EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2016:084:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 84, 31 Márta 2016


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

59
31 Márta 2016


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe) ( 1 )

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 84 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

31.3.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/429 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) Airteagal 114 agus Airteagal 168(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Féadfaidh tionchar millteach a bheith ag galair in-tarchurtha ainmhithe agus ag na bearta is gá leis na galair sin a rialú d'ainmhithe aonair, ar dhaonraí ainmhithe, ar choimeádaithe ainmhithe agus ar an ngeilleagar.

(2)

Mar is léir ón taithí a fuarthas le déanaí, féadfaidh galair in-tarchurtha ainmhithe tionchar suntasach a imirt ar shláinte phoiblí agus ar shábháilteacht bia.

(3)

Sa bhreis air sin, is féidir éifeachtaí idirghníomhacha díobhálacha a bhreathnú i ndáil le bithéagsúlacht, athrú aeráide agus gnéithe comhshaoil eile. Féadfaidh athrú aeráide tionchar a imirt ar theacht chun cinn galar nua, leitheadúlacht galar atá ann cheana agus dáileadh geografach oibreán agus veicteoirí galar, lena n-áirítear na cinn a dhéanann difear don fhiadhúlra.

(4)

Le hardchaighdeáin sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí a áirithiú san Aontas agus forbairt réasúnta na n-earnálacha talmhaíochta agus dobharshaothraithe agus chun táirgiúlacht a mhéadú, ba cheart rialacha i dáil le sláinte ainmhithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Tá gá leis na rialacha sin chun, inter alia, rannchuidiú le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh, agus le leathadh galar infhabhtaíoch a sheachaint. Leis na rialacha sin ba cheart a áirithiú freisin, a mhéid is féidir, go gcaomhnaítear an stádas sláinte ainmhithe atá san Aontas cheana féin agus go dtacaítear le feabhas a chur ar an stádas sin amach anseo.

(5)

Is éard atá i reachtaíocht reatha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe sraith bunghníomhartha nasctha idirghaolmhara ina leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe a bhfuil feidhm acu maidir le trádáil laistigh den Aontas, teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas, díothú galar, rialuithe tréidliachta, fógra a thabhairt i leith galar agus tacaíocht airgeadais i ndáil le speicis éagsúla ainmhithe, ach tá creat dlíthiúil uileghabhálach lena leagtar síos prionsabail chomhchuibhithe ar fud na hearnála de dhíth.

(6)

Foráiltear do rialacha airgeadais a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do chuspóirí sláinte ainmhithe i Rialachán (CE) Uimhir 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ní cuid den Rialachán seo iad. Ina theannta sin, ba cheart na rialacha lena gcumhdaítear na rialuithe oifigiúla ar bhearta sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus i dTreoracha 89/662/CEE (5), 90/425/CEE (6), 91/496/CEE (7) agus 97/78/CE (8) ón gComhairle a úsáid chun rialuithe oifigiúla i réimse na sláinte ainmhithe a rialú.

(7)

Ní fhaightear sa Rialachán seo forálacha lena rialaítear leas ainmhithe. Mar sin féin, tá nasc idir sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe: má thagann feabhas ar shláinte na n-ainmhithe, is fearrde a bheidh leas na n-ainmhithe, agus a mhalairt. Má dhéantar bearta coisctheacha agus rialaithe galar i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart a dtionchar ar leas ainmhithe, mar a thuigtear é i bhfianaise Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a chur san áireamh d'fhonn na hainmhithe lena mbaineann a spáráil ó phian, ó anacair nó ó fhulaingt nach gá. Ní foláir go mbeidh feidhm i gcónaí ag reachtaíocht maidir le leas ainmhithe, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (9) agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 (10) agus ba cheart go gcuirfear chun feidhme i gceart í. Maidir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart go mbeadh dúbláil nó forluí i gceist leo leis na rialacha a leagtar síos sa reachtaíocht sin.

(8)

Tá sé mar aidhm ag an teachtaireacht ón gCoimisiúin an 19 Meán Fómhar 2007 maidir le Straitéis um Shláinte Ainmhithe don Aontas Eorpach (2007-2013) áit a bhfuil “Cosc níos fearr ná leigheas” sláinte na n-ainmhithe a chur chun cinn trí bhéim níos mó a leagan ar bhearta coisctheacha, faireachas ar ghalair, rialú galar agus taighde orthu, le ráta tarlaithe galar ainmhithe a laghdú agus le tionchar na ráigeanna a íoslaghdú nuair a tharlaíonn siad. Moltar leis “creat rialúcháin aonair simplithe do shláinte ainmhithe” a ghlacadh lena n-iarrtar comhfhogasú le caighdeáin idirnáisiúnta a bhaint amach agus tiomantas docht i ndáil le hardchaighdeáin sláinte ainmhithe á áirithiú ag an am céanna.

(9)

Is é aidhm an Rialacháin seo na gealltanais agus na físeanna dá bhforáiltear sa Straitéis sin um Shláinte Ainmhithe, lena n-áirítear prionsabal “na Sláinte aonair” a chur chun feidhme, agus an creat dlíthiúil le haghaidh comhbheartais sláinte ainmhithe don AE a chomhdhlúthú, trí bhíthin creat rialúcháin solúbtha simplithe aonair do shláinte ainmhithe.

(10)

Féadfar raon leathan galar ionfhabhtaíoch nó neamh-ionfhabhtaíoch a bheith ar ainmhithe. Is féidir roinnt mhaith galar a chóireáil, nó ní bheidh tionchar acu ach ar an ainmhí aonair lena mbaineann ná ní leathfaidh siad go hainmhithe nó daoine eile. Ar an taobh eile, féadfaidh galair in-tarchurtha tionchar níos leithne a bheith acu ar shláinte ainmhithe nó ar shláinte phoiblí agus braithfear na héifeachtaí ar leibhéal an phobail. Ba cheart na rialacha maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán seo a theorannú do na galair sin is deireanaí a luaitear amháin.

(11)

Agus na rialacha sin maidir le sláinte ainmhithe á leagan síos tá sé fíor-riachtanach go gcuirfear na naisc idir sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí, an comhshaol, sábháilteacht bia agus beatha, leas ainmhithe, slándáil bia agus gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha san áireamh.

(12)

Leis an gComhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SFS), a bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí ann, rialáiltear úsáid na mbeart is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint ionas ach ndéanfar idirdhealú go treallach nó gan bonn údair idir comhaltaí an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Má tá caighdeáin ann, ceanglaítear iad a úsáid mar bhonn do bhearta Aontais. Mar sin féin, tá sé de cheart ag páirtithe de chuid Comhaontú SFS a gcaighdeáin ábhartha féin a leagan amach ar an gcoinníoll go mbeidh na caighdeáin sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch.

(13)

Maidir le sláinte ainmhithe tagraíonn Comhaontú SFS do chaighdeáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) maidir le coinníollacha do shláinte ainmhithe do thrádáil idirnáisiúnta. Leis an riosca go gcuirfí isteach ar thrádáil a laghdú, ba cheart díriú ar leibhéal iomchuí cóineasaithe le caighdeáin OIE i mbearta Aontais maidir le sláinte ainmhithe.

(14)

In imthosca ar leith i gcás ina bhfuil riosca suntasach do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí ach go bhfuil éiginnteacht eolaíoch ann i gcónaí, le hAirteagal 5(7) de Chomhaontú SPS a ndearnadh forléiriú air sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2000 maidir leis an bprionsabal réamhchúramach, ceadaítear do chomhalta an Chomhaontaithe sin bearta sealadacha a ghlacadh ar bhonn na fáisnéise ábhartha atá ar fáil. Sna himthosca sin, ceanglaítear ar chomhalta lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a fháil le haghaidh measúnú níos oibiachtúla ar an riosca agus chun an beart a athbhreithniú dá réir laistigh de thréimhse réasúnta.

(15)

Ba cheart an measúnú riosca, a nglactar na bearta faoin Rialachán seo ar a bhonn, a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil agus ba cheart tabhairt faoi ar bhealach neamhspleách, oibiachtúil agus trédhearcach. Ba cheart a chur san áireamh go cuí freisin tuairimí an Udaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bhia (EFSA) a bunaíodh le hAirteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(16)

I Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí araon do sheachtháirgí agus táirgí díorthaithe áirithe ainmhithe chun rioscaí do shláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a thagann as na táirgí sin a íoslaghdú, agus go háirithe chun sábháilteacht an bhiashlabhra agus an bheathashlabhra a chosaint. Le haon fhorluí le reachtaíocht an Aontais a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seachtháirgí agus táirgí díorthaithe ainmhithe agus iadsan amháin i gcás nach bhfuil rialacha sonracha leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, agus i gcás lena mbaineann riosca do shláinte ainmhithe. Mar shampla, le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ní rialáiltear conas seachtháirgí ná táirgí díorthaithe ainmhithe a láimhseáil i gcomhthéacs beart rialaithe galar, agus mar sin tá na saincheisteanna sin cumhdaithe go cuí sa Rialachán seo.

(17)

Sa bhreis air sin, tá rialacha sonracha maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe lena n-áirítear galair is in-tarchurtha chuig daoine (“zónóisí”) leagtha síos cheana i Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), a rialú agus a dhíothú, Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), agus rialacha mionsonraithe maidir le galair theagmhálacha sa duine leagtha síos gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart go bhfanfadh na gníomhartha sin i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo a ghlacadh. Dá réir sin, chun aon fhorluí le reachtaíocht an Aontais a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le zónóisí ach amháin sa mhéid is nach bhfuil rialacha sonracha leagtha síos cheana sna gníomhartha Aontais eile. Ina theannta sin, tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na rialacha dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais, amhail i réimsí na tréidliachta agus leas na n-ainmhithe.

(18)

Féadfaidh galair atá ar ainmhithe a choimeádann daoine tionchar díobhálach a imirt ar earnálacha na talmhaíochta agus an dobharshaothraithe, ar shláinte phoiblí, ar an gcomhshaol agus ar bhithéagsúlacht. Mar sin féin, ós rud é go gcoimeádann daoine ainmhithe den sort sin, bíonn sé go minic níos éasca bearta coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir leosan ná maidir le hainmhithe fiáine.

(19)

Bíodh sin mar atá, féadfaidh galair atá ar dhaonraí ainmhithe fiáine tionchar díobhálach a imirt ar earnálacha na talmhaíochta agus an dobharshaothraithe, ar shláinte phoiblí, ar an gcomhshaol agus ar bhithéagsúlacht. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gcumhdófar le raon feidhme an Rialacháin seo, sna cásanna sin, ainmhithe fiáine, mar íospartaigh ionchasacha na ngalar sin agus mar veicteoirí na ngalar sin chomh maith. Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdaítear leis an téarma “ainmhithe fiáine” gach ainmhí nach gcoimeádann daoine iad, lena n-áirítear ainmhithe fánacha agus fia-ainmhithe, fiú más de speiceas iad atá ceansaithe de ghnáth.

(20)

Ní tharchuirtear galair ainmhithe trí theagmháil dhíreach amháin idir ainmhithe nó idir ainmhithe agus daoine. Iompraítear iad níos faide ó bhaile freisin trí chórais uisce agus aeir, veicteoirí amhail feithidí, nó seamhan, úicítí agus suthanna a úsáidtear in inseamhnú saorga, deonú úicíte nó aistriú sutha. Féadfar oibreáin ghalair a bheith i mbia agus i dtáirgí eile de bhunadh ainmhíoch freisin amhail leathar, fionnadh, cleití, adharc agus aon ábhar eile arna ndíorthú ó chorp ainmhí. De bhreis air sin féadfar oibreáin ghalair a scaipeadh trí rudaí eile amhail feithiclí iompair, trealamh, farae agus féar tirim agus tuí. Dá bhrí sin, ní mór gach conair ionfhabhtaithe agus an t-ábhar lena mbaineann a chumhdach i rialacha éifeachtacha maidir le sláinte ainmhithe.

(21)

Féadfaidh galair ainmhithe éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar dháileadh speiceas ainmhithe san fhiántas, agus difear a dhéanamh don bhithéagsúlacht ar an gcaoi sin. Is féidir le miocrorgánaigh is cúis le galair ainmhithe den sórt sin a mheas mar speiceas coimhthíoch laistigh de chreat Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ba cheart bithéagsúlacht a chur san áireamh freisin agus ar an gcaoi sin ba cheart don Rialachán speicis ainmhithe agus oibreáin ghalair a chumhdach, lena n-áirítear iad siúd a shainmhínítear mar speicis ainmhithe choimhthíoch ionracha, a imríonn ról i dtarchur galar arna gcumhdach sa Rialachán seo nó a ndéanann na galair sin difear dóibh.

(22)

Leagtar síos i reachtaíocht an Aontais a glacadh roimh an Rialachán seo rialacha ar leith maidir le sláinte ainmhithe d'ainmhithe talún agus uisceacha. Leagtar síos i dTreoir 2006/88/CE ón gComhairle (17) rialacha ar leith maidir le hainmhithe uisceacha. Mar sin féin, i bhformhór na gcásanna tá na príomhphrionsabail do rialáil mhaith sláinte ainmhithe agus feirmeoireacht mhaith ainmhithe infheidhme maidir leis an dá ghrúpa speiceas ainmhithe. Dá réir sin, bh cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo ainmhithe talún agus uisceacha araon agus bh cheart go ndéanfaína rialacha sláinte ainmhithe sin ann a ailíniú leis nuair is infheidhme. Mar sin féin, i gcás gnéithe ar leith, go háirithe clárú agus formheas bunaíochtaí agus inrianaitheacht agus gluaiseachtaí ainmhithe laistigh den Aontas, cloíonn an Rialachán seo leis an gcur chuige a glacadh san am atá thart, eadhon sraitheanna difriúla rialacha a leagan síos maidir le hainmhithe talún agus uisceacha i ngeall ar a dtimpeallachtaí difriúla agus dá réir sin a riachtanais dhifriúla maidir le cosaint sláinte.

(23)

I reachtaíocht an Aontais a glacadh roimh an Rialachán seo agus go háirithe i dTreoir 92/65/CEE ón gComhairle (18), leagtar síos freisin rialacha bunúsacha maidir le sláinte ainmhithe do speicis eile ainmhithe nach rialáiltear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, amhail reiptílí, amfaibiaigh, mamaigh mhuirí, agus ainmhithe eile nach ainmhithe uisceacha ná talún iad mar atá sainmhínithe sa Rialachán seo. De ghnáth, ní bhaineann riosca suntasach leis na speicis seo do shláinte an duine nó d'ainmhithe eile agus dá bhrí sin níl feidhm ach ag roinnt bheag rialacha, nó riail ar bith, maidir le sláinte ainmhithe. Chun aon ualaí riaracháin agus costais nach gá a sheachaint, ba cheart don Rialachán seo cloí leis an gcur chuige a glacadh san am atá thart, eadhon an creat dlíthiúil a sholáthar le haghaidh trínar féidir rialacha mionsonraithe maidir le sláinte ainmhithe a leagan síos i ndáil le gluaiseachtaí ainmhithe den sort sin agus a gcuid táirgí, má cheanglaítear amhlaidh leis na rioscaí lena mbaineann.

(24)

Is minic a choinníonn daoine ainmhithe ar leith mar pheataí ina dteaghlaigh don chomhluadar. Don chuid is mó bíonn riosca níos lú don tsláinte ag baint le coinneáil na n-ainmhithe sin mar pheataí chun críche príobháidí amháin, lena n-áirítear ainmhithe uisceacha ornáideacha, bíodh siad taobh istigh nó lasmuigh, i gcomparáid le slite eile chun ainmhithe a choinneáil ar scála níos leithne, amhail iad siúd atá coitianta sa talmhaíocht, sa dobharshaothrú, i ndídean d'ainmhithe agus níos ginearálta in iompar ainmhithe. Dá bhrí sin, ní iomchuí go mbeadh feidhm ag na ceanglais ghinearálta i dtaca le clárú, coimeád taifead agus gluaiseachtaí laistigh den Aontas maidir leis na hainmhithe peataí sin, mar gurbh ionann sin agus ualach riaracháin agus costais nach bhfuil údar maith leo. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag ceanglais i dtaca le clárú agus coimeád taifead maidir le daoine a choimeádann peata. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha sonracha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí laistigh den Aontas.

(25)

Ní foláir roinnt grúpaí sainmhínithe ainmhithe, a bhfuil rialacha speisialta sláinte ainmhithe ann ina leith sa Rialachán seo, a liostú mar speicis in iarscríbhinn, i ngeall ar ilghnéitheacht an ghrúpa lena mbaineann. Is amhlaidh atá i gcás an ghrúpa mamach a bhfuil crúba acu, a aicmítear mar chrúbaigh. Féadfar go mbeidh gá an liosta d'ainmhithe den sórt sin a athrú sa todhchaí i ngeall ar chúiseanna tacsanomaíochta athraithe. Dá bhrí sin, leis na hathruithe sin a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na liostaí crúbach atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis Rialachán seo.

(26)

Ní féidir ná níor cheart gach galar in-tarchurtha ainmhithe a chosc nó a rialú trí bhearta rialúcháin, mar shampla, má tá an galar rófhorleathan, mura bhfuil uirlisí diagnóiseacha ar fáil, nó más féidir leis an earnáil phríobháideach, leis féin, bearta a dhéanamh chun an galar a rialú. Féadfar go mbeidh tionchar tábhachtacha d'earnálacha ábhartha agus go gcuirfear isteach ar thrádáil le bearta rialúcháin chun galair in-tarchurtha ainmhithe a chosc agus a rialú. Tá sé ríthábhachtach mar sin nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ach amháin nuair atá siad comhréireach agus riachtanach, amhail nuair atá galar i láthair nó go bhfuiltear in amhras go bhfuil riosca suntasach ann do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí.

(27)

Ina theannta sin, ba cheart na bearta coisctheacha agus rialaithe do gach galar in-tarchurtha ainmhithe a bheith “saincheaptha” chun díriú ar a phróifíl eipidéimeolaíoch uathúil, a thionchair agus a dháileadh san Aontas. Ba cheart na rialacha coisctheacha agus rialaithe a bhfuil feidhm acu maidir le gach ceann acu a bheith sonrach ó thaobh galair de.

(28)

I gcás galar in-tarchurtha ainmhithe, baineann coinníoll galair de ghnáth le comharthaí cliniciúla nó paiteolaíocha den ionfhabhtú. Mar sin féin, chun críocha an Rialacháin seo, a bhfuil sé d'aidhm aige leathadh galar in-tarchurtha áirithe ainmhithe a rialú agus iad a dhíothú, ba cheart an sainmhíniú ar ghalar a bheith níos leithne agus iompróirí eile an oibreáin ghalair a áireamh.

(29)

Ní leathann roinnt galar in-tarchurtha ainmhithe go héasca go hainmhithe ná go daoine eile agus ar an gcaoi sin ní dhéanann siad dochar eacnamaíoch ná bithéagsúlach ar scála leathan. Mar sin, ní hionann iad agus riosca tromchúiseach do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí san Aontas agus is féidir ar an ábhar sin, más inmhianaithe, díriú orthu trí bhíthin rialacha náisiúnta.

(30)

I gcás galar in-tarchurtha ainmhithe nach bhfuil faoi réir beart arna leagan síos ar leibhéal an Aontais, ach a bhfuil tábhacht eacnamaíoch éigin ag baint leo don earnáil phríobháideach ar leibhéal áitiúil, ba cheart don earnáil phríobháideach, le cúnamh ó údaráis inniúla na mBallstát, beart a dhéanamh chun na galair sin a chosc nó a rialú, mar shampla trí bhíthin beart féinrialála nó trí chóid cleachtais a fhorbairt.

(31)

I gcodarsnacht leis na galair in-tarchurtha ainmhithe atá tuairiscithe in Aithris 29 agus Aithris 30, féadfaidh galair ainmhithe atá iontach in-tarchurtha leathadh thar teorainneacha agus, más zónóis iad sa bhreis air sin, féadfar tionchar a bheith acu freisin ar shláinte phoiblí agus ar shábháilteacht bia. Ar an ábhar sin ba cheart galair ainmhithe agus zónóisí atá iontach in-tarchurtha a chumhdach sa Rialachán seo.

(32)

Tá méadú ag teacht ar “fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha” rud a thuigtear mar chumas miocrorgánach teacht slán nó fás áit a bhfuil tiúchan oibreán frithmhiocróbach ar gnách gur leor é chun miocrorgánaigh den speiceas céanna a chosc nó a mharú. I nGníomhaíocht Uimh. 5 a moltar sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dar teideal “Plean gníomhaíochta i gcoinne bagairtí ag teacht chun cinn ó Fhrithsheasamh in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh” — cuirtear béim ar an ról coisctheach a bheidh ag an Rialacháin seo agus an laghdú iarmhartach in úsáid frithbheathach in ainmhithe a bhfuiltear ag súil leis. Leis an bhfrithsheasmhacht sin ag miocrorgánaigh in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh a mbíodh siad freagrúil dóibh roimhe seo, déantar cóireáil galar ionfhabhtaíoch i ndaoine agus in ainmhithe níos casta agus mar sin féadfadh go mbeadh sí ina bagairt ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe. Dá thoradh sin, ba cheart déileáil le miocrorgánaigh a bhfuil frithsheasamh in aghaidh frithmhiocróbach forbartha acu amhail is gur galair in-tarchurtha iad, agus ar an gcaoi sin iad a bheith cumhdaithe faoin Rialachán seo. Leis sin, beifear in ann gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne orgánach atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh, i gcás inarb iomchuí agus i gcás inar gá.

(33)

Féadfaidh guaiseanna nua a bhaineann le galair nó speicis áirithe forbairt go háirithe i ngeall ar athruithe i bpatrúin thrádála, ar an gcomhshaol, an aeráid, feirmeoireacht ainmhithe, traidisiúin feirmeoireachta ach mar thoradh ar bharr athruithe sóisialta chomh maith. Féadfar eolas nua a fháil agus feasacht a mhéadú i dtaobh galar atá ann cheana mar thoradh ar ascnamh eolaíoch. Ina theannta sin, féadfar go ndéanfar galair agus speicis atá tábhachtach san lá atá inniu ann a imeallú sa todhchaí. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a bheith leathan agus na rialacha arna leagan síos a bheith dírithe ar ghalair a bhfuil ábharthacht phoiblí ard acu. Le tacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, tá staidéar curtha ar fáil ag OIE, an staidéar “Liostú agus catagóiriú galar tosaíochta ainmhithe, lena n-áirítear na galair is in-tarchurtha go daoine” chomh maith le huirlis don chleachtas sin, arb é is aidhm dó córas beartaithe tosaíochta agus catagóirithe galar a fhorbairt. Is sampla í an uirlis sin de chur chuige sistéamach i ndáil le faisnéis faoi ghalair ainmhithe a bhailiú agus a mheasúnú.

(34)

Tá sé riachtanach liosta comhchuibhithe a bhunú de ghalair in-tarchurtha ainmhithe (“galair liostaithe”) a bhfuil riosca ag gabháil leo do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí san Aontas, cibé acu an ar fud an Aontais uilig atá an riosca sin nó i gcodanna de amháin. Ba cheart na cúig ghalar a shainaithnítear sa Rialachán seo a fhorlíonadh le liosta galar arna leagan amaach in iarscríbhinn. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar an iarscríbhinn sin i gcomhréir le sraith critéar. Ba cheart mar sin an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh lena leasófaí an iarscríbhinn a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE.

(35)

Féadfaidh galair teacht chun cinn sa todhchaí a d'fhéadfadh a bheith ina rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe agus tionchar acu ar shláinte, ar an ngeilleagar nó ar an gcomhshaol. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta a leagan síos maidir le cosc agus rialú galair do ghalair atá ag teacht chun cinn d'fhonn bearta cuí a ghlacadh chun dul i ngleic le drochiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis na galair sin fiú i gcás nár déanadh measúnú iomlán orthu i bhfianaise a liostaithe fhéideartha. Leis na bearta sin ní dhéantar dochar do bhearta éigeandála agus d'fhéadfadh fós feidhm a bheith acu maidir le galair atá ag teacht chun cinn fad ag feitheamh ar chinneadh maidir lena liostú.

(36)

Beidh gá le cur chuige bainistíochta difriúil i gcás galar liostaithe. I gcás galar an-tógálach áirithe nach bhfuil san Aontas faoi láthair éilítear bearta diana chun iad a dhíothú a luaithe is a tharlaíonn siad. I gcásanna nach ndéantar na galair sin a dhíothú go pras agus ina bhfaigheann siad carachtar eindéimeach, beidh clár díothaithe a bheidh éigeantach agus fadtéarmach de dhíth. I gcás galar eile a d'fhéadfadh a bheith ann cheana in áiteanna san Aontas, tá díothú éigeantach nó roghnach de dhíth. Sna cásanna sin, is iomchuí srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí a chur ar bun, amhail toirmeasc ar ghluaiseachtaí isteach i limistéir atá buailte agus amach astu, nó díreach tástáil a dhéanamh ar na hainmhithe nó na táirgí lena mbaineann sula seoltar iad. I gcúinsí eile d'fhéadfadh sé bheith iomchuí gan ach clár faireachais ar dháileadh an ghalair i dtrácht a chur chun feidhme, gan aon bhearta breise a dhéanamh.

(37)

Ba cheart go leagfaí síos critéir lena áirithiú go gcuirfear gach gné ábhartha san áireamh agus na galair in-tarchurtha ainmhithe ar cheart iad a liostú chun críoch an Rialacháin seo á gcinneadh.

(38)

Maidir leis na rialacha a leagtar síos leis an Rialachán seo i dtaca le galar sonrach in-tarchurtha ainmhithe a chosc agus a rialú, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le speicis ainmhithe ar féidir leo an galar i dtrácht a tharchur, trí bheith so-ghabhálach ar an ngalar nó trí ghníomhú mar a veicteoir. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, is gá liosta comhchuibhithe speiceas a bhunú ar ceart na bearta sonracha do ghalair shonracha a chur i bhfeidhm ina leith ar leibhéal an Aontais (“speicis liostaithe”) agus ar an gcaoi sin ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis an liosta sin a leagan síos a thabhairt don Choimisiún.

(39)

Ba cheart go mbeadh an próiseas catagóirithe bunaithe ar chritéir réamhshainithe amhail próifíl an ghalair liostaithe i dtrácht, leibhéal tionchair an ghalair ar shláinte ainmhithe agus ar an tsláinte phoiblí, ar leas ainmhithe agus ar an ngeilleagar san Aontas, ar an mbaol go leathfaidh sé agus ar infhaighteacht beart coisctheach agus rialaithe galar i ndáil leis an ngalar liostaithe sin. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a leagan síos cé acu de na galair liostaithe atá le bheith faoi réir cé acu de na rialacha.

(40)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha den sórt sin maidir le galair liostaithe nach bhfaightear go hiondúil san Aontas agus ar cheart bearta díothaithe a dhéanamh láithreach ina gcoinne gan teip a luaithe agus a aimsítear iad, faoi mar a rinneadh le fiabhras clasaiceach muc mar shampla, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le galair liostaithe ar cheart a rialú san Ballstáit uile leis an aidhm go ndéanfaí iad a dhíothú ar fud an Aontais, lena bhféadfadh go n-áireofaí cineálacha galar amhail brúsallóis, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le galair liostaithe atá ábhartha do roinnt Ballstát agus a bhfuil gá le bearta chun iad a chosc ó scaipeadh go dtí áiteanna san Aontas atá saor ón ngalar liostaithe sin go hoifigiúil nó ina bhfuil cláir dhíothaithe don ghalar liostaithe sin, lena bhféadfadh go n-áireofaí cineálacha galar amhail rineatraicéíteas tógálach buaibheach, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le galair liostaithe a bhfuil gá le bearta chun iad a chosc ó scaipeadh de bharr gur thángadar isteach san Aontas nó de bharr gluaiseachtaí idir na Ballstáit lena bhféadfadh go n-áireofaí cineálacha galar amhail ainéime thógálach eachaí, agus ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le galair liostaithe ar gá faireadh orthu laistigh den Aontas, lena bhféadfadh go n-áireofaí cineálacha galar amhail antrasc.

(41)

Féadfaidh athrú teacht ar phróifíl aon ghalair áirithe, mar aon leis na baoil a bhaineann leis an ngalar agus dálaí eile. I gcásanna den chineál sin, ar na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún, ba cheart go n-áiritheofar an chumhacht chun an catagóir ina gcumhdaítear galar liostaithe ar leith a leasú, agus dá bhrí sin na bearta a bhfuil an galar faoina réir.

(42)

Is iad oibreoirí a bhíonn ag obair le hainmhithe is fearr atá in ann sláinte ainmhithe agus táirgí faoina gcúram a bhreithniú agus a áirithiú. Dá bhrí sin, is orthusan is ceart an príomhchúram a chur maidir le bearta a chur i gcrích le leathadh galar i measc ainmhithe agus táirgí atá faoina gcúram a chosc agus a rialú.

(43)

Tá an bhithshlándáil ar ceann de na príomhuirlisí coisctheacha atá ar fáil d'oibreoirí, agus do dhaoine eile atá ag obair le hainmhithe chun tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar in-tarchurtha ainmhithe go dtí an daonra ainmhithe a chosc mar aon lena leathadh ar aghaidh ón daonra sin agus laistigh de. Aithnítear ról na bithshlándála sa mheasúnú tionchair freisin le haghaidh glacadh an Rialacháin seo, ina ndéantar measúnú sonrach ar an tionchar a d'fhéadfadh bheith aici. Ba cheart go mbeadh na bearta bithshlándála arna nglaccadh sách solúbtha, in oiriúint don chineál táirgeachta agus do speicis nó catagóirí na n-ainmhithe lena mbaineann agus cuirfear san áireamh na cúinsí áitiúla agus na forbairtí teicniúla. Ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun na ceanglais riachtanacha íosta a leagan síos don chur i bhfeidhm aonfhoirmeach na mbeart bithshlándála sna Ballstáit. D'ainneoin sin, bac heart go bhfanfadh sé de de chumhacht ag na hoibreoirí, na Ballstáit nó an Coimisiún i gcónaí cosc ar na galair in-tarchurtha a chur chun cinn le caighdeáin níos airde bithshlándála trína dtreoirlínte féin don deachleachtas a fhorbairt. Cé go bhféadfaí go mbeidh roinnt infheistíocht láithreach ag teastáil ón mbithshlándáil, ba cheart go mbeadh an laghdú i ngalar ainmhithe ina dreasacht dhearfach d'oibreoirí.

(44)

Tá ról tábhachtach ag táirgí bithicíde, amhail díghalráin, do shláinteachas tréidliachta nó réimsí bia agus beatha, dífheithidí, éarthaigh nó creimircídí i straitéisí bithshlándála, ar leibhéal feirme agus le linn iompair ainmhithe araon. Ba cheart breathnú orthu mar chuid den bhithshlándáil, dá bhrí sin.

(45)

Tá eolas faoi shláinte ainmhithe, lena n-áirítear comharthaí sóirt galar, iarmhairtí galar agus modhanna féideartha lena gcosc, lena n-áirítear bithshlándáil, cóireáil agus rialú, ina réamhriachtanais le sláinte ainmhithe a bhainistiú go héifeachtúil agus tá sé fíor-riachtanach chun galair ainmhithe a bhrath go luath. Ba cheart d'oibreoirí agus gairmithe ainmhithe, dá bhrí sin, an t-eolas sin a fháil de réir mar is iomchuí. Féadfar an t-eolas sin a fháil trí mhodhanna éagsúla, mar shampla oideachas foirmiúil, ach tríd an gCóras Comhairleach Feirme fosta atá ann in earnáil na talmhaíochta nó trí oiliúint neamhfhoirmiúil ar féidir le heagraíochtaí feirmeoirí náisiúnta agus Aontais rannchuidiú go suntasach leo.

(46)

Tá ról fíor-riachtanach ag tréidlianna agus ag gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha i ngach gné de bhainistíocht sláinte ainmhithe, agus ba cheart rialacha ginearálta maidir lena róil agus a gcúraimí a leagan síos sa Rialachán seo.

(47)

Tá an t-oideachas agus na cáilíochtaí gairmiúla ag tréidlianna lena n-áirithiú go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá acu, inter alia, le galair a dhiagnóisiú agus le cóireáil a chur ar ainmhithe. Sa bhreis air sin, i mBallstáit áirithe, ar chúiseanna stairiúla nó de dheasca easnaimh tréidlianna a dhéileálann le galair uisceacha, tá gairm speisialaithe ann dá ngairtear “gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha”. Ní tréidlianna iad na gairmithe seo go traidisiúnta ach cleachtann siad leigheas ainmhithe uisceacha. Ba cheart a urramú sa Rialachán seo, cinneadh na mBallstát sin a aithníonn an ghairm sin agus ba cheart na cúraimí. agus na hoibleagáidí céanna agus atá ar thréidlianna, a bheith ar ghairmithe sláinte ainmhithe uisceacha, maidir lena réimse sonrach oibre. Tá an cur chuige seo ag luí leis an gCód um Shláinte Ainmhithe Uisceacha de chuid OIE.

(48)

Is iad na Ballstáit agus go háirithe a gcuid údarás inniúil atá freagrach as sláinte ainmhithe na príomhghníomhaithe i gcosc agus rialú galar in-tarchurtha ainmhithe. Tá ról tábhachtach ag an údarás inniúil um shláinte ainmhithe i ndáil le faireachas, díothú, bearta rialaithe galar, pleanáil theagmhasach, múscailt feasachta i dtaobh galar, agus in éascú gluaiseachtaí ainmhithe agus sa trádáil idirnáisiúnta trí dheimhnithe sláinte ainmhithe a eisiúint. Le bheith ábalta a gcuid dualgas a fheidhmiú faoin Rialachán seo, beidh na Ballstáit ag brath ar rochtain a bheith acu ar acmhainní leordhóthanacha airgeadais, bonneagair agus pearsanta ar fud a gcríoch, lena n-áirítear toilleadh saotharlainne agus saineolas eolaíoch agus eile ábhartha.

(49)

I ngeall ar acmhainní teoranta, ní féidir le húdaráis inniúla na gníomhaíochtaí uile a cheanglaítear orthu a dhéanamh faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcónaí. Ar an ábhar sin, ní mór bunús dlí a sholáthar le feidhmiú na ngníomhaíochtaí áirithe a tharmligean chuig tréidlianna nach bhfuil ina dtréidlianna oifigiúla. Ar an ábhar céanna, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann daoine nádúrtha nó dlíthiúla a cheadú chun gníomhaíochtaí áirithe a fheidhmiú faoi choinníollacha áirithe.

(50)

Chun a áirithiú go leagfar síos na coinníollacha is gá do chur i bhfeidhm ginearálta beart coisctheacha agus rialaithe galar ar fud an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le tarmligean fheidhmiú na ngníomhaíochtaí eile ar féidir údaráis inniúla a tharmligean chuig tréidlianna nach tréidlianna oifigiúla iad.

(51)

Ní féidir bainistiú sláinte ainmhithe barrfheabhsaithe a bhaint amach ach amháin i gcomhar le coimeádaithe ainmhithe, oibreoirí, tréidlianna, lucht gairmiúla sláinte ainmhithe, geallsealbhóirí eile agus comhpháirtithe trádála. Lena dtacaíocht a áirithiú is gá nósanna imeachta cinnteoireachta agus cur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a eagrú ar bhealach soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach.

(52)

Ba cheart don údarás inniúil na bearta iomchuí a dhéanamh freisin leis an bpobal a choimeád ar an eolas, go háirithe nuair atá foras réasúnach ann le bheith in amhras faoi riosca a bheith ag baint le hainmhithe nó táirgí do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí agus nuair is chun leas an phobail cás ar leith. Sna cásanna sin, d'fhéadfadh gurb as an Aontas féin na hainmhithe nó na táirgí lena mbaineann nó go dtagann siad isteach san Aontas ón taobh amuigh. Féadfaidh, sa dara chás sin, go dtugann daoine isteach san Aontas iad lena gcuid bagáiste phearsanta agus iad ag taisteal ó lasmuigh den Aontas. Mar sin, ba cheart go n-áireofaí leis an bhfaisnéis a thugtar do shaoránaigh na rioscaí a bhaineann le staideanna den chineál sin.

(53)

Le scaoileadh oibreán galar ó shaotharlanna, institiúidí agus saoráidí eile a láimhseálann oibreáin ghalar a sheachaint, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh siad bearta iomchuí bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithshrianta. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bearta sábháilteachta atá le comhlíonadh agus na hoibreáin ghalar sin, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile á láimhseáil nó á n-iompar. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid arna bhforchur i dtaca leis sin maidir le haon duine dlítheanach nó nádúrtha atá bainteach leis an ngníomhaíocht sin. Chun a áirithiú go n-urramófar caighdeáin sábháilteachta agus oibreáin ghalar atá an-tógálach, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile á láimhseáil, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le bearta sábháilteachta sna saotharlanna, institiúidí agus saoráidí sin agus gluaiseachtaí oibreán galar.

(54)

Tá sé fíor-riachtanach luathbhrath agus slabhra soiléir um fhógra a thabhairt agus um thuairisciú a bheith ar bun le rialú éifeachtach a dhéanamh ar ghalair. Chun freagairt éifeachtúil agus thapa a bhaint amach ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur cheart aon amhras nó dearbhú i leith ráige galair áirithe liostaithe a fhógairt láithreach don údarás inniúil.

(55)

Is príomhghníomhaithe iad tréidlianna in imscrúdú galar agus is príomhnasc iad idir oibreoirí agus an t-údarás inniúil. Dá bhrí sin, ba cheart don oibreoir lena mbaineann fógra a thabhairt dóibh i gcásanna mortlaíochtaí neamhghnácha, fadhbanna tromchúiseacha galar eile nó rátaí táirgthe atá laghdaithe go suntasach a bhfuil cúis neamhchinntithe leo.

(56)

Chun a áirithiú go dtabharfar fógra éifeachtach agus éifeachtúil agus chun imthosca éagsúla a bhaineann le mortlaíochtaí neamhghnácha agus airíonna eile galar tromchúiseach a shoiléiriú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le critéir lena chinneadh cad iad na himthosca atá ábhartha chun fógra a thabhairt agus na rialacha maidir le himscrúdú breise a leagan síos, nuair atá an méid sin ábhartha.

(57)

I gcás galar liostaithe áirithe tá sé fíor-riachtanach go dtugann Ballstát fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoina ráig ar a chríoch. Le fógra den sórt sin beidh na Ballstáit chomharsanachta nó Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh, in ann bearta réamhchúramacha a dhéanamh nuair is iomchuí.

(58)

Ar an taobh eile, ní gá fógra agus gníomhaíocht láithreach i gcás galar áirithe. Sna cásanna sin tá bailiú faisnéise agus tuairisciú i ndáil le teagmhais na ngalar sin fíor-riachtanach le staid an ghalair a rialú agus le bearta coisctheacha agus rialaithe galar a dhéanamh. Féadfar go mbeidh feidhm ag an gceanglas tuairiscithe seo maidir le galair atá faoi réir fógra a thabhairt don Aontas ach go mbeidh gá le faisnéis bhreise le haghaidh cur chun feidhme beart éifeachtach coisctheach agus rialaithe galar. Chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis cheart agus na sonraí cearta, a bhfuil gá leo chun leathadh gach galair ar leith a rialú nó a chosc, sa chreat ama ceart, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na hábhair atá le tuairisciú.

(59)

Ar na príomhchuspóirí a bhaineann le fógra a thabhairt i leith galair agus tuairisciú air, tá giniúint sonraí eipidéimeolaíocha atá iontaofa, trédhearcach agus inrochtana. Ba cheart córas faisnéise idirghníomhach ríomhairithe do bhailiú agus bainistiú éifeachtach sonraí faireachais a bhunú ar leibhéal an Aontais do ghalair liostaithe agus, nuair is ábhartha, do ghalair atá ag teacht chun cinn nó pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh frithmhiocróbach. Ba cheart infhaighteacht sonraí barrmhaithe a chur chun cinn leis an gcóras sin, éascú malartaithe sonraí, agus laghdú an ualaigh riaracháin d'údaráis inniúla na mBallstát trí fhógra i leith galair a thabhairt agus tuairisciú orthu laistigh den Aontas agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chumasc i bpróiseas singil arna fheidhmiú trí bhunachar sonraí de chuid OIE. Ba cheart céimeanna a ghlacadh freisin chun comhsheasmhacht leis an malartú faisnéise i gcomhréir le Treoir 2003/99/CE a áirithiú.

(60)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha maidir le fógra a thabhairt i leith galar san Aontas agus na rialacha maidir le tuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún liosta galar a bhunú atá faoi réir rialacha maidir le fógra a thabhairt don Aontas agus maidir le tuairisciú don Aontas amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus leis na nósanna imeachta, formáidí, sonraí agus malartuithe faisnéise is gá a bhunú i dtaca le fógra a thabhairt i leith galar agus i dtaca le tuairisciú.

(61)

Is príomhghné de chuid beartais rialaithe galar é an faireachas. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le luathbhrath galar in-tarchurtha ainmhithe agus fógra éifeachtúil a thabhairt ina leith, ar an gcaoi sin ag cur ar chumas na hearnála lena mbaineann agus an údaráis inniúil, le bearta coisctheacha agus rialaithe galar tráthúla a chur chun feidhme, nuair is indéanta, agus ag ligean do dhíothú an ghalair i dtrácht. Ina theannta sin, ba cheart dó faisnéis faoi stádas sláinte ainmhithe gach Ballstáit agus an Aontais a sholáthar, ar an gcaoi sin ag tabhairt bunúis le deimhniú maidir le saoirse ó ghalair agus ag éascú trádála le tríú tíortha.

(62)

Breathnaíonn oibreoirí a gcuid ainmhithe ar bhonn rialta agus is iad is fearr is féidir mortlaíochtaí neamhghnácha nó comharthaí sóirt tromchúiseacha galair a bhrath. Is iad na hoibreoirí cloch coirnéil aon fhaireachais a dhéantar agus tá siad fíor-riachtanach don fhaireachas arna ghabháil ar láimh ag an údarás inniúil.

(63)

Le dlúthchomhar agus malartú faisnéise idir oibreoirí agus tréidlianna nó gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a áirithiú agus leis an bhfaireachas arna ghabháil ar láimh ag oibreoirí a fhorlíonadh, ba cheart do bhunaíochtaí, de réir mar is iomchuí don chineál táirgthe lena mbaineann agus fachtóirí ábhartha eile, bheith faoi réir cuairteanna maidir le sláinte ainmhithe. D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cuairteanna maidir le sláinte ainmhithe a dhéanamh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais íosta a leagan síos.

(64)

Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh córas faireachais curtha ar bun ag an údarás inniúil i gcás na ngalar liostaithe atá faoi réir faireachais. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir le galair atá ag teacht chun cinn freisin, i gcás inar cheart rioscaí féideartha an ghalair lena mbaineann a mheasúnú agus sonraí eipidéimeolaíocha a bhailiú le haghaidh an mheasúnaithe sin. Leis an úsáid is fearr acmhainní a áirithiú, ba cheart faisnéis a bhailiú, a chomhroinnt agus a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla is féidir.

(65)

Ba cheart modheolaíocht, minicíocht agus déine an fhaireachais a oiriúnú do gach galar ar leith agus aidhm shonrach an fhaireachais, stádas sláinte ainmhithe sa chrios lena mbaineann agus aon fhaireachas breise arna dhéanamh ag oibreoirí a chur san áireamh. Maidir leis na gníomhaíochtaí eipidéimeolaíocha faireachais, d'fhéadfadh go mbeadh i gceist leo fógra simplí agus tuairisciú ar theagmhas galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn nó a bhfuil amhras ann gur ann dó, nó aimhrialtachtaí eile amhail mortlaíochtaí neamhghnácha agus comharthaí eile galair nó d'fhéadfadh go mbeadh clár sonrach agus cuimsitheach faireachais i gceist, lena n-áireofaí, de ghnáth, córais bhreise samplála agus tástála.

(66)

Ag brath ar phróifíl eipidéimeolaíoch galair agus ar na fachtóirí riosca is ábhartha, d'fhéadfadh go mbeadh gá le clár sonrachfaireachais a chur i dtoll a chéile a mbeadh gníomhaíochtaí sainmhínithe agus struchtúrtha ann. I gcásanna den sórt sin is iomchuí do na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar chláir faireachais spriocdhírithe. I gcás go bhfuil cláir den sórt sin ábhartha don Aontas ina iomláine, ba cheart go leagfaí síos rialacha lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm comhchuibhithe na gclár sin

(67)

Ba cheart go mbeadh na cláir sin comhsheasmhach le cuspóirí an Aontais agus go ndéanfaí iad a chomhordú, dá bhrí sin, ar an leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí faoi bhráid an Choimisiúin iad. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit a chuireann clár sonrach faireachais den sórt sin chun feidhme tuarascálacha rialta ar thorthaí na gclár sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin freisin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na gclár faireachais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún liosta galar atá faoi réir clár faireachais a bhunú agus nósanna imeachta, formáidí, sonraí malartú faisnéise comhchuibhithe agus critéir chomhchuibhithe a chur ar bun chun na cláir faireachais a mheas.

(68)

Beidh gá go minic le sonraí a sholáthar faoin bhformáid iomchuí faireachais do na galair éagsúla, is é sin do raon na ngalar idir na galair sin arb fhéidir an faireachas orthu a theorannú do ghníomhaíochtaí amhail tuairisciú agus fógairt agus na galair sin is gá clár sonrach domhain faireachais a bhunú dóibh ar fud an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le ceapadh an fhaireachais, na critéir chun ábharthacht galair a bhunú a bheidh faoi réir cláir faireachais a bheadh ábhartha don Aontas agus do dhearbhú oifigiúil ráigeanna, sainmhínithe chásanna na ngalar lena mbaineann agus na ceanglais le haghaidh clár faireachais i ndáil lena n-ábhair, leis an bhfaisnéis atá le háireamh i gcláir den sort sin agus le tréimhse a gcur i bhfeidhm.

(69)

Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit nach bhfuil saor nó nach aitheanta iad a bheith saor ó ghalair liostaithe atá faoi réir beart díothaithe amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cláir éigeantacha díothaithe a bhunú leis na galair sin a dhíothú i gcás ina bhfuil díothú éigeantach san Aontas.

(70)

Ar an láimh eile, is ann do roinnt galar arb ábhar imní don Aontas iad ach nach gá ceangal a chur ar na Ballstáit an galar i dtrácht a dhíothú. Is féidir leis na Ballstáit cláir dhíothaithe roghnacha a bhunú do ghalair den sórt sin, má chineann siad go bhfuil sé tábhachtach dóibh iad a dhíothú. Thabharfaí aitheantas ar leibhéal an Aontais do chláir dhíothaithe roghnacha den sórt sin. Leis an gclár sin chuirfí bearta áirithe rialaithe galair chun feidhme. D'fhéadfadh go gcuirfí ar chumas an Bhallstáit lena mbaineann, leis an gclár sin, faoi réir ceadú ón gCoimisiún, ráthaíochtaí áirithe a cheangal tráth a ghlacfaí le hainmhithe ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha.

(71)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme na gclár díothaithe galar a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nósanna imeachta a leagan síos maidir le tíolacadh na gclár, na dtáscairí feidhmíochta agus an tuairiscithe sin.

(72)

Ina theannta sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a gcríocha iomlána, criosanna nó deighleoga díobh a dhearbhú bheith saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe atá faoi réir rialacha maidir le cláir díothaithe éigeantacha nó roghnacha, chun cosaint a thabhairt i gcoinne na ngalar sin teacht isteach ó áiteanna eile san Aontas nó ó thríú tíortha nó tríú críocha. Ba cheart nós imeachta comhchuibhithe soiléir, lena n-áirítear na critéir is gá do stádas saor ó ghalar, a bhunú chun na críche sin. Le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an aitheantais ar stádas saor ó ghalair laistigh den Aontas, is gá an stádas saor ó ghalair sin a fhormheas go hoifigiúil agus ar an gcaoi sin ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena leithéid de stádas a fhormheas.

(73)

Rinne OIE coincheap na roinnte i ndeighleoga a thabhairt isteach i gcreat na gCód um Shláinte Ainmhithe Talún agus Uisceacha (“Cóid OIE”). I reachtaíocht an Aontais roimh an Rialachán seo, ní aithnítear an coincheap sin ach amháin do speicis agus galair áirithe ainmhithe, atá sonraithe sa reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais sin, eadhon i gcás fliú éanúil agus galar ainmhithe uisceacha. Ba cheart a bhunú sa Rialachán seo go bhféadfaí an córas roinnte i ndeighleoga a úsáid do speicis agus galair eile ainmhithe. Chun na coinníollacha mionsonraithe agus na rialacha a leagan síos maidir le deighleoga a aithint agus a fhormheas agus na ceanglais a bhaineann leo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún.

(74)

Ba cheart do na Ballstáit a gcríocha, criosanna agus deighleoga atá saor ó ghalair a phoibliú chun críche comhpháirtithe trádála a chur ar an eolas agus trádáil a éascú.

(75)

Chun na coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir le haitheantas a thabhairt do stádas saor ó ghalair, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na critéir agus na coinníollacha maidir leis an stádas sin a fháil, an fhianaise is gá chun bunús a thabhairt le saoirse ó ghalair, bearta coisctheacha agus rialaithe galar ar leith, lena n-áirítear stádas neamh-vacsaínithe, i gcás gur ábhartha é, srianta, faisnéis atá le soláthar, maoluithe agus coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a chothabháil, a fhionraí, a aistarraingt nó a thabhairt ar ais.

(76)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na nósanna imeachta chun stádas saor ó ghalair a fháil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na galair liostaithe a shuíomh a d'fhéadfadh bheith faoi réir roinnte ina ndeighleoga agus rialacha mionsonraithe a leagan síos i dtaca le formáidí d'iarratais a chur isteach, agus i dtaca le malartú faisnéise.

(77)

I ngeall ar dhaonra ainmhithe atá go hiomlán neamh-imdhíonach a bheith ann, iad so-ghabhálach ar ghalair liostaithe áirithe, ní foláir bheith feasach ar ghalair agus bheith ullamh dóibh i gcónaí. Tá teist mhaith ar phleananna teagmhais mar uirlis rí-thábhachtach le haghaidh rialú rathúil éigeandálaí galair san am atá thart. Chun an uirlis éifeachtach agus éifeachtúil seo do rialú staideanna éigeandála a áirithiú, ar uirlis sholúbtha í chun oiriúnú do staideanna éigeandála, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le na rialacha a bhfuil gá leo a leagan síos le haghaidh chur chun feidhme pleananna teagmhasachta.

(78)

Is léir ó éigeandálaí sláinte ainmhithe san am atá thart na tairbhí a bhaineann le nósanna imeachta bainistíochta atá sonrach, mionsonraithe agus tapa le haghaidh éigeandálaí galair. Ba cheart a áirithiú leis na nósanna imeachta eagraíochtúla sin go mbeidh freagairt thapa agus éifeachtach agus feabhas ar comhordú iarrachtaí na bpáirtithe uile a bhfuil baint acu leo, agus go háirithe na húdaráis inniúla agus na páirtithe leasmhara. Ba cheart go n-áireofaí leo freisin comhar le h-údaráis inniúla na mBallstát comharsanachta agus tríú tíortha agus tríú críocha, nuair is indéanta agus is ábhartha.

(79)

Le hinfheidhmeacht na bpleananna teagmhais i staideanna éigeandála réadacha a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach na córais lena mbaineann a chleachtadh agus a thástáil féachaint an bhfuil siad ag obair. Chun na críche sin, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát freachnaimh ionsamhlúcháin a dhéanamh, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát comharsanachta agus tríú tíortha agus tríú críocha, nuair is indéanta agus is ábhartha.

(80)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na pleananna teagmhais agus na freachnaimh ionsamhlúcháin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme praiticiúil na bpleananna agus na bhfreachnamh sin.

(81)

Tá ról tábhachtach ag táirgí íocshláinte tréidliachta amhail vacsaíní, séirim hipir-imdhíonacha agus frithmhiocróbaigh i gcosc agus rialú galar in-tarchurtha ainmhithe. Sa mheasúnú tionchair le haghaidh glacadh an Rialacháin seo leagtar béim go háirithe ar thábhacht vacsaíní mar uirlis chun galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú.

(82)

Mar sin féin, le straitéisí rialaithe do ghalair in-tarchurtha áirithe ainmhithe, ceanglaítear toirmeasc nó srianadh ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe, toisc go gcuirfeadh a n-úsáid bac ar éifeachtacht na straitéisí sin. Mar shampla, a bhuíochas do tháirgí íocshláinte tréidliachta áirithe féadfar léiriú airíonna galair a cheilt, féadfar nach féidir oibreán galair a bhrath nó gur deacair diagnóis thapa agus dhifreálach a dhéanamh agus ar an gcaoi sin brath ceart galair a chur i mbaol.

(83)

Mar sin féin, féadfaidh éagsúlachtaí substainteacha a bheith idir na straitéisí rialaithe idir galair liostaithe éagsúla. Ar an gcaoi sin ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh do rialacha i dtaca le táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú agus foráil a dhéanamh do chritéar comhchuibhithe a bheadh le cur san áireamh nuair atáthar ag cinneadh cibé acu vacsaíní, séirim hipir-imdhíonacha agus frithmhiocróbaigh a úsáid nó gan iad a úsáid agus an chaoi chun iad a úsáid. Chun cur chuige solúbtha a áirithiú agus chun díriú ar shainiúlachtaí na ngalar liostaithe éagsúil agus infhaighteacht na gcóireálacha éifeachtacha, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le srianta, toirmisc nó oibleagáidí táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid faoi chuimsiú galar áirithe ainmhithe a rialú. I gcás práinne agus chun díriú ar rioscaí atá ag teacht chun cinn a d'fhéadfadh impleachtaí millteacha bheith acu do shláinte phoiblí nó sláinte an duine, an geilleagar, an tsochaí nó an comhshaol, ba cheart go bhféadfaí na bearta sin a ghlacadh tríd an nós imeachta práinne.

(84)

Ag éirí as na conclúidí sa tuairim ó na Saineolaithe ar vacsaíní agus/nó bancanna diagnóiseacha do phríomhghalair ainmhithe ba cheart freisin go bhféadfadh an tAontas agus na Ballstáit cúlchistí antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a bhunú le haghaidh galar liostaithe, ar bagairt thromchúiseach iad do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí. Le bunú bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha chuirfí chun cinn cuspóirí an Aontais i dtaca le sláinte ainmhithe trí freagairt thapa agus éifeachtach a chumasú nuair atá gá lena acmhainní agus is úsáid éifeachtúil acmhainní teoranta é.

(85)

Chun an fhreagairt thapa agus éifeachtúil sin a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na bainc sin a bhunú agus a bhainistiú, agus le caighdeáin agus ceanglais shábháilteachta d'oibriú na mbanc sin. Mar sin féin, níor cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha i dtaca le maoiniú na mbeart chun galair a chosc agus a rialú, lena n-áirítear vacsaíniú.

(86)

Ba cheart na critéir maidir le rochtain tosaíochta ar acmhainní bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú lena ndáileadh éifeachtach in éigeandálaí a áirithiú.

(87)

Ar chúiseanna slándála i ndáil le bithsceimhlitheoireacht agus agraisceimhlitheoireacht, ba cheart déileáil le fáisnéis mhionsonraithe áirithe a bhaineann le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ba cheart toirmeasc a chur ar a foilsiú. Maidir leis an gcineál céanna faisnéise a bhaineann le bancanna náisiúnta vacsaíní, ba cheart urraim a thabhairt do cheanglais bhunreachtúla na mBallstát éagsúil maidir le saoráil faisnéise agus a áirithiú go pléifear leis an bhfaisnéis i dtrácht mar fhaisnéis rúnaicmithe.

(88)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do bhainistíocht bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na táirgí bitheolaíocha atá le háireamh sna bainc sin agus faoi choinne cén ghalair, agus rialacha mionsonraithe i dtaca le soláthar, cainníochtaí, stóráil, seachadadh, ceanglais theicniúla agus nós imeachta vacsaíní, antaiginí agus imoibrithe diagnóiseacha agus minicíocht agus ábhar na faisnéise arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(89)

I gcás ráige de ghalar liostaithe a mheastar mar ardriosca do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí san Aontas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bearta rialaithe galar láithreach chun an galar liostaithe i dtrácht a dhíothú d'fhonn sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a chosaint.

(90)

Ba cheart é bheith de chúram ar an údarás inniúil tús a chur leis na chéad imscrúduithe chun ráig de ghalar liostaithe an-tógálach a dhearbhú nó a chur as an áireamh, galar a mheastar mar ardriosca do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí san Aontas.

(91)

Ba cheart don údarás inniúil bearta réamhbhearta rialaithe galair a chur ar bun le leathadh féideartha an ghalair liostaithe a chosc agus ba cheart dóibh tabhairt faoi fhiosrúchán eipidéimeolaíoch.

(92)

A luaithe is a dhearbhófar galar liostaithe ba cheart don údarás inniúil na bearta rialaithe galair is gá a dhéanamh lena n-áirítear, más gá, bunú criosanna srianta, leis an ngalar sin a dhíothú agus a leathadh a chosc.

(93)

Féadfaidh teagmhas galair liostaithe in ainmhithe fiáine sláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe ar coimeád a chur i mbaol. Ba cheart rialacha ar leith a leagan síos dá bhrí sin, maidir le bearta rialaithe agus díothaithe galar a chur chun feidhme i measc ainmhithe fiáine nuair is gá.

(94)

D'fhéadfadh go mbeadh cásanna ann ina bhféadfadh daonraí beaga d'ainmhithe áirithe amhail póir agus speiceas neamhchoitianta a bheith i mbaol mar gheall ar ghnáthbhearta chun galair a rialú sa chás gur ann do ghalar liostaithe. D'fhéadfadh go n-éileofaí bearta modhnaithe arna nglacadh ag an údarás inniúil le go gcosnófaí na póir agus na speiceas sin. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh modhnú den sórt sin isteach ar rialú foriomlán an ghalair sin.

(95)

I gcás galar liostaithe nach bhfuil an-tógálach agus atá faoi réir rialacha éigeantach lena gceanglaítear iad a dhíothú, ba cheart na bearta rialaithe galar a chur chun feidhme ar bhealach chun leathadh an ghalair i dtrácht a chosc, go háirithe go limistéir nach bhfuil ionfhabhtú i láthair iontu. Mar sin féin, féadfaidh na bearta sin bheith níos teoranta nó éagsúil ó na bearta is infheidhme maidir leis na galair liostaithe is contúirtí. Dá bhrí sin ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha speisialta do na galair sin. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil clár díothaithe roghnach ar bun acu na bearta rialaithe galar sin a chur chun feidhme chomh maith. I roinnt cásanna, ag brath ar phróifíl an ghalair agus ar an staid eipidéimeolaíoch, féadfaidh díothú a bheith ina chuspóir fadtéarmach, cé go bhféadfaidh rialú an ghalair a bheith ina chuspóir gearrthéarmach. Mar sin féin, ba cheart leibhéal agus déine beart rialaithe galar a bheith comhréireach agus saintréithe an ghalair liostaithe i dtrácht, a dháileadh agus a thábhacht don Bhallstát lena mbaineann agus don Aontas ina iomláine a chur san áireamh.

(96)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo ag oibreoirí, coimeádaithe peataí agus ag údaráis inniúla a áirithiú, agus ag cur san áireamh sainiúlachtaí na mbeart rialaithe galar do ghalair liostaithe áirithe agus na fachtóirí riosca a bhaineann leo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil leis na bearta mionsonraithe rialaithe galar atále cur i bhfeidhm i gcás amhrais nó dearbhú i dtaobh galair liostaithe i mbunaíochtaí, i láithreacha eile agus i gcriosanna srianta.

(97)

Chun foráil a dhéanamh le go bhféadfar bearta speisialta a ghlacadh ar bhonn sealadach i gcás nach leor nó nach iomchuí na bearta rialaithe galar chun díriú ar an riosca, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta.

(98)

Tá gá le clárú iompróirí áirithe agus bunaíochtaí áirithe a choimeádann ainmhithe talún nó a láimhseálann nó a iompraíonn táirgí geirmeacha chun gur féidir leis na húdaráis inniúla faireachas leormhaith a dhéanamh agus chun galair in-tarchurtha ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú.

(99)

Le hualach riaracháin agus costais nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint, ba cheart go gcuirfí ar fáil féidearthacht theoranta do na Ballstáit cineálacha bunaíochtaí ar leith a bhfuil riosca íseal ag baint leo a dhíolbhú ón oibleagáid chlárúcháin. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d'fhonn cur chuige comhchuibhithe a bhaint amach do na díolúintí sin. Tá gá ar leith leis an gcur chuige comhchuibhithe sin chun nach ndéanfar cineálacha bunaíochtaí ar leith a eisiamh ón oibleagáid chlárúcháin. Chomh maith leis na bunaíochtaí sin a bhfuil riosca nach bhfuil suarach ag baint leo do shláinte ainmhithe, tá an méid sin ábhartha go háirithe do na bunaíochtaí sin a bhfuil riosca nach bhfuil suarach ag baint leo freisin don tsláinte phoiblí. Sampla den riosca sin is ea coinneáil ainmhithe a mhaireann i ngiorracht do dhaoine, amhail pórú gadhar ar leibhéal lena dtuigtear go mbeidh leanúnachas ar leith ag baint le gníomhaíochtaí agus méid áirithe eagrúcháin agus é mar aidhm go príomhúil iad a dhíol le bheith ina bpeataí i dteaghlaigh.

(100)

I gcás ina gcuireann cineál áirithe bunaíochta, ina gcoimeádtar ainmhithe talún nó ina láimhseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha, sláinte ainmhithe i mbaol mór, ba cheart é a bheith faoi réir formheasa ag an údarás inniúil.

(101)

Le hualach riaracháin agus costais nach bhfuil údar cuí leo a sheachaint, go háirithe i gcás fiontar ar beag riosca a ghabhann leo, ba cheart solúbthacht a thabhairt más féidir chun an córas clárúcháin agus formheasa a oiriúnú do dhálaí agus do phatrúin táirgthe áitiúla agus réigiúnacha.

(102)

I gcásanna áirithe, is inmhianaithe nó is gá coinníollacha áirithe maidir le clárú nó formheas a chomhchuibhiú ar fud an Aontais. Mar shampla, ba cheart do bhunaíochtaí táirgí geirmeacha agus d'oibríochtaí cruinnithe coinníollacha áirithe a chomhlíonadh agus ba cheart iad a fhormheas d'fhonn caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus ionas go bhféadfaidh an tAontas ráthaíochtaí a thabhairt do thríú tíortha maidir le sláinte ainmhithe agus é i mbun trádála. Ba cheart, leis na coinníollacha sin, go mbeadh ceanglais ann maidir le hoiliúint shonrach nó cáilíochtaí gairmiúla sonracha i gcás bunaíochtaí nó oibríochtaí atá thar a bheith sonrach (e.g. foirne bailithe suthanna), nó d'fhéadfadh fiú go mbeadh oibleagáid ar an údarás inniúil maoirseacht ar leith a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir leis na ceanglais mhionsonraithe sin, chun foráil do na coinníollacha sonracha sin.

(103)

D'fhonn ualaí riaracháin a laghdú, ba cheart, nuair is féidir, clárú agus formheas a bheith chomhtháite isteach i gcóras clárúcháin nó formheasa atá bunaithe cheana ag an mBallstát lena mbaineann chun críoch eile.

(104)

Tá eolas bunaithe ar thaithí ar an láthair ag oibreoirí faoi na hainmhithe atá faoina gcúram. Ba cheart dóibh, dá bhrí sin, taifid faisnéise atá cothrom le dáta a choimeád, taifid atá ábhartha chun stádas sláinte ainmhithe a mheasúnú, le haghaidh inrianaitheachta agus fiosrú eipidéimeolach i gcás galar liostaithe a bheith ann. Ba cheart don údarás inniúil bheith in ann rochtain a fháil ar na taifid sin go héasca.

(105)

Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil faoi na bunaíochtaí agus na hoibreoirí atá cláraithe agus faoi bhunaíochtaí formheasta, ba cheart do na údaráis inniúla clár a bhunú agus a choimeád de na bunaíochtaí agus na hoibreoirí sin. Ba cheart an chumhacht gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an bhfaisnéis mhionsonraithe a chuirfear san áireamh ar chlár na mbunaíochtaí agus na n-oibreoirí.

(106)

Chun go bhformheasfaidh an t-údarás inniúil í, ba cheart go mbeadh ar bhunaíocht ceanglais ar leith a chomhlíonadh. Sula dtugann sí formheas, caithfidh an t-údarás inniúil a chinntiú gur comhlíonadh na ceanglais uile trí chuairt a thabhairt ar an láthair. I gcásanna áirithe ní féidir na ceanglais uile a chomhlíonadh láithreach ach níl riosca suntasach do shláinte ainmhithe nó don tsláinte poiblí ag gabháil leis na heasnaimh atá fágtha. Sna cásanna sin féadfaidh go dtabharfaidh an t-údarás inniúil formheas coinníollach agus go dtabharfaidh sí cuairt eile ar an láthair ina dhiaidh sin le cinntiú go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Sna cásanna sin ba cheart don údarás inniúil an treoir éifeachtach riachtanach a thabhairt d'oibreoirí na mbunaíochtaí lena mbaineann ionas go dtuigfidh an t-oibreoir i dtrácht an t-easnamh agus ionas gur féidir leis plean a dhéanamh chun é a réiteach go rathúil.

(107)

Is príomhghné de chuid beartais rialaithe galar é an inrianaitheacht éifeachtúil. Ba cheart na ceanglais maidir le sainaithint agus clárú is sonrach do na speicis éagsúla ainmhithe talún arna gcoimeád agus maidir le táirgí geirmeacha a bheith curtha ar bun chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú. Sa bhreis air sin, tá sé tábhachtach a fhoráil go bhféadfaí córas sainaitheanta agus clárúcháin a bhunú do na speicis nach bhfuil na socruithe sin ann dóibh faoi láthair, nuair a dhlíonn imthosca atá ag athrú agus rioscaí amhlaidh.

(108)

I gcás speiceas áirithe ainmhithe a bhfuil sé tábhachtach go mbeifí in ann ainmhithe aonair nó grúpaí ainmhithe a rianú, ba cheart modh fisiciúil sainaitheanta a éileamh. Ciallaíonn sin go gcuirfear marc fisiciúil, clib, micrishlis nó comhartha aitheantais eile ar an ainmhí i dtrácht a bheidh furasta le feiceáil nó le brath ar a cholainn nó ina cholainn agus nach bhféadfar a bhaint go héasca.

(109)

Chun oibriú rianúil an chórais sainaitheanta agus chlárúcháin a áirithiú agus chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil le hoibleagáidí maidir le bunachair sonraí, ceanglais mhionsonraithe i dtaca le sainaithint agus clárú speiceas éagsúil ainmhithe, lena n-áirítear díolúintí agus na coinníollacha do na díolúintí sin, agus doiciméid.

(110)

Is iomchuí na hualaí riaracháin agus na costais a laghdú agus foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht an chórais in imthosca inar féidir na ceanglais inrianaitheachta a bhaint amach trí mhodh eile seachas na modhanna atá leagtha amach sa Rialachán seo. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir leis na maoluithe ar na ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin.

(111)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an chórais sainaitheanta agus chlárúcháin agus chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le sainiúlachtaí teicniúla do bhunachair sonraí, modhanna sainaitheanta, doiciméid agus formáidí, agus na spriocdhátaí.

(112)

Is uirlis thábhachtach chun teacht isteach agus leathadh galair in-tarchurtha ainmhithe a chosc é srianta a chur i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí a d'fhéadfadh an galar sin a tharchur. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar eacnamaíoch dian mar thoradh ar shrianadh gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí agus go gcuirfí isteach ar an margadh inmheánach. Níor cheart na srianta sin a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach leis na rioscaí atá i gceist. Tá an cur chuige seo ag luí leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú SPS agus i gcaighdeáin idirnáisiúnta OIE.

(113)

Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ghinearálta a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le gluaiseachtaí uile ainmhithe, amhail toirmeasc ar ghluaiseacht ainmhithe ó bhunaíocht ina bhfuil mortlaíochtaí neamhghnácha nó comharthaí sóirt eile galair a bhfuil cúis neamhchinntithe leo, nó ceanglais maidir le galar a chosc le linn iompair ainmhithe.

(114)

Sa chreat dlíthiúil a leagtar síos faoi láthair i reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte ainmhithe do ghluaiseachtaí ainmhithe talún agus táirgí, leagtar síos rialacha comhchuibhithe le haghaidh gluaiseachtaí den sórt sin go príomha, agus fágtar faoi na Ballstáit é na ceanglais is gá maidir le gluaiseachtaí laistigh dá gcríoch féin a chinneadh. Sa mheasúnú tionchar ar Dhlí an AE um Shláinte Ainmhithe leagadh amach go mionsonraithe comparáid idir an staid reatha agus rogha lena gcomhchuibheofaí rialacha maidir le gluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit, ar leibhéal an Aontais. Baineadh de thátal as an méid sin gur cheart an cur chuige reatha a choimeád, toisc go mbeadh comhchuibhiú na ngluaiseachtaí uile an-chasta agus nach mó na tairbhí i dtéarmaí gluaiseachtaí idir na Ballstáit a éascú ná an tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh cumais rialaithe galar.

(115)

I gcás ainmhithe a aistrítear idir na Ballstáit tá feidhm ag sraith buncheanglas maidir le sláinte ainmhithe ina leith. Go háirithe, ní fhéadfar ainmhithe a aistriú ó bhunaíochtaí a bhfuil mortlaíochtaí neamhghnácha nó airíonna galair nach fios céard is cúis leo iontu. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh mortlaíochtaí, fiú más neamhghnách iad, atá nasctha le nósanna imeachta taighde arna n-údarú faoi Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (19), agus nach de bhunadh ionfhabhtaíoch iad ó thaobh galar liostaithe de, ina gcúis le gluaiseachtaí ainmhithe, atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch eolaíoch, a chosc.

(116)

Mar sin féin, ba cheart sa Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht chun gluaiseachtaí speiceas agus catagóirí ainmhithe talún a éascú, nach mbaineann ach riosca íseal leo ó thaobh galar liostaithe a leathadh idir na Ballstáit. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh maoluithe i gcásanna ina n-éiríonn leis na Ballstáit nó le hoibreoirí bearta malartacha maolaithe riosca a chur ar bun, amhail ardleibhéil bhithshlándála agus córais faireachais éifeachtacha.

(117)

Is grúpaí speiceas ainmhithe a bhfuil an-tábhacht eacnamaíoch ag baint leo iad crúbaigh agus éanlaith chlóis agus tá siad faoi réir ceanglas sonrach maidir le gluaiseacht faoi reachtaíocht an Aontais a glacadh roimh an Rialachán seo, eadhon, Treoir 64/432/CEE ón gComhairle (20), Treoir 91/68/CEE ón gComhairle (21), Treoir 2009/156/CE ón gComhairle (22), Treoir 2009/158/CE ón gComhairle (23), agus i bpáirt Treoir 92/65/CEE. Ba cheart na príomhrialacha maidir le gluaiseacht na speiceas sin a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart na ceanglais mhionsonraithe a bhraitheann go príomha ar na galair a fhéadtar a tharchur trí speicis nó catagóirí éagsúla ainmhithe a rialáil i ngníomhartha dlíthiúla iardain ón gCoimisiún, ag cur san áireamh sainiúlachtaí na ngalar, na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe i dtrácht.

(118)

Toisc go bhfuil riosca galair thar a bheith ard ag baint le hoibríochtaí tionóla do chrúbaigh agus d'éanlaith chlóis, is iomchuí srian a chur ar líon na n-oibríochtaí is féidir a dhéanamh in aon ghluaiseacht amháin idir na Ballstáit, agus rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo le sláinte ainmhithe lena mbaineann a chosaint agus le leathadh galar in-tarchurtha a chosc. Dhéanfaí na hoibríochtaí tionóla sin de ghnáth i mbunaíocht a formheasadh chun na críche sin; nó, nuair a cheadaíonn Ballstát tionscnaimh é, dhéanfaí an chéad oibríocht tionóla, ar mhodh iompair amhail ar leoraí, trí ainmhithe a bhailiú ó áiteanna éagsúla sa Bhallstát sin.

(119)

Ag brath ar na galair liostaithe agus ar na speicis liostaithe lena mbaineann, is gá ceanglais shonracha maidir le sláinte ainmhithe a leagan síos i gcás speiceas áirithe ainmhithe seachas crúbaigh ar coimeád agus éanlaith chlóis. Leagadh síos rialacha maidir leis na speicis sin freisin sa chreat dlíthiúil ab infheidhme roimh an Rialachán seo agus go háirithe i dTreoir 92/65/CEE. Leagtar síos leis an Treoir sin rialacha sonracha maidir le gluaiseacht speiceas ainmhithe lena n-áirítear beacha, bumbóga, ápaí, madraí agus cait etc. agus ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bunús dlí do ghlacadh gníomhartha tarmligthe agus cur cun feidhme lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le gluaiseacht na speiceas ainmhithe sin.

(120)

Maidir le bunaíochtaí comhdhúnta, a úsáidtear de ghnáth le hainmhithe saotharlainne nó ainmhithe zú a choimeád, is iondúil go mbaineann ardleibhéal bithshlándála, stádas sláinte fabhrach agus dea-rialaithe leo agus tarlaíonn níos lú gluaiseachtaí iontu nó gluaiseachtaí laistigh de chiorcaid iata na mbunaíochtaí sin amháin. Tugadh isteach stádas na mbunaíochtaí comhdhúnta, ar féidir le hoibreoirí cur isteach orthu ar bhonn deonach, den chéad uair le Treoir 92/65/CEE, ina bhfuil rialacha agus ceanglais leagtha síos maidir le ceanglais formheasa agus gluaiseachta do chomhlachtaí, institiúidí agus lárionaid formheasta. Tríd an gcóras sin cumasaítear na bunaíochtaí sin ainmhithe a mhalartú eatarthu féin le níos lú riachtanas gluaiseachta agus ag an am céanna ráthaíochtaí arda sláinte á soláthar laistigh de chiorcad na mbunaíochtaí comhdhúnta. Dá bhrí sin, tá glactha ag na hoibreoirí leis go forleathan, agus tá sé in úsáid mar rogha dheonach. Is iomchuí, dá bhrí sin, coincheap na mbunaíochtaí comhdhúnta a chaomhnú agus rialacha a leagan síos freisin maidir le gluaiseacht idir na bunaíochtaí sin sa Rialachán seo.

(121)

Chun críoch eolaíoch, amhail taighde nó chun críoch diagnóiseach, agus go háirithe chun na críocha sin atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2010/63/AE, d'fhéadfaí gur gá ainmhithe a aistriú nach gcomhlíonann na ceanglais ghinearálta sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil riosca níos airde sláinte ag baint leo. Níor cheart na cineálacha sin gluaiseachtaí a thoirmeasc ná a shrianadh go míchuí le forálacha an Rialacháin seo, mar go bhféadfadh sé sin bac a chur ar ghníomhaíochtaí taighde atá údaraithe ar shlí eile agus moill a chur ar ascnamh eolaíoch. Mar sin féin, tá sé fíor-riachtanach go leagfar síos rialacha sa Rialachán seo lena áirithiú go dtarlaíonn gluaiseachtaí na n-ainmhithe sin ar bhealach sábháilte.

(122)

Is minic nach mbíonn patrúin ghluaiseachta ainmhithe sorcais, ainmhithe a choimeádtar i zúnna, ainmhithe atá beartaithe a thaispeáint agus ainmhithe áirithe eile ar aon dul le patrúin ghluaiseachta speiceas eile a choimeádtar. Agus rialacha an Aontais maidir le gluaiseachtaí ainmhithe a oiriúnú, ba cheart breithniú sonrach a dhéanamh i leith ainmhithe den sórt sin, ag cur san áireamh rioscaí sonracha agus beart malartach maolaithe riosca.

(123)

Chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí dá dtagraítear in aithris 112 go haithris 122 den Rialachán seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le bearta coisctheacha galar in oibríochtaí iompair, rialacha sonracha maidir le gluaiseacht speicis áirithe ainmhithe, agus imthosca ar leith, amhail oibríochtaí tionóla nó coinsíneachtaí diúltaithe, agus ceanglais nó maoluithe speisialta maidir le cineálacha eile gluaiseachtaí, amhail gluaiseacht chun críoch eolaíoch.

(124)

Chun a áirithiú go bhféadfar rialacha speisialta a chur i bhfeidhm maidir le gluaiseachtaí, i gcás nach leor nó nach iomchuí na gnáthrialacha gluaiseachta chun leathadh galair áirithe a theorannú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha speisialta maidir le gluaiseacht a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta.

(125)

Ba cheart go gcomhlíonfadh gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir Ballstáit na ceanglais is infheidmhe maidir le gluaiseachtaí den sórt sin. I gcás ainmhithe de speicis a bhfuil riosca don tsláinte nó tábhacht eacnamaíoch níos mó ag baint leo, ba cheart deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag an údarás inniúil a bheith ag gabháil leo.

(126)

A mhéid is indéanta go teicniúil, go praiticiúil agus ó thaobh airgeadais de, ba cheart úsáid a bhaint as forbairt theicneolaíoch leis na hualaí riaracháin ar oibreoirí agus ar na húdaráis inniúla a laghdú i ndáil le deimhniú agus fógra a thabhairt trí theicneolaíocht faisnéise a úsáid in ionad doiciméadachta páipéir agus nósanna imeachta fógra a éascú agus iad a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh iliomad cuspóirí.

(127)

I gcásanna nach n-éilítear deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag an údarás inniúil, ba cheart d'oibreoir a aistríonn ainmhithe go Ballstát eile doimicéad féindearbhúcháin a eisiúint lena ndearbhaítear go gcomhlíonann na hainmhithe na ceanglais maidir le gluaiseacht a leagtar síos sa Rialachán seo.

(128)

Chun a áirithiú go mbaintear amach na cuspóirí dá dtagraítear in aithris 125, aithris 126 agus aithris 127, ba cheart na cumhachtaí gníomhartha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le rialacha i ndáil le deimhnithe sláinte ainmhithe, oibleagáidí faisnéise, maoluithe ó na ceanglais deimhniúcháin do shláinte ainmhithe, rialacha sonracha deimhniúcháin agus oibleagáidí na dtréidlianna oifigiúla seiceálacha iomchuí a dhéanamh sula síníonn siad deimhniú sláinte ainmhithe.

(129)

Tá sé fíor-riachtanach fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha idir na Ballstáit agus i gcásanna áirithe laistigh de chríocha náisiúnta na mBallstát le hinrianaitheacht ainmhithe agus na dtáirgí geirmeacha lena mbaineann a áirithiú, i gcás ina bhféadfadh na gluaiseachtaí sin a bheith bainteach le riosca leata galar in-tarchurtha ainmhithe. Mar sin, ba cheart fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí den sórt sin agus iad a chlárú trí chóras tréidliachta ríomhairithe comhtháite (“TRACES”). Le córas TRACES seo déantar na córais ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 90/425/CEE ón gComhairle agus i dTreoir 92/438/CEE (24) faoi seach, atá bunaithe ar Chinneadh 2003/24/CE (25) agus Cinneadh 2004/292/CE (26), a chomhtháthú in aon struchtúr amháin.

(130)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe agus leis an bhfógra i leith gluaiseachtaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le samhail na ndeimhnithe sláinte ainmhithe, doiciméad féindearbhúcháin, formáidí agus spriocdhátaí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí d'ainmhithe talún agus ainmhithe uisceacha araon, do tháirgí geirmeacha agus nuair is ábhartha, do tháirgí de bhunadh ainmhíoch.

(131)

Tá riosca do shláinte ainmhithe a chlaonann go suntasach ón riosca ó ainmhithe eile ar coimeád ag baint le nádúr sonrach gluaiseachtaí peataí. Ba cheart rialacha sonracha, nach bhfuil chomh dian, maidir le gluaiseachtaí den sort sin a leagan síos, dá bhrí sin, sa Rialachán seo. Ní bheidh údar leis na rialacha sin atá níos boige ach i gcás go dtéann an peata i ndáiríre i dteannta a úinéara le linn ghluaiseacht an úinéara, nó laistigh de thréimhse teoranta ina dhiaidh sin, agus mura mbogtar níos mó ná cúig pheata amhail dá dtagraítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I i dteannta a úinéara in aon am amháin. D'fhonn a áirithiú nach mbeidh riosca suntasach ag gabháil le peataí i dtaobh galair in-tarchurtha ainmhithe a scaipeadh agus d'fhonn na cásanna eisceachtúla sin a shoiléiriú ina rachadh níos mó ná cúig pheata i dteannta a úinéara, nó nuair atá an peata le bogadh laistigh de thréimhse ama níos faide ón uair go mbogann an t-úinéir nó ina dhiaidh sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na rialacha mionsonraithe do ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na gceanglas maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le gluaiseachtaí peataí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le bearta coisctheacha agus rialaithe galar atá le déanamh le haghaidh gluaiseachtaí den sórt sin.

(132)

Féadfar go mbeidh riosca do shláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí ag baint le hainmhithe fiáine ar chúiseanna éagsúla, mar shampla, má aistrítear iad go bunaíocht nó ó thimpeallacht amháin go timpeallacht eile. D'fhéadfaí gur gá bearta coisctheacha iomchuí a dhéanamh i dtaca le gluaiseacht na n-ainmhithe sin le leathadh galar in-tarchurtha ainmhithe a sheachaint. Lena áirithiú nach mbeidh riosca suntasach ó thaobh leathadh galar in-tarchurtha ainmhithe de ag baint le hainmhithe fiáine, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le ceanglais bhreise i ndáil le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine.

(133)

Is féidir go mbeidh riosca cosúil ó thaobh galair in-tarchurtha ainmhithe a leathadh i measc ainmhithe beo de ag baint le táirgí geirmeacha. Sa bhreis air sin, tá sainiúlachtaí ina dtáirgeadh, a bhaineann le riachtanais arda sláinte d'ainmhithe pórúcháin, rud a éilíonn ceanglais sláinte níos déine nó níos sonraí maidir leis na hainmhithe ar deontóirí iad. Chun gluaiseachtaí sábháilte táirgí geirmeacha agus a n-ardchaighdeán sláinte a bhfuil súil leis a áirithiú, agus chun úsáidí sonracha áirithe de tháirgí den sort sin a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir leis na ceanglais mhionsonraithe i dtaca le gluaiseacht táirgí geirmeacha de speicis áirithe ainmhithe, ceanglais speisialta is infheidhme maidir le, mar shampla, a ngluaiseacht chun críoch eolaíoch, agus maoluithe ón oibleagáid i dtaca le deimhniúchán sláinte ainmhithe.

(134)

Is féidir riosca leata galar in-tarchurtha ainmhithe a bheith ag baint le táirgí de bhunadh ainmhíoch. Le ceanglais maidir le sábháilteacht bia do tháirgí de bhunadh ainmhíoch a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, áirithítear cleachtais mhaithe sláinteachais agus laghdaítear ar na rioscaí do shláinte ainmhithe ó na táirgí sin. Mar sin féin, i gcásanna áirithe ba cheart bearta sláinte ainmhithe, amhail bearta rialaithe galar agus bearta éigeandála, a leagan síos sa Rialachán seo lena áirithiú nach leathfar galair ainmhithe trí bhíthin táirgí de bhunadh ainmhíoch. Chun gluaiseachtaí sábháilte táirgí de bhunadh ainmhíoch a áirithiú sna cásanna áirithe sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch i ndáil le bearta rialaithe galar a dhéanfar, na hoibleagáidí maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe agus na maoluithe ó na rialacha sin, i gcás inar féidir i bhfianaise an riosca a bhaineann le gluaiseachtaí den sórt sin agus na mbeart maolaithe riosca.

(135)

Nuair a dhéanann na Ballstáit bearta náisiúnta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha nó nuair a chinneann siad bearta náisiúnta a dhéanamh le tionchar galar in-tarchurtha ainmhithe seachas galair liostaithe a theorannú laistigh dá gcríoch, níor cheart do na bearta náisiúnta sin cur isteach ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh, a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, is iomchuí an creat a leagan síos do na bearta náisiúnta sin agus a áirithiú go bhfanfaidh siad laistigh de na teorainneacha a cheadaítear faoi dhlí an Aontais.

(136)

Is gá bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú agus a fhormheas le go bhféadfaidh an t-údarás inniúil faireachas leormhaith a dhéanamh agus le galair in-tarchurtha ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú. I dTreoir 2006/88/CE ceanglaítear ar gach bunaíocht a aistríonn ainmhithe uisceacha bheith údaraithe. Ba cheart an córas údaraithe sin a choimeád faoin Rialachán seo in ainneoin go n-úsáidtear, i roinnt teangacha oifigiúla an AE, téarmaí difriúla don chóras údaraithe seo sa Rialachán seo i gcomórtas le Treoir 2006/88/CE.

(137)

Féadfar galar in-tarchurtha ainmhithe a leathadh trí ainmhithe uisceacha atá faoi réir beart rialaithe galar a mharú agus a phróiseáil, mar shampla de thoradh eisilteach ina bhfuil pataiginí a scaoileadh ó bhunaíochtaí phróiseála. Is gá, dá bhrí sin, bunaíochtaí próiseála a chomhlíonann na bearta maolaithe riosca le tabhairt faoin marú agus faoin bpróiseáil sin, a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach a fhormheas.

(138)

Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil don phobal faoi na bunaíochtaí atá cláraithe agus formheasta, ba cheart don údarás inniúil clár de bhunaíochtaí den sórt sin a bhunú agus a choimeád. Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil le faisnéis atá le háireamh i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus na ceanglais ar bhunaíochtaí agus iompróirí dobharshaothraithe maidir le taifid a choimeád.

(139)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le clárú agus formheas na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach, coimeád taifead agus clár na mbunaíochtaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le hoibleagáidí faisnéise, maoluithe agus rialacha cur chun feidhme eile.

(140)

Toisc nach bhfuil sé indéanta ainmhithe uisceacha a shainaithint go haonarach, i bhformhór na gcásanna, is uirlis fhíor-riachtanach é coimeád na dtaifead i mbunaíochtaí dobharshaothraithe, i mbunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach agus ag iompróirí le hinrianaitheacht ainmhithe uisceacha a áirithiú. Tá taifid luachmhar freisin le haghaidh faireachais ar staid sláinte na mbunaíochtaí.

(141)

Amhail i gcás ainmhithe talún, is gá rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le gluaiseacht ainmhithe uisceacha, lena n-áirítear rialacha maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe agus fógra a thabhairt i dtaobh gluaiseachta.

(142)

I dTreoir 2006/88/CE leagtar síos rialacha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha, a bhfuil feidhm acu go comhionann maidir le gluaiseachtaí laistigh de Bhallstáit agus eatarthu. Is é an príomhfhachtóir lena gcinntear rialacha maidir le gluaiseacht ainmhithe uisceacha an stádas sláinte i dtaca le galair liostaithe na mBallstát, criosanna agus deighleog cinn scríbe.

(143)

Déantar a eisiamh leis an treoir ó raon feidhme na treorach sin ainmhithe uisceacha fiáine a ghabhtar nó a bhuain d'fhonn iad a thabhairt isteach go díreach sa bhiashlabhra. Ar an taobh eile, leis an Rialachán seo, déantar iad a choimeád laistigh dá raon feidhme, ach eisiatar iad ó shainmhíniú ainmhithe dobharshaothraithe. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le bearta do na hainmhithe uisceacha sin, i gcás ina mbeidh údar maith leo de bharr na rioscaí a bhaineann leo, agus aird á tabhairt ar chomhréireacht na mbeart sin.

(144)

Dá bhrí sin, an prionsabal a mhínítear in aithris 142, ba cheart go mbeadh feidhm aige freisin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha nach sainítear mar ainmhithe dobharshaothraithe, ach a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Baineann sin, go háirithe le hainmhithe uisceacha a bhfuil stádas sláinte dearfach galair deimhnithe nó nach eol acu, beag beann ar an úsáid deiridh. Maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine beo a bhfuil stádas sláinte dearfach galair deimhnithe nó nach eol acu agus atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, de bharr go bhféadfadh sé go mbeadh riosca ann go leathfadh siad galair atá liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gcóras céanna maidir leo freisin. Áirítear orthu sin ainmhithe uisceacha fiáine a ghabhtar nó a bhuantar lena gcaitheamh ag an duine, a aistrítear agus a choimeádtar go sealadach ag fanacht lena marú.

(145)

Srianta díréireacha gluaiseachta agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar bhunaíochtaí agus oibreoirí laistigh de na hiascaigh tráchtála, ba cheart iad a sheachaint. Dá bhrí sin, i gcásanna ina bhfuil na hainmhithe uisceacha fiáine beo sin beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, ba cheart, nach mbeadh feidhm ag na rialacha i dtrácht, i bprionsabal, ach maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine beo a bhfuil riosca suntasach ag baint leo ó thaobh galair liostaithe nó atá ag teacht chun cinn a leathadh i mBallstáit, i gcriosanna nó i ndeighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor ó ghalair liostaithe áirithe nó go raibh siad faoi réir clár díothaithe maidir leis na galair sin.

(146)

Le spreagadh a thabhairt do na Ballstáit cur le stádas sláinte a ndaonraí uisceacha, ba cheart coigeartuithe áirithe agus solúbthacht bhreise a thabhairt isteach sa Rialachán seo.

(147)

Chun rialú ar ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le bearta coisctheacha galar is infheidhme i ndáil le cúrsaí iompair, rialacha sonracha is infheidhe maidir le gluaiseachtaí catagóirí áirithe ainmhithe uisceacha chun críoch éagsúil, ceanglais nó maoluithe sonracha i gcás cineálacha áirithe gluaiseachtaí, amhail gluaiseachtaí chun críoch eolaíoch, agus ceanglais bhreise maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine.

(148)

Chun a áirithiú go bhféadfadh maoluithe sealadacha agus ceanglais shonracha bheith ann maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha, i gcás nach leor nó nach iomchuí na rialacha gluaiseachta a leagtar síos sa Rialachán seo le leathadh galair liostaithe áirithe a theorannú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha nó maoluithe maidir le gluaiseachtaí speisialta a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta ama.

(149)

Tá táirgeadh dobharshaothraithe an Aontais an-ilghnéitheach ar fad maidir le speicis agus córais táirgthe agus tá an t-éagsúlú sin ag méadú go mear. Féadfar leis an méid sin go ndlífear bearta náisiúnta maidir le galair seachas na galair a mheastar mar ghalair liostaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát. Mar sin féin, ba cheart bonn cirt a bheith leis na bearta náisiúnta sin, agus iad a bheith riachtanach agus comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach. Ina theannta sin, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do ghluaiseachtaí idir na Ballstáit murar gá é le tabhairt isteach galar a sheachaint nó le leathadh galar a rialú. Ba cheart bearta náisiúnta a dhéanann difear do thrádáil idir na Ballstáit a fhormheas agus a athbhreithniú ar leibhéal an Aontais.

(150)

Faoi láthair, ní bhaineann galair liostaithe le speicis ainmhithe seachas na hainmhithe atá sainmhínithe ag an Rialachán seo mar speicis talún agus uisceacha, amhail reiptílí, amfaibiaigh, feithidí agus eile ach amháin go pointe an-teoranta. Ní iomchuí, dá bhrí sin, a cheangal go mbeadh feidhm ag forálacha uile an Rialacháin seo maidir leis na speicis d'ainmhithe sin. Mar sin féin, má chuirtear galar a bhaineann le speiceas seachas speiceas talún agus uisceach ar an liosta, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ábhartha maidir le sláinte ainmhithe sa Rialachán seo i ndáil leis na speicis sin lena áirithiú go bhféadfar bearta leordhóthanacha agus comhréireacha coisctheacha agus rialaithe galar a dhéanamh.

(151)

Chun a áirithiú go bhféadfaí rialacha gluaiseachta a leagan síos do na hainmhithe sin, nach sainítear iad mar ainmhithe talún ná uisceacha sa Rialachán seo, agus do tháirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann ó ainmhithe den sórt sin, nuair a dhlíonn riosca amhlaidh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí, coimeád taifead agus clár, sainaithint agus clárú agus inrianaitheacht, ceanglais maidir le gluaiseacht, deimhniúchán sláinte ainmhithe agus féindearbhúchán agus oibleagáidí i dtaobh fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí i gcás ainmhithe agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch de na speicis sin.

(152)

Nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a chur chun feidhme do na speicis eile ainmhithe agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch sin a thagann uathusan, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na ceanglais sin.

(153)

Ionas go seachnófar teacht isteach san Aontas galar liostaithe agus galar atá ag teacht chun cinn, is gá rialacha éifeachtúla a bheith curtha ar bun maidir le teacht isteach san Aontas ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfaidh na galair sin a tharchur.

(154)

Chun stádas sláinte an Aontais a ráthú, leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha do ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí laistigh den Aontas. Tá sé iomchuí dá bhrí sin, ionas nach ndéanfar dochar don stádas sin, coinníollacha a fhorchur maidir le teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas nach lú déine ná na rialacha maidir le gluaiseachtaí laistigh den Aontas.

(155)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó tríú críocha na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe, lena dtugtar ráthaíochtaí atá coibhéiseach leis na ráthaíochtaí a thugtar le reachtaíocht an Aontais, tá sé fíor-riachtanach iad a bheith faoi réir rialuithe iomchuí ag údarás inniúil na dtríú tíortha nó na dtríú críocha a onnmhairíonn chuig an Aontas. Nuair is ábhartha, ba cheart stádas sláinte tríú tír nó tríú críoch tionscnaimh a fhíorú roimh ghlacadh le teacht isteach san Aontas na n-ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin. Dá thoradh sin, níor cheart ach tríú tíortha agus tríú críocha ar féidir leo a thaispeáint go gcomhlíonann siad na caighdeáin sláinte ainmhithe i dtaca le teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas a bheith incháilithe chun na ainmhithe agus táirgí sin a onnmhairiú go dtí an Aontas agus a bheith liostaithe chun na críche sin.

(156)

I gcás roinnt speiceas agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, níor bunaíodh liostaí an Aontais de thríú tíortha agus tríú críocha a gceadaítear teacht isteach san Aontas uathu i ngníomhartha Aontais a glacadh roimh an dáta ar glacadh an Rialacháin seo. Sna cásanna sin, agus ar feitheamh ghlacadh na rialacha de bhun an Rialacháin seo, ba cheart a cheadú do na Ballstáit a chinneadh cad iad na tíortha agus críocha as a gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach ina gcuid críoch. Agus an méid sin á chinneadh, ba cheart do na Ballstáit na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo a chur san áireamh do na liostaí Aontais de thríú tíortha agus tríú críocha.

(157)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe do theacht isteach san Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus go mbeidh siad ag luí le prionsabail Chóid OIE, ba cheart deimhniú sláinte ainmhithe, a eiseoidh údarás inniúil an tríú tír nó tríú críoch tionscnaimh, lena ndearbhaítear gur comhlíonadh na ceanglais uile sláinte ainmhithe le haghaidh teacht isteach san Aontas, a bheith ag gabháil leis na hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch uile. Mar sin féin, ba cheart claonadh ón riail seo i gcás tráchtearraí nach bhfuil iontu ach riosca íseal do shláinte ainmhithe.

(158)

Féadfaidh deimhnithe sláinte ainmhithe seasamh leo féin, ach is minic a éilítear deimhniúchán i reachtaíocht an Aontais chun críoch eile, mar shampla lena dheimhniú go bhfuil na ceanglais sláinte phoiblí nó leasa ainmhithe d'ainmhithe nó do tháirgí comhlíonta. Ní foláir an méid sin a chur san áireamh. Le hualaí riaracháin agus costais a íoslaghdú, ba cheart áireamh faisnéise a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht bia agus beatha agus leas ainmhithe a cheadú sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin freisin.

(159)

Féadfar galair a leathadh trí mheáin seachas ainmhithe, táirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe. Mar shampla, féadfaidh feithiclí, coimeádáin iompair, féar tirim, tuí, táirgí plandaí, ábhair a d'fhéadadh bheith i dtadhall le hainmhithe ionfhabhtaithe agus trealamh galar a leathadh chomh maith. Nuair is gá, ba cheart bearta a dhéanamh leis na bealaí tarchurtha galar sin trí na meáin úd a sheachaint.

(160)

Chun an leibhéal iomchuí mionsonraithe do cheanglais maidir le teacht isteach san Aontas a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le rialacha forlíontacha a ghlacadh i dtaca le formheas bunaíochtaí i dtríú tíortha agus tríú críocha agus maoluithe, ceanglais sláinte ainmhithe do theacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ó thríú tíortha agus tríú críocha, agus na ceanglais sláinte ainmhithe d'oibreáin ghalair, ábhair eile, modhanna iompair agus trealamh eile a d'fhéadfadh galair ainmhithe a tharchur.

(161)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme ceanglas maidir le sláinte ainmhithe le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le, inter alia, liosta de thríú tíortha agus tríú críocha óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus ábhar agus formáid na samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe.

(162)

Is léir ón taithí a bhfuarthas san am atá thart, gur gá bearta coisctheacha agus rialaithe galar a dhéanamh láithreach, nuair a tharlaíonn ráig galair thromchúisigh amach sna Ballstáit nó i dtríú tíortha nó tríú críocha óna dtagann ainmhithe nó táirgí isteach san Aontas, lena theacht isteach agus a leathadh a theorannú. D'fhéadfaí go mbeidh galair liostaithe, galair atá ag teacht chun cinn nó guaiseanna eile do shláinte ainmhithe i gceist san éigeandáil sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a shoiléiriú cé na sraitheanna beart coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán seo a d'fhéadfaí a úsáid i gcás galair nó guaise liostaithe a bheith ann nó a bheith ag teacht chun cinn. Sna cásanna sin go léir tá sé fíor-riachtanach gur féidir bearta a dhéanamh faoi ghearr- fhógra agus gan aon mhoill. Toisc go gcuirfeadh na bearta sin srian ar ghluaiseacht laistigh den Aontas nó isteach ann, ba cheart iad a chur chun feidhme ar leibhéal ar Aontais aon uair is féidir.

(163)

Chun freagairt éifeachtach agus thapa a áirithiú ar rioscaí atá ag teacht chun cinn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún bearta éigeandála a leagan síos.

(164)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme, ar infheidhme láithreach iad, a ghlacadh i gcásanna a bhfuil bonn ceart cuí leo a bhaineann, inter alia, leis na bearta maidir le galair atá ag teacht chun cinn, nósanna imeachta na mbanc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais maidir le stocáil, soláthar, stóráil, seachadadh agus eile, leagan síos beart rialaithe galar agus maoluithe go ceann tréimhse teoranta, na rialacha speisialta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus talún go ceann tréimhse teoranta, na bearta éigeandála agus liostú tríú tíortha agus tríú críocha chun críocha teacht isteach san Aontas.

(165)

Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha ginearálta agus sonracha maidir le cosc agus rialú galar in-tarchurtha ainmhithe agus áirithítear leis go mbeidh cur chuige comhchuibhithe maidir le sláinte ainmhithe ar fud an Aontais. I réimsí áirithe, amhail cúraimí ginearálta maidir le sláinte ainmhithe, fógra, faireachas, clárú agus formheas nó inrianaitheacht, ba cheart a cheadú do na Ballstáit nó iad a spreagadh le bearta náisiúnta breise nó níos déine a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níor cheart na bearta náisiúnta sin a cheadú ach amháin mura gcuireann siad isteach ar chuspóirí sláinte ainmhithe a leagtar amach sa Rialachán seo, agus mura bhfuil siad ag teacht salach ar na rialacha a leagtar síos ann agus ar an gcoinníoll nach gcuireann siad bac ar ghluaiseachtaí ainmhithe idir na Ballstáit, mura bhfuil gá leis chun teacht isteach an ghalair a chosc nó le leathadh an ghalair a rialú.

(166)

Ba cheart na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Aithris 165 a bheith faoi réir nós imeachta simplithe um fhógra a thabhairt leis an ualach riaracháin a laghdú. Is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil an nós imeachta ginearálta um fhógra, a leagtar síos i dTreoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), ina uirlis tábhachtach le cáilíocht na rialachán teicniúil náisiúnta a threorú agus a fheabhsú — i dtéarmaí trédhearcachta, inléiteachta agus éifeachtachta méadaithe, i réimsí nach bhfuil comhchuibhithe nó atá comhchuibhithe i bpáirt. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag an nós imeachta ginearálta seo um fhógra.

(167)

Faoi láthair, tá rialacha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe leagtha síos i ngníomhartha seo a leanas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus i ngníomhartha iardain de chuid an Choimisiúin a glacadh dá mbun:

 

Treoir 64/432/CEE, Treoir 77/391/CEE ón gComhairle (28), Treoir 78/52/CEE ón gComhairle (29), Treoir 80/1095/CEE ón gComhairle 11 Samhain 1980 (30), Treoir 82/894/CEE ón gComhairle of 21 December 1982 (31), Treoir 88/407/CEE ón gComhairle (32), Treoir 89/556/CEE ón gComhairle (33), Treoir 90/429/CEE ón gComhairle (34),

 

Treoir 91/68/CEE,Treoir 91/666/CEE ón gComhairle (35), Treoir 92/35/CEE ón gComhairle (36), Treoir 92/65/CEE,Treoir 92/66/CEE ón gComhairle (37), Treoir 92/118/CEE ón gComhairle (38), Treoir 92/119/CEE ón gComhairle (39), Cinneadh 95/410/CE ón gComhairle (40), Treoir 2000/75/CEE ón gComhairle (41), Cinneadh 2000/258/CE ón gComhairle (42), Treoir 2001/89/CE ón gComhairle (43),

 

Treoir 2002/60/CE ón gComhairle (44),Treoir 2002/99/CE ón gComhairle (45), Treoir 2003/85/CE ón gComhairle (46), Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (47), Treoir 2004/68/CEE ón gComhairle (48), Treoir 2005/94/CE ón gComhairle (49), Treoir 2006/88/CE, Treoir 2008/71/CEE ón gComhairle (50), Treoir 2009/156/CE, Treoir 2009/158/CE, Rialachán (AE) Uimh 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (51)

(168)

Déantar foráil sa Rialachán do na rialacha maidir le sainaithint agus clárú bó-ainmhithe, ach fanann rialacha maidir le mairteoil a lipéadú lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin. Le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (52) lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, déantar foráil do na rialacha maidir le sainaithint agus clárú bó-ainmhithe agus do na rialacha maidir le mairteoil a lipéadú. Ba cheart, dá bhrí sin, é a leasú chun a fhorálacha maidir le bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú a aisghairm, ach chaithfí na forálacha maidir le lipéadú mairteola fanacht i bhfeidhm.

(169)

D'fhonn a ráthú go ndéanfar iontaofacht na socruithe dá bhforáiltear sna rialacháin atá ann cheana lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú, ceanglaítear leis an reachtaíocht go gcuirfidh na Ballstáit bearta rialaithe leordhóthanacha agus éifeachtúla i gcrích. Ba cheart na bearta rialaithe oifigiúla leordhóthanacha agus éifeachtúla sin a chaomhnú as seo amach. Mar chuid den phacáiste de thograí, “Rialacha níos cliste do bhia níos sábháilte”, níl forálacha maidir le rialuithe oifigiúla beartaithe leis an Rialachán seo ós rud é gur cheart foráil do na rialacha sin i gcreat na reachtaíochta comhrománaí beartaithe maidir le rialuithe oifigiúla. Mar sin féin, fiú más rud é nach dtiocfadh na rialacha cothrománacha maidir le rialuithe oifigiúla i bhfeidhm ag an am céanna agus an Rialachán seo, ligfí leis na rialacha cothrománach atá ann cheana maidir le rialuithe oifigiúla do Choimisiún a áirithiú go mbeadh leibhéal coibhéiseach rialaithe ann.

(170)

Tá an Rialachán seo agus gníomhartha iardain atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo le cur in ionad na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Aithris 154. Ba cheart na gníomhartha reachtacha sin a aisghairm dá réir. Mar sin féin, le soiléire dhlíthiúil a áirithiú agus le folús dlíthiúil a sheachaint, ní cheart don aisghairm teacht i bhfeidhm ar an gcéad dul síos ach amháin nuair a bheidh na gníomhartha ábhartha tarmligthe agus cur chun feidhme glactha de bhun an Rialacháin seo. Is gá, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na dátaí ar ar cheart aisghairm na ngníomhartha reachtacha sin teacht i bhfeidhm, a chinneadh, agus ba cheart don reachtóir spriocdháta a shocrú.

(171)

Tá na gníomhartha seo a leanas ón gComhairle i réimse na sláinte ainmhithe imithe i léig agus ba cheart iad a aisghairm go sainráite ar mhaithe le soiléire reachtaíocht an Aontais: Cinneadh 78/642/CEE (53); Treoir 79/110/CEE ón gComhairle (54); Treoir 81/6/CEE ón gComhairle (55); Cinneadh 89/455/CEE ón gComhairle (56); Treoir 90/423/CEE ón gComhairle (57); Cinneadh 90/678/CEE ón gComhairle (58), Treoir 92/36/CEE ón gComhairle (59); Treoir 98/99/CE ón gComhairle (60).

(172)

Níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo go dtí go mbeidh na príomhghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo, agus tréimhse 24 mhí á cheadú ón uair go nglactar na príomhghníomhartha go dtí an dáta a chuirfear i bhfeidhm iad, chun ligean do Bhallstáit agus d'oibritheoirí dul in oiriúint go cuí do na rialacha nua. Ina theannta sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le 36 mí ar a laghad le go ndéanfaidh an Coimisiún na rialacha nua sin a mhionsaothrú.

(173)

Le cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm rialacha maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe agus maidir le bearta rialaithe galar do ghalair áirithe ainmhithe agus do zónóisí áirithe, ba cheart an chumhacht gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an dáta nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag Rialachán Uimh. 21/2004 agus Treoir 92/66/CEE, Treoir 2000/75/CE, Treoir 2001/89/CE, Treoir 2002/60/CE, Treoir 2003/85/CE, Treoir 2005/94/CE agus Treoir 2008/71/CE, agus spriocdháta i dtaca leis sin a shocrú sa Rialachán seo.

(174)

I gcomhréir leis an gcur chuige coisctheach maidir le sláinte ainmhithe a chuirtear chun cinn leis an Rialachán seo, ba chóir go mbeadh feidhm i gcónaí ag na bearta speisialta a bhaineann le salmonella a raibh feidhm acu maidir le hainmhithe beo a seoladh go dtí an Fhionlainn agus an tSualainn roimh an 20 Aibreán 2016, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 a leasú dá réir.

(175)

I bhfianaise gur glacadh le déanaí Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ní miste idirthréimhse fhada a chur ar fáil sula gcuirfear tús le cur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(176)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61).

(177)

Is den tábhacht é go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid ullmhúchán, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus é ag ullmhú agus ag tarraingt suas gníomhartha tarmligthe, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(178)

Níor cheart don Rialachán seo ualach riaracháin díréireach nó tionchar eacnamaíoch d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chruthú. Faoin Rialachán seo, bunaithe ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, tugadh staid ar leith na bhfiontar beag agus meánmhéide san áireamh. Ní dhearnadh maolú uilechoiteann ó cheanglais an Rialacháin seo i gcás na bhfiontar sin a mheas, i bhfianaise chuspóirí an bheartais phoiblí sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a chosaint. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le roinnt maoluithe do na fiontair sin i ndáil le ceanglais éagsúla an Rialacháin seo, agus na rioscaí a bhaineann leo á gcur san áireamh.

(179)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha sláinte d'ainmhithe, do tháirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachtháirgí agus táirgí díorthaithe a leagan síos a fhad is nach bhfuil siad cumhdaithe le rialacha sonracha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus ábhar eile is féidir bheith ina ábhar leata galar in-tarchurtha ainmhithe, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fear is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí chreat dlí coiteann agus comhordaithe do shláinte ainmhithe, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5den Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

RIALACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL 1

Ábhar, aidhm, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus aidhm

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar in-tarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine

Sna rialacha sin foráiltear maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

beartú tosaíochta agus catagóiriú galar is ábhar imní don Aontas agus freagrachtaí i dtaca le sláinte ainmhithe a bhainistiú (Cuid I: Airteagal 1 go hAirteagal 17);

(b)

luathbhrath galar, fógra agus tuairisc a thabhairt ina leith, faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair (Cuid II: Airteagal 18 go hAirteagal 42);

(c)

feasacht faoi ghalair, ullmhacht agus rialú (Cuid III: Airteagal 43 go hAirteagal 83);

(d)

clárú agus formheas bunaíochtaí agus iompróirí, gluaiseachtaí agus inrianaitheacht ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Aontas (Cuid IVAirteagail 84 go hAirteagal 228; agus Cuid VI Airteagal 244 go hAirteagal 248 agus Airteagal 252 go hAirteagal 256);

(e)

teacht isteach ainmhithe, táirgí geirmeacha, agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas agus onnmhairiú na gcoinsíneachtaí sin ón Aontas (Cuid V: Airteagal 229 go hAirteagal 243: agus Cuid VI: Airteagal 244 go hAirteagal 246 agus Airteagal 252 go hAirteagal 256);

(f)

gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch (Cuid VI: Airteagal 244 go hAirteagal 256);

(g)

na bearta éigeandála atá le glacadh i gcás éigeandála galair (Cuid VII: Airteagal 257 go hAirteagal 262).

2.   Leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

dírítear ar an méid a leanas a áirithiú:

(i)

feabhas a chur ar shláinte ainmhithe chun tacú le táirgeadh talmhaíochta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san Aontas;

(ii)

feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh;

(iii)

laghdú ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte ainmhithe, ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol i dtaca leis an méid a leanas:

galair áirithe;

na bearta a ghlactar le galair a chosc agus a rialú;

(b)

cuirtear san áireamh

(i)

an caidreamh idir sláinte ainmhithe agus:

an tsláinte phoiblí;

an comhshaol, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht agus acmhainní géiniteacha luachmhara, chomh maith le tionchar an athraithe aeráide;

sábháilteacht bia agus beatha;

leas ainmhithe, lena n-áirítear pian, anacair nó fulaingt atá inseachanta a sheachaint;

frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh;

slándáil bia;

(ii)

na tionchair eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil a thagann as cur i bhfeidhm beart le galair a chosc agus a rialú;

(iii)

caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)

ainmhithe ar coimeád agus ainmhithe fiáine;

(b)

táirgí geirmeacha;

(c)

táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(d)

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, gan dochar do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(e)

saoráidí, modhanna iompair, trealamh agus gach conair ionfhabhtaithe eile agus gach ábhar eile a bhfuil baint aige nó a d'fhéadfadh baint a bheith aige le leathadh galar in-tarchurtha.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le galair in-tarchurtha, lena n-áirítear zónóisí, gan dochar do na rialacha a leagtar síos sna doiciméid a leanas:

(a)

Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE;

(b)

Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(c)

Treoir 2003/99/CE;

(d)

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003.

Airteagal 3

Raon feidhme Chuid IV, Chuid V agus Chuid VI

1.   Beidh feidhm ag Teideal 1 de Chuid IV (Airteagal 84 go hAirteagal 171) maidir leis an méid a leanas:

(a)

ainmhithe talún, agus ainmhithe nach ainmhithe talún iad ach a d'fhéadfadh galair a mbeadh ainmhithe talún thíos leo a tharchur;

(b)

táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún;

(c)

táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe talún.

2.   Beidh feidhm ag Teideal II de Chuid IV (Airteagal 172 go hAirteagal 226) maidir leis an méid a leanas:

(a)

ainmhithe uisceacha, agus ainmhithe nach ainmhithe uisceacha iad ach a d'fhéadfadh galair a mbeadh ainmhithe uisceacha thíos leo a tharchur;

(b)

táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha.

3.   Beidh feidhm ag Teideal III de Chuid IV (Airteagal 227 go hAirteagal 228) maidir leis an méid a leanas:

(a)

ainmhithe eile;

(b)

táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe eile dá dtagraítear i bpointe (a).

4.   Cuid IV agus Cuid V, ní bheidh feidhm acu maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí amhail dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nó maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí laistigh de Bhallstát.

5.   Gluaiseachtaí peataí, seachas gluaiseachtaí neamhthráchtála, comhlíonfaidh siad na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos i gCuid IV agus i gCuid V.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na hoiriúnuithe is gá d'fhonn a áirithiú go gcuirfear Cuid IV agus V i bhfeidhm ar bhealach cuí ar pheataí, go háirithe le cur san áireamh go bhfuil peataí á gcoimeád i dteaghlaigh ag coimeádaithe peataí.

6.   Ní bheidh feidhm ag Cuid VI ach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 245 agus 246 maidir le huaslíon na n-ainmhithe a bhféadfadh a n-úinéir a thionlacan agus maidir le huaslíon na laethanta atá caite idir gluaiseacht an uinéara agus an gluaiseacht an ainmhí.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ainmhithe” ainmhithe veirteabracha agus inveirteabracha;

(2)

ciallaíonn “ainmhithe talún” éin, mamaigh talún, beacha agus bumbóga;

(3)

ciallaíonn “ainmhithe uisceacha” ainmhithe de chuid na speiceas seo a leanas, ag gach céim dá saolré, lena n-áirítear uibheacha, seamhan agus gaiméití:

(a)

éisc a bhaineann leis an bhforaicme Agnatha agus leis na haicmí Chondrichthyes, Sarcopterygii agus Actinopterygii;

(b)

moilisc uisceacha a bhaineann leis an bhfíleam Mollusca;

(c)

crústaigh uisceacha a bhaineann leis an bhfofhíleam Crustacea;

(4)

ciallaíonn “ainmhithe eile” ainmhithe de chuid speiceas eile seachas na speicis a thagann faoin shainmhíníu ainmhithe talún nó uisceacha;

(5)

ciallaíonn “ainmhithe ar coimeád” ainmhithe atá á gcoimeád ag daoine, lena n-áirítear, i gcás ainmhithe uisceacha, ainmhithe dobharshaothraithe;

(6)

ciallaíonn “dobharshaothrú” ainmhithe uisceacha ar coimeád i gcás ina bhfanann na hainmhithe i seilbh duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó trí chéimeanna uile na tógála nó an tsaothrúcháin, suas go dtí an bhuaint agus lena n-áirítear an bhuaint, seachas buaint nó gabháil ainmhithe uisceacha fiáine lena gcaitheamh ag an duine a choimeádtar go sealadach ina dhiaidh gan iad a chothú ag fanacht lena marú;

(7)

ciallaíonn “ainmhithe dobharshaothraithe” aon ainmhithe uisceacha faoi réir dobharshaothrú,

(8)

ciallaíonn “ainmhithe fiáine” ainmhithe nach ainmhithe ar coimeád iad;

(9)

ciallaíonn “éanlaith chlóis” éin a thógtar nó a choimeádtar i mbraighdeanas faoi choinne:

(a)

táirgeadh na nithe seo a leanas:

(i)

feoil;

(ii)

uibheacha chun a dtomhailte;

(iii)

táirgí eile;

(b)

soláthairtí éan géime a athstocáil;

(c)

chun críoch pórúcháin éan a úsáidtear do na cineálacha táirgthe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(10)

ciallaíonn “éin i mbraighdeanas” éin ar bith seachas éanlaith chlóis a choimeádtar i mbraighdeanas ar chúis ar bith seachas na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (9), lena n-áirítear na héin a choimeádtar faoi choinne seónna, rásaí, taispeántas, comórtas, pórúcháin nó díola;

(11)

ciallaíonn “peata” ainmhí ar coimeád de chuid na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn 1 atá ar coimeád chun críocha príobháideacha neamhthráchtála;

(12)

ciallaíonn “coimeádaí peataí” duine nádúrtha, agus féadfar úinéir peataí a áireamh ann, a choimeádann peata;

(13)

ciallaíonn “úinéir peata” duine nádúrtha a léirítear mar an t-úinéir sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 247, pointe (c) d'Airteagal 248(2), pointe (c) d'Airteagal 249(1) agus pointe (c) d'Airtegal 250(2);

(14)

ciallaíonn “gluaiseacht neamhthráchtála” aon ghluaiseacht peata, in éineacht lena úinéir agus

(a)

nach bhfuil díol nó cineál eile aistriú úinéireachta an pheata lena mbaineann mar aidhm léi; agus

(b)

atá mar chuid de ghluaiseacht úinéir an pheata:

(i)

faoina chúram díreach; nó

(ii)

faoi chúram duine údaraithe, sa chás ina bhfuil an peata scartha go fisiceach ó úinéir an pheata;

(15)

ciallaíonn “duine údaraithe” aon duine nádúrtha a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige ó úinéir an pheata le gluaiseacht neamhthráchtála an pheata thar cheann an úinéara;

(16)

ciallaíonn “galar” ionfhabhtú nó inmhíolú a bheith i láthair in ainmhithe, bíodh comharthaí cliniciúla nó paiteolaíocha ag gabháil leis nó ná bíodh, arb é oibreán amháin galair nó níos mó is cúis leis;

(17)

ciallaíonn “oibreán galair” paitigin ar in-tarchurtha í go hainmhithe nó go daoine a fhéadfar a bheith ina gcúis galair in ainmhithe;

(18)

ciallaíonn “galair liostaithe” galair atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 5( 1);

(19)

ciallaíonn “próifíl galair” na critéir galair dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 7;

(20)

ciallaíonn “speicis liostaithe” speiceas ainmhithe nó grúpa speiceas a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(2), nó, i gcás galar atá ag teacht chun cinn, speiceas ainmhithe nó grúpa speiceas ainmhithe a chomhlíonann na critéir do speiceas liostaithe a leagtar síos in Airteagal 8(2);

(21)

ciallaíonn “guais” oibreán galair in ainmhí nó i dtáirge, nó riocht ina bhfuil sé a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith aige ar shláinte an duine nó ainmhithe;

(22)

ciallaíonn “riosca” an dóchúlacht go dtarlódh an éifeacht dhíobhálach agus a mhéid is dócha a rachaidh an éifeacht dhíobhálach i bhfeidhm ar shláinte ainmhithe nó ar an tsláinte phoiblí ó thaobh bitheolaíochta agus eacnamaíochta de;

(23)

ciallaíonn “bithshlándáil” iomlán na mbeart bainistithe agus fisiciúil a cheaptar le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar a laghdú, go dtí, ó, agus laistigh den mhéid a leanas:

(a)

daonra ainmhithe, nó

(b)

bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráidí, áitreabh nó láthair eile;

(24)

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil ainmhithe nó táirgí faoina chúram, lena n-áirítear ar feadh tréimhse teoranta ama, cé is moite de choimeádaithe peataí agus tréidlianna;

(25)

ciallaíonn “iompróir” oibreoir a iompraíonn ainmhithe ar a chuntas féin, nó ar chuntas tríú páirtí;

(26)

ciallaíonn “gairmí ainmhithe” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil caidreamh gairmiúil aige le hainmhithe nó táirgí, cé is moite d'oibreoirí nó tréidlianna;

(27)

ciallaíonn “bunaíocht” aon áitreabh, struchtúr, nó i gcás feirmeoireacht faoin spéir, aon timpeallacht nó áit, ina gcoimeádtar ainmhithe nó táirgí geirmeacha, ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan, cé is moite den mhéid a leanas:

(a)

teaghlaigh ina gcoimeádtar peataí;

(b)

cleachtais tréidliachta nó clinicí;

(28)

ciallaíonn “táirgí geirmeacha”:

(a)

speirm, seamhan, úicítí agus suthanna a bheartaítear d'atáirgeadh saorga;

(b)

uibheacha goir;

(29)

ciallaíonn “táirgí de bhunadh ainmhíoch”:

(a)

bia de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear mil agus fuil;

(b)

moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo, lena gcaitheamh ag an duine; agus

(c)

ainmhithe seachas na hainmhithe dá dtagraítear i bpointe (b) a bheartaítear a ullmhú d'fhonn iad a sholáthar beo don tomhaltóir deiridh;

(30)

ciallaíonn “seachtháirgí ainmhithe” coirp iomlána nó codanna d'ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch nó táirgí eile a fuarthas ó ainmhithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, cé is moite de tháirgí geirmeacha;

(31)

ciallaíonn “táirgí díorthaithe” táirgí a fhaightear ó chóireáil, claochlú nó céim amháin nó níos mó den phróiseáil ar sheachtháirgí ainmhithe;

(32)

ciallaíonn “táirgí”:

(a)

táirgí geirmeacha;

(b)

táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(c)

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe;

(33)

ciallaíonn “rialú oifigiúil” aon cineál rialaithe a dhéanann an t-údaráis inniúla chun a fhíorú go gcomhlíontar an Rialachán seo;

(34)

ciallaíonn “stádas sláinte” stádas galair i dtaca leis na galair liostaithe ábhartha do speiceas liostaithe áirithe i ndáil leis an méid a leanas:

(a)

ainmhí;

(b)

ainmhithe laistigh d'aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

aonad eipideimeolaíoch;

(ii)

bunaíocht;

(ii)

crios;

(iii)

deighleog;

(iv)

Ballstát;

(v)

tríú tír nó tríú críoch;

(35)

ciallaíonn “crios”:

(a)

i gcás ainmhithe talún, cuid de Bhallstát, tríú tír nó tríú críoch a bhfuil teorannú geografach beacht leis, ina bhfuil fodhaonra ainmhithe a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar ar leith nó galair ar leith faoi réir faireachas iomchuí, bearta rialaithe galar agus bithshlándála;

(b)

i gcás ainmhithe uisceacha, córas hidreolaíoch comhtheagmhálach a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar sonrach nó galair shonracha arb ionann is ceantar é dá dtagraítear i gceann acu seo a leanas:

(i)

dobharcheantar iomlán ó fhoinse uiscebhealaigh go dtí an t-inbhear nó an loch;

(ii)

níos mó ná dobharcheantar amháin;

(iii)

cuid de dhobharcheantar ó fhoinse an uiscebhealaigh go dtí bacainn a chuireann cosc ar thabhairt isteach galair shonraigh nó galar sonrach;

(iv)

cuid de limistéar cósta a bhfuil teorannú geografach beacht leis;

(v)

inbhear a bhfuil teorannú geografach beacht leis;

(36)

ciallaíonn “dobharcheantar” limistéar nó imchuach talún arb iad gnéithe aiceanta amhail cnoic nó sléibhte a theorainneacha, áit a ritheann na huiscí ar fad chun srutha;

(37)

ciallaíonn “deighleog” fodhaonra ainmhithe atá i mbunaíocht amháin nó níos mó agus i gcás ainmhithe uisceacha, i mbunaíocht uisceach amháin nó níos mó, faoi chóras comhchoiteann bainistithe bithshlándála a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar sonrach nó galair shonracha faoi réir faireachas iomchuí, bearta rialaithe galar agus bithshlándála;

(38)

ciallaíonn “coraintín” ainmhithe a choimeád ar leithlis gan aon teagmháil dhíreach nó indíreach le hainmhithe lasmuigh d'aonad eipideimeolaíoch, lena áirithiú nach leathfaidh aon ghalair shonrach amháin nó níos mó ná sin nuair atá na hainmhithe atá á gcoimeád ar leithlis faoi bhreathnadóireacht ar feadh tréimhse sonraithe agus, más iomchuí, á dtástáil agus cóireáil á cur orthu;

(39)

ciallaíonn “aonad eipidéimeolaíoch” grúpa ainmhithe a bhfuil an dealraitheacht chéanna ann iad a bheith neamhchosanta ar oibreán galair;

(40)

ciallaíonn “ráig” galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn a tharlú, agus é sin deimhnithe go hoifigiúil, in ainmhí beo nó marbh amháin nó níos mó ná ainmhí beo nó marbh amháin i mbunaíocht nó aon áit eile ina gcoimeádtar ainmnithe nó ina bhfuil siad lonnaithe;

(41)

ciallaíonn “crios srianta” crios ina gcuirtear i bhfeidhm srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe nó táirgí áirithe agus bearta rialaithe galar eile, d'fhonn leathadh an ghalair áirithe isteach i limistéir nach bhfuil aon srianta i bhfeidhm iontu, a chosc;

(42)

ciallaíonn “crios cosanta” crios ina bhfuil ráig agus an t-achar timpeall an chreasa sin, nuair a chuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh an ghalair ón gcrios sin a sheachaint;

(43)

ciallaíonn “crios cosanta” crios atá bunaithe timpeall an chreasa chosanta, áit ina gcuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh an ghalair ón gcrios cosanta a sheachaint;

(44)

ciallaíonn “uibheacha goir” uibheacha arna mbreith ag éanlaith chlóis nó ag éin i mbraighdeanas, a bheartaítear lena ngor;

(45)

ciallaíonn “crúbaigh” ainmhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III;

(46)

ciallaíonn “bunaíocht táirgí geirmeacha”:

(a)

i ndáil le seamhan, bunaíocht inar bailíodh, inar táirgeadh, inar próiseáladh agus inar stóráladh seamhan;

(b)

i ndáil le húicítí agus suthanna, grúpa daoine gairmiúla nó déanmhas faoi mhaoirseacht foireann tréidlianna atá inniúil chun úicítí agus suthanna a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil;

(c)

i ndáil le huibheoga, gorlann;

(47)

ciallaíonn “gorlann” bunaíocht ina ndéantar uibheacha a bhailiú, a stóráil, a ghoradh agus a ghoradh chun áil leis an méid a leanas a sholáthar:

(a)

uibheacha goir;

(b)

sicíní lae nó goróga de speicis eile;

(48)

ciallaíonn “bunaíocht theoranta” aon bhunaíocht bhuan, atá teoranta go geografach, a cruthaíodh ar bhonn deonach, agus a formheasadh chun críche gluaiseachtaí, áit a mbaineann an méid seo a leanas leis na hainmhithe:

(a)

coimeádtar nó póraítear iad chun críocha taispeántas, oideachais, caomhnaithe speiceas nó taighde;

(b)

tá siad iata agus scartha amach ón timpeallacht thart timpeall orthu; agus

(c)

tá siad faoi réir faireachas i ndáil le sláinte ainmhithe agus faoi réir dianbhearta bithshlándála;

(49)

ciallaíonn “oibríocht tionóla” ainmhithe talún ar coimeád a thionól ó níos mó ná bunaíocht amháin nó ar feadh tréimhse níos giorra ná an tréimhse chónaithe a cheanglaítear don speiceas ainmhithe lena mbaineann;

(50)

ciallaíonn “tréimhse chónaithe” an tréimhse íosta atá riachtanach chun a áirithiú nach bhfuil stádas sláinte ainmhí a tugadh isteach i mbunaíocht níos ísle ná stádas sláinte na n-ainmhithe sa bhunaíocht sin;

(51)

ciallaíonn “TRACES” córas tréidliachta ríomhairithe comhtháite a bhfuil ailtireacht aonair aige dá bhforáiltear i gCinntí 2003/24/CE agus 2004/292/CE;

(52)

ciallaíonn “bunaíocht rialaithe galar do bhia uisceach” gnó bia atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 179;

(53)

ciallaíonn “tréidlia oifigiúil” tréidlia atá údaraithe ag an údarás inniúil agus a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí aige le gníomhaíochtaí oifigiúla a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(54)

ciallaíonn “tréidlia oifigiúil i dtríú tír nó tríú críoch” tréidlia i dtríú tír nó tríú críoch a chomhfhreagraíonn do thréidlia oifigiúil amhail dá dtagraítear i bpointe (53);

(55)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás tréidliachta lárnach an Bhallstáit atá freagrach as rialuithe oifigiúla agus aon ghníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó aon údarás eile ar tarmligeadh an fhreagracht sin dó;

(56)

ciallaíonn “údarás inniúil i dtríú tír nó tríú críoch” an t-údarás i dtríú tír nó tríú críoch a chomhfhreagraíonn do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in (55);

CAIBIDIL 2

Galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn agus speicis liostaithe

Airteagal 5

Galair a liostú

1.   Na rialacha sonracha ó thaobh galair de le haghaidh coisc agus rialú galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beidh feidhm acu maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na galair liostaithe a leanas:

(i)

galar crúibe is béil;

(ii)

fiabhras clasaiceach muc;

(iii)

fiabhras Afracach na muc;

(iv)

fliú éanúil ardphataigineach;

(v)

tinneas Afracach na gcapall; agus

(b)

na galair liostaithe a leagtar amach sa liosta atá in Iarscríbhinn II.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264, maidir le leasuithe ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo.

3.   Déanfar galar a áireamh ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo má tá measúnú déanta air i gcomhréir le hAirteagal 7 agus go gcomhlíonann sé:

(a)

gach ceann de na critéir seo a leanas:

(i)

léirítear le fianaise eolaíoch go bhfuil an galar in-tarchurtha;

(ii)

go bhfuil ann do speicis ainmhithe atá soghabhálach i leith an ghalair nó na veicteoirí agus go bhfuil ann do thaiscumair díobh san Aontas;

(iii)

bíonn éifeachtaí diúltacha ag an ngalar ar shláinte ainmhithe; nó go gcuirtear sláinte an phobail i mbaol mar gheall ar a chineál zónóiseach;

(iv)

tá uirlisí diagnóiseacha ar fáil maidir leis an ngalar; agus

(v)

tá bearta maolaithe riosca agus i gcás inarb ábhartha, faireachas ar an ngalar, éifeachtach agus comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an ngalar san Aontas; agus

(b)

ar a laghad ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(i)

tá an galar nó d'fhéadfadh sé bheith ina chúis le héifeachtaí diúltacha suntasacha san Aontas ar shláinte ainmhithe, go gcuirtear sláinte an phobail i mbaol mar gheall ar a chineál zónóiseach;

(ii)

d'fhorbair an t-oibreán galair frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha agus gur rud é a chruthaíonn baol suntasach do shláinte an phobail agus/nó sláinte ainmhithe san Aontas;

(iii)

tá an galar nó d'fhéadfadh an galar bheith ina chúis le tionchar diúltach eacnamaíoch a dhéanann difear do tháirgeadh talmhaíochta nó dobharshaothraithe san Aontas;

(iv)

d'fhéadfadh an galar géarchéim a ghiniúint nó d'fhéadfaí an t-oibreán galair a úsáid chun críocha na bithsceimhlitheoireachta; nó

(v)

d'fhéadfadh an galar tionchar diúltach suntasach a imirt ar an gcomhshaol, lena n-áirítear ar bhithéagsúlacht an Aontais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na galair a bhaint ón liosta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás nach gcomhlíonann an galar sin na critéir dá bhforáiltear i mír 3 den Airtegal seo a thuilleadh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liostú gach galair i bhfianaise sonraí eolaíocha nua suntasacha atá ar fáil.

Airteagal 6

Galair atá ag teacht chun cinn

1.   Beidh feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú i gcás galair atá ag teacht chun cinn amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.   Measfar galar, seachas galar liostaithe, mar galar atá ag teacht chun cinn (“galar atá ag teacht chun cinn”) ar an gcoinníoll go bhfuil sé d'acmhainn aige na critéir maidir le galair a liostú dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) a chomhlíonadh agus:

(a)

gur toradh é ar éabhlóid nó athrú ar oibreán galair atá ann cheana;

(b)

galar aitheanta é atá á leathnú go ceantar geografach nua, speiceas nua nó daonra nua;

(c)

a dhéantar a dhiagnóisiú den chéad uair san Aontas; nó

(d)

ar oibreán galair nár aithníodh nár aithníodh roimhe seo is cúis leis.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá maidir le galar atá ag teacht chun cinn a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo agus a bhaineann le galar ar riosca é atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).

5.   Aon oibleagáid atá ar oibreoirí i leith galar atá ag teacht chun cinn, a leagtar amach sa Rialachán seo, ní bheidh feidhm aige ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme le haghaidh an ghalair sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo nó má tá an galar atá cumhdaithe ag plean teagmhasach i gcomhréir le Airteagal 43.

Airteagal 7

Paraiméadair measúnaithe maidir le galair a liostú

Úsáidfidh an Coimisiún na paraiméadair measúnaithe a leanas chun a chinneadh an gcomhlíonann galar na coinníollacha lena gceanglaítear é bheith liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2):

(a)

próifíl an ghalair, ina mbeidh an méid a leanas:

(i)

na speicis ainmhithe lena mbaineann an galar;

(ii)

rátaí galrachta agus mortlaíochta an ghalair i ndaonraí ainmhithe;

(iii)

nádúr zónóiseach an ghalair;

(iv)

frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha, lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh;

(v)

dianseasmhacht an ghalair i ndaonraí ainmhithe nó sa chomhshaol;

(vi)

róid agus luas tharchur an ghalair idir ainmhithe agus nuair is ábhartha sin, idir ainmhithe agus daoine;

(vii)

láithreacht nó neamhláithreacht an ghalair agus a dháileadh san Aontas, agus, i gcás nach bhfuil an galar i láthair san Aontas, an riosca go bhféadfadh sé teacht isteach san Aontas;

(viii)

uirlisí diagnóiseacha agus uirlisí rialaithe galar a bheith ann;

(b)

tionchar an ghalair ar an méid a leanas:

(i)

táirgeadh talmhaíochta agus dobharshaothraithe agus codanna eile den gheilleagar, maidir leis an méid seo a leanas:

leibhéal láithreachta an ghalair san Aontas;

caillteanas táirgthe de dheasca an ghalair;

caillteanais eile;

(ii)

sláinte an duine, maidir leis an méid seo a leanas:

in-tarchurthacht idir ainmhithe agus daoine;

in-tarchurthacht idir daoine;

déine fhoirmeacha daonna an ghalair;

cosc nó cóireáil leighis éifeachtach a bheith ar fáil do dhaoine;

(iii)

leas ainmhithe;

(iv)

bithéagsúlacht agus an comhshaol;

(c)

a acmhainneacht cás éigeandála a chruthú agus a úsáid fhéideartha sa bhithsceimhlitheoireacht;

(d)

indéantacht, infhaighteacht agus éifeachtacht na mbeart coisctheach agus rialaithe galar a leanas:

(i)

uirlisí agus acmhainní diagnóiseacha;

(ii)

vacsaíniú;

(iii)

cóireálacha leighis;

(iv)

bearta bithshlándála;

(v)

srianta ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí;

(vi)

marú ainmhithe;

(vii)

diúscairt conablach agus seachtháirgí ábhartha ainmhithe eile;

(e)

tionchar beart coisctheach agus rialaithe galar maidir leis an méid a leanas:

(i)

na costais dhíreacha agus indíreacha do na hearnálacha a bhfuil thíos leis an ngalar agus don gheilleagar ina iomláine;

(ii)

a n-inghlacthacht sa tsochaí;

(iii)

leas na bhfodhaonraí ainmhithe ar coimeád agus fiáine atá faoi thionchar an ghalair/a bhfuil thíos leis an ngalar;

(iv)

an comhshaol agus bithéagsúlacht.

Airteagal 8

Speicis a liostú

1.   Maidir leis na rialacha sonracha do ghalair liostaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na rialacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm acu maidir le speicis liostaithe.

2.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta speiceas, amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Is éard a bheidh ar an liosta na speicis ainmhithe sin nó na grúpaí speiceas ainmhithe, a bhfuil riosca suntasach ag baint leo ó thaobh leathadh galair liostaithe shonracha de, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

leochaileacht an daonra ainmhithe atá i mbaol;

(b)

fad na tréimhse goir agus na tréimhse ionfhabhtaíche do na hainmhithe lena mbaineann;

(c)

cumas na n-ainmhithe sin na galair shonracha sin a iompar.

3.   Cuirfear speicis ainmhithe nó grúpaí speiceas ainmhithe ar an liosta má tá siad buailte nó má tá riosca ag baint leo maidir le leathadh galar liostaithe sonrach, ar na cúiseanna seo a leanas:

(a)

tá siad soghabhálach i leith galar sonrach liostaithe nó tugann fianaise eolaíoch le fios gur dócha go mbeadh soghabhálacht den sórt sin i gceist; nó

(b)

go bhfuil siad ina speiceas veicteora nó in thaiscumair le haghaidh an ghalair sin, nó tugann fianaise eolaíoch le fios gur dócha go mbeidh ról den sórt sin acu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, speicis ainmhithe nó grúpaí speiceas ainmhithe a bhaint ón liosta sna cásanna seo a leanas:

(a)

baineadh an galar liostaithe ábhartha ar i ndáil leis a rinneadh an speiceas ainmhí nó grúpaí speiceas ainmhithe lena mbaineann a liostú ó liosta na ngalar; nó

(b)

tugann an fhianaise eolaíoch le fios nach gcomhlíonann an speiceas nó an grúpa speiceas lena mbaineann a thuilleadh na critéir atá leagtha amach i mír 3.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 9

Na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú atá le cur i bhfeidhm i gcás na ngalar liostaithe

1.   Beidh feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú mar a leanas:

(a)

Maidir leis na galair liostaithe nach ann dóibh san Aontas de ghnáth agus nach mór bearta láithreacha díothaithe a thógáil ina leith chomh luath agus a bhraitear iad, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i)

na rialacha maidir le feasacht faoi ghalair agus ullmhacht dá bhforáiltear i dTeideal I de Chuid III (Airteagal 43 go hAirteagal 52);

(ii)

na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III (Airteagal 53 go hAirteagal 71); agus

(iii)

na rialacha maidir le roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(1).

I gcás na ngalar liostaithe sin, beidh feidhm freisin ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (b), de réir mar is iomchuí, chomh maith le pointe (d) agus pointe (e), de réir mar is ábhartha.

(b)

I gcás na ngalar liostaithe nach mór a rialú i ngach Ballstát d'fhonn iad a dhíothú ar fud an Aontais, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i)

na rialacha le haghaidh cláir dhíothaithe éigeantacha dá bhforáiltear in Airteagal 31(1);

(ii)

na rialacha maidir le Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair dá bhforáiltear in Airteagal 36;

(iii)

na rialacha maidir le roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(2); agus

(iv)

na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 72 go hAirteagal 75, Airteagal 76 go hAirteagal 79 agus Airteagal 81 Agus Airteagal 83.

I gcás na ngalar liostaithe sin, beidh feidhm freisin ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e), de réir mar is ábhartha.

(c)

I gcás na ngalar liostaithe atá ábhartha do chuid de na Ballstáit agus a bhfuil bearta ag teastáil ina leith chun nach leathfaidh siad go codanna den Aontas atá saor ó ghalar go hoifigiúil nó a bhfuil cláir dhíothaithe acu don ghalar liostaithe lena mbaineann, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas, de réir mar is ábhartha:

(i)

na rialacha maidir le díothú roghnach dá bhforáiltear in Airteagal 31(2);

(ii)

na rialacha maidir le Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair dá bhforáiltear in Airteagal 36;

(iii)

na rialacha maidir le roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(2); agus

(iv)

na rialacha le haghaidh bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagail 76, 77, 78, 80, 82 agus 83.

I gcás na ngalar liostaithe sin, beidh feidhm freisin ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e), mar is ábhartha.

(d)

I gcás na ngalar liostaithe a bhfuil bearta de dhíth ina leith chun nach leathfaidh siad mar gheall ar a theacht isteach san Aontas nó mar gheall ar ghluaiseachtaí idir Ballstáit, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i)

na rialacha maidir le gluaiseacht laistigh den Aontas dá bhforáiltear i gCaibidil 3 go 6 de Theideal 1 (Airteagal 124 go hAirteagal 169), Caibidil 2 agus Caibidil 3 de Theideal II de Chuid IV (Airteagal 191 go hAirteagal 225) agus Caibidil 2 agus Caibidil 3 de Chuid VI (Airteagal 247 go hAirteagal 251); agus

(ii)

rialacha maidir le teacht isteach san Aontas agus onnmhairiú ón Aontas dá bhforáiltear i gCuid V (Airteagal 229 go hAirteagal 243).

Na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), déanfar iad a mheas mar ghalair liostaithe faoin bpointe seo, chomh maith leis na cinn sin dá dtagraítear faoi phointe (e) i gcás gur féidir an riosca a bhaineann leis an ngalar i dtrácht a mhaolú trí bhearta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí.

(e)

I gcás na ngalar liostaithe a bhfuil gá faireachas a dhéanamh orthu laistigh den Aontas, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i)

na rialacha maidir le fógairt agus tuairisciú dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Chuid II (Airteagail 18 go 23); agus

(ii)

na rialacha maidir le faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Chuid II (Airteagal 24 go 30).

Na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), déanfar iad a mheas mar ghalair liostaithe faoin bpointe seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 1 do na galair liostaithe faoi seach atá bunaithe ar na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV i bhfianaise freisin na sonraí eolaíocha nua suntasacha atá ar fáil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

3   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur i bhfeidhm na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 2 a mhodhnú maidir leis na galair liostaithe faoi seach nuair nach gcomhlíonann an galar i dtrácht na critéir a leagtar síos sa Roinn ábhartha d'Iarscríbhinn IV a thuilleadh, i bhfianaise freisin na sonraí eolaíocha suntasacha nua atá ar fáil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).

CAIBIDIL 3

Cúraimí maidir le sláinte ainmhithe

Roinn 1

Oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí

Airteagal 10

Cúraimí maidir le bearta sláinte ainmhithe agus bithshlándála

1.   Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a)

maidir le hainmhithe ar coimeád agus táirgí atá faoina gcúram, beidh siad freagrach as an méid a leanas:

(i)

sláinte na n-ainmhithe ar coimeád;

(ii)

úsáid fhreagrach agus stuama a bhaint as cógais tréidliachta, gan dochar do ról agus do fhreagracht tréidlianna,

(iii)

an baol go leathfaidh galair a íoslaghdú;

(iv)

feirmeoireacht mhaith ainmhithe;

(b)

nuair is iomchuí, glacfaidh siad na bearta bithshlándála maidir le hainmhithe ar coimeád agus na táirgí atá faoina gcúram, de réir mar is iomchuí do na nithe seo a leanas:

(i)

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe ar coimeád agus na dtáirgí;

(ii)

an cineál táirgthe; agus

(iii)

na rioscaí lena mbaineann, agus an méid a leanas á chur san áireamh:

suíomh geografach agus dálaí aeráide;

imthosca agus cleachtais áitiúla;

(c)

i gcás inarb iomchuí, bearta bithshlándála maidir le hainmhithe fiáine a dhéanamh.

2.   Gníomhóidh gairmithe ainmhithe chun an baol go leathfaidh na galair a íoslaghdú i gcomhthéacs an chaidrimh ghairmiúil atá acu le hainmhithe agus le táirgí.

3.   Beidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 freisin maidir le coimeádaithe peataí.

4.   Cuirfear chun feidhme na bearta bithshlándála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí, tríd an méid a leanas:

(a)

bearta cosanta fisiciúla, a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann:

(i)

imfhálú, fálú, díonlach, líontán, de réir mar is iomchuí;

(ii)

feithidí agus creimirí a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a rialú;

(iii)

i gcás ainmhithe uisceacha, i gcás inarb iomchuí:

bearta maidir leis an soláthar uisce agus doirteadh;

bacainní nádúrtha nó saorga ó chúrsaí uisce máguaird a chuireann cosc ar ainmhithe uisceacha le dul isteach nó amach as an mbunaíocht lena mbaineann, lena n-áirítear bearta i gcoinne insíothlú uisce nó tuile ó chúrsaí uisce máguaird;

(b)

bearta bainistíochta, a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann:

(i)

nósanna imeachta le haghaidh dul isteach agus teacht amach na bunaíochtaí d'ainmhithe, táirgí, feithiclí agus daoine;

(ii)

na nósanna imeachta maidir le trealamh a úsáid;

(iii)

na coinníollacha maidir le gluaiseacht bunaithe ar na rioscaí atá i gceist;

(iv)

na coinníollacha maidir le hainmhithe nó táirgí a thabhairt isteach sa bhunaíocht;

(v)

coraintín, leithlisiú nó deighilt ainmhithe breoite nó a tugadh isteach le déanaí;

(vi)

córas chun ainmhithe marbha agus seachtháirgí ainmhithe eile a dhiúscairt go sábháilte.

5.   Comhoibreoidh oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí leis an údarás inniúil agus le tréidlianna agus na bearta maidir le galair a chosc agus a rialú dá bhforáiltear sa Rialachán seo á bhfeidhmiú.

6.   Féadfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais íosta atá riachtanach d'fheidhmiú aonfhoirmeach an Airteagail seo a leagan síos.

Léireofar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 11

Eolas ar shláinte ainmhithe

1.   Beidh eolas leordhóthanach ag oibreoirí agus gairmithe ainmhithe ar an méid a leanas:

(a)

galair ainmhithe, lena n-áirítear na galair is in-tarchurtha go daoine;

(b)

prionsabail bhithshlándála;

(c)

an idirghníomhaíocht idir sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus sláinte an duine;

(d)

dea-chleachtas feirmeoireachta ainmhithe maidir leis na speicis ainmhithe atá faoina gcúram;

(e)

frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha, lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh agus na himpleachtaí a bheidh aige.

2.   Beidh an cineál eolais agus an leibhéal eolais a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 ag brath ar an méid a leanas:

(a)

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe ar coimeád nó na dtáirgí atá faoi chúram na n-oibreoiri'agus na ngairmithe ainmhithe lena mbaineann agus cineál a gcaidrimh ghairmiúil leis na hainmhithe nó na táirgí sin;

(b)

an cineál táirgthe;

(c)

na cúraimí a chomhlíontar.

3.   Gheofar an t-eolas dá bhforáiltear i mír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

taithí nó oiliúint ghairmiúil;

(b)

cláir atá ann cheana in earnálacha na talamhaíochta nó an dobharshaothraithe is ábhartha do shláinte ainmhithe;

(c)

oideachas foirmiúil;

(d)

taithí eile nó oiliúint eile as a dtagann an leibhéal céanna eolais a chumhdaítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c).

4.   Oibreoirí a dhíolann nó a aistríonn ar shlí eile úinéireacht peataí a bheidh ann amach anseo, cuirfidh siad faisnéis bhunúsach ar fáil don choimeádaí peata, maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is ábhartha don ainmhí i dtrácht.

Roinn 2

Tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha

Airteagal 12

Freagrachtaí tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha

1.   Déanfaidh tréidlianna an méid a leanas agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

déanfaidh siad na bearta uile is gá chun tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar a chosc;

(b)

gníomhóidh siad lena áirithiú go mbraitear galair go luath tríd an diagnóis chuí agus diagnóis dhifreálach a dhéanamh le galar a chur as an áireamh nó le galar a dhearbhú;

(c)

beidh ról gníomhach acu sa mhéid a leanas:

(i)

múscailt feasachta faoi shláinte ainmhithe, agus feasacht ar an idirghníomhaíocht idir sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus sláinte an duine;

(ii)

galair a chosc;

(iii)

luathbhrath galar agus freagairt thapa orthu.

(iv)

feasacht a mhúscailt maidir le frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha, lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh agus maidir leis na himpleachtaí a bheidh aige;

(d)

comhoibriú leis an údarás inniúil, oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí i gcur i bhfeidhm na mbeart maidir le galair a chosc agus a rialú dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá sannta do thréidlianna sa Rialachán seo i ndáil le hainmhithe uisceacha ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sa chás sin, beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha sin.

3.   Déanfaidh tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a gcuid inniúlachtaí gairmiúla a bhaineann lena réimsí gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a fhorbairt agus a chothabháil.

Roinn 3

Na ballstáit

Airteagal 13

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Chun a áirithiú go bhfuil sé de chumas ag an údarás inniúil do shláinte ainmhithe na bearta is gá agus is iomchuí a dhéanamh agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh gach Ballstáit, ar an leibhéal iomchuí riaracháin, go mbeidh an méid a leanas ag an údarás inniúil:

(a)

foireann cháilithe, saoráidí, trealamh, acmhainní airgeadais agus eagrúchán éifeachtach lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit;

(b)

rochtain ar shaotharlanna a bhfuil foireann cháilithe iontu, saoráidí, trealamh agus acmhainní airgeadais lena áirithiú go ndéanfar diagnóis agus diagnóis dhifreálach thapa agus chruinn ar ghalair liostaithe agus ar ghalair atá ag teacht chun cinn;

(c)

tréidlianna atá oilte go leordhóthanach agus atá gafa leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit oibreoirí agus gairmithe ainmhithe eolas leordhóthanach faoi shláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 11 a fháil, a chothabháil agus a fhorbairt, trí bhíthin cláir ábhartha in earnálacha na talmhaíochta nó an dobharshaothraithe nó trí bhíthin oideachas foirmiúil.

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí oifigiúla á dtarmligean ag údarás inniúil

1.   Féadfaidh údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a leanas a tharmligean chuig tréidlianna nach tréidlianna oifigiúla iad:

(a)

cur i bhfeidhm praiticiúil na mbeart faoi chláir dhíothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 32;

(b)

tacú leis an údarás inniúil agus faireachas á dhéanamh aige amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26 nó i ndáil le cláir faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 28;

(c)

gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid a leanas:

(i)

feasacht, ullmhacht agus rialú maidir le galair amhail dá bhforáiltear i gCuid III, maidir leis an méid a leanas:

gníomhaíochtaí samplála agus cur chun feidhme na n-imscrúduithe agus na bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch faoi chuimsiú Airteagal 54, pointe (b) go (g) d'Airteagal 55(1), agus Airteagail 57, 73, 74, 79 agus80 i gcás ina meastar go bhféadfadh galar a bheith ann agus aon ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh de bhun na nAirteagal sin;

gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le bearta rialaithe galair i gcás ina mbeidh ráig galair ann, maidir leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 61, pointí (a), (b), (e), (f) agus (i) d'Airteagal 65(1), Airteagal 70(1), Airteagal 79, Airteagal 80, agus Airteagal 81(1), agus (2) agus aon ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh de bhun na nAirteagal sin;

vacsaíniú éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 69;

(ii)

clárú, formheas, inrianaitheacht agus gluaiseachtaí amhail dá bhforáiltear i gCuid IV;

(iii)

na doiciméid sainaitheantais a eisiúint agus a chomhlánú le haghaidh peataí amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 247, pointe (c) d'Airteagal 248(2), pointe (c) d'Airteagal 249(1) agus pointe (c) d'Airteagal 250(2);

(iv)

cur i bhfeidhm agus úsáid na modhanna sainaitheantais amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 252(1).

2.   Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c)(i), (ii) agus (iv) de mhír 1 a chomhlíonadh do chúraimí a shainítear go sonrach a bhfuil eolas sonrach leordhóthanach ag na daoine sin ina leith. Sa chás sin, beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal sin agus ag na freagrachtaí a leagtar síos in Airteagal 12 maidir leis na daoine sin.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264, maidir le gníomhaíochtaí eile a fhéadfar a tharmligean chuig tréidlianna sa bhreis ar na cinn dá bhforáiltear i mír 1 agus, mar is iomchuí, na himthosca agus na coinníollacha riachtanacha do tharmligean den sórt sin a órdú.

Cuirfidh an Coimisiún cineál na ngníomhaíochtaí sin agus na gcaighdeán ábhartha idirnáisiúnta san áireamh nuair a bheidh na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige.

Airteagal 15

Faisnéis phoiblí

I gcás ina bhfuil foras réasúnta ann le bheith in amhras go mbaineann riosca le hainmhithe nó táirgí a thagann ón Aontas nó a thagann isteach ó lasmuigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid is iomchuí chun an pobal a chur ar an eolas faoi chineál an riosca agus faoi na bearta a rinneadh nó atá le déanamh leis an riosca sin a chosc nó a rialú, ag cur san áireamh cineál, tromchúis agus fairsinge an riosca sin agus gur chun leas an phobail atá sé bheith ar an eolas faoi.

Roinn 4

Saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile

Airteagal 16

Oibleagáidí ar shaotharlanna, saoráidí agus daoine eile a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile

1.   Déanfaidh saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann oibreáin ghalair chun críche taighde, oideachais, diagnóise nó táirgthe vacsaíní nó táirgí bitheolaíocha eile an méid a leanas, agus aon chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha á gcur san áireamh acu:

(a)

bearta iomchuí bithshlándála, bithshábháilteachta agus bith-imshrianta a dhéanamh le go seachnófar éalú na n-oibreán galair agus a dteagmháil iardain le hainmhithe lasmuigh den tsaotharlann nó de shaoráid eile a láimhseálann oibreáin ghalair chun na críche sin;

(b)

a áirithiú nach n-eascróidh riosca maidir le galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn as gluaiseacht oibreán galair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile idir saotharlanna nó saoráidí eile.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le bearta sábháilteacha le galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn a chosc agus a rialú i gcás saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíochta eile i ndáil leis an méid a leanas:

(a)

bearta bithshlándála, bithshábháilteachta agus bith-imshrianta;

(b)

ceanglais ghluaiseachta d'oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile.

Airteagal 17

Saotharlanna sláinte ainmhithe

1.   Comhoibreoidh saotharlanna oifigiúla sláinte ainmhithe, is iad sin saotharlanna tagartha an Aontais, saotharlanna tagartha náisiúnta, agus saotharlanna oifigiúla sláinte ainmhithe, laistigh de líonra saotharlann sláinte ainmhithe Aontas agus a gcuid cúraimí agus freagrachtaí á gcomhlíonadh acu.

2.   Maidir leis na saotharlanna dá dtagraítear i mír 1, comhoibreoidh siad faoi chomhordú shaotharlanna tagartha an Aontais, chun a áirithiú go bhfuil faireachas, fógra agus tuairisciú ar ghalair, cláir dhíothaithe, sainiú stádais saor ó ghalair, agus gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí laistigh den Aontas, a dteacht isteach san Aontas agus a n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nó críocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, bunaithe ar anailís, tástáil agus diagnóis saotharlainne atá úrscothach, daingean agus iontaofa.

3.   Beidh na torthaí agus tuarascálacha arna soláthar ag na saotharlanna oifigiúla faoi réir phrionsabail na rúndachta gairmiúla agus an dualgais maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil a d'ainmnigh iad, is cuma an duine nádúrtha nó dlítheanach a d'iarr an anailís, tástáil nó diagnóis saotharlainne.

4.   I gcás ina ndéanann saotharlann oifigiúil i mBallstát amháin anailís dhiagnóiseach ar shamplaí ó ainmhithe de thionscnamh Ballstáit eile, tabharfaidh an tsaotharlann oifigiúil sin fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit ónar tháinig na samplaí seo:

(a)

láithreach maidir le haon toradh lena léirítear amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó gur braitheadh an galar sin;

(b)

gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon toradh lena léirítear amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1).

CUID II

FÓGRA AGUS TUAIRISC A THABHAIRT I LEITH GALAR, FAIREACHAS, CLÁIR DHÍOTHAITHE, STÁDAS SAOR Ó GHALAIR

CAIBIDIL 1

Fógra agus tuairisc a thabhairt i leith galar

Airteagal 18

Fógra a thabhairt laistigh de na Ballstáit

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile ábhartha

(a)

fógra láithreach a thabhairt don údarás inniúil i gcás ina bhfuil cúiseanna ann le bheith amhrasach go bhfuil galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bponte (a) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe, nó go mbraitear galar mar sin in ainmhithe;

(b)

a luaithe is indéanta fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil cúiseanna ann le bheith amhrasach go bhfuil galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe seachas na galair siúd dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), nó i gcás ina mbraitear galar mar sin in ainmhithe;

(c)

a chur in iúl do thréidlia maidir le mortlaíochtaí neamhghnácha nó airíonna tromchúiseacha galair eile nó rátaí táirgthe atá laghdaithe go suntasach gan aon chúis chinntithe leo, le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, lena n-áirítear sampláil le haghaidh scrúdú saotharlainne nuair a dhlítear amhlaidh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar na fógraí dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 a chur faoi bhráid an údaráis inniúil.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a)

critéir lena chinneadh arb ann do na himthosca lena gceanglaítear fógra ina leith mar a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1;

(b)

rialacha mionsonraithe maidir leis an imscrúdú breise dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1.

Airteagal 19

Fógra a thabhairt don Aontas

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith aon ráigeanna galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a gceanglaítear fógra a thabhairt láithreach ina leith le cur chun feidhme tráthúil aon bheart bainistithe riosca a áirithiú, ag cur próifíl an ghalair san áireamh.

2.   Beidh an fhaisnéis a leanas faoin ráig san fhógra dá bhforáiltear i mír 1:

(a)

an t-oibreán galair agus, nuair is ábhartha, an fochineál;

(b)

na dátaí ábhartha, go háirithe na cinn a bhaineann le hamhras faoin ráig agus le dearbhú na ráige;

(c)

cineál agus láthair na ráige;

(d)

aon ráigeanna gaolmhara;

(e)

na hainmhithe a mbaineann an ráig leo;

(f)

aon bhearta rialaithe galar a dhéantar i ndáil leis an ráig;

(g)

tionscnamh féideartha nó aitheanta an ghalair liostaithe;

(h)

na modhanna diagnóiseacha a úsáidtear.

Airteagal 20

Tuairisc a thabhairt don Aontas

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis an bhfaisnéis faoi ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a mbaineann an méid seo a leanas leo:

(a)

ní cheanglaítear fógra a thabhairt láithreach faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 19(1);

(b)

ceanglaítear fógra a thabhairt láithreach faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ach ceanglaítear faisnéis bhreise a thuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith:

(i)

faireachas i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30;

(ii)

clár díothaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35.

2.   Áireofar faisnéis ar an méid a leanas sna tuarascálacha dá bhforáiltear i mír 1:

(a)

brath na ngalar liostaithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)

torthaí faireachais nuair a cheanglaítear iad i gcomhréir le rialacha a glacadh i gcomhréir le pointe (d)(ii) d'Airteagal 29 nó le pointe (b)(ii) d'Airteagal 30(1);

(c)

torthaí clár faireachais nuair a cheanglaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 28(3) agus rialacha a glacadh i gcomhréir le pointe (d)(ii) d'Airteagal 29 nó le pointe (b)(ii) d'Airteagal 30(1);

(d)

cláir dhíothaithe nuair a cheanglaítear amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 35.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le forálacha lena bhforlíontar cheanglas mhír 2 agus tuairisciú faoi ábhair eile a bhaineann le faireachas agus cláir dhíothaithe nuair is gá sin le cur i bhfeidhm éifeachtúil na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 21

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

Bunóidh na Ballstáit réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus tuairiscithe chun críche fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas mar a fhoráiltear in Airteagal 19 agus in Airteagal 20.

Airteagal 22

Córas faisnéise ríomhairithe le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair

Bunóidh agus bainisteoidh an Coimisiún córas faisnéise ríomhairithe chun sásraí agus uirlisí a oibriú do na ceanglais maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 19, in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.

Airteagal 23

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos rialacha maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 19 go go hAirteagal 22 i leith:

(a)

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a bheidh faoi réir fógra láithreach ó na Ballstáit chomh maith leis na bearta riachtanacha a bhaineann leis an bhfógra, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit sa tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 20;

(c)

nósanna imeachta do bhunú agus úsáid an chórais faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 22 agus bearta idirthréimhseacha le haghaidh aistriú na sonraí agus na faisnéise ó na córais atá ann cheana go dtí an córas nua agus le haghaidh a n-inoibritheachta iomláine;

(d)

formáid agus struchtúr na sonraí atá le hiontráil sa chóras faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 22;

(e)

na spriocdhátaí agus na minicíochtaí maidir le fógra agus le tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus Airteagal 20 a dhéanfar ag tráth agus a mhinice a n-áiritheofar trédhearcacht agus feidhmiú tráthúil na mbeart riachtanach bainistithe riosca, bunaithe ar phróifíl an ghalair agus cineál na ráige.

(f)

liostú na réigiún maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 21.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

CAIBIDIL 2

Faireachas

Airteagal 24

Oibleagáid faireachais na n-oibreoirí

Chun críche láithreacht galar liostaithe agus galar atá ag teacht chun cinn a bhrath, déanfaidh oibreoirí an méid a leanas:

(a)

sláinte agus iompraíocht ainmhithe atá faoina gcúram a bhreathnú;

(b)

aon athruithe ar na gnáthpharaiméadair tháirgthe sna bunaíochtaí, ainmhithe nó táirgí geirmeacha faoina gcúram a bhreathnú, lena bhféadfaí a bheith amhrasach gur galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn is cúis leo;

(c)

mortlaíochtaí neamhghnácha agus airíonna tromchúiseacha eile galair a lorg in ainmhithe faoina gcúram.

Airteagal 25

Cuairteanna sláinte ainmhithe

1.   Áiritheoidh oibreoirí go bhfaighidh bunaíochtaí faoina gcúram cuairteanna sláinte ainmhithe ó thréidlia nuair is iomchuí, i ngeall ar na rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht i dtrácht, ag cur an méid a leanas san áireamh:

(a)

an cineál bunaíochta;

(b)

speiceas agus catagóir na n-ainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht;

(c)

an staid eipidéimeolaíoch sa limistéar nó sa réigiún maidir le galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn a bhfuil na hainmhithe sa bhunaíocht soghabhálach ina leith;

(d)

aon fhaireachas ábhartha eile, nó rialuithe oifigiúla ar bith eile a mbíonn na hainmhithe ar coimeád agus na cineálacha bunaíochtaí faoina réir.

Tarlóidh cuairteanna sláinte ainmhithe den sórt sin ag minicíochtaí atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht lena mbaineann.

Féadfar iad a chomhcheangal le cuairteanna chun críoch eile.

2.   Beidh na cuairteanna sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 chun críche galar a chosc, go háirithe tríd an méid seo leanas:

(a)

comhairle a thabhairt don oibreoir lena mbaineann faoi bhithshlándáil agus ábhair eile sláinte ainmhithe, de réir mar is iomchuí don chineál bunaíochta agus do speicis agus catagóirí na n-ainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht.

(b)

comharthaí ar bith a léiríonn go bhfuil galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a bhrath agus eolas maidir leis na comharthaí sin;

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais íosta atá riachtanach d'fheidhmiú aonfhoirmeach an Airteagail seo a leagan síos.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 26

Oibleagáid faireachais an údaráis inniúil

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachas chun láithreacht na ngalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) agus na ngalar ábhartha atá ag teacht chun cinn a aimsiú.

2.   Ceapfar an faireachas ar bhealach go ndéamfar brath tráthúil láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear i pointe (e) d'Airteagal 9(1) agus na ngalar atá ag teacht chun cinn a áirithiú trí fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an staid ghalair a bhailiú, a thiomsú agus a anailísiú.

3.   Bainfidh an t-údarás inniúil, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, leas as na torthaí a bheidh ar an bhfaireachas sin a dhéanfaidh oibreoirí agus an fhaisnéis a gheofar trí chuairteanna sláinte ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 25, faoi seach.

4.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an faireachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus i rialacha arna nglacadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 29.

5.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbaileofar agus go n-úsáidfear an fhaisnéis a bhfuarthas tríd an bhfaireachas dá bhforáiltear i mír 1, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Airteagal 27

Modheolaíocht, minicíocht agus déine an fhaireachais

Beidh ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe, agus patrúin samplála an fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26 iomchuí agus comhréireach le cuspóirí an fhaireachais, agus an méid a leanas á chur san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

na fachtóirí riosca lena mbaineann;

(c)

an stádas sláinte sna háiteanna a leanas:

(i)

sa Bhallstát, crios nó deighleog de atá faoi réir faireachais;

(ii)

sna Ballstáit agus tríú tíortha nó tríú críocha, atá ina dteorann leis an mBallstát, leis an gcrios nó leis an deighleog sin nó óna dtagann ainmhithe agus táirgí isteach sa Bhallstát, sa chrios nó sa deighleog sin;

(d)

faireachas a dhéanann oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 24, lena n-áirítear cuairteanna sláinte ainmhithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 25, nó aon údaráis phoiblí eile.

Airteagal 28

Cláir faireachais an Aontais

1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil faoin bhfaireachas amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) laistigh de chláir faireachais nuair atá an galar ábhartha don Aontas i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 29.

2.   Déanfaidh Ballstáit a bhunaíonn clár faireachais i gcomhréir le mír 1 an clár sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Déanfaidh Ballstát a chuireann clár faireachais chun feidhme i gcomhréir le mír 1 tuairiscí rialta ar thorthaí chur chun feidhme an chláir fhaireachais sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 29

Cumhachtaí a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a)

ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra spriocdhírithe ainmhithe, agus patrúin samplála an fhaireachais mar a fhoráiltear in Airteagal 27;

(b)

na critéir maidir le dearbhú oifigiúil agus sainmhínithe cáis galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) agus nuair is ábhartha galar atá ag teacht chun cinn;

(c)

na critéir chun ábharthacht galair a bhunú ionas go mbeidh an galar sin faoi réir clár faireachais is ábhartha don Aontas chun críche pointe (a) d'Airteagal 30(1), ag cur san áireamh phróifíl an ghalair agus na fachtóirí riosca lena mbaineann;

(d)

ceanglais maidir le cláir faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 28(1) i dtaca leis an méid a leanas:

(i)

ábhair na gclár faireachais;

(ii)

an fhaisnéis atá le háireamh agus cláir faireachais á dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(2) agus i dtuarascálacha rialta i gcomhréir le hAirteagal 28(3);

(iii)

tréimhse chur i bhfeidhm na gclár faireachais.

Airteagal 30

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais a leagan síos maidir le faireachas agus cláir faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus Airteagal 28 agus sna rialacha a glacadh de bhun Airteagal 29 maidir leis an méid a leanas:

(a)

a shuíomh cé na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) atá le bheith faoi réir chlár faireachais an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 28, lena n-áirítear raon feidhme geografach na gclár sin;

(b)

formáid agus nós imeachta don mhéid a leanas:

(i)

na cláir faireachais sin chun críche faisnéise a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile;

(ii)

tuairisciú don Choimisiún ar thorthaí an fhaireachais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na critéir a leagan síos a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh ar na cláir faireachais dá dtagraítear in Airteagal 28.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

CAIBIDIL 3

Cláir dhíothaithe

Airteagal 31

Cláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha

1.   Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) ar fud a gcríocha nó i gcriosanna nó deighleoga ábhartha díobh, nó nach eol go bhfuil siad saor uathu, déanfaidh siad an méid a leanas:

(a)

clár a bhunú le galar a dhíothú nó lena léiriú go bhfuiltear saor ón ngalar liostaithe sin, a chuirfear i gcrích sna daonraí ainmhithe lena mbaineann an galar sin agus a chuimsíonn codanna ábhartha dá gcríocha, criosanna nó deighleoga díobh (“clár díothaithe éigeantach”), atá le cur i bhfeidhm go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha le stádas saor ó ghalar a thabhairt i gcríoch an Bhallstáit nó sa chrios lena mbaineann, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), nó sa deighleog, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 37(2);

(b)

an dréachtchlár díothaithe éigeantach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena fhormheas.

2.   Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), nó nach eol go bhfuil siad saor uathu, agus a chinneann clár díothaithe an ghalair liostaithe sin a bhunú atá le cur i gcrích sna daonraí ainmhithe lena mbaineann an galar i dtrácht agus lena gcumhdaítear na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh (“clár díothaithe roghnach”) cuirfidh siad dréacht den chlár sin faoi bhráid an Choimisiúin lena fhormheas, nuair a iarrann an Ballstát lena mbaineann don sainaitheantas laistigh den Aontas de ráthaíochtaí sláinte ainmhithe maidir leis an ngalar i dtrácht le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí i.

Beidh feidhm ag clár díothaithe roghnach den sórt singo dtí:

(a)

go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i gcríoch an Bhallstáit nó i gcrios lena mbaineann, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), nó i ndeighleog, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 37(2); nó

(b)

go mbunaítear nach féidir na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú agus nach gcomhlíonann an clár sin a chuspóir a thuilleadh; nó

(c)

go ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann an clár a aistarraingt.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nithe seo a leanas a fhormheas:

(a)

dréachtchláir dhíothaithe éigeantacha a chuirtear faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 1;

(b)

dréachtchláir dhíothaithe roghnacha a chuirtear faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 2,

má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe ar riosca a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna a bhfuil bonn cuí leo, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leasú a mholann an Ballstát lena mbaineann a fhormheas nó formheas a tharraingt siar i gcás clár díothaithe i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na straitéisí rialaithe galar, spriocanna meántéarma agus deiridhdo ghalair shonracha, agus tréimhse feidhme na gclár díothaithe.

(b)

maoluithe ón gceanglas maidir le tíolacadh clár díothaithe lena bhformheas, amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo agus i mír 2 de, i gcás nach gá an formheas sin i ngeall ar rialacha a ghlacadh maidir leis na cláir sin i gcomhréir le hAirteagal 32(2) agus Airteagal 35;

(c)

an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le maoluithe ón gceanglas maidir le formheas clár díothaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) den mhír seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 lena leasaítear nó lena ndéantar rialacha a ghlactar de bhun phointe (b) den mhír seo a scor.

Airteagal 32

Bearta faoi chláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha

1.   Beidh ar a laghad an méid a leanas sna cláir dhíothaithe:

(a)

bearta rialaithe galar leis an oibreán galair a dhíothú ó bhunaíochtaí, deighleoga agus criosanna ina dtarlaíonn an galar agus le hath-ionfhabhtú a sheachaint;

(b)

faireachas a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 26 go hAirteagal 30 leis an méid a leanas a thaispeáint:

(i)

éifeachtacht na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (a);

(ii)

saoirse ón ngalar liostaithe;

(c)

bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás torthaí dearfacha faireachais.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 i ndáil leis na gnéithe a leanas le héifeachtacht na gclár díothaithe a áirithiú:

(a)

bearta rialaithe galar amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

bearta rialaithe galar atá le déanamh le hath-ionfhabhtú an daonra ainmhithe spriocdhírithe leis an ngalar i dtrácht a sheachaint, i mbunaíochtaí, criosanna agus deighleoga;

(c)

ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an fhaireachais;

(d)

bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás torthaí dearfacha don ghalar liostaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1;

(e)

na critéir le haghaidhvacsaíniú, i gcás inarb ábhartha agus iomchuí i gcás an ghalair nó an speicis i dtrácht.

Airteagal 33

Ábhar na gclár díothaithe éigeantach agus roghnach a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas

Áireoidh na Ballstáit an fhaisnéis a leanas sna hiarratais ar chláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 31(1) agus (2):

(a)

tuairisc ar staid eipidéimeolaíoch an ghalair liostaithe a chuimsítear faoin gclár díothaithe éigeantach nó roghnach i dtrácht;

(b)

tuairisc agus críochú an limistéir gheografaigh agus riaracháin nó na deighleoige a chumhdaítear faoin gclár díothaithe;

(c)

tuairisc ar bhearta rialaithe galar an chláir dhíothaithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 32(1) agus sna rialacha a glacadh de bhun Airteagal 32(2);

(d)

cur síos ar eagrú, ar mhaoirsiú agus ar ról na bpáirtithe atá rannpháirteach sa chlár díothaithe;

(e)

an tréimhse a meastar a leanfaidh an clár díothaithe ar aghaidh;

(f)

na spriocanna idirmheánacha agus na straitéisí rialaithe galar chun na cláir dhíothaithe a chur chun feidhme.

Airteagal 34

Tuairisciú

Déanfaidh Ballstáit a bhfuil na cláir dhíothaithe á chur chun feidhme acu an méid a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

tuarascálacha lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar na spriocanna idirmheánacha de na cláir dhíothaithe leanúnacha amhail dá dtagraítear in bpointe (f) d'Airteagal 33;

(b)

tuarascáil chríochnaitheach nuair atá an clár díothaithe i dtrácht tugtha chun críche.

Airteagal 35

Cumhachtaí cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos rialacha maidir leis an bhfhaisnéis, an fhormáid agus na ceanglais nós imeachta maidir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 31 go hAirteagal 34 i dtaca leis an méid a leanas:

(a)

dréachtchláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha a thíolacadh lena bhformheas;

(b)

táscairí feidhmíochta;

(c)

an tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar thorthaí chur chun feidhme na gclár díothaithe éigeantach nó roghnach.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

CAIBIDIL 4

Stádas saor ó ghalair

Airteagal 36

Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair

1.   Féadfaidh Ballstát iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar stádas saor ó ghalair a fhormheas do cheann amháin nó níos mó de na galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), do cheann amháin nó níos mó den speiceas ainmhí ábhartha, dá chríoch iomlán, nó do chrios amháin nó níos mó de ar an gcoinníoll go mbeidh na coinníollacha a leanas comhlíonta acu:

(a)

nach bhfuil ceann ar bith de na speicis liostaithe don ghalar a chuimsítear san iarratas ar stádas saor ó ghalar i láthair aon áit i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas;

(b)

is eol nach féidir leis an oibreán galair fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas, i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 39;

(c)

i gcás galar liostaithe nach dtarchuirtear ach trí veicteoirí, nach bhfuil aon cheann de na veicteoirí i láthair, nó is eol nach féidir leo fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas, i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 39;

(d)

taispeánadh saoirse ón ngalar liostaithe tríd an méid a leanas:

(i)

clár díothaithe a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos in Airteagal 32(1) agus na rialacha a ghlactar de bhun mhír 2 den Airteagal sin; nó

(ii)

sonraí stairiúla agus faireachais.

2.   Sna hiarratais ar stádas saor ó ghalair áireoidh na Ballstáit fianaise lena léirítear go bhfuil na coinníollacha do stádas saor ó ghalar a leagtar síos i mír 1 comhlíonta acu.

3.   Féadfaidh Ballstát i gcásanna sonracha áirithe iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar stádas saor ó ghalair a fhormheas do cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1),agus go háirithe, agus ar stádas neamh-vacsaínithe don chríoch uile, nó do chrios amháin nó níos mó de ar an gcoinníoll go mbeidh na coinníollacha a leanas comhlíonta acu:

(a)

taispeánadh saoirse ón ngalar liostaithe tríd an méid a leanas:

(i)

clár díothaithe a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos in Airteagal 32(1) agus na rialacha a ghlactar de bhun mhír 2 den airteagal sin; nó

(ii)

sonraí stairiúla agus faireachais;

(b)

léiríodh go mbeadh costas níos airde mar thoradh ar vacsaíniú in aghaidh an ghalair ná an costas a thiocfadh as saoirse ó ghalar a choimeád gan vacsaíniú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, faoi réir leasuithe nuair is gá, iarratais ó Bhallstáit ar stádas saor ó ghalair nó stádas neamh-vacsaíniú a fhormheas, nuair atá na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus, de réir mar is ábhartha, mír 3 comhlíonta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 37

Deighleoga

1.   Féadfaidh Ballstát iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar aitheantas ar stádas saor ó ghalair i ndeighleoga i gcás galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9, agus ar chosaint an stádais saor ó ghalair sin i ndeighleog den sórt sin i gcás ráige galair amháin nó níos mó de na galair liostaithe ina chríoch ar na coinníollacha a leanas:

(a)

is féidir teacht isteach an ghalair liostaithe nó na ngalar liostaithe a chumhdaítear faoin iarratas sin a chosc ar leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh próifíl an ghalair;

(b)

tá an deighleog a chumhdaítear san iarratas faoi réir córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann aonair atá deartha le stádas saor ó ghalar na mbunaíochtaí uile atá ina gcodanna di a áirithiú; agus

(c)

tá an deighleog a chumhdaítear leis an iarratas formheasta ag an údarás inniúil chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí na n-ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid a leanas:

(i)

Airteagal 99 agus Airteagal 100 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n-ainmhithe sin;

(ii)

Airteagal 183 agus Airteagal 184 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n-ainmhithe sin.

2.   Féadfaidh Ballstát iarratas a chur isteach chuig an gCoimisiún ar aitheantas stádais saor ó ghalair do dheighleoga i gcás galar liostaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9, ar na coinníollacha a leanas:

(a)

is féidir teacht isteach an ghalair liostaithe nó na ngalar liostaithe a chumhdaítear faoin iarratas a chosc ar leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh próifíl an ghalair;

(b)

go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leanas:

(i)

go ndéantar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) a fhorlíonadh;

(ii)

go bhfuil gíomhaíochtaí bunaíochtaí na deighleoige a chumhdaítear faoin iarratas tosaithe nó go dtosaíonn siad in athuair agus go bhfuil córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann deartha chun saoirse ó ghalar sa deighleog sin a áirithiú;

(c)

tá an deighleog a chumhdaítear san iarratas faoi réir córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann aonair deartha le stádas saor ó ghalar na mbunaíochtaí uile atá ina gcodanna di a áirithiú; agus

(d)

tá an deighleog a chumhdaítear leis an iarratas formheasta ag an údarás inniúil chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí na n-ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid a leanas:

(i)

Airteagal 99 agus Airteagal 100 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n-ainmhithe sin;

(ii)

Airteagal 183 agus Airteagal 184 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n-ainmhithe sin.

3.   Sna hiarratais ó na Ballstáit ar aitheantas ar stádas saor ó ghalair i ndeighleoga i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 áireofar fianaise lena léirítear go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sna míreanna sin comhlíonta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formheas ar an méid a leanas:

(a)

aithneoidh sé, faoi réir leasuithe i gcás inar gá, stádas saor ó ghalair na ndeighleog, nuair a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 nó i mír 2 agus i mír 3;

(b)

cinnfidh sé cé na galair as na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), a bhféadfar na deighleoga saor ó ghalair a bhunú ina leith.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le forálacha lena bhforlíontar na forálacha sin atá san Airteagal seo maidir leis an méid a leanas:

(a)

na ceanglais maidir le stádas saor ó ghalair na ndeighleog a aithint, amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, bunaithe ar phróifíl na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 9(1), maidir leis an méid a leanas ar a laghad:

(i)

torthaí faireachais agus fianaise eile a bhfuil gá leis le bunús a thabhairt don tsaoirse ó ghalair;

(ii)

bearta bithshlándála;

(b)

na rialacha mionsonraithe le go bhformheasfaidh an t-údarás inniúil stádas saor ó ghalair na ndeighleog amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2; agus

(c)

rialacha maidir le deighleoga, atá suite i gcríoch níos mó ná Ballstát amháin.

Airteagal 38

Liostaí Ballstát, criosanna nó deighleog atá saor ó ghalair

Déanfaidh gach Ballstát liosta suas chun dáta a bhunú agus a chothabháil dá chríoch nó dá chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalair acu amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) agus (3) agus a dheighleoga a bhfuil stádas saor ó ghalair acu amhail dá bhforáiltear in Airteagal 37(1) agus (2).

Déanfaidh na Ballstáit na liostaí sin a chur ar fáil don phobal. Cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit an fhaisnéis atá sna liostaí sin a chur ar fáil don phobal trí naisc do leathanaigh faisnéise idirlín na mBallstát a chur ar fáil ar a leathanach idirlín.

Airteagal 39

Tarmligean cumhachtaí maidir le stádas saor ó ghalair na mBallstát agus na gcriosanna

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

rialacha mionsonraithe maidir le stádas saor ó ghalair Ballstát agus criosanna díobh bunaithe ar phróifílí éagsúla galair maidir leis an méid a leanas:

(i)

na critéir atá le húsáid chun bunús a thabhairt le héilimh ó na Ballstáit nach bhfuil aon speicis liostaithe i láthair nó ábalta fanacht beo ina gcríoch agus an fhianaise a cheanglaítear le bunús a thabhairt leis na héilimh sin, amhail dá bhfhoráiltear i bpointe (a) d'Airteagal 36(1);

(ii)

na critéir atá le húsáid, agus an fhianaise is gá, chun bunús a thabhairt le héileamh nach bhfuil aon oibreán galair ná veicteoir ábalta fanacht beo amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 36(1);

(iii)

na critéir atá le húsáid agus na coinníollacha le saoirse ón ngalar i dtrácht a chinneadh, amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1);

(iv)

torthaí faireachais agus fianaise eile a bhfuil gá léi chun bunús a thabhairt le héileamh maidir le saoirse ó ghalair;

(v)

bearta bithshlándála;

(vi)

srianta agus coinníollacha maidir le vacsaíniú i mBallstáit atá saor ó ghalair agus i gcriosanna díobh;

(vii)

bunú criosanna lena ndeighltear na criosanna saor ó ghalair nó criosanna faoin gclár díothaithe ó na criosanna srianta (“criosanna maolánacha”);

(viii)

criosanna atá lonnaithe i gcríoch níos mó ná Ballstáit amháin;

(b)

maoluithe ón gceanglas maidir le formheas ón gCoimisiún ar stádas saor ó ghalair i gcás galar liostaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) Airteagal 8(1)(b) agus (c) a leagtar síos in Airteagal 36(1), i gcás nach bhfuil gá leis an bhformheas sin i ngeall ar rialacha mionsonraithe maidir le saoirse ó ghalair a bheith leagtha síos sna rialacha a glacadh de bhun phointe (a) den Airteagal seo;

(c)

an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile chun bunús a thabhairt le dearbhuithe stádais saor ó ghalair, gan an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36(4), amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) den Airteagal seo.

Airteagal 40

Cumhachtaí cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos ceanglais mhionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis nach mór do na Ballstáit cur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile le bunús a thabhairt do dhearbhuithe stádas saor ó ghalair na gcríoch, na gcriosanna agus na ndeighleog i gcomhréir le hAirteagal 36 go hAirteagal 39 agus an fhormáid agus na nósanna imeachta don méid a leanas:

(a)

na hiarratais ar aitheantas don stádas saor ó ghalair do chríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann, nó criosanna agus deighleoga dó;

(b)

malartuithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi na Ballstáit, nó na criosanna agus deighleoga díobh, atá saor ó ghalair.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 41

Stádas saor ó ghalar a choinneáil

1.   Ní choinneoidh na Ballstáit stádas saor ó ghalair dá gcríocha, nó criosanna nó deighleoga díobh, ach a fhad is a dhéanfar an méid a leanas:

(a)

go leantar de na coinníollacha a chomhlíonadh maidir le stádas saor ó ghalair a leagtar síos in Airteagal 36(1) agus in Airteagal 37(1) agus (2), agus na rialacha a leagtar síos de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 39;

(b)

go dtugtar faoi fhaireachas, lena gcuirtear san áireamh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27, lena fhíorú go leanann an chríoch, crios nó deighleog lena mbaineann de bheith saor ón ngalar liostaithe ar tugadh formheas ina leith nó a aithníodh le haghaidh stádas saor ó ghalair;

(c)

go gcuirtear srianta i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí ainmhithe, agus nuair is ábhartha táirgí a thagann as, de speicis liostaithe don ghalar liostaithe ar tugadh stádas saor ó ghalair ina leith nó a aithníodh amhlaidh, isteach sa chríoch, crios nó deighleog lena mbaineann, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i gCuid IV agus Cuid V;

(d)

go gcuirtear bearta bithshlándála eile i bhfeidhm chun teacht isteach an ghalair liostaithe ar tugadh formheas ina leith nó a aithníodh go bhfuil stádas saor ó ghalair a chosc.

2.   Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas láithreach mura gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le stádas saor ó ghalar a choinneáil.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 264, maidir leis na coinníollacha a leanas le stádas saor ó ghalair a choinneáil:

(a)

faireachas amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1;

(b)

bearta bithshlándála amhail dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1.

Airteagal 42

Stádas saor ó ghalair a fhionraí, a aistarraingt agus a thabhairt ar ais

1.   I gcás ina dtugann Ballstát faoi deara nó ina bhfuil cúis ag Ballstát le bheith in amhras gur sáraíodh aon cheann de na coinníollacha maidir lena stádas mar Bhallstát, crios nó deighleog dó atá saor ó ghalair a choinneáil, déanfaidh sé an méid a leanas láithreach:

(a)

i gcás inarb ábhartha, ag brath ar an riosca, gluaiseachtaí an speicis liostaithe a fhionraí nó a shrianadh, don ghalar liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith do stádas saor ó ghalair, isteach i mBallstáit, criosanna nó deighleoga eile a bhfuil stádas sláinte níos airde acu don ghalar liostaithe sin;

(b)

nuair is ábhartha le leathadh galar liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith do stádas saor ó ghalair a chosc, na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i dTeideal II de Chuid III a chur i bhfeidhm.

2.   Cuirfear deireadh leis na bearta dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina ndearbhófar an méid a leanas trí thuilleadh imscrúdaithe:

(a)

níor tharla an sárú a rabhthas in amhras faoi; nó

(b)

ní raibh iarmhairt shuntasach ag an sárú a rabhthas in amhras faoi agus tá na Ballstáit lena mbaineann in ann ráthaíochtaí a thabhairt go bhfuil na coinníollacha maidir lena stádas saor ó ghalair a choinneáil comhlíonta in athuair.

3.   I gcás ina ndearbhaítear trí thuilleadh imscrúdaithe a dhéanann an Ballstát lena mbaineann gur ann do ráig den ghalar liostaithe a bhfuarthas stádas saor ó ghalair ina leith nó gur tharla sáruithe suntasacha eile ar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 41(1), nó go bhfuil dóchúlacht shuntasach ann gurb ann dó nó gur tharla na sáruithe sin, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach.

4.   Tar éis an fhaisnéis a fháil ón mBallstát lena mbaineann nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, formheas an stádais saor ó ghalair a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 36(4) a aistarraingt gan mhoill mhíchuí ó Bhallstát nó ó chrios, nó aitheantas an stádais saor ó ghalair a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37(4) a aistharraingt ó dheighleog.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

5.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo, i gcás ina leathann an galar liostaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar bhealach tapa, agus an baol ann go mbeidh tionchar an-suntasach ar shláinte ainmhithe agus ar an tsláinte phoiblí, ar an ngeilleagar nó ar an tsochaí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na forálacha lena bhforlíontar na rialacha i dtaca le stádas saor ó ghalair a fhionraí, a aistarraingt nó a thabhairt ar ais a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

CUID III

FEASACHT FAOI GHALAIR, ULLMHACHT AGUS RIALÚ

TEIDEAL I

FEASACHT FAOI GHALAIR AGUS ULLMHACHT

CAIBIDIL 1

Pleananna teagmhais agus freachnaimh ionsamhlúcháin

Airteagal 43

Pleananna teagmhais

1.   Déanfaidh na Ballstáit, tar éis comhairliúchán iomchuí le saineolaithe agus geallsealbhóirí ábhartha, pleananna teagmhais agus, nuair is gá, lámhleabhair treoracha ina leagtar síos na bearta atá le déanamh sa Bhallstát lena mbaineann má tharlaíonn an galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó, de réir mar a bheidh, galar atá ag teacht chun cinn, a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair agus ullmhacht ina leith a áirithiú agus an cumas freagairt thapa orthu a sheoladh.

2.   Cumhdóidh na pleananna teagmhais sin agus, nuair is infheidhme, na lámhleabhair treoracha na hábhair a leanas ar a laghad:

(a)

bunú slabhra ceannais laistigh den údarás inniúil agus le húdaráis inniúla phoiblí eile le próiseas cinnteoireachta tapa agus éifeachtach a áirithiú ar leibhéal na mBallstáit, agus ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil;

(b)

an creat comhair idir an t-údarás inniúil agus na húdaráis inniúla phoiblí eile agus na geallsealbhóirí ábhartha atá gafa leis, lena áirithiú go ndéanfar bearta ar bhealach comhleanúnach agus comhordaithe;

(c)

rochtain ar an méid a leanas:

(i)

saoráidí;

(ii)

saotharlanna;

(iii)

trealamh;

(iv)

pearsanra;

(v)

cistí éigeandála;

(vi)

na hábhair agus na hacmhainní ábhartha eile go léir is gá leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó galair atá ag teacht chun cinn a dhíothú go tapa agus go héifeachtúil;

(d)

infhaighteacht na n-ionad agus na ngrúpaí a leanas a bhfuil an saineolas is gá acu le cuidiú leis an údarás inniúil:

(i)

ionad rialaithe galar lárnach feidhmiúil;

(ii)

ionaid réigiúnacha agus áitiúla rialaithe galar, de réir mar is iomchuí do staid riaracháin agus gheografach na mBallstát lena mbaineann;

(iii)

sainghrúpaí oibríochtúla;

(e)

cur chun feidhme na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II do na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) agus do ghalair atá ag teacht chun cinn;

(f)

forálacha maidir le vacsaíniú éigeandála nuair is iomchuí;

(g)

prionsabail maidir le críochú geografach na gcriosanna srianta a bhunaíonn údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 64(1);

(h)

comhordú leis na Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta, nuair is iomchuí.

Airteagal 44

Cumhachtaí cur chun feidhme do phleananna teagmhais

Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais riachtanacha maidir le cur chun feidhme sna Ballstáit pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 45

Freachnaimh ionsamhlúcháin

1.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar na freachnaimh ionsamhlúcháin a bhaineann le pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) go rialta nó ag eatraimh iomchuí:

(a)

chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair agus ullmhacht ina leith a áirithiú agus an cumas freagairt thapa orthu a sheoladh sa Bhallstát lena mbaineann;

(b)

chun feidhmiúlacht na bpleananna teagmhais sin a fhíorú.

2.   I gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí é, déanfar freachnaimh ionsamhlúcháin i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla na mBallstát comharsanachta agus na dtríú tíortha agus críocha comharsanachta.

3.   Arna iarraidh sin orthu cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar phríomhthorthaí na bhfreachnamh ionsamhlúcháin a rinneadh ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

4.   I gcás inarb iomchuí agus inar gá, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme praiticiúil freachnamh ionsamhlúcháin sna Ballstáit i ndáil le:

(a)

minicíocht na bhfreachnamh ionsamhlúcháin;

(b)

freachnaimh ionsamhlúcháin a chumhdaíonn níos mó ná galar liostaithe amháin dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

CAIBIDIL 2

Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú

Airteagal 46

Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú

1.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do ghalair liostaithe, leis an gcosc nó rialú galar is éifeachtúla a áirithiú do na galair sin, ar an gcoinníoll go bhfuil na bearta sin iomchuí nó riachtanach.

Féadfar an méid seo a leanas a chumhdach sna bearta sin:

(a)

toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta;

(b)

úsáid éigeantach táirgí íocshláinte tréidliachta.

2.   Agus iad ag cinneadh cibé acu úsáid a bhaint as táirgí íocshláinte tréidliachta nó gan úsáid a bhaint astu agus conas táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid mar bhearta coisctheacha agus rialaithe i gcás galar liostaithe sonrach, cuirfidh na Ballstáit na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

dáileadh an ghalair liostaithe sna háiteanna seo a leanas:

(i)

sa Bhallstát lena mbaineann;

(ii)

san Aontas;

(iii)

nuair is ábhartha, i dtríú tíortha comharsanachta agus críocha comharsanachta;

(iv)

i dtríú tíortha agus críocha óna dtugtar ainmhithe agus táirgí isteach san Aontas;

(c)

infhaighteacht agus éifeachtacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta i dtrácht, agus agus rioscaí a bhaineann leo;

(d)

infhaighteacht tástálacha diagnóiseacha chun ionfhabhtuithe in ainmhithe arna gcóireáil leis na táirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann a bhrath;

(e)

an tionchar eacnamaíoch, an tionchar sóisialta, agus an tionchar ar leas ainmhithe agus ar an gcomhshaol atá ag úsáid na dtáirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann i gcomparáid le straitéisí eile coiscthe agus rialaithe galar.

3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta coisctheacha iomchuí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do staidéir eolaíocha nó chun críocha iad a fhorbairt agus a thástáil faoi choinníollacha rialaithe le sláinte ainmhithe agus phoiblí a chosaint.

Airteagal 47

Cumhachtaí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a tharmligean

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a d'fhéadfadh a bheith ina bhearta iomchuí agus riachtanacha den chineál sin mar a leagtar amach in Airteagal 46, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta;

(b)

coinníollacha sonracha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta i gcás galar liostaithe sonrach;

(c)

bearta maolaithe riosca chun leathadh galar liostaithe trí ainmhithe arna gcóireáil le táirgí íocshláinte tréidliachta, nó trí tháirgí ó na hainmhithe sin, a chosc;

(d)

faireachas i gcás galair liostaithe shonracha tar éis vacsaíní agus táirgí íocshláinte tréidliachta eile a úsáid.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach in Airteagal 46(2) san áireamh agus na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo á leagan síos aige.

3.   I gcás rioscaí a bheith ag teacht chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith ag éileamh amhlaidh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 265 maidir le rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

CAIBIDIL 3

Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha

Airteagal 48

Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú

1.   I gcás galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nach dtoirmisctear vacsaíniú ina leith trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 47, féadfaidh an Coimisiún bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú agus bheith freagrach as iad a bhainistiú ó thaobh stóráil agus athsholáthar stoc do cheann amháin nó níos mó de na táirgí bitheolaíochta seo a leanas:

(a)

antaiginí;

(b)

vacsaíní;

(c)

stoic máistir-shíolta do vacsaíní;

(d)

imoibrithe diagnóiseacha.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh banc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)

stoic leordhóthanacha de na cineálacha iomchuí antaiginí, vacsaíní, stoc máistir-shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a stóráil don ghalar sonrach liostaithe i dtrácht, agus riachtanais na mBallstát arna meas i gcomhthéacs na bpleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) á gcur san áireamh;

(b)

soláthairtí rialta a fháil agus athsholáthar tráthúil antaiginí, vacsaíní agus stoc máistir-shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha;

(c)

iad a chothabháil agus a aistriú i gcomhréir leis na ceanglais iomchuí bhithshlándála, bhithshábháilteachta agus bhithimshrianta in Airteagal 16(1) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 16(2);

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a)

stoic bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhainistiú, a stóráil agus a athsholáthar amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo;

(b)

na ceanglais bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta lena n-oibriú agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) á n-urramú agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 16(2) á gcur san áireamh.

Airteagal 49

Rochtain ar bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

1.   Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó, foráil maidir le seachadadh na dtáirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1) ó bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais arna iarraidh sin air, ar an gcoinníoll go bhfuil na stoic ar fáil, chuig:

(a)

na Ballstáit, ar an gcéad dul síos; agus

(b)

na triú tíortha nó na críocha, ar an gcoinníoll go mbeartaítear seachadadh den sórt sin go príomha le leathadh galair isteach san Aontas a chosc.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún, i gcás nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta ar stoic, tús áite do rochtain ar na stoic atá le seachadah de bhun mhír 1 bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

imthosca an ghalair faoina ndearnadh an iarraidh;

(b)

banc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a bheith sa Bhallstát nó sa tríú tír nó sa chcríoch a dhéanann an iarraidh;

(c)

bearta Aontais maidir le vacsaíniú éigeantach arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47 bheith ann.

Airteagal 50

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais lena sonraítear an méid seo a leanas i ndáil leis na táirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1):

(a)

na táirgí bitheolaíocha atá le háireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a gcomhfhreagraíonn siad dóibh;

(b)

cineálacha na dtáirgí bitheolaíocha sin atá le háireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus na cainníochtaí do gach galar liostaithe sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), a bhfuil an banc i dtrácht ann dó;

(c)

na ceanglais maidir le soláthar, stóráil agus athsholáthar na dtáirgí bitheolaíocha sin;

(d)

seachadadh na dtáirgí bitheolaíocha sin ó bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais chuig na Ballstáit agus chuig tríú tíortha agus críocha;

(e)

ceanglais nós imeachta agus theicniúla leis na táirgí bitheolaíocha sin a áireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus le rochtain a iarraidh orthu.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.   Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar riosca é a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 266(3).

Airteagal 51

Rúndacht na faisnéise maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

Déanfaidh an Coimisiún déileáil le faisnéis faoi chainníochtaí agus fochineálacha na dtáirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1) arna stóráil i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ní fhoilseofar í.

Airteagal 52

Bainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha

1.   Maidir leis na Ballstáit a bhfuil bainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha bunaithe acu do ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), a bhfuil bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais ann faoina gcoinne, áiritheoidh siad go gcomhlíonann a mbainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha na ceanglais bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 16(1) agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus i bpointe (b) d'Airteagal 48(3).

2.   Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann nó á mbunú;

(b)

na cineálacha antaiginí, vacsaíní, stoic máistir-shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha agus na cainníochtaí de sna bainc sin;

(c)

aon athruithe ar an gcaoi ina n-oibrítear bainc den sórt sin.

Déileálfaidh an Coimisiún leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ní fhoilseofar í.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena sonrófar ábhar, minicíocht, agus formáid chur isteach na faisnéise dá bhforáiltear i mír 2.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

TEIDEAL II

BEARTA RIALAITHE GALAR

CAIBIDIL 1

Bearta rialaithe galar do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1)

Roinn 1

Bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar liostaithe a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 53

Oibleagáidí ar oibreoirí agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha ábhartha eile lena mbaineann

1.   I gcás amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, sa bhreis ar fhógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil aon bheart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 54(1) agus Airteagal 55(1), déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh na hoibreoirí agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha eile lena mbaineann na bearta iomchuí rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 55(1) le cosc a chur ar leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus láithreacha buailte atá faoina gcúram go hainmhithe eile nach bhfuil buailte nó go daoine.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 54

Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhras faoi ghalar liostaithe

1.   I gcás amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil imscrúdú gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

2.   Chun críocha an imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t-údarás inniúil, nuair is iomchuí, go ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch de na hainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe i dtrácht;

(b)

go dtógfaidh tréidlianna oifigiúla samplaí iomchuí ó na hainmhithe ar coimeád sin de speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú i saotharlanna arna n-ainmniú chun na críche sin ag an údarás inniúil;

(c)

go ndéanann saotharlanna ainmnithe den sórt scrúdaithe chun láithreacht an ghalair liostaithe i dtrácht a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis an imscrúdú arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 55

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil

1.   I gcás ina bhfuil amhras air faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar seo a leanas, faoi réir na gceanglas náisiúnta chun rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) agus go dtí go ndéanfar na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 61(1):

(a)

an bhunaíocht, gnólacht bia agus beatha nó bunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó aon láthair eile lena mbaineann ina bhfuiltear in amhras faoi ghalar a bheith ann, lena n-áirítear na bunaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ina n-áit tionscnaimh ag an ngalar sin, a chur faoi fhaireachas oifigiúil;

(b)

fardal a thiomsú den mhéid seo a leanas:

(i)

na hainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht, sa ghnólacht bia agus beatha nó sa bhunaíocht bia agus beatha lena mbaineann, nó in aon láthair eile;

(ii)

na táirgí atá sa bhunaíocht, sa ghnólacht bia agus beatha nó sa bhunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó in aon láthair eile inar ábhartha é ó thaobh leathadh an ghalair liostaithe sin de;

(c)

a áirithiú go gcuirfear bearta bithshlándála iomchuí i bhfeidhm le leathadh an oibreáin ghalair liostaithe sin go hainmhithe eile nó go daoine a chosc;

(d)

nuair is iomchuí chun leathadh breise an oibréain ghalair a chosc, a áirithiú go mbeidh na hainmhithe ar coimeád ó speicis liostaithe don ghalar liostaithe sin leithlisithe, agus go gcuirfear cosc orthu dul i dteagmháil le fiadhúlra;

(e)

srian a chur ar ghluaiseacht ainmhithe ar coimeád, táirgí agus, más iomchuí, daoine, feithiclí agus aon ábhair eile nó modha eile trína bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh go dtí nó as bunaíocht, gnólachta bia agus beatha, nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó aon láthair eile ina bhfuil amhras faoin ngalar liostaithe sin, a fhad agus is gá le leathadh a chosc;

(f)

aon bhearta rialaithe galar eile is gá a dhéanamh, agus na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i Roinn 4 den Chaibidil seo á gcur san áireamh, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

an t-imscrúdú arna chur i bhfeidhm ag an údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) agus bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointí (a) go (d) den mhír seo maidir le bunaíochtaí eile, gnólachtaí bia agus beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó aon láthair eile;

(ii)

aon chriosanna srianta sealadacha a bhunú, arb iomchuí iad agus próifíl an ghalair á chur san áireamh;

(g)

tús a chur leis an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1).

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leis na bearta sonracha agus mionsonraithe rialaithe galar atá le déanamh ag brath ar an ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), bunaithe ar na rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

an speiceas nó catagóir ainmhithe lena mbaineann;

(b)

an cineál táirgthe lena mbaineann.

Airteagal 56

Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh

Maidir leis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), déanfar an méid seo a leanas:

(a)

athbhreithneoidh an t-údarás inniúil iad, de réir mar is iomchuí, tar éis torthaí a fháil ón méid seo a leanas:

(i)

an t-imscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 54(1);

(ii)

an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1);

(b)

iad a shíneadh go láithreacha eile amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 55(1), nuair is gá.

Roinn 2

Fiosrúchán eipidéimeolaíoch

Airteagal 57

Fiosrúchán eipidéimeolaíoch

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil fiosrúchán eipidéimeolaíoch i gcás dearbhú maidir le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe.

2.   Tá sé d'aidhm ag an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

foinse dóchúil an ghalair liostaithe i dtrácht agus an modh trínar leath sé a shainaithint;

(b)

an tréimhse dhóchúil a ríomh a raibh an galar liostaithe i láthair;

(c)

bunaíochtaí agus aonaid eipidéimeolaíocha iontu, gnólacht bia agus beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó láithreacha eile a shainaithint ina bhféadfadh go ndearnadh ainmhithe de speicis liostaithe don ghalar liostaithe a bhfuiltear in amhras faoi a ionfhabhtú, a inmhíolú nó a éilliú;

(d)

faisnéis a fháil faoi ghluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád, daoine, táirgí, feithiclí, aon ábhair nó aon mhodha eile trína bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh le linn na tréimhse ábhartha sular tugadh fógra faoin amhras nó dearbhú maidir leis an ngalar liostaithe;

(e)

faisnéis a fháil faoi leathadh dóchúil an ghalair liostaithe sa timpeallacht máguaird, lena n-áirítear láithreacht agus dáileadh veicteoirí galair.

Roinn 3

Galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú

Airteagal 58

Dearbhú oifigiúil arna dhéanamh ag an údarás inniúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1)

1.   Bunóidh an t-údarás inniúil dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

torthaí na scrúduithe cliniciúla agus saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 54(2);

(b)

réamhthorthaí nó torthaí deiridh an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1);

(c)

sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar fáil.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 59

Na réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh i gcás ina bhfuil láithreacht an ghalair liostaithe curtha as an áireamh

Leanfaidh an t-údarás inniúil de na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) agus Airteagal 56 a chur i bhfeidhm, go dtí go gcuirfear láithreacht an ghalair liostaithe i dtrácht amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 8(1) as an áireamh bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 58(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 58(2).

Roinn 4

Bearta rialaithe galar i gcás go ndeimhnítear galar ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 60

Bearta rialaithe galar atá le déanamh láithreach ag an údarás inniúil

I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 58(1) ar ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas láithreach:

(a)

a dhearbhú go bhfuil an bhunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile, ionfhabhtaithe go hoifigiúil leis an ngalar liostaithe sin;

(b)

crios srianta a bhunú, arb iomchuí é don ghalar liostaithe sin;

(c)

an plean teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) a chur chun feidhme chun comhordú iomlán na mbeart rialaithe galar a áirithiú.

Airteagal 61

Bunaíochtaí atá buailte agus láithreacha eile

1.   I gcás ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe ar coimeád, glacfaidh an t-údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta rialaithe galar seo a leanas lomláithreach, faoi réir na gceanglas náisiúnta maidir le rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, i mbunaíocht, i ngnólacht bia nó beatha, i mbunaíocht seachtháirgí nó aon láthair eile dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 60, chun leathadh an ghalair liostaithe sin a chosc:

(a)

forchur srianta ar ghluaiseachtaí daoine, ainmhithe, táirgí, feithiclí nó aon ábhar nó substaint eile a d'fhéadfadh bheith éillithe agus a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe;

(b)

ainmhithe a d'fhéadfadh a bheith éillithe nó a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe a mharú agus a dhiúscairt;

(c)

táirgí, beatha nó aon substaintí eile a scriosadh, a phróiseáil, a chlaochlú nó a chóireáil nó trealamh, modh iompair, plandaí nó táirgí plandaí, nó uisce a chóireáil a d'fhéadfadh a bheith éillithe, de réir mar is iomchuí lena áirithiú go scriostar aon oibreán galair nó aon veicteoir den oibreán galair;

(d)

ainmhithe ar coimeád a vacsaíniú nó a chóireáil le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus le hAirteagal 69 agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47;

(e)

ainmhithe agus táirgí ar dóchúil go n-éilleofaí iad agus go gcuirfí mar sin le leathadh an ghalair liostaithe, a leithlisiú, a chur i gcoraintín nó a chóireáil;

(f)

feithidí agus creimirí a ghlanadh, a dhífhabhtú, a rialú, nó aon bhearta bithshlándála eile is gá a chur i bhfeidhm maidir leis an mbunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láithreacha eile atá buailte, d'fhonn an baol go leathfadh an galar liostaithe a íoslaghdú;

(g)

líon leordhóthanach samplaí iomchuí a thógáil a bhfuil gá leo chun an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) a chomhlánú;

(h)

scrúdú saotharlainne a dhéanamh ar shamplaí;

(i)

aon bhearta iomchuí eile.

2.   Agus na bearta is iomchuí a ghlacadh as measc na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh aige, cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

an cineál táirgthe agus na haonaid eipidéimeolaíocha laistigh den bhunaíocht, den ghnólacht bia nó beatha, den bhunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte;

3.   Ní údaróidh an t-údarás inniúil go ndéanfar an bhunaíocht lena mbaineann, nó aon láthair eile, a athdhaonrú ach amháin nuair atá an méid seo a leanas curtha i gcrích:

(a)

na bearta iomchuí uile rialaithe galar agus na scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear i mír 1 a bheith curtha i gcrích go héiritheach;

(b)

tréimhse leorlán a bheith gafa thart le cosc a chur ar athéilliú na bunaíochta, an ghnólachta bia nó beatha, na bunaíochta seachtháirgí nó na láithreach eile a bhí buailte leis an ngalar liostaithe ar chionsiocair é leis an ráig dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 62

Bunaíochtaí agus láithreacha a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu

1.   Leathnóidh an t-údarás inniúil na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 61(1) go bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha laistigh díobh, gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe, nó go haon láthair nó modh iompair eile i gcás ina dtugann an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) nó torthaí imscrúduithe cliniciúla nó saotharlainne nó sonraí eipidéimeolaíocha eile cúis le bheith in amhras faoi leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) agus a ndearnadh na bearta sin ina leith, chucu, astu nó tríothu.

2.   Má léirítear san fhiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) gur Ballstát eile áit tionscnaimh dhóchúil an ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó gur dhóchúil gur leath an galar liostaithe sin go Ballstát eile, cuirfidh an t-údarás inniúil an Ballstát sin agus an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch breise agus i gcur i bhfeidhm na mbeart rialaithe galar.

Airteagal 63

Cumhacht a tharmligean i ndáil le bearta rialaithe galari mbunaíochtaí atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu agus i láithreacha eile

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar atá le déanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 61 agus Airteagal 62 i mbunaíochtaí, gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí agus láithreacha eile atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu, i gcás aon ghalar dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), lena n-áirítear rialacha a gcuirfear bearta rialaithe galar dá dtagraítear in Airteagal 61(1) i bhfeidhm ina leith i gcás gach galar liostaithe.

Cumhdófar leis na rialacha mionsonraithe sin na hábhair seo a leanas:

(a)

na coinníollacha agus na ceanglais do na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 61(1);

(b)

na nósanna imeachta do ghlanadh, dífhabhtú agus rialú feithidí agus creimirí nó bearta bithshlándála eile is gá amhail dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 61(1), lena sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(c)

na coinníollacha agus na ceanglais maidir le sampláil agus scrúdú saotharlainne amhail dá bhforáiltear i bpointe (g) agus i bpointe (h) d'Airteagal 61(1);

(d)

na coinníollacha mionsonraithe agus na ceanglais maidir leis an athdhaonrú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 61(3);

(e)

na bearta rialaithe galar is gá dá bhforáiltear in Airteagal 62 atá le cur i gcrích i mbunaíochtaí, i láithreacha eile agus modhanna iompair a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu.

Airteagal 64

Criosanna srianta arna mbunú ag an údarás inniúil

1.   Bunóidh an t-údarás inniúil crios srianta amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 60 timpeall ar an mbunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte, inar tharla ráig an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar ainmhithe ar coimeád, nuair is iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

suíomh geografach na gcriosanna srianta;

(c)

fachtóirí éiceolaíocha agus hidreolaíocha na gcriosanna srianta;

(d)

na coinníollacha meitéareolaíocha;

(e)

láithreacht, dáileadh agus cineál veicteoirí sna criosanna srianta;

(f)

torthaí an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) agus aon staidéir eile a dhéanfaí agus sonraí eipidéimeolaíocha;

(g)

torthaí na dtástálacha saotharlainne;

(h)

na bearta rialaithe galar a cuireadh i bhfeidhm;

(i)

sonraí eipidéimeolaíocha eile a bhaineann le hábhar.

Áireofar sa chrios srianta, nuair is iomchuí, crios cosanta agus faireachais de mhéid agus de chumraíocht a shainítear.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú agus athbhreithniú ar bhonn leanúnach agus, nuair is iomchuí, chun leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a chosc agus déanfaidh sé:

(a)

teorainneacha an chreasa shrianta a oiriúnú;

(b)

criosanna srianta breise a bhunú.

3.   I gcás ina bhfuil na criosanna srianta amhail dá bhforáiltear i mír 1 suite i gcríoch Ballstáit amháin nó níos mó, comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát sin chun na criosanna srianta a bhunú.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le criosanna srianta a bhunú agus a mhodhnú, lena n-áirítear criosanna cosanta nó faireachais.

Airteagal 65

Bearta rialaithe galar i gcrios srianta

1.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil, faoi réir eanglas náisiúnta chun rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na bearta rialaithe galar seo a leanas sa chrios srianta lena mbaineann le leathadh an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a chosc:

(a)

bunaíochtaí, gnólachtaí bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile a shainaithint ina bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe sin;

(b)

cuairteanna a thabhairt ar bhunaíochtaí, ar ghnólachtaí bia agus beatha, ar bhunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó láithreacha eile ina bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe, agus, nuair is gá, scrúduithe, sampláil agus scrúdú saotharlainne a dhéanamh ar shamplaí;

(c)

forchur coinníollacha gluaiseachta a bhunú maidir le gluaiseacht daoine, ainmhithe, táirgí, beatha, feithiclí agus aon ábhair nó substainte eile a d'fhéadfadh a bheith éillithe nó a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe sin laistigh de na criosanna srianta agus amach astu agus tríothu;

(d)

ceanglais bhithshlándála maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

táirgeadh, próiseáil agus dáileadh táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(ii)

bailiú agus diúscairt na seachtháirgí ainmhithe;

(iii)

bailiú, stóráil agus láimhseáil táirgí geirmeacha;

(e)

ainmhithe ar coimeád a vacsaíniú nó a chóireáil le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47;

(f)

feithidí agus creimirí a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a rialú nó bearta bithshlándála eile is gá;

(g)

bunaíocht gnólachta bia a ainmniú nó, nuair is ábhartha, a fhormheas chun críocha ainmhithe a mharú nó táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh criosanna srianta a chóireáil;

(h)

na ceanglais maidir le sainaithint agus inrianaitheacht do ghluaiseacht ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(i)

bearta maolaithe riosca eile agus bearta bithshlándála eile chun rioscaí maidir le leathadh an ghalair liostaithe sin a íoslaghdú.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:

(a)

na bearta uile is gá leis na daoine sna criosanna srianta a chur go hiomlán ar an eolas faoi na srianta atá i bhfeidhm agus faoi chineál na mbeart rialaithe galar;

(b)

na hoibleagáidí is gá a fhorchur ar oibreoirí d'fhonn leathadh an ghalair liostaithe i dtrácht.

3.   Agus na bearta a dhéanfar as measc na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh, cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

na cineálacha táirgthe;

(c)

indéantacht, infhaighteacht agus éifeachtacht na mbeart rialaithe galar sin.

Airteagal 66

Oibleagáid na n-oibreoirí maidir le gluaiseachtaí i gcriosanna srianta

1.   I gcriosanna srianta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 64(1), ní aistreoidh oibreoirí na hainmhithe ar coimeád agus na táirgí ach amháin tar éis dóibh cead a fháil ón údarás inniúil agus i gcomhréir le haon treoracha tugtha ag an údarás sin.

2.   Tabharfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe agus táirgí sa chrios srianta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 64(1) fógra don údarás inniúil i leith aon ghluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád agus táirgthe atá beartaithe, laistigh nó lasmuigh den chrios srianta i dtrácht. Sa mhéid go bhfuil oibleagáidí forchurtha ag an údarás inniúil maidir le fógra a thabhairt i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 65(2), tabharfaidh an t-oibreoir lena mbaineann fógra i gcomhréir leis na hoibleagáidí sin.

Airteagal 67

Tarmligean cumhachtaí maidir le bearta rialaithe galar i gcriosanna srianta

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcriosanna srianta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 65 i gcás gach galar dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), lena n-áirítear rialacha maidir le cé na bearta rialaithe galar dá dtagraítear in Airteagal 65(1) atá le cur i bhfeidhm i gcás gach galar liostaithe.

Cumhdóidh na rialacha mionsonraithe sin na hábhair seo a leanas:

(a)

na coinníollacha agus na ceanglais maidir leis na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear i bpointe(a), i bpointe (c), i bpointe (d), i bpointe (e), i bpointe (g), i bpointe (h) agus i bpointe (i) d'Airteagal 65(1);

(b)

na nósanna imeachta maidir le glanadh, dífhabhtú agus rialú feithidí agus creimirí nó bearta bithshlándála eile is gá amhail dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 65(1), lena sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(c)

an faireachas is gá atá le déanamh tar éis na bearta rialaithe galar agus na scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 65(1) a chur i bhfeidhm;

(d)

bearta sonracha eile rialaithe galar le leathadh galar liostaithe sonrach amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a theorannú.

Airteagal 68

Bearta rialaithe galar a chothabháil i gcriosanna srianta agus gníomhartha tarmligthe

1.   Leanfaidh an t-údarás inniúil de na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear sa Roinn seo a chur i bhfeidhm go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

na bearta rialaithe galar is iomchuí don ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar cuireadh na srianta i bhfeidhm ina leith a bheith glactha;

(b)

an glanadh, an dífhabhtú nó an rialú deiridh feithidí agus creimirí a bheith déanta nó bearta bithshlándála eile is gá, mar is iomchuí, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

an galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bhfuil na bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith;

(ii)

speicis na n-ainmhithe ar coimeád atá buailte;

(iii)

an cineál táirgthe;

(c)

faireachas leordhóthanach, mar is iomchuí don ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bhfuil na bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith, agus don chineál bunaíochta nó láithreach lena mbaineann, a bheith déanta sa chrios srianta ag tacú le díothú an ghalair liostaithe sin.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar atá le déanamh ag an údarás inniúil amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta deiridh maidir le glanadh, dífhabhtú nó rialú feithidí agus creimirí nó bearta bithshlándála eile is gá agus i gcás inarb iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(b)

dearadh, meáin, modhanna, minicíocht, déine, daonraí ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an fhaireachais atá beartaithe chun stádas saor ó ghalair a athbhunú arís tar éis na ráige;

(c)

athdhaonrú an chreasa srianta lena mbaineann tar éis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a chur i gcrích, agus na coinníollacha maidir le hathdhaonrú dá bhforáiltear in Airteagal 61(3) á gcur san áireamh.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe do na bearta rialaithe galar a ghlacfaidh an t-údarás inniúil amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil le bearta eile rialaithe galar is gá d'fhonn an stádas saor ó ghalair a athbhunú arís.

Airteagal 69

Vacsaíniú éigeandála

1.   Nuair is ábhartha do rialú éifeachtach an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bhfuil feidhm ag na bearta rialaithe galarina leith, féadfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean vacsaínithe a fhorbairt;

(b)

criosanna vacsaínithe a bhunú.

2.   Agus an plean vacsaínithe agus bunú na gcriosanna vacsaínithe amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo á gcinneadh aige déanfaidh an t-údarás inniúil, an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

na ceanglais maidir le vacsaíniú éigeandála a leagtar amach sna pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43;

(b)

na ceanglais maidir le húsáid vacsaíní amhail dá bhforáiltear in Airteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47.

3.   Criosanna vacsaínithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le bearta maolaithe riosca chun leathadh na ngalar liostaithe a chosc agus maidir le faireachas, mar atá leagtha amach i ngníomhartha tarmligthe i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 47(1).

Roinn 5

Ainmhithe fiáine

Airteagal 70

Ainmhithe fiáine

1.   I gcás amhras a bheith ar údarás inniúil an Bhallstáit atá buailte faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe fiáine nó i gcás ina ndeimhníonn sé go hoifigiúil go bhfuil galar liostaithe ar ainmhithe fiáine, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

nuair is ábhartha i gcás an ghalair liostaithe áirithe sin, faireachas a dhéanamh ar dhaonra na n-ainmhithe fiáine;

(b)

na bearta coisctheacha agus rialaithe galair is gá a dhéanamh.

2.   Leis na bearta coiscthe agus rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagail 53 go 69 a áireamh agus cuirfear próifíl an ghalair agus na hainmhithe fiáine atá buailteagus an riosca faoi na galair a tharchur chuig ainmhithe agus daoinesan áireamh.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a)

na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachas a dhéanamh de bhun phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), i gcomhréir le hAirteagal 27;

(b)

rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta coiscthe agus rialaithe galar de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1).

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh próifíl an ghalair agus na speicis liostaithe don ghalar liostaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Roinn 6

Bearta breise rialaithe galar arna nglacadh ag na ballstáit, comhordú arna dhéanamh ag an gcoimisiún agus rialacha sealadacha speisialta rialaithe galar

Airteagal 71

Bearta breise rialaithe galar arna nglacadh, comhordú ar bhearta agus rialacha sealadacha speisialta rialaithe galar maidir le Roinn 1 go Roinn 5 (Airteagail 53 go 70)

1.   Féadfaidh na Ballstáit bearta rialaithe galar a dhéanamh sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 55, Airteagal 61(1), Airteagal 62, Airteagal 65(1) agus (2) agus Airteagal 68(1) agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 63, Airteagal 67 agus Airteagal 68(2), ar an gcoinníoll go n-urramófar leis na bearta sin na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach le leathadh an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a rialú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

na himthosca eipidéimeolaíocha ar leith;

(b)

na cineálacha bunaíochtaí, láithreacha eile agus táirgeadh lena mbaineann;

(c)

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe is bainteach;

(d)

dálaí eacnamaíocha nó sóisialta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag a n-údarás inniúil amhail dá bhforáiltear in Airteagail 58, 59, 61, 62, 64 agus 65, Airteagal 68(1), Airteagal 69 agus Airteagal 70(1) agus (2) agus in aon ghníomh tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 63, Airteagal 67 agus Airteagal 68(2) agus Airteagal 70(3);

(b)

aon bhearta breise rialaithe galar arna nglacadh acu amhail dá bhforáiltear i mír 1 a ghlac sé.

3.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid an ghalair agus na bearta rialaithe galar a ghlac an t-údarás inniúil agus ar aon bhearta breise rialaithe galar a ghlac an Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta, faoi choinníollacha atá iomchuí don staid eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas:

(a)

go meastar nach bhfuil na bearta rialaithe galar sin oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch;

(b)

gur dealraitheach go bhfuil an galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ag leathadh in ainneoin na mbeart rialaithe galar a glacadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo agus a bhaineann le galar ar riosca é atá ag teacht chun cinn agus tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).

CAIBIDIL 2

Bearta rialaithe galar do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1)

Roinn 1

Bearta rialaithe galari gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 72

Oibleagáidí atá ar oibreoirí agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann maidir leis na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

1.   I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, sa bhreis ar an oibleagáid fhógra a thabhairt a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus go dtí go nglacfaidh an t-údarás inniúil aon bheart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 74(1), glcafaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go nglacfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile lena mbaineann bearta rialaithe galar amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 74(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe eile a glacadh de bhun Airteagal 74(4), le cosc a chur ar leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus láithreacha eile atá buailte agus atá faoina gcúram, go hainmhithe eile nach bhfuil buailte nó go daoine.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta rialaithe galar amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 73

Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

1.   I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil imscrúdú gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

2.   Chun críocha an imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch de na hainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe i dtrácht;

(b)

go dtógfaidh tréidlianna oifigiúla samplaí iomchuí ó na hainmhithe ar coimeád sin de na speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú i saotharlanna arna n-ainmniú chun na críche sin ag an údarás inniúil;

(c)

déanfaidh saotharlanna ainmnithe den sórt sin scrúduithe saotharlainne chun láithreacht an ghalair liostaithe i dtrácht a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis an imscrúdú amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 74

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

1.   I gcás ina bhfuil amhras air faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar seo a leanas, faoi réir na gceanglas náisiúnta chun rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus go dtí go ndéanfar na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 79:

(a)

bearta rialaithe galar a chur i bhfeidhm le leathadh an ghalair liostaithe sin a shrianadh ón gcríoch, ón mbunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láthair eile atá buailte;

(b)

nuair is gá, tús a chur le fiosrúchán eipidéimeolaíoch, agus na rialacha maidir le fiosrúchán den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 57(1) á gcur san áireamh.

2.   Sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil réamhbhearta rialaithe galar a dhéanamh, sna cásanna dá dtagraítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll go n-urramaítear forálacha an Rialacháin seo leis na bearta sin agus go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais.

3.   Beidh na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 iomchuí agus comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht, agus an méid seo leanas á chur san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c)

stádas sláinte an Bhallstáit, creasa, deighleoga nó bunaíochta ina bhfuil amhras faoin ngalar liostaithe sin a bheith ann;

(d)

na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), Airteagal 56 agus aon ghníomh tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha i ndáil le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1), lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, agus aird á tabhairt ar na hábhair dá dtagraítear i mír 3, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na réamhbhearta rialaithe galar atá le déanamh le leathadh an ghalair liostaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 a chosc;

(b)

cur i bhfeidhm na réamhbheart rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 maidir le bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha iontu, gnólachtaí bia agus beatha agus bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile;

(c)

criosanna srianta sealadacha a bhunú, arb iomchuí iad i bhfianaise phróifíl an ghalair.

Airteagal 75

Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh do ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

Maidir leis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74(1), déanfar an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú orthu mar is iomchuí i ndiaidh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus, nuair is ábhartha, torthaí an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 74(1);

(b)

iad a shíneadh tuilleadh go láithreacha eile amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 74(4), nuair is gá.

Airteagal 76

Oibleagáidí atá ar oibreoirí agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha eile agus bearta atá le glacadh ag an údarás inniúil i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1))

1.   I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) i mBallstát a roghnaigh an clár díothaithe lena gcumhdaítear na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31(2), déanfaidh an Ballstát sin bearta a ghlacadh chun a áirithiú go nglacfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha ábhartha eile lena mbaineann bearta iomchuí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 72(1), go dtí go nglacfaidh an t-údarás inniúil bearta rialaithe galar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.   Déanfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit a roghnaigh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i mír 1 a dhíothú, an méid seo a leanas, i gcás ina bhfuil amhras air faoin ngalar i dtrácht a bheith ar ainmhithe ar coimeád:

(a)

imscrúdú a stiúradh gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 73(1) agus (2);

(b)

ar feitheamh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear i bpointe (a) agus glacadh na mbeart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 80(1), déanfaidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74 (1) agus mír (2).

3.   Athbhreithneoidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo agus sínfidh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 75.

4.   Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo freisin maidir leis na Ballstáit nó le criosanna a bhfuil stádas saor ó ghalair acu, chun an stádas sin a choimeád, i gcomhréir le hAirteagal 36 nó le deighleoga i gcomhréir le hAirteagal 37(2).

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1;

(b)

an t-imscrúdú dá bhforáiltear bpointe (a) de mhír 2;

(c)

na réamhbhearta rialaithe galar atá le déanamh chun leathadh an ghalair liostaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 2 a chosc.

Roinn 2

Galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú

Airteagal 77

Dearbhú oifigiúil de ghalar arna dhéanamh ag an údarás inniúil

1.   Bunóidh an t-údarás inniúil dearbhú oifigiúil de ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

torthaí na scrúduithe cliniciúla agus saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 73(2);

(b)

an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 74(1), nuair is ábhartha;

(c)

sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar fáil.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 78

Réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh nuair a chuirtear láithreacht galair as an áireamh

Leanfaidh an t-údarás inniúil de na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74(1), Airteagal 75 agus pointe (b) d'Airteagal 76(2) a chur i bhfeidhm go dtí go gcuirfear láithreacht na ngalar liostaithe i dtrácht as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 77(1) agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 77(2).

Roinn 3

Bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 79

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 8(1)

I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 77(1) ar ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas i mBallstát, i gcrios nó i ndeighleog, de réir mar is ábhartha don ráig sin:

(a)

na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár díothaithe éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) don ghalar liostaithe sin; nó

(b)

i gcás ina bhfuair an Ballstát nó an crios nó an deighleog stádas saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36, i gcomhréir le hAirteagal 37 faoi seach:

(i)

ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagal 53 go 69 a dhéanamh i gcoibhneas leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht, agus

(ii)

i gcás inar gá, tús a chur leis an gclár díothaithe éigeantach don ghalar liostaithe sin.

Airteagal 80

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil do na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(c)

1.   I gcás dearbhú oifigiúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 77(1) i leith ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád i mBallstát a roghnaigh cláir dhíothaithe lena gcumhdaítear na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31(2), de réir mar is iomchuí don ghalar liostaithe sin agus don ráig sin, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár díothaithe roghnach a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil bearta rialaithe galar a ghlacadh de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 ina bhféadfaí ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagail 53 go 69 a áirithiú agus beidh siad comhréireach leis an mbaol a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c)

tionchair eacnamaíocha agus shóisialta.

3.   I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 77(1) i leith ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád i mBallstát, i gcrios nó deighleog a fuair stádas saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36 nó le hAirteagal 37, agus ionas nach gcaillfear an stádas sin, déanfaidh an t-údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagal 53 go 69 a ghlacadh. Beidh na bearta sin comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus na nithe seo leanas á gcur san áireamh leo:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c)

tionchair eacnamaíocha agus shóisialta.

Roinn 4

Ainmhithe fiáine

Airteagal 81

Bearta rialaithe galar do ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe fiáine

I gcás amhras a bheith ar údarás inniúil an Bhallstáit atá buailte faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe fiáine nó i gcás ina ndeimhníonn sé go hoifigiúil go bhfuil ráig galar liostaithe ar ainmhithe fiáine, déanfaidh sé an méid seo a leanas ar fud chríoch iomlán an Bhallstáit, an limistéir nó an chreasa lena mbaineann, de réir mar is ábhartha, maidir leis an ráig sin:

(a)

na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár éigeantach díothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) a chur i bhfeidhm maidir leis an ngalar liostaithe sin; nó

(b)

clár éigeantach díothaithe a thionscnamh, i gcás nár cuireadh an clár díothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) don ghalar liostaithe sin i bhfeidhm go fóill [de dheasca neamhláithreacht an ghalair sin nó saoirse ón ngalar roimhe sin agus más rud é go bhfuil gá le bearta maidir le hainmhithe fiáine chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a chosc.

Airteagal 82

Bearta rialaithe galar maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe fiáine

1.   I gcás amhras a bheith ar údarás inniúil faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe fiáine nó i gcás ina ndeimhníonn sé go hoifigiúil go bhfuil galar liostaithe ar ainmhithe fiáine agus i gcás ina roghnaíonn an Ballstát atá buailte an galar i dtrácht a dhíothú agus ar an gcoinníoll go bhforáiltear bearta d'ainmhithe fiáine sa chlár roghnach díothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) don ghalar liostaithe sin, cuirfidh an t-údarás inniúil na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár roghnach díothaithe sin i bhfeidhm i gcríoch iomlán an Bhallstáit, an limistéir nó an chreasa lena mbaineann, de réir mar is ábhartha don amhras nó don deimhniú oifigiúil sin.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil bearta rialaithe galar a ghlacadh de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 ina bhféadfaí ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagail 53 go 69 a áirithiú agus beidh siad comhréireach leis an mbaol a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

na hainmhithe fiáine atá buailte agus an baol go dtolgfaidh ainmhithe agus daoine na galair; agus

(c)

tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil.

3.   I gcás dearbhú oifigiúil i leith ráig de ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe fiáine i mBallstát, i gcrios nó deighleog a fuair stádas saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36 nó le hAirteagal 37, agus ionas nach gcaillfear an stádas sin, glacfaidh an t-údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagal 53 go hAirteagal 69. Beidh na bearta sin comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus na nithe seo leanas á gcur san áireamh leo:

(a)

próifíl an ghalair;

(b)

na hainmhithe fiáine atá buailte agus an baol go dtolgfaidh ainmhithe agus daoine na galair;

(c)

ábharthacht láithreacht an ghalair i measc ainmhithe fiáine a mhéid a bhaineann le staid shláinte na n-ainmhithe ar coimeád; agus

(d)

tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil.

Roinn 5

Comhordú ag an gcoimisiún agus rialacha speisialta sealadacha faoi rialú galar

Airteagal 83

Bearta a chomhordú ag an gCoimisiún agus rialacha speisialta sealadacha maidir le Roinn 1 go Roinn 4

1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a)

na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag a núdaráis inniúla i gcomhréir le h Airtegal 77(1), le h Airtegal 78, le h Airtegal 79 agus le h Airtegal 81 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 76(2) i ndáil le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1);

(b)

na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag a n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 77(1), Airteagal 78 agus Airteagal 80(1) agus Airteagal 82 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 77(2) i ndáil le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1).

2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid an ghalair agus ar na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha ar leith maidir le bearta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta ama i leith galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) in Airteagal 8(1)(b) agus (c), faoi choinníollacha atá iomchuí don staid eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas:

(a)

meastar nach bhfuil na bearta rialaithe galar sin arna nglacadh ag an údarás inniúil i dtrácht oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch;

(b)

is dealraitheach go bhfuil an galar liostaithe sin ag leathadh in ainneoin na mbeart rialaithe galar arna nglacadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo, nuair is ábhartha.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

3.   Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) ar riosca atá ag teacht chun cinn é agus tionchar an-suntasach ag gabháil leis, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).

CUID IV

CLÁRÚ, FORMHEAS, INRIANAITHEACHT AGUS GLUAISEACHTAÍ

TEIDEAL I

AINMHITHE TALÚN, TÁIRGÍ GEIRMEACHA AGUS TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH Ó AINMHITHE TALÚN

CAIBIDIL 1

Clárú, formheas, taifead a choimeád agus cláir

Roinn 1

Bunaíochtaí agus cineálacha áirithe oibreoirí a chlárú

Airteagal 84

An oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí a chlárú

1.   Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí a choimeádann ainmhithe talún nó a bhailíonn, a tháirgeann, a phróiseálann nó a stórálann táirgí geirmeacha na gníomhartha seo a leanas, chun go mbeidh a mbunaíochtaí cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:

(a)

an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon bhunaíocht den sórt sin atá faoina cúram;

(b)

soláthróidh siad faisnéis don údarás inniúil maidir leis an méid a leanas:

(i)

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(ii)

suíomh na bunaíochta agus tuairisc ar a saoráidí;

(iii)

catagóirí, speicis agus líonta nó cainníochtaí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha a bhfuil sé ar intinn acu iad a choinneáil sa bhunaíocht agus toilleadh na bunaíochta;

(iv)

an cineál bunaíochta; agus

(v)

aon ghnéithe eile den bhunaíocht atá ábhartha agus chun críche an riosca a bhaineann leis an mbunaíocht a chinneadh.

2.   Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna a leanas:

(a)

aon athruithe sa bhunaíocht i dtrácht maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(b)

aon scor gníomhaíochtaí ag an oibreoir nó ag an ngníomhaíocht lena mbaineann.

3.   Ní bheidh sé de cheanglas ar bhunaíochtaí atá faoi réir formheas i gcomhréir le hAirteagal 94(1) an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt.

Airteagal 85

Maoluithe ón oibleagáid ar oibreoirí na bunaíochtaí a chlárú

De mhaolú ar Airteagal 84(1), féadfaidh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt do chatagóirí áirithe bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo, amhail dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 86(2). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí den sórt sin.

Airteagal 86

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid ar oibreoirí na bunaíochtaí a chlárú

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibreoirí a sholáthar chun críche an bhunaíocht a chlárú de réir amhail dá bhforáiltear in Airteagal 84(1), lena n-áirítear na teoranta ama faoina mbeidh orthu faisnéis den sórt sin sin a sholáthar.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochtaí a bhféadfadh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 85, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

speicis, catagóirí agus líonta na n-ainmhithe talún ar coimeád agus na dtáirgí geirmeacha sa bhunaíocht i dtrácht agus acmhainn na bunaíochta sin;

(b)

an cineál bunaíochta; agus

(c)

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha isteach sa bhunaíocht agus amach aisti.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 87

Na hoibleagáidí clárúcháin ar iompróirí na gcrúbach atá ar coimeád agus gníomhartha tarmligthe

1.   Déanfaidh iompróirí crúbach ar coimeád, atá ag gabháil d'aistriú na hainmhithe sin idir na Ballstáit nó idir Ballstát agus tríú tír, na gníomhartha seo a leanas chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:

(a)

an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoina ngníomhaíocht;

(b)

soláthróidh siad faisnéis don údarás inniúil sin maidir leis an méid a leanas:

(i)

ainm agus seoladh an iompróra lena mbaineann;

(ii)

catagóirí, speicis agus líonta na gcrúbach atá ar coimeád a bhfuil sé i gceist iad a aistriú;

(iii)

an cineál iompair;

(iv)

an modh iompair.

2.   Cuirfidh iompróirí amhail dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna seo a leanas:

(a)

aon athruithe a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1(b);

(b)

aon scor na gníomhaíochta iompair.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh, i ndáil leis an oibleagáid atá ar chineálacha eile iompróirí a mbaineann baoil shuntasacha ar leith lena gníomhaíocht iompair do speicis nó do chatagóirí ainmhithe áirithe, an fhaisnéis a chur ar fáil chun a ngníomhaíocht a chlárú.

Airteagal 88

Maoluithe ón oibleagáid atá ar iompróirí crúbach ar coimeád maidir le clárúchán

De mhaolú ar Airteagal 87(1), féadfaidh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt do chatagóirí áirithe iompróirí a mbaineann baol neamhshuntasach leo, amhail dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89(2). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí den sórt sin.

Airteagal 89

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid chlárúcháin atá ar iompróirí

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'iompróirí a chur ar fáil chun críche a ngníomhaíochtaí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 87(1) agus (3) a chlárú, lena n-áirítear na teorainneacha ama faoina mbeidh orthu an fhaisnéis sin a sholáthar.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha iompróirí a bhféadfadh na Ballstáit díolúine ón gceanglas um chlárú a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 86, ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)

na faid a iompraíonn siad na crúbacha i dtrácht; agus

(b)

catagóirí, speicis agus líonta na gcrúbach a iompraíonn siad.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 90

An oibleagáid maidir le clárúchán atá ar oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin atá neamhspleách ar bhunaíocht

1.   Déanfaidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin i gcás crúbach agus éanlaithe clóis ar coimeád, neamhspleách ar bhunaíocht, lena n-áirítear oibreoirí a cheannaíonn agus a dhíolann ainmhithe go díreach nó go hindíreach, faisnéis a chur ar fáil don údarás inniúil maidir leis an méid seo a leanas, chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, sula dtosóidh siad ar a ngníomhaíochtaí:

(a)

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(b)

speicis agus catagóirí na gcrúbach agus na n-éanlaithe clóis ar coimeád a chumhdaítear lena ngníomhaíocht.

2.   Cuirfidh oibreoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna seo a leanas:

(a)

aon athruithe a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1;

(b)

aon scor gníomhaíochta ag an oibreoir lena mbaineann.

Airteagal 91

Maoluithe ón oibleagáid maidir le clárúchán atá ar oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin

De mhaolú ar Airteagal 90(1), féadfaidh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt do chatagóirí áirithe oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin agus a mbaineann riosca neamhshuntasach leo, de réir amhail dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92(2). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí den sórt sin.

Airteagal 92

Cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis an oibleagáid chlárúcháin atá ar oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibreoirí a sholáthar chun críche an chláraithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 90(1), lena n-áirítear na teorainneacha ama faoina mbeidh orthu an fhaisnéis sin a sholáthar.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha oibreoirí a bhféadfadh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 91, ar an gcoinníoll go mbaineann riosca neamhshuntasach lena ngníomhaíocht agus bunaithe ar speicis, ar chatagóirí agus líonta na n-ainmhithe talún ar coimeád a chumhdaítear lena ngníomhaíocht.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 93

An oibleagáid atá ar an údarás inniúil maidir le clárú

Déanfaidh údarás inniúil iad seo a leanas a chlárú:

(a)

bunaíochtaí atá sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 101(1), i gcás inar chuir an t-oibreoir lena mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 84(1) ar fáil;

(b)

iompróirí atá sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 101(1), i gcás inar chuir an t-iompróir lena mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 87(1) ar fáil;

(c)

oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin neamhspleách ar bhunaíocht, atá sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 101(1), i gcás inar chuir an t-oibreoir lena mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 90(1) ar fáil.

Sannfaidh an t-údarás inniúil cláruimhir uathúil do gach bunaíocht, iompróir agus oibreoir amhail dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) den chéad mhír.

Roinn 2

Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas

Airteagal 94

Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas agus gníomhartha tarmligthe

1.   Cuirfidh oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí seo a leanas iarratas ar fhormheas chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 96(1) agus ní thosóidh siad ar a ngníomhaíochtaí go dtí go mbeidh a mbunaíocht formheasta i gcomhréir le hAirteagal 97(1):

(a)

bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí bailúcháin ar chrúbacha agus ar éanlaith chlóis, óna n-aistrítear na hainmhithe sin go Ballstát eile nó a fhaigheann ainmhithe ó Bhallstát eile;

(b)

bunaíochtaí táirgí geirmeacha den speiceas buaibheach, den speiceas mucach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí, óna n-aistrítear táirgí geirmeacha ó na hainmhithe sin go Ballstát eile;

(c)

gorlanna, óna n-aistrítear uibheacha ar goradh nó éanlaith chlóis go Ballstát eile;

(d)

bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis, óna n-aistrítear éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críocha seachas marú nó uibheacha ar goradh go Ballstát eile;

(e)

aon chineál eile bunaíochta ina gcoimeádtar ainmhithe talún ar coimeád a mbaineann riosca suntasach leo agus a cheanglaítear í a fhormheas i gcomhréir le rialacha arna leagan síos i ngníomh tarmligthe agus arna nglacadh i gcomhréir le pointe (b) de mhír 3.

2.   Stadfaidh oibreoirí de ghníomhaíocht a dhéanamh ag bunaíocht amhail dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)

tarraingíonn an t-údarás inniúil siar a fhormheas nó cuireann sé ar fionraí é i gcomhréir le hAirteagal 100(2); nó

(b)

sa chás gur tugadh formheas coinníollach i gcomhréir le hAirteagal 99(3), ní chomhlíonann an bhunaíocht i dtrácht na ceanglais neamhchomhlíonta dá dtagraítear in Airteagal 99(3) agus ní fhaigheann sí formheas deiridh i gcomhréir le hAirteagal 97(1).

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a)

maoluithe ón gceanglas ar oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 iarratas ar fhormheas ón údarás inniúil a chur chuig an údarás inniúil, má bhaineann riosca neamhshuntasach leis na bunaíochtaí sin;

(b)

na cineálacha bunaíochtaí nach mór a fhormheas i gcomhréir le pointe (e) de mhír 1;

(c)

sainrialacha maidir le scor na ngníomhaíochtaí do bhunaíochtaí táirgí geirmeacha amhail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

4.   Nuair a ghlacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear i mír 3, bunóidh sé na gníomhartha sin ar na critéir seo a leanas:

(a)

speicis agus catagóirí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha i mbunaíocht;

(b)

catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha á gcoinneáil i mbunaíocht;

(c)

cineál na bunaíochta agus cineál an táirgthe; agus

(d)

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha isteach sna cineálacha sin bunaíochtaí agus amach astu.

Airteagal 95

Stádas bunaíochtaí comhdhúnta a fhormheas

Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí ar mian leo stádas bunaíochtaí teoranta a fháil an méid seo leanas:

(a)

iarratas ar fhormheas a chur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 96(1);

(b)

ainmhithe ar coimeád a aistriú isteach ina mbunaíocht nó aisti i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 137(1) agus le haon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 137(2) tar éis dá mbunaíocht formheas an stádais sin a fháil ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 97 agus Airteagal 99 agus an tráth sin amháin.

Airteagal 96

Oibleagáid ar oibreoirí faisnéis a thabhairt chun formheas agus gníomhartha cur chun feidhme a fháil

1.   Chun críocha a n-iarratas ar fhormheas dá mbunaíocht amhail dá bhforáiltear in Airteagal 94(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 95, tabharfaidh oibreoirí faisnéis don údarás inniúil maidir leis an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(b)

suíomh na bunaíochta lena mbaineann agus cur síos ar a saoráidí;

(c)

catagóirí, speicis agus líon na n-ainmhithe talún ar coimeád nó na dtáirgí geirmeacha is ábhartha don fhormheas a choinnítear sa bhunaíocht;

(d)

an cineál bunaíochta;

(e)

gnéithe sainiúla eile den bhunaíocht, a bhaineann lena saintréithe sonrachta atá ábhartha maidir leis an riosca, más ann dó, a bhaineann léi a chinneadh.

2.   Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí amhail dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna a leanas:

(a)

aon athruithe sna bunaíochtaí a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) de mhír 1;

(b)

aon scor gníomhaíochta ag an oibreoir nó ag an mbunaíocht lena mbaineann.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibreoirí a sholáthar san iarratas ar a mbunaíocht a fhormheas i gcomhréir le mír 1 agus na teorainneacha ama faoina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 le soláthar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 97

Formheas a thabhairt agus coinníollacha maidir le bunaíochtaí a fhormheas agus gníomhartha tarmligthe

1.   Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil an formheas do bhunaíochtaí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 94(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 95 ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

comhlíonann na bunaíochtaí sin na ceanglais seo a leanas, de réir mar is iomchuí, maidir le:

(i)

coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile agus na ceanglais dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 10(1) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 10(2) á gcur san áireamh acu;

(ii)

ceanglais faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus, más ábhartha do chineál na bunaíochta lena mbaineann agus an riosca a bhaineann leis, in Airteagal 25;

(iii)

coinneáil taifead amhail dá bhforáiltear in Airteagal 102 agus Airteagal 103 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 106 agus Airteagal 107;

(b)

saoráidí agus trealamh a bheith ag an mbunaíocht ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

is leordhóthanach iad maidir le maolú go dtí leibhéal inghlactha an riosca go dtabharfar isteach agus go leathnóidh galair, agus cineál na bunaíochta lena mbaineann á chur san áireamh;

(ii)

ina bhfuil toilleadh mór go leor i dtaca le líon na n-ainmhithe talún ar coimeád nó toirt na dtáirgí geirmeacha lena mbaineann;

(c)

nach mbaineann riosca nach inghlactha leis an mbunaíocht maidir le leathadh galar, agus na bearta maolaithe riosca atá ar bun á gcur san áireamh;

(d)

go bhfuil baill foirne atá oilte go leor do ghníomhaíocht na bunaíochta lena mbaineann;

(e)

go bhfuil córas ar bun ag an mbunaíocht a chuireann ar chumas an oibreora lena mbaineann comhlíonadh phointe (a) go pointe (d) a léiriú don údarás inniúil.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(i) de mhír 1;

(b)

faireachas amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 1;

(c)

saoráidí agus trealamh amhail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(d)

freagrachtaí, inniúlacht agus sainoiliúint ball foirne agus tréidlianna amhail dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 do ghníomhaíocht bunaíochtaí táirgí geirmeacha agus bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí bailiúcháin ar chrúbacha agus ar éanlaith chlóis;

(e)

an faireachán is gá don údarás inniúil a dhéanamh ar bhunaíochtaí táirgí geirmeacha agus bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí bailiúcháin ar chrúbacha agus ar éanlaith chlóis.

3.   Agus na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear de bhun mhír 2 á suí ag an gCoimisiún, bunóidh sé na rialacha sin ar na hábhair seo a leanas:

(a)

na rioscaí a bhaineann le gach cineál bunaíochta;

(b)

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe talún ar coimeád is ábhartha don fhormheas;

(c)

an cineál táirgthe lena mbaineann;

(d)

patrúin ghluaiseachta thipiciúla de chineál na bunaíochta agus speicis agus catagóirí na n-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí sin.

Airteagal 98

Raon feidhme formheasa bunaíochtaí

Sonróidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas go sainráite san fhormheas a thabharfar do bhunaíocht de bhun Airteagal 97(1) i ndiaidh iarratas a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 94(1) nó pointe (a) d'Airteagal 95:

(a)

cé acu de na cineálacha bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 94(1), in Airteagal 95 agus sna rialacha a glacadh de bhun pointe (b) d'Airteagal 94(3) a mbaineann an formheas leo;

(b)

cé acu de na speicis agus na catagóirí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha de na speisis sin a mbaineann an formheas leo.

Airteagal 99

Nósanna imeachta maidir le formheas a dheonú ag an údarás inniúil

1.   Cuirfidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta ar bun a mbeidh ar oibreoirí iad a leanúint agus iad ag cur iarratais isteach ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 94(1), Airteagal 95 nó Airteagal 96(1).

2.   I ndiaidh dóibh iarratas ar fhormheas a fháil ó oibreoir, tabharfaidh an t-údarás inniúil cuairt ar an suíomh i gcomhréir le hAirteagal 94(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 95.

3.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil an formheas, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 97 agus i mír (1) agus i mír (2) den Airteagal seo.

4.   Nuair nach gcomhlíonann bunaíocht na ceanglais uile le haghaidh formheasa amhail dá dtagraítear in Airteagal 97, féadfaidh an t-údarás inniúil formheas coinníollach a thabhairt do bhunaíocht más léir, ar bhonn an iarratais ón oibreoir lena mbaineann agus na cuairte a tugadh ar an suíomh tar éis chur isteach an iarratais de réir amhail dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, go gcomhlíonann an bhunaíocht na príomhcheanglais uile lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha nach nach bhfuil riosca suntasach ag baint leis an mbunaíocht.

5.   I gcás inar thug an t-údarás inniúil formheas coinníollach i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, ní thabharfaidh sé formheas iomlán ach i gcás inar cosúil ar bhonn torthaí cuairte eile ar shuíomh na bunaíochta, a tugadh faoi cheann trí mhí ón dáta a tugadh formheas coinníollach, nó ar cosúil ó dhoiciméadacht a thug an t-oibreoir faoi cheann trí mhí ón dáta sin coinníollach, go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais formheasa uile dá bhforáiltear in Airteagal 97(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 97(2).

I gcás inar léir ón gcuairt ar an suíomh nó ón doiciméadacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír go ndearnadh dul chun cinn soiléir ach nach gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais sin uile fós, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an bhformheas coinníollach. Ní thabharfar tréimhse iomlán formheasa coinníollaigh atá níos faide ná sé mhí ina iomláine, áfach.

Airteagal 100

Formheas á athbhreithniú, á chur ar fionraí agus á tharraingt siar ag an údarás inniúil

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú leantach ar gach formheas ar bhunaíocht arna tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 97 agus Airteagal 99, ag eatraimh iomchuí ar bhonn an riosca lena mbaineann.

2.   I gcás ina sainaithníonn údarás inniúil easnaimh thromchúiseacha i mbunaíocht maidir leis na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 97(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 97(2) agus nach féidir le hoibreoir na bunaíochta sin ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt go ndéanfar na heasnaimh sin a dhíothú, cuirfidh an t-údarás inniúil sin nósanna imeachta ar bun chun formheas na bunaíochta sin a tharraingt siar.

Os a choinne sin, féadfaidh an t-údarás inniúil formheas na bunaíochta a chur ar fionraí seachas an fhormheas a tharaingt siar i gcás inar féidir leis an oibreoir ráthaíocht a thabhairt go réiteoidh sé na heasnaimh sin laistigh de thréimhse réasúnta.

3.   Tabharfar formheas i ndiaidh tarraingt siar nó athshlánónfar éi ndiaidh cur ar fionraí i gcomhréir le mír 2 sa chás go bhfuil an t-údarás inniúil sásta go gcomhlíonann an bhunaíocht ceanglais uile an Rialacháin seo go hiomlán, arb oiriúnach iad don chineál sin bunaíochta agus sa chás sin amháin.

Roinn 3

Cláir an údaráis inniúil

Airteagal 101

Cláir atá le coinneáil ag an údarás inniúil

1.   Bunóidh gach údarás inniúil agus coinneoidh sé cothrom le dáta cláir don méid a leanas:

(a)

na bunaíochtaí agus na hoibreoirí uile atá cláraithe leis de bhun Airteagal 93;

(b)

na bunaíochtaí uile arna bhformheas aige i gcomhréir le hAirteagal 97 agus Airteagal 99.

Cuirfidh sé na cláir dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír ar fáil don Choimisiún d'údaráis inniúla na mBallstát eile a mhéid is ábhartha do ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha díobh idir na Ballstáit.

Cuirfidh sé an clár de bhunaíochtaí formheasta amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar fáil don phobal a mhéid atá an fhaisnéis ann ábhartha do ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha díobh idir na Ballstáit.

2.   Más iomchuí agus más ábhartha, féadfaidh an t-údarás inniúil an clárú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus an formheas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur le chéile le clárú chun críoch eile.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an bhfaisnéis shonrach atá le háireamh sa chláir dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus an rochtain phoiblí ar an gclár dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1.

Roinn 4

Taifid a choinneáil

Airteagal 102

Na hoibleagáidí coinneála taifeadta atá ar oibreoirí bunaíochtaí seachas bunaíochtaí táirgí geirmeacha

1.   oibreoirí bunaíochtaí atá faoi réir cheanglas an chláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, nó faoi réir formheas i gcomhréir le hAirteagal 97(1) coinneoidh siad agus cothabhálfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

speicis, catagóirí, líon agus, i gcás inarb infheidhme, aitheantas ainmhithe talún ar coimeád in a mbunaíocht;

(b)

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach ina mbunaíocht agus amach aisti, a shonrú mar is cuí:

(i)

a n-áit tionscnaimh nó a gceann scríbe;

(ii)

dátaí gluaiseachtaí den sórt sin;

(c)

na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hainmhithe talún ar coimeád agus iad ag sroicheadh na bunaíochta nó á fágáil i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagail 112, 113(1), pointe (c) d'Airteagal 114(1), pointe (b) d'Airteagal 115, pointe (b) d'Airteagal 117, Airteagal 143(1) agus (2), Airteagal 164(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120 agus i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 141(1);

(d)

ráta báis ainmhithe talún ar coimeád in a mbunaíocht;

(e)

bearta bithshlándála, faireachas, cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis ábhartha eile atá oiriúnach don méid seo a leanas:

(i)

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe talún ar coimeád ar an mbunaíocht;

(ii)

an cineál táirgthe;

(iii)

cineál agus méid na bunaíochta;

(f)

na torthaí ar aon chuairt sláinte ainmhithe a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 25(1).

Déanfar na taifid a choinneáil agus a choimeád ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.   Bunaíochtaí a mbaineann riosca íseal leo maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1.

3.   Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí na taifid dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 ar a mbhunaíocht lena mbaineann agus:

(a)

cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil láithreach iad má iarrtar é sin orthu;

(b)

coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse atá le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith níos lú ná trí bliana.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfar oibreoirí a dhíolmhú ón oibleagáid chun taifid a choinneáil ar roinnt nó gach ceann de na hábhair dá bhforáiltear i mír 1, sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair atá rochtain ag an oibreoir lena mbaineann ar an mbunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109 do na speicis ábhartha agus i gcás ina bhfuil an fhaisnéis atá le háireamh sna taifid sa bhunachar sonraí cheana; agus

(b)

nuair atá an fhaisnéis nuashonraithe a chuirtear go díreach isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta ag an oibreoir lena mbaineann.

Airteagal 103

Oibleagáidí bunaíochtaí táirgí geirmeacha maidir le taifid a choinneáil

1.   Coinneoidh agus cothabhálfaidh oibreoirí bunaíochtaí táirgí geirmeacha ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

(a)

pór, aois, aitheantas agus stádas sláinte ainmhithe bronntacha a úsáidtear chun táirgí geirmeacha a tháirgeadh;

(b)

am agus áit bailiúcháin, agus próiseála agus stórála táirgí geirmeacha a bhailítear, a tháirgtear nó a phróiseáiltear;

(c)

aitheantas na dtáirgí geirmeacha maille le sonraí i ndáil lena gceann scríbe, más eol;

(d)

na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le táirgí geirmeacha agus iad ag sroicheadh na bunaíochta i dtrácht nó á fágáil i gcomhréir le hAirteagal 162 agus Airteagal 164(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 162(3) agus (4);

(e)

(da) i gcás inarb ábhartha, torthaí na dtástálacha cliniciúla agus saotharlainne;

(f)

teicnící saotharlainne a úsáidtear.

2.   Bunaíochtaí a mbaineann riosca íseal leo maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí táirgí geirmeacha na taifid dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 ar a mbunaíocht agus:

(a)

cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil láithreach iad má iarrtar é sin orthu;

(b)

coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse atá le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith níos lú ná trí bliana.

Airteagal 104

Taifid á gcoinneáil maidir le hoibleagáidí iompróirí

1.   Coinneoidh agus cothabhálfaidh iompróirí taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

na bunaíochtaí ar thug siad cuairt orthu;

(b)

catagóirí, speicis agus líon na n-ainmhithe talún ar coimeád, a iompraíonn siad;

(c)

ní, dífhabhtú agus dímhíolú an mhodha iompair;

(d)

sonraí na ndoiciméad a ghabhann leis na hainmhithe i dtrácht, lena n-áirítear a n-uimhir doiciméid.

Déanfar na taifid a choimeád agus a choinneáil ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.   Iompróirí a mbaineann riosca íseal leo maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1.

3.   Coinneoidh iompróirí na taifid dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2:

(a)

ar dhóigh den sórt sin lenar féidir iad a chur ar fáil láithreach don údarás inniúil arna iarraidh sin dó;

(b)

coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse a bheidh le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith níos lú ná trí bliana.

Airteagal 105

Na hoibleagáidí atá ar oibreoirí a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí bailiúcháin maidir le taifid a choinneáil

1.   Oibreoirí a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí bailiúcháin faoi réir clárú i gcomhréir le hAirteagal 93, coinneoidh siad agus cothabhálfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

speicis, catagóirí, líonta agus aitheantas na n-ainmhithe talún ar coimeád atá faoina gcúram;

(b)

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád atá faoina gcúram, a shonrú mar is cuí:

(i)

a n-áit tionscnaimh nó a gceann scríbe;

(ii)

dátaí gluaiseachtaí den sórt sin;

(c)

na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hainmhithe talún ar coimeád a tugadh faoina gcúram i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 112, pointe (b) d'Airteagal 113(1), pointe (c) d'Airteagal 114(1); pointe (b) d'Airteagal 115, pointe (b) d'Airteagal 117, Airteagal 143(1) agus (2), Airteagal 164(2) agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120 agus pointe (b) agus (c) d'Airteagal 144(1);

(d)

mortlaíocht ainmhithe talún ar coimeád atá faoina gcúram; agus

(e)

bearta bithshlándála, faireachas, cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis ábhartha eile atá oiriúnach do na speicis agus catagóirí ainmhithe ar coimeád atá faoina gcúram.

Déanfar na taifid a choimeád agus a choinneáil ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.   oibreoirí a mbaineann riosca íseal lena ngníomhaíochtaí maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1.

3.   Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a)

na taifid dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don údarás inniúil má iarrann sé é sin;

(b)

na taifid sin a choinneáil ar feadh íostréimhse atá le leagan síos ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh bheith faoi bhun trí bliana.

Airteagal 106

Cumhachtaí a tharmligean maidir le taifid a choinneáil

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha lena bhforlíontar na ceanglais choinneála taifid dá bhforáiltear in Airteagail 102,103, 104 agus 105 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

faisnéis atá le taifeadadh sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagail 102(1), 103(1), 104(1) agus 105(1);

(b)

ceanglais bhreise maidir le taifid a choinneáil ar tháirgí geirmeacha arna mbailiú, nó arna bpróiseáil i mbunaíocht táirgí geirmeacha, tar éis don bhunaíocht sin a gníomhaíochtaí a stopadh.

2.   Agus na rialacha atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear i mír 1 á socrú ag an gCoimisiún, bunóidh sé iad ar na hábhair seo a leanas:

(a)

na rioscaí atá le gach cineál bunaíochta nó gníomhaíochta;

(b)

speicis agus catagóir na n-ainmhithe talún ar coimeád nó na dtáirgí geirmeacha sa bhunaíocht lena mbaineann nó atá á n-iompar isteach sna bunaíochtaí sin nó amach astu;

(c)

cineál an táirgthe sa bhunaíocht nó cineál na gníomhaíochta;

(d)

patrúin ghluaiseachta thipiciúla agus catagóirí na n-ainmhithe lena mbaineann;

(e)

líon na n-ainmhithe talún ar coimeád nó toirt na dtáirgí geirmeacha atá faoi chúram an oibreora lena mbaineann.

Airteagal 107

Cumhachtaí cur chun feidhme i dtaca le díolúintí ó na ceanglais maidir le taifead a choinneáil

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochta agus oibreoirí a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le taifead a choinneáil dá bhforáiltear in Airteagail 102, 103, 104 agus 105 i dtaca leis an méid a leanas

(a)

bunaíochtaí a choimeádann nó oibreoirí a láimhseálann nó a iompraíonn líon beag ainmhithe talún ar coimeád nó méid beag nó líon beag táirgí geirmeacha;

(b)

speicis nó catagóirí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh ag an gCoimisiún, bunóidh sé na gníomhartha sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 106(2).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

CAIBIDIL 2

Ceanglais inrianaitheachta i gcás ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha

Roinn 1

Ainmhithe talún ar coimeád

Airteagal 108

Freagracht na mBallstát maidir le córas a chur ar bun chun ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú

1.   Beidh córas ar bun ag Ballstáit le haghaidh speiceas d'ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú, ar speicis iad a n-éilíonn an Rialachán seo agus ag aon rialacha a glacadh dá bhun córas den chineál sin a bheith ar bun lena n-aghaidh. Más cuí, forálfar le córas den sórt sin, go ndéanfar gluaiseachtaí ainmhithe den sórt sin a thaifeadadh.

2.   Agus an córas dá dtagraítear i mír 1 á chur ar bun, cuirfidh Ballstáit an méid a leanas san áireamh:

(a)

speicis nó catagóirí ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(b)

an riosca atá leis an speiceas sin nó leis an gcatagóir sin.

3.   Ar na heilimintí a bheidh sa chóras dá bhforáiltear i mír 1 beidh:

(a)

na modhanna lena sainaithneofar ainmhithe talún ar coimeád ina n-aonar nó i ngrúpaí;

(b)

doiciméid aitheantais, doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a rianú amhail dá dtagraítear in Airteagal 110;

(c)

taifid a bheidh cothrom le dáta amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 102(1);

(d)

bunachar sonraí ríomhaireachta d'ainmhithe talún ar coimeád amhail dá bhforáiltear in Airteagal 109(1).

4.   Beidh an córas dá bhforáiltear i mír 1 deartha ionas:

(a)

go n-áiritheofar go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)

go n-éascófar inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas;

(c)

go n-áiritheofar go mbeidh idir-inoibritheacht, comhtháthú agus comhoiriúnacht eilimintí an chórais sin éifeachtúil;

(d)

go n-áiritheofar go mbeidh an córas, a mhéid is cuí, oiriúnaithe do na nithe seo a leanas:

(i)

an córas faisnéise ríomhairithe le haghaidh fhógairt agus thuairisciú an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 22;

(ii)