EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32010R0911
Regulation (EU) No 911/2010 of the European Parliament and of the Council of 22 September 2010 on the European Earth monitoring programme (GMES) and its initial operations (2011 to 2013) Text with EEA relevance
Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
OJ L 276, 20.10.2010, p. 1–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 15 Volume 009 P. 236 - 245
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32014R0377
20.10.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 911/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 22 Meán Fómhair 2010
maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le linn a cruinnithe an 15 agus 16 Meitheamh 2001 in Gothenburg, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le straitéis um fhorbairt inbhuanaithe, i dtreo is go ndéanfadh beartais eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil atreisiú ar a chéile, agus chuir sí gné chomhshaoil le próiseas Liospóin. |
(2) |
Ina Rún an 21 Bealtaine 2007 maidir leis an mBeartas Eorpach Spáis (3) arna ghlacadh ag an gceathrú comhchruinniú coimhdeachtach de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Chomhairle na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis ar leibhéal aireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú Réime idir an Comhphobal Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (4) (‘an Chomhairle Spáis’), d’aithin an Chomhairle an chaoi a dhéanann gníomhaíochtaí spáis rannchuidiú le straitéis Liospóin i leith fáis agus fostaíochta, agus an chaoi a bhféadfaidís déanamh amhlaidh, trí theicneolaíochtaí agus seirbhísí cumasúcháin a chur ar fáil le haghaidh shochaí faisnéise na hEorpa atá ag teacht chun cinn, agus trí chur le comhtháthú na hEorpa, agus leag sí béim ar an gcaoi a bhfuil an spás ina ghné thábhachtach den Straitéis Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe. |
(3) |
Leis an Rún ‘An Beartas Eorpach Spáis a thabhairt ar aghaidh’ (5) an 26 Meán Fómhair 2008 a glacadh ag an gcúigiú comhchruinniú coimhdeachtach den Chomhairle Spáis, cuireadh béim ar an ngá atá le hionstraimí agus scéimeanna cistíochta leormhaithe de chuid an AE a fhorbairt, agus sainiúlachtaí na hearnála spáis á gcur san áireamh, an gá lena hiomaíochas i gcoitinne agus iomaíochas a tionscail a threisiú mar aon leis an ngá atá le struchtúr tionsclaíoch cothrom; agus ar an ngá atá le hinfheistíocht fadtéarmach iomchuí an Aontais le haghaidh taighde a bhaineann le cúrsaí spáis a cheadú mar aon le hoibríocht feidhmchlár atá inbhuanaithe agus spásbhunaithe chun leasa an Aontais agus chun leasa a saoránach, go háirithe trí scrúdú a dhéanamh ar iarmhairtí na mbeartas uile a bhaineann le cúrsaí spáis mar chuid de chreat na chéad pheirspictíochta airgeadais eile. |
(4) |
Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2008 maidir leis an mbeartas Eorpach spáis: conas an spás a thabhairt síos chun na talún (6), cuireadh béim ar an ngá atá le hionstraimí leormhaithe agus scéimeanna cistíochta leormhaithe de chuid an AE a aimsiú don Bheartas Eorpach Spáis chun go ndéanfaí an chionroinnt ó Sheachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) (‘an Seachtú Clár Réime’) a fhorlíonadh, chun go bpleanálfadh na gníomhaithe éagsúla eacnamaíocha a ngníomhaíochtaí sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus cuireadh béim sa rún sin ar a thábhachtaí agus a bheadh sé go ndéanfaí leis an gcéad chreat airgeadais eile ionstraimí agus scéimeanna cistíochta leormhaithe de chuid an AE a chur san áireamh chun infheistíocht fhadtéarmach an Aontais le haghaidh taighde a bhaineann le cúrsaí spáis a cheadú mar aon le hoibríocht feidhmchlár atá inbhuanaithe agus spásbhunaithe chun leasa an Aontais agus chun leasa a saoránach. |
(5) |
Tionscnamh um fhaireachán na Cruinne ba ea Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) a bhfuil an tAontas i gceannas air agus atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis (‘GES’). Tá sé mar phríomhchuspóir aige, faoi rialú an Aontais, seirbhísí faisnéise a sholáthar a thugann rochtain ar shonraí cruinne agus ar fhaisnéis chruinn i réimse an chomhshaoil agus na slándála agus atá saincheaptha do riachtanais úsáideoirí. Le linn dó déanamh amhlaidh, ba cheart go gcothódh GMES acmhainneacht thionsclaíoch bheartais nuálaíochta, taighde, agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr sa réimse um fhaire na Cruinne. Ba cheart go mbeadh GMES inter alia ina ghléas fíorthábhachtach chun tacú leis an mbithéagsúlacht, le bainistíocht éiceachóras leis an t-athrú aeráide a mhaolú agus le hoiriúnú chuige. |
(6) |
Chun cuspóir GMES a bhaint amach ar mhodh inbhuanaithe, is gá comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe éagsúla a bhfuil baint acu le GMES, agus an cumas seirbhíse agus faire a fhorbairt, a bhunú agus a oibriú ar bhealach ina sásófar éilimh úsáideoirí, gan dochar do na srianta slándála ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. |
(7) |
Sa chomhthéacs seo, ba cheart go gcabhródh coiste leis an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar comhordú ar rannchuidithe an Aontais, na mBallstát agus na ngníomhaireachtaí idir-rialtasacha le GMES, agus an leas is fearr á bhaint as na cumais atá ann agus bearnaí a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu ar leibhéal an Aontais á n-aimsiú. Chomh maith leis sin, ba cheart go gcabhródh sé leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhleanúnach GMES. Ba cheart go ndéanfadh sé faireachán ar fhorás bheartais agus malartú dea-chleachtais sa GMES a chumasú. |
(8) |
Ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as cur chun feidhme bheartas slándála GMES, le cabhair ón gcoiste. Chun na críche sin, ba cheart go gcuirfí ar bun cumraíocht shainiúil den choiste (an ‘Bord Slándála’). |
(9) |
Ba cheart go mbeadh GMES dírithe ar riachtanais na n-úsáideoirí, dá réir sin tá rannpháirtíocht leanúnach agus éifeachtach na n-úsáideoirí riachtanach, go háirithe maidir le sainmhíniú agus bailíochtú na riachtanas seirbhíse. Ar mhaithe le luach GMES a mhéadú d’úsáideoirí, ba cheart go ndéanfaí a n-ionchur siúd a lorg go gníomhach trí chomhairliúchán rialta le húsáideoirí deiridh ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Ba cheart, freisin, comhlacht tiomnaithe chuige sin (‘Fóram na nÚsáideoirí’) a bhunú chun go n-éascófaí riachtanais úsáideoirí a shainaithint, fíorú chomhlíonadh na seirbhíse agus comhordú GMES lena úsáideoirí san earnáil phoiblí. |
(10) |
D’fhonn réim a chur ar fáil lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain iomlán agus fhollasach ann ar fhaisnéis a tháirgeann seirbhísí GMES agus ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar GMES, agus an chosaint is gá á cur ar fáil don fhaisnéis agus do na sonraí sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) i ndáil le coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d’úsáideoirí GMES agus maidir le critéir chun rochtain ar shonraí agus ar fhaisnéis GMES a shrianadh, agus beartais sonraí agus faisnéise na soláthróirí sonraí is gá do GMES á gcur san áireamh, agus gan dochar do rialacha ná do na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir leis na bonneagair spáis agus leis na bonneagair in situ atá faoi rialú náisiúnta. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún an comhairliúchán is gá i rith a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéil na saineolaithe. |
(11) |
Ar mhaithe lena áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha ann do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar ar bhonn an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun go ndéanfaí, ar bhonn na gcoinníollacha agus na gcritéar arna mbunú leis na gníomhartha tarmligthe, bearta sonracha a ghlacadh maidir le srianadh na rochtana ar fhaisnéis a tháirgeann seirbhísí GMES agus ar shonraí a bhailítear tríd an mbonneagar atá tiomnaithe do GMES, lena n-áirítear bearta leithleacha lena ndéantar íogaireacht na faisnéise agus na sonraí atá i gceist a chur san áireamh. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun comhordú a dhéanamh ar rannchuidithe deonacha na mBallstát agus na sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann leis na tionscnaimh ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun uasráta cómhaoinithe do dheontais a leagan síos, chun bearta a ghlacadh lena leagtar síos na riachtanais theicniúla ar mhaithe le rialú agus sláine an chórais laistigh den chlár tiomnaithe d’eilimint spáis GMES a áirithiú agus chun rialú a dhéanamh ar rochtain ar theicneolaíochtaí a sholáthraíonn slándáil don chlár tiomnaithe d’eilimint spáis GMES, agus na teicneolaíochtaí sin a láimhseáil, mar aon le clár oibre bliantúil GMES a ghlacadh. De réir Airteagal 291 CFAE, leagfar síos roimh ré, trí rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Go dtí go ndéanfar an rialachán nua sin a ghlacadh, leanfaidh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7), ach amháin an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, nach infheidhme, d’fheidhm a bheith aige. |
(12) |
Ós rud é go bhfuil GMES bunaithe ar chomhpháirtíocht idir an tAontas, GES agus na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh leanúint ar aghaidh leis an idirphlé a tosaíodh le déanaí le GES agus leis na Ballstáit is úinéirí sócmhainní spáis ábhartha. |
(13) |
Tá seirbhísí GMES riachtanach chun úsáid foinsí faisnéise ag an earnáil phríobháideach a chothú ar bhonn leanúnach, rud a chuideoidh le nuálaíocht a éascú i measc soláthraithe seirbhísí, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad a lán acu, agus le breisluach a chruthú dá bharr sin. |
(14) |
Tá gníomhaíochtaí forbartha agus oibríochtaí araon i gceist le GMES. Ó thaobh oibríochtaí de, thacaigh an Chomhairle, ina tríú treoshuímh ar glacadh leo ag cruinniú na Comhairle Spáis an 28 Samhain 2005, le cur chuige céimneach maidir le cur chun feidhme GMES, ar cur chuige é atá bunaithe ar thosaíochtaí a sainaithníodh go soiléir, ag tosú le forbairt ar thrí sheirbhís mheara i réimse na práinnfhreagartha, an fhaireacháin talún agus na seirbhísí mara. |
(15) |
Cuireadh maoiniú ar fáil le haghaidh na chéad seirbhísí oibríochtúla i réimse na práinnfhreagartha agus an fhaireacháin talún mar ghníomhartha ullmhúcháin i gcomhréir le hAirteagal 49(6)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (8) (‘an Rialachán Airgeadais’). |
(16) |
Le cois na ngníomhaíochtaí forbartha arna maoiniú faoi réimse téamúil an spáis a cuireadh san áireamh sa Seachtú Clár Réime, tá gníomhaíocht de chuid an Aontais riachtanach sa tréimhse 2011-2013 chun leanúnachas a áirithiú leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus chun seirbhísí oibríochtúla a bhunú ar bhonn níos buaine i réimsí a bhfuil aibíocht theicniúil leordhóthanach acu mar aon le hacmhainn chruthaithe ó thaobh seirbhísí iartheachtacha a fhorbairt. |
(17) |
Ina Theachtaireacht an 12 Samhain 2008 dar teideal ‘Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES): cúram pláinéid níos sábháilte’, thug an Coimisiún cuntas ar an gcur chuige atá aige i leith rialachas agus maoiniú GMES agus thug sé le fios go raibh sé ar intinn aige cur chun feidhme teicniúil GMES a tharmligean chuig eintitis speisialaithe, lena n-áirítear GES i gcás eilimint spáis GMES, mar gheall ar a seasamh uathúil agus a saineolas. |
(18) |
Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an comhordú ar chur chun feidhme teicniúil na seirbhísí GMES a chur de chúram ar institiúidí inniúla an Aontais nó na hinstitiúidí idir-rialtasacha inniúla, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an an tAirmheán Eorpach um Réamhaisnéisí Aimsire Meántréimhseacha. |
(19) |
Tá seirbhísí oibríochtúla sa réimse bainistithe éigeandála agus freagartha daonnúla riachtanach chun comhordú a dhéanamh ar an gcumas atá ag an Aontas Eorpach agus ag a Bhallstáit cheana chun gurbh fhearr a bheidís ullamh do thubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine a mbíonn drochthionchar acu ar an gcomhshaol go minic freisin, chun freagairt a thabhairt ar na tubaistí sin agus chun teacht aniar ó na tubaistí sin. Ós rud é go bhféadfadh méadú a theacht ar an líon éigeandálaí de thoradh athrú aeráide, beidh GMES sár-riachtanach chun tacú le bearta oiriúnaithe don athrú aeráide. Mar sin ba cheart do sheirbhísí GMES faisnéis gheospásúil a chur ar fáil le tacú le práinnfhreagairtí agus le freagairtí daonnúla. |
(20) |
Tá seirbhísí faireachán talún tábhachtach ó thaobh faireachán bithéagsúlachta agus éiceachóras, agus tacaíonn siad le bearta maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide agus le bainistiú a dhéanamh ar réimse leathan acmhainní agus beartas, a mbaineann an chuid is mó díobh leis an timpeallacht nádúrtha: ithir, uisce, talmhaíocht, foraoiseacha, fuinneamh agus fóntais, ceantair faoi thithe, saoráidí caithimh aimsire, bonneagar agus iompar. Tá seirbhísí oibríochtúla faireachán talún riachtanach ar an leibhéal Eorpach agus ar leibhéal an domhain, agus iad forbartha i gcomhar le Ballstáit, le tríú tíortha san Eoraip, le comhpháirtithe lasmuigh den Eoraip, agus leis na Náisiúin Aontaithe. |
(21) |
Tá seirbhísí GMES i réimse an chomhshaoil muirí tábhachtach chun go dtacófaí le hacmhainn Eorpach lánpháirtithe do réamhaisnéis agus d’fhaireachán na n-aigéan agus d’Athróga Sár-riachtanacha i leith na hAeráide (ECVanna), a chuirfear ar fáil amach anseo. Is gné riachtanach iad d’fhaireachán an athraithe aeráide, d’fhaireachán an chomhshaoil mhuirí agus do thacaíocht leis an mbeartas iompair. |
(22) |
Tá seirbhísí faireachán an atmaisféir tábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar an gcaighdeán aeir, ar cheimic agus ar chomhdhéanamh an atmaisféir. Is gné riachtanach iad freisin d’fhaireachán an athraithe aeráide agus do na ECVanna a chuirfear ar fáil amach anseo. Tá gá le faisnéis maidir le staid an atmaisféir a chur ar fáil go rialta agus ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda. |
(23) |
Is cuid thábhachtach den tionscnamh GMES iad na seirbhísí slándála. Is chun leasa na hEorpa a bheidh úsáid sócmhainní spáis agus sócmhainní in situ chun tacú le cur chun feidhme na seirbhísí a fhreagraíonn do na dúshláin atá os comhair na hEorpa sa réimse slándála, go háirithe rialú ar na teorainneacha, faireachán muirí agus tacú le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. |
(24) |
Mar thoradh ar fhaireachán an athraithe aeráide, ba cheart go mbeifí in ann éifeachtaí an athraithe aeráide a oiriúnú agus a mhaolú. Ba cheart go gcuirfeadh sé go háirithe le soláthar ECVanna, le hanailís agus réamh-mheastachán a dhéanamh ar an aeráid ar scála a bhaineann le hoiriúnú agus le maolú, agus seirbhís ábhartha a chur ar fáil. |
(25) |
Braitheann soláthar seirbhísí oibríochtúla arna maoiniú faoin Rialachán seo ar rochtain ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar spáis agus trí shaoráidí san aer, ar muir agus ar talamh (‘bonneagar in situ’) agus trí chláir shuirbhéireachta. Agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú go hiomlán, ba cheart, ar an ábhar sin, a áirithiú go bhféadfar rochtain a fháil ar na sonraí is gá, agus féadfar tacaíocht a thabhairt nuair is gá é do bhailiú sonraí in situ ar bhealach a dhéanann comhlánú ar ghníomhaíochtaí an Aontais atá ann agus ar ghníomhaíochtaí náisiúnta atá ann. Ní mór a áirithiú go mbeidh an bonneagar in situ agus bonneagar faire spáis ar fáil go leanúnach, lena n-áirítear bonneagar spáis arna fhorbairt go sonrach do GMES, faoi chuimsiú chlár eilimint spáis GMES GES (‘na Fairtheoirí’). Ba cheart go dtosódh na chéad Fhairtheoirí ar a gcéim oibríochtúil thosaigh sa bhliain 2012. |
(26) |
Ba cheart don Choimisiún comhlántacht a áirithiú idir taighde a bhaineann le GMES agus gníomhaíochtaí forbartha faoin Seachtú Clár Réime, le rannchuidiú an Aontais le hoibríochtaí tosaigh GMES, le gníomhaíochtaí chomhpháirtithe GMES agus le struchtúir atá ann cheana, amhail na hIonaid Sonraí Eorpacha. |
(27) |
Ba cheart oibríochtaí tosaigh GMES a chur chun feidhme go comhsheasmhach le beartais, ionstraimí agus gníomhaíocht ábhartha eile an Aontais, go mór mór maidir le beartais comhshaoil, slándála, iomaíochais agus nuálaíochta, chomhtháite, taighde, iompair, iomaíochta agus chomhair idirnáisiúnta, leis an gclár Eorpach maidir le Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) agus le cosaint sonraí pearsanta. Ina theannta sin, ba cheart do shonraí GMES comhleanúnachas a choimeád le sonraí tagartha spásúil na mBallstát agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an bhonneagair d’fhaisnéis spásúil san Aontas a bunaíodh le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (9). Ba cheart do GMES comhlánú a dhéanamh freisin ar an gComhchóras um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS) agus ar ghníomhaíochtaí an Aontais sa réimse práinnfhreagartha. |
(28) |
Ba cheart GMES agus a oibríochtaí tosaigh a mheas mar rannchuidiú de chuid na hEorpa chun Córas Domhanda na gCóras um Fhaire na Cruinne (GEOSS) a thógáil faoi chuimsiú an Ghrúpa um Fhaire na Cruinne (GEO). |
(29) |
Tá foráil sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sna Comhaontuithe Réime maidir le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais. Ba cheart go n-osclófaí deiseanna rannpháirtíochta do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích chuige sin. |
(30) |
Leagtar síos leis an Rialachán seo, do ré uile oibríochtaí tosaigh GMES, clúdach airgeadais EUR 107 milliún arb é sin an phríomhthagairt, de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (10) (‘an Comhaontú Idirinstitiúideach’) don údarás buiséadach i rith an nós imeachta buiséadach bliantúil. Meastar go gcuirfear méid EUR 209 milliún ó théama spáis an Seachtú Clár Réime ar fáil mar chomhlánú ar an gclúdach airgeadais sin le haghaidh gníomhaíochtaí taighde a ghabhann le hoibríochtaí tosaigh GMES, ar gníomhaíochtaí iad ar cheart bainistiú a dhéanamh orthu i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta cinnteoireachta infheidhme atá sa Seachtú Clár Réime. Ba cheart an dá fhoinse cistíochta sin a bhainistiú ar shlí chomhordaithe d’fhonn dul chun cinn comhleanúnach a áirithiú i gcur chun feidhme GMES. |
(31) |
Tá an clúdach airgeadais sin ag luí leis an uasmhéid d’fho-cheannteideal 1a den chreat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) 2007-2013, ach tá an lámháil atá fágtha i bhfo-cheannteideal 1a do 2011-2013 an-bheag. Ba cheart a thabhairt chun suntais go gcinnfear an méid bhliantúil le linn an nós imeachta bliantúla buiséid, i gcomhréir le pointe 37 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. |
(32) |
Ba cheart an ciste a mhéadú tuilleadh, más féidir é, ionas gur féidir leithreasaí gealltanais a chionroinnt don eilimint spáis i rith an CAI atá ann faoi láthair. I dtéarmaí sainiúla, baineann sé seo le hoibriúchán sraith A de shatailítí Fairtheora agus an tsraith B a lainseáil, mar aon le heilimintí ríthábhachtacha le haghaidh sraith C a sholáthar. |
(33) |
Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhthéacs athbhreithnithe mheántéarmaigh an CAI atá ann faoi láthair, agus roimh dheireadh na bliana 2010, féachaint ar an bhféidearthacht tuilleadh cistithe do GMES a chur ar fáil, mar chuid de bhuiséad iomlán an Aontais i rith CAI 2007-2013. |
(34) |
Maidir le cistiú breise a chionroinnt ar an Rialachán seo, de bhreis ar an EUR 107 milliún atá cionroinnte cheana, ba cheart é a bhreithniú i gcomhthéacs an phlé ar an mbeartas Eorpach spáis amach anseo, go háirithe ar sholáthar agus ar rialachas. |
(35) |
Ba cheart don Choimisiún, freisin, straitéis maoinithe fhadtéarmach le haghaidh an CAI a bheidh ann amach anseo a thíolacadh, agus é sin a dhéanamh i rith an chéad seimeastair de 2011, gan dochar do thoradh na caibidlíochta ar CAI 2014-2020. |
(36) |
Ina phleanáil airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcothabhálfaí leanúnachas sonraí, i rith thréimhse oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013), agus tar éis dheireadh na tréimhse sin agus gur féidir na seirbhísí a úsáid gan stad agus gan srianta. |
(37) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú leis na cláir ar bhonn chomhaontuithe iomchuí. |
(38) |
Ba cheart go mbeadh faisnéis GMES inrochtana go huile agus go follasach, gan dochar do shrianta ábhartha slándála ná do bheartais sonraí na mBallstát agus eagraíochtaí eile a thugann sonraí agus faisnéis do GMES. Tá sé seo riachtanach chun úsáid agus comhroinnt sonraí agus faisnéis um fhaire na Cruinne a chur chun cinn i gcomhréir le prionsabail SEIS, INSPIRE agus GEOSS. Ba cheart go ndéanfaí, freisin, le rochtain iomlán agus fhollasach ar shonraí, an soláthar sonraí tráchtála atá ann faoi láthair a chur san áireamh agus go ndéanfaí, leis an rochtain iomlán agus fhollasach sin, margaí um fhaire na Cruinne a bheadh níos treise a chur chun cinn san Eoraip, go háirithe sna hearnálacha iartheachtacha, ar mhaithe le fás agus fostaíocht a mhéadú. |
(39) |
De réir Theachtaireacht an Choimisiúin an 28 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal ‘Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES): na Dúshláin agus na Chéad Chéimeanna Eile don Eilimint Spáis’, ba cheart go mbeadh beartas sonraí ann a bheadh inrochtana go hiomlán agus go follasach do na Fairtheoirí trí cheadúnú saor in aisce agus scéim rochtana ar líne, faoi réir na n-ábhar imní i dtaca le slándáil. Déanann cur chuige den sórt sin iarracht ar leas tairbheach sonraí Fairtheoirí a uasmhéadú don raon is leithne d’fheidhmchláir agus tá sé mar aidhm aige an méid faisnéise a mbaintear leas as a spreagadh, bunaithe ar shonraí faire na Cruinne d’úsáideoirí deiridh. |
(40) |
Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun go mbeifear in ann coigeartaithe a dhéanamh. |
(41) |
Ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh freisin le cosc a chur ar mhírialtachtaí agus ar chalaois agus ba cheart na bearta a bhfuil gá leo a dhéanamh chun cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó ar baineadh leas mícheart astu a aisghabháil, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (11) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile (12) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) (13). |
(42) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bunú GMES agus a chuid oibríochtaí tosaigh, a bhaint amach go leordhóthanach toisc go mbeidh cumas uile-Eorpach ag baint le hoibríochtaí tosaigh GMES freisin agus go mbraithfidh siad ar sheirbhísí a bheith á soláthar ar bhealach comhordaithe ar fud na mBallstát agus iad arna gcomhordú ar leibhéal an Aontais agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, go háirithe maidir le ról an Choimisiúin mar chomhordaitheoir ar ghníomhaíochtaí náisiúnta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear clár Eorpach um fhaireachán na Cruinne dá ngairtear GMES, agus na rialacha maidir lena oibríochtaí tosaigh le linn na tréimhse 2011-2013 a chur chun feidhme.
Airteagal 2
Raon feidhme GMES
1. Cuirfidh an clár GMES leis na gníomhaíochtaí taighde arna ndéanamh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) (14) agus faoi Chlár Eilimint Spáis GMES GES.
2. Cuimseoidh an clár GMES an méid seo a leanas:
(a) |
eilimint seirbhíse lena n-áiritheofar rochtain ar fhaisnéis a thacóidh leis na réimsí seo a leanas:
|
(b) |
eilimint spáis a áiritheoidh faire inbhuanaithe ón spás le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a); |
(c) |
eilimint in situ a áiritheoidh faire trí fhearais san aer, ar farraige, agus ar talamh le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a). |
Airteagal 3
Oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013)
1. Cumhdóidh oibríochtaí tosaigh GMES an tréimhse 2011-2013 agus féadfaidh siad gníomhaíochta oibríochtúla sna réimsí seo a leanas a chuimsiú:
(1) |
na réimsí seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a); |
(2) |
bearta chun tacú le húsáideoirí maidir le leas a bhaint as seirbhísí; |
(3) |
rochtain ar shonraí; |
(4) |
tacaíocht chun sonraí a bhailiú in situ; |
(5) |
eilimint spáis GMES. |
2. Tugtar sainmhíniú san Iarscríbhinn ar chuspóirí na ngníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 4
Socruithe eagraíochtúla
1. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú an chláir GMES le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe GEOSS. Beidh cur chun feidhme agus oibriú GMES bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhlíonadh a rialacha agus a nósanna imeachta faoi seach. Déanfar rannchuidithe deonacha na mBallstát, agus na sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann leis na tionscnaimh ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, a chomhordú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(5).
2. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach bainistíocht ar na cistí atá cionroinnte ar na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(4). Áiritheoidh sé go mbeidh clár GMES comhlántach agus comhsheasmhach le beartais, le hionstraimí agus le gníomhaíochtaí ábhartha eile an Aontais, go mór mór ó thaobh na gcúrsaí seo a leanas: an comhshaol, an tslándáil, iomaíochas agus nuálaíocht, comhtháthú, taighde (go háirithe gníomhaíochtaí an Seachtú Clár Réime atá nasctha le GMES, gan dochar do Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE, iompar agus iomaíocht, comhar idirnáisiúnta, na cláir Eorpacha maidir le Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS), cosaint sonraí pearsanta agus cearta maoine intleachtúla atá ann cheana, Treoir 2007/2/CE, an Comhchóras um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS) agus gníomhaíochtaí an Aontais sa réimse práinnfhreagartha.
3. Ó tharla gur clár é GMES atá dírithe ar riachtanais na n-úsáideoirí, áiritheoidh an Coimisiún go dtiocfaidh na sonraíochtaí seirbhíse le riachtanais úsáideoirí. Chuige sin, bunóidh sé sásra trédhearcach do rannpháirtíocht rialta úsáideoirí agus do chomhairliúchán rialta leo, rud a chumasóidh riachtanais úsáideoirí a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú le húsáideoirí ábhartha san earnáil phoiblí i mBallstáit, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Bunóidh an Coimisiún riachtanais sonraí seirbhíse go neamhspleách tar éis dul i gcomhairle le Fóram na nÚsáideoirí.
4. Déanfar comhordú teicniúil agus cur chun feidhme teicniúil eilimint spáis GMES a tharmligean chuig GES, agus í ag brath ar an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (EUMESTAT) nuair is gá.
5. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an comhordú ar chur chun feidhme teicniúil na seirbhísí GMES a chur de chúram ar chomhlachtaí inniúla de chuid an Aontais nó ar eagraíochtaí inniúla idir-rialtasacha.
Airteagal 5
Seachadadh seirbhíse
1. Déanfaidh an Coimisiún bearta leormhaithe chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú i soláthar seirbhísí GMES agus chun rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún an úsáid a bhaintear as aschur seirbhísí GMES a éascú chun an earnáil iartheachtach a fhorbairt.
2. Déanfar soláthar seirbhísí GMES a dhílárú, i gcás inarb iomchuí, chun fardail shonraí spáis, fardail shonraí in situ agus fardail shonraí thagartha agus acmhainní sonraí spáis, acmhainní sonraí in situ agus acmhainní sonraí tagartha atá cheana féin sna Ballstáit a lánpháirtiú ar an leibhéal Eorpach agus, leis sin, déanfar dúbláil a sheachaint. Déanfar soláthar sonraí nua a dhéanann dúbláil ar fhoinsí atá ann cheana féin a sheachaint mura rud é nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó mura rud é nach bhfuil sé cost-éifeachtach úsáid a bhaint as tacair shonraí atá ann cheana féin nó as tacair shonraí is féidir a uasghrádú.
3. Féadfaidh an Coimisiún, agus tuairim Fhóram na nÚsáideoirí á cur san áireamh aige, sainmhíniú a thabhairt ar nósanna imeachta chun táirgeadh sonraí faoi chuimsiú an chláir GMES a dheimhniú, agus bailíochtú a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin. Beidh na nósanna imeachta sin trédhearcach, infhíoraithe agus so-iniúchta chun barántúlacht, inrianaitheacht agus sláine sonraí a áirithiú don úsáideoir. Maidir lena shocruithe conartha le hoibreoirí seirbhíse GMES, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na nósanna imeachta sin chun feidhme.
4. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar thorthaí chur chun feidhme an Airteagail seo.
Airteagal 6
Foirmeacha cistithe an Aontais
1. Féadfaidh cistiú ón Aontas a bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:
(a) |
comhaontuithe tarmligin; |
(b) |
deontais; |
(c) |
conarthaí soláthair phoiblí. |
2. Déanfar fíoriomaíocht, trédhearcacht agus cóir chomhionann a áirithiú i soláthar cistithe ag an Aontas. I gcás ina bhfuil údar leis, féadfar deontais ón Aontas a sholáthar i bhfoirmeacha sonracha, lena n-áirítear comhaontuithe réime comhpháirtíochta, nó comhchistiú deontas oibriúcháin nó deontas gníomhaíochta. Ní bheidh deontais oibriúcháin do chomhlachtaí a mbeidh cuspóirí acu a bhfuil leas ginearálta na hEorpa i gceist leo faoi réir ag forálacha céimlaghdaitheachta an Rialacháin Airgeadais. I gcás deontas, socrófar an uasráta cómhaoinithe i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(4).
3. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chionroinnt cistí an Aontais ar gach uile cheann de na gníomhaíochtaí atá sonraithe in Airteagal 3(1) agus ar an bpróiseas meastóireachta agus ar thorthaí na dtairiscintí soláthair agus na gconarthaí arna dtabhairt i gcrích ar bhonn an Airteagail seo, tar éis bhronnadh na gconarthaí.
Airteagal 7
Rannpháirtíocht tríú tíortha
Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3:
(1) |
Tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar Páirtithe Conarthacha iad i gComhaontú LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gComhaontú LEE; |
(2) |
na tíortha is iarrthóirí, chomh maith leis na tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí, agus a áirítear sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais i gcomhréir leis na Comhaontuithe Réime, nó le Prótacal a ghabhann le Comhaontú Comhlachais, maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais, a tugadh chun críche leis na tíortha sin; |
(3) |
Cónaidhm na hEilvéise, tríú tíortha eile nach dtagraítear dóibh i bpointe (1) agus i bpointe (2), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na tríú tíortha sin nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE, ina leagfar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe a bhaineann lena rannpháirtíocht. |
Airteagal 8
Cistiú
1. Is é EUR 107 milliún an clúdach airgeadais a dhéanfar a chionroinnt ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
2. Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí a údarú ar bhonn bliantúil laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa CAI.
3. Féadfaidh tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cistiú breise a sholáthar don chlár GMES freisin.
Caithfear leis na cistí breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar ioncam chionroinnte, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 9
Beartas Sonraí agus Faisnéise GMES
1. Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an mbeartas sonraí agus faisnéise um ghníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chlár GMES:
(a) |
úsáid agus comhroinnt faisnéis agus sonraí GMES a chur chun cinn; |
(b) |
rochtain iomlán agus fhollasach ar fhaisnéis arna táirgeadh ag seirbhísí GMES agus ar shonraí arna mbailiú trí bhonneagar GMES, faoi réir ag comhaontuithe idirnáisiúnta, srianta slándála ábhartha agus coinníollacha ceadúnaithe, lena n-áirítear ceadúnais úsáideoirí a chlárú agus glacadh leo; |
(c) |
neartú a dhéanamh ar mhargaí um fhaire na Cruinne san Eoraip, agus san earnáil iartheachtach go háirithe, d’fhonn fás agus cruthú poist a chumasú; |
(d) |
cur le hinbhuanaitheacht agus leanúnachas maidir le soláthar sonraí agus faisnéis GMES; |
(e) |
tacú leis na comhphobail taighde, teicneolaíochta agus nuálaíochta Eorpacha. |
2. Chun foráil a dhéanamh do réim lena n-áiritheofar gnóthú chuspóir beartas faisnéis agus sonraí GMES dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus foráil á déanamh ag an am céanna don chosaint is gá ar an bhfaisnéis arna táirgeadh ag seirbhísí GMES agus ar na sonraí arna mbailiú trí bhonneagar tiomnaithe GMES, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 agus faoi réir na gcoinníollacha arna sonrú in Airteagal 11 agus in Airteagal 12, na bearta seo a leanas a ghlacadh, agus beartais sonraí agus faisnéise na soláthróirí sonraí atá riachtanach do GMES á gcur san áireamh, agus gan dochar do rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta atá infheidhme maidir le bonneagair spáis agus le bonneagair in situ atá faoi rialú náisiúnta:
(a) |
bearta lena mbunaítear coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d’úsáideoirí GMES; |
(b) |
bearta lena ndéantar sainmhíniú ar na critéir chun rochtain a shrianadh ar fhaisnéis a tháirgeann seirbhísí GMES agus chun rochtain a shrianadh ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar tiomnaithe GMES. |
Airteagal 10
An tarmligean a fheidhmiú
1. Maidir leis na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go dtí an 31 Nollaig 2013.
2. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.
3. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
Airteagal 11
Cúlghairm an tarmligin
1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tráth ar bith tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a chúlghairm.
2. Féachfaidh an institiúid atá tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta ama sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na fáthanna a d’fhéadfadh a bheith le cúlghairm.
3. Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí arna sonrú sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 12
Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe
1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.
Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí.
2. Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.
Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin más rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé beartaithe acu agóidí a dhéanamh.
3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.
Airteagal 13
Bearta cur chun feidhme maidir le beartas sonraí agus faisnéise agusmaidir le rialachas ar shlándáil eilimintí agus faisnéis GMES
1. Ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 9(2), glacfaidh an Coimisiún bearta sonracha i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3), chun rochtain ar fhaisnéis arna táirgeadh ag seirbhísí GMES agus ar shonraí arna mbailiú trí bhonneagar tiomnaithe GMES a shrianadh.
2. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú foriomlán i ndáil le slándáil eilimintí agus seirbhísí GMES, agus an gá atá le maoirseacht agus le lánpháirtiú cheanglais slándála a eilimintí uile á chur san áireamh, gan dochar do rialacha náisiúnta ná do nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le bonneagair spáis agus le bonneagair in situ atá faoi rialú náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh, go háirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3), lena leagtar síos na ceanglais theicniúla d’fhonn rialú agus sláine an chórais faoi chuimsiú an chláir tiomnaithe d’eilimint spáis GMES a áirithiú agus d’fhonn rialú a dhéanamh ar rochtain ar theicneolaíochtaí a sholáthraíonn an tslándáil don chlár tiomnaithe d’eilimint spáis GMES, agus ar láimhseáil na dteicneolaíochtaí sin.
Airteagal 14
Faireachán agus meastóireacht
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
2. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún faoin 31 Nollaig 2012, agus déanfaidh sé tuarascáil mheastóireachta ex-post a thíolacadh dóibh chomh maith faoin 31 Nollaig 2015.
Airteagal 15
Bearta cur chun feidhme
1. Déanfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil a ghlacadh de bhun Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 90 agus Airteagal 166 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (15) i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) den Rialachán seo.
2. Féadfar, leis an gcionroinnt airgeadais ar an gclár GMES costais a chlúdach maidir le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta atá ag teastáil go díreach chun bainistíocht a dhéanamh ar an gclár GMES agus chun cuspóirí an chláir a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilsithe, i dteannta leis na costais eile go léir maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a fhéadfaidh an Coimisiún a thabhú as an gclár GMES a bhainistiú.
Airteagal 16
Coiste GMES
1. Tabharfaidh coiste (an ‘Coiste GMES’) cúnamh don Choimisiún.
2. Féadfaidh an Coiste GMES teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna nithiúla go háirithe iad siúd a bhaineann le slándáil (an ‘Bord Slándála’).
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.
5. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 17
Fóram na nÚsáideoirí
1. Bunaítear leis seo Fóram na nÚsáideoirí mar chomhlacht tiomnaithe. Cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le sainmhíniú a thabhairt ar riachtanas úsáideoirí agus bailíochtú a dhéanamh ar na riachtanais sin, agus maidir le comhordú clár GMES lena úsáideoirí san earnáil phoiblí.
2. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar Fhóram na nÚsáideoirí. Is éard a bheidh ann úsáideoirí ó earnáil phoiblí GMES ann arna gceapadh ag na Ballstáit.
3. Soláthróidh an Coimisiún Rúnaíocht Fhóram na nÚsáideoirí.
4. Glacfaidh Fóram na nÚsáideoirí a rialacha nós imeachta.
5. Coinneofar an Coiste GMES go hiomlán ar an eolas maidir le comhairle Fhóram na nÚsáideoirí i dtaca le cur chun feidhme chlár GMES.
Airteagal 18
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1. Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus trí mhéideanna a íocadh gan iad a bheith dlite a aisghabháil agus, má bhraitear mírialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.
2. I gcás ghníomhaíochtaí an Aontais arna maoiniú faoin Rialachán seo, ciallóidh coincheap na mírialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de dhlí de chuid an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach ag éirí as gníomh nó neamhghníomh ag oibreoir eacnamaíochta, arb é an éifeacht atá leis dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh trí chaiteachas gan chúis, nó arbh é an éifeacht a bheadh leis déanamh amhlaidh.
3. Déanfar foráil, le comhaontuithe a éireoidh as an Rialachán seo, lena n-áirítear comhaontuithe a thabharfar i gcrích le tríú tíortha rannpháirteacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, do mhaoirseacht agus do rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a bheidh údaraithe aige, agus d’iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí ar an láthair más gá.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Meán Fómhair 2010.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle,
An tUachtarán
O. CHASTEL
(1) Tuairim an 20 Eanáir 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010.
(3) IO C 136, 20.6.2007, lch. 1.
(4) IO L 261, 6.8.2004, lch. 64.
(5) IO C 268, 23.10.2008, lch. 1.
(6) IO C 16 E, 22.1.2010, lch. 57.
(7) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(8) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
(9) IO L 108, 25.4.2007, lch. 1.
(10) IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.
(11) IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.
(12) IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.
(13) IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
CUSPÓIRÍ OIBRÍOCHTAÍ TOSAIGH GMES (2011-2013)
Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) leis na cuspóirí seo a leanas:
(1) |
áireofar le seirbhísí práinnfhreagartha, arna mbunú ar ghníomhaíochtaí reatha san Eoraip, go gcuirfear sonraí um fhaire na Cruinne agus táirgí díorthaithe ar fáil chun leasa na gníomhairí práinnfhreagartha ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach maidir le cineálacha éagsúla tubaistí, lena n-áirítear guaiseacha meitéareolaíocha (lena n-áirítear stoirmeacha, dóiteáin agus tuilte), guaiseacha geoifisiceacha (lena n-áirítear creathanna talún, súnámaithe, brúchtaí bolcánacha agus sciorrthaí talún), tubaistí de dhéanamh an duine a tharla d’aon turas nó trí thimpiste agus tubaistí daonnúla eile. Ós rud é go bhféadfadh méadú a theacht ar líon na n-éigeandálaí de thoradh athrú aeráide, beidh práinnfhreagairt GMES sár-riachtanach ó thaobh tacú le hoiriúnú don athrú aeráide sa réimse seo mar chuid de na gníomhaíochtaí coiscthe, ulllmhaithe, freagartha agus téarnaimh san Eoraip; |
(2) |
áireofar le seirbhísí faireachán talún go gcuirfear sonraí um fhaire na Cruinne agus táirgí díorthaithe ar fáil chun leasa na n-údarás Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta atá freagrach as faireachán comhshaoil, ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal áitiúil, ar bhithéagsúlacht, ar ithir, ar uisce, ar fhoraoiseacha agus ar acmhainní náisiúnta, agus i gcur chun feidhme ginearálta beartas i leith an chomhshaoil, bailiú faisnéise geografaí, na talmhaíochta, an fhuinnimh, na pleanála uirbí, an bhonneagair agus an iompair. Áireofar le seirbhísí faireacháin talún faireachán ar athróga maidir le hathrú aeráide; |
(3) |
cuirfear, le seirbhísí faireachán mara, faisnéis ar fáil maidir le staid éiceachóras fisiceach aigéin agus mara do limistéar an aigéin domhanda agus do na limistéir réigiúnacha Eorpacha. Áirítear ar réimsí chur i bhfeidhm sheirbhísí mara GMES sábháilteacht mhuirí, an comhshaol mara agus réigiúin chósta, acmhainní mara chomh maith le réamhaisnéis mheitéareolaíoch shéasúrach agus faireachán aeráide; |
(4) |
áireofar le seirbhísí comhshaoil atmaisféir faireachán ar chaighdeán an aeir ar scála Eorpach agus comhdhéanamh ceimiceach an atmaisféir ar scála domhanda. Cuirfidh sé faisnéis ar fáil, go háirithe, maidir le córais faireacháin do chaighdeán aeir ó scálaí áitiúla go scálaí náisiúnta agus ba chóir go gcuirfeadh sé le faireachán ar athróga aeráide ceimice atmaisféaraí; |
(5) |
cuirfidh seirbhísí slándála faisnéis úsáideach ar fáil a thacóidh leis na dúshláin atá os comhair na hEorpa i réimse na slándála, go háirithe le rialú ar theorainneacha, le faireachas muirí agus le tacaíocht do ghníomhaíochtaí seachtracha an AE; |
(6) |
ceadófar le faireachán an athrú aeráide go ndéanfar éifeachtaí an athruithe aeráide a oiriúnú agus a mhaolú. Ba cheart go gcuirfeadh sé go háirithe le ECVanna a chur ar fáil, le hanailísí agus réamh-mheastacháin a dhéanamh ar an aeráid ar scála atá ábhartha maidir le hoiriúnú agus le maolú, agus seirbhís ábhartha a chur ar fáil; |
(7) |
áiritheofar le bearta le tacú le húsáideoirí leas a bhaint as seirbhísí cur chun feidhme comhéadan teicniúil arna gcur in oiriúint do thimpeallacht shonrach an úsáideora, d’oiliúint, do chumarsáid agus d’fhorbairt ar an earnáil iartheachtach; |
(8) |
áireofar le rochtain ar shonraí go mbaileofar sonraí um fhaire na Cruinne as raon leathan de mhisin Eorpacha agus cineálacha eile bonneagair faire, agus go gcuirfear ar fáil iad chun cuspóirí GMES a bhaint amach; |
(9) |
áireofar leis an eilimint in situ comhordú ar bhailiú in situ sonraí agus rochtain in situ ar shonraí do sheirbhísí GMES; |
(10) |
áireofar le hoibríochtaí tosaigh GMES oibríochtaí agus forbairt eilimint spáis GMES, arb é atá ann bonneagar um fhaire na Cruinne a iompraítear sa spás agus arb í an aidhm atá léi faire ar fhochórais na Cruinne (lena n-áirítear dromchlaí talún, an t-atmaisféar agus aigéin). Tarraingeoidh oibríochtaí tosaigh GMES ar bhonneagar spáis náisiúnta agus Eorpach atá ann cheana nó atá beartaithe, agus ar bhonneagar spáis arna fhorbairt i gClár Eilimint Spáis GMES. |