EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0851

Rialachán (AE) 2020/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/19/2020/INIT

OJ L 198, 22.6.2020, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/851/oj

22.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/1


RIALACHÁN (AE) 2020/851 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat comhchoiteann, inchomparáide dlí le haghaidh staidreamh Eorpach i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta.

(2)

Chun freagairt do riachtanais nua laistigh den Aontas le haghaidh staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta, agus toisc go dtagann athrú ar thréithe na himirce go tapa, tá gá ann le creat a bhunú lenar féidir freagairt go tapa ar riachtanais athraitheacha i dtaca le staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta.

(3)

Chun tacú leis an Aontas freagairt go héifeachtach ar na dúshláin a ghabhann leis an imirce agus beartais a fhorbairt atá bunaithe ar chearta an duine, is gá sonraí i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bhailiú ar bhonn fobhliantúil.

(4)

Tá staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta ríthábhachtach chun staidéar agus meastóireacht a dhéanamh ar raon leathan beartas agus chun na beartais sin a cheapadh, go háirithe maidir le freagairtí ar theacht daoine a bhfuil cosaint san Eoraip á lorg acu, agus é mar aidhm leis sin na beartais is fearr a shainiú agus a chur i bhfeidhm.

(5)

Tá staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta bunriachtanach chun forléargas a fháil ar ghluaiseachtaí imirce laistigh den Aontas agus ionas go mbeidh na Ballstáit in ann dlí an Aontais a chur i bhfeidhm mar is cuí i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus sa Choinbhinsiúin chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

(6)

Chun cáilíocht na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit, agus, go háirithe, inchomparáideacht na sonraí sin, a áirithiú, agus ionas gur féidir forbhreathnuithe iontaofa a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais, ba cheart na sonraí a úsáidtear a bheith bunaithe ar na coincheapa céanna, agus ba cheart dóibh tagairt don dáta tagartha céanna nó don tréimhse thagartha chéanna.

(7)

Ba cheart sonraí a sholáthraítear i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bheith comhsheasmhach leis an staidreamh ábhartha a bhailítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), soláthraítear creat tagartha le haghaidh staidreamh Eorpach i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta. Go háirithe, leis an Rialachán sin, ceanglaítear ar na Ballstáit prionsabail an neamhspleáchais ghairmiúil, na neamhchlaontachta, na hoibiachtúlachta, na hiontaofachta, na rúndachta staidrimh agus na costéifeachtachta, mar aon leis na critéir cáilíochta a shonraítear ann, a chomhlíonadh.

(9)

Tá tuarascálacha cáilíochta ríthábhachtach chun cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a mheasúnú, a fheabhsú agus chun cumarsáid a dhéanamh ina leith. Rinne an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach caighdeán de chuid an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) do Struchtúr na dTuarascálacha Cáilíochta a fhormhuiniú i gcomhréir leis an bhforáil maidir le cáilíocht staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Le caighdeán sin CSE, ba cheart cur leis an tuairisciú cáilíochta a dhéantar faoi Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a chomhchuibhiú.

(10)

Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht táirgthe staidrimh, tá an ceart ag údaráis náisiúnta staidrimh rochtain a fháil ar gach taifead riaracháin laistigh dá gcórais riaracháin phoiblí féin agus iad a úsáid go pras agus saor in aisce agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh a mhéid is gá d’fhorbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le rochtain ar thaifid riaracháin agus úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin a leagtar síos in Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(11)

Agus staidreamh Eorpach á fhorbairt, á tháirgeadh agus á scaipeadh acu, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh agus na húdaráis Eorpacha staidrimh agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis ábhartha eile, aird a thabhairt ar na prionsabail a leagtar amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, arna athbhreithniú agus arna nuashonrú ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an 16 Samhain 2017.

(12)

Le scéimeanna píolótacha, ba cheart breisluach an Aontais a chur san áireamh, na coinníollacha a bhunú chun bailiúcháin nua sonraí a thabhairt isteach faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007, indéantacht agus cáilíocht an staidrimh a mheasúnú, lena n-áirítear a inchomparáideacht trastíre, mar aon leis na costais a bhaineann leis na bailiúcháin ghaolmhara sonraí. Sula seolfaidh sé gach scéim phíolótach faoi leith, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) athbhreithniú a dhéanamh ar na foinsí riaracháin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ba cheart dó a scrúdú an bhféadfaí an staidreamh a éilítear a bhunú ar na foinsí sin. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do scrúdú líon na n-iarratas agus líon na n-iarratas diúltaithe ar cheadanna cónaithe céaduaire. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na staidéar píolótach sin gus ba cheart dó na torthaí a chur ar fáil go poiblí. Níor cheart tabhairt isteach bailiúchán nua sonraí sna Ballstáit a bhreithniú ach amháin sa chás ina bhfuil an mheastóireacht ar thorthaí na staidéar píolótach ina meastóireacht dhearfach. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin faoi na coinníollacha maidir le comhairliúchán reachtach a leagtar síos in Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(13)

Tá sé ríthábhachtach an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana agus as na sonraí atá á mbailiú cheana faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007. Chuige sin, ba cheart féachaint ar na foinsí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun úsáid na bhfoinsí sin don staidreamh oifigiúil a mheasúnú, agus ba cheart féachaint an bhféadfaí tairbhe a bhaint as na creataí le haghaidh idir-inoibritheachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 (5) agus (AE) 2019/818 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart cur chun feidhme choincheap na hidir-inoibritheachta ar leibhéal an Aontais a bheith ina chuid de mheasúnú den sórt sin chun go mbeadh roinnt eagraíochtaí in ann na sonraí céanna a úsáid i gcomhréir lena riachtanais agus leis na húdaruithe atá acu.

(14)

Faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) féachaint lena áirithiú go gcomhordófaí na bailiúcháin sonraí atá á n-úsáid ag na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus ba cheart dó, chuige sin, comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leis na gníomhaireachtaí sin faoi chuimsiú a n-inniúlachta faoi seach.

(15)

Chun cuspóir Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a bhaint amach, ba cheart dóthain acmhainní airgeadais a leithdháileadh chun staidreamh Eorpach agus staidreamh náisiúnta, ar ardcháilíocht, i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh.

(16)

I gcás ina gceanglófaí, le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007, go ndéanfaí modheolaíochtaí nua agus bailiúcháin nua sonraí a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcóras náisiúnta staidrimh Ballstáit le haghaidh staidreamh faoin Rialachán sin, lena n-áirítear go mbeadh an Ballstát sin rannpháirteach i staidéir phíolótacha agus go ndéanfaí foinsí sonraí agus córais TF a uasghrádú, ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a sholáthar don Bhallstát sin i bhfoirm deontas i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(17)

Leis an Rialachán seo, urramaítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun neamh-idirdhealú de réir mar a leagtar amach sa Chairt. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil na sonraí pearsanta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na socruithe praiticiúla do na tuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta a leagan amach; na formáidí iomchuí a shainiú chun sonraí a tharchur; dí-chomhiomlánuithe a shonrú; agus bailiúcháin nua sonraí agus dí-chomhiomlánuithe nua a chinneadh ar bhonn na meastóireachta ar thorthaí na stáidéar píolótach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(19)

I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh Ballstáit mar gheall ar Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcásanna lena bhfuil bonn cirt cuí agus ar feadh tréimhse theoranta, maolú a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, don Bhallstát lena mbaineann. D’fhéadfadh oiriúnuithe móra den sórt sin teacht chun cinn, go háirithe, ón ngá atá le tráthúlacht a fheabhsú, le leagan amach mhodhanna bhailiú na sonraí a oiriúnú, lena n-áirítear an rochtain ar fhoinsí riaracháin, nó le huirlisí nua a fhorbairt chun sonraí a tháirgeadh.

(20)

Le go mbeadh an faireachán ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 éifeachtach, ba cheart meastóireacht thráthrialta a dhéanamh air. Ba cheart don Choimisiún measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an staidreamh a thiomsaítear de bhun an Rialacháin sin, agus ar a cháilíocht agus a sholáthar tráthúil, chun críche tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) dul i ndlúthchomhairle leis na gníomhaithe uile atá páirteach i mbailiú na sonraí i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta agus le húsáideoirí príomha an staidrimh sin.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha comhchoiteanna atá ann cheana le haghaidh staidreamh Eorpach i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bhailiú agus a thiomsú, agus na rialacha sin a iomlánú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, ar chúiseanna comhchuibhithe agus inchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(22)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a leasú dá réir sin.

(23)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(24)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 862/2007

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

nósanna imeachta agus próisis riaracháin agus bhreithiúnacha sna Ballstáit a bhaineann le hinimirce, deonú ceada cónaithe, saoránacht, tearmann agus cineálacha eile cosanta idirnáisiúnta, teacht isteach neamhdhleathach agus fanacht neamhdhleathach, agus an filleadh.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (j) go (m):

“(j)

ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear é i bpointe (h) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i ndáil le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta, le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá i dteideal cosaint choimhdeach a fháil, agus le hábhar na cosanta a dheonaítear (*1);

(k)

ciallaíonn ‘stádas dídeanaí’ stádas dídeanaí mar a shainmhínítear é i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(l)

ciallaíonn ‘stádas cosanta coimhdí’ stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear é i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(m)

ciallaíonn ‘baill teaghlaigh’ baill teaghlaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (*2);

(*1)  IO L 337, 20.12.2011, lch. 9."

(*2)  IO L 180, 29.6.2013, lch. 31.”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (o) go (q):

“(o)

ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(p)

ciallaíonn ‘teorainneacha seachtracha’ teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (*3);

(q)

ciallaíonn ‘náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh’ náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag an teorainn sheachtrach mar nach gcomhlíonann siad na coinníollacha uile maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ná nach mbaineann siad le haon cheann de na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(5) den Rialachán sin;

(*3)  IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.”;"

(b)

scriostar mír 3.

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) den chéad fhomhír:

“(c)

líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tarraingíodh siar i rith na tréimhse tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir tarraingt siar sainráite agus intuigthe dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 28 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(*4)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le comhnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).”;"

(ii)

sa chéad fhomhír, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(d)

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha agus a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á chur isteach acu den chéad uair;

(e)

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha agus a ndearnadh a n-iarratais a phróiseáil faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(8) de Threoir 2013/32/AE;

(f)

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ina dhiaidh sin ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 40 de Threoir 2013/32/AE nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha;

(g)

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh agus a bhain tairbhe as dálaí glactha ábhartha lena gcuirtear caighdeán leormhaith maireachtála ar fáil do na hiarratasóirí, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), ag deireadh na tréimhse tagartha;

(*5)  Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lch. 96).”;"

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar an staidreamh faoi phointí (a) go (f) a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha míosa féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na míosa tagartha. Eanáir 2021 an chéad mhí tagartha a bheidh i gceist.

Bainfidh an staidreamh faoi phointe (g) le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c) den chéad fhomhír:

“(b)

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lena ndéantar stádas dídeanaí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(c)

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lena ndéantar stádas cosanta coimhdí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha trí mhí féilire agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir go Márta 2021 an chéad tréimhse thagartha a bheidh i gceist.”;

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d) den chéad fhomhír:

“(c)

daoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha lena ndéantar stádas dídeanaí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(d)

daoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha lena ndéantar stádas cosanta coimhdí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, agus, cé is moite de phointe (a), de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Ina theannta sin, déanfar staidreamh faoi phointe (g) a dhí-chomhiomlánú de réir thír an chónaithe agus de réir an chineáil cinnidh um thearmann.

Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.”;

(d)

leasaítear mír (4) mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(f)

líon na n-iarrataí athscrúdúcháin le haghaidh iarrthóir tearmainn a ghabháil ar ais nó a ghabháil ar láimh;

(g)

na forálacha a bhfuil na hiarrataí dá dtagraítear i bpointe (f) bunaithe orthu;

(h)

na cinntí a rinneadh mar fhreagairt ar na hiarrataí dá dtagraítear i bpointe (f);

(i)

líon na n-aistrithe a tharlaíonn mar gheall ar na cinntí dá dtagraítear i bpointe (h).”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir inscne agus de réir mionaoisigh thionlactha agus mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.”;

(4)

in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar an staidreamh faoi phointe (a) a dhí-chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/399.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Déanfar an staidreamh faoi phointe (b) a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, de réir na bhforas a bhí lena ngabháil agus de réir na háite ar gabhadh iad.”;

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na gceadanna cónaithe a eisíodh do náisiúnaigh tríú tír, á dhí-chomhiomlánú mar a leanas:

(i)

ceadanna a eisíodh i rith na tréimhse tagartha lena ndeonaítear cead cónaithe don náisiúnach tríú tír den chéad uair, á ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir inscne;

(ii)

ceadanna a eisíodh i rith na tréimhse tagartha agus a deonaíodh tráth a athraíodh an stádas inimirce nó an chúis le fanacht atá ag náisiúnach tríú tír, á ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir inscne;

(iii)

ceadanna bailí ag deireadh na tréimhse tagartha (líon na gceadanna a eisíodh, nár tarraingíodh siar agus nach ndeachaigh in éag), á ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir inscne;

(b)

líon na gcónaitheoirí fadtéarma ag deireadh na tréimhse tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir an chineáil stádais fadtéarma, de réir aoise agus de réir inscne;

(c)

líon na náisiúnach tríú tír a fuair cead cónaithe fadtéarma le linn na bliana tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.

Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.”;

(6)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch an Bhallstáit dáiríre, tar éis cinneadh riaracháin, breith bhreithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, dá dtagraítear i bpointe (a), á dhí-chomhiomlánú de réir shaoránacht na ndaoine a filleadh, de réir an chineáil fillte agus an chúnaimh a fuair siad, agus de réir na tíre cinn scríbe.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.

Déanfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 a dhí-chomhiomlánú de réir aois agus inscne an duine lena mbaineann agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha trí mhí féilire agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir go Márta 2021 an chéad tréimhse a bheidh i gceist.”;

(7)

scriostar Airteagal 8.

(8)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirtear faoin Rialachán seo a áirithiú.

1b.

Beidh feidhm ag na critéir cháilíochta atá liostaithe in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) chun críocha an Rialacháin seo.

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 5:

“2.

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún (Eurostat), i bhfoirm tuarascálacha cáilíochta, ar na foinsí sonraí a úsáideadh, na cúiseanna ar roghnaíodh na foinsí sin, na héifeachtaí a bhí ag na foinsí sonraí a roghnaíodh ar cháilíocht an staidrimh, na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a úsáideadh chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus na modhanna meastacháin a úsáideadh, agus coinneoidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon athrú a dhéantar orthu.

3.

Arna iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an soiléiriú breise is gá dó chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

4.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas gan mhoill faoi aon athbhreithniú nó faoi aon cheartúchán ar an staidreamh a sholáthraítear faoin Rialachán seo, faoi aon athrú ar na modhanna agus na foinsí sonraí a úsáidtear, agus faoi aon fhaisnéis nó athrú ábhartha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith aige nó aici ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur.

5.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena leagtar amach na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear in mír 2 den Airteagal seo agus inneachar na dtuarascálacha sin;

(b)

maidir leis na bearta a bhaineann le sainiú na bhformáidí iomchuí chun sonraí a tharchur faoin Rialachán seo.

Leis na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a), ní fhorchuirfear ualaí breise ná costais bhreise ar na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”;

(9)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

Staidéir phíolótacha

1.   I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, bunóidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir phíolótacha a dhéanfaidh na Ballstáit ar bhonn deonach chun indéantacht bailiúchán nua sonraí nó dí-chomhiomlánuithe nua a thástáil laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear infhaighteacht foinsí iomchuí sonraí agus teicnící táirgthe iomchuí, an cháilíocht agus an inchomparáideacht staidrimh agus na costais agus na hualaí a bheadh i gceist. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), ionadaíochas na staidéar píolótach sin ar leibhéal an Aontais.

2.   Sula seolfar gach staidéar píolótach ar leith, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú an féidir an staidreamh nua a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil sna foinsí riaracháin ábhartha ar leibhéal an Aontais chun na coincheapa a úsáidtear a chomhchuibhiú, i gcás inar féidir, agus chun ualaí breise ar institiúidí náisiúnta staidrimh agus ar údaráis náisiúnta eile a íoslaghdú agus chun úsáid na sonraí atá ann cheana a fheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) san áireamh freisin an t-ualach a eascraíonn as staidéir phíolótacha leanúnacha eile chun líon na staidéar píolótach atá á dhéanamh le linn na tréimhse ama céanna a theorannú.

3.   Bainfidh na staidéir phíolótacha dá dtagraítear san Airteagal seo leis na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4 ina iomláine, dí-chomhiomlánuithe de réir na míosa a cuireadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach;

(b)

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(1):

(i)

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh arb amhlaidh:

go raibh siad díolmhaithe ó nós imeachta brostaithe nó nós imeachta teorann nó a ndearnadh a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil faoi nós imeachta teorann den sórt sin;

nár cláraíodh iad in Eurodac;

gur thíolaic siad fianaise dhoiciméadach a d’fhéadfadh a bheith ina cabhair i ndáil lena gcéannacht a dheimhniú;

go raibh siad faoi choinneáil, á dhí-chomhiomlánú de réir fhad na tréimhse coinneála agus de réir na bhforas leis an gcoinneáil, nó go raibh siad faoi réir cinneadh riaracháin, breith bhreithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndearnadh a gcoinneáil nó malairt eile ar choinneáil a ordú, á dhí-chomhiomlánú de réir chineál na malairte agus de réir na míosa ar eisíodh an cinneadh, an bhreith nó an gníomh sin;

gur bhain siad tairbhe as cúnamh dlíthiúil saor in aisce;

gur bhain siad tairbhe as dálaí glactha ábhartha a shonraítear faoi phointe (g) d’Airteagal 4(1), á dhí-chomhiomlánú de réir aoise, de réir inscne, de réir saoránachta agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha, agus na féidearthachta an staidreamh sin a nascadh le tréimhsí tagartha míosa amháin;

gur mhionaoisigh neamhthionlactha iad ar ceapadh ionadaí dóibh, gur mhionaoisigh neamhthionlactha iad ar deonaíodh rochtain ar an gcóras oideachais dóibh nó gur mhionaoisigh neamhthionlactha iad ar cuireadh iad i gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Threoir 2011/95/AE;

go ndearnadh measúnú aoise orthu, lena n-áirítear torthaí na measúnuithe sin;

(ii)

meánlíon na mionaoiseach neamhthionlactha a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta in aghaidh an ionadaí;

(c)

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(2) agus (3):

(i)

i gcás daoine a chumhdaítear faoi phointe (a) d’Airteagal 4(2) nó pointe (b) d’Airteagal 4(3), dí-chomhiomlánuithe de réir cinntí nó breitheanna lena ndiúltaítear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta:

mar gheall ar iad a bheith neamh-inghlactha, de réir na bhforas lena neamh-inghlacthacht;

mar gheall ar iad a bheith gan bhunús;

mar gheall ar iad a bheith go follasach gan bhunús faoin nós imeachta rialta, de réir na bhforas lena ndiúltú;

mar gheall ar iad a bheith go follasach gan bhunús faoi nós imeachta brostaithe, de réir na bhforas lena ndiúltú agus lena mbrostú;

ar an bhforas go bhfuil an t-iarratasóir incháilithe do chosaint ina thír nó ina tír thionscnaimh;

(ii)

i gcás daoine a chumhdaítear faoi phointí (b) agus (c) d’Airteagal 4(2) agus pointí (c) agus (d) d’Airteagal 4(3), dí-chomhiomlánuithe de réir cinntí maidir le scor nó eisiamh, á ndí-chomhiomlánú tuilleadh de réir an fhorais shonraigh ar a bhfuil an scor nó an t-eisiamh bunaithe;

(iii)

líon na ndaoine ar ina leith a glacadh cinntí i ndiaidh agallamh pearsanta;

(iv)

líon na ndaoine ar ina leith a glacadh cinntí céadchéime nó críochnaitheacha nó breitheanna céadchéime nó críochnaitheacha lena laghdaítear nó lena n-aistarraingítear dálaí glactha ábhartha;

(d)

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(3), fad na n-achomharc;

(e)

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(4), dí-chomhiomlánuithe de réir aoise agus de réir saoránachta;

(f)

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 6:

(i)

líon na n-iarratas agus na n-iarratas diúltaithe ar cheadanna cónaithe céaduaire arna ndéanamh ag náisiúnaigh tríú tír i rith na tréimhse tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar iarradh an cead, de réir aoise agus de réir inscne;

(ii)

líon na n-iarratas diúltaithe ar cheadanna cónaithe tráth a athraíodh an stádas imirce nó an chúis le fanacht atá ag náisiúnach tríú tír;

(iii)

líon na gceadanna cónaithe a eisíodh ar chúiseanna teaghlaigh, á dhí-chomhiomlánú de réir na cúise ar eisíodh an cead agus de réir stádas urraitheoir an náisiúnaigh tríú tír;

(g)

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 7, dí-chomhiomlánuithe de réir na nithe seo a leanas:

(i)

na cúiseanna leis na cinntí, breitheanna nó gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo;

(ii)

líon na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal sin agus a bhí faoi réir toirmeasc ar theacht isteach;

(iii)

líon na ndaoine i nósanna imeachta um fhilleadh atá faoi réir cinneadh riaracháin, breith bhreithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndéantar a gcoinneáil a ordú, á dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir fhad na tréimhse choinneála, nó lena ndéantar malairt eile ar choinneáil a ordú, á dhí-chomhiomlánú de réir chineál na malairte, agus de réir na míosa ar eisíodh an cinneadh, an bhreith nó an gníomh sin;

(iv)

líon na ndaoine a filleadh, á dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir na tíre cinn scríbe agus de réir chineál an chinnidh, na breithe nó an ghnímh mar a leanas:

i gcomhréir le comhaontú foirmiúil de chuid an Aontais um athligean isteach;

i gcomhréir le socrú neamhfhoirmiúil de chuid an Aontais um athligean isteach;

i gcomhréir le comhaontú náisiúnta um athligean isteach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastóireacht ar thorthaí na staidéar píolótach i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus cuirfidh sé na torthaí sin ar fáil go poiblí. Mar chuid den mheastóireacht, déanfar measúnú ar bhreisluach na mbailiúchán nua sonraí faoi na staidéir phíolótacha ar leibhéal an Aontais agus déanfar anailís éifeachtachta costais, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh i gcomhréir le Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

5.   Agus an mheastóireacht dhearfach ar thorthaí na staidéar píolótach á cur san áireamh aige, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca leis na nithe dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

6.   Le gur fusa a bheidh sé na staidéir phíolótacha dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) an maoiniú iomchuí do na Ballstáit a dhéanann na staidéir sin i gcomhréir le hAirteagal 9b.

7.   Faoin 13 Iúil 2022 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún (Eurostat) tuairisc faoin dul chun cinn foriomlán i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i mír 3. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 9b

Maoiniú

1.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfar ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais a sholáthar do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus d’údaráis náisiúnta ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:

(a)

modheolaíochtaí nua a fhorbairt maidir le staidreamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mBallstát sna staidéir phíolótacha dá dtagraítear in Airteagal 9a;

(b)

bailiúcháin nua sonraí agus dí-chomhiomlánuithe nua a fhorbairt nó a chur chun feidhme laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear foinsí sonraí agus córais TF a uasghrádú, ar feadh tréimhse suas go dtí cúig bliana.

2.   Soláthrófar ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

(*7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(10)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear dí-chomhionlánuithe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun dí-chomhiomlánuithe a shonrú i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt leis an ngá atá leis na dí-chomhiomlánuithe lena mbaineann chun críoch beartais an Aontais i ndáil le himirce agus tearmainn a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh orthu, agus áiritheoidh sé nach bhforchuirfear, leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, costais bhreise shuntasacha ná ualaí breise suntasacha ar na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tráth nach déanaí ná 18 mí roimh dheireadh na tréimhse tagartha, i gcás ina dtagraíonn na sonraí do bhliain féilire, agus tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse tagartha i gcás ina dtagraíonn na sonraí do thréimhse is lú ná bliain.”;

(11)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(12)   cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

Maoluithe

1.   I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh Ballstáit mar gheall ar an Rialachán seo, nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi, a chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú a dheonú ar feadh tréimhse ama arna hiarraidh ag an mBallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach rachaidh an tréimhse sin thar thrí bliana. Áiritheoidh an Coimisiún, le linn dó déanamh amhlaidh, go mbeidh sonraí na mBallstát inchomparáide agus go ríomhfar na comhiomláin ionadaíocha iontaofa Eorpacha a theastaíonn ar bhealach tráthúil agus cuirfear an t-ualach ar na Ballstáit agus na freagróirí san áireamh.

2.   I gcás ina mbeidh fianaise leordhóthanach ann go bhfuil bonn cirt fós le maolú de bhun mhír 1 ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú a dheonú ar feadh tréimhse bhreise ama arna hiarraidh ag an mBallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain.

3.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh Ballstát iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Deireadh Fómhair 2020 nó laistigh de thrí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena mbaineann, nó sé mhí roimh dheireadh na tréimhse dár deonaíodh an maolú atá ann faoi láthair, de réir mar is iomchuí.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (3)(a) agus (b) agus pointe (6) d’Airteagal 1 ón 1 Márta 2021.

Beidh feidhm ag pointe (3)(c) agus (d) agus pointe (5) d’Airteagal 1 ón 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Márta 2020 (IO C 139, 28.4.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(6)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).


Top