Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2019:150:FULL

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 150, 7 Meitheamh 2019


    Display all documents published in this Official Journal
     

    ISSN 1977-0839

    Iris Oifigiúil

    an Aontais Eorpaigh

    Eagrán Speisialta ( *1 )

    European flag  

    An t-eagrán Gaeilge

    Reachtaíocht

    62
    7 Meitheamh 2019


    Clár

     

    I   Gníomhartha reachtacha

    Leathanach

     

     

    RIALACHÁIN

     

    *

    Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ( 1 )

    1

     

    *

    Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ( 1 )

    226

     

     

    TREORACHA

     

    *

    Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil ( 1 )

    253

     

    *

    Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE

    296

     


     

    (*1)   Faoin tagairt L 150 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

     

    (1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    GA


    I Gníomhartha reachtacha

    RIALACHÁIN

    7.6.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2019/876 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Bealtaine 2019

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tar éis na géarchéime airgeadais a tháinig chun cinn le linn na mblianta 2007-2008, chuir an tAontas athchóiriú mór chun feidhme ar chreat rialála na seirbhísí airgeadais chun athléimneacht a chuid institiúidí airgeadais a fheabhsú. Bunaíodh an t-athchóiriú sin go mór ar na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) in 2010, comhaontú ar a dtugtar Creat Basel III. Ar na bearta iomadúla a bhí sa phacáiste athchóiriúcháin, bhí glacadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), reachtaíocht lenar daingníodh na ceanglais stuamachta maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (institiúidí).

    (2)

    Cé go bhfuil an córas airgeadais níos cobhsaí agus níos athléimní i gcoinne cuid mhór cineálacha suaite agus géarchéime a d'fhéadfadh bheith ann sa todhchaí, a bhuí leis an athchóiriú, ní dheachaigh an t-athchóiriú i ngleic go cuimsitheach fós leis na fadhbanna uile a sainaithníodh. Cúis thábhachtach leis sin nach raibh a gcuid oibre ar réitigh a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin an tráth sin críochnaithe ag lucht socraithe na gcaighdeán idirnáisiúnta, amhail CBMB agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB). Ós rud é go bhfuil an obair ar athchóirithe tábhachtacha breise críochnaithe anois, ba cheart dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann fós.

    (3)

    I dteachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015 dar teideal “Towards the completion of the Banking Union” (I dtreo chomhlánú an Aontais Baincéireachta), d'aithin an Coimisiún go raibh gá le tuilleadh laghdaithe priacail agus gheall sé go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn a bheadh bunaithe ar chaighdeán a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. D'aithin an Chomhairle sna conclúidí uaithi an 17 Meitheamh 2016 agus d'aithin Parlaimint na hEorpa sa rún uaithi an 10 Márta 2016 maidir leis an Aontas Baincéireachta - Tuarascáil Bhliantúil 2015 (6) gur ghá tuilleadh céimeanna reachtacha nithiúla a thabhairt ó thaobh priacal a laghdú.

    (4)

    Ní hamháin gur cheart go neartódh na bearta laghdaithe priacail athléimneacht chóras baincéireachta na hEorpa agus muinín na margaí ann, ach ba cheart dóibh freisin bonn a sholáthar chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche. Lena chois sin, ba cheart dearcadh ar na bearta sin ar chúlra na ndúshlán níos leithne atá roimh gheilleagar an Aontais, go háirithe an gá atá ann fás agus poist a chur chun cinn nuair nach mbíonn cinnteacht maidir leis an ionchas eacnamaíochta. Ina fhianaise sin, seoladh mórthionscnaimh bheartais éagsúla, amhail an Plean Infheistíochta don Eoraip agus Aontas na Margaí Caipitil d'fhonn geilleagar an Aontais a neartú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-idiroibreodh na bearta laghdaithe priacail ar fad go réidh leis na tionscnaimh bheartais sin uile agus le hathchóirithe níos leithne a rinneadh le déanaí san earnáil airgeadais chomh maith.

    (5)

    Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a bheith coibhéiseach le caighdeáin idirnáisiúnta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus ba cheart a áirithiú leo go leanfaí den choibhéis idir Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar thaobh amháin agus Creat Basel III ar an taobh eile. Ba cheart teorainn réime agus ama a bheith leis na coigeartaithe spriocdhírithe a dhéanfar chun bheith ag teacht le sonraíochtaí an Aontais agus le ceisteanna beartais níos leithne d'fhonn nach gcuirfear isteach ar fhónamh fhoriomlán an chreata stuamachta.

    (6)

    Ba cheart bearta laghdaithe priacail atá ann cheana agus, go háirithe, ceanglais tuairiscithe agus nochta a fheabhsú freisin chun a áirithiú gur féidir iad a chur i bhfeidhm ar chaoi níos comhréirí agus nach gcruthóidh siad ualach comhlíonta rómhór, go háirithe i gcás institiúidí atá níos lú agus nach bhfuil a oiread castachta ag baint leo.

    (7)

    Teastaíonn sainmhíniú beacht maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta ionas gur féidir simpliú dírithe a dhéanamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta. Agus tairseach absalóideach amháin ann ina aonar, ní chuirtear san áireamh sainiúlachtaí na margaí náisiúnta baincéireachta. Is gá mar sin go mbeidh na Ballstáit in ann feidhmiú de réir a mbreithiúnas féin chun an tairseach a thabhairt i gcomhréir le himthosca intíre agus í a choigeartú trína hísliú de réir mar is iomchuí. Ós amhlaidh nach í méid na hinstitiúide féin fachtóir sainiúil a próifíle priacail, is gá freisin critéir cháilíochtúla bhreise a chur i bhfeidhm lena áirithiú nach measfar ach i gcás ina gcomhlíonfaidh sí na critéir ábhartha go léir gur institiúid bheag neamhchasta í institiúid, a bheidh in ann tairbhe a bhaint as rialacha níos comhréirí.

    (8)

    Cuidíonn cóimheasa luamhánaithe le cobhsaíocht airgeadais a choimeád trí bheith ina gcúlstop ag ceanglais chaipitil atá bunaithe ar phriacal agus trí shrian a chur le luamhánú iomarcach le linn cora chun feabhais sa gheilleagar. D'athbhreithnigh CBMB an caighdeán idirnáisiúnta maidir leis an gcóimheas luamhánaithe chun gnéithe áirithe eile de dhearadh an chóimheasa sin a shonrú. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú leis an gcaighdeán athbhreithnithe chun cothroime iomaíochta idirnáisiúnta le haghaidh institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh laistigh den Aontas ach a fheidhmítear lasmuigh den Aontas a áirithiú, agus chun a áirithiú go leanfaidh an cóimheas luamhánaithe sin de bheidh ina chomhlánú éifeachtach ar na ceanglais phriacal-bhunaithe maidir le cistí dílse. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas cóimheasa luamhánaithe a thabhairt isteach chun córas tuairiscithe agus nochta an chóimheasa luamhánaithe a chomhlánú.

    (9)

    Chun nach gcuirfear srian nach bhfuil gá leis le hiasachtú ó institiúidí do chorparáidí agus do theaghlaigh phríobháideacha agus chun drochthionchar nach bhfuil gá leis ar leachtacht an mhargaidh a chosc, ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a shocrú ar leibhéal ar a ngníomhóidh sé mar chúlstop inchreidte ag an bpriacal go mbeidh luamhánú iomarcach ann gan bac a chur ar fhás eacnamaíoch.

    (10)

    Is é an chonclúid a bhí ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) sa tuarascáil a thíolaic sé an 3 Lúnasa 2016 maidir leis an gceanglas cóimheasa luamhánaithe gur feidhm chúlstop inchreidte a bheadh i gcóimheas luamhánaithe caipitil Leibhéal 1 arna chalabrú ag 3 % le haghaidh aon chineál institiúide creidmheasa. Lena chois sin, chomhaontaigh CBMB ar leibhéal idirnáisiúnta go mbeadh ceanglas cóimheasa luamhánaithe ag 3 % ann. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a chalabrú ag 3 %.

    (11)

    Mar sin féin, dá mbeadh ceanglas cóimheasa luamhánaithe ag 3 % ann, is mó an srian a chuirfí le samhlacha gnó áirithe ná leis an gcuid eile. Go háirithe, d'imreofaí tionchar míréireach ar an iasachtú poiblí a dhéantar ó bhainc forbartha poiblí agus le creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaighdeann tacaíocht oifigiúil. Dá bhrí sin, ba cheart an cóimheas luamhánaithe a choigeartú le haghaidh na gcineálacha sin risíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart critéir shoiléire a leagan amach lena gcuideofar le sainordú poiblí d'institiúidí creidmheasa den sórt sin a fháil amach agus gnéithe amhail a mbunú, na gníomhaíochtaí a dhéanann siad, a gcuspóir agus na socruithe ráthaíochta ó chomhlachtaí poiblí agus teorainneacha ar ghníomhaíochtaí glactha taiscí a chumhdach. Ba cheart, áfach, go mbeadh foirm agus modh bhunú institiúidí creidmheasa den chineál sin faoi rogha rialtas lárnach, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil an Bhallstáit, agus d'fhéadfadh bunú institiúide creidmheasa nua, nó eintiteas atá ann cheana a fháil nó a tháthcheangal ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear trí lamháltais agus i gcomhthéacs na nósanna imeachta réitigh, a bheith i gceist.

    (12)

    Níor cheart go mbainfí d'éifeacht soláthair seirbhísí imréitigh lárnacha a chuireann na hinstitiúidí ar fáil do chliaint mar gheall ar chóimheas luamhánaithe. Dá bhrí sin, na corrlaigh thosaigh ar idirbhearta arna n-imréiteach go lárnach a fhaigheann institiúidí óna gcliaint agus a chuireann siad ar aghaidh chuig contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), ba cheart iad a eisiamh ón tomhas risíochta iomlán.

    (13)

    In imthosca eisceachtúla ina mbíonn bonn le risíochtaí ar bhainc cheannais a eisiamh ón gcóimheas luamhánaithe agus d'fhonn cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann risíochtaí den sórt sin a eisiamh, ar bhonn sealadach, ón tomhas risíochta iomlán. Chun na críche sin, ba cheart dóibh a fhógairt go poiblí, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, go bhfuil imthosca eisceachtúla den sórt sin ann. Ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a athchalabrú go comhréireach chun tionchar an eisiata a fhritháireamh. Ba cheart a áirithiú, le hathchalabrú den sórt sin, go n-eisiafaí priacail do chobhsaíocht airgeadais a dhéanann difear do na hearnálacha baincéireachta ábhartha, agus go gcoinneofaí an athléimneacht a thugtar leis an gcóimheas luamhánaithe.

    (14)

    Is cuí ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chur chun feidhme i ndáil le hinstitiúidí a aithnítear gur institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus caighdeán CBMB maidir le maolán cóimheasa luamhánaithe le haghaidh bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIBanna) a foilsíodh i mí na Nollag 2017. Rinne CBMB an maolán cóimheasa luamhánaithe a chalabrú leis an aidhm shonrach na priacail inchomparáide níos mó ar an gcobhsaíocht airgeadais mar gheall ar G-SIBanna a mhaolú agus, i bhfianaise an mhéid sin, níor cheart é a chur i bhfeidhm ach amháin ar G-SIInna ag an bpointe seo. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh chun a chinneadh arbh iomchuí an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna), mar a shainítear i dTreoir 2013/36/AE, agus, más amhlaidh atá, an bealach ar cheart an calabrú a chur in oiriúint do ghnéithe sonracha na n-institiúidí sin.

    (15)

    Ar 9 Samhain 2015, d'fhoilsigh FSB Bileog Téarmaí (“caighdeán TLAC”) an chumais iomlán ionsúcháin caillteanas (TLAC) agus d'fhormhuinigh G-20 é ag cruinniú mullaigh mhí na Samhna 2015 sa Tuirc. De réir chaighdeán TLAC, ní mór do G-SIBanna méid leordhóthanach de dhliteanais ardionsúcháin caillteanas (intarrthála) chun a áirithiú go n-ionsófar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín agus go tapúil i gcás réitigh. Ba cheart caighdeán TLAC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (16)

    Nuair a bheifear ag cur caighdeán TLAC chun feidhme i ndlí an Aontais, ní mór an t-íoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a chur san áireamh, íoscheanglas a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ós rud é go bhfuil an t-aon chuspóir amháin ag caighdeán TLAC agus ag ICDI, mar atá a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanas ag na hinstitiúidí, ba cheart don dá cheanglas a bheith ina ngnéithe comhlántacha de chomhchreat. Ó thaobh na hoibríochta, ba cheart íosleibhéal comhchuibhithe TLAC a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le ceanglas nua go mbeidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe ann, agus ba cheart an forlíontán institiúid -sonrach maidir le G-SIInna agus an ceanglas institiúid -sonrach maidir le heintitis nach G-SIInna iad a thabhairt isteach le leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart na forálacha lena dtugtar isteach caighdeán TLAC i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a léamh in éineacht leis na forálacha a thugtar isteach i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, agus le Treoir 2013/36/AE.

    (17)

    I gcomhréir le caighdeán TLAC, caighdeán nach gcumhdaíonn ach G-SIBanna, níor cheart feidhm a bheith ag an íoscheanglas maidir le méid leordhóthanach de chistí dílse agus de dhliteanais ardionsúcháin caillteanas a thugtar isteach sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith aige ach maidir le G-SIInna. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le dliteanais incháilithe a thugtar isteach sa Rialachán seo maidir leis na hinstitiúidí uile, i gcomhréir leis na coigeartuithe agus na ceanglais chomhlántacha a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE.

    (18)

    I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe maidir le heintitis réitigh ar G-SII iad féin nó ar cuid de ghrúpa a sainaithníodh mar G-SII iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, ag brath ar cé acu institiúidí neamhspleácha gan aon fhochuideachtaí nó máthairghnóthais iad na heintitis réitigh sin.

    (19)

    Tá cead tugtha i dTreoir 2014/59/AE uirlisí réitigh a úsáid, ní hamháin i gcás institiúidí ach i gcás cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha. Dá bhrí sin, ba cheart cumas ionsúcháin caillteanas leordhóthanach a bheith ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha ar nós máthairinstitiúidí.

    (20)

    Chun a áirithiú go mbeidh an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe éifeachtach, tá sé ríthábhachtach go mbeidh ardchumas ionsúcháin caillteanas ag na hionstraimí a shealbhófar chun an ceanglas sin a chomhlíonadh. Níl an cumas sin ag dliteanais atá eisiata ón uirlis tarrthála dá dtagraítear i dTreoir 2014/59/AE agus ní mó na sin atá an cumas sin ag dliteanais eile arbh fhéidir go mbeadh deacrachtaí praiticiúla lena dtarrtháil cé go bhfuil siad intarrthála i bprionsabal. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil na dliteanais sin incháilithe don cheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Ar an taobh eile, tá ardchumas ionsúcháin caillteanas ag ionstraimí caipitil, agus ag dliteanais fho-ordaithe chomh maith. Lena chois sin, ba cheart an poitéinseal ionsúcháin caillteanas atá ag dliteanais atá ar an leibhéal pari passu le dliteanais eisiata áirithe, ba cheart é a aithint go pointe áirithe, i gcomhréir le caighdeán TLAC.

    (21)

    Chun nach gcomhairfear dliteanais faoi dhó chun críocha an cheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, ba cheart rialacha a thabhairt isteach le haghaidh asbhaint sealúchas ítimí dliteanas incháilithe amhail an cur chuige asbhainte a forbraíodh cheana i Rialacha (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh ionstraimí caipitil. Faoin gcur chuige sin, ba cheart sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ar dtús as dliteanais incháilithe agus, a mhéid nach bhfuil dliteanais leordhóthanacha ann, ba cheart na hionstraimí dliteanas incháilithe sin a bhaint as ionstraimí Leibhéal 2.

    (22)

    I gcaighdeán TLAC tá roinnt critéar incháilitheachta i leith dliteanas agus tá siad níos déine ná na critéir incháilitheachta i leith ionstraimí caipitil atá ann faoi láthair. Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart na critéir incháilitheachta i leith ionstraimí caipitil a ailíniú a mheid a bhaineann le neamh-incháilitheacht ionstraimí arna n-eisiúint trí eintitis sainchuspóireacha amhail ón 1 Eanáir 2022.

    (23)

    Is gá foráil do phróiseas soiléir, trédhearcach formheasa le haghaidh ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, próiseas ar féidir leis cuidiú le hardchaighdeán na n-ionstraimí sin a choinneáil. Chun na críche sin, ba cheart é a bheith de chúram ar na húdaráis inniúla na hionstraimí sin a fhormheas sula mbeidh cead ag institiúidí iad a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Mar sin féin, níor cheart gur gá réamhchead a bheith ag údaráis inniúla d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a eisítear ar bhonn doiciméadacht dhlíthiúil a ndearna an t-údarás inniúil formheas uirthi cheana féin agus a rialaítear, a bheag nó a mhór, leis na forálacha céanna lena rialaítear ionstraimí caipitil a bhfuair an institiúid réamhchead ón údarás inniúil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcás den sórt sin, in ionad formheas a iarraidh roimh ré, ba cheart an deis a bheith ag institiúidí fógra a thabhairt dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu ionstraimí den sórt sin a eisiúint. Ba cheart dóibh sin a dhéanamh luath go leor roimh aicmiú na n-ionstraimí mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 ionas go mbeidh an t-am ag na húdaráis inniúla na hionstraimí sin a athbhreithniú, más gá. I bhfianaise ról ÚBE cleachtais mhaoirseachta a chóineasú tuilleadh agus feabhas a chur ar cháilíocht na n-ionstraimí cistí dílse, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le ÚBE sula bhformheastar aon fhoirm nua d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1.

    (24)

    Ní bheidh ionstraimí caipitil incháilithe mar ionstraimí breise Leibhéal 1 nó mar ionstraimí Leibhéal 2 ach amháin a mhéid a chomhlíontar na critéir incháilitheachta ábhartha leo. D'fhéadfadh sé gur cothromas nó dliteanais, lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe lena gcomhlíontar na critéir sin, a bheadh sna hionstraimí caipitil sin.

    (25)

    Níor cheart ionstraimí caipitil ná páirteanna ionstraimí caipitil a bheith i dteideal a bheith cáilithe mar ionstraimí cistí dílse ach a mhéid atá siad íoctha. A fhad is nach bhfuil páirteanna ionstraime íoctha, níor cheart do na páirteanna sin a bheith i dteideal a bheith cáilithe mar ionstraimí cistí dílse.

    (26)

    Níor cheart na hionstraimí cistí dílse ná dliteanais incháilithe a bheith faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a gcumas ionsúcháin caillteanas i gcás réitigh. Níor cheart tuiscint uaidh sin gur cheart clásal a bheith sna forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais ina luafar go sainráite nach mbeidh an ionstraim faoi réir cearta fritháirimh nó cearta glanluachála.

    (27)

    Tá tábhacht an bhogearra mar chineál sócmhainne ag dul i méid de thairbhe ascnamh earnáil na baincéireachta i dtimpeallacht atá ag éirí níos digití. Níor cheart bogearraí, a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach, a bheith faoi réir asbhaint sócmhainní doláimhsithe ó ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Tá an tsonraíocht sin tábhachtach cionn is gur coincheap leathan é bogearra lena gcumhdaítear a lán cineálacha éagsúla sócmhainní nach gcoimeádann iomlán na gcineálacha sin a luach i gcás gnóthas éagtha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart éagsúlachtaí maidir le luacháil agus amúchadh sócmhainní bogearra agus díolacháin réadaithe na sócmhainní sin a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart aird a thabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta agus ar dhifríochtaí maidir le láimhseáil rialála na n-infheistíochtaí i mbogearraí, ar rialacha stuamachta éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí agus gnóthais árachais, agus ar éagsúlacht na hearnála airgeadais san Aontas, lena n-áirítear eintitis neamhrialáilte amhail cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais.

    (28)

    D'fhonn éifeachtaí aille a sheachaint, is gá na hionstraimí atá ann cheana a mharthanú i ndáil le critéir incháilitheachta áirithe. I gcás dliteanais arna n-eisiúint roimh 27 Meitheamh 2019, ba cheart critéir incháilitheachta áirithe le haghaidh ionstraimí cistí dílse agus le haghaidh dliteanais incháilithe a tharscaoileadh. Ba cheart feidhm a bheith ag marthanú den sórt sin maidir le dliteanais a chuirtear san áireamh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na coda fo-ordaithe de TLAC agus le haghaidh na coda fo-ordaithe de ICDI faoi Threoir 2014/59/AE, agus maidir le dliteanas a chuirtear san áireamh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na coda neamh-fho-ordaithe de TLAC agus le haghaidh na coda neamh-fho-ordaithe de ICDI faoi Threoir 2014/59/AE. I gcás ionstraimí cistí dílse, ba cheart an marthanú a theacht chun deiridh 28 Meitheamh 2025.

    (29)

    Ní féidir ionstraimí dliteanas incháilithe, lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, a fhuascailt ach amháin tar éis réamhchead a fháil ón údarás réitigh. D'fhéadfadh réamhchead den sórt sin a bheith ina réamhchead ginearálta, agus sa chás sin bheadh ar an bhfuascailt tarlú faoi cheann na tréimhse teoranta ama agus le haghaidh méid réamhshocraithe a chumhdófaí leis an réamhchead ginearálta sin.

    (30)

    Ó glacadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rinneadh leasú ar an gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le láimhseáil stuamachta risíochtaí institiúidí ar CPLanna chun feabhas a chur ar láimhseáil risíochtaí institiúidí ar CPLanna cáilitheacha (CPLCanna). Ar na hathbhreithnithe suntasacha a rinneadh ar an gcaighdeán sin tá úsáid aon mhodha amháin chun an ceanglas cistí dílse maidir le risíochtaí atá dlite de dheasca ranníocaíochtaí ciste mainneachtana, uasteorainn fhollasach ar na ceanglais cistí dílse foriomlána a chuirtear i bhfeidhm ar risíochtaí ar CPLCanna, agus cur chuige níos íogaire ó thaobh priacail de chun luach díorthach a ghabháil i ríomh acmhainní hipitéiseacha de chudi CPLC. San am céanna, fágadh gan athrú láimhseáil risíochtaí ar CPLanna neamhcháilitheacha. Ós rud é gur thug na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe isteach láimhseáil a oireann níos fearr don timpeallacht imréitigh lárnach, ba cheart dlí an Aontais a leasú chun na caighdeáin sin a ionchorprú.

    (31)

    Chun a áirithiú go mbainisteoidh na hinstitiúidí a risíochtaí go leordhóthanach i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna), ba cheart na rialacha lena leagtar síos láimhseáil na risíochtaí sin a bheith íogair ó thaobh priacail de agus ba cheart dóibh trédhearcacht a chur chun cinn i leith risíochtaí foluiteacha GCanna. Dá bhrí sin, ghlac CBMB caighdeán athbhreithnithe lenar socraíodh ord tosaíochta soiléir de chineálacha cur chuige chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcás na risíochtaí sin. Tá an leibhéal trédhearcachta maidir leis na risíochtaí foluiteacha léirithe san ord tosaíochta sin. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú leis na rialacha sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta.

    (32)

    Maidir le hinstitiúid a thugann gealltanas íosluacha ar mhaithe, sa deireadh, le cliaint miondíola le haghaidh infheistíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC lena n-áirítear mar chuid de scéim pinsin rialtas-urraithe phríobháideach, ní cheanglaítear ar an institiúid ná ar an ngnóthas a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta céanna aon íocaíocht a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtitfidh luach scaireanna nó aonaid an chustaiméara in GC faoi bhun an mhéid faoi ráthaíocht ag ceann amháin nó níos mó de na pointí ama a shonraítear sa chonradh. Ní dócha, dá bhrí sin, go bhfeidhmeofar an gealltanas i gcleachtas. I gcás ina bhfuil gealltanas íosluacha institiúide teoranta do chéatadán den mhéid a rinne cliaint a infheistiú i dtosach i scaireanna nó aonad in GC (gealltanas seasta íosluacha) nó do mhéid a bhraitheann ar fheidhmíocht na táscairí airgeadais nó innéacsanna margaidh a fhad le ham áirithe, maolán a bheidh in aon difríocht dhearfach idir luach scaireanna nó aonaid an chustaiméara agus luach an mhéid faoi ráthaíocht ar dháta ar leith agus is leis an maolán sin a laghdófar an priacal don institiúid an méid faoi ráthaíocht a íoc amach. Is údar na cúiseanna sin uile le fachtóir coinbhéartaithe laghdaithe.

    (33)

    Agus iad ag ríomh luach risíochta idirbheart díorthach faoin gcreat priacail creidmheasa contrapháirtí, tá rogha ag na hinstitiúidí idir trí chur chuige chaighdeánaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: an Modh Caighdeánaithe (SM), an Modh um Marcáil ón Margadh (MMM) agus Modh na Risíochta Tosaigh (MNB).

    (34)

    Mar sin féin, ní aithnítear go hiomchuí sna trí chur chuige sin go laghdaíonn comhthaobhacht priacal sna risíochtaí. Tá a gcalabruithe as dáta agus ní léiríonn siad an t-ardleibhéal luaineachta a braitheadh le linn na géarchéime airgeadais. Ní aithnítear go hiomchuí iontu sochar na glanluachála ach oiread. Chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin, chinn CBMB cur chuige nua caighdeánaithe chun luach risíochta risíochtaí díorthach a ríomh a chur in ionad SM agus MMM, cur chuige darb ainm an Cur Chuige Caighdeánaithe le haghaidh Priacal Creidmheasa Contrapháirtí (CCC-PCC). Ós rud é gur thug na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe isteach cur chuige caighdeánaithe nua a oireann níos fearr don timpeallacht imréitigh lárnach, ba cheart dlí an Aontais a leasú chun na caighdeáin sin a ionchorprú.

    (35)

    Tá CCC-PCC níos íogaire ó thaobh priacail de ná SM agus MMM agus ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais cistí dílse teacht as is fearr a léireoidh na priacail a bhaineann le hidirbhearta díorthach na n-institiúidí. Ag an am céanna, i gcás roinnt de na hinstitiúidí a úsáideann MMM faoi láthair, d'fhéadfadh sé go mbeadh CCC-PCC róchasta agus ualach róthrom ag baint leis, lena chur chun feidhme. Ba cheart leagan simplithe de CCC-PCC (“CCC-PCC simplithe”) a thabhairt isteach d'institiúidí a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe agus d'institiúidí ar cuid de ghrúpa iad a chomhlíonann na critéir s in ar bhonn comhdhlúite. Ós rud é gur lú an íogaireacht ó thaobh priacail de a bheidh ag an leagan simplithe sin ná atá ag CCC-PCC, ba cheart é a chalabrú chun a áirithiú nach ndéanfar gannmheastachán ar luach risíochta na n-idirbheart díorthach leis.

    (36)

    I gcás institiúidí ar beag na risíochtaí díorthach atá acu agus a úsáideann MMM nó MNB faoi láthair, d'fhéadfadh sé go mbeadh CCC-PCC agus CCC-PCC simplithe araon róchasta lena gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart MNB a choinneáil mar chur chuige malartach do na hinstitiúidí sin a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe agus d'institiúidí ar cuid de ghrúpa iad a chomhlíonann na critéir sin ar bhonn comhdhlúite, ach ba cheart é a athbhreithniú chun dul i ngleic lena phríomheasnaimh.

    (37)

    Chun treoir a thabhairt d'institiúid agus ceann de na cineálacha cur chuige atá ceadaithe á roghnú aici, ba cheart critéir shoiléire a thabhairt isteach. Ba cheart na critéir sin a bhunú ar an méid gníomhaíochtaí díorthach a dhéanann institiúid, rud a léiríonn an leibhéal sofaisticiúlachta ba cheart d'institiúid a bhaint amach chun luach na risíochta a ríomh.

    (38)

    Le linn na géarchéime airgeadais, ba mhór na caillteanais leabhair trádála a bhí i gceist i gcás roinnt institiúidí a bhí bunaithe san Aontas. I gcás cuid acu, níor leor an leibhéal caipitil a raibh sé de cheangal acu a bheith acu chun na caillteanais sin a fhritháireamh. Ar na cúiseanna sin, chuir CBMB deireadh le roinnt laigí sa láimhseáil stuamachta le haghaidh suíomhanna leabhair trádála, mar atá na ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh.

    (39)

    In 2009, tugadh an chéad tacar athchóirithe chun críche ar an leibhéal idirnáisiúnta agus trasuíodh isteach i ndlí an Aontais iad trí bhíthin Threoir 2010/76/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Mar sin féin, ní dheachaigh athchóiriú 2009 i ngleic leis na laigí struchtúracha sna ceanglais cistí dílse maidir le caighdeáin priacail margaidh. Mar gheall ar an easpa soiléireachta ó thaobh na teorann idir na leabhair thrádála agus na leabhair bhaincéireachta, bhí deiseanna ann arbatráiste rialála a dhéanamh, ach, mar gheall ar easpa íogaireachta sna ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh, níorbh fhéidir raon iomlán na priacail ar a bhfuil institiúidí risíochta a ghabháil.

    (40)

    Chuir CBMB tús leis an athbhreithniú ó bhun ar an leabhar trádála (FRTB) chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha na gceanglas cístí dílse maidir le caighdeáin priacail margaidh. Mar thoradh ar an obair sin foilsíodh, i mí Eanáir 2016, creat priacail margaidh athbhreithnithe. I mí na Nollag 2017, chomhaontaigh Grúpa na nGobharnóirí Banc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta dáta cur chun feidhme an chreata priacail margaidh athbhreithnithe a shíneadh, d'fhonn am breise a thabhairt d'institiúidí an bonneagar córais riachtanach a fhorbairt agus do CBMB chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an gcreat. Áirítear air sin athbhreithniú ar chalabrú an chur chuige chaighdeánaithe agus ar chalabrú chur chuige na samhla inmheánaí chun comhsheasmhacht a áirithiú le hionchais CBMB ar dtús báire. Tar éis bailchríoch a chur ar an athbhreithniú sin, agus sula ndéanfar measúnú tionchair chun tionchar na n-athbhreithnithe ar chreat BLT ar institiúidí san Aontas a mheas, ba cheart do na hinstitiúidí uile a bheadh faoi réir chreat BLT san Aontas tús a chur le tuairisciú na ríomhanna a dhíorthaítear ón gcur chuige caighdeánaithe athbhreithnithe. Chun na críche sin, d'fhonn na ríomhanna le haghaidh ceanglais tuairiscithe a dhéanamh lán-oibríochtúil i gcomhréir le forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2019. Ba cheart d'institiúidí tús a chur le tuairisciú an ríomha sin tráth nach déanaí ná bliain amháin i ndiaidh ghlacadh an ghnímh tharmligthe. Ina theannta sin, na hinstitiúidí a fuair formheas cur chuige na samhla inmheánaí athbhreithnithe i gcreat BLT a úsáid chun críocha tuairiscithe, ba cheart dóibh an ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí a thuairisciú trí bliana tar éis a chur i bhfeidhm iomláin.

    (41)

    Ba cheart tabhairt isteach ceanglais tuairiscithe do chineálacha cur chuige BLT a mheas mar chéad chéim i dtreo creat BLT a chur chun feidhme go hiomlán san Aontas. Agus athbhreithnithe deiridh ar chreat BLT a rinne CBMB, agus torthaí thionchar na n-athbhreithnithe sin ar institiúidí san Aontas agus ar chineálacha cur chuige BLT atá leagtha amach cheana féin sa Rialachán seo i ndáil le ceanglais tuairiscithe, á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2020 maidir leis an tslí ina bhféadfaí creat BLT a chur chun feidhme san Aontas chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a bhunú.

    (42)

    Ba cheart feidhm a bheith ag láimhseáil chomhréireach le haghaidh priacal margaidh freisin maidir le hinstitiúidí ag a bhfuil gníomhaíochtaí leabhair trádála teoranta, sa chaoi gur féidir le tuilleadh institiúidí ag a bhfuil gníomhaíochtaí beaga leabhair trádála an creat pracail creidmheasa a chur i bhfeidhm i gcás suíomhanna leabhair baincéireachta mar a leagtar amach faoi leagan athbhreithnithe den mhaolú le haghaidh gnó beag leabhair trádála. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh nuair a dhéanann an Coimisiún athmheasúnú ar an mbealach is ceart d'institiúidí le gnó meánmhéide leabhair trádála an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a ríomh. Go háirithe, i bhfianaise na bhforbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrú na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal margaidh d'institiúidí le gnó meánmhéide leabhair trádála. Idir an dá linn, ba cheart na hinstitiúidí sin le gnó meánmhéide leabhair trádála, mar aon le hinstitiúidí le gnó beag leabhar trádála, a dhíolmhú ó na ceanglais tuairiscithe faoi BLT.

    (43)

    Ba cheart an creat risíochtaí móra a dhaingniú chun gur fearr a bheidh institiúidí in ann caillteanais a ionsú agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart cáilíocht níos fearr caipitil a úsáid mar bhonn caipitil chun teorainn na risíochtaí móra agus risíochtaí ar dhíorthaigh chreidmheasa a ríomh i gcomhréir le CCC-PCC. Ina theannta sin, ba cheart an teorainn leis na risíochtaí a d'fhéadfadh G-SIInna a bheith i leith G-SIInna eile a ísliú chun priacail shistéamacha a laghdú a bhaineann le hidirnaisc idir institiúidí móra agus leis an tionchar a d'fhéadfadh contrapháirtí G-SIInna a bheith acu ar an gcobhsaíocht airgeadais.

    (44)

    Cé go n-áirithíonn an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (“LCR”) go mbeidh institiúidí in ann strus mór a sheasamh go gearrthéarmach, ní áirithíonn sé go mbeidh struchtúr maoinithe cobhsaí ag na hinstitiúidí sin nuair a bheidh tréimhse níos faide i gceist. Is léir ar an gcaoi sin gur cheart ceanglas maoiniúcháin chobhsaí ceangailtí mionsonraithe a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus gur cheart é a chomhlíonadh i gcónaí chun nach mbeidh neamhréir aibíochta ró-thromchúiseacha idir sócmhainní agus dliteanais agus chun nach mbeifear ag brath go rómhór ar mhaoiniú mórdhíola gearrthéarmach.

    (45)

    Chun bheith comhsheasmhach le caighdeán mhaoinithe CBMB, ba cheart,mar sin, rialacha a ghlacadh chun an ceanglas maoiniúcháin chobhsaí a shainmhíniú mar chóimheas idir an méid maoiniúcháin chobhsaí atá ar fáil ag institiúid agus an méid cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá aici in imeacht bliana. Ba cheart an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (“CGCC”) a thabhairt ar an gceanglas ceangailteach sin. Ba cheart méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh trí dhliteanais agus cistí dílse na hinstitiúide a iolrú faoi fhachtóirí iomchuí a léiríonn a leibhéil iontaofachta thar thréimhse aon bhliana CGCC. Ba cheart méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh trí shócmhainní agus risíochtaí na hinstitiúid lasmuigh den chlár comhardaithe e a iolrú faoi fhachtóirí iomchuí a léiríonn a dtréithe leachtachta agus a n-aibíochtaí iarmhair thar thréimhse aon bhliana CGCC.

    (46)

    Ba cheart CGCC a shloinneadh mar chéatadán agus a shocrú ar íosleibhéal 100 %, rud a thugann le fios go sealbhaíonn institiúid maoiniú cobhsaí leordhóthanach chun a riachtanais maoiniúcháin a riar thar thréimhse aon bhliana faoi ghnáthdhálaí agus faoi strus. Dá dtitfeadh a CGCC faoi bhun 100 %, ba cheart don institiúid na ceanglais shonracha a chomhlíonadh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun go dtabharfar a CGCC ar ais go dtí an t-íosleibhéal go tráthúil. Níor cheart cur i bhfeidhm na mbeart maoirseachta i gcás neamh-chomhlíonadh cheanglas CGCC a bheith uathoibríoch. Ba cheart do na húdaráis inniúla na cúiseanna atá le neamh-chomhlíonadh cheanglas CGCC a mheas sula saineoidh siad bearta maoirseachta.

    (47)

    I gcomhréir leis na moltaí a rinne ÚBE sa tuarascáil uaidh an 15 Nollaig 2015 maidir le ceanglais glanchistiúcháin chobhsaí faoi Airteagal 510 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart na rialacha maidir le CGCC a ríomh a ailíniú go dlúth le caighdeáin CBMB, lena n-airítear forbairtí sna caighdeáin sin i ndáil le láimhseáil idirbheart díorthach. Ós rud é gur gá roinnt sonraíochtaí Eorpacha a chur san áireamh chun a áirithiú nach mbeidh ceanglas CGCC ina chonstaic roimh mhaoiniú fhíorgheilleagar na hEorpa, áfach, tá údar maith ann roinnt coigeartaithe ar CGCC a cheap CBMB a ghlacadh chun ceanglas CGCC na hEorpa a shainiú. Molann ÚBE na coigeartuithe sin a thagann as an gcomhthéacs Eorpach, ar coigeartuithe iad a bhaineann den chuid is mó le láimhseáil shonrach le haghaidh: samhlacha faoi bhealach go ginearálta agus eisiúint bannaí cumhdaithe go háirithe; gníomhaíochtaí maoinithe trádála; coigilteas rialáilte lárnach; iasachtaí ráthaithe áite chónaithe; comhair chreidmheasa; CPLanna agus taisclanna lárnacha urrús (CSDanna) nach ndéanann aon chlaochlú aibíochta suntasach. Léiríonn an láimhseáil shonrach sin atá molta an chóir fhabhrach a chuirtear ar na gníomhaíochtaí sin i LCR na hEorpa, seachas mar a chuirtear i LCR a cheap CBMB. Ós rud é go gcomhlánaíonn CGCC an LCR, ba cheart an dá chóimheas sin a bheith comhsheasmhach le chéile ó thaobh sainiú agus calabrú de. Is fíor sin go háirithe i gcás fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní leachtachta ardcháilíochta LCR chun CGCC a ríomh ar cheart dóibh na sainithe agus na caolchorrlaigh atá i LCR na hEorpa a léiriú, beag beann ar chomhlíonadh na gceanglas ginearálta agus oibríochtúla sin a leagtar amach do ríomh an LCR agus nach bhfuil iomchuí i dtréimhse aon bhliana ríomh CGCC.

    (48)

    Lasmuigh de na sonraíochtaí Eorpacha, b'fhéidir go mbeadh tionchar mór ag láimhseáil idirbheart díorthach i CGCC a cheap CBMB ar ghníomhaíochtaí díorthach institiúidí agus, mar gheall air sin, ar mhargaí airgeadais na hEorpa agus ar rochtain ar roinnt oibríochtaí d'úsáideoirí deiridh. D'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar míchuí míréireach ag tabhairt isteach CGCC a cheap CBMB ar idirbhearta díorthach agus ar roinnt idirbheart idirnasctha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí imréitigh, mura ndéanfaí staidéir tionchair cainníochtúil leitheadacha agus comhairliúchán poiblí maidir leis an tabhairt isteach sin. An ceanglas breise gur gá idir 5 % agus 20 % de mhaoiniú cobhsaí a shealbhú i gcoinne dliteanais chomhlána díorthach, meastar go forleathan gur garbh an beart é chun priacail maoiniúcháin bhreise a ghabháil a bhaineann leis an méadú ar dhliteanais díorthach a d'fhéadfadh a bheith ann thar thréimhse aon bhliana, agus tá sé faoi bhreithniú ar leibhéal CBMB. D'fhéadfaí an ceanglas sin, a thabharfaí isteach ar leibhéal 5 % i gcomhréir leis an rogha a d'fhág CBMB ag dlínse an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ar dhliteanais chomhlána díorthach a ísliú, a leasú ina dhiaidh sin, chun forbairtí ar leibhéal CBMB a chur san áireamh agus chun iarmhairtí neamhbheartaithe a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, amhail constaic a chur roimh dhea-fheidhmiú mhargaí airgeadais na hEorpa agus roimh sholáthar uirlisí fálaithe priacail d'institiúidí agus d'úsáideoirí deiridh, corparáidí san áireamh, chun a maoiniú a áirithiú mar chuspóir de chuid aontas na margaí caipitil.

    (49)

    Is é atá beartaithe leis an láimhseáil neamhshiméadrach a dhéanann CBMB ar chistiú gearrthéarmach, amhail comhaontuithe athcheannaigh (nuair nach dtugtar aitheantas do chistiú cobhsaí) agus iasachtú gearrthéarmach, amhail comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais (nuair a cheanglaítear roinnt cistiúcháin chobhsaí a bheith ann – 10 % má chomhthaobhaítear é le sócmhainní leachtachta ardcháilíochta (SLAL) leibhéal 1 de réir an tsainmhínithe sa LCR agus 15 % i gcás idirbhearta eile) le cliaint airgeadais, naisc chistiúcháin ghearrthéarmaigh fhairsinge a dhíspreagadh idir cliaint airgeadais, toisc gur foinse idirnasctha iad na naisc sin agus gur deacra a bhíonn sé, mar thoradh orthu, institiúid áirithe a réiteach gan priacal gabhála a bheith ar an gcuid eile den chóras airgeadais i gcás cliseadh. Mar sin féin, tá calabrú na neamhshiméadrachta róchoimeádach agus d'fhéadfadh sé difear a dhéanamh do leachtacht urrús a úsáidtear de ghnáth mar chomhthaobhacht in idirbhearta gearrthéarmacha, go háirithe i ndáil le bannaí ceannasacha, mar gur dócha go laghdóidh na hinstitiúidí méid a n-oibríochtaí ar na margaí athcheannaigh. D'fhéadfadh sé freisin go mbainfeadh sé d'éifeacht na ngníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, mar go n-éascaíonn na margaí athcheannaigh bainistiú an fhardail is gá, rud a thiocfadh salach ar chuspóirí aontas na margaí caipitil. D'fhonn go leor ama a chur ar fáil do na hinstitiúidí iad féin a chur in oiriúint de réir a chéile don chalabrú coimeádach sin, ba cheart idirthréimhse a thabhairt isteach ar lena linn a dhéanfaí fachtóirí an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a laghdú go sealadach. Ba cheart méid an laghdaithe shealadaigh i bhfachtóirí an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheith ag brath ar chineálacha na n-idirbheart agus ar chineál na comhthaobhachta a úsáidtear sna hidirbhearta sin.

    (50)

    Le cois chalabrú sealadach fhachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh de chuid CBMB a bhfuil feidhm aige maidir le hidirbhearta gearrthéarmacha athcheannaigh droim ar ais le cliaint airgeadais a urrúsaítear le bannaí ceannasacha, léiríodh gur gá roinnt coigeartuithe eile a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh tabhairt isteach cheanglas CGCC bac ar leachtacht mhargaí na mbannaí ceannasacha. Le fachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % de chuid CBMB a bhfuil feidhm aige maidir le SLAL leibhéal 1, lena n-áirítear bannaí ceannasacha, chaithfeadh na hinstitiúidí cistiú fadtéarmach neamhurrúsaithe a bheadh ar fáil a bheith faoi réir acu ag an gcéatadán sin, is cuma cén fad a bhfuil siad ag súil na bannaí ceannasacha a bheith acu. D'fhéadfadh sé gur dreasú breise a bheadh ansin d'institiúidí airgead tirim a thaisceadh i mbainc lárnacha seachas gníomhú mar phríomhdhéileálaithe agus leachtacht a sholáthar i margaí bannaí ceannasacha. Lena chois sin, níl sé comhsheasmhach leis an LCR a aithníonn leachtacht iomlán na sócmhainní sin, fiú nuair a bhíonn dianstrus leachtachta ann (caolchorrlach 0 %). Ba cheart, mar sin fachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh SLAL leibhéal 1 de réir an tsainmhínithe i LCR na hEorpa, lasmuigh de bhannaí cumhdaithe ardcháilíochta, a laghdú ó 5 % go 0 %.

    (51)

    Thairis sin, ba cheart SLAL leibhéal 1 uile, mar a shainmhínítear i LCR na hEorpa iad, seachas bannaí cumhdaithe sárcháilíochta, a fhaightear mar chorrlaigh athrúcháin i gconarthaí díorthacha, ba cheart dóibh sócmhainní díorthach a fhritháireamh, ach ní ghlacann CGCC arna fhorbairt ag CBMB ach airgead tirim a chomhlíonann coinníollacha an chreata giarála chun sócmhainní díorthach a fhritháireamh. Le haitheantas níos leithne sin do shócmhainní a fhaightear mar chorrlaigh athrúcháin, cuirfear le leachtacht na margaí bannaí ceannasacha, seachnófar pionósú na n-úsáideoirí deiridh a shealbhaíonn méideanna móra de bhannaí ceannasacha ach ar beag bannaí airgid tirim (ar nós cistí pinsin) a shealbhaíonn siad, agus seachnófar cur leis an teannas san éileamh ar airgead tirim sna margaí athcheannaigh.

    (52)

    Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglas CGCC maidir leis na hinstitiúidí ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, mura dtarscaoilfidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm ceanglas CGCC ar bhonn aonair. Murar tarscaoileadh cur i bhfeidhm ceanglas CGCC ar bhonn aonair, ba cheart, i bprionsabal, d'idirbhearta idir dhá institiúid atá san aon ghrúpa amháin nó san aon scéim cosanta institiúidí amháin fachtóirí siméadracha a fháil i ndáil le cistiú cobhsaí atá ar fáil agus cistiú cobhsaí ceangailteach chun nach mbeidh caillteanas cistiúcháin ann sa mhargadh aonair agus nach gcuirfear bac ar bhainistiú éifeachtach leachtachta i ngrúpaí Eorpacha ina mbainistítear leachtacht go lárnach. Níor cheart an láimhseáil shiméadrach fhabhrach sin a thabhairt ach i gcás idirbhearta laistigh de ghrúpa nuair a bheidh na cosaintí uile is gá ar bun, ar bhonn critéir bhreise i gcás idirbhearta trasteorann, agus níor cheart sin a dhéanamh ach má d'fhormheas na húdaráis inniúla lena mbaineann é mar nach féidir a thoimhdiú go bhfaighidh institiúidí ar deacair dóibh a n-oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh tacaíocht chistiúcháin i gcónaí ó ghnóthais eile sa ghrúpa céanna leo nó sa scéim cosanta institiúidí céanna leo.

    (53)

    Ba cheart an deis a thabhairt d'institiúidí beaga neamhchasta úsáid a bhaint as leagan simplithe de cheanglas CGCC. Ba cheart, leis an leagan simplithe nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna de CGCC, gan an oiread céanna pointí sonraí a bhailiú, rud a laghdódh castacht an ríomha do na hinstitiúidí sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ach a áiritheodh ag an am céanna go gcoinneodh na hinstitiúidí sin fós fachtóir cistiúcháin chobhsaí leordhóthanaí trí bhíthin calabrú a bheadh chomh coimeádach le, nó níos coimeádaí ná, calabrú cheanglas CGCC lánfheidhme. Ba cheart d'údaráis inniúla bheith ábalta, áfach, a cheangal ar institiúidí beaga neamhchasta go gcuirfeadh siad ceanglas CGCC lánfheidhme i bhfeidhm in ionad an leagain shimplithe.

    (54)

    Ba cheart aird chuí a thabhairt ar na ceanglais cistiúcháin chobhsaí is infheidhme i dtríú tíortha agus comhdhlúthú á dhéanamh ar fhochuideachtaí sna tíortha sin. Dá réir sin, níor cheart do rialacha comhdhlúthaithe san Aontas láimhseáil níos fabhraí a thabhairt isteach le haghaidh cistiú cobhsaí atá ar fáil agus cistiú cobhsaí ceangailteach i bhfochuideachtaí tríú tír ná an láimhseáil atá le fáil faoi dhlí náisiúnta na dtríú tíortha sin.

    (55)

    Ba cheart é a bheith de cheangal ar na hinstitiúidí tuairisciú chuig a n-údaráis inniúla san airgeadra tuairiscithe faoin CGCC ceangailteach le haghaidh na n-ítimí uile agus, ar leithligh, le haghaidh ítimí arna n-ainmniú i ngach airgeadra suntasacha chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar neamhréir féideartha airgeadraí. Níor cheart do cheanglas CGCC aon cheanglais tuairiscithe dhúbailte, nó ceanglais tuairiscithe, nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, a chur ar na hinstitiúidí agus ba cheart go leor ama a thabhairt do na hinstitiúidí chun iad féin a ullmhú le haghaidh teacht i bhfeidhm ceanglais tuairiscithe nua.

    (56)

    Ós rud é gur bunphrionsabal ag aon chóras baincéireachta fónta é soláthar faisnéise fiúntaí inchomparáide ar chomh-mhéadracht phríomhphriacal, tá sé ríthábhachtach an neamhshiméadracht faisnéise a laghdú a mhéid is féidir agus an inchomparáideacht a éascú idir próifílí priacail institiúidí creidmheasa laistigh de dhlínse agus ó dhlínse go dlínse. D'fhoilsigh CBMB caighdeáin athbhreithnithe Cholún 3 ar nochtadh in Eanáir 2015 chun inchomparáideacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht nochtadh rialála na n-institiúidí don mhargadh a fheabhsú. Dá bhrí sin, is iomchuí na ceanglais nochta atá ann faoi láthair a leasú chun na caighdeáin nua sin a chur chun feidhme.

    (57)

    Dar le freagróirí ar Ghlao an Choimisiún ar fhianaise ar chreat rialála seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh, tá na ceanglais maidir le nochtadh atá ann faoi láthair míréireach agus cuireann siad ualach rómhór ar institiúidí beaga. Gan dochar do nochtadh a ailíniú níos dlúithe le caighdeáin idirnáisiúnta, ní mór é a bheith de cheangal ar institiúidí beaga neamhchasta, nochtadh a dhéanamh ina mbeidh níos lú mionsonraithe ná mar a bheadh i nochtadh a dhéanfadh na hinstitiúidí móra agus gan an nochtadh sin a bheith le déanamh acu chomh minic sin, agus ar an gcaoi sin laghdófar an t-ualach riaracháin atá orthu.

    (58)

    Ba cheart roinnt soiléirithe a dhéanamh maidir le nochtadh aisíocaíochta. Ba cheart na ceanglais nochta i dtaca leis an luach saothair a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith comhoiriúnach leis na rialacha maidir le luach saothair, is é sin, beartais agus cleachtais luacha saothair a bhunú agus a chothabháil le haghaidh na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar iarbhír ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacail na hinstitiúide agus atá i gcomhréir le bainistiú priacail éifeachtach. Thairis sin, na hinstitiúidí a fuair maolú ar rialacha aisíocaíochta áirithe, ba cheart é a bheith de cheanglas orthu faisnéis a nochtadh ar an maolú sin.

    (59)

    Tá fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar cheann de cholúin taca gheilleagar an Aontais mar gheall ar an ról bunúsach atá acu i leith fás eacnamaíoch a chruthú agus fostaíocht a sholáthar. Ós rud é gur lú an priacal sistéamach a iompraíonn FBManna ná corparáidí eile, ba cheart gur ísle na ceanglais chaipitil a bheadh ar FBManna ná mar a bheadh ar chorparáidí móra, chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc an cistiú is fearr is féidir ar na FBManna. Faoi láthair, tá risíochtaí FBManna suas le EUR 1,5 milliún faoi réir laghdú 23,81 % i méid risíochta atá ualaithe de réir priacail. Ós rud é nach léiríonn an tairseach sin EUR 1,5 milliún do risíocht FBManna athrú ar an bpriacal a bhaineann le FBM, ba cheart an laghdú ar cheanglais chaipitil a leathnú go gcumhdóidh sé risíochtaí FBManna a fhad le EUR 2,5 milliún agus ba cheart an chuid sin de risíocht FBM atá thar EUR 2,5 milliún a bheith faoi réir laghdú 15 % i gceanglais chaipitil.

    (60)

    Tá infheistíochtaí sa bhonneagar ríthábhachtach chun iomaíocht na hEorpa a neartú agus chun cruthú post a spreagadh. Tá téarnamh gheilleagar an Aontais agus an fás a thiocfaidh air amach anseo ag brath cuid mhór ar chaipiteal a bheith ar fáil le haghaidh infheistíochtaí straitéiseach ar an mbonneagar atá suntasach ar scála Eorpach, lena n-áirítear líonraí leathanbhanda agus fuinnimh chomh maith leis an mbonneagar iompair lena n-áirítear bonneagar leictrea-shoghluaisteachta, go háirithe i láir thionsclaíochta; oideachas, taighde agus nuálaíocht; fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh. Tá an Plean Infheistíochta don Eoraip dírithe ar chistiú breise a spreagadh le haghaidh tionscadail bhonneagair atá inmharthana trí, inter alia, foinsí príobháideacha cistiúcháin breise a chur i gcúrsaíocht. Is an t-ábhar imní atá ag roinnt infheisteoirí ionchasacha go síltear nach bhfuil tionscadail inmharthana ann agus gur beag an cumas atá ann priacal a mheas mar is ceart mar gheall ar iad a bheith casta ó nádúr.

    (61)

    Chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí i dtionscadail bhonneagair a spreagadh, tá sé ríthábhachtach timpeallacht rialála a leagan síos lenar féidir tionscadail bhonneagair ardcháilíochta a chur chun cinn agus priacail d'infheisteoirí a laghdú. Go háirithe, ba cheart ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar thionscadail bhonneagair a laghdú ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar critéar lenar féidir a bpróifíl priacail a laghdú agus intuarthacht na sreabh airgid thirim a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún an fhoráil maidir le tionscadail bonneagair ardcháilíochta a athbhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar: tionchar na forála ar an méid infheistíochtaí bonneagair a rinne institiúidí agus cáilíocht na n-infheistíochtaí i dtaca leis an gcuspóir atá ag an Aontas dul i dtreo geilleagar ísealcharbóin a bheidh seasmhach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach; agus a leordhóthanaí atá an fhoráil ó thaobh stuamachta de. Lena chois sin, ba cheart don Choimisiún a fhiafraí de féin ar cheart raon na bhforálacha sin a leathnú go gcumhdóidh sé infheistíochtaí bonneagair a dhéanann corparáidí.

    (62)

    Mar a mhol ÚBE, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus an Banc Ceannais Eorpach, ba cheart CLanna, mar gheall ar an tsamhail ghnó ar leith atá acu, a dhíolmhú ón gcóimheas luamhánaithe, toisc go bhfuil sé de cheanglas orthu ceadúnas baincéireachta a fháil chun rochtain a fháil ar shaoráidí bainc ceannais thar oíche agus chun a róil a chomhlíonadh mar phríomhéascaitheoirí cuspóirí tábhachtacha polaitiúla agus rialála in earnáil an airgeadais.

    (63)

    Ina theannta sin, risíochtaí TLUanna a údaraítear mar institiúidí creidmheasa agus risíochtaí institiúidí creidmheasa a ainmnítear i gcomhréir le Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), amhail iarmhéideanna airgid thirim a thagann as cuntais airgid a sholáthar do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús agus do shealbhóirí cuntais urrús, nó a thagann as cuntais airgid a ghlacadh ó na rannpháirtithe agus na sealbhóirí sin, ba cheart iad a eisiamh ó thomhas iomlán risíochtaí de dheasca nach gcruthaítear leo priacal luamhánaithe iomarcaigh mar úsáidtear na hiarmhéideanna airgid thirim sin chun idirbhearta a shocrú i gcórais socraíochta urrús.

    (64)

    Ós rud é gur sprioc-chaipitil ina léirítear ionchais mhaoirseachta í an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear i dTreoir 2013/36/AE, níor cheart í a bheith faoi réir nochtadh éigeantach ná toirmeasc ar nochtadh arna dhéanamh ag údaráis inniúla faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó faoin Treoir sin.

    (65)

    Chun a áirithiú go saineofar go hiomchuí roinnt forálacha teicniúla sonracha de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus chun go gcuirfear san áireamh forbairtí féideartha áirithe sna caighdeáin ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún: i dtaca leis an liosta de na táirgí nó na seirbhísí ar féidir a mheas go bhfuil a sócmhainní agus a ndliteanais idirspleách a leasú; i dtaca leis an liosta de na bainc forbartha iltaobhacha a leasú; i dtaca leis na ceanglais maidir le priacal margaidh a thuairisciú a leasú; agus i dtaca le ceanglais bhreise leachtachta a shonrú. Sula nglacfar na gníomhartha sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (66)

    Ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú leis na caighdeáin theicniúla. Ós rud é gur comhlacht é ÚBE a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, ba cheart sainordú a thabhairt dó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, le cur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart caighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt sna réimsí seo a leanas: comhdhlúthú stuamachta, cistí dílse, TLAC, láimhseáil risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe, infheistíochtaí cothromais i gcistí, ríomh an chaillteanais i gcás mainneachtana faoin gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha maidir le priacal creidmheasa, priacal margaidh, risíochtaí móra agus leachtacht. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart don Choimisiún agus do ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na caighdeáin agus na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na n-institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí.

    (67)

    Chun gur fusa nochtadh a chur i gcomparáid le nochtadh eile, ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh lena mbunófar teimpléid chaighdeánaithe nochta lena gcumhdófaí na ceanglais nochta shubstaintiúla uile a leagtar amach i Rialachán (AE) 575/2013. Agus é ag forbairt na gcaighdeán sin, ba cheart do ÚBE méid agus castacht na n-institiúidí chomh maith le nádúr agus leibhéal an phriacail a bhaineann lena ngníomhaíochtaí a chur san áireamh. Ba cheart do ÚBE tuairisciú ar an áit is féidir feabhas a chur ar phacáiste tuairiscithe maoirseachta an Aontais ó thaobh raoin, gráinneachta nó minicíochta de agus moltaí nithiúla, ar a laghad, a dhéanamh, maidir leis an dóigh chun meánchostais chomhlíonta na n-institiúidí beaga a laghdú 20 % nó níos mó agus iad a laghdú 10 %, ar a laghad, trí na ceanglais a shimpliú go hiomchuí. Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt a ghabhfaidh leis an tuarascáil sin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    (68)

    Chun gur fusa do na hinstitiúidí na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, agus na caighdeáin rialála teicniúla, na rialacha teicniúla cur chun feidhme, na treoirlínte agus na teimpléid arna nglacadh chun na rialacha sin a chur chun feidhme a chomhlíonadh chomh maith, ba cheart do ÚBE uirlis TF a fhorbairt a bheidh dírithe ar institiúidí a stiúradh trí na forálacha ábhartha, na caighdeáin, na treoirlínte agus na teimpléid de réir a méide agus a samhla gnó.

    (69)

    Chomh maith le tuairisc a dhéanamh maidir le laghduithe costais féideartha, faoi cheann 28 Meitheamh 2020, ba cheart do ÚBE - i gcomhar leis na húdaráis uile ábhartha, is é sin na húdaráis sin atá freagrach as maoirseacht stuamachta, as réiteach agus as scéimeanna ráthaithe taiscí agus go háirithe an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) — tuarascáil féidearthachta a chur i dtoll a chéile maidir le córas comhsheasmhach comhtháite a cheapadh le haghaidh sonraí staidrimh, sonraí réitigh agus sonraí stuamachta a bhailiú. Agus aird á tabhairt ar an obair a rinne CEBC roimhe seo maidir le bailiú sonraí, ba cheart, sa tuarascáil sin, anailís costas agus sochar a chur ar fáil maidir le pointe bailithe sonraí lárnach a chruthú do chóras tuairiscithe sonraí comhtháite a mhéid a bhaineann le sonraí staidrimh agus rialála le haghaidh na n-institiúidí uile atá lonnaithe san Aontas. Ba cheart, sa chóras sin, i measc rudaí eile, sainmhínithe agus caighdeáin chomhsheasmhacha a úsáid maidir leis na sonraí atá le bailiú, agus malartú faisnéise iontaofa buan idir na húdaráis inniúla a ráthú, lena n-áiritheofar rúndacht dhian na sonraí a bhaileofar, deimhniú láidir agus bainistiú ceart na rochtana ar an gcóras agus an a chibearshlándáil, chomh maith. Is é is aidhm leis an lárú agus an comhchuibhiú sin ar an bpróiseas tuairiscithe Eorpach, gan iarrataí iolracha atá comhchosúil nó comhionann a bheith á ndéanamh ag údaráis éagsúla agus leis sin, an t-ualach riaracháin agus airgeadais a laghdú go suntasach do na húdaráis inniúla agus do na hinstitiúidí araon. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus an tuarascáil féidearthachta le ÚBE á cur san áireamh, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    (70)

    Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na húdaráis ábhartha inniúla nó ainmnithe go seachnófaí aon fhoirm d'úsáid dhúbailteach nó neamh-chomhsheasmhach na gcumhachtaí macrastuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla nó ainmnithe ábhartha a mheas go cuí an bhfuil na bearta a dhéanann siad faoi Airteagal 124, 164 nó 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 dúbailteach nó neamh-chomhsheasmhach le bearta eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

    (71)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise na leasuithe ar láimhseáil risíochtaí ar CPLCanna, go sonrach na leasuithe ar láimhseáil ranníocaíochtaí institiúidí le cistí mainneachtana CPLCanna, a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart leasú a dhéanamh dá réir sin ar na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (14), forálacha a tugadh isteach sa Rialachán sin leis an Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ina leagtar amach go mionsonraithe ríomh caipitil hipitéisigh CPLanna a úsáideann na hinstitiúidí ansin chun a gceanglais cistí dílse a ríomh.

    (72)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana lena n-áirithítear ceanglais stuamachta atá i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais a dhaingniú agus a athscagadh, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, mar gheall ar a bhfairsinge agus ar a n-éifeachtaí, na cuspóirí sin a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (73)

    D'fhonn go mbeifear in ann dídhílsiú ordúil a dhéanamh ó shealúchais árachais nach bhfuil faoi réir maoirseacht fhorlíontach, ba cheart leagan leasaithe de na forálacha idirthréimhseacha i ndáil leis an díolúine ó shealúchais árachais a asbhaint i gcuideachtaí árachais a chur i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2019.

    (74)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:

    “Airteagal 1

    Raon feidhme

    Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta nach mór d'institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de phriacal creidmheasa, priacal margaidh, priacal oibriúcháin, priacal socraíochta agus luamhánú atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

    (b)

    ceanglais a chuireann teorainneacha le risíochtaí móra;

    (c)

    ceanglais leachtachta a bhaineann le priacal leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

    (d)

    ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c);

    (e)

    ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

    Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe a chomhlíonfaidh eintitis réitigh ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad nó cuid de G-SIInna agus fochuideachtaí suntasacha de G-SIInna neamh-AE.

    Ní rialaítear leis an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.

    Airteagal 2

    Cumhachtaí maoirseachta

    1.   D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis inniúla a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti agus sa Rialachán seo.

    2.   D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis réitigh a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti agus sa Rialachán seo.

    3.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanas incháilithe, oibreoidh údaráis inniúla agus údaráis réitigh i gcomhar le chéile.

    4.   Chun críocha comhlíonadh a áirithiú laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, áiritheoidh an Bord Aonair Réitigh, arna bhunú ag Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), agus an Banc Ceannais Eorpach, i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (*3) ón gComhairle, go ndéanfar faisnéis ábhartha a mhalartú go rialta iontaofa.

    (*1)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1)."

    (*3)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).”;"

    (2)

    Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    “(7)

    ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” nó “(GC)” GCUI mar a shainmhínítear é in Airteagal 1 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) nó ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

    (*4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32)."

    (*5)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).”;"

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

    “(20)

    ciallaíonn ‘cuideachta shealbhaíochta airgeadais’ institiúid airgeadais ar institiúidí airgeadais a fochuideachtaí uile nó an chuid is mó díobh agus nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í; is éard is fochuideachtaí de chuid institiúid airgeadais ann, institiúidí nó institiúidí airgeadais, den chuid is mó, ar institiúid ceann amháin díobh ar a laghad agus a mbaineann níos mó ná 50 % de chothromas, de shócmhainní comhdhlúite, d'ioncam nó de phearsanra na hinstitiúide airgeadais nó de tháscaire eile de chuid na hinstitiúide airgeadais sin a mheasann a húdarás inniúil atá ábhartha, le fochuideachtaí ar institiúidí nó institiúidí airgeadais iad;”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (26):

    “(26)

    ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ gnóthas seachas institiúid agus seachas cuideachta shealbhaíochta airgeadais, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí 2 go 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (4) d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear iad, faoi seach, i bpointí (f) agus (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE;

    (*6)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).”;"

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (28):

    “(28)

    ciallaíonn ‘máthairinstitiúid i mBallstát’ institiúid i mBallstát a bhfuil institiúid nó institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha mar fhochuideachta aici, a bhfuil rannpháirtíocht aici in institiúid, in institiúid airgeadais nó i ngnóthas seirbhísí coimhdeacha, agus nach bhfuil ina fochuideachta de chuid institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna”;

    (v)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(29a)

    ciallaíonn ‘máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát’ máthairinstitiúid i mBallstát ar gnólacht infheistíochta í;

    (29b)

    ciallaíonn ‘máthairghnólacht infheistíochta AE’ máthairinstitiúid AE ar gnólacht infheistíochta í;

    (29c)

    ciallaíonn ‘máthairinstitiúid chreidmheasa i mBallstát’ máthairinstitiúid i mBallstát ar institiúid creidmheasa í;

    (29d)

    ciallaíonn ‘máthairinstitiúid creidmheasa AE’ máthairinstitiúid AE ar institiúid creidmheasa í;”;

    (vi)

    i bpointe (39), cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “Ní mheastar gur grúpa cliant nasctha iad beirt nó triúr daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) mar go bhfuil siad risíochta go díreach ar CPL céanna chun críocha gníomhaíochtaí imréitigh;”;

    (vii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (41):

    “(41)

    ciallaíonn ‘maoirseoir comhdhlúthaithe’ údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE;”;

    (viii)

    i bpointe (71), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh i bpointe (b):

    “(b)

    chun críocha Airteagal 97, ciallaíonn sé suim na méideanna seo a leanas:”;

    (ix)

    i bpointe (72), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    is margadh rialáilte nó margadh tríú tír é a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7);

    (*7)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/AE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;"

    (x)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (86):

    “(86)

    ciallaíonn ‘leabhar trádála’ gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála, nó d'fhonn suíomhanna arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil a fhálú, i gcomhréir le hAirteagal 104;”;

    (xi)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (91):

    “(91)

    ciallaíonn ‘risíocht trádála’ risíocht reatha, lena n-áirítear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh ach nach bhfuarthas fós agus aon risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliaint ar CPL a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 301(1), mar aon le corrlach tosaigh;”;

    (xii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (96):

    “(96)

    ciallaíonn ‘fálú inmheánach’ suíomh lena bhfritháirítear na heilimintí priacail comhpháirtí idir suíomh sa leabhar trádála agus suíomh amháin nó níos mó sa leabhar neamhthrádála nó idir dhá dheasca trádála;”;

    (xiii)

    i bpointe (127), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúidí céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) nó tá siad cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach trí bhíthin líonra;”;

    (xiv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (128):

    “(128)

    ciallaíonn ‘ítimí indáilte’ méid an bhrabúis ag deireadh na bliana airgeadais deiridh móide aon bhrabús a thugtar ar aghaidh agus aon chúlchistí atá ar fáil chuige sin sula ndéanfar dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cistí dílse lúide aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh, aon bhrabúis atá neamh-indáilte de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta nó fhodhlíthe na hinstitiúide, agus aon suimeanna a chuirtear i gcúlchistí neamh-indáilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is nó le reachtanna na hinstitiúide, i ngach cás maidir le catagóir sonrach na n-ionstraimí cistí dílse lena mbaineann dlí an Aontais, an dlí náisiúnta, fodhlíthe na n-institiúidí nó reachtanna; agus brabúis, caillteanais agus cúlchistí den chineál sin á gcinneadh ar bhonn chuntas aonair na hinstitiúide seachas ar bhonn na gcuntas comhdhlúite;”;

    (xv)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(130)

    ciallaíonn ‘údarás réitigh’ údarás réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (18) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

    (131)

    ciallaíonn ‘eintiteas réitigh’ eintiteas réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83a) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

    (132)

    ciallaíonn ‘grúpa réitigh’ grúpa réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

    (133)

    ciallaíonn ‘institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi’ nó “G-SII” G-SII a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE;

    (134)

    ciallaíonn ‘institiúid dhomhanda neamh-AE a bhfuil tábhacht shistéamach léi “nó” G-SII neamh-’AE grúpa banc domhanda lena bhfuil tábhacht shistéamach nó banc (G-SIBanna) nach G-SII é agus atá ar liosta na G-SIBanna a fhoilsíonn an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta;

    (135)

    ciallaíonn ‘fochuideachta ábhartha’ fochuideachta a chomhlíonann, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    sealbhaíonn an fhochuideachta níos mó ná 5 % de shócmhainní comhdhlúite atá ualaithe ó thaobh priacal a máthairghnóthais bunaidh;

    (b)

    gineann an fhochuideachta níos mó ná 5 % d'ioncam oibriúcháin iomlán a máthairghnóthais bunaidh;

    (c)

    is mó tomhas iomlán na risíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo, atá ag an bhfochuideachta ná 5 % de thomhas comhdhlúite iomlán na risíochtaí atá ag a máthairghnóthas bunaidh;

    chun cinneadh cé hí an fhochuideachta ábhartha, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, glacfar leis an dá mháthairghnóthas idirmheánacha de chuid an Aontais mar fhochuideachta aonair ar bhonn a gcáis chomhdhlúite;

    (136)

    ciallaíonn ‘eintiteas G-SII’ eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus ar G-SII nó cuid de G-SII nó de G-SII neamh-AE é;

    (137)

    ciallaíonn ‘uirlis díluachála fiachais’ uirlis díluachála fiachais mar a shainmhínítear í i bpointe (57) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/(AE);

    (138)

    ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa de ghnóthais ar institiúid é gnóthas amháin acu ar a laghad agus atá déanta de mháthairghnóthas agus dá fochuideachtaí, nó de ghnóthais a bhfuil baint acu lena chéile mar a leagtar amach ina Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle (*8);

    (139)

    ciallaíonn ‘idirbheart maoinithe urrús’‘idirbheart athcheannaigh’, idirbheart lena dtugtar nó lena bhfaightear urrúis nó tráchtearraí ar iasacht, nó idirbheart lena dtugtar corrlach ar iasacht;

    (140)

    ciallaíonn ‘corrlach tosaigh’ nó ‘CT’ aon chomhthaobhacht, seachas an corrlach athrúcháin, a bailíodh ó eintiteas nó a postáladh chuige chun an risíocht atá ann faoi láthair agus an risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí ar idirbheart nó punann idirbheart le linn na tréimhse is gá chun na hidirbhearta sin a leachtú nó chun a bpriacal margaidh a athfhálú, tar éis mhainneachtain an chontrapháirtí san idirbheart nó i bpunann na n-idirbheart;

    (141)

    ciallaíonn ‘priacal margaidh’ an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar phraghsanna margaidh, lena n-áirítear rátaí malairte eachtraí nó praghsanna tráchtearraí;

    (142)

    ciallaíonn ‘priacal malairte eachtraí’ an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar rátaí malairte eachtraí;

    (143)

    ciallaíonn ‘priacal tráchtearraí’ an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar phraghsanna tráchtearraí;

    (144)

    ciallaíonn ‘deasc trádála’, grúpa déileálaithe léir-shainaitheanta arna chur ar bun ag an institiúid chun comhbhainistiú a dhéanamh ar phunann de shuíomhanna leabhair trádála i gcomhréir le straitéis ghnó chomhsheasmhach dhea-shainithe agus é ag oibriú faoin aon struchtúr bainistithe priacail amháin;

    (145)

    ciallaíonn “institiúid bheag neamhchasta” institiúid a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    nach institiúid mhór í;

    (b)

    tá luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar an meán, cothrom le tairseach EUR 5 bhilliún thar an tréimhse ceithre bliana atá díreach roimh an tréimhse bhliantúil reatha tuairiscithe nó níos lú ná an tairseach sin; Is ceadmhach do Bhallstáit an tairseach sin a ísliú;

    (c)

    níl sí faoi réir aon oibleagáidí, nó tá sí faoi réir oibleagáidí simplithe, i ndáil leis an bpleanáil téarnaimh agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2014/59/AE;

    (d)

    rangaítear a gnó leabhar trádála mar ghnó beag de réir bhrí Airteagal 94(1);

    (e)

    ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthacha arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil ná 2 % d'iomlán á sócmhainní laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthach ná 5 %, i gcás ina ríomhfar an dá luach sin i gcomhréir le hAirteagal 273a(3);

    (f)

    baineann corradh le 75 % de shócmhainní iomlána agus comhdhlúite na hinstitiúide agus de dhliteanais iomlána chomhdhlúite na hinstitiúide, cé is moite de na risíochtaí laistigh de ghrúpa sa dá chás, baineann siad le gníomhaíochtaí le contrapháirtithe atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

    (g)

    ní úsáideann an institiúid samhlacha inmheánacha chun freastal ar na ceanglais stuamachta i gcomhréir leis an Rialachán seo cé is moite d'fhochuideachtaí a bhaineann úsáid as samhlacha inmheánacha a forbraíodh ar leibhéal an ghrúpa, ar choinníoll go bhfuil an grúpa faoi réir na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 433a nó in Airteagal 433c ar leibhéal comhdhlúite;

    (h)

    níor cuireadh agóid in iúl don údarás inniúil ag an institiúid i gcoinne a rangaithe mar institiúid bheag neamhchasta;

    (i)

    ní dhearna an t-údarás inniúil cinneadh nach measfar an institiúid a bheith mar institiúid bheag neamhchasta ar bhonn anailís ar a méid, a hidirnascacht, a castacht nó ar a próifíl priacail;

    (146)

    ciallaíonn ‘institiúid mhór’ institiúid a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is ‘G-SII’ í;

    (b)

    sainaithníodh í mar institiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach léi (O-SII) i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE;

    (c)

    tá sí, sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe, ar na trí institiúid is mó de réir luach iomlán na sócmhainní;

    (d)

    is comhionann le EUR 30 billiún nó níos mó ná sin é luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn a cáis chomhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE;

    (147)

    ciallaíonn ‘fochuideachta mhór’ cuideachta a cháilíonn mar institiúid mhór;

    (148)

    ciallaíonn ‘institiúid neamhliostaithe’ institiúid nár eisigh urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte d'aon Bhallstát, de réir bhrí phointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (149)

    ciallaíonn ‘tuarascáil airgeadais’, chun chríocha Chuid a hOcht, tuarascáil airgeadais de réir bhrí Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9).

    (*8)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19)."

    (*9)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).”;"

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “4.   Déanfaidh ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar cé hiad na cásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (39) de mhír 1.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (3)

    leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht, a Seacht A agus a hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh ar bhonn aonair, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.   De mhaolú ar mhír 1 den Rialachán seo, is institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh, ar G-SIInna iad nó atá mar chuid de G-SII freisin, agus nach bhfuil fochuideachtaí acu, agus na hinstitiúidí sin amháin a chomhlíonfaidh an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92a ar bhonn aonair.

    Comhlíonfaidh fochuideachtaí ábhartha de G-SII neamh-AE Airteagal 92b ar bhonn aonair i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    ní eintitis réitigh iad;

    (b)

    níl fochuideachtaí acu;

    (c)

    ní fochuideachtaí iad de mháthairinstitiúid AE.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:

    “3.   Maidir le haon institiúid ar máthairghnóthas í nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 ar bhonn aonair.

    4.   Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.

    Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas Airteagal 413(1) agus na ceanglais ghaolmhara maidir le tuairisciú leachtachta a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh:

    (a)

    institiúidí atá údaraithe freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

    (b)

    institiúidí atá údaraithe freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontú aibíochta suntasach; agus

    (c)

    institiúidí atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta do sheirbhísí a thairiscint do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin, ar seirbhísí de chineál baincéireachta iad a liostaítear i bpointí (a) go (e) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin; agus

    (ii)

    nach ndéanann siad aon tiontú aibíochta suntasach.

    Go dtí go dtíolacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(3), is ceadmhach d'údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) a chomhlíonadh agus cineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí á gcur san áireamh.

    5.   Ní bheidh sé de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagail 95(1) agus 96(1) den Rialachán seo, ar institiúidí dár fheidhmigh na húdaráis inniúla an maolú a shonraítear in Airteagal 7(1) nó (3) den Rialachán seo, ar institiúidí atá údaraithe, freisin, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó ar institiúidí atá údaraithe, freisin, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Seacht agus na ceanglais tuairiscithe gaolmhara um chóimheas luamhánaithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

    (*10)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíoch urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).”;"

    (4)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    déanfaidh an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fo-chomhdhlúite, maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna leachtachta gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa atá faoi réir na tarscaoilte, déanfaidh sí faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna cistiúcháin gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, agus áiritheoidh sí go mbeidh leibhéal leordhóthanach leachtachta ann agus, i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, go mbeidh leibhéal leordhóthanach cistiúcháin chobhsaí ann i gcomhair na n-institiúidí sin uile;”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

    “(b)

    dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas maidir le cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (LCR) mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus dáileadh méideanna agus suíomh an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;

    (c)

    cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid sócmhainní leachtacha atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas LCR a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “6.   Sa chás, i gcomhréir leis an Airteagal seo, go dtarscaoileann údarás inniúil, go páirteach nó go hiomlán, cur i bhfeidhm Chuid a Sé d'institiúid, féadfaidh sé cur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe leachtachta gaolmhar faoi phointe (d) d'Airteagal 430(1) a tharscaoileadh freisin don institiúid sin.”;

    (5)

    in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhrása thosaigh na chéad fhomhíre:

    “1.   Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCodanna a Dó go hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a tharscaoileadh go páirteach nó go hiomlán d'institiúid chreidmheasa amháin nó níos mó atá suite sa Bhallstát céanna agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu agus atá bunaithe sa Bhallstát céanna, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”;

    (6)

    leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    “1.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí i mBallstát, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht agus a Seacht A ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1). Bunóidh na máthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil iomchuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí is gá chun an comhdhlúthú a phróiseáil go hiomchuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú iomchuí a áirithiú.

    2.   Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais an Rialacháin seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh na téarmaí ‘institiúid’, ‘máthairinstitiúid i mBallstát’, ‘máthairinstitiúid AE’ agus ‘máthairghnóthas’, de réir an cháis, tagairt freisin don mhéid a leanas:

    (a)

    cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a de Threoir 2013/36/AE;

    (b)

    institiúid ainmnithe a rialaíonn máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcás nach mbíonn an mháthairchuideachta sin faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE;

    (c)

    cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid a ainmnítear i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 21a(6) de Threoir 2013/36/AE.

    Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach mbíonn faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.”;

    (b)

    scriostar mír 3;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar G-SIInna, cuid de G-SII nó cuid de G-SII neamh-AE iad agus iad sin amháin a chomhlíonfaidh Airteagal 92a den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo.

    Is máthairghnóthais de chuid an Aontais Eorpaigh ar fochuideachta iad de G-SII neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, agus iadsan amháin, a chomhlíonfaidh Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an dá mháthairghnóthas idirmheánacha AE faoi seach, ar sainaithníodh go comhpháirteach iad mar fhochuideachta ábhartha, Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

    “4.   Comhlíonfaidh máthairghnóthais AE Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite má bhíonn institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa agus iad údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar. Go dtí go dtíolacfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 508(2) den Rialachán seo, agus i gcás nach mbeidh ach gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa, féadfaidh údaráis inniúla máthairghnóthais AE a dhíolmhú ó chomhlíonadh Chuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite, agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.

    Má tugadh tarscaoileadh faoi ‘Airteagal 8(1) go (5) déanfaidh na hinstitiúidí agus, más infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha ar cuid iad d'fhoghrúpa leachtachta Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite leachtacht an fhoghrúpa.

    5.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a Dó go Cuid a hOcht den Rialachán seo agus Chaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ar bhonn chás comhdhlúite an iomláin arb éard atá ann an comhlacht lárnach i dteannta a institiúidí cleamhnaithe.

    6.   De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, agus gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr shonraíochtaí priacail nó struchtúr caipitil institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglófar go ndéanfar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó go dtí a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite.

    Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.”;

    (7)

    scriostar Airteagal 12;

    (8)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 12a

    Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh

    I gcás inar eintiteas réitigh dhá eintiteas G-SII ar a laghad ar leis an aon G-SII iad, ríomhfaidh máthairinstitiúid AE an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo. Déanfar an ríomh sin ar bhonn chás comhdhlúite mháthairinstitiúid AE amhail dá mba é an t-aon eintiteas réitigh amháin de chuid an G-SII sin é.

    I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Rialachán seo níos lú ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, gníomhóidh na húdaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagail 45d(3) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.

    I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Airteagal seo níos mó ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhú i gcomhréir le hAirteagail 45d(3) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.”;

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 13 agus 14:

    “Airteagal 13

    Cur i bhfeidhm ceanglais maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite

    1.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a hOcht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.

    Nochtfaidh fochuideachtaí móra máthairinstitiúidí AE an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451, 451a agus 453 ar bhonn aonair nó, más infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar bhonn fo-chomhdhlúite.

    2.   Déanfaidh institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar G-SIInna nó atá mar chuid de G-SII Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 a chomhlíonadh ar bhonn cás comhdhlúite a ngrúpa réitigh.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir le máthairinstitiúidí AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha AE, nó eintitis réitigh má áirítear iad laistigh de nochtaí coibhéiseacha ar bhonn comhdhlúite ag máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír.

    Beidh feidhm ag an dara fomhír de mhír 1 maidir le fochuideachtaí máthairghnóthas atá suite i dtríú tír ina bhfuil na fochuideachtaí sin cáilithe mar fhochuideachtaí móra.

    4.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin rialacha Chuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an chomhlachta lárnaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) maidir leis an gcomhlacht lárnach agus láimhseálfar na hinstitiúidí cleamhnaithe mar fhochuideachtaí de chuid an chomhlachta lárnaigh.

    Airteagal 14

    Ceanglais Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite

    1.   Cuirfear de cheangal ar mháthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, lena áirithiú go bhfuil na socruithe, na próisis agus na sásraí a cheanglaítear leis na forálacha sin comhsheasmhach agus comhtháite agus gur féidir aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuireann fochuideachtaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha sin.

    2.   Cuirfidh institiúidí ualú priacail breise i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 270a den Rialachán seo nuair a bheidh Airteagal 92 den Rialachán seo á chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite, má sháraítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 ag leibhéal eintitis atá bunaithe i dtríú tír agus a áirítear sa chomhdhlúthú de réir Airteagal 18 den Rialachán seo má tá an sárú ábhartha de réir phróifíl priacail foriomlán an ghrúpa.”;

    (10)

    in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhrása thosaigh na chéad fhomhíre:

    “1.   Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ar bhonn an cháis, cur i bhfeidhm Chuid a Trí agus na ceanglais tuairiscithe ghaolmhara i gCuid a Seacht A den Rialachán seo agus Chaibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a tharscaoileadh ar bhonn comhdhlúite, ar an gcoinníoll go bhfuil na coinníollacha seo a leanas ann:”;

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

    “Airteagal 16

    Maolú ar chur i bhfeidhm cheanglais an chóimheasa luamhánaithe ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

    I gcás inar gnólachtaí infheistíochta atá díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(5) iad gach eintiteas i ngrúpa de ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear an máthaireintiteas, féadfaidh an máthairghnólacht infheistíochta a shocrú gan na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht agus ceanglais ghaolmhara um chóimheas luamhánaithe a thuairisciú a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite.”

    (12)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

    “Airteagal 18

    Modhanna comhdhlúthaithe stuamachta

    1.   Na hinstitiúidí, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 1 a chomhlíonadh, ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú iomlán ar gach institiúid agus institiúid airgeadais atá ina bhfochuideachtaí aige, nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha. Ní bheidh feidhm ag míreanna 3 go 6 agus mír 9 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh feidhm ag Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) ar bhonn cás comhdhlúite institiúide, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, nó ar bhonn cás fo-chomhdhlúite foghrúpa leachtachta mar a leagtar amach in Airteagail 8 agus 10.

    Chun críocha Airteagal 11(3a), na hinstitiúidí nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a nó 92b a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú ar na hinstitiúidí agus na hinstitiúidí airgeadais uile arb iad a bhfochuideachtaí iad sna grúpaí réitigh ábhartha.

    2.   Áireofar gnóthais seirbhísí coimhdeachta sa chomhdhlúthú sna cásanna a leagtar síos san Airteagal seo agus de réir na modhanna a leagtar síos san Airteagal seo.

    3.   I gcás ina bhfuil baint ag gnóthais lena chéile de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/CE, socróidh na húdaráis inniúla conas a dhéanfar comhdhlúthú.

    4.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe de cheangal go ndéanfar an comhdhlúthú comhréireach de réir na scaire caipitil a shealbhaíonn rannpháirtíochtaí in institiúidí agus in institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina mbeidh dliteanas na ngnóthas sin teoranta don scair den chaipiteal atá ina seilbh.

    5.   I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4, cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é. Go háirithe, féadfaidh siad úsáid an mhodha cothromais a cheadú nó a cheangal. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    6.   Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus

    (b)

    i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin más de bhun conartha, ar bhonn clásail atá ina meabhráin nó ar bhonn a n-airteagal comhlachais a dhéantar an méid sin.

    Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha a ndéantar foráil dó in Airteagal 22(7), (8) agus (9) de Threoir 2013/34/CEE a cheadú nó a éileamh. Ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    7.   I gcás ina bhfuil fochuideachta ag institiúid ar gnóthas é nach institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha an gnóthas sin, nó i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i ngnóthas den sórt sin, beidh feidhm ag an modh cothromais leis an bhfochuideachta sin nó leis an rannpháirtíocht sin. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d'institiúidí nó a éileamh orthu modh éagsúil a chur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí nó rannpháirtíochtaí den chineál sin, lena n-áirítear an modh a cheanglaítear faoin gcreat cuntasaíochta infheidhme, ar choinníoll go ndéanfar an méid a leanas:

    (a)

    nach bhfuil an modh cothromais á chur i bhfeidhm cheana ar an 28 Nollaig 2020;

    (b)

    gur róthrom an t-ualach an modh cothromais a chur i bhfeidhm nó nach léirítear go leordhóthanach leis an modh cothromais na priacail don institiúid ón ngnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír; agus

    (c)

    nach mbíonn comhdhlúthú iomlán nó cionmhar ar an ngnóthas sin mar thoradh ar an modh a chuirtear i bhfeidhm.

    8.   Féadfaidh údaráis inniúla comhdhlúthú iomlán nó cionmhar a cheangal ar fhochuideachta nó ar ghnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    ní gnóthas árachais, gnóthas árachais tríú tír, gnóthas athárachais, gnóthas athárachais tríú tír, cuideachta shealbhaíochta árachais nó gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin é an gnóthas;

    (b)

    tá baol suntasach ann go gcinnfidh an institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don ghnóthas sin agus é i gcruachás, in éagmais aon oibleagáidí conarthacha nó sa bhreis ar aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil.

    9.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a gcuirfear an comhdhlúthú i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 3 go 6 agus mír 8.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (13)

    Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 22

    “Airteagal 22

    Fo-chomhdhlúthú i gcás eintitis i dtríú tíortha

    1.   Déanfaidh fo-institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 89, 90 agus 91 agus i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht agus na ceanglais ghaolmhara tuairiscithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A a chur i bhfeidhm ar bhonn a gcáis fho-chomhdhlúite má tá institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta i dtríú tír acu nó má tá rannpháirtíocht i ngnóthas den chineál sin ina seilbh.

    2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh fo-institiúidí a roghnú gan na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 89, 90 agus 91 agus i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht agus na ceanglais ghaolmhara tuairiscithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A a chur i bhfeidhm ar bhonn a gcáis fho-chomhdhlúite más lú ná 10 % de mhéid iomlán na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe atá ag an bhfo-institiúid méid iomlán na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe atá ag a bhfochuideachta agus ag a rannpháirtíochtaí sna tríú tíortha.”;

    (14)

    i gCuid a Dó, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE”;

    (15)

    in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar a bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag eisiúintí ionstraimí caipitil. Ní aicmeoidh na hinstitiúidí eisiúintí ionstraimí caipitil mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin tar éis cead a fháil ó na húdaráis inniúla.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na hinstitiúidí eisiúintí a dhéanfar ina dhiaidh sin i bhfoirm ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dár tugadh cead don institiúid cheana féin, a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar ar dá choinníoll seo a leanas:

    (a)

    gurb ionann, a bheag nó a mhór, na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin agus na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin dár tugadh cead don institiúid cheana féin;

    (b)

    gur thug na hinstitiúidí fógra luath go leor do na húdaráis inniúla faoi na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin sula ndéanfar iad a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1.

    Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE sula dtabharfaidh siad an cead sin le haghaidh cineálacha nua ionstraimí caipitil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar thuairim ÚBE agus, i gcás ina gcinnfidh siad imeacht uaithi, scríobhfaidh siad chuig ÚBE laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighidh siad tuairim ÚBE, d'fhonn an réasúnaíocht ba bhun leis an imeacht sin uaithi a leagan amach. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.

    Ar bhonn na faisnéise a bhailítear ó na húdaráis inniúla, déanfaidh ÚBE liosta d'fhoirmeacha uile ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfaidh ÚBE aon fhaisnéis a bhailiú i ndáil le hionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a mheasann sé is gá chun a bhunú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29 den Rialachán seo, agus d'fhonn an liosta dá dtagraítear san fhomhír seo a chothabháil agus a nuashonrú.

    I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh de réir an phróisis a leagtar amach in Airteagal 80, agus i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann na hionstraimí caipitil ábhartha na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, nó gur scoir siad den chomhlíonadh sin, is ceadmhach do ÚBE a chinneadh gan na hionstraimí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a chur leis an liosta sin nó iad a bhaint den liosta, de réir an cháis. Tabharfaidh ÚBE fógra chun na críche sin ina dtagrófar freisin do sheasamh an údaráis inniúil ábhartha i leith an ábhair féin. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.”;

    (16)

    leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    tá na hionstraimí láníoctha agus ní dhéanann an institiúid, go díreach nó go hindíreach, éadáil úinéireacht na n-ionstraimí sin a chistiú;”;

    (ii)

    cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Gnáthchothromais Leibhéal 1.”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

    “Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (h)(v) den chéad fhomhír de mhír 1 d'ainneoin fochuideachta a bheith faoi réir comhaontú leis an máthairghnóthas maidir le brabús agus caillteanas a aistriú, ar dá réir a bhfuil sé d'oibleagáid ar an bhfochuideachta an toradh bliantúil a aistriú chuig an máthairghnóthas, tar éis di a ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:

    (a)

    gur leis an máthairghnóthas 90 %, nó níos mó, de chearta vótála agus de chaipiteal na fochuideachta;

    (b)

    go bhfuil an máthairghnóthas agus an fhochuideachta lonnaithe sa Bhallstát céanna;

    (c)

    gur chun críocha dlisteanacha cánach a tugadh an comhaontú i gcrích;

    (d)

    go bhfuil sé de rogha ag an bhfochuideachta suim na ndáileachán a laghdú, agus an ráiteas airgeadais bliantúil á ullmhú aici, trí chuid dá brabús nó an brabús ar fad a leithdháileadh ar a cúlchistí dílse nó ar a cistí do phriacal baincéireachta ginearálta sula ndéanfaidh sí aon íocaíocht leis an máthairghnóthas;

    (e)

    go bhfuil sé d'oibleagáid ar an máthairghnóthas faoin gcomhaontú sin an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí;

    (f)

    go bhfuil an comhaontú faoi réir tréimhse fógra ar dá réir is féidir an comhaontú a fhoirceannadh faoi dheireadh na bliana cuntasaíochta, agus faoi sin amháin, agus éifeacht ag an bhfoirceannadh sin tráth nach luaithe ná tosach na bliana cuntastaíochta dár gcionn, rud a fhágann nach dtagann aon athrú ar an oibleagáid atá ar an máthairghnóthas an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí le linn na bliana cuntasaíochta reatha.

    I gcás ina bhfuil comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta ag institiúid, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil gan mhoill agus cuirfidh sí cóip den chomhaontú ar fáil don údarás inniúil. Tabharfaidh an institiúid fógra freisin don údarás inniúil gan mhoill má thagann aon athrú ar an gcomhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú agus má fhoirceanntar é. Ní dhéanfaidh institiúid níos mó ná aon chomhaontú amháin maidir le brabús agus caillteanas a aistriú.”;

    (17)

    in Airteagal 33(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir ar dhliteanais díorthach de chuid na hinstitiúide as a dtagann athruithe ar priacal creidmheasa dhílis na hinstitiúide sin.”;

    (18)

    leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    sócmhainní doláimhsithe cé is moite de bhogearraí a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach;”;

    (ii)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(n)

    i gcás gealltanas íosluacha dá dtagraítear in Airteagal 132c(2), suim ar bith lena dtagann margadhluach reatha i gcás aonad nó scaireanna in GCanna agus a fholuíonn an gealltanas íosluacha, lena dtagann sin gann ar luach reatha an ghealltanais íosluacha agus nach bhfuil laghdú aitheanta cheana féin ag an institiúid ina leith i gcás ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cur i bhfeidhm na n-asbhaintí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a shonrú, lena n-áirítear ábharthacht na n-éifeachtaí diúltacha ar an luach nach ábhar imní iad ó thaobh stuamachta de.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (19)

    cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 37:

    “(c)

    bainfear méid na hathluachála cuntasaíochta ar shócmhainní doláimhsithe na gcuideachtaí arna dhíorthú ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith daoine seachas na gnóthais atá sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, bainfear an méid sin den mhéid atá le hasbhaint.”;

    (20)

    in Airteagal 39(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití sa chéad fhomhír:

    “Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a cruthaíodh roimh 23 Samhain 2016 agus a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:”;

    (21)

    in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):

    “(i)

    dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;”;

    (22)

    leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

    “Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a bheifear ag ríomh cistí dílse chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b, rud a ríomhfar i gcomhréir leis an gcreat asbhainte a leagtar amach in Airteagal 72e(4).”;

    (b)

    leasaítear mír 3 mar a leanas:

    (i)

    i bpointe (a)(iv), cuirtear na méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:

    “Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar amach sna ceanglais theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7).”;

    (ii)

    i bpointe (a)(v), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    “(v)

    comhlíonann na hinstitiúidí atá ar áireamh i scéim chosanta institiúideach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán fadaithe agus déanann siad comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430.”;

    (23)

    leasaítear Airteagal 52(1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha go hiomlán;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití de phointe (b):

    “(b)

    ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    “(h)

    i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar fhuascailt, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

    “(j)

    ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;”;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):

    “(p)

    i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;

    i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;”;

    (g)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(q)

    i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;

    (r)

    níl na hionstraimí faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.”;

    (h)

    cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1.”;

    (24)

    cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 54(1):

    “(e)

    i gcás ina n-eisíonn gnóthas fochuideachta atá bunaithe i dtríú tír na hionstraimí Leibhéal 1 Breise, déanfar an truicear dar méid 5,125 % nó níos airde, dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin nó leis na forálacha conarthacha lena rialaítear na hionstraimí, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, go bhfuil na forálacha sin comhionann, ar a laghad, leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.”;

    (25)

    in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):

    “(i)

    dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;”;

    (26)

    in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 64;”;

    (27)

    leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

    “Cáileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha ina n-iomláine;”;

    (c)

    i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

    “(b)

    ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):

    “(c)

    ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;

    (d)

    tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí rangaithe faoi bhun aon éilimh ó ionstraimí dliteanas incháilithe;”;

    (e)

    i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “(e)

    níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíocht lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:”;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) go (n):

    “(f)

    níl na hionstraimí faoi réir aon socrú a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí;

    (g)

    tá aibíocht bunaidh cúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí;

    (h)

    sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, níl aon dreasacht do na hinstitiúidí chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, mar is infheidhme, roimh thráth a n-aibíochta;

    (i)

    i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;

    (j)

    ní fhéadfar na hionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78(4);

    (k)

    ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;

    (l)

    ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;

    (m)

    ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;

    (n)

    i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;

    i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;”;

    (g)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(o)

    i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;

    (p)

    níl na hionstraimí faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.”;

    (h)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “Chun críocha phointe (a) den chéad mhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Leibhéal 2.”;

    (28)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

    “Airteagal 64

    Ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh

    1.   Measfar gur ítimí Leibhéal 2 méid iomlán ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair os cionn cúig bliana.

    2.   Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Leibhéal 2 mar ítimí Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d'aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:

    (a)

    roinntear suim ainmniúil na n-ionstraimí ar an gcéad lá den tréimhse deiridh cúig bliana dá n-aibíocht chonarthach ar líon na laethanta sa tréimhse sin;

    (b)

    líon na laethanta d'aibíocht chonarthach atá fágtha maidir leis na hionstraimí.”;

    (29)

    in Airteagal 66, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(e)

    méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72e a sháraíonn ítimí dliteanas incháilithe na hinstitiúide.”;

    (30)

    in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):

    “(i)

    dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;”;

    (31)

    cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 72:

    CAIBIDIL 5a

    Dliteanais incháilithe

    Roinn 1

    Ítimí agus ionstraimí dliteanas incháilithe

    Airteagal 72a

    Ítimí dliteanas incháilithe

    1.   Is iad na nithe seo a leanas a bheidh ina n-ítimí dliteanas incháilithe, mura bhfuil siad in aon cheann de na catagóirí de dhliteanais eisiata a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 72c:

    (a)

    ionstraimí dliteanas incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2;

    (b)

    Ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 64.

    2.   Eisiafar na dliteanais seo a leanas ó ítimí dliteanas incháilithe:

    (a)

    taiscí cumhdaithe;

    (b)

    taiscí ar amharc agus taiscí gearrthéarma a bhfuil a n-aibíocht bunaidh faoi bhun bliain amháin;

    (c)

    an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11);

    (d)

    taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí lonnaithe lasmuigh den Aontas ó institiúidí atá bunaithe san Aontas;

    (e)

    dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus ar cuid lárnach iad den chomhthiomsú cumhdaigh agus dhéantar a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, ar choinníoll nach ndéanfar difear d'aon sócmhainní urraithe a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh agus go leanfar dá ndóthain cistiúcháin a thabhairt dóibh agus seachas aon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith ar mó é ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe;

    (f)

    aon dliteanas a thagann chun cinn mar gheall ar shócmhainní cliaint nó airgead cliaint i seilbh lena n-áirítear sócmhainní cliaint agus airgead cliaint atá i seilbh ar son gnóthais chomhinfheistíochta, ar choinníoll ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;

    (g)

    aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir an t-eintiteas réitigh nó aon cheann dá fhochuideachtaí (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;

    (h)

    dliteanais d'institiúidí, gan dliteanais d'eintitis ar cuid den ghrúpa céanna iad a áireamh, a bhfuil aibíocht bunaidh níos lú ná seacht lá acu;

    (i)

    dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do na heintitis seo a leanas:

    (i)

    córais nó oibreoirí córas a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12);

    (ii)

    rannpháirtithe i gcóras a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE agus a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcóras den sórt sin; nó

    (iii)

    CPL tríú tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

    (j)

    dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:

    (i)

    Fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála agus seachas an chomhchuid inathraithe de luach saothair glacadóirí priacail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE;

    (ii)

    creidiúnaí tráchtála nó trádála má thagann an dliteanas as soláthar, don institiúid nó don mháthairghnóthas, earraí nó seirbhísí a bhfuil gá leo chun go bhfeidhmeodh oibríochtaí na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;

    (iii)

    údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;

    (iv)

    scéimeanna ráthaithe taiscí má thagann an dliteanas as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE;

    (k)

    dliteanais a thagann as díorthaigh;

    (l)

    dliteanais a thagann as ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe.

    Chun críocha phointe (l) den chéad fhomhír, ionstraimí fiachais ina bhfuil roghanna ar luathfhuascailt is féidir a fheidhmiú de réir rogha an eisitheora nó an tsealbhóra, agus ionstraimí fiachais ag a bhfuil ús athraitheach a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go leitheadach amhail Euribor nó Libor, ní mheasfar gur ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe iad ar bhonn gnéithe den sórt sin amháin.

    Airteagal 72b

    Ionstraimí dliteanas incháilithe

    1.   Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a mhéid a shonraítear san Airteagal seo.

    2.   Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:

    (a)

    eisíonn institiúid go díreach nó faigheann institiúid na dliteanais, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;

    (b)

    ní le haon cheann díobh seo a leanas na dliteanais:

    (i)

    institiúid nó eintiteas atá sa ghrúpa réitigh céanna;

    (ii)

    gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht dhíreach nó indíreach ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireacht dhíreach, nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin;

    (c)

    ní dhéanann an t-eintiteas réitigh éadáil úinéireacht na ndliteanas a chistiú go díreach nó go hindíreach;

    (d)

    tá an t-éileamh ar phríomhshuim na ndliteanas faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2); measfar gur comhlíonadh an ceanglas fo-ordúcháin sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (i)

    sonraíonn na forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;

    (ii)

    sonraítear sa dlí is infheidhme go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;

    (iii)

    is eintiteas réitigh nach bhfuil aon dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe nó níos sóisearaí ná iad ar a chlár comhordaithe a eisíonn na hionstraimí;

    (e)

    níl na dliteanais urraithe, ná faoi réir ráthaíochta ná aon socrú eile lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh, ag aon cheann díobh seo a leanas:

    (i)

    institiúid nó a fochuideachtaí;

    (ii)

    máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

    (iii)

    aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii);

    (f)

    níl na dliteanais faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas i gcás réitigh;

    (g)

    ní áirítear sna forálacha lena rialaítear na dliteanais aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach roimh a n-aibíocht nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(3);

    (h)

    níl féidir le sealbhóirí na n-ionstraimí na dliteanais a fhuascailt roimh thráth a n-aibíochta, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);

    (i)

    faoi réir Airteagal 72c(3) agus (4), i gcás ina n-áirítear leis na dliteanais luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);

    (j)

    ní fhéadfar na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 77 agus 78a;

    (k)

    ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na dliteanais go ndéanfadh an t-eintiteas réitigh dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;

    (l)

    ní thugann na forálacha lena rialaítear na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis réitigh;

    (m)

    ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na dliteanais, de réir mar is infheidhme, ar bhonn sheasamh creidmheasa an eintitis réitigh nó a mháthairghnóthas;

    (n)

    i gcás ionstraimí a eisítear tar éis 28 Meitheamh 2021, luafar go sainráite sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann leis an eisiúint, go bhféadfaí an chumhacht díluachála agus comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir 2014/59/AE.

    Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach na codanna sin de na dliteanais atá íoctha go hiomlán i dteideal a gcáilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe.

    Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil roinnt de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta, ar an ábhar, inter alia, go bhfuil siad á sealbhú ag creidiúnaí a bhfuil dlúthnaisc aige leis an bhféichiúnaí, go bhfuil, nó go raibh, an creidiúnaí ina scairshealbhóir, i ngaolmhaireacht rialaithe nó grúpa, gur comhalta den chomhlacht bainistíochta an creidiúnaí nó go bhfuil an creidiúnaí bainteach le haon duine de na daoine sin, ní dhéanfar an fo-ordú a mheas trí thagairt d'éilimh a éiríonn as dliteanais eisiata den sórt sin.

    3.   Le cois na ndliteanas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanas go dtí méid comhiomlán nach mó ná 3,5 % de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4), ar choinníoll:

    (a)

    go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2;

    (b)

    go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) cé is moite de dhliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo; agus

    (c)

    nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, priacal ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.

    4.   Féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go ndéantar an méid a leanas:

    (a)

    nach gceadaítear don institiúid dliteanais dá dtagraítear i mír 3 a áireamh i ndliteanais incháilithe;

    (b)

    go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo;

    (c)

    go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2), nó gur sinsearaí na dliteanais ná iad, cé is moite de na dliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2;

    (d)

    ar chlár comhordaithe na hinstitiúide, nach mó ná 5 % de mhéid cistí dílse agus dliteanas incháilithe na hinstitiúide an méid dliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) a rangaítear pari passu leis na dliteanais sin i ndócmhainneacht nó níos ísle ná iad;

    (e)

    nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, priacal ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.

    5.   Ní fhéadfaidh údarás réitigh a cheadú d'institiúid ach na dliteanais sin dá dtagraítear i mír 3 nó 4, agus iad sin amháin, a áireamh mar ítimí dliteanas incháilithe.

    6.   Rachaidh an t-údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil agus é ag déanamh scrúdú féachaint an bhfuil coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo comhlíonta.

    7.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

    (a)

    leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh infheidhme na n-ionstraimí dliteanas incháilithe;

    (b)

    foirm agus cineál na ndreasachtaí atá le fuascailt chun críocha an choinníll a leagtar amach i bpointe (g) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo agus chun críocha Airteagal 72c(3).

    Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 28(5) agus i bpointe (a) d'Airteagal 52(2).

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Airteagal 72c

    Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh

    1.   Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, cáileoidh siad go hiomlán mar ítimí dliteanas incháilithe.

    Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, ní cháileoidh siad go mar ítimí dliteanas incháilithe.

    2.   Chun críocha mhír 1, i gcás ina gcuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe rogha fuascailte don sealbhóir is infheidhmithe roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an sealbhóir an rogha fuascailte a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.

    3.   Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe dreasacht don eisitheoir an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an eisitheoir an rogha sin a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.

    4.   Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe luathroghanna ar fhuascailt is infheidhmithe de réir lánrogha iomlán an eisitheora roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, ach nach gcuimsíonn na forálacha lena rialaítear an ionstraim dreasacht ar bith an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach roimh thráth a haibíochta agus nach gcuimsíonn siad rogha ar bith fuascailte nó aisíoctha de réir lánrogha na sealbhóirí, saineofar tráth aibíochta na hionstraime mar an tráth aibíochta a sonraíodh ar dtús.

    Airteagal 72d

    Na hiarmhairtí le deireadh a bheith le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta

    Más rud é, i gcás ionstraim dliteanas incháilithe, gur stadadh de chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, stadfaidh na dliteanais láithreach de cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe.

    Féadfar glacadh le dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcáilíonn siad mar ionstraimí dliteanas incháilithe faoi Airteagal 72b(3) nó (4).

    Roinn 2

    Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

    Airteagal 72e

    Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

    1.   Asbhainfidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a an méid seo a leanas as ítimí dliteanas incháilithe:

    (a)

    sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse atá ag an institiúid, lena n-áirítear dliteanais dhílse a bhfeadfadh oibleagáid a bheith ar an institiúid iad a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

    (b)

    sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII agus ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cumas ionsúcháin caillteanas agus cumas athchaipitlithe na hinstitiúide a mhéadú go saorga;

    (c)

    méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 72i, sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

    (d)

    sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá gnó.

    2.   Chun críocha na Roinne seo, láimhseálfar na hionstraimí uile a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe mar ionstraimí dliteanas incháilithe, cé is moite d'ionstraimí a rangaítear pari passu le hionstraimí a aithnítear mar ionstraimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72b(3) agus (4).

    3.   Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh institiúidí méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) a ríomh mar a leanas:

    Formula

    nuair:

    h

    =

    méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3);

    i

    =

    an t-innéacs lena gcuirtear institiúid eisiúna in iúl;

    Hi

    =

    méid sealúchas dhliteanais incháilithe na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3);

    li

    =

    méid na sealúchas a áiríonn an institiúid eisiúna i in ítimí dliteanas incháilithe laistigh de na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna; agus

    Li

    =

    méid iomlán dhliteanais gan íoc na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna.

    4.   I gcás ina bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha ar ionstraimí cistí dílse nó ar ionstraimí dliteanas incháilithe ó fhochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil in aon ghrúpa réitigh amháin léi ag máthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, féadfaidh sí, tar éis di barúil údaráis réitigh aon fhochuideachtaí lena mbaineann a thabhairt ar aird mar ba chuí, cead a thabhairt don mháthairchuideachta na sealúchais sin a asbhaint, trí mhéid níos lú arna shonrú ag údarás réitigh na máthairchuideachta sin a asbhaint. Beidh an méid coigeartaithe sin ar a laghad cothrom leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:

     

    mi = uasmhéid{0; OPi + LPi – uasmhéid{0; β · [Oi + Li – ri· aRWAi]}}

    nuair:

    i

    =

    an t-innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl;

    OPi

    =

    an méid ionstraimí cistí dílse atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

    LPi

    =

    an méid ítimí dliteanas incháilithe atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

    β

    =

    céatadán na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ítimí dliteanas incháilithe atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh an mháthairghnóthais;

    Oi

    =

    méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

    Li

    =

    méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

    ri

    =

    an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ar leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo agus Airteagal 45d de Threoir 2014/59/AE; agus

    aRWAi

    =

    méid iomlán risíochta ar phriacal an eintitis G-SII, ar méid é a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4), agus coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12a á gcur san áireamh.

    I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchas na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an méid coigeartaithe sin.

    Airteagal 72f

    Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint

    Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí sealúchais ar bhonn ollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

    (a)

    féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

    (i)

    tá an risíocht fholuiteach chéanna ag na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra agus níl aon phriacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra;

    (ii)

    coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;

    (b)

    déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dliteanas dílis incháilithe sna hinnéacsanna sin a ríomh;

    (c)

    féadfaidh institiúidí ollsuíomhanna fada in ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a thagann as sealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomhanna gearra in ionstraimí dílse 72e(1) a thagann as suíomhanna gearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra sin. ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

    (i)

    tá an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

    (ii)

    coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.

    Airteagal 72g

    Bunachar asbhainte le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe

    Chun críocha phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 723(1), asbhainfidh institiúidí na hollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 72h agus 72i.

    Airteagal 72h

    Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaint

    Institiúidí nach bhfuil ag úsáid na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 72j, déanfaidh siad na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 72e(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí dliteanas incháilithe a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht bhunúsach chéanna ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

    (i)

    dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;

    (ii)

    go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

    (b)

    déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh trí dhearcadh ar an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dliteanas incháilithe sna hinnéacsanna sin.

    Airteagal 72i

    Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII

    1.   Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a díorthaíodh ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

    (a)

    an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais agus eintitis, ionstraimí dliteanas de chuid eintiteas G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in aon cheann acu, a sháraíonn 10 % de na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhfar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

    (i)

    Airteagail 32 go 35;

    (ii)

    pointí (a) go (g), pointí k(ii) go k(v) agus pointe (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

    (iii)

    Airteagail 44 agus 45;

    (b)

    an méid comhiomlán sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ar ionstraimí dliteanas incháilithe atá ag eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna roinnt ar mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá ag an institiúid d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus ionstraimí dliteanas de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an eintiteas réitigh in aon cheann acu.

    2.   Déanfaidh institiúidí suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá gnó nó níos lú a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1.

    3.   Dáilfear an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 ar gach ionstraim dliteanas incháilithe de chuid eintiteas G-SII. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a shonraítear i bpointe (b) den mhír seo:

    (a)

    méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

    (b)

    an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna léiriú ag gach ionstraim dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide.

    4.   Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 72e(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha leagtar síos i bpointí (a)(i), (a)(ii) agus (a)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualuithe priacail is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

    5.   Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe atá priacal-ualaithe de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid sealúchas a cheanglaítear a bheith priacal-ualaithe i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a thiocfaidh as an ríomh a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3.

    Airteagal 72j

    Díolmhú leabhair trádála ó asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

    1.   Féadfaidh institiúidí cinneadh a dhéanamh gan cuid ainmnithe dá sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ar ionstraimí dliteanas incháilithe, atá, ina méid comhiomlán agus arna thomhas ar bhonn comhlán fada, cothrom le nó níos lú ná 5 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide tar éis dóibh Airteagail 32 go 36, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

    (a)

    tá na sealúchais sa leabhar trádála;

    (b)

    ní choinnítear na hionstraimí dliteanas incháilithe níos faide ná 30 lá gnó.

    2.   Beidh méideanna na n-ítimí nár asbhaineadh de bhun mhír 1 faoi réir ceanglais cistí dílse maidir le hítimí sa leabhar trádála.

    3.   Más rud é, i gcás sealúchais nár asbhaineadh i gcomhréir le mír 1, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin a thuilleadh, asbhainfear na sealúchais i gcomhréir le hAirteagal 72g gan na heisceachtaí a leagtar síos in Airteagail 72h agus 72i a chur i bhfeidhm.

    Roinn 3

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    Airteagal 72k

    Ionstraimí dliteanas incháilithe

    Is éard a bheidh i ndliteanais incháilithe institiúide, ítimí dliteanais incháilithe na hinstitiúide tar éis na n-asbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 72e.

    Airteagal 72l

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    Is éard a bheidh i gcistí dílse agus dliteanais incháilithe, suim a cistí dílse agus a dliteanais incháilithe.

    (*11)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)."

    (*12)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).”"

    (32)

    i dTeideal I de Chuid a Dó, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 6:

    Ceanglais ghinearálta maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ”;

    (33)

    leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    Dáileacháin ar ionstraimí”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:

    “1.   Maidir le hionstraimí caipitil agus dliteanais a bhfuil lánrogha iomlán ag institiúid a chinneadh ina leith dáileacháin a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraimí cistí dílse, ní bheidh sé incháilithe cáiliú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 nó ionstraimí dliteanas incháilithe ach amháin i gcás ina bhfuil réamhchead faighte ag an institiúid ó na húdaráis inniúla.

    2.   Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide íocaíochtaí a chur ar ceal faoin ionstraim;

    (b)

    nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hionstraime caipitil nó an dliteanais caillteanais a sheasamh;

    (c)

    nach laghdódh an rogha dá dtagraítear i mír 1 nó an fhoirm ina bhféadfaí na dáileacháin a dhéanamh cáilíocht na hionstraime caipitil nó an dliteanais ar aon slí eile.

    Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis an údarás réitigh maidir leis an institiúid a bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha sin sula dtabharfaidh sé an réamhchead dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Maidir le hionstraimí caipitil agus dliteanais a bhfuil sé de rogha ag duine dlítheanach seachas an institiúid a eisíonn iad a chinneadh nó a cheangal ina leith go ndéanfar na dáileacháin faoi na hionstraimí sin a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraimí cistí dílse, ní bheidh sé incháilithe cáiliú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 nó ionstraimí dliteanas incháilithe.

    4.   Féadfaidh institiúidí innéacs leathan margaidh a úsáid mar cheann amháin de na boinn lena gcinntear leibhéal na ndáileachán ar ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Tuairisceoidh agus nochtfaidh institiúidí na hinnéacsanna margaidh leathana ar a mbraitheann a n-ionstraimí caipitil agus a n-ionstraimí dliteanas incháilithe.”;

    (34)

    in Airteagal 75 cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “Measfar go gcomhlíontar na ceanglais aibíochta i ndáil le suíomhanna gearra dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45(a), pointe (a) d'Airteagal 59, pointe (a) d'Airteagal 69 agus pointe (a) d'Airteagal 72h maidir le suíomhanna a thógtar nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:”;

    (35)

    in Airteagal 76, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

    “1.   Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 42, phointe (a) d'Airteagal 45, phointe (a) d'Airteagal 57, phointe (a) d'Airteagal 59, phointe (a) d'Airteagal 67, phointe (a) d'Airteagal 69 agus phointe (a) d'Airteagal 72h, féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den risíocht fholuiteach chéanna atá á fálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála;

    (b)

    sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;

    (c)

    cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide;

    (d)

    déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas inmheánach rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí.

    2.   Féadfaidh institiúid, i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil réamhchead, meastachán coimeádach a úsáid ar risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na risíochta atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

    (a)

    ionstraimí dílse Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna;

    (b)

    ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;

    (c)

    ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna.

    3.   Ní thabharfaidh údaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair atá sé léirithe ag an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil go gcuirfeadh sé ualach rómhór ar an institiúid faireachán a dhéanamh ar a risíocht fholuiteach ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de phointí mhír 2, de réir mar is infheidhme.”;

    (36)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77:

    “Airteagal 77

    Coinníollacha maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a laghdú

    1.   Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás inniúil chun aon cheann acu seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an institiúid ar shlí a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme a laghdú, a fhuascailt nó a athcheannach;

    (b)

    na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí cistí dílse a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú mar ítim cistí dílse;

    (c)

    ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó ionstraimí Leibhéal 2, a chur i gcrích roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.

    2.   Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás réitigh ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe nach gcumhdaítear faoi mhír 1 a chur i gcrích, roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.”;

    (37)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78:

    “Airteagal 78

    Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú

    1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 a laghdú, a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc, nó a athcheannach, nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tráth roimh beart ar bith dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nó an tráth céanna le beart ar bith acu sin, déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;

    (b)

    léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE de chorrlach a mheasann an t-údarás inniúil a bheith riachtanach.

    Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse os cionn na méideanna a cheanglaítear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, féadfaidh an t-údarás inniúil réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin aon cheann de na gníomhartha a leagtar síos in Airteagal 77(1) den Rialachán seo a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás inniúil. I gcás ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 3 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 10 % den mhéid a sháraíonn caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 suim na gceanglas maidir maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE le corrlach a mheasann an t-údarás inniúil atá riachtanach. I gcás ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 10 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 3 % de mhéid iomlán ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 gan íoc, de réir mar is infheidhme.

    Aistarraingeoidh na húdaráis inniúla an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.

    2.   Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 á measúnú, measfaidh na húdaráis inniúla a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin níos costasaí don institiúid ná na hionstraimí caipitil nó na cuntais scairbhisigh a mbeidís ag gabháil ina n-ionad.

    3.   I gcás ina ndéanfaidh institiúid beart dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 77(1) agus go dtoirmiscfear de réir an dlí náisiúnta is infheidhme diúltú d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhuascailt, féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid teorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí sin ar bhonn iomchuí.

    4.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 nó cuntais scairbhisigh ghaolmhara a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc le linn na gcúig bliana tar éis a ndáta eisiúna má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tháinig athrú ar aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóigh go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chistí dílse de chineál cáilíochta níos ísle, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    measann an t-údarás inniúil gur leor an chinnteacht a bhaineann leis an athrú sin;

    (ii)

    léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;

    (b)

    tháinig athrú ar an láimhseáil cánach is infheidhme i ndáil leis na hionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil gur athrú ábhartha é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;

    (c)

    déantar na hionstraimí agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a mharthanú faoi Airteagal 494b;

    (d)

    tráth roimh an mbeart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77(1), déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hacmhainn ioncaim na hinstitiúide agus cheadaigh an t-údarás inniúil an gníomh sin ar bhonn an chinnidh go mbainfeadh sochar leis ó thaobh na stuamachta de agus go mbeadh údar leis de bharr cás eisceachtúil a bheith ann;

    (e)

    athcheannaítear ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 chun críocha cruthaithe margaidh.

    5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

    (a)

    an bhrí atá le “inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide”;

    (b)

    na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;

    (c)

    an próiseas, lena n-áirítear na teorainneacha agus na nósanna imeachta maidir leis na húdaráis inniúil an formheas a dhéanamh roimh ré i gcás beart atá liostaithe in Airteagal 77(1), agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe ann a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama atá leis an iarratas sin a phróiseáil.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (38)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 78a

    Cead ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú

    1.   Tabharfaidh an t-údarás réitigh cead d'institiúid ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tráth níos luaithe ná an beart nó an tráth céanna le ceann ar bith de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 77(2), déanann an institiúid na hionstraimí dliteanas incháilithe a ionadú le hionstraimí cistí dílse nó le hionstraimí dliteanas incháilithe atá ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;

    (b)

    léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(2) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, de chorrlach a mheasann an t-údarás réitigh, agus an t-údarás inniúil ar aon intinn leis, atá riachtanach;

    (c)

    léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh gur gá ionstraimí cistí dílse a chur in ionad dliteanais incháilithe, go hiomlán nó go páirteach, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cistí dílse a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, ionas go leanfar leis an údarú.

    Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse agus le dliteanais incháilithe os cionn mhéid na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás réitigh. Cuirfidh na húdaráis réitigh na húdaráis inniúla ar an eolas faoi aon réamhchead ginearálta a tugadh.

    Aistarraingeoidh an t-údarás réitigh an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.

    2.   Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 á measúnú, measfaidh na húdaráis réitigh a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin agus na dliteanais athsholáthair incháilithe sin níos costasaí don institiúid ná iad siúd a mbeidís ag gabháil ina n-ionad.

    3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

    (a)

    an próiseas don chomhordú idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh;

    (b)

    an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun cead a dheonú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1;

    (c)

    an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun an réamhchead ginearálta a dheonú i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1;

    (d)

    an bhrí atá le ‘inbhuanaithe d'acmhainn ioncaim na hinstitiúide’.

    Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 78.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (39)

    leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Tarscaoileadh sealadach ó asbhaint ó chistí dílse agus ó dhliteanais incháilithe”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   I gcás ina sealbhaíonn institiúid ionstraimí caipitil nó dliteanais a cháilíonn mar ionstraimí cistí dílse in eintiteas earnála airgeadais nó mar dhliteanais incháilithe in institiúid agus ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun inmharthanacht an eintitis nó na hinstitiúide sin a atheagrú agus a athshlánú, féadfaidh an t-údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaint a mbeadh feidhm aici ar shlí eile maidir leis na hionstraimí sin a tharscaoileadh ar bhonn sealadach.”;

    (40)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 79a

    Measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe

    Is ar ghnéithe substaintiúla na n-ionstraimí agus ní ar a bhfoirm dhlíthiúil amháin a thabharfaidh na hinstitiúidí aird agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCuid a Dó. Áireofar sa mheasúnú ar ghnéithe substaintiúla ionstraime na socruithe go léir a bhaineann leis na hionstraimí, fiú i gcás socruithe nach leagtar amach go sainráite i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na n-ionstraimí féin, d'fhonn a chinneadh an gcomhlíontar cuspóir na bhforálacha ábhartha le héifeachtaí comhcheangailte eacnamaíocha na socruithe sin.”;

    (41)

    leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Athbhreithniú leantach ar cháilíocht cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh ÚBE monatóireacht ar chaighdeán na n-ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún láithreach i gcás ina bhfuil fianaise shuntasach ann nach gcomhlíonann na hionstraimí sin na critéir incháilitheachta lena mbaineann a leagtar amach sa Rialachán seo.

    Ar iarratas ó ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh chuig ÚBE a mheasann ÚBE a bhaineann le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil nó cineálacha nua dliteanas a eisíodh chun é a chur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar cháilíocht ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.”;

    (c)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “3.   Tabharfaidh ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:”;

    (42)

    in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is leasanna mionlaigh iad suim na n-ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is ceann díobh seo a leanas í an fhochuideachta:

    (i)

    institiúid;

    (ii)

    gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

    (iii)

    cuideachta inmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír atá faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus má chinn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 107(4) go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;

    (b)

    tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

    (c)

    is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo.”;

    (43)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82:

    “Airteagal 82

    Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

    Is é a bheidh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha, an leas mionlaigh, ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide an tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh, de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is ceann díobh seo a leanas í an fhochuideachta:

    (i)

    institiúid;

    (ii)

    gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

    (iii)

    cuideachta inmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír atá faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 107(4) go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;

    (b)

    tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

    (c)

    is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hionstraimí sin.”;

    (44)

    in Airteagal 83(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “1.   Go dtí an 31 Nollaig 2021, níl ionstraimí Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise nó i Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:”;

    (45)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 88a

    Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe

    Maidir le dliteanais a eiseoidh fochuideachta atá bunaithe san Aontas ar cuid den ghrúpa réitigh céanna í leis an eintiteas réitigh, beidh siad cáilithe a áireamh i measc ionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúthaithe institiúide faoi réir Airteagal 92a ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    eiseofar iad i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;

    (b)

    ceannóidh scairshealbhóir atá ann cheana iad nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é chomh fada agus nach ndéanfar difear, le feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62 de Threoir 2014/59/AE, don rialú a dhéanfaidh an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;

    (c)

    ní mó iad ná méid a chinnfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (i) a dhealú ón méid dá dtagraítear i bpointe (ii):

    (i)

    suim na ndliteanas a eiseofar don eintiteas réitigh agus a cheannóidh an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eiseofar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;

    (ii)

    an méid is gá i gcomhréir le hAirteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE”;

    (46)

    leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

    “(d)

    cóimheas luamhánaithe 3 %.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.   Sa bhreis ar an gceanglas a leagtar síos i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, coinneoidh G-SII maolán cóimheasa luamhánaithe cothrom le tomhas iomlán risíochta de chuid G-SII dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo arna iolrú faoi 50 % de mhaolán G-SII is infheidhme maidir le G-SII i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.

    Ní dhéanfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh ach amháin le caipiteal Leibhéal 1. Caipiteal Leibhéal 1 a úsáidfear chun an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh, ní úsáidfear é chun aon cheanglas luamhánú-bhunaithe a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, ach amháin má dhéantar foráil shainráite dó ar shlí eile sa Rialachán nó sa Treoir.

    I gcas nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil i gcomhréir le hAirteagal 141b de Threoir 2013/36/AE.

    I gcás nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE é ag an am céanna, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil atá níos airde i gcomhréir le hAirteagal 141 agus 141b den Treoir sin.”;

    (c)

    leasaítear mír 3 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

    “(b)

    ceanglais cistí dílse gnó institiúide, ar gnó é sin a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an mhéid seo a leanas:

    (i)

    priacail mhargaidh arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo, cé is moite de na cur chuige a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b den Teideal sin;

    (ii)

    risíochtaí móra a sháraíonn na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 395 go hAirteagal 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú, arna gcinneadh i gcomhréir le Cuid a Ceathair;

    (c)

    na ceanglais cistí dílse do priacal margaidh arna gcinneadh i dTeideal IV den Chuid seo, cé is moite de na cur chuige a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b den Teideal sin, do gach gníomhaíocht ghnó atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí;”;

    (ii)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ca)

    na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Teideal V den Chuid seo, cé is moite d'Airteagal 379 le haghaidh priacal socraíochta.”;

    (47)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 92a

    Ceanglais ar G-SIInna maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    1.   Faoi réir Airteagail 93 agus 94 agus na n-eisceachtaí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar G-SII iad nó ar cuid de G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:

    (a)

    cóimheas priacalbhunaithe 18 %, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4);

    (b)

    cóimheas 6.75 % nach cóimheas priacalbhunaithe é, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán den tomhas iomlán risíochta dá dtagraítear in Airteagal 492(4).

    2.   Ní bheidh feidhm leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    faoi cheann thrí bliana i ndiaidh an dáta ar sainaithníodh an institiúid nó an grúpa ar cuid den institiúid é mar G-SII;

    (b)

    faoi cheann dhá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-údarás réitigh an uirlis díluachála fiachais i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2014/59/EU;

    (c)

    faoi cheann an dá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-eintiteas réitigh beart malartach ón earnáil phríobháideach i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/EU lena ndearnadh ionstraimí caipitil agus dliteanais eile a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun an t-eintiteas réitigh a athchaipitliú gan uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm.

    3.   I gcás ina sáróidh an comhiomlán a thiocfaidh as cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo ar gach eintiteas réitigh den G-SII céanna an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 12a den Rialachán seo, féadfaidh údarás réitigh mháthairinstitiúid AE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis réitigh ábhartha eile, gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 45d(4) nó 45h(1) de Threoir 2014/59/AE.

    Airteagal 92a

    Ceanglais ar G-SIInna neamh-AE maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    1.   Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí ábhartha iad de G-SIInna neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad ceanglais i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar comhionann iad agus 90 % de na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos in Airteagal 92a.

    2.   Ar mhaithe le mír 1 a chomhlíonadh, ní chuirfear ionstraimí breise Leibhéal 1, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe san áireamh ach i gcás gur le máthairghnóthas deiridh G-SII neamh-AE iad agus gur eisíodh iad, go díreach nó go hindíreach, trí eintitis eile sa ghrúpa céanna, ar choinníoll go bhfuil na heintitis sin go léir bunaithe sa tríú tír céanna is atá an máthairghnóthas deiridh nó i mBallstát.

    3.   Ní chuirfear aon ionstraim dliteanas incháilithe san áireamh chun mír 1 a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh an t-éileamh a eascróidh ón dliteanas rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thiocfaidh as dliteanais nach gcomhlíonfaidh na coinníollach a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil incháilithe mar ionstraimí cistí dílse;

    (b)

    tá sí faoi réir na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 go hAirteagal 61 de Threoir 2014/59/AE.”;

    (48)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 94:

    “Airteagal 94

    Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála

    1.   De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar choinníoll gur lú méid gnó na n-institiúidí a bhaineann leis an leabhar trádála laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go mbeidh siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéanfar orthu go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí á n-úsáid:

    (a)

    5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;

    (b)

    EUR 50 milliún.

    2.   I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh mar seo a leanas:

    (a)

    maidir leis na conarthaí a liostaítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn II, ar conarthaí iad a bhaineann le cothromais dá dtagraítear i bpointe 3 den ‘ Iarscríbhinn sin agus díorthaigh chreidmheasa, féadfaidh institiúidí na suíomhanna sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir le cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 92(3);

    (b)

    maidir le suíomhanna leabhair trádála, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfaidh institiúidí an ceanglas a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 92(3) a chur in ionad an cheanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 92(3).

    3.   Déanfaidh institiúidí méid an ghnó leabhair trádála atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    beidh na suíomhanna uile a shannfar don leabhar trádála i gcomhréir le hAirteagal 104 ar áireamh sa ríomh seachas sna cásanna seo a leanas:

    (i)

    suíomhanna a bhaineann le malairt eachtrach agus tráchtearraí;

    (ii)

    suíomhanna i ndíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa nó risíochtaí ar phriacal contrapháirtí agus na hidirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh na bhfáluithe inmheánacha sin dá dtagraítear in Airteagal 106(3);

    (b)

    déanfar gach suíomh a áireofar sa ríomh i gcomhréir le pointe (a) a luacháil ag a margadhluach ar an dáta áirithe sin, i gcás nach mbeidh margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin; i gcás nach mbeidh margadhluach ná an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;

    (c)

    déanfar luach absalóideach suíomhanna fada agus luach absalóideach suíomhanna gearra a shuimiú le chéile.

    4.   I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo, beag beann ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 74 agus 83 de Threoir 2013/36/AE, ní bheidh feidhm ag Airteagal 102(3) agus (4) ná ag Airteagail 103 ná 104b den Rialachán seo.

    5.   Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla nuair a ríomhfaidh siad ceanglais cistí dílse á ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála, nó nuair a scoirfidh siad dá ríomh, i gcomhréir le mír 2.

    6.   Institiúid nach gcomhlíonfaidh a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 tabharfaidh sí fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.

    7.   Scoirfidh institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 laistigh de thrí mhí tar éis do cheann amháin de na cásanna seo a leanas tarlú:

    (a)

    ní chomhlíonfaidh na hinstitiúidí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile;

    (b)

    ní chomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.

    8.   I gcás inar scoir institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála atá aici a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní cheadófar di ceanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin i gcás ina léireoidh sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 1 ar feadh bliain iomlán gan bhriseadh.

    9.   Ní thiocfaidh institiúidí i suíomh leabhair trádála ná ní dhéanfaidh sí suíomh leabhair trádála a cheannach ná a dhíol nach mbeidh de chríoch acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.”;

    (49)

    i dTeideal 1 de Chuid 3, scriostar Caibidil 2;

    (50)

    leasaítear Airteagal 102 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

    “2.   Beidh fianaise ann ar intinn trádála ar bhonn na straitéisí, na mbeartas agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an institiúid chun an suíomh nó an phunann a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 103, 104 agus 104a.

    3.   Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bhunú agus a choimeád ar bun lena leabhar trádála a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 103.

    4.   Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(3), sannfar suíomhanna leabhair trádála do dheasca trádála arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 104b.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “5.   Beidh suíomhanna sa leabhar trádála faoi réir na gceanglas maidir le luacháil stuama a shonraítear in Airteagal 105.

    6.   Déanfaidh institiúidí fálú inmheánach a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 106.”;

    (51)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 103:

    “Airteagal 103

    An leabhar trádála a bhainistiú

    1.   Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistiú foriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus gur cuid den leabhar trádála iad chun críocha ceanglas cistí dílse;

    (b)

    a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá-threo leachtach, gníomhach;

    (c)

    maidir le suíomhanna atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    priacail ábhartha uile an tsuímh a shainaithint;

    (ii)

    priacail ábhartha uile an tsuímh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;

    (iii)

    meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;

    (d)

    a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;

    (e)

    a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;

    (f)

    a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, priacail na suíomhanna laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;

    (g)

    a mhéid a fhéadfaidh an institiúid priacal nó suíomhanna a athaicmiú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair thrádála agus na ceanglais maidir leis na hathaicmithe sin dá dtagraítear in Airteagal 104a.

    2.   Agus í ag bainistiú a cuid suíomhanna nó a punanna suíomhanna sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas ar fad:

    (a)

    beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus formheasta ag an mbainistíocht shinsearach, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh nó do na punanna sa leabhar trádála, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;

    (b)

    beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d'fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuíomhanna nó ar phunanna sa leabhar trádála; áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:

    (i)

    cé na suíomhanna nó na punanna ar féidir le gach deasc trádála nó, de réir mar a bheidh, déileálaithe ainmnithe dul isteach iontu;

    (ii)

    teorainneacha suímh a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;

    (iii)

    áiritheofar go mbeidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise formheasta;

    (iv)

    áiritheofar go dtuairisceofar suíomhanna don bhainistíocht shinsearach mar chuid lárnach de phróiseas bainistithe priacail na hinstitiúide;

    (v)

    áiritheofar go ndéanfar faireachán gníomhach ar shuíomhanna agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh, nó na priacail chomhpháirte a bhaineann leis, a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh, méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;

    (vi)

    nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise;

    (c)

    beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suíomhanna i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuíomhanna ar saraíodh an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús ina leith.”;

    (52)

    in Airteagal 104, scriostar mír 2;

    (53)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 104a

    Suíomh a athaicmiú

    1.   Beidh beartais a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun na himthosca eisceachtúla sin a shainaithint a bhfuil údar cuí leo suíomh leabhair trádála a athaicmiú mar shuíomh leabhair neamhthrádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun na ceanglais cistí dílse a chinneadh chun sástacht na n-údarás inniúil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar na beartais sin ar bhonn bliantúil ar a laghad.

    Déanfaidh ÚBE faireachán ar réimse na gcleachtas maoirseachta agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 faoin 28 Meitheamh 2024 faoin mbrí atá le himthosca eisceachtúla chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo. Go dtí go n-eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin, cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoina gcinntí maidir le cibé an dtabharfaidh siad cead d'institiúid a suíomh a athaicmiú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus an réasúnaíocht a bheidh leis.

    2.   Ní thabharfaidh údaráis inniúla a gcead suíomh leabhair trádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun críche ceanglais cistí dílse a chinneadh ach amháin i gcás inar sholáthair an institiúid fianaise i scríbhinn do na húdaráis inniúla go bhfuil a cinneadh chun an suíomh sin a athaicmiú bunaithe ar imthoisc eisceachtúil atá comhsheasmhach leis na beartais a leagfaidh an institiúid amach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun na críche sin, soláthróidh an institiúid fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann an suíomh an coinníoll gur cheart an suíomh a aicmiú mar shuíomh leabhair trádála nó mar shuíomh leabhair neamhthrádála de bhun Airteagal 104.

    Déanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhormheas.

    3.   I gcás inar thug údarás inniúil an cead suíomh leabhair trádála a athaicmiú i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid a fuair an cead an méid seo a leanas:

    (a)

    gan aon mhoill, an dá ní seo a leanas a nochtadh go poiblí,

    (i)

    an fhaisnéis go ndearnadh a shuíomh a athaicmiú, agus

    (ii)

    i gcás ina mbeidh laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide mar éifeacht ar an athaicmiú sin, méid an laghdaithe; agus

    (b)

    i gcás inar laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide éifeacht an athaicmithe sin, ní aithneoidh sí an éifeacht sin go dtí go n-aibeoidh an suíomh, mura gceadóidh údarás inniúil na hinstitiúide di an éifeacht a aithint ar dháta níos luaithe.

    4.   Ríomhfaidh an institiúid an glanathrú ar mhéid a ceanglas cistí dílse de bharr an suíomh a athaicmiú mar an difríocht idir an ceanglas cistí dílse díreach tar éis an athaicmithe agus na ceanglais cistí dílse díreach roimh an athaicmiú, agus iad araon á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92. Ní chuirfear tosca ar bith eile san áireamh sa ríomh seachas an t-athaicmiú.

    5.   Ní fhéadfar athaicmiú suímh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a chúlghairm.

    Airteagal 104b

    Ceanglais le haghaidh na deisce trádála

    1.   Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(3), bunóidh institiúidí deasca trádála agus sannfaidh siad gach suíomh leabhair trádála acu do cheann de na deasca trádála sin. Ní shannfar suíomhanna leabhair trádála don deasc trádála chéanna ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh siad an straitéis ghnó a comhaontaíodh le haghaidh na deisce trádála agus i gcás ina ndéanfar bainistiú agus faireachán go comhsheasmhach orthu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    2.   Comhlíonfaidh deasca trádála na n-institiúidí na ceanglais seo a leanas i gcónaí:

    (a)

    beidh ag gach deasc trádála straitéis ghnó atá soiléir sainiúil agus struchtúr bainistithe priacail atá oiriúnach dá straitéis ghnó;

    (b)

    beidh ag gach deasc trádála struchtúr soiléir eagrúcháin; déanfaidh déileálaithe ainmnithe de chuid na hinstitiúide na suíomhanna in aon deasc trádála ar leith a bhainistiú; beidh a shainfheidhmeanna féin ag gach déileálaí i dtaca leis an deasc trádála; ní shannfar d'aon deasc trádála ar leith ach an t-aon déileálaí amháin;

    (c)

    socrófar teorainneacha suímh laistigh de gach deasc trádála de réir straitéis gnó na deisce trádála sin;

    (d)

    déanfar tuarascálacha ar na gníomhaíochtaí, ar an mbrabúsacht, ar an mbainistiú priacail agus ar na ceanglais rialála ar leibhéal na deisce trádála a sholáthar ar bhonn seachtainiúil ar a laghad agus cuirfear iad in iúl don chomhlacht bainistíochta ar bhonn rialta;

    (e)

    beidh plean gnó bliantúil soiléir ag gach deasc trádála lena n-áireofar beartas dea-shainithe luacha saothair bunaithe ar chritéir fhónta a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas;

    (f)

    ullmhófar tuarascálacha maidir le suíomhanna a aibíonn go laethúil, sáruithe teorann trádála ionlae agus laethúla agus gníomhaíochtaí a dhéanann an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin, chomh maith le measúnú ar leachtacht an mhargaidh le haghaidh gach deisce trádála ar bhonn míosúil agus cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla iad.

    3.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh institiúid déileálaí a shannadh do níos mó ná aon deasc trádála amháin ar choinníoll go léiríonn an institiúid, chun sástachta a údaráis inniúil, go ndearnadh an sannadh de bharr cúinsí gnó nó acmhainní eile agus go gcaomhnóidh an sannadh na ceanglais cháilíochtúla eile a leagtar amach san Airteagail seo is infheidhme i ndáil le déileálaithe agus le deasca trádála.

    4.   Tabharfaidh na hinstitiúidí fógra do na húdaráis inniúla faoin gcaoi a gcomhlíonfaidh siad mír 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar institiúid struchtúr nó eagrú a deasc trádála a athrú le go mbeidh siad i gcomhréir leis an Airteagal seo.”;

    (54)

    leasaítear Airteagal 105 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh gach suíomh leabhair trádála agus gach suíomh leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir faoi réir na gcaighdeán maidir le luacháil stuama a shonraítear san Airteagal seo. Áiritheoidh institiúidí go háirithe go mbainfidh an luacháil stuama a dhéanfar ar a gcuid suíomhanna leabhair trádála leibhéal cinnteachta iomchuí amach ag féachaint don mhianach dinimiciúil a bhaineann le suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir, na héilimh a bhaineann le fóntacht stuamachta agus an modh oibríochta agus cuspóir na riachtanas caipitil maidir le suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

    “3.   Déanfaidh institiúidí athluacháil ar shuíomhanna leabhair trádála ar luach cóir ar bhonn laethúil ar a laghad. Déanfar athruithe ar luach na suíomhanna sin a thuairisciú mar chuid de chuntas brabúis agus caillteanais na hinstitiúide.

    4.   Marcálfaidh institiúidí a gcuid suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir, nuair is féidir sin, lena n-áirítear nuair a bheidh an láimhseáil caipitil ábhartha á cur i bhfeidhm acu ar na suíomhanna sin.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Nuair nach féidir marcáil ón margadh a dhéanamh, déanfaidh institiúidí marcáil choimeádach de réir samhla a fháil dá suíomhanna agus dá bpunanna, lena n-áirítear nuair a bheidh ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir.”;

    (d)

    i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, ceapfar nó formheasfar an tsamhail go neamhspleách ar na deasca trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.”;

    (e)

    i mír 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    an méid breise ama a thógfadh sé an suíomh nó na priacail laistigh den suíomh sin a fhálú amach i ndiaidh na dtréimhsí leachtachta a sannadh d'fhachtóirí priacail an tsuímh i gcomhréir le hAirteagal 325bd;”;

    (55)

    leasaítear Airteagal 106 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2.   Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1 gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir leis an suíomh fálaithe sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála, nuair is ábhartha.

    3.   I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa nó ar risíocht ar phriacal contrapháirtí ag úsáid díorthach creidmheasa atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh creidmheasa sin mar fhálú inmheánach ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa nó ar risíocht ar phriacal contrapháirtí chun críche na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(3) a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh chreidmheasa eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint neamhchistithe chreidmheasa sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh an fhálaithe inmheánaigh.

    Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an díorthach creidmheasa a rinneadh le tríú páirtí, áireofar iad araon sa leabhar trádála chun críche na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a ríomh.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “4.   I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal cothromais ag úsáid díorthach cothromais atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh chothromais sin mar fhálú inmheánach ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal cothromais chun críche na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(3) a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh chothromais eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint neamhchistithe chreidmheasa sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh an fhálaithe inmheánaigh.

    Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an díorthach cothromais a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe, áireofar iad araon sa leabhar trádála chun críche na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh.

    5.   I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal ráta úis ag úsáid suíomh priacail ráta úis atá cláraithe ina leabhar trádála, measfar gur fálú inmheánach é an suíomh sin maidir le priacal an ráta úis chun críocha priacail ráta úis a thagann as suíomhanna neamhthrádála a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    sannadh an suíomh do phunann ar leithligh ón suíomh leabhair trádála eile, arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an bpriacal margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar risíocht ar phriacal ráta úis, agus an méid sin amháin; chun na críche sin, féadfaidh an institiúid a shannadh don phunann sin suíomhanna eile priacail ráta úis a dhéantar le tríú páirtithe, nó a leabhar trádála féin ar choinníoll go bhfritháiríonn an institiúid go hiomlán priacal margaidh na suíomhanna eile priacail ráta úis sin trí shuíomhanna priacail ráta úis dá malairt a bheith acu le tríú páirtithe;

    (b)

    chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(3), sannadh an suíomh do dheasc trádála a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 104b arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an bpriacal margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar risíocht ar phriacal ráta úis, agus an méid sin amháin; chun na críche sin, féadfaidh an deasc trádála sin suíomhanna eile priacail ráta úis a bheith acu le tríú páirtithe nó le deasca trádála eile de chuid na hinstitiúide, ar choinníoll go bhfritháireoidh na deasca trádála eile sin go hiomlán priacal margaidh na suíomhanna eile priacail ráta úis sin trí shuíomhanna priacail ráta úis dá malairt a bheith acu le tríú páirtithe;

    (c)

    rinne an institiúid doiciméadú iomlán ar an gcaoi a maolóidh an suíomh an phriacail ráta úis a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE.

    6.   Na ceanglais cistí dílse do phriacal margaidh na suíomhanna uile a sannadh don phunann ar leithligh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5, déanfar iad a ríomh ar bhonn aonair agus beidh siad sa bhreis ar na ceanglais cistí dílse do na suíomhanna leabhair trádála eile.

    7.   Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b, na ceanglais cistí dílse do phriacal margaidh na suíomhanna uile a sannadh don phunann ar leithligh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5 den Airteagal seo nó don deasc trádála nó atá ag an deasc dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5 den Airteagal seo, de réir mar is iomchuí, déanfar iad a ríomh ar bhonn aonair mar phunann ar leithligh agus beidh siad sa bhreis ar ríomh na gceanglas cistí dílse do na suíomhanna leabhair trádála eile.”;

    (56)

    in Airteagal 107, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Chun críocha an Rialacháin seo, láimhseálfar risíochtaí ar ghnólacht infheistíochta tríú tír, risíochtaí ar institiúid chreidmheasa tríú tír agus risíochtaí ar mhalartán tríú tír mar risíochtaí ar institiúid i gcás ina gcuirfidh an tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta bhfeidhm ar an eintiteas sin, ar ceanglais iad atá ar a laghad coibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus sa chás sin amháin.”;

    (57)

    in Airteagal 117, leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear na pointí seo a leanas léi:

    “(o)

    an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta;

    (p)

    Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 lena leasítear, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, liosta na mbanc forbartha iltaobhach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”;

    (58)

    in Airteagal 118, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;”;

    (59)

    in Airteagal 123, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “Risíochtaí i ngeall ar iasachtaí arna ndeonú ag institiúid chreidmheasa do phinsinéirí nó d'fhostaithe a bhfuil conradh buan in aghaidh aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid chreidmheasa sin, sannfar ualú priacail 35 % dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad seo a leanas:

    (a)

    chun an iasacht a aisíoc, údaraíonn an t-iasachtaí go neamhchoinníollach don chiste pinsin nó don fhostóir íocaíochtaí díreacha a dhéanamh leis an institiúid chreidmheasa trí na híocaíochtaí míosúla ar an iasacht a bhaint as tuarastal míosúil nó pinsean an iasachtaí;

    (b)

    go gclúdaítear go cuí na priacail ar bhás, éagumas chun oibre, dífhostaíocht nó laghdú ar phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí le polasaí árachais a bheidh frithgheallta ag an iasachtaí chun tairbhe na hinstitiúide creidmheasa;

    (c)

    nach mó ná 20 % de phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí na híocaíochtaí míosúla atá le déanamh ag an iasachtaí ar na hiasachtaí uile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b);

    (d)

    go bhfuil uastréimhse aibíochta bunaidh na hiasachta cothrom le deich mbliana nó níos giorra ná sin.”;

    (60)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 124:

    “Airteagal 124

    Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe

    1.   I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacail cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 125 nó Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacail is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine dochorraithe.

    Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos mó ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach iasachta morgáiste na maoine dochorraithe atá i gceist.

    1a.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 2 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin a ainmneofar.

    I gcás inarb é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh sé go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 2.

    I gcás nach é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú cuí faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar údaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh siad go leordhóthanach na dualgais a fhorchuirtear ar an údarás ainmnithe de bhun an Airteagail seo. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochta dúbailtí nó neamh-chomhsheasmhaí idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe na bearta arna nglacadh faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

    2.   Bunaithe ar na sonraí a bailíodh faoi Airteagal 430a, agus ar aon táscairí ábhartha eile, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo measúnú, go tréimhsiúil, agus go bliantúil ar a laghad, an bhfuil an t-ualú priacail 35 % oiriúnach i gcás risíochtaí ar dheighleog amháin maoine nó níos mó atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha agus an bhfuil an t-ualú priacail 50 % i gcás oiriúnach risíochtaí atá urraithe ag morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 126 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha, agus an measúnú sin bunaithe ar an méid a leanas:

    (a)

    caillteanas taithí na risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe;

    (b)

    forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe.

    I gcás ina mbeidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo den tuairim, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach léireofar go leordhóthanach sna hualuithe priacail a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó in 126(2) na priacail iarbhír a bhaineann le risíochtaí maidir le deighleog amháin maoine nó maidir le níos mó deighleog maoine risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin tráchtála dhochorraithe a lonnaítear i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha, agus má mheasann sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na n-ualuithe priacail difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé na hualuithe priacail is infheidhme ar na risíochtaí sin a mhéadú laistigh de na raonta a socraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nó féadfaidh sé critéir a fhorchur atá níos déine ná na critéir a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó 126(2).

    Tabharfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo fógra do ÚBE agus do BERS faoi aon choigeartuithe ar na hualuithe priacail agus ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm de bhun na míre seo. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh ÚBE agus BERS a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na hualuithe priacail agus na critéir le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 125, Airteagal 126 agus i bpointe (a) d'Airteagal 199(1) mar a chuir an t-údarás ábhartha chun feidhme iad.

    Chun críocha an dara fomhír den mhír seo féadfaidh an t-údarás arna inmniú i gcomhréir le mír 1a na hualuithe priacail a shocrú faoi na raonta seo a leanas:

    (a)

    35 % go 150 % do risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin chónaithe;

    (b)

    50 % go 150 % do risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe.

    3.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a ualú priacail níos airde nó critéir níos déine a shocrú de bhun an dara fomhír de mhír 2, beidh idirthréimhse sé mhí ag institiúidí chun an t-ualú priacail nua a chur i bhfeidhm.

    4.   Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt chun na critéir dhiana chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste dá dtagraítear i mír 1 a shainiú agus na cineálacha fachtóirí atá le meas chun a iomchuí atá na hualuithe priacail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 a mheasúnú.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    5.   Féadfaidh BERS, trí bhíthin moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    fachtóirí a d'fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2; agus

    (b)

    tagarmharcanna táscacha atá le cur san áireamh ag an údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a agus ualuithe priacail níos airde á socrú.

    6.   Cuirfidh institiúidí Ballstáit na hualuithe priacail agus na critéir arna gcinneadh ag údaráis de chuid Ballstáit eile i gcomhréir le mír 2 i bhfeidhm maidir lena risíochtaí uile atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna den Bhallstát sin.”;

    (61)

    in Airteagal 128, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   Sannfaidh institiúidí ualú priacail 150 % ar risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, láimhseálfaidh institiúidí aon cheann de na risíochtaí seo a leanas ar aon dul le risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo:

    (a)

    infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair, ach amháin i gcás ina láimhseáiltear na hinfheistíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 132;

    (b)

    infheistíochtaí i gcothromas príobháideach, ach amháin i gcás ina láimhseáiltear na hinfheistíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 132;

    (c)

    maoiniú amhantrach maoine dochorraithe.”;

    (62)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 132:

    “Airteagal 132

    Ceanglais cistí dílse do risíochtaí atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna

    1.   Ríomhfaidh institiúidí méid risíochta a risíochtaí féin atá ualaithe ó thaobh priacal i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí mhéid risíochta risíochtaí an GC atá ualaithe ó thaobh priacal, arna thomhas sin i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, a iolrú faoi chéatadán na n-aonad nó na scaireanna atá ag na hinstitiúidí sin.

    2.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí cur chuige na trédhearcachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 132a(1) nó an cur chuige bunaithe ar shainordú a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 132a(2).

    Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuirfidh cur chuige na trédhearcachta ná an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm, sannfaidh siad ualú priacail 1 250 % (“cur chuige cúltaca”) ar na risíochtaí sin dá gcuid atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC.

    Féadfaidh institiúidí méid risíochta a risíochtaí féin atá ualaithe ó thaobh priacal i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa mhír seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid.

    3.   Féadfaidh institiúidí méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a chinneadh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)

    is ceann díobh seo a leanas an GC sin:

    (i)

    gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) atá faoi rialú ag Treoir 2009/65/CE;

    (ii)

    ciste infheistíochta malartach (CIM) faoi bhainistiú bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha de chuid an Aontais Eorpaigh (BCIM AE) atá cláraithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;

    (iii)

    CIM faoi bhainistiú BCIM AE atá údaraithe faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE;

    (iv)

    CIM faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe faoi Airteagal 37 de Threoir 2011/61/AE;

    (v)

    CIM neamh-AE faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2011/61/AE;

    (vi)

    CIM neamh-AE nach margaítear san Aontas faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá bunaithe i dtríú tír a chumhdaítear faoi ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 67(6) de Threoir 2011/61/AE;

    (b)

    áirítear an méid seo a leanas i réamheolaire an GC sin nó ina choibhéis de dhoiciméad:

    (i)

    na catagóirí sócmhainní a bhfuil údarú ag an GC sin infheistiú iontu;

    (ii)

    na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;

    (c)

    tá nósanna tuairiscithe an GC nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

    (i)

    déanfar risíochtaí an GC sin a thuairisciú chomh minic céanna, ar a laghad, le risíochtaí na hinstitiúide;

    (ii)

    is leor gráinneacht na faisnéise airgeadais le gur féidir leis an institiúid méid risíochta an GC sin atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a roghnóidh an institiúid;

    (iii)

    déanfaidh tríú páirtí neamhspleách faisnéis faoi na risíochtaí foluiteacha a fhíorú i gcás ina gcuirfidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm.

    De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh bainc forbartha iltaobhacha agus bainc forbartha déthaobhacha agus institiúidí eile a chomhinfheistíonn i GC le bainc forbartha iltaobhacha nó déthaobhacha méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a chinneadh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo agus de réir teorannacha i sainordú infheistíochta GC nach féidir leis an GC sin infheistiú a dhéanamh in aon chineál sócmhainní eile seachas sócmhainní a chuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha.

    Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údarás inniúil faoi na GCanna sin a gcuireann siad na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír i bhfeidhm orthu.

    De mhaolú ar phointe (c)(i) den chéad fhomhír, i gcás ina gcinnfidh an institiúid méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir leis an gcur chuige sainordú-bhunaithe, féadfar tuairisciú an GC sin nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid a theorannú do shainordú infheistíochta an GC sin agus d'aon athruithe ina leith agus ní fhéadfar an tuairisciú a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtabhóidh an institiúid an risíocht don GC sin den chéad uair agus nuair a bheidh athrú ar shainordú infheistíochta an GC sin.

    4.   Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)

    is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:

    (i)

    institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;

    (ii)

    maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, cuideachta bainistíochta an GC sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an chuideachta an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 3;

    (b)

    déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1), (2) nó (3) de réir mar is infheidhme;

    (c)

    deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.

    Institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, déanfaidh siad an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC a thiocfaidh as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.

    De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.

    5.   I gcás ina gcuirfidh institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 132(a) i bhfeidhm chun críche an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC (‘GC Leibhéal 1’) a ríomh, agus i gcás inar risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC eile (‘GC Leibhéal 2’) é aon cheann de risíochtaí foluiteacha an GC Leibhéal 1, féadfar an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC Leibhéal 2 a ríomh trí úsáid a bhaint as aon cheann de na trí chineál cur chuige ar a bhfuil tuairisc i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta a úsáid chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC Leibhéal 3 a ríomh agus risíochtaí ar aon leibhéal ina dhiaidh sin i gcás inar úsáideadh an cur chuige sin chun an leibhéal roimhe sin a ríomh. In aon chás eile, bainfidh sí úsáid as an gcur chuige cúltaca.

    6.   Maidir leis an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC arna ríomh i gcomhréir le cur chuige na trédhearcachta agus leis an gcur chuige bunaithe ar shainordú a leagtar amach in Airteagal 132a(1) agus (2), beidh uasteorainn leis arb ionann í agus an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC sin arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige cúltaca.

    7.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí ag a bhfuil cur chuige na trédhearcachta á chur i bhfeidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 132a(1) an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal dá risíochtaí féin a ríomh i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí mhéid risíochta na risíochtaí sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, agus an t-ualú priacail (Formula) arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Airteagal 132c, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    déanfaidh na hinstitiúidí luach a n-aonad nó scaireanna i GC a thomhas ar chostas stairiúil ach déanfaidh siad luach sócmhainní foluiteacha an GC a thomhas ar luach cóir má chuireann siad cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm;

    (b)

    ní dhéanfaidh athrú i margadhluach na n-aonad nó na scaireanna ar a ndéanfaidh na hinstitiúidí an luach ar chostas stairiúil a thomhas aon difríocht do mhéid chistí dílse na n-institiúidí sin ná don luach risíochta a bhaineann leis na sealúchais sin.”;

    (63)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 132a

    Cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de GCanna a ríomh

    1.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), institiúidí a bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, déanfaidh siad na risíochtaí sin a thrédhearcadh chun an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin a ríomh, agus ualú priacail á dhéanamh acu ar gach risíocht fholuiteach de chuid an GC amhail agus dá mba leis na hinstitiúidí féin iad.

    2.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC chun cur chuige na trédhearcachta a úsáid, féadfaidh siad an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de na risíochtaí sin a ríomh faoi na teorainneacha a socraíodh sa dlí ábhartha agus i sainordú an GC.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na hinstitiúidí na ríomhanna, á ghlacadh leis go dtabhóidh an GC sin ar dtús risíochtaí go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin reachtaíocht ábhartha sna risíochtaí a mbaineann an ceanglas cistí dílse is airde leo agus go leanfaidh siad de bheith ag tabhú risíochtaí in ord íslitheach go dtí go sroichfear an uasteorainn risíochta iomlán, agus go gcuirfidh an GC sin luamhánú i bhfeidhm go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

    Déanfaidh institiúidí na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gCaibidil 5 den Teideal seo, agus i Roinn 3, i Roinn 4 nó i Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo.

    3.   De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí a ríomhfaidh an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail de risíochtaí GC i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad méid is ionann agus 50 % de cheanglais císte dílse na risíochtaí díorthach sin a ríomh don cheanglais cistí dísle do phriacal coigeartaithe luachála creidmheasa a risíochtaí díorthach arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3, le Roinn 4 nó le Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo, de réir mar is infheidhme.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.

    4.   Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena shonrú conas a dhéanfaidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal dá dtagraítear i mír 2 a ríomh i gcás nach bhfuil fáil ar cheann amháin nó níos mó de na hionchuir is gá le haghaidh an ríomha sin.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Airteagal 132b

    Eisiaimh ó na cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid GCanna a ríomh

    1.   Maidir leis na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 132, féadfaidh institiúidí ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanais incháilithe atá ag GC agus nach mór d'institiúidí a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1) agus le hAirteagail 56, 66 agus 72e faoi seach, féadfaidh siad na hionstraimí sin a eisiamh ó na ríomhanna thuasluaite.

    2.   Maidir leis na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 132, féadfaidh institiúidí risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) d'Airteagal 150(1) a eisiamh ó na ríomhanna sin agus féadfaidh siad na risíochtaí sin a láimhseáil mar a leagtar amach in Airteagal 133.

    Airteagal 132c

    Risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar GCanna a láimhseáil

    1.   Ríomhfaidh institiúidí méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir lena n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ag a bhfuil an fhéidearthacht risíochtaí a chomhshó i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí luachanna risíochta na risíochtaí sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, ag a bhfuil an t-ualú priacail seo a leanas:

    (a)

    do gach risíocht a mbaineann na hinstitiúidí úsáid as ceann de na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 123a ina leith:

    Formula

    nuair:

    Formula

    =

    an t-ualú priacail;

    i

    =

    an t-innéacs lena gcuirtear an GC in iúl:

    RWAEi

    =

    an tsuim arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 132a maidir le GCi;

    Formula

    =

    luach risíochta na risíochtaí GCi;

    Ai

    =

    luach cuntasaíochta na sócmhainní GCi; agus

    EQi

    =

    luach cuntasaíochta chothromas GCi.

    (b)

    do gach risíocht eile,

    Formula

    .

    2.   Ríomhfaidh institiúidí an luach risíochta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a chomhlíonfadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo mar luach lascainithe reatha an mhéid faoi ráthaíocht trí úsáid a bhaint as fachtóir lascaine saor ó phriacal um mainneachtain. Féadfaidh institiúidí an luach risíochta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a laghdú faoi aon chaillteanais a aithnítear i ndáil leis an ngealltanas íosluacha faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.

    Ríomhfaidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a thagann as na gealltanais íosluacha a chomhlíonfaidh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo trí luach risíochta na risíochtaí a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartaithe de 20 % agus an t-ualú priacail a dhíorthaítear faoi Airteagal 132 nó 152.

    3.   Cinnfidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a eascraíonn ó ghealltanais íosluacha i gcomhréir le mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    is ionann risíocht lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide agus gealltanas íosluacha chun infheistíocht a dhéanamh in aonaid nó scaireanna de chuid GC amháin nó níos mó nach bhfuil oibleagáid dá réir ar an institiúid ach íocaíocht a dhéanamh de réir an ghealltanais íosluacha i gcás ina bhfuil margadhluach risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna faoi bhun tairseach réamhshocraithe ag ceann amháin nó níos mó de na pointí in am, mar a shonraítear sa chonradh;

    (b)

    is GC é aon cheann díobh seo a leanas:

    (i)

    GCUI mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE; nó

    (ii)

    CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE nach n-infheistíonn ach in urrúis inaistrithe amháin nó i sócmhainní so-aistrithe airgeadais eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE, i gcás nach gceadaítear faoi shainordú an CIM luamhánú níos airde ná mar a cheadaítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;

    (c)

    cumhdaíonn nó sáraíonn margadhluach reatha risíochtaí foluiteacha an GC is bun leis an ngealltanas íosluacha gan aird a thabhairt ar éifeacht gealltanais íosluacha atá lasmuigh den chlár comhardaithe an luach reatha atá ar an tairseach a shonraítear sa ghealltanas íosluacha;

    (d)

    i gcás ina laghdóidh barrachas margadhluacha risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna i gcomparáid le luach reatha an ghealltanais íosluacha, féadfaidh an institiúid, nó gnóthas eile a mhéid is atá sé clúdaithe ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE nó Treoir 2002/87/CE, tionchar a imirt ar chomhdhéanamh risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna nó teorainn a chur leis na féidearthachtaí maidir le laghdú breise ar an mbarrachas i slite eile;

    (e)

    is cliant miondíola mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é de ghnáth tairbhí deiridh díreach nó indíreach an ghealltanais íosluacha.”;

    (64)

    in Airteagal 144(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thagann óna cuid meastachán ar pharaiméadair phriacail a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 430 a chur isteach;”;

    (65)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 152:

    “Airteagal 152

    Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a láimhseáil

    1.   Ríomhfaidh institiúidí an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, dá risíochtaí féin i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC trí mhéid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin, arna thomhas sin i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2 agus 5, a iolrú faoi chéatadán na n-aonad nó na scaireanna atá ag na hinstitiúidí sin.

    2.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), déanfaidh institiúidí a bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, déanfaidh siad na risíochtaí foluiteacha sin a thrédhearcadh chun an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin a ríomh, agus ualú priacail á dhéanamh acu ar gach risíocht fholuiteach de chuid an GC amhail agus dá mba leis na hinstitiúidí féin iad.

    3.   De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí a ríomhfaidh méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad méid is ionann agus 50 % de cheanglais císte dílse na risíochtaí díorthach sin a ríomh don cheanglais cistí dísle do phriacal coigeartaithe luachála creidmheasa a risíochtaí díorthacha arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3, le Roinn 4 nó le Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo, de réir mar is infheidhme.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.

    4.   Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan i gcomhréir le hAirteagal 150, nó nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo nó ceann amháin nó níos mó de na modhanna a leagtar amach i gCaibidil 5 a úsáid do risíochtaí foluiteacha uile an GC nó do chodanna díobh, ríomhfaidh na hinstitiúidí sin méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

    (a)

    maidir le risíochtaí a shanntar d'aicme na risíochta ar chothromas dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí an cur chuige simplí maidir le hualú priacail i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 155(2);

    (b)

    maidir le risíochtaí a shanntar do na hítimí a ionadaíonn do shuíomhanna urrúsúcháin dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 254 i bhfeidhm amhail is dá mbeadh na risíochtaí sin i seilbh na n-institiúidí sin go díreach;

    (c)

    maidir le gach risíocht fhorluiteach eile, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm an Cur Chuige Caighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 den Teideal seo.

    Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí a thrádáiltear ar an malartán agus risíochtaí eile cothromais, láimhseálfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann mar risíochtaí cothromais eile.

    5.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach faoi Airteagal 132(3), féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, féadfaidh siad méid risíochta na risíochtaí sin atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige bunaithe ar shainordú a leagtar amach in Airteagal 132a(2). Os a choinne sin, i gcás na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo, cuirfidh institiúidí na cineálacha cur chuige i bhfeidhm a leagtar amach ann.

    6.   Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo nó nach gcuireann an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh siad an cur chuige cúltaca dá dtagraítear in Airteagal 132(2) i bhfeidhm.

    7.   Féadfaidh institiúidí méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, dá risíochtaí féin i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa Airteagal seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid.

    8.   Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail de chuid GC a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4 agus 5, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)

    is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:

    (i)

    institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC sin, ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;

    (ii)

    maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, an chuideachta bainistíochta GC, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh cuideachta bainistíochta an GC sin na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 132(3);

    (b)

    maidir le risíochtaí seachas iad siúd a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1);

    (c)

    maidir leis na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach inti;

    (d)

    daingneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.

    Déanfaidh institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GCa thagann as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.

    De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.

    9.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na forálacha atá in Airteagal 132(5) agus (6) agus in Airteagal 132b. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag Airteagal 132c, agus na hualuithe priacail arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 den Teideal seo á n-úsáid.”;

    (66)

    in Airteagal 158, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “9a.   Nialas a bheidh i méid an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh gealltanas íosluacha a chomhlíonann na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 132c(3).”;

    (67)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 164:

    “Airteagal 164

    Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)

    1.   Cuirfidh na hinstitiúidí a meastacháin féin ar LGDanna ar fáil faoi réir na gceanglas a shonraítear i Roinn 6 den Chaibidil seo agus ar an gcoinníoll go bhfaighidh siad cead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 143. I gcás priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, úsáidfear luach LGD atá cothrom le 75 %. Más féidir le hinstitiúid a meastacháin EL ar phriacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar bhealach iontaofa, féadfaidh an institiúid a meastachán LGD féin a úsáid.

    2.   D'fhonn tacú le risíocht ar leith nó le comhthiomsú de risíochtaí, féadfar cosaint neamhchistithe chreidmheasa a aithint mar ghné atá incháilithe ach na meastacháin PD nó LGD a choigeartú faoi réir na gceangaltas a shonraítear in Airteagal 183(1), (2) agus (3) agus faoi réir chead na n-údarás inniúil. Ní shannfaidh institiúid PD ná LGD coigeartaithe do risíochtaí faoi ráthaíocht ar chaoi gurbh ísle an t-ualú priacail coigeartaithe ná an t-ualú priacail a bheadh ag risíocht dhíreach inchomparáide ar an ráthóir.

    3.   Chun críocha Airteagal 154(2), is ionann LGD na risíochta dírí inchomparáide ar sholáthraí na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 153(3) agus an LGD a bhaineann le saoráid neamhfhálaithe chun an ráthóra, é sin nó le saoráid neamhfhálaithe an fhéichiúnaí, rud a bheadh ag brath ar cé acu, i gcás ina mainneodh an ráthóir agus an féichiúnaí araon le linn shaolré an idirbhirt fhálaithe, a léireofaí nó nach léireofaí leis an bhfianaise atá le fáil agus le struchtúr na ráthaíochta, go mbeadh an méid a ghnóthófaí ag brath ar staid airgeadais an ráthóra nó an fhéichiúnaí, faoi seach.

    4.   An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin chónaithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 10 %.

    An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin tráchtála dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %.

    5.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 6 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin.

    I gcás inarb é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil sin go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 6.

    I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúblailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údaráis inniúla agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

    6.   Bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe á gcur san áireamh, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil nó, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosta LGD dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha.

    I gcás ina mbeidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach leordhóthanach na luachanna íosta LGD dá dtagraítear i mír 4, agus ina measfaidh sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na luachanna LGD difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé luachanna íosta LGD níos airde a shocrú i dtaca leis na risíochtaí sin atá lonnaithe i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha. Féadfar na íosluachanna níos airde sin a chur i bhfeidhm freisin ar leibhéal ceann amháin nó níos mó de na deighleoga maoine den sórt sin.

    Tabharfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 fógra do ÚBE agus do BERS roimh an gcinneadh dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na luachanna LGD sin.

    7.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás a a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 luachanna íosta LGD níos airde a shocrú de bhun mhír 6, beidh idirthréimhse sé mhí ag institiúidí chun iad a chur i bhfeidhm.

    8.   Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d'fhonn na coinníollacha a shonrú a chuirfidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus oiriúnacht na luachanna LGD á meas acu mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 6.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    9.   Féadfaidh BERS trí nhithín moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na fachtóirí a d'fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear i mír 6; agus

    (b)

    tagarmharcanna táscacha a chuirfidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus luachanna LGD níos airde á socrú.

    10.   Cuirfidh institiúidí de chuid Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis Ballstáit eile i gcomhréir le mír 6 i bhfeidhm maidir lena risíochtaí comhfhreagracha uile atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe agus ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó den Bhallstát sin.”;

    (68)

    in Airteagal 201(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    “(h)

    contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.”;

    (69)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 204a

    Cineálacha incháilithe díorthach cothromais

    1.   Ní fhéadfaidh institiúidí díorthaigh chothromais, ar babhtálacha an toraidh iomláin iad nó cinn a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil acu, a úsáid mar chosaint chreidmheasa incháilithe ach amháin chun críocha fáluithe inmheánacha a dhéanamh.

    I gcás ina gceannóidh institiúid cosaint chreidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanfaidh sí taifead ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cóir nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa sin mar chosaint chreidmheasa incháilithe.

    2.   I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú inmheánach ag baint úsáid as díorthach cothromais, ionas go gcáileoidh an fálú inmheánach mar chosaint chreidmheasa incháilithe chun críocha na Caibidle seo, déanfar an priacal creidmheasa a aistríodh chuig an leabhar trádála a aistriú chuig tríú páirtí nó páirtithe.

    I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go Roinn 6 den Chaibidil seo i bhfeidhm maidir le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaighidh siad cosaint neamhchistithe chreidmheasa.”;

    (70)

    leasaítear Airteagal 223 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn an modh a leagtar síos i Roinn 6 de Chaibidil 6 á úsáid acu EVA a ríomh mar a leanas:

     

    EVA = E.”;

    (b)

    i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

    “I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn na modhanna a leagtar síos i Roinn 3, i Roinn 4 agus i Roinn 5 de Chaibidil 6 á n-úsáid acu, éifeachtaí maolaithe priacail na comhthaobhachta a chur san áireamh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Ranna 3, 4 agus 5 de Chaibidil 6, de réir mar is infheidhme.”;

    (71)

    leasaítear Airteagal 272 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

    “(6)

    ciallaíonn ‘tacar fálúcháin’ grúpa idirbheart laistigh de thacar glanluachála aonair dá gceadaítear fritháireamh iomlán nó páirteach chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh de réir na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 4 den Chaibidil seo;”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(7a)

    ciallaíonn ‘comhaontú corrlaigh aontreo’ comhaontú corrlaigh faoina n-éileofar ar an institiúid corrlaigh athrúcháin a bhreacadh chuig contrapháirtí ach nach bhfuil sí i dteideal corrlach athrúcháin a fháil ón gcontrapháirtí sin nó a mhalairt;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

    “(12)

    ciallaíonn ‘margadhluach reatha’, nó ‘CMV’ margadhluach glan na n-idirbheart uile laistigh de thacar glanluachála, d'aon chomhthaobhacht a fuarthas nó a breacadh, i gcás margadh dearfach agus margadh diúltach a bheith glanluacháilte agus an CMV á ríomh;”;

    (d)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(12a)

    ciallaíonn ‘glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche’ nó ‘NICA’ suim luach na glanchomhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála seachas an corrlach athrúcháin;”;

    (72)

    leasaítear Airteagal 273 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Cinnfidh institiúidí luach risíochta na gconarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II ar bhonn ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (1) an modh a leagtar amach i Roinn 4. Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (2) an modh a leagtar amach i Roinn 5.

    Féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6 a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa. Ní dhéanfaidh institiúid aonair, ar bhonn buan, na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 a úsáid i dteaglaim.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:

    “6.   Faoi gach modh a leagtar amach i Ranna 3 go 6, beidh luach na risíochta le haghaidh contrapháirtí áirithe cothrom le suim na luachanna risíochta arna ríomh do gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí sin.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú corrlaigh amháin maidir le tacair ghlanluachála iomadúla leis an gcontrapháirtí sin agus i gcás ina mbeidh ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 á úsáid ag an institiúid chun luach risíochta na dtacar glanluachála sin a ríomh, déanfar luach na risíochta a ríomh i gcomhréir leis an Roinn ábhartha.

    Le haghaidh contrapháirtí faoi leith, beidh luach na risíochta le haghaidh tacar glanluachála áirithe d'ionstraimí díorthacha thar an gcuntar a liostaítear in Iarscríbhinn II arna ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo cothrom leis an gceann is mó idir nialas agus an difríocht idir suim na luachanna risíochta thar gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí agus suim na gcoigeartuithe luachála creidmheasa don chontrapháirtí sin arna aithint ag an institiúid mar dhíluacháil thabhaithe. Déanfar na coigeartuithe luachála creidmheasa a ríomh gan aon choigeartuithe luachála dochair fhritháirimh a chur san áireamh a thugtar do phriacal creidmheasa na gnólachta airgeadais féin atá eisiata cheana ó chistí dílse i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 33(1).

    7.   Agus luach na risíochta á ríomh acu i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i Ranna 3, 4 agus 5, féadfaidh institiúidí dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar ar lánmheaitseálacha iad agus a áirítear sa chomhaontú glanluachála céanna a láimhseáil mar chonradh singil ag a bhfuil príomhshuim bharúlach atá cothrom le nialas.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar gur lánmheaitseálacha dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil a suíomhanna priacail urchomhaireach i leith a chéile;

    (b)

    gur comhionann na gnéithe atá acu cé is moite den dáta trádála;

    (c)

    go bhfritháiríonn a sreabha airgid a chéile.

    8.   Déanfaidh institiúidí luach risíochta na risíochtaí a thagann as idirbhearta socraíochta iarchurtha a chinneadh trí aon cheann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6, beag beann ar an modh atá roghnaithe ag an institiúid chun díorthaigh thar an gcuntar agus idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh a láimhseáil. Agus ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh idirbhearta socraíochta iarchurtha, féadfaidh institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 ualuithe priacail a shannadh faoin gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2 ar bhonn buan agus beag beann ar ábharthacht na suíomhanna sin.”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “9.   I dtaca leis na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 den Chaibidil seo, láimhseálfaidh institiúidí idirbhearta ina ndearnadh Sainphriacal Comhghaolmhaireachta a aithint i gcomhréir le hAirteagal 291(2), (4), (5), agus (6).”;

    (73)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 273a

    Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na risíochta a ríomh

    1.   Féadfaidh institiúid luach risíochta a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 4 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid:

    (a)

    10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;

    (b)

    EUR 300 milliún.

    2.   Féadfaidh institiúid luach risíochta suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 5 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid;

    (a)

    5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;

    (b)

    EUR 100 milliún.

    3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí amach i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    déanfar gach suíomh díorthach a luacháil ag a margadhluachanna ar an dáta áirithe sin; i gcás nach bhfuil margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin a ghlacadh; i gcás nach mbeidh an margadhluach an an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;

    (b)

    déanfar suimiú ar luach absalóideach suíomhanna fada díorthach agus ar luach absalóideach suíomhanna gearra díorthach;

    (c)

    cuirfear na suíomhanna díorthach go léir san áireamh, seachas díorthaigh chreidmheasa a aithneofar mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa.

    4.   De mhaolú ar mhír 1 nó ar mhír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás nach sáraíonn an gnó díorthach ar bhonn comhdhlúite na tairseacha a leagtar amach i mír 1 nó 2, de réir mar is infheidhme, féadfaidh institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú agus ar a mbeidh an modh a leagtar amach i Roinn 3 nó 4 a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ós rud é go sáraíonn an institiúid na tairseacha sin ar bhonn aonair, a roghnú ina ionad sin, faoi réir formheas ó na húdaráis inniúla, an modh a chur i bhfeidhm ag a mbeadh feidhm ar bhonn comhdhlúite.

    5.   Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla i leith na modhanna a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 as a mbaineann siad úsáid, nó a scoireann siad de bheith á n-úsáid, de réir mar is infheidhme, chun luach risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh.

    6.   Ní bheidh institiúidí páirteach in idirbheart díorthach ná ní dhéanfaidh siad ionstraim dhíorthach a cheannach ná a dhíol, mura bhfuil de chuspóir acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.

    Airteagal 273b

    Neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach risíochta díorthach a ríomh

    1.   Institiúid nach gcomhlíonann a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2), tabharfaidh an institiúid sin fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.

    2.   Scoirfidh institiúid de luachanna risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó Roinn 5, de réir mar is infheidhme, laistigh de thrí mhí ón uair a tharlóidh ceann amháin de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh trí mhí as a chéile;

    (b)

    ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh breis agus 6 mhí den 12 mhí roimhe sin.

    3.   I gcás inar scoir institiúid de luachanna risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó 5, de réir mar is infheidhme, ní cheadófar di luachanna risíochta a suíomhanna díorthacha a ríomh arís mar a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 ach amháin i gcás ina léiríonn sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2) ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh.”;

    (74)

    i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Ranna 3, 4 agus 5:

    Roinn 3

    Cur chuige caighdeánaithe le haghaidh priacal creidmheasa contrapháirtí

    Airteagal 274

    Luach risíochta

    1.   Féadfaidh institiúid luach risíochta aonair a ríomh ar leibhéal an tacair glanluachála le haghaidh na n-idirbheart uile a chumhdaítear le comhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar an méid seo a leanas:

    (a)

    is le ceann de na cineálacha comhaontuithe glanluachála conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 295 a bhaineann an comhaontú glanluachála;

    (b)

    tá an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296;

    (c)

    tá na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 297 comhlíonta ag an institiúid i ndáil leis an gcomhaontú glanluachála.

    I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh an institiúid gach idirbheart a láimhseáil amhail agus dá mba é a thacar glanluachála féin é.

    2.   Déanfaidh institiúidí luach risíochta tacair ghlanluachála a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar leanas:

     

    Luach risíochta = α · (RC + PFE)

    nuair:

    RC

    =

    an costas athsholáthair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 275; agus

    PFE

    =

    an risíocht fhéideartha thodhchaíoch arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278;

    α

    =

    1,4.

    3.   Maidir leis an luach risíochta tacair glanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh conarthach beidh uasteorainn leis is ionann agus luach risíochta an tacair glanluachála chéanna nach bhfuil faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.

    4.   I gcás ina bhfuil feidhm ag comhaontuithe corrlaigh iolracha maidir leis an tacar glanluachála céanna, déanfaidh institiúidí gach comhaontú corrlaigh a leithdháileadh ar ghrúpa idirbheart sa tacar glanluachála a bhfuil feidhm chonarthach ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis agus déanfaidh siad luach risíochta a ríomh ar leithligh le haghaidh gach ceann de na hidirbhearta grúpáilte sin.

    5.   Féadfaidh institiúidí luach risíochta tacair glanluachála a shocrú ag nialas i gcás ina gcomhlíonann an tacar sin na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    gur céadroghanna díolta amháin atá sa tacar glanluachála;

    (b)

    go mbíonn margadhluach reatha an tacair glanluachála diúltach i gcónaí;

    (c)

    go bhfuair an institiúid roimh ré préimh na gcéadroghanna uile a áirítear sa tacar glanluachála chun comhlíonadh na gconarthaí a ráthú;

    (d)

    nach bhfuil an tacar glanluachála faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.

    6.   Maidir le tacar glanluachála, is é a chuirfidh institiúid in ionad idirbheart ar comhcheangal líneach finideach é de chéadroghanna ar cheannach nó ar dhíol atá ceannaithe nó díolta na céadroghanna aonair uile atá sa chomhcheangal líneach sin, arna dtógáil mar idirbheart aonair, chun críocha luach risíochta an tacair glanluachála a ríomh i gcomhréir leis an roinn seo. Déanfar gach comhcheangal de roghanna a láimhseáil mar idirbheart aonair sa tacar glanluachála ina gcuirtear an comhcheangal san áireamh chun críche an luach risíochta a ríomh.

    7.   Luach risíochta idirbhirt díorthach creidmheasa a ionadaíonn suíomh fada sa risíocht fholuiteach, féadfar é a theorannú do mhéid méid na préimhe atá fós gan íoc ar choinníoll go ndéileáiltear leis amhail mar a thacar glanluachála féin nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh.

    Airteagal 275

    Costas athsholáthair

    1.   Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair RC‘’na dtacar glanluachála nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

     

    RC = uas{CMV - NICA, 0}

    2.   Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair na dtacar glanluachála aonair atáoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

     

    RC = uas{CMV-VM-NICA,TH + MTA-NICA,0}

    nuair:

    RC

    =

    an costas athsholáthair

    VM

    =

    luach an ghlanchorrlaigh athrúcháin arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála ar bhonn rialta chun athruithe ar CMV an tacair glanluachála a mhaolú;

    TH

    =

    an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus

    MTA

    =

    íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh.

    3.   Déanfaidh institiúidí an costas athsholáthair le haghaidh tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir an chomhaontaithe corrlaigh chéanna a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

    Formula

    nuair:

    RC

    =

    costas athsholáthair

    i

    =

    an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair ghlanluachála atá faoi réir an corrlaigh aonair;

    CMVi

    =

    CMV thacar glanluachála ‘i’;

    VMMA

    =

    suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha ar bhonn rialta chun athruithe ar a CMV a mhaolú; agus

    NICAMA

    =

    suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha cé is moite de VMMA.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar NICAMA a ríomh ar an leibhéal trádála, ar leibhéal an tacair glanluachála nó ar leibhéal na dtacar glanluachála uile a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leo ag brath ar an leibhéal a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis.

    Airteagal 276

    Comhthaobhacht a aithint agus a láimhseáil

    1.   Chun críocha na Roinne seo, déanfaidh institiúidí méideanna comhthaobhachta VM, VMMA, NICA agus NICAMA, a ríomh trí na ceanglais uile seo a leanas a chur i bhfeidhm:

    (a)

    i gcás ina mbaineann na hidirbhearta uile a áirítear i dtacar glanluachála leis an leabhar trádála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagail 197 agus 299;

    (b)

    i gcás ina bhfuil idirbheart amháin ar a laghad a bhaineann le leabhar neamhthrádála i dtacar glanluachála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagal 197;

    (c)

    is trí chomhartha deimhneach a aithneofar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí agus is trí chomhartha diúltach a aithneofar comhthaobhacht a bhreactar i leith contrapháirtí;

    (d)

    déanfar luach aon chineáil comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 223; chun críocha an ríomha sin, ní úsáidfidh institiúidí an modh a leagtar amach in Airteagal 225;

    (e)

    ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VM agus i NICA araon ag an am céanna;

    (f)

    ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VMMA agus i NICAMA araon ag an am céanna;

    (g)

    ní aithneofar aon chomhthaobhacht a bhreactar i leith an chontrapháirtí atá leithscartha ó shócmhainní an chontrapháirtí sin, agus, mar gheall ar an leithscaradh sin, nach bhfuil baint aici le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chontrapháirtí sin, ní aithneofar í agus NICA agus NICAMA á ríomh.

    2.   Maidir le luach comhthaobhachta breactha arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a ríomh, cuirfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle a leagtar amach in Airteagal 223(2):

     

    CVA = C · (1 + HC + Hfx)

    nuair:

     

    CVA = luach comhthaobhachta breactha arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta; agus

     

    C = an chomhthaobhacht;

     

    agus Hc agus Hfx á sainmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 223(2).

    3.   Chun críche phointe (d) de mhír 1, socróidh institiúidí an tréimhse leachtaithe is ábhartha do ríomh an luacha comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, i gcomhréir le ceann amháin de na tréimhsí ionchasacha seo a leanas:

    (a)

    bliain amháin i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1)r;

    (b)

    an tréimhse corrlaigh faoi phriacal arna cinneadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 279c(1) i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3).

    Airteagal 277

    Idirbhearta a mhapáil ar chatagóirí priacail

    1.   Mapálfaidh institiúidí gach idirbheart de chuid tacar glanluachála ar cheann amháin de na catagóirí priacail seo a leanas chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh don tacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278:

    (a)

    priacal ráta úis;

    (b)

    priacal malairte eachtraí;

    (c)

    priacal creidmheasa;

    (d)

    priacal cothromais;

    (e)

    priacal tráchtearraí;

    (f)

    priacal eile.

    2.   Déanfaidh institiúidí an mhapáil dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn phríomhspreagaí priacail an idirbhirt díorthach. Ní bheidh de spreagaí priacail ábhartha ag idirbheart díorthach ach an príomhspreagaí priacail.

    3.   De mhaolú ar mhír 2, mapálfaidh institiúidí idirbhearta díorthach ag a bhfuil níos mó ná aon spreagaí priacail ábhartha amháin ar níos mó ná aon chatagóir phriacail amháin. I gcás ina mbaineann spreagaí priacail ábhartha uile aon idirbhirt amháin díobh sin leis an gcatagóir chéanna phriacail, ní cheanglófar ar institiúidí an t-idirbheart sin a mhapáil ar an gcatagóir phriacail sin ach an t-aon uair amháin ar bhonn an an spreagaithe priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail sin. I gcás ina mbaineann spreagaithe priacail ábhartha aon idirbhirt amháin díobh sin le catagóirí priacail éagsúla, déanfaidh institiúidí an t-idirbheart sin a mhapáil aon uair amháin ar gach catagóir phriacail díobh sin a bhfuil aon spreagaí priacail ábhartha amháin ar a laghad acu, ar bhonn an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail sa chatagóir phriacail sin.

    4.   In ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, nuair a bheidh idirbhearta á mapáil acu ar na catagóirí priacail a liostaítear i mír 1, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    más athróg boilsciúcháin atá i bpríomhspreagaí priacail idirbhirt, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear i mír 3, mapálfaidh institiúidí an t-idirbheart sin ar an gcatagóir priacail ráta úis;

    (b)

    más athróg dálaí aeráide atá i bpríomhspreagaí priacail idirbhirt, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear i mír 3, mapálfaidh institiúidí an t-idirbheart sin ar an gcatagóir priacail tráchtearraí.

    5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

    (a)

    an modh chun na hidirbhearta sin nach bhfuil ach aon spreagaí priacail ábhartha amháin acu a shainaithint;

    (b)

    an modh chun idirbhearta a aithint ag a bhfuil níos mó ná spreagaí priacail ábhartha amháin agus chun an spreagaí is ábhartha de na spreagaithe priacail sin a aithint chun críocha mhír 3;

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Airteagal 277a

    Tacair falúcháin

    1.   Bunóidh institiúidí na tacair fálúcháin is ábhartha do gach catagóir phriacail a ghabhann le tacar glanluachála agus sannfaidh siad gach idirbheart do na tacair fálúcháin sin mar leanas:

    (a)

    ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna;

    (b)

    ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail malairte eachtraí ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), bunaithe ar an bpéire airgeadra céanna;

    (c)

    sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail creidmheasa;

    (d)

    sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail cothromais;

    (e)

    sannfar do cheann amháin de na tacair fálúcháin seo a leanas idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail tráchtearraí ar bhonn nádúr a bpríomhspreagaí priacail nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3):

    (i)

    fuinneamh;

    (ii)

    miotail;

    (iii)

    earraí talmhaíochta;

    (iv)

    tráchtearraí eile;

    (v)

    dálaí aeráide;

    (f)

    ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir phriacail eile ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.

    Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, sannfar do thacair fálúcháin ar leithligh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis ar athróg boilsciúcháin é an príomhspreagaí priacail atá acu, cé is moite de na tacair fálúcháin sin a bunaíodh le haghaidh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis nach é athróg boilsciúcháin an príomhspreagaí priacail atá acu. Ní shannfar na hidirbhearta sin don tacar fálúcháin céanna ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna.

    2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh institiúidí tacair fálúcháin aonair ar leithligh i ngach catagóir phriacail le haghaidh na n-idirbheart seo a leanas:

    (a)

    idirbhearta arb é an príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu luaineacht spreagaí priacail, cé acu luaineacht intuigthe an mhargaidh í sin nó luaineacht réadaithe, nó an comhchoibhneas idir dhá spreagaí priacail;

    (b)

    idirbhearta arb é an príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu an difríocht idir dhá spreagaí priacail arna mapáil ar an gcatagóir chéanna phriacail nó idirbhearta arb é atá iontu dhá chuid d'íocaíocht ainmnithe san airgeadra céanna agus a bhfuil spreagaí priacail ó chatagóir chéanna phriacail an phríomhspreagaí priacail le fáil sa chuid d'íocaíocht eile nach í an chuid d'íocaíocht a bhfuil an príomhspreagaí priacail inti í.

    Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.

    Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann an péire spreagaithe priacail sna hidirbhearta sin dá dtagraítear ann agus go mbeidh an dá spreagaí priacail sa phéire sin curtha i gcomhchoibhneas deimhneach. Seachas sin, sannfaidh institiúidí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír do cheann amháin de na tacair fálúcháin sin arna mbunú i gcomhréir le mír 1, ar bhonn ceann den dá spreagaí priacail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

    3.   Ar iarraidh ó údarás inniúil, cuirfidh institiúidí ar fáil líon na dtacar fálúcháin arna mbunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo do gach catagóir phriacail, mar aon leis an bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), nó an péire spreagaithe priacail do gach ceann de na tacair fálúcháin sin, mar aon le líon na n-idirbheart i ngach ceann de na tacair fálúcháin sin.

    Airteagal 278

    Risíocht fhéideartha thodhchaíoch

    1.   Ríomhfaidh institiúidí an risíocht fhéideartha thodhchaíoch ‘’a bhaineann le tacar glanluachála mar leanas:

    Formula

    nuair:

    PFE

    =

    risíocht fhéideartha thodhchaíoch

    a

    =

    an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na catagóirí priacail a áireofar i ríomh risíocht fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála;

    AddOn(a)

    =

    an forlíontán do chatagóir phriacail‘’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 280a go 280f, de réir mar is infheidhme; agus

    multiplier

    =

    fachtóir iolrúcháin arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear i mír 3.

    Chun críche an ríomha sin, áireoidh institiúidí forlíontán catagóire priacail áirithe i ríomh risíocht fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála i gcás inar mapáladh idirbheart amháin ar a laghad de chuid an tacair glanluachála ar an gcatagóir phriacail sin.

    2.   Déanfar risíocht fhéideartha thodhchaíoch de chuid tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir comhaontú corrlaigh amháin, dá dtagraítear in Airteagal 275(3), a ríomh mar shuim risíochtaí féideartha todhchaíocha na dtacar glanluachála aonair uile amhail agus nach raibh siad faoi réir comhaontú corrlaigh d'aon sórt.

    3.   Chun críche mhír 1, ríomhfar an t-iolraitheoir mar leanas:

    multiplier=

     

    1 if z ≥ 0

    Formula

    if

    Formula

    nuair:

     

    Floorm = 5 %;

     

    y = 2 · (1 – Floorm) · ΣaAddOn(a)

    z =

     

    CMV-NICA i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(1)

    CMV-VM- NICA i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(2)

    CMVi-NICAi i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(3)

    NICAi

    =

    glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche arna ríomh d'idirbhearta a áirítear i dtacar glanluachála ‘i’ agus do na hidirbhearta sin amháin. Déanfar NICAi a ríomh ar an leibhéal trádála nó ar leibhéal an tacair glanluachála ag brath ar an gcomhaontú corrlaigh.

    Airteagal 279

    Suíomhanna priacail a ríomh

    Chun críocha na forlíontáin catagóire priacail dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, déanfaidh institiúidí suíomh priacail gach idirbhirt de chuid tacar glanluachála a ríomh mar leanas:

     

    RiskPosition=δ ߦAdjNotߦMF

    nuair:

    δ

    =

    deilte mhaoirseachta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279a;

    AdjNot

    =

    méid barúlach coigeartaithe an idirbhirt arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 279b; agus

    MF

    =

    fachtóir aibíochta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279c.

    Airteagal 279a

    Deilte mhaoirseachta

    1.   Ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:

    (a)

    maidir le céadroghanna ar dhíol nó ar cheannach lena dtugtar cead do cheannaitheoir na céadrogha bunionstraim a cheannach nó a dhíol ar phraghas deimhneach ar aon dáta amháin nó ar an iliomad dátaí san am atá amach romhainn, cé is moite de chásanna inar mapáladh na céadroghanna sin ar an gcatagóir priacail ráta úis, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas: