EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0450

Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe)

OJ L 145, 4.6.2008, p. 1–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 02 Volume 002 P. 245 - 308

No longer in force, Date of end of validity: 29/10/2013; Arna aisghairm le 32013R0952

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/450/oj

4.6.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 450/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2008

lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 26, 95, 133 agus 135 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is ar chomhaontas custaim atá an Comhphobal bunaithe. Tá sé inmholta, chun leas oibreoirí eacnamaíocha agus chun leas na n-údarás custaim sa Chomhphobal, go gcruinneofaí an reachtaíocht reatha chustaim i gCód Custaim an Chomhphobail (dá ngairfear ‘an Cód’ anseo feasta). Bunaithe ar choincheap margaidh inmheánaigh, ba cheart go mbeadh na rialacha agus na nósanna imeachta ginearálta sa Chód a áirithíonn cur chun feidhme na mbeart taraife agus na mbeart eile comhbheartais a thugtar isteach ar leibhéal an Chomhphobail i dtaca le trádáil in earraí idir an Comhphobal agus tíortha agus críocha lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail, agus riachtanais na gcomhbheartas sin á gcur san áireamh. Ba cheart an reachtaíocht chustaim a ailíniú níos fearr leis na forálacha a bhaineann le bailiú muirear ar allmhairí, gan athrú a dhéanamh ar raon feidhme na bhforálacha cánach atá i bhfeidhm.

(2)

I gcomhréir leis an gCumarsáid ón gCoimisiún a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail agus leis an bPlean Gníomhaíochta do 2004-2005, is cuí go ndéanfaí an creat dlíthiúil a oiriúnú chun leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint.

(3)

Bhí Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail (3) bunaithe ar chomhtháthú a dhéanamh ar na nósanna imeachta custaim a bhí á gcur i bhfeidhm go leithleach sna Ballstáit faoi seach i rith na 1980í. Rinneadh leasuithe substainteacha arís agus arís eile ar an Rialachán sin ó tugadh isteach é, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha ar nós meon macánta a chosaint nó ceanglais slándála a chur san áireamh. Is gá breis leasuithe a dhéanamh ar an gCód de bharr na n-athruithe tábhachtacha dlíthiúla a tharla le blianta beaga anuas, ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon, ar nós dul in éag an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus teacht i bhfeidhm Ionstraim Aontachais 2003 agus Ionstraim Aontachais 2005, mar aon leis an Leasú ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le nósanna imeachta custam a shimpliú agus a chomhchuibhiú (dá ngairfear ‘Coinbhinsiún athbhreithnithe Kyoto’ anseo feasta), a ndearnadh aontachas an Aontais leis a fhormheas le Cinneadh 2003/231/CE ón gComhairle an 17 Márta 2003 (4). Is mithid anois nósanna imeachta custaim a shruthlíniú agus a chur san áireamh gur dearbhuithe leictreonacha agus próiseáil leictreonach is gnách anois agus gur eisceacht iad dearbhuithe páipéarbhunaithe agus próiseáil pháipéarbhunaithe. Ar na hábhair sin uile ní leor leasú breise ar an gCód atá ann agus is gá é a athrú ó thús deireadh.

(4)

Is cuí creat dlíthiúil a thabhairt isteach sa Chód chun forálacha áirithe den reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm ar thrádáil in earraí idir na codanna den chríoch custaim ina bhfuil feidhm ag forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (5) agus na codanna den chríoch sin nach bhfuil feidhm ag na forálacha sin iontu, nó ar thrádáil idir chodanna nach bhfuil feidhm ag na forálacha sin iontu. Má áirítear gur earraí Comhphobail na hearraí atá i gceist agus cineál fioscach na mbeart atá i gceist sa trádáil seo laistigh den Chomhphobal, tá bonn cirt faoi shimplithe iomchuí a thabhairt isteach, trí bhearta cur chun feidhme, ar na foirmiúlachtaí custaim atá le cur i bhfeidhm ar na hearraí sin.

(5)

Tá gá le nósanna imeachta custaim agus próisis custaim atá simplí, tapa agus caighdeánach chun trádáil dhlisteanach agus an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú. Is cuí mar sin, i gcomhréir leis an gCumarsáid ón gCoimisiún maidir le timpeallacht shimplí gan pháipéar i ndáil le custaim agus le trádáil, reachtaíocht chustaim a shimpliú chun uirlisí nua-aimseartha agus teicneolaíocht nua-aimseartha a cheadú agus breis oibre a dhéanamh chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta custaim agus cuir chuige nuachóirithe i leith an rialaithe custaim a chur chun cinn tuilleadh, ag cuidiú ar an dóigh sin le bonn a áirithiú do nósanna imeachta imréitigh atá simplí agus éifeachtach. Ba cheart nósanna imeachta custaim a chumasc nó a ailíniú agus líon na nósanna imeachta a laghdú go dtí na nósanna imeachta a bhfuil bunús leo ó thaobh na heacnamaíochta de d’fhonn iomaíocht gnó a threisiú.

(6)

De bhrí go bhfuil an margadh inmheánach tugtha chun críche agus na bacainní ar thrádáil agus ar infheistíocht idirnáisiúnta laghdaithe agus gur mó ná riamh an gá atá le slándáil agus sábháilteacht ag teorainneacha seachtracha an Chomhphobail a áirithiú, tá athrú iomlán tagtha ar ról na n-údarás custaim, rud a fhágann go bhfuil siad ar thús cadhnaíochta laistigh den slabhra soláthair agus ina spreagadh d’iomaíochas tíortha agus cuideachtaí i leith monatóireachta agus bainistíochta trádála idirnáisiúnta. Ba cheart mar sin go léireodh an reachtaíocht chustaim cúrsaí eacnamaíochta mar atá agus ról nua agus misean nua na n-údarás custaim.

(7)

Tá úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, mar a leagtar amach sa Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le glacadh amach anseo maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus trádáil í, ina heochairghné le héascú trádála a áirithiú agus, san am céanna, le héifeachtúlacht rialuithe custaim a áirithiú, ag laghdú, dá bharr sin, ar chostais ghnó agus ar an riosca don tsochaí. Is gá dá bhrí sin an creat dlíthiúil faoinar féidir an Cinneadh sin a chur chun feidhme a bhunú sa Chód, go háirithe an prionsabal dlí go ndéanfar na bearta trádála agus na bearta custaim uile a láimhseáil go leictreonach agus go gcuirfidh na córais faisnéise agus cumarsáide d’oibreoirí custaim na háiseanna céanna ar fáil i ngach Ballstát d’oibreoirí eacnamaíocha.

(8)

Ba cheart, in éineacht le húsáid sin na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, go mbeadh na Ballstáit ag cur rialuithe custaim i bhfeidhm go comhchuibhithe agus go caighdeánach, chun leibhéal comhionann rialaithe custaim ar fud an Chomhphobail a áirithiú chun nach spreagfaí iompraíocht fhrithiomaíoch ag pointí iontrála nó ag pointí fágála éagsúla an Chomhphobail.

(9)

Ar mhaithe le gnó a éascú, agus chun foráil ag an am céanna do na leibhéil chuí maidir le rialú earraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó a thugtar amach aisti, is inmhianaithe go ndéanfaí an fhaisnéis a chuireann oibreoirí custaim ar fáil a roinnt idir údaráis custaim agus le gníomhaireachtaí eile atá bainteach leis an rialú sin, amhail póilíní, gardaí teorann, údaráis tréidliachta agus údaráis chomhshaoil, agus na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí á gcur san áireamh, agus go ndéanfaí comhchuibhiú ar rialuithe na n-údarás éagsúil, ionas nár ghá don oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis a thabhairt ach an t-aon uair amháin agus go rialódh na húdaráis sin earraí an tráth céanna agus san áit chéanna.

(10)

Ar mhaithe le cineálacha áirithe gnó a éascú, ba cheart go leanfadh sé de bheith de cheart ag gach aon duine ionadaí a ainmniú agus é ag déileáil leis na húdaráis custaim. Níor cheart, áfach, go bhféadfaí an ceart ionadaíochta sin a fhorchoimeád a thuilleadh faoi dhlí ar leag ceann de na Ballstáit síos é. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh ionadaí custaim a chomhlíonann na critéir maidir le stádas oibreora eacnamaíoch a dheonú i dteideal a sheirbhísí sin a sholáthar i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe.

(11)

Ba cheart go mbeadh oibreoirí eacnamaíocha atá comhlíontach agus iontaofa in ann, mar ‘oibreoirí eacnamaíocha údaraithe’, an buntáiste is fearr a bhaint as úsáid fhorleathan an tsimplithe agus, na gnéithe slándála agus sábháilteachta á gcur san áireamh, ba cheart go mbeadh siad in ann leas a bhaint as leibhéil laghdaithe rialaithe custaim. Féadfaidh siad dá réir sin tairbhe a bhaint as stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ nó as stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe ‘slándála agus sábháilteachta’. Féadfar ceann amháin nó ceann eile de na stádais sin a dheonú dóibh nó an dá stádas le chéile.

(12)

Ba cheart go bhfolódh na rialacha céanna na cinntí uile, is é sin le rá, gníomhartha oifigiúla na n-údarás custaim a bhaineann le reachtaíocht chustaim agus a bhfuil éifeacht dhlíthiúil acu i leith duine amháin nó níos mó ná duine amháin, lena n-áirítear faisnéis cheangailteach a eiseoidh na húdaráis sin. Ba cheart go mbeadh cinntí den sórt sin bailí ar fud an Chomhphobail agus ba cheart go bhféadfaí iad a neamhniú, a leasú mura bhforáiltear a mhalairt, nó a chúlghairm i gcás nach mbeidís ag luí leis an reachtaíocht chustaim nó lena léiriú.

(13)

De réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, is gá, de bhreis ar an gceart achomharc a dhéanamh i leith aon chinnidh a ghlacann na húdaráis custaim, a fhoráil go mbeidh sé de cheart ag gach duine éisteacht a fháil sula ndéanfar aon chinneadh a dhéanfadh dochar dó.

(14)

Éilíonn sruthlíniú nósanna imeachta laistigh de thimpeallacht leictreonach go roinnfidh údaráis custaim de chuid Ballstát éagsúil na freagrachtaí. Is gá leibhéal cuí pionós éifeachtúil, athchomhairleach agus comhréireach ar fud an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(15)

Ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí forleathana rialaithe d’údaráis custaim agus ceart achomhairc d’oibreoirí eacnamaíocha chun cóimheá a dhaingniú idir an gá atá ag údaráis custaim cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta custaim a áirithiú, ar láimh amháin, agus an ceart atá ag oibreoirí eacnamaíocha go gcuirfí cóir chothrom orthu ar an láimh eile.

(16)

Ba cheart go mbeadh feidhmiú comhchuibhithe na rialuithe custaim ag na Ballstáit bunaithe ar chreat comhchoiteann bainistíochta riosca agus ar chóras leictreonach lena chur chun feidhme d’fhonn an riosca don Chomhphobal, dá shaoránaigh agus dá chomhpháirtithe trádála a íoslaghdú. Níor cheart go gcuirfeadh bunú creata bainistíochta riosca a bheidh coiteann do na Ballstáit uile cosc orthu earraí a rialú trí sheiceálacha amasacha.

(17)

Is gá na tosca a shuíomh ar ar a mbonn a dhéantar dleachtanna ar onnmhairí agus dleachtanna ar allmhairí agus bearta eile a bhaineann le trádáil earraí a chur i bhfeidhm. Is cuí freisin forálacha soiléire a leagan síos i dtaca le heisiúint cruthúnas tionscnaimh sa Chomhphobal, nuair a bheidh gá leis sin de bharr riachtanas trádála.

(18)

Tá sé inmhianaithe go gcruinneofaí na cásanna uile ina dtabhófar fiach custaim ar allmhairiú seachas cásanna ina gcuirtear isteach dearbhú custaim do scaoileadh i saorchúrsaíocht nó do ligean isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach, chun deacrachtaí a sheachaint agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an mbonn dlíthiúil ar ar tabhaíodh an fiach custaim. Ba cheart go mbeidh feidhm ag an méid sin i gcásanna ina dtabhófar fiach custaim ar onnmhairithe freisin.

(19)

Ós rud é go gciallaíonn ról nua na n-údarás custaim go mbeidh oifigí custaim teorann agus oifigí custaim inmheánacha ag roinnt freagrachtaí agus ag comhoibriú, ba cheart, i bhformhór na gcásanna, go dtabhófaí an fiach custaim san áit a bhfuil an féichiúnaí bunaithe toisc gurb é an t-oifigeach custaim is inniúil san áit sin is fearr is féidir maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an duine atá i gceist.

(20)

Ina theannta sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún athbhreithnithe Kyoto, is cuí foráil do líon laghdaithe cásanna ina bhfuil gá le comhoibriú riaracháin idir na Ballstáit chun an áit ar tabhaíodh an fiach custaim a shuíomh agus chun na dleachtanna a aisghabháil.

(21)

Ba cheart go gceadódh na rialacha do na nósanna imeachta speisialta úsáid ráthaíochta aonair le haghaidh gach catagóire nósanna imeachta speisialta a bheadh cuimsitheach agus a fholódh líon áirithe beart.

(22)

Chun cosaint níos fearr a áirithiú do leasanna airgeadais an Chomhphobail agus na mBallstát, ba cheart go bhfolófaí le ráthaíocht earraí neamhdhearbhaithe nó earraí a dearbhaíodh go mícheart ar cuid de choinsíneacht iad nó a áirítear i ndearbhú ar soláthraíodh ina leith í. Ar an gcúis chéanna, ba cheart go bhfolódh gealltanas an ráthóra freisin méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bheidh le híoc i ndiaidh rialuithe iarscaoilte.

(23)

Chun leasanna airgeadais an Chomhphobail agus na mBallstát a chumhdach agus chun srian a chur le cleachtais chalaoiseacha, is inmholta go mbeadh socruithe ann ina mbeadh bearta grádaithe le haghaidh ráthaíocht chuimsitheach a chur i bhfeidhm. I gcás inar mó an riosca calaoise ba cheart go bhféadfaí cur i bhfeidhm na ráthaíochta cuimsithí a thoirmeasc go sealadach, agus staid shonrach na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann á cur san áireamh.

(24)

Is cuí meon macánta an duine lena mbaineann a chur san áireamh i gcásanna ina dtabhófar fiach custaim trí neamhchomhlíonadh na reachtaíochta custaim agus chun tionchar fhaillí an fhéichiúnaí a íoslaghdú.

(25)

Is gá an prionsabal a leagan síos ar dá réir a chinnfear stádas earraí Comhphobail agus na cúinsí a bhaineann le cailliúint an stádais sin, agus is gá bonn a chur ar fáil chun cinneadh cén uair a fhanann an stádas sin gan athrú i gcásanna ina bhfágfaidh earraí críoch custaim an Chomhphobail go sealadach.

(26)

Is cuí, i gcás ina gcuirfidh oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis ar fáil roimh ré atá riachtanach le haghaidh rialuithe rioscabhunaithe chun a chinneadh an bhféadfar cead isteach a thabhairt do na hearraí, a áirithiú gurb é an riail an tráth sin luathscaoileadh na n-earraí. Is í an oifig custaim atá inniúil maidir le háitreabh an oibreora eacnamaíoch go príomha ba cheart na rialuithe fioscacha agus na rialuithe beartais trádála a chur i bhfeidhm.

(27)

Ba cheart na rialacha a bhaineann le dearbhuithe custaim agus le hearraí a chur faoi réir nós imeachta custaim a nuachóiriú agus a shruthlíniú, go háirithe trína cheangal gur ar bhonn leictreonach a dhéanfaí dearbhuithe custaim de ghnáth agus trí gan foráil ach d’aon chineál dearbhaithe shimplithe amháin.

(28)

Tar éis gurbh é rogha Choinbhinsiún athbhreithnithe Kyoto taisceadh, clárú agus seiceáil an dearbhaithe custaim a dhéanamh roimh theacht na n-earraí agus, chomh maith leis sin, an áit ina dtaisctear an dearbhú a dhícheangal ón áit a bhfuil na hearraí lonnaithe go fisiciúil, is cuí foráil a dhéanamh d’imréiteach lárnaithe san áit a bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch bunaithe. Ba cheart go gcuimseodh imréiteach lárnaithe áis le haghaidh úsáide dearbhuithe simplithe, cur siar an dáta a gcuirtear isteach dearbhú críochnaithe agus doiciméid a éilítear, dearbhú tréimhsiúil agus cur siar na híocaíochta.

(29)

Chun rannchuidiú le coinníollacha neodracha iomaíochta a áirithiú ar fud an Chomhphobail, is cuí rialacha a leagan síos ar leibhéal an Chomhphobail lena rialófar díothú earraí nó diúscairt eile earraí ag na húdaráis custaim, nithe ar theastaigh reachtaíocht náisiúnta roimhe seo lena ndéanamh.

(30)

Is cuí rialacha coiteanna simplí a leagan síos le haghaidh na nósanna imeachta speisialta (idirthuras, stóráil, úsáid shonrach agus próiseáil), a fhorlíonfar le sraith bheag rialacha le haghaidh gach catagóire nós imeachta speisialta, chun gur furasta don oibreoir an nós imeachta ceart a roghnú, chun earráidí a sheachaint agus chun líon na n-aisghabhálacha iarscaoilte agus na n-aisíocaíochtaí iarscaoilte a laghdú.

(31)

Ba cheart an bealach a réiteach chun údaruithe a dheonú le haghaidh roinnt nósanna imeachta speisialta a mbeadh oifig custaim maoirseachta amháin agus ráthaíocht amháin ag gabháil leo agus ba cheart go mbeadh rialacha simplí ann maidir le fiach custaim a thabhú sna cásanna sin. Ba cheart gurbh é an bunphrionsabal gur tráth a dtabhaítear an fiach custaim a dhéanfaí measúnú ar na hearraí atá curtha faoi réir nós imeachta speisialta, nó ar na táirgí atá déanta astu. Ar a shon sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta freisin, i gcás ina mbeidh bonn eacnamaíoch leis, measúnú a dhéanamh ar na hearraí tráth ar cuireadh faoi réir nós imeachta speisialta iad. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na prionsabail chéanna maidir leis na gnáthfhoirmeacha láimhseála.

(32)

I bhfianaise na mbeart breise a bhaineann le slándáil a cuireadh isteach sa Chód faoi Rialachán (CE) Uimh. 648/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2005 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 lena mbunaítear an Cód Custaim Comhphobail (6), ba cheart nós imeachta custaim a dhéanamh d’earraí a chur isteach i saorchriosanna agus ba cheart go mbeadh na hearraí faoi réir rialuithe custaim ar theacht isteach dóibh agus i dtaca le taifid.

(33)

Ós rud é nach gá níos mó é a bheith de rún athonnmhairiú a dhéanamh, ba cheart an nós imeachta fionraí próiseála isteach a chumasc leis an bpróiseáil faoi rialú custaim agus ba cheart éirí as an nós imeachta aistarraingte dleachta próiseála isteach. Ba cheart an díothú a chumhdach leis an nós imeachta próiseála isteach aonair sin freisin ach amháin nuair is é an custam a dhéanann an díothú nó nuair is faoina stiúir a dhéantar é.

(34)

Ba cheart go mbeadh feidhm freisin maidir le hathonnmhairiú earraí neamh-Chomhphobail ag bearta a bhaineann le slándáil i leith earraí Comhphobail a thugtar amach as críoch custaim an Chomhphobail. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na bunrialacha céanna maidir le gach cineál earra, cé is moite d’eisceachtaí i gcás inar gá, ar nós earraí nach bhfuil ach ar idirthuras trí chríoch custaim an Chomhphobail.

(35)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(36)

Is iomchuí a fhoráil go nglacfaí bearta chun an Cód seo a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta bainistíochta agus rialúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 de Chinneadh 1999/468/CE.

(37)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha agus na critéir is gá a shainiú chun an Cód seo a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(38)

Is iomchuí, chun próiseas cinnteoireachta éifeachtúil a áirithiú, go scrúdófaí ceisteanna a bhaineann le hullmhú an tseasaimh a ghlacfaidh an Comhphobal i gcoistí, i meithleacha oibre agus i bpainéil a bhunaítear le comhaontuithe idirnáisiúnta nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a phléann leis an reachtaíocht chustaim.

(39)

Chun an reachtaíocht chustaim a shimpliú agus a chuíchóiriú, rinneadh roinnt forálacha atá faoi láthair ina gcuid de ghníomhartha uathrialacha Comhphobail a ionchorprú sa Chód ar mhaithe leis an trédhearcacht.

Ba cheart mar sin go n-aisghairfí na Rialacháin a leanas, mar aon le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92:

Rialachán (CEE) Uimh. 3925/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le díchur rialuithe agus foirmiúlachtaí is infheidhme maidir le bagáiste cábáin agus boilg de chuid daoine atá ar eitilt laistigh den Chomhphobal agus bagáiste de chuid daoine ar thuras farraige laistigh den Chomhphobal (8) agus Rialachán (CE) Uimh. 1207/2001 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2001 maidir le nósanna imeachta chun eisiúint nó déanamh amach cruthúnas tionscnaimh sa Chomhphobal agus eisiúint údaruithe onnmhaireora ceadaithe áirithe faoi na forálacha a rialaíonn an trádáil fhabhrach idir an Comhphobal agus tíortha áirithe a éascú (9).

(40)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos is infheidhme maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó a thugtar amach aisti ionas go bhféadfaidh an tAontas Custaim feidhmiú go héifeachtúil mar cholún lárnach sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

AN CLÁR

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL 1

Raon feidhme na reachtaíochta custaim, misean custaim agus sainmhínithe

CAIBIDIL 2

Cearta agus oibleagáidí daoine i dtaca leis an reachtaíocht chustaim

Roinn 1

Faisnéis a chur ar fáil

Roinn 2

Ionadaíocht chustaim

Roinn 3

Oibreoir eacnamaíoch údaraithe

Roinn 4

Cinntí a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm

Roinn 5

Pionóis

Roinn 6

Achomhairc

Roinn 7

Rialú earraí

Roinn 8

Coinneáil doiciméad agus faisnéise eile; muirir agus costais

CAIBIDIL 3

Comhshó airgeadra agus teorainneacha ama

TEIDEAL II

TOSCA AR AR A mBONN A CHUIRTEAR I bhFEIDHM DLEACHTANNA AR ALLMHAIRÍ AGUS AR ONNMHAIRÍ AGUS BEARTA EILE I nDÁIL LE TRÁDÁIL IN EARRAÍ

CAIBIDIL 1

Comhtharaif custaim agus rangú earraí de réir taraife

CAIBIDIL 2

Tionscnamh earraí

Roinn 1

Tionscnamh neamhfhabhrach

Roinn 2

Tionscnamh fabhrach

CAIBIDIL 3

Luach earraí chun críocha custaim

TEIDEAL III

FIACH CUSTAIM AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ

CAIBIDIL 1

Fiach custaim a thabhú

Roinn 1

Fiach custaim i dtaca le hallmhairiú

Roinn 2

Fiach custaim i dtaca le honnmhairiú

Roinn 3

Forálacha is coiteann d'fhiacha custaim a thabhaítear i dtaca le hallmhairiú agus le honnmhairiú

CAIBIDIL 2

Ráthaíocht i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann

CAIBIDIL 3

Aisghabháil agus íocaíocht dleachta agus aisíocaíocht agus loghadh mhéid na dleachta ar allmhairí agus ar onnmhairí

Roinn 1

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a chinneadh, fógra a thabhairt faoin bhfiach custaim agus iontráil sna cuntais

Roinn 2

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íoc

Roinn 3

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc agus a loghadh

CAIBIDIL 4

Fiach custaim a mhúchadh

TEIDEAL IV

EARRAÍ A THUGTAR ISTEACH I GCRÍOCH CUSTAIM AN CHOMHPHOBAIL

CAIBIDIL 1

Dearbhú iontrála achomair

CAIBIDIL 2

Teacht earraí

Roinn 1

Earraí a theacht isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail

Roinn 2

Tíolacadh, díluchtú agus iniúchadh earraí

Roinn 3

Foirmiúlachtaí tar éis tíolactha

Roinn 4

Earraí a ghluaistear faoi nós imeachta idirthurais

TEIDEAL V

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE STÁDAS CUSTAIM, EARRAÍ A CHUR FAOI NÓS IMEACHTA CUSTAIM, FÍORÚ, SCAOILEADH AGUS DIÚSCAIRT EARRAÍ

CAIBIDIL 1

Stádas custaim earraí

CAIBIDIL 2

Earraí a chur faoi nós imeachta custaim

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Roinn 2

Dearbhuithe caighdeánacha custaim

Roinn 3

Dearbhuithe custaim simplithe

Roinn 4

Forálacha is infheidhme maidir le gach dearbhú custaim

Roinn 5

Simplithe eile

CAIBIDIL 3

Fíorú agus scaoileadh earraí

Roinn 1

Fíorú

Roinn 2

Scaoileadh

CAIBIDIL 4

Diúscairt earraí

TEIDEAL VI

SCAOILEADH I SAORCHÚRSAÍOCHT AGUS FAOISEAMH Ó DHLEACHTANNA AR ALLMHAIRÍ

CAIBIDIL 1

Scaoileadh i saorchúrsaíocht

CAIBIDIL 2

Faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí

Roinn 1

Earraí a thugtar ar ais

Roinn 2

Iascaireacht mhara agus táirgí a thógtar ón bhfarraige

Roinn 3

Bearta cur chun feidhme

TEIDEAL VII

NÓSANNA IMEACHTA SPEISIALTA

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

CAIBIDIL 2

Idirthuras

Roinn 1

Idirthuras seachtrach agus idirthuras inmheánach

Roinn 2

Idirthuras Comhphobail

CAIBIDIL 3

Stóráil

Roinn 1

Forálacha coiteanna

Roinn 2

Stóráil shealadach

Roinn 3

Stórasú custaim

Roinn 4

Saorchriosanna

CAIBIDIL 4

Úsáid shonrach

Roinn 1

Cead isteach sealadach

Roinn 2

Úsáid dheiridh

CAIBIDIL 5

Próiseáil

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Roinn 2

Próiseáil isteach

Roinn 3

Próiseáil amach

TEIDEAL VIII

EARRAÍ A IMEOIDH AS CRÍOCH CUSTAIM AN CHOMHPHOBAIL

CAIBIDIL 1

Earraí a fhágfaidh críoch custaim an chomhphobail

CAIBIDIL 2

Onnmhairiú agus athonnmhairiú

CAIBIDIL 3

Faoiseamh ó dhleachtanna ar onnmhairí

TEIDEAL IX

AN COISTE UM AN gCÓD CUSTAIM AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL 1

An coiste um an gCód custaim

CAIBIDIL 2

Forálacha críochnaitheacha

IARSCRÍBHINN

TÁBLAÍ COMHGHAOIL

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL 1

Raon feidhme na reachtaíochta custaim, misean custaim agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Cód Custaim an Chomhphobail, dá ngairfear ‘an Cód’ anseo feasta, ina leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta ginearálta is infheidhme maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó a thugtar amach aisti.

Gan dochar don dlí idirnáisiúnta, do choinbhinsiúin idirnáisiúnta ná don reachtaíocht Chomhphobail i réimsí eile, beidh feidhm go haonfhoirmeach ag an gCód ar fud chríoch custaim an Chomhphobail.

2.   Féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha áirithe den reachtaíocht chustaim lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail faoi chuimsiú na reachtaíochta lena rialaítear réimsí sonracha nó faoi chuimsiú coinbhinsiún idirnáisiúnta.

3.   Beidh feidhm ag forálacha áirithe den reachtaíocht chustaim, lena n-áirítear na simplithe dá bhforáiltear léi, maidir leis an trádáil in earraí idir chodanna de chríoch custaim an Chomhphobail ina bhfuil feidhm ag forálacha Threoir 2006/112/CE agus codanna den chríoch sin nach bhfuil feidhm ag na forálacha sin iontu, nó maidir le trádáil idir chodanna den chríoch sin nach bhfuil feidhm ag na forálacha sin iontu.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus foirmiúlachtaí simplithe dá gcur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4). Cuirfear san áireamh chomh maith sna bearta sin na cúinsí ar leith a bhaineann le trádáil in earraí nach bhfuil ach Ballstát amháin i gceist léi.

Airteagal 2

Misean údarás custaim

Beidh údaráis custaim freagrach go príomha as maoirseacht a dhéanamh ar thrádáil idirnáisiúnta an Chomhphobail, ag rannchuidiú dá bharr sin le trádáil chothrom agus oscailte, le cur chun feidhme na ngnéithe seachtracha den mhargadh inmheánach, an chomhbheartais trádála agus na gcomhbheartas Comhphobail eile a bhaineann le trádáil, agus freisin le slándáil an tslabhra sholáthair tríd is tríd. Cuirfidh na húdaráis custaim bearta i bhfeidhm a bheidh dírithe go sonrach ar na nithe seo a leanas:

(a)

leasanna airgeadais an Chomhphobail agus a Bhallstát a chosaint;

(b)

an Comhphobal a chosaint ar thrádáil éagórach mhídhleathach, agus tacaíocht á tabhairt do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó;

(c)

slándáil agus sábháilteacht an Chomhphobail agus a chuid chónaitheoirí a áirithiú, agus an comhshaol a chaomhnú, i ndlúthchomhar le húdaráis eile, i gcás inarb iomchuí;

(d)

cothromaíocht chuí a choinneáil idir rialuithe custaim agus éascú na trádála dlisteanaí.

Airteagal 3

Críoch custaim

1.   Is éard é críoch custaim an Chomhphobail na críocha seo a leanas, lena n-áirítear a n-uiscí teorann, a n-uiscí inmheánacha agus a n-aerspás:

críoch Ríocht na Beilge,

críoch Phoblacht na Bulgáire,

críoch Phoblacht na Seice,

críoch Ríocht na Danmhairge, cé is moite d’Oileáin Fharó agus den Ghraonlainn,

críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, cé is moite d’Oileán Heligoland agus de chríoch Buesingen (Conradh an 23 Samhain 1964 idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Cónaidhm na hEilvéise),

críoch Phoblacht na hEastóine,

críoch na hÉireann,

críoch na Poblachta Heilléanaí,

críoch Ríocht na Spáinne, cé is moite de Ceuta agus de Melilla,

críoch Phoblacht na Fraince, cé is moite den Nua-Chaladóin, de Mayotte, de Saint-Pierre agus Miquelon, d’Oileáin Vailíse agus Futúna, de Pholainéis na Fraince agus de Chríoch Theas na Fraince agus de Chríoch na Fraince san Antartach,

críoch Phoblacht na hIodáile, cé is moite de bhardasachtaí Livigno agus Campione d’Italia agus na huiscí náisiúnta sin de Loch Lugano atá idir an bruach agus teorainn pholaitiúil an limistéir idir Ponte Tresa agus Porto Ceresio,

críoch Phoblacht na Cipire, i gcomhréir le forálacha Ionstraim Aontachais 2003,

críoch Phoblacht na Laitvia,

críoch Phoblacht na Liotuáine,

críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg,

críoch Phoblacht na hUngáire,

críoch Mhálta,

críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip,

críoch Phoblacht na hOstaire,

críoch Phoblacht na Polainne,

críoch Phoblacht na Portaingéile;

críoch na Rómáine,

críoch Phoblacht na Slóivéine,

críoch Phoblacht na Slóvaice,

críoch Phoblacht na Fionlainne,

críoch Ríocht na Sualainne,

críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann.

2.   Measfar gur cuid de chríoch custaim an Chomhphobail na críocha a leanas, lena n-áirítear a n-uiscí teorann, a n-uiscí inmheánacha agus a n-aerspás, atá suite taobh amuigh de chríoch na mBallstát, agus na coinbhinsiúin agus na conarthaí is infheidhme maidir leo á gcur san áireamh:

(a)

AN FHRAINC

Críoch Mhonacó mar a shainmhítear í sa Choinbhinsiún Custaim a síníodh i bPáras an 18 Bealtaine 1963 (Journal officiel de la République française) (Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince) an 27 Meán Fómhair 1963, lch. 8679);

(b)

AN CHIPIR

Críoch Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe mar a shainmhínítear iad sa Chonradh maidir le Bunú Phoblacht na Cipire, a síníodh sa Niocóis an 16 Lúnasa 1960 (Sraith Chonarthaí na Ríochta Aontaithe Uimh. 4 (1961) Cmnd. 1252).

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Chóid, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘údaráis custaim’ riaracháin custaim na mBallstát atá freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim agus aon údaráis eile a dtugtar de chumhacht dóibh faoin dlí náisiúnta reachtaíocht áirithe chustaim a chur i bhfeidhm;

2.

ciallaíonn ‘an reachtaíocht chustaim’ corpas reachtaíochta atá comhdhéanta de na nithe seo leanas:

(a)

an Cód agus na forálacha arna nglacadh ar leibhhéal an Chomhphobail agus, i gcás inarb iomchuí, ag an leibhéal náisiúnta, lena chur chun feidhme;

(b)

an Chomhtharaif Custaim;

(c)

an reachtaíocht lena mbunaítear córas díolúintí Comhphobail ó dhleachtanna custaim;

(d)

comhaontuithe idirnáisiúnta ina bhfuil forálacha custaim, a mhéid atá siad infheidhme sa Chomhphobal;

3.

ciallaíonn ‘rialuithe custaim’ gníomhartha sainiúla a dhéanann údaráis custaim chun a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chustaim agus an reachtaíocht eile i bhfeidhm i gceart, lena rialaítear tabhairt isteach earraí, tabhairt amach earraí, idirthuras earraí, aistriú earraí, stóráil earraí agus úsáid deiridh earraí a ghluaistear idir críoch custaim an Chomhphobail agus críocha eile, agus láithreacht agus gluaiseacht earraí neamh-Chomhphobail taobh istigh den chríoch custaim agus earraí a chuirtear faoin nós imeachta um úsáid deiridh;

4.

ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Chomhphobail nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;

5.

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ duine a ghabhann, le linn a ghnó, do ghníomhaíochtaí a fholaítear faoin reachtaíocht chustaim;

6.

ciallaíonn ‘ionadaí custaim’ aon duine a cheapfaidh duine eile chun na gníomhartha agus na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoin reachtaíocht chustaim a dhéanamh, agus é ag plé le húdaráis custaim;

7.

ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh teagmhas i dtaca le teacht isteach, le himeacht amach, le hidirthuras, le haistriú nó le húsáid deiridh earraí a ghluaistear idir críoch custaim an Chomhphobal agus tíortha nó críocha lasmuigh den chríoch sin agus le láithreacht earraí nach bhfuil stádas Chomhphobail acu, a mbeadh aon cheann de na torthaí seo a leanas ina thoradh air:

(a)

chuirfeadh sé cosc ar chur i bhfeidhm ceart beart Comhphobail nó beart náisiúnta;

(b)

chuirfeadh sé as do leasanna airgeadais an Chomhphobail agus a chuid Ballstát;

(c)

bheadh sé ina bhagairt do shlándáil agus do shábháilteacht an Chomhphobail agus a chuid cónaitheoirí, do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do shláinte plandaí, don chomhshaol nó do thomhaltóirí;

8.

ciallaíonn ‘foirmiúlachtaí custaim’ na hoibríochtaí uile nach mór do na daoine lena mbaineann agus do na húdaráis custaim a chur i gcrích le go gcomhlíonfar an reachtaíocht chustaim;

9.

ciallaíonn ‘dearbhú achomair’ (dearbhú iontrála achomair agus dearbhú imeachta achomair) an gníomh trína gcuireann duine in iúl do na húdaráis custaim, roimh an teagmhas nó tráth an teagmhais, san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh atá forordaithe, go bhfuil earraí le tabhairt isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó amach aisti;

10.

ciallaíonn ‘dearbhú custaim’ an gníomh trína gcuireann duine a mhian in iúl, san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh forordaithe, earraí a chur faoi nós imeachta custaim áirithe, maille le sonraí, más iomchuí, faoi cibé socruithe faoi leith a bheidh le cur i bhfeidhm;

11.

ciallaíonn ‘dearbhóir’ an duine a thaisceann dearbhú achomair nó fógra athonnmhairithe nó a dhéanann dearbhú custaim ina ainm féin nó an duine a ndéantar dearbhú den sórt sin ina ainm;

12.

ciallaíonn ‘nós imeachta custaim’ aon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas faoina bhféadfar earraí a chur i gcomhréir leis an gCód seo:

(a)

scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(b)

nósanna imeachta speisialta;

(c)

onnmhairiú;

13.

ciallaíonn ‘fiach custaim’ an oibleagáid atá ar dhuine an dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann le hearraí sonracha a íoc faoin reachtaíocht chustaim atá i bhfeidhm;

14.

ciallaíonn ‘féichiúnaí’ aon duine a dhlíonn fiach custaim a íoc;

15.

ciallaíonn ‘dleachtanna ar allmhairí’ dleachtanna custaim is iníoctha ar allmhairiú earraí;

16.

ciallaíonn ‘dleachtanna ar onnmhairí’ dleachtanna custaim atá iníoctha ar onnmhairiú earraí;

17.

ciallaíonn ‘stádas custaim’ stádas earraí mar earraí Comhphobail nó mar earraí neamh-Chomhphobail;

18.

ciallaíonn ‘earraí Comhphobail’ earraí a thagann faoi aon cheann de na catagóirí a leanas:

(a)

earraí a fhaightear go hiomlán i gcríoch custaim an Chomhphobail agus nach n-ionchorpraítear iontu earraí a allmhairítear ó thíortha nó ó chríocha lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail. Ní bheidh stádas earraí Comhphobail ag earraí a fhaightear go hiomlán i gcríoch custaim an Chomhphobail má fhaightear iad ó earraí a cuireadh faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, faoi nós imeachta stórála, faoin nós imeachta um chead isteach sealadach nó faoin nós imeachta próiseála isteach, i gcásanna a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 101(2)(a);

(b)

earraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail as tíortha nó as críocha lasmuigh den chríoch sin agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht;

(c)

earraí a fhaightear nó a tháirgtear i gcríoch custaim an Chomhphobail ó earraí dá dtagraítear i bpointe (b), agus uathusan amháin, nó ó earraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

19.

ciallaíonn ‘earraí neamh-Chomhphobail’ earraí seachas na hearraí dá dtagraítear i bpointe (18) nó earraí a bhfuil a stádas custaim mar earraí Comhphobail caillte acu;

20.

ciallaíonn ‘bainistíocht riosca’ riosca a aithint go córasach agus cur i bhfeidhm na mbeart uile is gá chun nochtadh do riosca a laghdú. Folaítear leis sin gníomhaíochtaí amhail bailiú sonraí agus faisnéise, anailís agus measúnú a dhéanamh ar riosca, gníomh a leagan síos agus a dhéanamh, agus monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar an bpróiseas agus ar thorthaí an phróisis sin, bunaithe ar fhoinsí agus ar straitéisí idirnáisiúnta, Comhphobail agus náisiúnta;

21.

ciallaíonn ‘scaoileadh earraí’ an gníomh trína gcuireann na húdaráis custaim earraí ar fáil chun na gcríoch a shonraítear don nós imeachta custaim faoina gcuirtear iad;

22.

ciallaíonn ‘maoirseacht chustaim’ gníomh a dhéanann na húdaráis custaim go ginearálta d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht chustaim agus, i gcás inarb iomchuí, forálacha eile is infheidhme maidir le hearraí atá faoi réir gnímh den sórt sin;

23.

ciallaíonn ‘aisíocaíocht’ aisíoc aon dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íocadh;

24.

ciallaíonn ‘loghadh’ tarscaoileadh na hoibleagáide dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí nach bhfuil íoctha a íoc;

25.

ciallaíonn ‘táirgí próiseáilte’ earraí a chuirtear faoi nós imeachta próiseála agus a bhfuil oibríochtaí próiseála déanta orthu;

26.

ciallaíonn ‘duine atá bunaithe i gcríoch custaim an Chomhphobail’:

(a)

i gcás duine nádúrtha, aon duine a bhfuil gnáthchónaí air i gcríoch custaim an Chomhphobail;

(b)

i gcás duine dhlítheanaigh nó comhlachais daoine, aon duine a bhfuil a oifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó aige i gcríoch custaim an Chomhphobail;

27.

ciallaíonn ‘tíolacadh earraí don chustam’ fógra a thabhairt d’údaráis custaim go bhfuil earraí tagtha go dtí an oifig custaim nó go dtí aon áit eile a ainmníonn nó a fhormheasann na húdaráis custaim agus go bhfuil na hearraí sin ar fáil le haghaidh rialuithe custaim;

28.

ciallaíonn ‘sealbhóir na n-earraí’ an duine arb é úinéir na n-earraí é nó an duine a bhfuil ceart comhchosúil diúscartha aige ina leith nó a bhfuil smacht fisiciúil aige orthu;

29.

ciallaíonn ‘sealbhóir an nós imeachta’ an duine a dhéanann an dearbhú custaim, nó an duine a ndéantar an dearbhú custaim thar a cheann, nó an duine ar aistríodh cearta agus oibleagáidí an duine sin i dtaca le nós imeachta custaim dó;

30.

ciallaíonn ‘bearta beartais tráchtála’ bearta neamhtharaife a bhunaítear, mar chuid den chomhbheartas tráchtála, i bhfoirm forálacha Comhphobail lena rialaítear an trádáil idirnáisiúnta in earraí;

31.

ciallaíonn ‘oibríochtaí próiseála’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

earraí a oibriú, lena n-áirítear earraí a thógáil nó a chóimeáil nó a fheistiú le hearraí eile;

(b)

earraí a phróiseáil;

(c)

earraí a dhíothú;

(d)

earraí a dheisiú, lena n-áirítear earraí a athchóiriú agus ord a chur orthu;

(e)

úsáid earraí nach bhfuil le fáil sna táirgí próiseáilte, ach a cheadaíonn nó a éascaíonn táirgeadh na dtáirgí sin fiú má ídítear go hiomlán nó go páirteach iad le linn na próiseála (gabhálais táirgthe);

32.

ciallaíonn ‘ráta toraidh’ méad nó céatadán na dtáirgí próiseáilte a fhaightear de bharr próiseáil a déanamh ar mhéid áirithe earraí a chuirtear faoi nós imeachta próiseála;

33.

ciallaíonn ‘teachtaireacht’ cumarsáid i bhformáid fhorordaithe ina bhfuil na sonraí a tharchuirtear ó dhuine amháin, ó oifig amháin nó ó údarás amháin chuig duine eile, chuig oifig eile nó chuig údarás eile ag úsáid theicneolaíocht faisnéise agus gréasán ríomhairí.

CAIBIDIL 2

Cearta agus oibleagáidí daoine i dtaca leis an reachtaíocht chustaim

Roinn 1

Faisnéis a chur ar fáil

Airteagal 5

Sonraí a mhalartú agus a stóráil

1.   Is trí úsáid a bhaint as teicnící leictreonacha próiseála sonraí a dhéanfar na malartuithe go léir ar shonraí, ar dhoiciméid a ghabhann leo, ar chinntí agus ar fhógraí idir údaráis custaim agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis custaim a éilítear faoin reachtaíocht chustaim, agus an stóráil a éilítear i dtaca le sonraí den sórt sin faoin reachtaíocht chustaim.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos eisceachtaí ón gcéad fhomhír, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Sainmhíneofar leis na bearta sin na cásanna ina bhféadfar, agus na coinníollacha faoina bhféadfar, úsáid a bhaint as idirbhearta páipéir nó idirbhearta eile seachas malartú leictreonach sonraí, agus na nithe seo a leanas, go háirithe, á gcur san áireamh:

(a)

go bhféadfadh sé go gclisfeadh córais ríomhairithe na n-údarás custaim go sealadach;

(b)

go bhféadfadh sé go gclisfeadh córais ríomhairithe an oibreora eacnamaíoch go sealadach;

(c)

coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta lena bhforáiltear d’úsáid doiciméad páipéir;

(d)

taistealaithe gan rochtain dhíreach ar chórais ríomhairithe ná aon mhodh chun faisnéis leictreonach a chur ar fáil;

(e)

riachtanais phraiticiúla chun dearbhuithe a dhéanamh ó bhéal nó trí aon ghníomh eile.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt go sonrach sa reachtaíocht chustaim, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na teachtaireachtaí a bheidh le malartú idir oifigí custaim, faoi mar a éileofar chun an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm;

(b)

tacar comhchoiteann agus formáid chomhchoiteann na dteachtaireachtaí a bheidh le malartú faoin reachtaíocht chustaim.

Beidh sna sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír na sonraí is gá le haghaidh anailíse riosca agus cur i bhfeidhm ceart rialuithe custaim ina mbainfear úsáid, i gcás inarb iomchuí, as caighdeáin idirnáisiúnta agus as cleachtais tráchtála.

Airteagal 6

Cosaint sonraí

1.   Gach faisnéis atá faoi rún óna chineál nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda nó a fhaigheann na húdaráis custaim agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ach amháin mar a fhoráiltear faoi Airteagal 26(2), ní nochtfaidh na húdaráis inniúla faisnéis den sórt sin gan chead sainráite an duine nó an údaráis a chuir ar fáil í.

Féadfar faisnéis den sórt sin a nochtadh, áfach, gan chead i gcás ina mbeidh na húdaráis custaim faoi oibleagáid déanamh amhlaidh, nó ina n-údarófar dóibh déanamh amhlaidh de bhun na bhforálacha atá i bhfeidhm, go háirithe i dtaca le cosaint sonraí nó i dtaca le himeachtaí dlí.

2.   Ní cheadófar sonraí faoi rún a chur in iúl d’údaráis custaim nó d’údaráis inniúla eile de chuid tíortha nó de chuid críocha lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail ach amháin faoi chuimsiú comhaontais idirnáisiúnta lena n-áiritheofar leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí.

3.   Déanfar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl agus na forálacha cosanta sonraí a bheidh i bhfeidhm á gcomhlíonadh go hiomlán.

Airteagal 7

Malartú faisnéise breise idir údaráis custaim agus oibreoirí eacnamaíocha

1.   Féadfaidh údaráis custaim agus oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis nach n-éileofar go sonrach faoin reachtaíocht chustaim a mhalartú, go háirithe chun críche comhair fhrithpháirtigh i dtaca le riosca a aithint agus le gníomhú ina aghaidh. Féadfaidh an malartú sin tarlú faoi chomhaontú i scríbhinn agus féadfar a áireamh ann rochtain ag na húdaráis custaim ar chórais ríomhaire oibreoirí eacnamaíocha.

2.   Aon fhaisnéis a chuirfidh comhpháirtí amháin ar fáil don chomhpháirtí eile le linn an chomhair dá dtagraítear i mír 1, beidh sí faoi rún ach amháin má chomhaontaíonn an dá pháirtí a mhalairt.

Airteagal 8

Faisnéis á cur ar fáil ag na húdaráis custaim

1.   Féadfaidh duine ar bith faisnéis a iarraidh ar na húdaráis custaim maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhiúltú i gcás nach mbainfidh sí le gníomhaíocht a bheartófar iarbhír i leith trádála idirnáisiúnta in earraí.

2.   Coiméadfaidh údaráis custaim agallamh go tráthrialta le hoibreoirí eacnamaíocha agus le húdaráis eile a bheidh bainteach leis an trádáil idirnáisiúnta in earraí. Cuirfidh siad an trédhearcacht chun cinn tríd féachaint chuige go mbeidh an reachtaíocht chustaim, rialuithe ginearálta riaracháin agus foirmeacha iarratais ar fáil gan bhac, saor in aisce i gcás inar féidir, agus tríd an Idirlíon.

Airteagal 9

Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis custaim

1.   Duine ar bith a ghabhann go díreach nó go hindíreach d’fhoirmiúlachtaí custaim nó rialuithe custaim a thabhairt chun críche, déanfaidh sé, ar iarratas ó na húdaráis custaim agus laistigh d’aon teorainn ama a shonrófar, na doiciméid agus an fhaisnéis uile a éileofar a chur ar fáil do na húdaráis, i bhfoirm iomchuí, mar aon leis an gcúnamh uile is gá chun na foirmiúlachtaí nó na rialuithe sin a chur i gcrích.

2.   Má thaisceann duine dearbhú achomair nó dearbhú custaim, nó fógra, nó má chuireann duine iarratas isteach ar údarú nó ar aon chinneadh eile, beidh an duine lena mbaineann freagrach as na nithe seo a leanas:

(a)

cruinneas agus comhláine na faisnéise atá curtha ar fáil sa dearbhú, san fhógra nó san iarratas;

(b)

barántúlacht aon doiciméad a taisceadh nó a cuireadh ar fáil;

(c)

i gcás inarb infheidhme, comhlíonadh na n-oibleagáidí uile a bhaineann leis na hearraí a bheidh i gceist a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann nó le seoladh na n-oibríochtaí údaraithe.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le haon fhaisnéis a chur ar fáil in aon fhoirm eile a éileoidh na húdaráis custaim nó a thabharfar dóibh.

I gcás ina ndéanfaidh ionadaí custaim an duine lena mbaineann an dearbhú nó an fógra a thaisceadh, an t-iarratas a chur isteach nó faisnéis a chur ar fáil, beidh an t-ionadaí custaim faoi cheangal na n-oibleagáidí a leagtar amach sa chéad fhomhír freisin.

Airteagal 10

Córais leictreonacha

1.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiúin d’fhonn córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú idir oifigí custaim agus chun clárú comhchoiteann agus cothabháil chomhchoiteann a dhéanamh ar thaifid a bhaineann go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(a)

oibreoirí eacnamaíocha a bheidh bainteach go díreach nó go hindíreach le foirmiúlachtaí custaim a thabhairt chun críche;

(b)

iarratais agus údaruithe a bhaineann le nós imeachta custaim nó le stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe;

(c)

iarratais a dheonófar, agus cinntí speisialta a dhéanfar, i gcomhréir le hAirteagal 20;

(d)

bainistíocht chomhchoiteann riosca, dá dtagraítear in Airteagal 25.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

foirm chaighdeánach agus ábhar caighdeánach na sonraí atá le clárú;

(b)

cothabháil na sonraí sin, ag údaráis custaim na mBallstát;

(c)

na rialacha maidir le rochtain ar na sonraí sin ag:

(i)

oibreoirí eacnamaíocha;

(ii)

agus ag údaráis inniúla eile,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 2

Ionadaíocht chustaim

Airteagal 11

Ionadaí custaim

1.   Féadfaidh duine ar bith ionadaí custaim a ainmniú.

Féadfaidh ionadaíocht den sórt sin a bheith díreach, agus sa chás sin feidhmeoidh an t-ionadaí in ainm agus thar ceann duine eile, nó féadfaidh sí a bheith indíreach agus sa chás sin feidhmeoidh an t-ionadaí custaim ina ainm féin ach thar ceann duine eile.

Beidh ionadaí custaim bunaithe laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, na coinníollacha a shainiú faoinar féidir le hionadaí custaim seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe. Gan dochar do chur i bhfeidhm critéar nach bhfuil chomh dian sin ag an mBallstát lena mbaineann, áfach, beidh ionadaí custaim a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 14 i dteideal na seirbhísí sin a sholáthar i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe.

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

na coinníollacha faoinar féidir an ceanglas dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1 a tharscaoileadh;

(b)

na coinníollacha faoinar féidir an teidlíocht dá dtagraítear i mír 2 a bhronnadh agus a chruthú;

(c)

aon bhearta breise chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 12

Cumhachtú

1.   Agus é ag plé leis na húdaráis custaim, sonróidh an t-ionadaí go bhfuil sé ag gníomhú thar ceann an duine a bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta air agus sonróidh sé cé acu an bhfuil an ionadaíocht díreach nó indíreach.

Duine a mhainneoidh a shonrú go bhfuil sé ag gníomhú mar ionadaí custaim nó a shonróidh go bhfuil sé ag gníomhú mar ionadaí custaim gan a bheith cumhachtaithe déanamh amhlaidh, measfar go bhfuil sé ag gníomhú ina ainm féin agus thar a cheann féin.

2.   Féadfaidh na húdaráis custaim a chur de cheangal ar dhuine ar bith a dhearbhóidh go bhfuil sé ag gníomhú mar ionadaí custaim fianaise a chur ar fáil faoina chumhachtú ón duine a bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta air.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, ina leagtar síos maoluithe ar an gcéad fhomhír, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 3

Oibreoir eacnamaíoch údaraithe

Airteagal 13

Feidhmiú agus údarú

1.   Oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe i gcríoch custaim an Chomhphobail agus a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14 agus in Airteagal 15, féadfaidh sé stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a iarraidh.

Deonóidh na húdaráis custaim an stádas sin, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile, más gá, agus beidh an stádas sin faoi réir monatóireachta leanúnaí.

2.   Beidh dhá chineál údaraithe i gceist le stádas oibreora eacnamaíoch: údarú oibreora eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ agus údarú oibreora eacnamaíoch údaraithe ‘slándála agus sábháilteachta’.

Cuirfidh an chéad chineál údaraithe ar chumas oibreoirí eacnamaíocha tairbhe a bhaint as simplithe áirithe i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim. Faoin dara cineál údaraithe beidh an sealbhóir i dteideal éascuithe a bhaineann le slándáil agus le sábháilteacht.

Féadfar an dá chineál údaraithe a shealbhú an tráth céanna.

3.   Aithneoidh na húdaráis custaim sna Ballstáit uile, faoi réir Airteagal 14 agus Airteagal 15, stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe, gan dochar do rialuithe custaim.

4.   Ar bhonn stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe a aithint, agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le cineál sonrach simplithe dá bhforáiltear sa reachtaíocht chustaim, údaróidh údaráis custaim don oibreoir tairbhiú den simpliú sin.

5.   Féadfar an stádas mar oibreoir eacnamaíoch údaraithe a chur ar fionraí nó a chúlghairm i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos de bhun Airteagal 15(1)(g).

6.   Tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch údaraithe fógra do na húdaráis custaim faoi na tosca uile a eascróidh i ndiaidh dheonú an stádais sin, ar tosca iad a fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leanúint leis an stádas nó ar a inneachar.

Airteagal 14

Deonú stádais

Is iad seo a leanas na critéir chun stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú:

(a)

taifead ar chomhlíonadh na gceanglas custaim agus cánach;

(b)

córas sásúil chun bainistíocht a dhéanamh ar thaifid tráchtála agus, i gcás inarb iomchuí, ar thaifid iompair a cheadaíonn rialuithe iomchuí custaim;

(c)

sócmhainneacht chruthaithe;

(d)

de bhun Airteagal 13(2), i gcásanna inar mian leis an oibreoir eacnamaíoch údaraithe tairbhe a bhaint as na simplithe dá bhforáiltear i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim, caighdeáin phraiticiúla inniúlachta nó cáilíochtaí gairmiúla a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht a dhéantar;

(e)

de bhun Airteagal 13(2), i gcásanna inar mian leis an oibreoir eacnamaíoch údaraithe tairbhe a bhaint as éascuithe maidir le rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus le sábháilteacht, caighdeáin iomchuí slándála agus sábháilteachta.

Airteagal 15

Bearta cur chun feidhme

1.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú;

(b)

na cásanna ina ndéanfar athbhreithniú ar stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe;

(c)

údaraithe a dheonú chun go mbainfeadh oibreoirí eacnamaíocha údaraithe úsáid as simplithe;

(d)

sainaithint an údaráis custaim is inniúil chun stádas agus údaruithe den sórt sin a dheonú;

(e)

cineál agus méid na n-éascuithe a fhéadfar a dheonú d’oibreoirí eacnamaíocha údaraithe i dtaca le rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus le sábháilteacht;

(f)

dul i gcomhairle le húdaráis custaim eile agus faisnéis a chur ar fáil dóibh;

(g)

na coinníollacha faoina bhféadfar stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(h)

na coinníollacha faoina bhféadfar an ceanglas a bheith bunaithe i gcríoch custaim an Chomhphobail a tharscaoileadh i gcás catagóirí sonracha oibreoirí eacnamaíocha údaraithe, agus comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe, á gcur san áireamh,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

2.   Cuirfidh na bearta sin na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

na rialacha a glacadh de bhun Airteagal 25(3);

(b)

rannpháirteachas gairmiúil i ngníomhaíochtaí atá faoi réir na reachtaíochta custaim;

(c)

caighdeáin phraiticiúla inniúlachta nó cáilíochtaí gairmiúla a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht a dhéantar;

(d)

an t-oibreoir eacnamaíoch mar shealbhóir aon deimhnithe atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a eisítear ar bhonn coinbhinsiún ábhartha idirnáisiúnta.

Roinn 4

Cinntí a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm

Airteagal 16

Forálacha ginearálta

1.   I gcás ina n-iarrfaidh duine ar na húdaráis custaim cinneadh a dhéanamh a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm, cuirfidh an duine sin an fhaisnéis uile a theastóidh uathu chun go bhféadfaidís an cinneadh sin a dhéanamh ar fáil do na húdaráis sin.

Féadfaidh líon daoine cinneadh a iarraidh freisin, agus féadfar cinneadh a dhéanamh i ndáil le líon daoine, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

2.   Seachas i gcás ina bhforáiltear dá mhalairt leis an reachtaíocht chustaim, déanfar cinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfar fógra don iarrthóir, gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná ceithre mhí ón dáta a bhfaighidh na húdaráis custaim an fhaisnéis uile a theastóidh ó na húdaráis sin chun an cinneadh sin a dhéanamh.

I gcás nach mbeidh na húdaráis custaim in ann cloí leis na teorainneacha ama sin, áfach, cuirfidh siad an méid sin in iúl don iarratasóir sula rachaidh na teorainneacha ama sin in éag, ag sonrú na bhfáthanna agus na tréimhse breise a mheasfaidh siad a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh.

3.   Seachas i gcás ina sonrófar a mhalairt sa chinneadh nó sa reachtaíocht chustaim, beidh éifeacht leis an gcinneadh ón dáta a bhfaighidh an t-iarratasóir an cinneadh nó ón dáta a measfar go bhfuair sé é. Ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24(2), beidh cinntí a ghlacfar infhorfheidhmithe ag na húdaráis custaim ón dáta sin.

4.   Sula ndéanfar cinneadh a dhéanfadh dochar don duine a ndíreofar chuige é nó a dhéanfadh dochar do na ndaoine a ndíreofar chucu é, cuirfidh na húdaráis custaim in iúl don duine nó do na daoine lena mbaineann na forais ar a mbeidh sé beartaithe acu a gcinneadh a bhunú, agus beidh deis ag an duine nó ag na daoine sin a thuairim nó a dtuairim a chur in iúl, laistigh den tréimhse fhorordaithe ón dáta ar cuireadh na forais in iúl.

Nuair a bheidh an tréimhse sin caite, cuirfear an cinneadh in iúl, san fhoirm iomchuí, don duine lena mbaineann agus beidh na forais ar a bhfuil sé bunaithe leagtha amach sa chinneadh. Déanfaidh an cinneadh tagairt don cheart achomhairc dá bhforáiltear in Airteagal 23.

5.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na cásanna nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 4 agus na coinníollacha nach mbeidh feidhm aici fúthu;

(b)

an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 4,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

6.   Gan dochar d’fhorálacha a leagtar síos i réimsí eile agus lena sonrófar na cásanna ina mbeidh agus na coinníollacha faoina mbeidh cinntí neamhbhailí nó ina dtiocfaidh siad chun bheith ar neamhní, féadfaidh na húdaráis custaim a d’eisigh cinneadh é a neamhniú, a leasú nó a chúlghairm tráth ar bith i gcás nach gcomhlíonfaidh sé an reachtaíocht chustaim.

7.   Seachas i gcás ina ngníomhóidh údarás custaim mar údarás breithiúnach, beidh feidhm freisin ag forálacha mhír 3, mhír 4 agus mhír 6 den Airteagal seo agus ag forálacha Airteagal 17, Airteagal 18, agus Airteagal 19 maidir le cinntí a dhéanfaidh na húdaráis custaim gan iarraidh roimh ré ón duine lena mbaineann agus, go háirithe, maidir le fógra a thabhairt faoi fhiach custaim dá bhforáiltear in Airteagal 67(3).

Airteagal 17

Bailíocht cinntí ar fud an Chomhphobail

Seachas i gcás ina n-iarrfar nó ina sonrófar a mhalairt, cinntí a ghlacfaidh na húdaráis custaim a bheidh bunaithe ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim nó a bhainfidh le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim, beidh siad bailí ar fud chríoch custaim an Chomhphobail.

Airteagal 18

Neamhniú cinntí fabhracha

1.   Déanfaidh na húdaráis custaim cinneadh atá fabhrach don duine a ndíreofar chuige é a neamhniú má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh an cinneadh ar bhonn faisnéise a bhí mícheart nó neamhiomlán;

(b)

b’eol don iarrthóir nó ba cheart le réasún gurbh eol dó go raibh an fhaisnéis mícheart nó neamhiomlán;

(c)

dá mba rud é go raibh an fhaisnéis ceart nó iomlán, bheadh an cinneadh éagsúil.

2.   Tabharfar fógra don duine ar chuige a díríodh an cinneadh go ndearnadh an cinneadh a neamhniú.

3.   Beidh éifeacht ag an neamhniú ón dáta ar tháinig an cinneadh tosaigh i bhfeidhm, mura sonrófar a mhalairt sa chinneadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 184(3), bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, go háirithe i dtaca le cinntí a dhíreofar chuig líon daoine.

Airteagal 19

Cinntí fabhracha a chúlghairm agus a leasú

1.   Déanfar cinneadh fabhrach a chúlghairm nó a leasú i gcásanna, seachas cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18, nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos d’eisiúint an chinnidh iontu, nó nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na coinníollacha sin a thuilleadh.

2.   Seachas i gcás ina sonrófar a mhalairt sa reachtaíocht chustaim, ní fhéadfar cinneadh a dhíreofar chuig líon daoine a chúlghairm ach amháin i leith duine a mhainneoidh oibleagáid a fhorchuirtear faoin gcinneadh sin a chomhlíonadh.

3.   Cuirfear in iúl don duine ar díríodh an cinneadh chuige go bhfuil sé cúlghairthe nó leasaithe.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 16(3) maidir le cúlghairm nó le leasú an chinnidh.

I gcásanna eisceachtúla, áfach, inar gá sin ar mhaithe le leasanna dlisteanacha an duine ar díríodh an cinneadh chuige, féadfaidh na húdaráis custaim an dáta a dtiocfaidh an chúlghairm nó an leasú i bhfeidhm a chur siar.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 184(3), bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, go háirithe i dtaca le cinntí a dhíreofar chuig líon daoine.

Airteagal 20

Cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach

1.   Eiseoidh na húdaráis custaim, arna iarraidh sin orthu go foirmiúil, cinntí a bhaineann le faisnéis taraife cheangailteach, dá ngairfear ‘cinntí FTC’ anseo feasta, nó cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh, dá ngairfear ‘cinntí FCT’ anseo feasta.

Diúltófar iarraidh den sórt sin i gceann ar bith de na cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanfaidh sealbhóir cinnidh maidir leis na hearraí céanna an t-iarratas, nó i gcás ina mbeidh an t-iarratas déanta cheana féin aige, ag an oifig custaim chéanna nó ag oifig custaim eile, i gcás ina ndearnadh, nó ina ndéanfar an t-iarratas sin thar a cheann agus, i gcás cinntí FCT, faoi na cúinsí céanna inar cinneadh an éadáil tionscnaimh;

(b)

i gcás nach mbainfidh an t-iarratas le haon úsáid a bheartófar a bhaint as an gcinneadh FTC ná as an gcinneadh FCT ná le haon úsáid a bheartófar a bhaint as nós imeachta custaim.

2.   Ní bheidh cinntí FTC nó cinntí FCT ceangailteach ach amháin i dtaca le rangú taraife nó le cinneadh tionscnaimh earraí.

Ní bheidh na cinntí sin ceangailteach ar údaráis custaim, i leith shealbhóir an chinnidh, ach amháin i dtaca le hearraí a dtabharfar na foirmiúlachtaí custaim ina leith chun críche i ndiaidh an dáta a dtiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm.

Ní bheidh na cinntí ceangailteach ar shealbhóir an chinnidh, i leith na n-údarás custaim, ach amháin le héifeacht ón dáta a bhfaighidh sé fógra faoin gcinneadh nó an dáta a measfar an fógra sin a bheith faighte aige.

3.   Beidh cinntí FTC nó cinntí FCT bailí ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a dtiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm.

4.   D’fhonn cinneadh FTC nó cinneadh FCT a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs nós imeachta custaim faoi leith, ní mór do shealbhóir an chinnidh a bheith in ann a chruthú:

(a)

i gcás chinneadh FTC, go mbeidh na hearraí a dhearbhófar ag freagairt ar gach uile bhealach do na hearraí a mbeidh cur síos orthu sa chinneadh;

(b)

i gcás chinneadh FCT, go mbeidh na hearraí lena mbaineann agus na himthosca ina gcinnfear an éadáil tionscnaimh ag freagairt ar gach uile bhealach do na hearraí agus do na himthosca a mbeidh cur síos orthu sa chinneadh.

5.   De mhaolú ar Airteagal 16(6) agus ar Airteagal 18, déanfar cinntí FTC nó cinntí FCT a neamhniú i gcás ina mbeidh siad bunaithe ar fhaisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán ó na hiarratasóirí.

6.   Cúlghairtear cinntí FTC nó cinntí FCT i gcomhréir le hAirteagal 16(6) agus le hAirteagal 19.

Ní fhéadfar iad a leasú.

7.   Glacfaidh an Coimisiún bearta chun mír 1 go mír 5 den Airteagal seo a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2).

8.   Gan dochar d’Airteagal 19, na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha faoina scoirfidh an cinneadh FTC nó FCT de bheith bailí agus an tráth a dtarlóidh sin;

(b)

na coinníollacha faoina bhféadfar úsáid a bhaint go fóill as cinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) i dtaca le conarthaí ceangailteacha a bhunófar ar an gcinneadh agus a thabharfar i gcrích sula mbeidh a bhailíocht imithe in éag agus an tréimhse ama ina bhféadfar sin a dhéanamh go fóill;

(c)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún cinntí a eisiúint ag iarraidh ar na Ballstáit cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach a chúlghairm nó a leasú agus le faisnéis cheangailteach eile a thabhairt i gcomparáid le cinntí eile ar an ábhar céanna.

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

9.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na coinníollacha faoina n-eiseofar cinntí eile a bhaineann le faisnéis cheangailteach, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 5

Pionóis

Airteagal 21

Cur i bhfeidhm pionós

1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil do phionóis mar gheall ar mhainneachtain reachtaíocht chustaim an Chomhphobail a chomhlíonadh. Beidh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   I gcás ina gcuirfear pionóis riaracháin i bhfeidhm, is i bhfoirm amháin díobh seo a leanas, inter alia, a bheidh siad, nó sa dá fhoirm:

(a)

muirear airgid a ghearrfaidh na húdaráis custaim, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, socraíocht a chuirfear i bhfeidhm in áit agus in ionad pionóis choiriúil;

(b)

cúlghairm, fionraí nó leasú aon údaraithe a bheidh i seilbh an duine lena mbaineann.

3.   Laistigh de shé mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Airteagail seo, a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 188(2), tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha náisiúnta a bheidh i bhfeidhm mar a bheartaítear i mír 1 iad agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Roinn 6

Achomhairc

Airteagal 22

Cinntí a dhéanfaidh údarás breithiúnach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 23 ná ag Airteagal 24 maidir le hachomhairc a thaiscfear d’fhonn neamhniú, cúlghairm nó leasú cinnidh a bhainfidh le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim agus a dhéanfaidh údarás breithiúnach, nó údaráis custaim, ag gníomhú dóibh mar údaráis bhreithiúnacha.

Airteagal 23

Ceart achomhairc

1.   Beidh sé de cheart ag duine ar bith achomharc a dhéanamh i gcoinne aon chinnidh a dhéanfaidh na húdaráis custaim i dtaca le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim a bhaineann leis go díreach agus go leithleach.

Duine ar bith a bhfuil iarratas ar chinneadh curtha chuig na húdaráis custaim aige agus nach mbeidh an cinneadh faoin iarratas sin faighte aige laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 16(2), beidh sé i dteideal ceart achomhairc a fheidhmiú freisin.

2.   Féadfar ceart achomhairc a fheidhmiú in dhá chéim ar a laghad:

(a)

i dtús báire, os comhair an údaráis custaim nó os comhair údaráis bhreithiúnaigh nó os comhair comhlachta eile a cheapfaidh na Ballstáit chun na críche sin;

(b)

ina dhiaidh sin, os comhair comhlachta neamhspleách ar airde é ná sin, a fhéadfaidh a bheith ina údarás breithiúnach nó ina choibhéis de chomhlacht speisialaithe, de réir na bhforálacha a bheidh i bhfeidhm sna Ballstáit.

3.   Caithfear an t-achomharc a thaisceadh sa Bhallstát ina ndearnadh an cinneadh nó ina ndearnadh iarratas air.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar dearbhú nó ceartú pras a dhéanamh, leis an nós imeachta achomhairc, ar chinntí arna ndéanamh ag na húdaráis custaim.

Airteagal 24

Fionraí ar chur chun feidhme

1.   Ní bheidh taisceadh achomhairc ina chúis le fionraí ar chur chun feidhme an chinnidh is ábhar díospóide.

2.   Cuirfidh údaráis custaim, áfach, cur chun feidhme cinnidh den sórt sin go hiomlán nó go páirteach ar fionraí i gcás ina mbeidh cúis mhaith acu le creidiúint nach bhfuil an cinneadh is ábhar díospóide ag luí leis an reachtaíocht chustaim nó go bhfuil an eagla ann go ndéanfar damáiste neamh-indeisithe don duine lena mbaineann.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, ina bhfuil sé d’éifeacht ag an gcinneadh is ábhar díospóide go mbeadh dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí iníoctha, beidh fionraí an chinnidh sin ag brath ar sholáthar ráthaíochta, mura suífear, ar bhonn meastacháin dhoiciméadaithe, gur dóigh do ráthaíocht den sórt sin a bheith ina cúis go mbeadh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta ag an bhféichiúnaí.

Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), chun an chéad fhomhír den mhír seo a chur chun feidhme.

Roinn 7

Rialú Earraí

Airteagal 25

Rialuithe custaim

1.   Féadfaidh na húdaráis custaim na rialuithe custaim uile a dhéanamh a mheasfaidh siad a bheith riachtanach.

D’fhéadfadh sé gurb éard a bheadh sna rialuithe custaim go háirithe, earraí a scrúdú, samplaí a thógáil, sonraí dearbhaithe agus marthain agus barántúlacht doiciméad a fhíorú, cuntais oibreoirí eacnamaíocha agus taifid eile a scrúdú, cigireacht a dhéanamh ar mheáin iompair, ar bhagáiste agus ar earraí eile a bheidh á iompar ag daoine nó orthu agus fiosrúcháin oifigiúla agus gníomhartha eile den sórt sin a dhéanamh.

2.   Beidh rialuithe custaim, seachas seiceálacha amasacha, bunaithe go príomha ar anailís riosca ina mbainfear úsáid as teicnící próiseála sonraí leictreonacha arb é is cuspóir di an riosca a aithint agus meastóireacht a dhéanamh air agus na frithbhearta is gá a fhorbairt, ar bhonn critéar a forbraíodh ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Chomhphobail, agus i gcás ina mbeidh fáil orthu, ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, creat coitianta bainistíochta riosca a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid, is creat a bheidh bunaithe ar mhalartú faisnéise faoi riosca agus anailíse riosca idir riaracháin custaim, agus lena mbunófar, inter alia, critéir chomhchoiteanna chun meastóireacht a dhéanamh ar riosca, bearta rialaithe chomhchoiteanna agus limistéir thosaíochta rialaithe chomhchoiteanna.

Déanfar rialuithe bunaithe ar fhaisnéis agus ar chritéir den sórt sin a chur i gcrích gan dochar do rialuithe eile a chuirfear i gcrích i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 nó i gcomhréir le forálacha eile a bheidh i bhfeidhm.

3.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

creat comhchoiteann bainistíochta riosca;

(b)

critéir chomhchoiteanna agus limistéir chomhchoiteanna rialaithe tosaíochta;

(c)

an fhaisnéis faoi riosca agus an anailís ar riosca a bheidh le malartú idir riaracháin custaim.

Airteagal 26

Comhoibriú idir údaráis

1.   I gcás ina mbeidh rialuithe seachas rialuithe custaim le feidhmiú, i dtaca leis na hearraí céanna, ag údaráis inniúla seachas na húdaráis custaim, déanfaidh údaráis custaim a ndícheall, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile sin, lena áirithiú go bhfeidhmeofar na rialuithe sin, a mhéid is féidir, an tráth céanna agus san áit chéanna le rialuithe custaim (ionad uileghnó), agus beidh an ról comhordaithe ag údaráis custaim chun é sin a bhaint amach.

2.   Faoi chuimsiú na rialuithe dá dtagraítear sa Roinn seo, maidir le sonraí a gheofar i gcomhthéacs teacht isteach, imeacht amach, idirthuras, stóráil agus úsáid deiridh earraí a ghluaisfear idir críoch custaim an Chomhphobail agus críocha eile, agus i gcomhthéacs láithreacht agus ghluaiseacht earraí neamh-Chomhphobail agus earraí a chuirtear faoin nós imeachta um úsáid deiridh, lena n-áirítear trácht poist, laistigh den chríoch custaim, agus maidir le torthaí aon rialaithe, féadfaidh údaráis custaim agus údaráis inniúla eile, i gcás inar gá sin chun críocha riosca a íoslaghdú agus calaois a chomhrac, na sonraí agus na torthaí sin a mhalartú eatarthu féin agus leis an gCoimisiún. Féadfaidh údaráis custaim agus an Coimisiún sonraí den sórt sin a mhalartú lena chéile freisin chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta Comhphobail a áirithiú.

Airteagal 27

Rialú iarscaoilte

Féadfaidh na húdaráis custaim, tar éis na hearraí a scaoileadh agus chun cruinneas na sonraí san achoimre nó sa dearbhú custaim a áirithiú, cigireacht a dhéanamh ar aon doiciméid agus ar aon sonraí a bhaineann leis na hoibríochtaí i dtaca leis na hearraí lena mbaineann nó le hoibríochtaí tráchtála a rinneadh roimhe sin nó ina dhiaidh sin a bhain leis na hearraí sin. Féadfaidh na húdaráis sin iniúchadh a dhéanamh freisin ar na hearraí sin agus/nó samplaí a ghlacadh i gcás ina bhféadfaidh siad fós é sin a dhéanamh.

Féadfar na cigireachtaí sin a dhéanamh ag áitreabh shealbhóir na n-earraí nó ag áitreabh a ionadaí, ag áitreabh duine ar bith eile a bheidh bainteach leis na hoibríochtaí sin i gcáil gnó nó ag áitreabh aon duine eile a mbeidh na doiciméid agus na sonraí ina sheilbh aige chun críocha gnó.

Airteagal 28

Eitiltí agus turais farraige laistigh den Chomhphobal

1.   Ní dhéanfar rialuithe custaim nó foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích i dtaca le bagáiste cábáin nó bagáiste boilg de chuid daoine atá ar eitilt laistigh den Chomhphobal ná i dtaca le bagáiste de chuid daoine ar thuras farraige laistigh den Chomhphobal, ach amháin i gcás ina bhforálfar do rialuithe nó d’fhoirmiúlachtaí den sórt sin sa reachtaíocht chustaim.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 gan dochar do cheachtar den dá ní seo a leanas:

(a)

seiceálacha slándála nó sábháilteachta;

(b)

seiceálacha a bhaineann le toirmisc nó le srianta.

3.   Glacfaidh an Coimisiún bearta, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, lena leagfar síos na cásanna ina bhféadfar rialuithe agus foirmiúlachtaí custaim a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas agus na coinníollacha faoina bhféadfar sin a dhéanamh:

(a)

bagáiste cábáin agus bagáiste boilg:

(i)

de chuid daoine a bheidh ar eitilt in aerárthach a bheidh ag teacht ó aerfort neamh-Chomhphobail agus a leanfaidh lena n-aistear, tar éis agastaid ag aerfort Comhphobail, go dtí aerfort Comhphobail eile;

(ii)

de chuid daoine a bheidh ar eitilt in aerárthach a dhéanfaidh agastad ag aerfort Comhphobail sula rachaidh sé ar aghaidh go dtí aerfort neamh-Chomhphobail;

(iii)

de chuid daoine a bhainfidh úsáid as seirbhís mhuirí san árthach céanna ach go ndéantar an t-aistear scríob ar scríob ag imeacht ó chalafort neamh-Chomhphobail, ag tabhairt cuairt air, nó ag baint ceann scríbe amach ann;

(iv)

de chuid daoine a bheidh ar bord árthaigh áineasa agus in aerárthach turasóireachta nó gnó;

(b)

bagáiste cábáin agus bagáiste boilg:

(i)

a thiocfaidh go dtí aerfort Comhphobail ar bord aerárthaigh a thiocfaidh ó aerfort neamh-Chomhphobail agus a aistreofar ag an aerfort Comhphobail sin go dtí aerárthach eile a bheidh ag dul ar eitilt laistigh den Chomhphobal;

(ii)

a bheidh luchtaithe ag aerfort Comhphobail ar aerárthach a bheidh ag dul ar eitilt laistigh den Chomhphobal le haghaidh aistrithe ag aerfort Comhphobail eile go dtí aerárthach ar aerfort neamh-Chomhphobail is ceann scríbe dó.

Roinn 8

Coinneáil doiciméad agus faisnéise eile; muirir agus costais

Airteagal 29

Coinneáil doiciméad agus faisnéise eile

1.   Coinneoidh an duine lena mbaineann, chun críocha rialuithe custaim, na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ar feadh trí bliana féilire ar a laghad, trí aon mheán a mbeidh inrochtana ag na húdaráis custaim orthu agus a bheidh inghlactha acu.

I gcás earraí a scaoilfear i saorchúrsaíocht in imthosca seachas na himthosca dá dtagraítear sa tríú mír, nó i gcás earraí a dhearbhófar lena n-onnmhairiú, rithfidh an tréimhse sin ó dheireadh na bliana ina nglacfar na dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó maidir le honnmhairiú.

I gcás earraí a scaoilfear i saorchúrsaíocht saor ó dhleacht nó ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí de bharr a n-úsáide deiridh, rithfidh an tréimhse sin ó dheireadh na bliana ina scoirfidh siad de bheith faoi réir maoirseachta custaim.

I gcás earraí a chuirfear faoi nós imeachta custaim eile, rithfidh an tréimhse sin ó dheireadh na bliana ina dtiocfaidh deireadh leis an nós imeachta custaim lena mbaineann.

2.   Gan dochar d’Airteagal 68(4), i gcás ina dtaispeánfaidh rialú custaim i ndáil le fiach custaim go gcaithfear an iontráil ábhartha sna cuntais a cheartú agus ina dtabharfar fógra don duine lena mbaineann ina leith sin, coinneofar na doiciméid agus an fhaisnéis ar feadh trí bliana thar an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

I gcás ina dtaiscfear achomharc, nó ina gcuirfear tús le himeachtaí cúirte, ní mór na doiciméid agus an fhaisnéis a choinneáil ar feadh na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo nó go dtí go gcríochnófar an nós imeachta achomhairc nó na himeachtaí cúirte, cibé acu is déanaí.

Airteagal 30

Muirir agus costais

1.   Ní ghearrfaidh údaráis custaim muirir ar fheidhmiú rialuithe custaim nó ar aon chur i bhfeidhm eile reachtaíochta custaim le linn uaireanta oifigiúla oscailte a n-oifig inniúla custaim.

Féadfaidh na húdaráis custaim muirear a ghearradh áfach nó costais a aisghabháil i gcás ina bhfeidhmeofar seirbhísí sonracha, go háirithe na nithe seo a leanas:

(a)

tinreamh foirne custaim, ar iarratas, lasmuigh d’uaireanta oifigiúla oscailte oifige nó ag áitreabh seachas áitreabh custaim;

(b)

anailísí nó tuarascálacha saineolaíochta ar earraí agus táillí poist chun earraí a thabhairt ar ais d’iarratasóir, go háirithe i ndáil le cinntí a dhéanfar de bhun Airteagal 20 nó i ndáil le faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8(1);

(c)

iniúchadh nó sampláil earraí chun críocha fíoraithe, nó díothú earraí, i gcás ina mbeidh costais i gceist seachas an costas a bhaineann le leas a bhaint as foireann custaim;

(d)

bearta eisceachtúla rialaithe, i gcás ina mbeidh siad riachtanach de bharr chineál na n-earraí nó de bharr riosca a d’fhéadfadh a bheith ann.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus lena leagtar síos bearta chun an dara fomhír de mhír 1 a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

CAIBIDIL 3

Comhshó airgeadra agus teorainneacha ama

Airteagal 31

Comhshó airgeadra

1.   Foilseoidh na húdaráis inniúla an ráta malairte infheidhme, agus/nó cuirfidh siad ar fáil ar an Idirlíon é, i gcás inar gá airgeadra a chomhshó ar cheann de na cúiseanna a leanas:

(a)

de bhrí go ndéantar tosca a mbainfear úsáid astu chun luach custaim na n-earraí a chur in iúl in airgeadra seachas airgeadra an Bhallstáit ina gcinntear an luach custaim;

(b)

de bhrí go bhfuil luach an euro in airgeadraí náisiúnta ag teastáil chun rangú taraife earraí agus méid na dleachta ar allmhairí agus ar onnmhairí, lena n-áirítear tairseacha luacha sa Taraif Custaim Chomhphobail, a chinneadh.

2.   I gcás inar gá airgeadra a chomhshó ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar luach an euro in airgeadraí náisiúnta a bheidh le cur i bhfeidhm faoi chuimse na reachtaíochta custaim a shocrú uair in aghaidh na bliana ar a laghad.

3.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 32

Teorainneacha ama

1.   I gcás ina ndéanfar tréimhse, dáta nó teorainn ama a leagan síos sa reachtaíocht chustaim, ní chuirfear síneadh leis an tréimhse sin ná ní laghdófar í ná ní chuirfear siar ná ní chuirfear chun cinn an dáta sin nó an teorainn ama sin mura ndéanfar foráil shonrach sna forálacha lena mbaineann.

2.   Beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí ama, dátaí agus teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (10), seachas i gcás ina bhforálfar a mhalairt go sonrach sa reachtaíocht Chomhphobail chustaim.

TEIDEAL II

TOSCA AR AR A mBONN A CHUIRTEAR I bhFEIDHM DLEACHTANNA AR ALLMHAIRÍ AGUS AR ONNMHAIRÍ AGUS BEARTA EILE I nDÁIL LE TRÁDÁIL IN EARRAÍ

CAIBIDIL 1

Comhtharaif Custaim agus rangú earraí de réir taraife

Airteagal 33

Comhtharaif Custaim

1.   Beidh dleachtanna a dhlitear ar allmhairí agus ar onnmhairí bunaithe ar an gComhtharaif Custaim.

Déanfar bearta eile a fhorordóidh forálacha Comhphobail lena rialófar réimsí sonracha i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí sin, i gcomhréir le rangú taraife na n-earraí sin.

2.   Cuimseofar na nithe seo a leanas sa Chomhtharaif Custaim:

(a)

Ainmníocht Chomhcheangailte na n-earraí mar a leagtar síos í i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Custaim (11);

(b)

aon ainmníocht eile bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar an Ainmníocht Chomhcheangailte nó a fhorálann do bhreis foranna léi, agus a bhunaítear le forálacha Comhphobail lena rialaítear réimsí sonracha d’fhonn bearta taraife i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm;

(c)

na dleachtanna uathrialacha traidisiúnta nó na gnáthdhleachtanna uathrialacha custaim is infheidhme maidir le hearraí a fholaítear leis an Ainmníocht Chomhcheangailte;

(d)

na bearta fabhracha taraife atá i gcomhaontuithe a thug an Comhphobal i gcrích le tíortha nó le críocha áirithe lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail nó le grúpaí tíortha den sórt sin nó grúpaí críoch den sórt sin;

(e)

na bearta fabhracha taraife a ghlac an Comhphobal go haontaobhach i ndáil le tíortha áirithe nó le críocha áirithe lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail nó i ndáil le grúpaí tíortha den sórt sin nó le grúpaí críoch den sórt sin;

(f)

bearta uathrialacha lena bhforáiltear do laghdú nó do dhíolúine ó dhleachtanna custaim i leith earraí áirithe;

(g)

cóireáil fhabhrach taraife a shonraítear le haghaidh earraí áirithe mar gheall ar a gcineál nó ar a n-úsáid deiridh, faoi chuimse na mbeart dá dtagraítear faoi phointí (c) go (f) nó (h);

(h)

bearta taraife eile dá bhforáiltear sa reachtaíocht talmhaíochta, nó sa reachtaíocht tráchtála nó i reachtaíocht Chomhphobail eile.

3.   I gcás ina gcomhlíonfaidh na hearraí a bheidh i dtrácht na coinníollacha a bheidh sna bearta a leagtar síos i bpointí (d) go (g) de mhír 2, beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear sna forálacha sin, arna iarraidh sin don dearbhóir, in ionad na mbeart dá bhforáiltear i bpointe (c) den mhír sin. Féadfar an cur i bhfeidhm sin a fheidhmiú go cúlghabhálach, ar choinníoll go gcloífear leis na teorainneacha ama agus leis na coinníollacha a leagtar síos sa bheart ábhartha nó sa Chód.

4.   I gcás ina ndéanfar cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) de mhír 2, nó an díolúine ó bhearta dá dtagraítear i bpointe (h) di, a theorannú d’oiread áirithe allmhairí nó onnmhairí, scoirfidh an cur i bhfeidhm sin nó an díolúine sin, i gcás cuótaí taraife, a luaithe a ghnóthófar an méid sonraithe allmhairí nó onnmhairí.

I gcás uasteorainneacha taraife scoirfidh an cur i bhfeidhm sin de bhua gnímh dhlíthiúil ón gComhphobal.

5.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(3), glacfaidh an Coimisiún bearta chun mír 1 agus mír 4 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 34

Rangú earraí de réir taraife

1.   Chun an Chomhtharaif Custaim a chur i bhfeidhm, is éard é ‘rangú taraife’ earraí ceann d’fho-cheannteidil nó d’fhoranna breise na hAinmníochta Comhcheangailte faoina mbeidh na hearraí sin le rangú a chinneadh.

2.   Chun na bearta neamhtharaife a chur i bhfeidhm, is éard é ‘rangú taraife’ earraí ceann d’fho-cheannteidil nó d’fhoranna breise na hAinmníochta Comhcheangailte faoina mbeidh na hearraí sin le rangú, nó ceann d’fho-cheannteidil nó d’fhoranna breise aon ainmníochta eile a shocrófar le forálacha Comhphobail agus a bhunófar go hiomlán nó go páirteach ar an Ainmníocht Chomhcheangailte nó a fhorálfaidh do bhreis foranna a chur léi, faoina mbeidh na hearraí sin le rangú a chinneadh.

3.   Bainfear úsáid as an bhfo-cheannteideal nó as an bhforoinn bhreise a chinnfear i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 chun na bearta a bhfuil ceangal idir iad agus an fo-cheannteideal sin a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 2

Tionscnamh earraí

Roinn 1

Tionscnamh neamhfhabhrach

Airteagal 35

Raon feidhme

Leagtar síos le hAirteagal 36, le hAirteagal 37 agus le hAirteagal 38 rialacha d’fhonn tionscnamh earraí neamhfhabhracha a chinneadh chun na nithe a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

an Chomhtharaif Custaim cé is moite de na bearta dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 33(2);

(b)

bearta, seachas bearta taraife, a bhunaítear le forálacha Comhphobail lena rialaítear réimsí sonracha a bhaineann le trádáil in earraí;

(c)

bearta eile Comhphobail a bhaineann le tionscnamh earraí.

Airteagal 36

Éadáil tionscnaimh

1.   Earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, measfar go bhfuil a n-áit tionscnaimh sa tír sin nó sa chríoch sin.

2.   Earraí a bhfuil níos mó ná tír nó críoch amháin bainteach lena dtáirgeadh, measfar gur de thionscnamh na tíre nó na críche ina ndearnadh an claochlú substainteach deireanach orthu iad.

Airteagal 37

Cruthúnas ar thionscnamh

1.   I gcás ina gcuirfear tionscnamh in iúl sa dearbhú custaim de bhun na reachtaíochta custaim, féadfaidh na húdaráis custaim a éileamh ar an dearbhóir tionscnamh na n-earraí a chruthú.

2.   I gcás ina ndéanfar cruthúnas ar thionscnamh earraí a chur ar fáil de bhun na reachtaíochta custaim nó de bhun reachtaíochta Comhphobail eile lena rialaítear réimsí áirithe, féadfaidh na húdaráis custaim, i gcás amhrais réasúnaigh, aon fhianaise bhreise a éileamh a theastaíonn lena áirithiú go gcomhlíonfaidh sonrú an tionscnaimh na rialacha a leagfar síos leis an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha.

3.   Féadfaidh doiciméad lena gcruthófar tionscnamh a eisiúint sa Chomhphobal i gcás ina n-éileoidh riachtanais trádála amhlaidh.

Airteagal 38

Bearta cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún bearta, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), chun Airteagal 36 agus Airteagal 37 a chur chun feidhme.

Roinn 2

Tionscnamh fabhrach

Airteagal 39

Tionscnamh fabhrach earraí

1.   Le go dtairbheoidh siad de na bearta dá dtagraítear i bpointí (d) nó (e) d’Airteagal 33(2) nó de bhearta fabhracha neamhtharaife, comhlíonfaidh earraí na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.

2.   I gcás earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha atá i gcomhaontuithe a thug an Comhphobal i gcrích le tíortha áirithe nó le críocha áirithe lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail nó le grúpaí tíortha den sórt sin nó le grúpaí críoch den sórt sin, leagfar síos na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach sna comhaontuithe sin.

3.   I gcás earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha a ghlac an Comhphobal go haontaobhach i ndáil le tíortha áirithe nó le críocha áirithe lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail nó le grúpaí tíortha den sórt sin nó grúpaí críoch den sórt sin, seachas na tíortha agus na críocha dá dtagraítear i mír 5, glacfaidh an Coimisiún bearta, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), lena leagfar síos na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach.

4.   I gcás earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha is infheidhme sa trádáil idir críoch custaim an Chomhphobail agus Ceuta agus Melilla mar atá i bPrótacal 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais 1985, glacfar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach i gcomhréir le hAirteagal 9 den Phrótacal sin.

5.   I gcás earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha atá i socruithe fabhracha i bhfabhar na dtíortha agus na gcríocha thar lear atá comhlachaithe leis an gComhphobal, glacfar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach i gcomhréir le hAirteagal 187 den Chonradh.

6.   Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), na bearta is gá, chun na rialacha dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 3

Luach earraí chun críocha custaim

Airteagal 40

Raon feidhme

Cinnfear, i gcomhréir le hAirteagail 41 go 43, luach custaim earraí chun críocha chur i bhfeidhm na Comhtharaife Custaim agus na mbeart neamhtharaife a leagfar síos le forálacha Comhphobail lena rialaítear réimsí sonracha a bhaineann le trádáil in earraí.

Airteagal 41

Modh luachála custaim bunaithe ar luach an idirbhirt

1.   Is é príomhbhunús luach custaim earraí an luach idirbhirt, eadhon an praghas iarbhír a íocadh nó a bheidh iníoctha iarbhír i leith earraí nuair a dhíoltar iad lena n-onnmhairiú go dtí críoch custaim an Chomhphobail, agus iad oiriúnaithe, i gcás inar gá, i gcomhréir le bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 43.

2.   An praghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír, is é an íocaíocht iomlán a dhéanann an ceannaitheoir leis an díoltóir nó a dhéanann an ceannaitheoir le tríú páirtí chun leasa an díoltóra ar na hearraí allmhairithe é agus cuimsíonn sé na híocaíochtaí uile a rinneadh nó a bheidh le déanamh mar choinníoll a ghabhann le díol na n-earraí allmhairithe.

3.   Beidh feidhm ag an luach idirbhirt ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

nach mbeidh aon srianta ar an díoltóir maidir le diúscairt nó le húsáid na n-earraí, seachas ceann ar bith de na srianta seo a leanas:

(i)

srianta a fhorchuirtear nó a cheanglaítear a chur le dlí nó a fhorchuireann údaráis phoiblí sa Chomhphobal;

(ii)

teorainneacha an limistéir gheografaigh ina bhféadfar na hearraí a dhíol an athuair;

(iii)

srianta nach ndéanfaidh difear substainteach do luach custaim na n-earraí;

(b)

nach mbeidh an díol nó an praghas faoi réir aon choinníll nó aon toisce nach féidir a luach a chinneadh i ndáil leis na hearraí a bheidh á luacháil;

(c)

nach bhfabhróidh aon chuid d’fháltas aon díola, ná aon diúscartha ná aon athúsáide earraí ag an díoltóir ina dhiaidh sin, go díreach nó go hindíreach don díoltóir, murar féidir coigeartú iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 43;

(d)

nach mbeidh gaol ag an díoltóir leis an gceannaitheoir nó nach mbeidh tionchar ag an ngaol ar an bpraghas.

Airteagal 42

Modhanna tánaisteacha luachála custaim

1.   I gcás nach bhféadfar luach custaim earraí a chinneadh faoi Airteagal 41, cinnfear é trí dhul go seicheamhach ó phointe (a) go dtí pointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo, go dtí go sroichfear an chéad phointe faoinar féidir luach custaim earraí a chinneadh.

Déanfar ord chur i bhfeidhm phointí (c) agus (d) a mhalartú má éilíonn an dearbhóir é sin.

2.   Is éard a bheidh sa luach custaim, de bhun mhír 1:

(a)

luach idirbhirt earraí comhionanna a dhíolfar lena n-onnmhairiú go dtí críoch custaim an Chomhphobail agus a onnmhaireofar an tráth céanna nó thart ar an tráth céanna leis na hearraí a bheidh á luacháil;

(b)

luach idirbhirt earraí dá macasamhail a dhíolfar lena n-onnmhairiú go dtí críoch custaim an Chomhphobail agus a onnmhaireofar an tráth céanna nó thart ar an tráth céanna leis na hearraí a bheidh á luacháil;

(c)

an luach a bheidh bunaithe ar an bpraghas aonaid ar a ndéanfar na hearraí allmhairithe, nó earraí is ionann leo nó earraí allmhairithe dá macasamhail a dhíol laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail sa mhéid comhiomlán is mó le daoine nach bhfuil gaol acu leis na díoltóirí;

(d)

an luach ríofa.

3.   I gcás nach bhféadfar an luach custaim a chinneadh faoi mhír 1, cinnfear é ar bhonn sonraí a bheidh ar fáil i gcríoch custaim an Chomhphobail, ag baint úsáide as meáin réasúnacha a bheidh ag luí le prionsabail agus le forálacha ginearálta na nithe seo a leanas:

(a)

an comhaontú maidir le cur chun feidhme Airteagal VII den Chomhaontú Ginearálta ar Tharaifí agus Thrádáil;

(b)

Airteagal VII den Chomhaontú Ginearálta ar Tharaifí agus Thrádáil;

(c)

an chaibidil seo.

Airteagal 43

Bearta cur chun feidhme

I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún na bearta lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

na heilimintí nach mór iad a chur leis an bpraghas iarbhír a íocadh nó leis an bpraghas iarbhír a bheidh le híoc chun an luach custaim a chinneadh, nó na heilimintí a fhéadfar a eisiamh;

(b)

eilimintí a úsáidfear chun an luach ríofa a chinneadh;

(c)

an modh chun luach custaim a chinneadh i gcásanna sonracha, agus i dtaca le hearraí ar tabhaíodh fiach custaim ina leith tar éis nós imeachta speisialta a úsáid;

(d)

aon choinníollacha breise, aon fhorálacha breise agus aon rialacha breise is gá chun Airteagal 41 agus Airteagal 42 a chur i bhfeidhm.

TEIDEAL III

FIACH CUSTAIM AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ

CAIBIDIL 1

Fiach custaim a thabhú

Roinn 1

Fiach custaim i dtaca le hallmhairiú

Airteagal 44

Scaoileadh i saorchúrsaíocht agus ligean isteach sealadach

1.   Tabhófar fiach custaim i dtaca le hallmhairiú trí earraí neamh-Chomhphobail ar a ndlitear dleachtanna ar allmhairí a chur faoi cheachtar de na nósanna imeachta custaim a leanas:

(a)

scaoileadh i saorchúrsaíocht, lena n-áirítear faoi na forálacha úsáide deiridh;

(b)

ligean isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí.

2.   Tabhófar fiach custaim tráth a nglacfar leis an dearbhú custaim.

3.   Is é an dearbhóir a bheidh ina fhéichiúnaí. I gcás ionadaíochta indírí, beidh an duine a ndéantar an dearbhú custaim thar a cheann ina fhéichiúnaí freisin.

I gcás ina ndéanfar dearbhú custaim i ndáil le haon cheann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas ar bhonn faisnéise arb é a toradh nár bailíodh na dleachtanna ar allmhairí go hiomlán nó go páirteach, is féichiúnaí freisin an duine a rinne an fhaisnéis a theastaigh chun an dearbhú a tharraingt suas a chur ar fáil agus arbh eol dó nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó, go raibh an fhaisnéis sin bréagach.

Airteagal 45

Forálacha speisialta a bhaineann le hearraí neamhthionscnaimh

1.   I gcás ina mbeidh feidhm ag toirmeasc ar aistarraingt dleachtanna ar allmhairí, nó ag díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí, maidir le hearraí neamhthionscnaimh a mbainfear úsáid astu i ndéantús táirgí a ndéanfar cruthúnas ar thionscnamh a eisiúint nó a scríobh amach ina leith i gcreat socraithe fhabhraigh idir an Comhphobal agus tíortha áirithe nó críocha áirithe lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail nó grúpaí tíortha den sórt sin nó grúpaí críoch den sórt sin, tabhófar fiach custaim i dtaca le hallmhairiú i ndáil leis na hearraí neamhthionscnaimh sin, trí ghlacadh le fógra athonnmhairithe i ndáil leis na hearraí lena mbaineann.

2.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim de bhun mhír 1, cinnfear méid na dleachta ar allmhairí a fhreagraíonn don fhiach sin faoi na coinníollacha céanna ar fúthu a chinnfear fiach custaim a d’eascródh ó ghlacadh, ar an dáta céanna, le dearbhú custaim maidir le scaoileadh na n-earraí neamhthionscnaimh i saorchúrsaíocht a mbainfear úsáid astu i ndéantús na dtáirgí atá i gceist chun críche nós imeachta próiseála isteach a thabhairt chun críche.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 44(2) agus (3) mutatis mutandis. I gcás earraí neamh-Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 179, áfach, is é an duine a thaiscfidh an fógra athonnmhairithe a bheidh ina fhéichiúnaí. I gcás ionadaíochta indírí, beidh an duine a dtaiscfear an fógra thar a cheann ina fhéichiúnaí freisin.

Airteagal 46

Fiach custaim a thabhaítear trí neamhchomhlíonadh

1.   Maidir le hearraí ar a ndlitear dleachtanna ar allmhairí, tabhófar fiach custaim i dtaca le hallmhairiú trí neamhchomhlíonadh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

ceann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim i ndáil le tabhairt isteach earraí neamh-Chomhphobail i gcríoch custaim an Chomhphobail, i ndáil le maoirseacht chustaim a bhaint díobh nó i ndáil le gluaiseacht, próiseáil, stóráil, ligean isteach sealadach nó diúscairt earraí den sórt sin laistigh den chríoch sin;

(b)

ceann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim i ndáil le húsáid deiridh earraí laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail;

(c)

coinníoll a rialaíonn earraí neamh-Chomhphobail a chur faoi nós imeachta custaim nó a rialaíonn deonú, de bhua úsáid deiridh na n-earraí, díolúine ó dhleacht nó ráta laghdaithe dleachta custaim.

2.   Is ag ceachtar den dá thráth seo a leanas a thabhófar an fiach custaim:

(a)

ag an tráth nach gcomhlíonfar an oibleagáid ar as a neamhchomhlíonadh a eascróidh an fiach custaim nó ag an tráth a scoirfidh sí de bheith comhlíonta;

(b)

ag an tráth a nglacfar le dearbhú custaim chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim i gcás ina suífear ina dhiaidh sin nár comhlíonadh iarbhír coinníoll lena rialaítear earraí a chur faoin nós imeachta sin nó deonú díolúine ó dhleacht nó ráta laghdaithe dleachta ar allmhairiú de bhua úsáide deiridh earraí.

3.   I gcásanna dá dtagraítear faoi phointí (a) agus (b) de mhír 1, is duine díobh seo a leanas a bheidh ina fhéichiúnaí:

(a)

aon duine a gceanglófar air na hoibleagáidí lena mbaineann a chomhlíonadh;

(b)

aon duine arbh fheasach dó nó ar cheart go réasúnach gurbh fheasach dó go raibh oibleagáid faoin reachtaíocht chustaim gan chomhlíonadh agus a ghníomhaigh thar ceann an duine a raibh sé de cheangal air an oibleagáid a chomhlíonadh, nó a bhí rannpháirteach sa ghníomh a raibh neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de thoradh air;

(c)

aon duine a fuair nó a choinnigh na hearraí lena mbaineann agus arbh fheasach dó nó ar cheart go réasúnach gurbh fheasach dó tráth a bhfuair sé na hearraí nó tráth ar glacadh iad go raibh oibleagáid faoin reachtaíocht chustaim gan chomhlíonadh.

4.   I gcásanna dá dtagraítear faoi phointe (c) de mhír 1, is é an féichiúnaí an duine a gceanglófar air na coinníollacha a chomhlíonadh lena rialaítear na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim nó lena rialaítear na hearraí lena mbaineann a dhearbhú faoin nós imeachta sin nó lena rialaítear díolúine ó dhleacht nó ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí a dheonú de bhua úsáide deiridh na n-earraí.

I gcás ina dtarraingeofar suas dearbhú custaim i ndáil le haon cheann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, nó i gcás ina dtabharfar do na húdaráis custaim aon fhaisnéis a éilítear faoin reachtaíocht chustaim a bhaineann leis na coinníollacha lena rialaítear na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim, agus gurb é an toradh a bheidh ar an dearbhú nó ar an bhfaisnéis nach ndéanfar na dleachtanna ar allmhairí a bhailiú go hiomlán nó go páirteach, is féichiúnaí freisin a bheidh sa duine a chuir an fhaisnéis a éilítear chun an dearbhú a tharraingt suas ar fáil agus arbh eol dó, nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó, go raibh an fhaisnéis sin bréagach.

Airteagal 47

Méid dleachta ar allmhairí a íocadh cheana féin a asbhaint

1.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim de bhun Airteagal 46(1), i ndáil le hearraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí de bharr a n-úsáide deiridh, déanfar méid na dleachta ar allmhairí a íocadh nuair a scaoileadh na hearraí i saorchúrsaíocht a asbhaint ó mhéid na dleachta ar allmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír mutatis mutandis i gcás ina dtabhófar fiach custaim i ndáil le fuíoll agus le dramhaíl a bheidh mar thoradh ar dhíothú na n-earraí sin.

2.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim, de bhun Airteagal 46(1), i ndáil le hearraí a chuirtear faoi ordú ligin isteach shealadaigh le faoiseamh páirteach ó dhleachtanna custaim, déanfar méid na dleachta ar allmhairí a íocadh faoin fhaoiseamh páirteach a asbhaint ó mhéid na dleachta ar allmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim.

Roinn 2

Fiach custaim i dtaca le honnmhairiú

Airteagal 48

Próiseáil onnmhairithe agus próiseáil amach

1.   Tabhófar fiach custaim i dtaca le honnmhairiú trí earraí ar a ndlitear dleachtanna ar onnmhairí a chur faoin nós imeachta onnmhairíochta nó faoin nós imeachta próiseála amach.

2.   Tabhófar an fiach custaim tráth a nglacfar leis an dearbhú custaim.

3.   Is é an dearbhóir a bheidh ina fhéichiúnaí. I gcás ionadaíochta indírí, beidh an duine a ndéanfar an dearbhú custaim thar a cheann ina fhéichiúnaí freisin.

I gcás ina dtarraingeofar suas dearbhú custaim ar bhonn faisnéise arb é an toradh a bheidh uirthi nach mbaileofar na dleachtanna ar allmhairí go hiomlán nó go páirteach, is féichiúnaí freisin a bheidh sa duine a chuir an fhaisnéis ar fáil a éilítear chun an dearbhú a tharraingt suas agus arbh eol dó, nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó, go raibh an fhaisnéis sin bréagach.

Airteagal 49

Fiach Custaim a thabhaítear trí neamhchomhlíonadh

1.   Maidir le hearraí ar a ndlitear dleachtanna ar allmhairí, tabhófar fiach custaim ar onnmhairiú i gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

ceann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim i ndáil le himeacht na n-earraí;

(b)

na coinníollacha faoinar ligeadh do na hearraí imeacht ó chríoch custaim an Chomhphobail le faoiseamh iomlán nó le faoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar onnmhairí.

2.   Is tráth de na tráthanna seo a leanas a thabhófar an fiach custaim:

(a)

an tráth a fhágfaidh na hearraí críoch custaim an Chomhphobail iarbhír gan dearbhú custaim;

(b)

an tráth a shroichfidh na hearraí ceann scríbe seachas an ceann scríbe a ceadaíodh dóibh tráth ar fhág siad críoch custaim an Chomhphobail le faoiseamh iomlán nó le faoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar onnmhairí;

(c)

mura mbeidh na húdaráis custaim in ann an tráth dá dtagraítear i bpointe (b) a chinneadh, dáta éaga na tréimhse ama a leagtar síos le haghaidh fianaise a thabhairt ar aird gur comhlíonadh na coinníollacha a chuireann na hearraí i dteideal faoisimh dá leithéid.

3.   I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, is duine díobh seo a leanas a bheidh ina fhéichiúnaí:

(a)

aon duine ar ceanglaíodh air an oibleagáid lena mbaineann a chomhlíonadh;

(b)

aon duine arbh fheasach dó nó ar cheart go réasúnach gurbh fheasach dó go raibh an oibleagáid lena mbaineann gan chomhlíonadh agus a ghníomhaigh thar ceann duine a raibh sé de cheangal air an oibleagáid a chomhlíonadh;

(c)

aon duine a bhí rannpháirteach sa ghníomh arbh é an toradh a bhí air neamhchomhlíonadh na hoibleagáide agus arbh fheasach dó nó ar cheart go réasúnach gurbh fheasach dó nár taisceadh dearbhú custaim ba cheart a thaisceadh.

4.   I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, is é an féichiúnaí aon duine ar a gceanglaítear na coinníollacha a chomhlíonadh faoinar ceadaíodh do na hearraí críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil le faoiseamh iomlán nó páirteach ó dhleachtanna ar onnmhairí.

Roinn 3

Forálacha is coiteann d’fhiacha custaim a thabhaítear i dtaca le hallmhairiú agus le honnmhairiú

Airteagal 50

Toirmisc agus srianta

1.   Tabhófar an fiach custaim i dtaca le hallmhairiú nó le honnmhairiú fiú má bhaineann sé le hearraí atá faoi réir bearta toirmisc nó srianta de chineál ar bith ar allmhairiú nó ar onnmhairiú.

2.   Ní thabhófar fiach custaim, áfach, ar cheachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

airgeadra góchumtha a thabhairt isteach go mídhleathach i gcríoch custaim an Chomhphobail;

(b)

drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a thabhairt isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail seachas i gcás ina mbeidh siad faoi dhianmhaoirseacht ag na húdaráis inniúla d’fhonn iad a úsáid chun críocha leighis agus eolaíocha.

3.   Chun críocha pionós is infheidhme i leith cionta custaim, measfar áfach gur tabhaíodh fiach custaim i gcás ina gcuirfidh dleachtanna custaim, nó ina gcuirfidh marthain féich custaim, an bonn ar fáil ar air a gcinnfear pionóis faoi dhlí Ballstáit.

Airteagal 51

Féichiúnaithe leithleacha

I gcás ina ndlífidh roinnt daoine leithleacha méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn d’fhiach custaim amháin a íoc, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le méid iomlán an fhéich.

Airteagal 52

Rialacha ginearálta chun méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a ríomh

1.   Cinnfear méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ar bhonn na rialacha sin chun méid na dleachta a ríomh a bhí infheidhme i leith na n-earraí lena mbaineann tráth ar tabhaíodh an fiach custaim maidir leo.

2.   I gcás nach féidir tráth tabhaithe an fhéich chustaim a chinneadh go beacht, measfar gurb é an tráth a dtiocfaidh na húdaráis custaim ar an tuairim go bhfuil na hearraí i staid inar tabhaíodh fiach custaim.

Ar a shon sin, i gcás ina gcuirfidh an fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis custaim ar a gcumas a dheimhniú gur tabhaíodh an fiach custaim sular tháinig siad ar an tuairim sin, measfar gur tabhaíodh an fiach custaim an tráth is túisce arbh fhéidir an staid sin a shuíomh.

Airteagal 53

Rialacha ginearálta chun méid na dleachta ar allmhairí ríomh

1.   I gcás inar tabhaíodh costais stórála nó costais gnáthfhoirmeacha láimhseála laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail i ndáil le hearraí a cuireadh faoi nós imeachta custaim, ní chuirfear na costais sin ná an méadú ar luach san áireamh agus méid na dleachta custaim ar allmhairí á ríomh i gcás ina gcuirfidh an dearbhóir cruthúnas sásúil ar na costais sin ar fáil.

Ar a shon sin, cuirfear luach custaim, cainníocht, cineál agus tionscnamh earraí neamh-Chomhphobail a mbaintear úsáid astu sna hoibríochtaí san áireamh agus méid na dleachta ar allmhairí á ríomh.

2.   I gcás ina dtiocfaidh athrú ar rangú taraife earraí a cuireadh faoi nós imeachta custaim de bharr na ngnáthfhoirmeacha láimhseála laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail, is é an rangú taraife bunaidh le haghaidh na n-earraí a cuireadh faoin nós imeachta a chuirfear i bhfeidhm arna iarraidh sin don dearbhóir.

3.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim i ndáil le táirgí próiseáilte de thoradh ar an nós imeachta próiseála isteach, is ar bhonn rangú taraife, luach custaim, chainníocht, chinéal agus thionscnamh na n-earraí a chuirfear faoin nós imeachta isteach tráth a ghlacfar leis an dearbhú custaim a bhaineann leis na hearraí sin a chinnfear méid na dleachta ar allmhairí a bhaineann leis an bhfiach sin, arna iarraidh sin don dearbhóir.

4.   I gcás ina bhforálfar sa reachtaíocht chustaim do chóireáil fhabhrach taraife earraí, d’fhaoiseamh nó do dhíolúine iomlán nó do dhíolúine pháirteach ó dhleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí, de bhun phointí (d) go (g) d’Airteagal 33(2), Airteagail 130 go 133, nó Airteagail 171 go 174, nó de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 918/83 ón gComhairle an 28 Márta 1983 ag cur córais Chomhphobail socruithe saoirse ó dhleachtanna custaim ar bun (12), beidh feidhm freisin ag an gcóireáil fhabhrach taraife sin, ag an bhfaoiseamh sin nó ag an díolúine sin i gcásanna inar tabhaíodh fiach custaim de bhun Airteagal 46 nó Airteagal 49 den Rialachán seo, ar an gcoinníoll nach iarracht ar mheabhlaireacht a bheidh inti.

Airteagal 54

Bearta cur chun feidhme

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na rialacha chun méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is infheidhme i leith earraí a ríomh;

(b)

rialacha speisialta breise le haghaidh nósanna imeachta sonracha;

(c)

maoluithe ar Airteagal 52 agus ar Airteagal 53, chun imchéimniú ar na bearta taraife dá dtagraítear in Airteagal 33(2)(h) a sheachaint,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 55

An áit a dtabhaítear an fiach custaim

1.   Tabhófar fiach custaim san áit a dtaiscfear an dearbhú custaim nó an fógra athonnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 44, in Airteagal 45 agus in Airteagal 48 nó ag an áit a bhfuil an dearbhú forlíontach dá dtagraítear in Airteagal 110(3) le taisceadh.

I ngach cás eile, is ag an áit a tharlóidh na teagmhais as a n-eascróidh an fiach custaim a thabhófar é.

I gcás nach féidir an áit sin a chinneadh, tabhófar an fiach custaim ag an áit a dtiocfaidh na húdaráis custaim ar an tuairim maidir léi go bhfuil na hearraí i staid inar tabhaíodh fiach custaim.

2.   Más rud é gur cuireadh na hearraí isteach le haghaidh nós imeachta custaim nár urscaoileadh, agus mura féidir an áit a chinneadh, de bhun na dara fomhíre agus na tríú fomhíre de mhír 1, laistigh de thréimhse shonraithe, tabhófar an fiach custaim ag an áit ar cuireadh na hearraí faoin nós imeachta lena mbaineann nó ag an áit ar tugadh isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail iad faoin nós imeachta sin.

Na nósanna imeachta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

3.   I gcás ina gcuirfidh an fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis custaim ar a gcumas a shuíomh go bhféadfaí an fiach custaim a thabhú in áiteanna leithleacha, measfar an fiach custaim a bheith tabhaithe ag an áit ar tabhaíodh den chéad uair é.

4.   Má shuíonn údarás custaim gur tabhaíodh fiach custaim faoi Airteagal 46 nó faoi Airteagal 49 i mBallstát eile agus más lú méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach sin ná EUR 10 000, measfar an fiach custaim a bheith tabhaithe sa Bhallstát inar suíodh amhlaidh.

CAIBIDIL 2

Ráthaíocht i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann

Airteagal 56

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag an gCaibidil seo i ndáil le ráthaíochtaí i leith fiach custaim arna dtabhú agus i leith fiach custaim a fhéadfar a thabhú, mura sonraítear a mhalairt.

2.   Féadfaidh údaráis custaim a éileamh go gcuirfear ráthaíocht ar fáil chun íocaíocht mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn d’fhiach custaim a áirithiú. I gcás ina bhforálfar amhlaidh leis na forálacha ábhartha, féadfaidh an ráthaíocht a éilítear muirir eile a fholú dá bhforáiltear faoi fhorálacha ábhartha eile atá i bhfeidhm.

3.   I gcás ina n-éileoidh na húdaráis custaim go gcuirfear ráthaíocht ar fáil, is ar an bhféichiúnaí nó ar an duine a fhéadfaidh a bheith ina fhéichiúnaí a éileofar sin. Féadfaidh siad a cheadú freisin do dhuine eile seachas an duine ar a n-éileofar í an ráthaíocht a chur ar fáil.

4.   Gan dochar d’Airteagal 64, ní éileoidh na húdaráis custaim go gcuirfear ach ráthaíocht amháin ar fáil i ndáil le hearraí sonracha nó i ndáil le dearbhú sonrach.

Beidh feidhm ag an ráthaíocht a sholáthraítear do dhearbhú sonrach maidir le méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim agus do mhuirir eile i ndáil leis na hearraí uile a fholaítear leis an dearbhú sin nó a scaoiltear mar gheall air, cibé acu an ceart nó mícheart an dearbhú sin.

Murar scaoileadh an ráthaíocht, féadfar í a úsáid chomh maith, laistigh de theorainneacha na méide atá urraithe, chun méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí agus muirir eile atá iníoctha i ndiaidh rialú iarscaoilte na n-earraí sin a aisghabháil.

5.   Ar iarratas ón duine dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis custaim, i gcomhréir le hAirteagal 62(1) agus (2), soláthar ráthaíochta cuimsithí a údarú a chlúdóidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim i ndáil le dhá cheann nó níos mó d’oibríochtaí, de dhearbhuithe nó de nósanna imeachta custaim.

6.   Ní éileofar aon ráthaíocht ó Stáit, ó údaráis réigiúnacha ná ó údaráis rialtas áitiúla ná ó aon chomhlachtaí eile a rialaítear leis an dlí poiblí, i ndáil le gníomhaíochtaí lena ngabhann siad mar údaráis phoiblí.

7.   Féadfaidh na húdaráis custaim an ceangal maidir le soláthar ráthaíochta a tharscaoileadh i gcás nach rachaidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bheidh le hurrú thar an tairseach staidrimh le haghaidh dearbhuithe a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle an 22 Bealtaine 1995 maidir le staidreamh a bhaineann le trádáil earraí ag an gComhphobal agus ag a Bhallstáit le tíortha nach ballstáit (13).

8.   Beidh ráthaíocht arna glacadh nó arna húdarú ag na húdaráis custaim bailí ar fud chríoch custaim an Chomhphobail chun na gcríoch ar chucu a thugtar í.

9.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

coinníollacha chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme,

cásanna, seachas na cásanna a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo, nach n-éileofar ráthaíocht iontu,

eisceachtaí ó mhír 8 den Airteagal seo,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 57

Ráthaíocht éigeantach

1.   I gcás ina mbeidh sé éigeantach ráthaíocht a chur ar fáil, agus faoi réir na rialacha a ghlacfar de bhun mhír 3, socróidh na húdaráis méid na ráthaíochta sin ar leibhéal is ionann agus méid beacht na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn do na fiacha custaim agus do na muirir eile i gcás inar féidir an méid sin a shuíomh go cinnte an tráth a n-éilítear an ráthaíocht.

I gcás nach féidir an méid beacht a shuíomh, socrófar an ráthaíocht ag méid uasta na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim agus do na muirear eile a thabhófar nó a fhéadfar a thabhú, is méid a mheasfaidh na húdaráis custaim.

2.   Gan dochar d’Airteagal 62, i gcás ina gcuirfear ráthaíocht chuimsitheach ar fáil le haghaidh na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn d’fhiacha custaim agus do mhuirir eile a n-athróidh a méid thar am, socrófar méid na ráthaíochta sin ar leibhéal a chumasóidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn d’fiacha custaim agus do mhuirir eile a chumhdach tráth ar bith.

3.   Glacfaidh an Coimisiún bearta, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), chun mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 58

Ráthaíocht roghnach

I gcás ina mbeidh soláthar ráthaíochta roghnach, éileoidh na húdaráis custaim ráthaíocht den sórt sin ar aon chuma má mheasann siad nach bhfuil sé cinnte go n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn d’fhiach custaim agus do mhuirir eile laistigh den tréimhse a leagtar síos. Socróidh na húdaráis sin a méid, is méid nach rachaidh thar an leibhéal dá dtagraítear in Airteagal 57.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos cathain a bheidh ráthaíocht roghnach, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 59

Ráthaíocht a chur ar fáil

1.   Féadfar ráthaíocht a chur ar fáil i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

trí éarlais in airgead tirim nó trí aon chineál íocaíochta a mheasfaidh na húdaráis custaim a bheith coibhéiseach le héarlais in airgead tirim, a íocfar in euro nó in airgeadra an Bhallstáit ina n-éilítear an ráthaíocht;

(b)

trí ghealltanas a thabharfaidh ráthóir;

(c)

trí aon fhoirm eile ráthaíochta a chuireann áirithiú coibhéiseach ar fáil go n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim agus do mhuirir eile.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na foirmeacha ráthaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

2.   Tabharfar ráthaíocht i bhfoirm éarlaise in airgead tirim nó íocaíochta a mheastar a bheith coibhéiseach le héarlais in airgead tirim, de réir na bhforálacha a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát ina n-éilítear an ráthaíocht.

Airteagal 60

Rogha ráthaíochta

Féadfaidh an duine ar a n-éilítear ráthaíocht a chur ar fáil roghnú idir an dá fhoirm ráthaíochta a leagtar síos síos in Airteagal 59(1).

Féadfaidh na húdaráis custaim, áfach, diúltú don fhoirm ráthaíochta a roghnaítear i gcás ina mbeidh sí ar neamhréir le feidhmiú cuí an nós imeachta custaim lena mbaineann.

Féadfaidh na húdaráis a éileamh go gcoinneofar le foirm na ráthaíochta a roghnaítear ar feadh tréimhse sonraí.

Airteagal 61

Ráthóir

1.   Caithfidh an ráthóir dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 59(1) a bheith ina thríú duine atá bunaithe i gcríoch custaim an Chomhphobail. Ní mór don ráthóir a bheith formheasta ag na húdaráis custaim a éilíonn an ráthaíocht mura foras creidmheasa nó airgeadais nó cuideachta árachais é atá creidiúnaithe sa Chomhphobal i gcomhréir leis na forálacha Comhphobail atá i bhfeidhm.

2.   Geallfaidh an ráthóir i scríbhinn méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá urraithe agus a fhreagraíonn d’fhiach custaim agus do mhuirir eile a íoc.

3.   Féadfaidh na húdaráis custaim diúltú an ráthóir nó an cineál ráthaíochta a thairgtear a fhormheas i gcás nach deimhin gur léir go n-áiritheoidh ceachtar acu go n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim agus na muirir eile laistigh den tréimhse fhorordaithe.

Airteagal 62

Ráthaíocht chuimsitheach

1.   Ní thabharfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 56(5) ach do dhaoine a shásaíonn na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil siad bunaithe i gcríoch custaim an Chomhphobail;

(b)

go bhfuil taifead acu ar chomhlíonadh na gceanglas custaim agus cánach;

(c)

go n-úsáideann siad na nósanna imeachta custaim atá i gceist go rialta nó gurb eol do na húdaráis custaim gur daoine iad a bhfuil sé d’acmhainn acu a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis na nósanna imeachta sin.

2.   I gcás ina mbeidh ráthaíocht chuimsitheach le cur ar fáil i leith fiach custaim agus muirear eile a d’fhéadfaí a thabhú, féadfar a údarú d’oibreoir eacnamaíoch ráthaíocht chuimsitheach a úsáid a bhfuil a méid laghdaithe nó tarscaoileadh ráthaíochta a thabhairt dó ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na critéir seo a leanas;

(a)

córas sásúil chun bainistíocht a dhéanamh ar thaifid tráchtála agus ar thaifid iompair, más iomchuí, a cheadaíonn rialuithe iomchuí custaim;

(b)

sócmhainneacht chruthaithe.

3.   Glacfaidh an Coimisiún bearta, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 184(2), lena rialófar an nós imeachta chun údaruithe a dheonú faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 63

Forálacha breise a bhaineann le húsáid ráthaíochtaí

1.   I gcásanna ina bhféadfar fiach custaim a thabhú faoi chuimse nósanna imeachta speisialta, beidh feidhm ag mír 2 agus ag mír 3.

2.   Ní bheidh feidhm ag an tarscaoileadh ráthaíochta a údarófar i gcomhréir le hAirteagal 62(2) maidir le hearraí a mheastar a chruthaíonn tuilleadh riosca calaoise.

3.   Glacfaidh an Coimisiún bearta, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), lena ndéanfar na nithe seo a leanas:

(a)

mír 2 den Airteagal seo a chur chun feidhme;

(b)

úsáid na ráthaíochta cuimsithí, a bhfuil a méid laghdaithe dá dtagraítear in Airteagal 62(2), a thoirmeasc ar bhonn sealadach;

(c)

mar bheart eisceachtúil i gcúinsí speisialta, úsáid ráthaíochta cuimsithí a thoirmeasc ar bhonn sealadach i ndáil le hearraí a bheidh sainithe mar nithe atá ina n-ábhar do chalaois ar mhórscála le linn dóibh a bheith faoi ráthaíocht chuimsitheach.

Airteagal 64

Ráthaíocht bhreise nó ráthaíocht athsholáthair

I gcás ina ndeimhneoidh na húdaráis custaim nach n-áiritheoidh an ráthaíocht a bheidh curtha ar fáil, nó nach bhfuil sé cinnte go n-áiritheoidh sí a thuilleadh, go n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim agus do na muirir eile laistigh den tréimhse fhorordaithe, nó nach leor í lena áirithiú amhlaidh, éileoidh siad ar dhuine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 56(3) ráthaíocht bhreise a chur ar fáil nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta bunaidh, de réir a rogha.

Airteagal 65

Scaoileadh na ráthaíochta

1.   Scaoilfidh na húdaráis custaim an ráthaíocht láithreach nuair a mhúchfar an fiach custaim nó an dliteanas i leith muirear eile nó nuair nach féidir go n-eascróidh sé a thuilleadh.

2.   I gcás ina múchfar an fiach custaim nó an dliteanas i leith muirear eile go páirteach nó i gcás nach féidir go n-eascróidh sé ach amháin i ndáil le páirt den mhéid atá urraithe, scaoilfear páirt chomhfhreagrach den ráthaíocht dá réir sin ar iarraidh ón duine lena mbaineann ach amháin sa chás nach mbeidh bonn cirt faoi déanamh amhlaidh mar gheall ar an méid atá i gceist.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 3

Aisghabháil agus íocaíocht dleachta agus aisíocaíocht agus loghadh mhéid na dleachta ar allmhairí agus ar onnmhairí

Roinn 1

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a chinneadh, fógra a thabhairt faoin bhfiach custaim agus iontráil sna cuntais

Airteagal 66

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a chinneadh

1.   Is iad na húdaráis custaim atá freagrach as an áit a dtabhaítear an fiach custaim, nó a mheasfar é a bheith tabhaithe i gcomhréir le hAirteagal 55 inti, a chinnfidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha, a luaithe is a bheidh an fhaisnéis riachtanach acu.

2.   Gan dochar d’Airteagal 27, féadfaidh na húdaráis custaim glacadh le méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha a chinnfidh an dearbhóir.

Airteagal 67

Fógra a thabhairt maidir leis an bhfiach custaim

1.   Tabharfar fógra don fhéichiúnaí maidir leis bhfiach custaim san fhoirm a leagtar síos ag an áit a dtabhófar an fiach custaim, nó a meastar é a bheith tabhaithe i gcomhréir le hAirteagal 55 inti.

Ní thabharfar an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír sna cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhforchuirfear beart sealadach beartais tráchtála i bhfoirm dleachta, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir le méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí;

(b)

i gcás ina rachaidh méid na dleachta is iníoctha ar allmhairí nó ar onnmhairí thar an méid a cinneadh ar bhonn cinnidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20;

(c)

i gcás inarb ar bhonn forálacha ginearálta a neamhbhailíodh ag dáta níos deireanaí le cinneadh cúirte, a rinneadh an cinneadh bunaidh nach dtabharfaí fógra faoin bhfiach custaim nó go dtabharfaí fógra faoi mhéid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ba lú ná an méid ab iníoctha;

(d)

i gcásanna ina ndíolmhaítear na húdaráis custaim ó fhógra a thabhairt faoin bhfiach custaim faoin reachtaíocht chustaim.

Glacfaidh an Coimisiún bearta, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), chun pointe (d) den dara fomhír den mhír seo a chur chun feidhme.

2.   I gcás inarb ionann méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha agus an méid atá iontráilte sa dearbhú custaim, is ionann scaoileadh na n-earraí ag na húdaráis custaim agus fógra faoin bhfiach custaim a thabhairt don fhéichiúnaí.

3.   I gcás nach mbeidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, tabharfar fógra faoin bhfiach custaim don fhéichiúnaí laistigh de cheithre lá dhéag ón dáta a mbeidh na húdaráis custaim in ann méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha a chinneadh.

Airteagal 68

Tréimhse teorann maidir leis an bhfiach custaim

1.   Ní fhéadfar fógra a thabhairt don fhéichiúnaí maidir le fiach custaim tar éis dul in éag do thréimhse trí bliana ón dáta ar tabhaíodh an fiach custaim.

2.   I gcás ina dtabhófar an fiach custaim de bharr gnímh a d’fhéadfadh a bheith, tráth a ndearnadh é, ina chúis d’imeachtaí coiriúla cúirte a thionscnamh, síneofar an tréimhse trí bliana atá leagtha síos i mír 1 go deich mbliana.

3.   I gcás ina dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 23, cuirfear ar fionraí na tréimhsí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, a fhad a mhairfidh na himeachtaí achomhairc, ón dáta ar taisceadh an t-achomharc.

4.   I gcás ina n-aischuirfear dliteanas i leith fiach custaim de bhun Airteagal 79(5), measfar na tréimhsí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a bheith curtha ar fionraí ón dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar aisíocaíocht nó ar loghadh i gcomhréir le hAirteagal 84, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le haisíoc nó le loghadh.

Airteagal 69

Iontráil sna cuntais

1.   Iontrálfaidh na húdaráis custaim dá dtagraítear in Airteagal 66 ina gcuntais, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha agus a chinnfear i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 67(1).

Ní gá go n-iontrálfadh na húdaráis custaim sna cuntais méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreastalaíonn d’fhiach custaim nárbh fhéidir a thuilleadh fógra ina leith a thabhairt don fhéichiúnaí.

2.   Cinnfidh na Ballstáit na nósanna imeachta praiticiúla chun méideanna na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a iontráil sna cuntais. Féadfaidh difríocht a bheith idir na nósanna imeachta sin, ag brath ar cibé an mbeidh na húdaráis custaim sásta, i bhfianaise na gcúinsí inar tabhaíodh an fiach, go n-íocfar na méideanna sin.

Airteagal 70

Tráth iontrála sna cuntais

1.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim de bharr gur glacadh le dearbhú custaim i leith earraí le haghaidh nós imeachta custaim, seachas ligean isteach sealadach le faoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí, nó de bharr aon ghnímh eile a bhfuil an éifeacht dlí chéanna aige agus glacadh den sórt sin, iontrálfaidh na húdaráis custaim méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha sna cuntais laistigh de cheithre lá dhéag ó thráth scaoilte na n-earraí.

I gcás ina mbeidh íocaíocht ráthaithe, áfach, féadfar méid iomlán na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann leis na hearraí uile a scaoiltear d’aon duine amháin le linn tréimhse a socróidh na húdaráis custaim agus nach rachaidh thar 31 lá, a chuimsiú in aon iontráil amháin sna cuntais ag deireadh na tréimhse sin. Déanfar iontráil den sórt sin laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta éaga na tréimhse lena mbaineann.

2.   I gcás inar féidir earraí a scaoileadh faoi réir coinníollacha áirithe a rialaíonn méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha a chinneadh nó a bhailiú, déanfar an iontráil sna cuntais laistigh de cheithre lá dhéag ón lá a gcinnfear méid na dleachta is iníoctha ar allmhairí nó ar onnmhairí nó laistigh de cheithre lá dhéag ón lá a shocrófar an oibleagáid maidir leis an dleacht sin a íoc.

I gcás ina mbainfidh an fiach custaim, áfach, le beart sealadach beartais tráchtála i bhfoirm dleachta, iontrálfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha sna cuntais laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an Rialachán lena mbunaítear an beart críochnaitheach beartais tráchtála.

3.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim i gcúinsí nach bhfolaítear le mír 1, iontrálfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha sna cuntais laistigh de cheithre lá dhéag ón dáta a mbeidh na húdaráis custaim in ann méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá i gceist a chinneadh agus cinneadh a dhéanamh.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 3 i ndáil le méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bheidh le haisghabháil nó a bheidh fós le haisghabháil i gcás nach n-iontrálfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha sna cuntais i gcomhréir le mír 1, le mír 2 agus le mír 3 nó i gcás ina gcinnfear agus ina n-iontrálfar í sna cuntais ar leibhéal níos ísle ná an méid is iníoctha.

5.   Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama le haghaidh iontrála sna cuntais a leagtar síos i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 i gcúinsí neamh-inthuartha nó i gcásanna force majeure.

Airteagal 71

Bearta cur chun feidhme

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos rialacha maidir le hiontráil sna cuntais, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 2

méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íoc

Airteagal 72

Teorainneacha ama ginearálta le haghaidh íocaíochta agus an teorainn ama le haghaidh íocaíochta a chur ar fionraí

1.   Íocfaidh an féichiúnaí méideanna na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim ar tugadh fógra dó ina leith i gcomhréir le hAirteagal 67 laistigh den tréimhse a fhorordóidh na húdaráis custaim.

Gan dochar d’Airteagal 24(2), ní rachaidh an tréimhse sin thar dheich lá tar éis fógra maidir leis an bhfiach custaim a bheith tugtha don fhéichiúnaí. I gcás chomhshuimiú na n-iontrálacha sna cuntais faoi na coinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 70(1), socrófar í amhail is nach mbeidh sé de chumas ag an bhféichiúnaí tréimhse níos faide a fháil le haghaidh íocaíochta ná mar a bheadh aige dá ndeonófaí dó dáta na híocaíochta a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 74.

Féadfaidh na húdaráis custaim síneadh ama a chur leis an tréimhse sin ar iarraidh an fhéichiúnaí i gcás ina gcinnfear méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha i gcúrsa an rialaithe iarscaoilte dá dtagraítear in Airteagal 27. Gan dochar d’Airteagal 77(1), ní rachaidh síntí den sórt sin thar an tréimhse is gá don fhéichiúnaí chun na bearta cuí a dhéanamh lena oibleagáid a chomhlíonadh.

2.   Má tá an féichiúnaí i dteideal aon cheann de na háiseanna íocaíochta a leagtar síos in Airteagail 74 go 77, déanfar an íocaíocht laistigh den tréimhse nó laistigh de na tréimhsí a shonraítear i ndáil leis na háiseanna sin.

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na coinníollacha maidir le fionraí na teorann ama le haghaidh íocaíochta mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn d’fhiach custaim sna cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanfar iarratas ar loghadh dleachta i gcomhréir le hAirteagal 84;

(b)

i gcás ina bhfuiltear chun earraí a choigistiú, a dhíothú nó a thréigean leis an Stát;

(c)

i gcás inar tabhaíodh an fiach custaim de bhun Airteagal 46 agus ina mbeidh níos mó ná féichiúnaí amháin i gceist,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Leagfar síos sna bearta sin, go háirithe, tréimhse na fionraí, agus an tréimhse ama a mheastar a bheith réasúnach chun aon fhoirmiúlachtaí a thabhairt chun críche nó chun méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim a aisghabháil á cur san áireamh.

Airteagal 73

Íocaíocht

1.   Déanfar an íocaíocht in airgead tirim nó ar aon slí eile lena mhacasamhail d’éifeacht comhlíonta, lena n-áirítear coigeartú comhardú creidmheasa, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

2.   Féadfaidh tríú duine an íocaíocht a dhéanamh in ionad an fhéichiúnaí.

3.   Féadfaidh an féichiúnaí ar aon chuma méid iomlán na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí nó páirt de a íoc gan fanacht go mbeidh an tréimhse a tugadh dó le haghaidh íocaíochta caite.

Airteagal 74

Iarchur íocaíochta

Gan dochar d’Airteagal 79, déanfaidh na húdaráis custaim, ar iarraidh an duine lena mbaineann agus ar ráthaíocht a bheith curtha ar fáil dóibh, iarchur íocaíocht na dleachta is iníoctha a cheadú ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

go leithleach i ndáil le gach méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a iontrálfar sna cuntais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 70(1), nó le hAirteagal 70(4);

(b)

ar dhóigh fhoriomlán i ndáil leis na méideanna dleachta uile ar allmhairí nó ar onnmhairí a iontrálfar sna cuntais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 70(1) le linn tréimhse a shocróidh na húdaráis custaim agus nach rachaidh thar 31 lá;

(c)

ar dhóigh fhoriomlán i ndáil leis na méideanna dleachta uile ar allmhairí nó ar onnmhairí a ndéanfar iontráil amháin ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 70(1).

Airteagal 75

Teorainneacha ama le haghaidh íocaíochta a bheidh curtha siar

1.   Tríocha lá a bheidh sa tréimhse a gcuirtear íocaíocht siar ar a feadh faoi Airteagal 74.

2.   I gcás ina gcuirfear íocaíocht siar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 74, tosóidh an tréimhse ar an lá i ndiaidh an lae a dtabharfar fógra don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim.

3.   I gcás ina gcuirfear íocaíocht siar i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 74, tosóidh an tréimhse ar an lá i ndiaidh an lae a dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhshuimithe. Laghdófar é líon na laethanta a chomhfhreagraíonn do leath líon na laethanta a fholaítear leis an tréimhse chomhshuimithe.

4.   I gcás ina gcuirfear íocaíocht siar i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 74, tosóidh an tréimhse ar an lá i ndiaidh dheireadh na tréimhse a bheidh socraithe le haghaidh scaoileadh na n-earraí atá i gceist. Laghdófar é líon na laethanta a chomhfhreagraíonn do leath líon na laethanta a fholaítear leis an tréimhse atá i dtrácht.

5.   I gcás inar corruimhir líon na laethanta sna tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, beidh líon na laethanta a chaithfear a asbhaint ón tréimhse 30 lá de bhun na míreanna sin cothrom le leath na chéad ré-uimhreach eile is ísle.

6.   I gcás inar seachtainí féilire na tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ar cuireadh siar an íocaíocht ina leith le híoc ar an Aoine den cheathrú seachtain i ndiaidh na seachtaine féilire atá i gceist ar a dhéanaí.

Más míonna féilire atá sna tréimhsí sin, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ar cuireadh siar an íocaíocht ina leith le híoc ar an séú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa féilire atá i gceist.

Airteagal 76

Bearta cur chun feidhme

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na rialacha maidir le híocaíocht a chur siar i gcásanna ina mbeidh an dearbhú custaim simplithe i gcomhréir le hAirteagal 109, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrudú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 77

Saoráidí íocaíochta eile

1.   Féadfaidh na húdaráis custaim saoráidí íocaíochta seachas iarchur íocaíochta a dheonú don fhéichiúnaí ar choinníoll go gcuirfear ráthaíocht ar fáil.

I gcás ina ndeonófar saoráidí de bhun na chéad fhomhíre, déanfar ús creidmheasa a mhuirearú ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí. Is é an ráta creidmheasa úis an ráta úis a chuir an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar an bpríomhoibríocht athairgeadaithe is deireanaí a rinne sé roimh an gcéad lá féilire den leathbhliain atá i gceist (‘an ráta tagartha’), móide aon phointe céatadáin amháin.

I gcás Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa tríú céim d’aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, is é an ráta tagartha dá dtagraítear thuas an ráta coibhéiseach a bheidh leagtha síos ag a bhanc ceannais náisiúnta. Sa chás sin, beidh feidhm ar feadh na sé mhí ina dhiaidh sin ag an ráta tagartha a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den leathbhliain a bheidh i gceist.

2.   Féadfaidh na húdaráis custaim staonadh ó ráthaíocht a éileamh nó ó ús creidmheasa a mhuirearú i gcás ina suífear ar bhonn measúnaithe dhoiciméadaithe ar staid an fhéichiúnaí, go gcothódh sé sin deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta a ghlacadh chun mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

Airteagal 78

Forfheidhmiú íocaíochta agus riaráistí

1.   I gcás nach n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha laistigh den tréimhse fhorordaithe, áiritheoidh na húdaráis custaim ar gach uile bhealach a bheidh ar fáil dóibh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann go bhfaighfear íocaíocht ar an méid sin.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos bearta i ndáil lena áirithiú go bhfaighfear íocaíocht ó ráthóirí faoi chuimse nós imeachta speisialta, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

2.   Déanfar ús a mhuirearú ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ón dáta a rachaidh an tréimhse fhorordaithe in éag go dtí an dáta a ndéanfar an íocaíocht.

Is é an ráta úis ar fhiacha a bheidh ar an bhféichiúnaí a íoc ar riaráistí, suim an ráta úis a chuir an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar an bpríomhoibríocht athairgeadaithe is deireanaí a rinne sé roimh an gcéad lá féilire den leathbhliain atá i gceist (‘an ráta tagartha’), móide dhá phointe céatadáin.

I gcás Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa tríú céim d’aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, is é an ráta tagartha dá dtagraítear thuas an ráta coibhéiseach a bheidh leagtha síos ag a bhanc ceannais náisiúnta. Sa chás sin, beidh feidhm ar feadh na sé mhí ina dhiaidh sin ag an ráta tagartha a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den leathbhliain a bheidh i gceist.

3.   I gcás ina dtabharfar fógra de bhun Airteagal 67(3) faoi fhiach custaim, déanfar ús a mhuirearú de bhreis ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí, ón dáta a thabhófar an fiach custaim go dtí an dáta a dtabharfar an fógra faoi.

Leagfar síos an ráta úis ar riaráistí i gcomhréir le mír 2.

4.   Féadfaidh na húdaráis custaim staonadh ó ús a mhuirearú ar riaráistí i gcás ina suífear ar bhonn measúnaithe dhoiciméadaithe ar staid an fhéichiúnaí, go gcothófaí deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta dá ndéanfaí é a mhuirearú.

5.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na cásanna, i dtéarmaí ama agus méideanna, ina bhféadfaidh na húdaráis custaim bailiú úis ar riaráistí a tharscaoileadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 3

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc agus a loghadh

Airteagal 79

Aisíoc agus loghadh

1.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo, déanfar méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh, ar choinníoll go rachaidh an méid a bheidh le haisíoc nó le loghadh thar mhéid áirithe, ar na forais seo a leanas:

(a)

méideanna na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a ró-mhuirearaíodh;

(b)

earraí lochtacha nó earraí nach gcomhlíonann téarmaí an chonartha;

(c)

earráid a rinne na húdaráis inniúla;

(d)

cothromas.

Chomh maith leis seo, i gcás inar íocadh méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí agus ina ndearnadh an dearbhú comhfhreagrach custaim a chur ó bhail, i gcomhréir le hAirteagal 114, déanfar an méid sin a aisíoc.

2.   Faoi réir na rialacha um inniúlacht i leith cinnidh, i gcás ina bhfaighidh na húdaráis custaim féin amach laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 84(1) go bhfuil méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí in-aisíoctha nó in-loghtha de bhun Airteagal 80, Airteagal 82 nó Airteagal 83, déanfaidh siad é a aisíoc nó a loghadh as a stuaim féin.

3.   Ní dheonófar aon aisíoc ná aon loghadh nuair is de bharr go ndearna an féichiúnaí calaois a d’eascair an staid arbh é an fógra faoin bhfiach custaim an deireadh a bhí léi.

4.   Ní eascróidh íocaíocht úis ag na húdaráis lena mbaineann as aisíoc.

Íocfar ús, áfach, i gcás nach ndéanfar cinneadh lena ndeonaítear aisíoc a chur chun feidhme laistigh de thrí mhí ón dáta a ndearnadh an cinneadh sin, mura taobh amuigh de rialú na n-údarás custaim a tharla an teip cloí leis an spriocdháta.

I gcásanna den sórt sin, íocfar an t-ús ón dáta a rachaidh an tréimhse trí mhí in éag go dtí an dáta a ndéanfar an t-aisíoc. Socrófar an ráta úis i gcomhréir le hAirteagal 77.

5.   I gcás inar trí earráid a dheonóidh an t-údarás inniúil an t-aisíoc nó an loghadh, déanfar an fiach custaim bunaidh a athshuíomh sa mhéid nach bhfuil cosc ama air sin faoi Airteagal 68.

I gcásanna den sórt sin, caithfear aon ús a íocadh faoin dara fomhír de mhír 4 a aisíoc.

Airteagal 80

Méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a ró-mhuirearaíodh a aisíoc agus a loghadh

Déanfar méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh a mhéid a rachaidh an méid a fhreagraíonn don bhunfhiach custaim thar an méid is iníoctha, nó a mhéid gur tugadh fógra don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim ar mhodh a bhí contrártha do phointe (c) nó do phointe (d) d’Airteagal 67(1).

Airteagal 81

Earraí lochtacha nó earraí nach gcomhlíonann téarmaí an chonartha

1.   Déanfar méid dleachta ar allmhairí a aisíoc nó a loghadh má bhaineann an fógra maidir leis an bhfiach custaim le hearraí a dhiúltaigh an t-allmhaireoir de bhrí go raibh siad lochtach, tráth ar scaoileadh iad, nó nár chomhlíon siad téarmaí an chonartha ar ar a bhonn a allmhairíodh iad.

Measfar go bhfolaíonn earraí lochtacha earraí a ndearnadh damáiste dóibh sular scaoileadh iad.

2.   Deonófar aisíoc nó loghadh dleachtanna ar allmhairí ar choinníoll nár baineadh úsáid as na hearraí, ach amháin cibé úsáid a baineadh astu i dtosach agus a bhféadfadh sé go raibh gá léi chun a dheimhniú go raibh siad lochtach nó nár chomhlíon siad téarmaí an chonartha agus ar choinníoll go n-onnmhaireofar ó chríoch custaim an Chomhphobail iad.

3.   Ar iarraidh an duine lena mbaineann, ceadóidh na húdaráis custaim go gcuirfear na hearraí faoin nós imeachta próiseála isteach, lena n-áirítear chun iad a dhíothú, nó faoin nós imeachta um idirthuras seachtrach, faoin nós imeachta um stórasú custaim nó faoin nós imeachta saorchreasa, seachas iad a onnmhairiú.

Airteagal 82

Aisíoc nó loghadh mar gheall ar earráid a rinne na húdaráis inniúla

1.   I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 79(1) agus in Airteagal 80, in Airteagal 81 agus in Airteagal 83, agus i gcás ina raibh an méid a fhreagraíonn don fhiach custaim a fógraíodh i dtús níos ísle ná an méid a bhí iníoctha, mar gheall ar earráid a rinne na húdaráis inniúla, aisíocfar nó loghfar suim dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí, ar choinníoll go sásófar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach bhféadfadh an féichiúnaí go réasúnach an earráid a bhrath;

(b)

go raibh an féichiúnaí ag gníomhú de mheon macánta.

2.   I gcás inarb ar bhonn córais comhoibrithe riaracháin a bhfuil baint ag údaráis tíre nó críche atá taobh amuigh de chríoch custaim an Chomhphobail rannpháirteach leis a dheonaítear cóireáil fhabhrach na n-earraí, beidh eisiúint deimhnithe ag na húdaráis sin, má tharlaíonn sé go raibh sé mícheart, ina earráid nach bhféadfaí a bhrath go réasúnach de réir bhrí phointe (a) de mhír 1.

Ní earráid a bheidh in eisiúint deimhnithe mhíchirt áfach, i gcás ina mbeidh an deimhniú bunaithe ar chuntas mícheart ar na fíricí a chuir an t-onnmhaireoir ar fáil, ach amháin i gcás inar léir gurbh eol do na húdaráis eisiúna nó gur cheart gurbh eol dóibh nár chomhlíon na hearraí na coinníollacha a leagadh síos le haghaidh teidil chuig an gcóireáil fhabhrach.

Measfar gur ghníomhaigh an féichiúnaí de mheon macánta, más féidir leis a thaispeáint gur ghníomhaigh sé, le linn thréimhse na n-oibríochtaí trádála lena mbaineann, le dúthracht chuí lena áirithiú gur comhlíonadh na coinníollacha uile maidir le cóireáil fhabhrach.

Ní fhéadfaidh an féichiúnaí a bheith ag brath ar phléadáil gur ghníomhaigh sé de mheon macánta má d’fhoilsigh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, inar sonraíodh go raibh forais amhrais ann maidir le feidhmiú cuí na socruithe fabhracha ag an tír thairbhíoch nó ag an gcríoch thairbhíoch.

Airteagal 83

Aisíoc agus loghadh i gcothromas

I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 79(1) agus in Airteagal 80, in Airteagal 81 agus in Airteagal 82, déanfar méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh ar mhaithe le cothromas, nuair is i gcúinsí speisialta a tabhaíodh an fiach custaim agus nach féidir a chur i leith an fhéichiúnaí gur meabhlaireacht nó faillí shoiléir a bhí i gceist aige.

Airteagal 84

Nós imeachta um aisíoc agus loghadh

1.   Cuirfear iarratais ar aisíoc nó ar loghadh i gcomhréir le hAirteagal 79 chuig an oifig custaim chuí laistigh de na tréimhsí seo a leanas:

(a)

i gcás dleachtanna a ró-mhuirearaíodh, i gcás earráide a rinne na húdaráis inniúla, nó i gcás cothromais, laistigh de thrí bliana ón dáta a dtabharfar fógra faoin bhfiach custaim;

(b)

i gcás earraí lochtacha nó earraí nach gcomhlíonann téarmaí an chonartha, laistigh de bhliain ón dáta a dtabharfar fógra faoin bhfiach custaim;

(c)

i gcás ina gcuirfear dearbhú custaim ó bhail, laistigh den tréimhse a shonraítear sna rialacha is infheidhme maidir le neamhbhailíochtú.

Cuirfear síneadh leis an tréimhse a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad mhír i gcás ina gcuirfidh an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur cuireadh bac air a iarratas a chur isteach laistigh den tréimhse a forordaíodh de bharr cúinsí neamh-intuartha nó de bharr force majeure.

2.   I gcás inar taisceadh achomharc faoi Airteagal 23 in aghaidh fhógra an fhéich custaim, cuirfear an tréimhse ábhartha a shonraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo ar fionraí, ón dáta a thaiscfear an t-achomharc, ar feadh ré na n-imeachtaí achomhairc.

Airteagal 85

Bearta cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta chun an Roinn seo a chur chun feidhme. Leagfar síos sna bearta sin, go háirithe, na cásanna ina gcinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 184(3), an bhfuil bonn cirt faoi méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a loghadh nó a aisíoc.

CAIBIDIL 4

Fiach custaim a mhúchadh

Airteagal 86

Múchadh

1.   Gan dochar d’Airteagal 68 agus do na forálacha atá i bhfeidhm maidir le neamh-aisghabháil mhéid na dleachta a fhreagraíonn d’fhiach custaim i gcás dhócmhainneacht an fhéichiúnaí a deimhníodh go breithiúnach, déanfar fiach custaim maidir le hallmhairiú nó le honnmhairiú a mhúchadh ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

trí mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íoc;

(b)

faoi réir mhír 4, trí mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a loghadh;

(c)

i gcás, maidir le hearraí atá dearbhaithe le haghaidh nós imeachta custaim a bhéarfaidh oibleagáid dleachtanna a íoc, ina gcuirfear an dearbhú custaim ó bhail;

(d)

i gcás ina gcoigisteofar earraí ar a ndlitear dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí;

(e)

i gcás ina ngabhfar earraí ar a ndlitear dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí agus ina gcoigisteofar iad an tráth céanna nó ina dhiaidh sin;

(f)

i gcás ina ndéanfar earraí ar a ndlitear dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí a dhíothú faoi mhaoirseacht custaim nó ina dtréigfear leis an Stát iad;

(g)

i gcás ina n-imeoidh na hearraí as amharc nó nach gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn ón reachtaíocht chustaim de bharr dhíothú iomlán na n-earraí sin nó de bharr iad a bheith imithe ó mhaith ar fad mar gheall ar chineál iarbhír na n-earraí, nó ar chúinsí neamh-intuartha nó force majeure, nó de thoradh ar theagasc ó na húdaráis custaim; chun críocha an phointe seo, measfar go bhfuil earraí caillte ar fad nuair a bheidh siad curtha ó mhaith ag aon duine;

(h)

i gcás inar tabhaíodh an fiach custaim de bhun Airteagal 46 nó Airteagal 49 agus inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(i)

nach raibh éifeacht shuntasach ag an mainneachtain as ar eascair tabhú an fhéich custaim ar oibriú ceart an nós imeachta custaim lena mbaineann agus nach iarracht ar mheabhlaireacht a bhí inti;

(ii)

go ndearnadh ina dhiaidh sin na foirmiúlachtaí uile ba ghá chun staid na n-earraí a chur ina ceart;

(i)

i gcás inar onnmhairíodh, le cead ó na húdarás custaim, earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht saor ó dhleacht, nó ar ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí, de bhua a n-úsáide deiridh;

(j)

i gcás inar de bhun Airteagal 45 a tabhaíodh é agus i gcás ina gcuirtear ar ceal na foirmiúlachtaí a cuireadh i gcrích chun go bhféadfaí an chóireáil fhabhrach taraife dá dtagraítear san Airteagal sin a dheonú;

(k)

i gcás, faoi réir mhír 5 den Airteagal seo, gur de bhun Airteagal 46 a tabhaíodh an fiach custaim agus i gcás ina gcuirtear fianaise ar fáil chun sástacht na n-údarás custaim nár úsáideadh na hearraí ná nár caitheadh iad agus gur onnmhairíodh ó chríoch custaim an Chomhphobail iad.

2.   I gcás coigistithe, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, measfar mar sin féin, chun críocha na bpionós is infheidhme maidir le cionta custaim, nach mbeidh an fiach custaim múchta i gcás inarb iad dleachtanna custaim nó fiach custaim an bunús, faoi dhlí Ballstáit, ar a gcinntear pionóis.

3.   I gcás ina múchfar fiach custaim i gcomhréir le pointe (g) de mhír 1, i ndáil le hearraí a urscaoiltear i saorchúrsaíocht saor ó dhleacht nó a scaoiltear ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí mar gheall ar an úsáid deiridh atá beartaithe dóibh, measfar gur earraí neamh-Chomhphobail aon fhuíoll nó aon dramhaíl a bheidh mar thoradh ar a ndíothú.

4.   I gcás ina ndlífidh líon daoine méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a fhreagraíonn don fhiach custaim a íoc agus go ndeonaítear loghadh, ní mhúchfar an fiach custaim ach amháin i ndáil leis an duine nó leis na daoine a ndeonaítear an loghadh dóibh.

5.   Sa chás dá dtagraítear i bpointe (k) de mhír 1, ní mhúchfar an fiach custaim i ndáil le duine nó le daoine a rinne iarracht ar mheabhlaireacht.

6.   I gcás inar de bhun Airteagal 46 a tabhaíodh an fiach custaim, múchfar é i ndáil leis an duine nár bhain aon iarracht ar mheabhlaireacht lena iompar agus a chuidigh leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

TEIDEAL IV

EARRAÍ A THUGTAR ISTEACH I gCRÍOCH CUSTAIM AN CHOMHPHOBAIL

CAIBIDIL 1

Dearbhú iontrála achomair

Airteagal 87

Oibleagáid dearbhú iontrála achomair a thaisceadh

1.   Earraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, beidh siad faoi réir dearbhaithe iontrála achomair, cé is moite de mheáin iompair a allmhairítear ar bhonn sealadach agus meáin iompair agus na hearraí a iompraítear iontu nach bhfuil ach ar thuras trí uiscí teorann nó trí aerspás chríoch custaim an Chomhphobail gan stopadh laistigh den chríoch sin.

2.   Mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht chustaim, taiscfear dearbhú iontrála achomair ag an oifig custaim inniúil sula dtabharfar na hearraí isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail.

In ionad thaisceadh an dearbhaithe iontrála achomair, féadfaidh údaráis custaim glacadh le taisceadh fógra agus rochtain a bheith acu ar shonraí maidir leis an dearbhú iontrála achomair i gcóras ríomhaire an oibreora eacnamaíoch.

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na cásanna seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, faoina bhféadfar an ceangal maidir le dearbhú iontrála achomair a tharscaoileadh nó a oiriúnú agus na coinníollacha faoina bhféadfar an ceangal sin a tharscaoileadh nó a oiriúnú;

(b)

an dáta deiridh a mbeidh an dearbhú iontrála achomair le taisceadh nó le cur ar fáil sula dtabharfar na hearraí isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail;

(c)

na rialacha a bhaineann le heisceachtaí ón teorainn ama dá dtagraítear i bpointe (b) agus aon athruithe uirthi;

(d)

na rialacha lena gcinnfear an oifig custaim inniúil ina dtaiscfear nó in gcuirfear ar fáil an dearbhú iontrála achomair agus ina ndéanfar an anailís riosca agus ina gcuirfear na rialuithe iontrála rioscabhunaithe i gcrích,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Agus na bearta sin á nglacadh, cuirfear an méid a leanas san áireamh:

(a)

cúinsí speisialta;

(b)

cur i bhfeidhm na mbeart sin maidir le cineálacha éagsúla tráchta earraí, modhanna iompair nó oibreoirí eacnamaíocha;

(c)

comhaontuithe idirnáisiúnta ina bhforáiltear do shocruithe speisialta slándála.

Airteagal 88

Taisceadh agus an duine atá freagrach

1.   Taiscfear an dearbhú iontrála achomair le teicníc próiseála sonraí leictreonacha. Féadfar úsáid a bhaint as faisnéis faoi thrácht, faoi chalafort nó faoi iompar ar choinníoll go bhfuil na sonraí is gá ann le haghaidh dearbhú iontrála achomair.

I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh na húdaráis custaim glacadh le dearbhuithe iontrála achomair páipéarbhunaithe, ar choinníoll go gcuirfidh siad i bhfeidhm an leibhéal céanna bainistíochta riosca a chuirtear i bhfeidhm i gcás dearbhuithe iontrála achomair a dhéantar le teicníc próiseála sonraí leictreonacha agus gur féidir na riachtanais maidir le malartú sonraí den sórt sin le hoifigí custaim eile a chomhlíonadh.

2.   Is é an duine a thabharfaidh na hearraí isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, nó a ghlacfaidh freagracht as iad a iompar isteach sa chríoch sin, a thaiscfidh an dearbhú iontrála achomair.

3.   D’ainneoin oibleagáidí an duine dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh duine de na daoine seo a leanas an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh:

(a)

an t-allmhaireoir nó an coinsíní nó duine eile a ngníomhaíonn an duine dá dtagraítear i mír 2 ina ainm nó thar a cheann;

(b)

aon duine atá in ann na hearraí atá i gceist a thíolacadh don údarás inniúil custaim nó atá in ann iad a chur á dtíolacadh don údarás inniúil custaim.

4.   I gcás ina dtaiscfidh duine seachas oibreoir an mhodha iompair inar tógadh na hearraí isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail dearbhú iontrála achomair, taiscfidh an t-oibreoir sin fógra teachta leis an oifig custaim iomchuí i bhfoirm lastliosta, nóta seachadta nó bileoige lóid ina bhfuil an fhaisnéis atá riachtanach chun go bhféadfaí na hearraí uile a iompraíodh agus a bhfuil dearbhú iontrála achomair lena gclúdach a aithint.

I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta lena sannfar an fhaisnéis a chaithfidh a bheith ar an bhfógra faoi theacht.

Beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, maidir leis an bhfógra faoi theacht a luaitear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 89

Leasúchán ar dhearbhú iontrála achomair

1.   Ceadófar don duine a thaiscfidh an dearbhú iontrála achomair, ar a iarratas féin, ceann nó níos mó de shonraí an dearbhaithe sin a leasú tar éis dó a bheith taiscthe.

Ní fhéadfar leasú den sórt sin a dhéanamh áfach tar éis aon cheann de na teagmhais a leanas:

(a)

gur chuir na húdaráis chustaim in iúl don duine a thaisc an dearbhú iontrála achomair go bhfuil rún acu na hearraí a iniúchadh;

(b)

gur dheimhnigh na húdaráis custaim go bhfuil na sonraí atá i gceist mícheart;

(c)

gur cheadaigh na húdaráis custaim na hearraí a aistriú ón áit ar tíolacadh iad.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos eisceachtaí ó phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, ag sainmhíniú go háirithe:

(a)

critéir chun forais le haghaidh leasúchán a shocrú tar éis aistrithe;

(b)

na heilimintí sonraí a bhféadfar a leasú;

(c)

an teorainn ama tar éis aistrithe ina bhféadfar an leasúchán a cheadú,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 90

Dearbhú custaim in ionad dearbhaithe iontrála achomair

Féadfaidh an oifig custaim inniúil an dearbhú iontrála achomair a tharscaoileadh i ndáil le hearraí a dtaiscfear dearbhú custaim ina leith roimh dháta éaga na teorann ama dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 87(3). Sa chás sin, ní mór go mbeadh, ar a laghad, na sonraí is gá don dearbhú iontrála achomair sa dearbhú. Go dtí go nglacfar leis an dearbhú custaim i gcomhréir le hAirteagal 112, beidh stádas dearbhaithe iontrála achomair aige.

CAIBIDIL 2

Teacht earraí

Roinn 1

Earraí a theacht isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail

Airteagal 91

Maoirseacht chustaim

1.   Beidh earraí a thabharfar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail faoi réir maoirseachta custaim ó am a n-iontrála, agus féadfaidh siad a bheith faoi réir rialuithe custaim. I gcás inarb infheidhme, beidh siad faoi réir na dtoirmeasc agus na srianta sin a bhfuil bonn cirt leo ar mhaithe, inter alia, leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; chun an comhshaol a chosaint; chun seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint agus chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint, lena n-áirítear rialú ar réamhtheachtaithe drugaí, earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla áirithe agus airgead tirim ag teacht isteach sa Chomhphobal, agus chun bearta bainistíochta agus caomhnaithe iascaigh agus bearta beartais tráchtála a chur chun feidhme.

Fanfaidh siad faoi mhaoirseacht custaim fad is gá lena stádas custaim a chinneadh agus ní bhainfear iad ón maoirseacht sin gan cead na n-údarás custaim.

Gan dochar d’Airteagal 166, ní bheidh earraí Comhphobail faoi réir maoirseachta custaim nuair a bheidh a stádas custaim deimhnithe.

Fanfaidh earraí neamh-Chomhphobail faoi mhaoirseacht custaim go dtí go dtiocfaidh athrú ar a stádas nó go dtí go n-onnmhaireofar iad an athuair nó go dtí go ndíothófar iad.

2.   Le cead ó na húdaráis custaim, féadfaidh sealbhóir na n-earraí atá faoi mhaoirseacht custaim na hearraí a iniúchadh nó samplaí díobh a glacadh tráth ar bith, go háirithe chun a rangú taraife, a luach custaim nó a stádas custaim a chinneadh.

Airteagal 92

Iompar go dtí an t-ionad cuí

1.   An duine a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, iompróidh sé iad gan mhoill, ar an gconair a shonróidh na húdaráis custaim agus i gcomhréir lena dtreoracha, más ann, go dtí oifig custaim a ainmneoidh a húdaráis custaim, nó go dtí aon ionad eile a ainmneoidh nó a cheadóidh na húdaráis sin, nó isteach i saorchrios.

Earraí a thabharfar isteach i saorchrios, tabharfar isteach go díreach sa saorchrios sin iad, ar muir nó san aer nó, más ar tír, gan dul trí aon chuid eile de chríoch custaim an Chomhphobail, i gcás ina bhfuil an saorchrios ag síneadh leis an teorainn talún idir Ballstát agus tríú tír.

Tíolacfar na hearraí do na húdaráis custaim i gcomhréir le hAirteagal 95.

2.   Aon duine a ghlacfaidh freagracht as earraí a iompar tar éis dóibh a bheith tugtha isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, beidh sé freagrach as comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar síos i mír 1.

3.   Fiú má tá siad lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail, earraí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir rialuithe custaim Ballstáit de bharr comhaontaithe a rinneadh leis an tír nó leis an gcríoch ábhartha lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail, caithfear leo ar an mbealach céanna agus a chaithfí le hearraí a thabharfaí isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail.

4.   Ní chuirfidh mír 1 bac ar fheidhm aon fhorálacha speisialta i ndáil le litreacha, le cártaí poist agus le hábhar clóite agus lena gcoibhéisí leictreonacha nó le hearraí atá á n-iompar ag taistealaithe, le hearraí a iompraítear laistigh de chriosanna teorann nó i bpíblínte nó sreanga nó le haon trácht eile ar beag a thábhacht eacnamúil, ar choinníoll nach ndéanfar féidearthachtaí maidir le maoirseacht chustaim agus le rialú custaim a chur i mbaol dá bharr sin.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le meán iompair agus maidir le hearraí a iompraítear leo nach mbeidh ach ag imeacht trí uiscí teorann nó trí aerspás chríoch custaim an Chomhphobail gan stopadh laistigh den chríoch sin.

Airteagal 93

Aersheirbhísí agus seirbhísí ar muir laistigh den Chomhphobal

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 87 go 90, 92(1) agus 94 go 97 i ndáil le hearraí a d’fhág go sealadach críoch custaim an Chomhphobail le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht idir dhá phointe sa chríoch sin ar muir nó san aer, ar choinníoll gur ar chonair dhíreach agus ar aer nó le seirbhís rialta loingis gan stopadh lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail a rinneadh an iompar.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos forálacha speisialta le haghaidh aersheirbhísí agus seirbhísí rialta loingis, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 94

Iompar faoi imthosca speisialta

1.   I gcás nach féidir an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal 92(1) a chomhlíonadh de bharr imthosca nárbh fhéidir a thuar nó force majeure, cuirfidh an duine a mbeidh an oibleagáid sin de cheangal air nó aon duine eile a bheidh ag gníomhú thar ceann an duine sin an fhaisnéis sin in iúl do na húdaráis custaim gan mhoill. I gcás nach gcaillfear iomlán na n-earraí de bharr na n-imthosca nach féidir a thuar nó force majeure, cuirfear na húdaráis custaim ar an eolas freisin maidir leis an suíomh beacht ina mbeidh siad.

2.   I gcás ina mbeidh ar árthach nó ar aerárthach a thiocfaidh faoi réim Airteagal 92(5), de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar nó force majeure, port a ghabháil nó dul i dtír i gcríoch custaim an Chomhphobail agus nuair nach féidir an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, déanfaidh an duine a thug an t-árthach nó an t-aerárthach isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, nó aon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an duine sin, an scéal a chur in iúl do na húdaráis custaim gan mhoill.

3.   Cinnfidh na húdaráis custaim na bearta is gá a ghlacadh chun maoirseacht chustaim a cheadú maidir leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1, nó maidir leis an árthach nó leis an aerárthach agus le aon earraí a bheidh iontu sna cúinsí dá dtagraítear i mír 2, agus chun a áirithiú, más cuí, go dtabharfar iad ina dhiaidh sin chuig oifig custaim nó chuig áit eile a ainmneoidh nó a cheadóidh na húdaráis.

Roinn 2

Tíolacadh, díluchtú agus iniúchadh earraí

Airteagal 95

Tíolacadh earraí do chustam

1.   Earraí a thabharfar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, tíolacfaidh aon duine de na daoine seo a leanas do chustam iad, a luaithe a thiocfaidh siad go dtí an oifig custaim ainmnithe nó go dtí aon áit eile a ainmneoidh nó a cheadóidh húdaráis custaim nó isteach sa saorchrios:

(a)

an duine a thug na hearraí isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail;

(b)

an duine a bhfuil an duine a thug na hearraí isteach sa chríoch sin ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann;

(c)

an duine a ghlac freagracht as na hearraí a iompar tar éis dóibh a bheith tugtha isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail.

2.   D’ainneoin oibleagáidí an duine a luaitear i mír 1, féadfaidh duine de na daoine seo a leanas na hearraí a thíolacadh ina ionad:

(a)

aon duine a chuireann na hearraí láithreach faoi nós imeachta custaim;

(b)

duine a bhfuil údarú aige chun áiseanna stórála a fheidhmiú nó aon duine a bhíonn i mbun gníomhaíochta i saorchrios.

3.   Déanfaidh an duine a thíolacfaidh na hearraí tagairt don dearbhú iontrála achomair nó don dearbhú custaim a taisceadh i ndáil leis na hearraí.

4.   Ní chuirfidh mír 1 bac ar aon fhorálacha speisialta i ndáil le litreacha, le cártaí poist agus le hábhar clóite nó lena gcoibhéisí leictreonacha a choinnítear ar mheáin eile nó i ndáil le hearraí atá á n-iompar ag taistealaithe, le hearraí a iompraítear laistigh de chriosanna teorann nó i bpíblínte nó sreanga nó le haon trácht eile ar beag a thábhacht eacnamúil, ar choinníoll nach ndéanfar féidearthachtaí maidir le maoirseacht chustaim agus maidir le rialú custaim a chur i mbaol dá bharr sin.

Airteagal 96

Díluchtú agus iniúchadh earraí

1.   Is le cead ó na húdaráis custaim amháin sna háiteanna a ainmneoidh nó a fhaomhfaidh na húdaráis sin a dhíluchtófar nó a aistreofar earraí ón meán iompair a bheidh á n-iompar.

Ní bheidh cead den sórt sin de dhíth áfach i gcás garchontúirte ina gcaithfear iomlán nó cuid de na hearraí a dhíluchtú láithreach. Sa chás sin cuirfear an scéal in iúl dá réir do na húdaráis custaim láithreach.

2.   Féadfaidh na húdaráis custaim a éileamh tráth ar bith go ndíluchtófaí nó go ndíphacálfaí na hearraí lena n-iniúchadh, chun samplaí díobh a thógáil nó chun scrúdú a dhéanamh ar an meán iompair a bheidh á n-iompar.

3.   Ní dhéanfar earraí a tíolacadh do chustam a aistriú ón áit ar tíolacadh iad gan cead ó na húdaráis custaim.

Roinn 3

Foirmiúlachtaí tar éis an tíolactha

Airteagal 97

Oibleagáid earraí neamh-Chomhphobail a chur faoi nós imeachta custaim

1.   Gan dochar d’Airteagail 125 go 127, déanfar earraí neamh-Chomhphobail a thíolacfar do chustam a chur faoi nós imeachta custaim.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh sé de shaoirse ag an dearbhóir an nós imeachta faoinar mian leis na hearraí a chur isteach a roghnú, faoi choinníollacha an nós imeachta sin, is cuma faoina gcineál agus a méid, faoina dtír thionscnaimh, faoina gcoinsíneacht nó faoina gceann scríbe.

Airteagal 98

Earraí a mheastar a bheith curtha i stóráil shealadach

1.   Ach amháin i gcás ina gcuirfear earraí go láithreach faoi nós imeachta custaim ar glacadh le dearbhú custaim ina leith, nó i gcás ina gcuirfear i saorchrios iad, measfar go bhfuil earraí neamh-Chomhphobail a tíolacadh do chustam curtha i stóráil sealadach, faoi réir Airteagal 151.

2.   Gan dochar don oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 87(2) agus do na heisceachtaí nó don tarscaoileadh dá bhforáiltear sna bearta a ghlacfar faoi Airteagal 87(3), i gcás ina suífear nach bhfuil earraí neamh-Chomhphobail a tíolacadh do chustam cumhdaithe faoi dhearbhú iontrála achomair, taiscfidh sealbhóir na n-earraí dearbhú den sórt seo láithreach.

Roinn 4

Earraí a ghluaistear faoi nós imeachta idirthurais

Airteagal 99

Tarscaoileadh maidir le hearraí a thagann faoi idirthuras

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 92 cé is moite den chéad fhomhír de mhír 1 de, ná ag Airteagail 95 go 98 nuair a thabharfar earraí atá faoi nós imeachta idirthurais cheana féin isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail.

Airteagal 100

Forálacha a bheidh infheidhme maidir le hearraí neamh-Chomhphobail nuair a bheidh deireadh le nós imeachta idirthurais

Beidh feidhm ag Airteagal 96, ag Airteagal 97 agus ag Airteagal 98 maidir le hearraí neamh-Chomhphobail a ghluaisfidh faoi nós imeachta idirthurais, nuair a bheidh siad tíolactha don oifig custaim chinn scríbe i gcríoch custaim an Chomhphobail, i gcomhréir leis na rialacha a rialaíonn idirthuras.

TEIDEAL V

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE STÁDAS CUSTAIM, EARRAÍ A CHUR FAOI NÓS IMEACHTA CUSTAIM, FÍORÚ, SCAOILEADH AGUS DIÚSCAIRT EARRAÍ

CAIBIDIL 1

Stádas custaim earraí

Airteagal 101

Toimhde maidir le stádas earraí Comhphobail

1.   Gan dochar d’Airteagal 161, toimhdeofar go mbeidh stádas custaim earraí Comhphobail ag na hearraí uile i gcríoch custaim an Chomhphobail, mura ndeimhneofar nach earraí Comhphobail iad.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

na cásanna nach mbeidh feidhm ag an toimhde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

na meáin trína bhféadfaí stádas custaim earraí Comhphobail a bhunú;

(c)

na cásanna nach mbeidh stádas custaim earraí Comhphobail ag earraí a fuarthas go huile i gcríoch custaim an Chomhphobail má fhaightear iad ó earraí a cuireadh faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, faoi nós imeachta stórála, faoin nós imeachta admhála sealadaí nó faoin nós imeachta próiseála isteach,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 102

Cailliúint stádais custaim mar earraí Chomhphobail

Beidh earraí Comhphobail ina n-earraí neamh-Chomhphobail sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina n-aistreofar amach as críoch custaim an Chomhphobail iad, sa mhéid is nach mbeidh feidhm ag na rialacha maidir le hidirthuras inmheánach nó ag na bearta a leagadh síos i gcomhréir le hAirteagal 103.

(b)

i gcás inar cuireadh faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, nó faoi nós imeachta stórála nó faoin nós imeachta próiseála isteach iad, sa mhéid is a cheadaíonn an reachtaíocht chustaim amhlaidh;

(c)

i gcás inar cuireadh faoin nós imeachta um úsáid deiridh iad agus ina dtréigfear ina dhiaidh sin iad leis an Stát, nó ina ndíothófar agus gur dramhaíl atá fágtha;

(d)

i gcás ina neamhbhaileofar an dearbhú um scaoileadh earraí i saorchúrsaíocht tar éis an scaoilte i gcomhréir le bearta a ghlacfar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 114(2).

Airteagal 103

Earraí Comhphobail a fhágann an críoch custaim ar bhonn sealadach

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na coinníollacha faoinar féidir earraí Comhphobail gluaiseacht, gan a bheith faoi réir nós imeachta custaim, ó phointe go chéile laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail agus amach as an gcríoch sin ar bhonn sealadach gan a stádas custaim a athrú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

CAIBIDIL 2

Earraí a chur faoi nós imeachta custaim

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 104

Dearbhú custaim maidir le hearraí agus maoirseacht chustaim ar earraí Comhphobail

1.   Folófar na hearraí uile a bheartaítear a chur faoi nós imeachta custaim, seachas an nós imeachta saorchreasa, le dearbhú custaim a bheidh iomchuí don nós imeachta áirithe sin.

2.   Earraí a dhearbhófar le haghaidh onnmhairithe, le haghaidh idirthurais inmheánaigh sa Chomhphobal nó le haghaidh próiseála amach, beidh siad faoi réir maoirseachta custaim ón am a nglacfar leis an dearbhú dá dtagraítear i mír 1 go dtí go bhfágfaidh siad críoch custaim an Chomhphobail nó go dtí go dtréigfear leis an Stát iad nó go dtí go ndíothófar iad nó go dtí go neamhbhaileofar an dearbhú custaim.

Airteagal 105

Oifigí inniúla custaim

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht Chomhphobail, cinnfidh na Ballstáit suímh agus inniúlacht na n-oifigí custaim éagsúla atá lonnaithe ina gcuid críoch.

Áiritheoidh na Ballstáit go socrófar uaireanta oscailte oifigiúla do na hoifigí sin a bheidh réasúnach agus feiliúnach, agus cineál na tráchta agus na n-earraí agus na nósanna imeachta faoina gcuirfear iad á gcur san áireamh, sa chaoi is nach gcuirfear bac nó saobhadh ar shreabhadh na tráchta idirnáisiúnta.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta lena sainmhíneofar róil éagsúla agus freagrachtaí éagsúla na n-oifigí custaim inniúla, agus go háirithe róil agus freagrachtaí na n-oifigí seo a leanas:

(a)

oifigí custaim iontrála, allmhairithe, onnmhairithe nó imeachta;

(b)

oifigí custaim ina gcuirtear i gcrích na foirmiúlachtaí chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim;

(c)

na hoifigí custaim a dheonaíonn údaruithe agus a dhéanann maoirseacht ar nósanna imeachta custaim.

Airteagal 106

Imréiteach lárnaithe

1.   Féadfaidh údaráis custaim duine a údarú chun dearbhú custaim le haghaidh earraí a thíolactar do chustam in oifig custaim eile a thaisceadh nó a chur ar fáil san oifig custaim atá freagrach as an áit a bhfuil sé lonnaithe. Sna cásanna sin measfar gur san oifig custaim inar taisceadh an dearbhú custaim nó inar cuireadh ar fáil é a tabhaíodh an fiach custaim.

2.   Is í an oifig ina dtaiscfear an dearbhú custaim, nó ina gcuirfear ar fáil é, a chuirfidh na foirmiúlachtaí i gcrích maidir le fíorú an dearbhuithe, le haisghabháil mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann le haon fhiacha custaim a bheidh ann agus le scaoileadh a dheonú do na hearraí.

3.   Is í an oifig ina dtíolacfar na hearraí a chuirfidh i gcrích, gan dochar dá rialuithe féin chun críocha slándála agus sábháilteachta, aon iniúchadh a dhéanfaidh an oifig inar taisceadh na hearraí nó inar cuireadh ar fáil iad a iarraidh go dlisteanach agus is í a cheadóidh na hearraí a scaoileadh, agus faisnéis a fuarthas ón oifig sin á cur san áireamh.

4.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

deonú an údaraithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na cásanna ina ndéanfar athbhreithniú ar an údarú;

(c)

na coinníollacha faoina ndeonófar an t-údarú:

(d)

an t-údarás inniúil a aithint chun an t-údarú a dheonú;

(e)

dul i ndáil comhairle le húdaráis eile custaim agus faisnéis a sholáthar dóibh, i gcás inarb iomchuí;

(f)

na coinníollacha faoina bhféadfar an t-údarú a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(g)

ról sonrach agus freagrachtaí sonracha na n-oifigí custaim inniúla a bheidh i gceist, go háirithe maidir leis na rialuithe a bheidh le cur i bhfeidhm;

(h)

an fhoirm ina ndéanfar foirmiúlachtaí a chur i gcrích agus aon teorainn ama lena gcur i gcrích,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Cuirfidh na bearta sin an méid seo a leanas san áireamh:

maidir le pointe (c), i gcás ina mbeidh níos mó ná Ballstát amháin bainteach leis, an t-iarratasóir a bheith ag comhlíonadh an chritéir a leagtar síos in Airteagal 14 maidir le stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú,

maidir le pointe (d), an láthair ina bhfuil príomhchuntais an iarratasóra chun críocha custaim á gcoinneáil nó ina bhfuil siad inrochtana, lena n-éascaítear rialuithe bunaithe ar iniúchadh, agus ina gcuirfear i gcrích ar a laghad cuid de na gníomhaíochtaí a chumhdóidh an t-údarú.

Airteagal 107

Cineálacha dearbhuithe custaim

1.   Taiscfear an dearbhú custaim trí úsáid a bhaint as teicníc próiseála sonraí leictreonacha. Féadfaidh na húdaráis custaim a cheadú gur i bhfoirm iontrála i dtaifid an dearbhóra a bheidh an dearbhú custaim, ar choinníoll go mbeidh rochtain ag na húdaráis custaim ar na sonraí sin i gcóras leictreonach an dearbhóra agus go gcomhlíonfar na riachtanais maidir le haon mhalartú de na sonraí sin is gá idir oifigí custaim.

2.   I gás ina bhforálfar dó sin sa chustaim, féadfaidh na húdaráis custaim glacadh le dearbhú custaim páipéarbhunaithe, nó le dearbhú custaim ó bhéal nó le dearbhú a dhéanfar trí aon ghníomh eile lenar féidir earraí a chur faoi nós imeachta custaim.

3.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Roinn 2

Dearbhuithe caighdeánacha custaim

Airteagal 108

Inneachar dearbhaithe agus doiciméid tacaíochta

1.   Sna dearbhuithe custaim beidh na sonraí uile is gá chun na forálacha a chur i bhfeidhm lena rialaítear an nós imeachta custaim a ndearbhaítear na hearraí ina leith. Beidh síniú leictreonach nó meán eile fíordheimhnithe ar na dearbhuithe custaim a dhéanfar trí úsáid a bhaint as teicníc leictreonach próiseála sonraí. Déanfar dearbhuithe páipéarbhunaithe a shíniú.

I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta ina leagfar síos na sonraíochtaí nach mór do na dearbhuithe custaim cloí leo.

2.   Na doiciméid tacaíochta is gá chun na forálacha a chur i bhfeidhm lena rialaítear an nós imeachta custaim a ndearbhaítear na hearraí ina leith, cuirfear ar fáil do na húdaráis custaim iad tráth a dtaiscfear an dearbhú.

3.   Nuair a thaiscfear dearbhú custaim trí úsáid a bhaint as teicníc próiseála sonraí leictreonacha, féadfaidh na húdaráis custaim a cheadú freisin go dtaiscfear na doiciméid tacaíochta trí úsáid a bhaint as an teicníc sin. Féadfaidh na húdaráis custaim glacadh le rochtain a bheith acu ar na sonraí ábhartha i gcóras ríomhaire an oibreora eacnamaíoch, in ionad na doiciméid sin a thaisceadh.

Ar iarratas ón dearbhóir áfach, féadfaidh na húdaráis custaim a cheadú go gcuirfí na doiciméid sin ar fáil tar éis scaoileadh na n-earraí.

4.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta chun mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

Roinn 3

Dearbhuithe custaim simplithe

Airteagal 109

Dearbhú simplithe

1.   Déanfaidh na húdaráis custaim, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo, údarú a thabhairt d’aon duine earraí a chur faoi nós imeachta custaim ar bhonn dearbhaithe simplithe a bhféadfadh cuid de na sonraí agus de na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 108 a bheith in easnamh air.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhfuil an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le tabhairt, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta a ghlacadh a bhaineann leis na sonraíochtaí a chaithfidh na dearbhuithe simplithe a chomhlíonadh.

Airteagal 110

Dearbhú forlíontach

1.   I gcás dearbhaithe simplithe de bhun Airteagal 109(1), cuirfidh an dearbhóir dearbhú forlíontach ar fáil ina mbeidh na sonraí breise a bheidh riachtanach chun an dearbhú custaim don nós imeachta custaim lena mbaineann a chur i gcrích.

Féadfaidh an dearbhú breise seo a bheith de chineál ginearálta, tréimhsiúil nó achoimreach.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos eisceachtaí ón gcéad fhomhír den mhír seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

2.   Measfar gur ionstraim dhoroinnte, aonair a rachaidh i bhfeidhm ón dáta a nglacfar leis an dearbhú simplithe i gcomhréir le hAirteagal 112 iad an dearbhú forlíontach agus an dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 109(1).

I gcás inarb i bhfoirm iontrála i dtaifid an dearbhóra agus i bhfoirm rochtana ag na húdaráis custaim ar na sonraí sin a bheidh an dearbhú simplithe, beidh feidhm ag an dearbhú ón dáta a ndearnadh an iontráil maidir leis na hearraí sna taifid.

3.   Chun críocha Airteagal 55, measfar gur san áit a taisceadh an dearbhú custaim a dhéanfar an dearbhú forlíontach a thaisceadh i gcomhréir leis an údarú.

Roinn 4

Forálacha is infheidhme maidir le gach dearbhú custaim

Airteagal 111

An duine a thaisceann dearbhú

1.   Gan dochar d’Airteagal 110(1), duine ar bith a bheidh in ann na doiciméid uile a thaisceadh nó a chur ar fáil a theastaíonn chun na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim a ndearbhaítear na hearraí ina leith, féadfaidh sé dearbhú custaim a dhéanamh. Féadfaidh an duine sin na hearraí a bheidh i gceist a thíolacadh freisin don oifig inniúil custaim nó iad a chur á dtíolacadh don oifig sin.

I gcás áfach ina gcuirfear oibleagáidí ar leith ar dhuine sonrach de bharr gur glacadh le dearbhú custaim, ní mór gurb é an duine sin nó a ionadaí a dhéanfaidh an dearbhú.

2.   Beidh an dearbhóir bunaithe laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail. Ach ní bheidh ceanglas ar na dealbhóirí seo a leanas a bheith bunaithe laistigh den Chomhphobal:

daoine a thaisceann dearbhú maidir le hidirthuras nó maidir le cead isteach sealadach,

daoine a dhearbhaíonn earraí ó am go ham, ar an gcoinníoll go measann na húdaráis custaim go bhfuil sin inchosanta.

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na cásanna ina bhféadfar agus na coinníollacha faoina bhféadfar na riachtanais dá dtagraítear i mír 2 a tharscaoileadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 112

Glacadh le dearbhú

1.   Glacfaidh na húdaráis custaim le dearbhuithe a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo gan mhoill, ar choinníoll gur cuireadh na hearraí dá dtagraíonn siad i láthair na gcustam, nó gur cuireadh ar fáil do rialuithe custaim iad chun sástacht na n-údarás custaim.

I gcás inarb i bhfoirm iontrála i dtaifid an dearbhóra atá an dearbhú agus i bhfoirm rochtana ag na húdaráis custaim ar na sonraí sin, measfar an dearbhú a bheith glactha an tráth a gcuirfear an iontráil maidir leis na hearraí sna taifid. Féadfaidh na húdaráis custaim, gan dochar d’oibleagáidí dlí an dearbhóra nó d’fheidhmiú rialúchán slándála agus sábháilteachta an oibleagáid go mbeadh na hearraí ar fáil le haghaidh rialaithe a tharscaoileadh.

2.   Gan dochar d’Airteagal 110(2) ná don dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina dtaiscfear dearbhú custaim in oifig seachas an oifig ina dtíolacfar na hearraí, glacfar leis an dearbhú nuair a dhearbhóidh an oifig ina dtíolacfar na hearraí go bhfuil na hearraí ar fáil do rialú custaim.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt, is é an dáta a nglacfaidh na húdaráis custaim leis an dearbhú custaim an dáta a úsáidfear do chur i bhfeidhm na bhforálacha lena rialófar an nós imeachta custaim a ndearbhaítear na hearraí ina leith agus le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí allmhairí nó onnmhairí eile uile.

4.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta lena leagfar síos rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 113

Dearbhú a leasú

1.   Ceadófar don dearbhóir, ar a iarratas féin, leasú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de shonraí an dearbhaithe tar éis don dearbhú a bheith glactha ag an gcustam. Ní fhágfaidh an leasúchán go mbeidh an dearbhú infheidhme maidir le hearraí seachas na hearraí a d’fholaigh sé ó thús.

2.   Ní cheadófar leasúchán den sórt seo i gcás ina n-iarrfar é tar éis aon cheann de na teagmhais seo a leanas:

(a)

gur chuir na húdaráis custaim in iúl don dearbhóir go bhfuil rún acu na hearraí a iniúchadh;

(b)

gur dheimhnigh na húdaráis custaim go bhfuil na sonraí atá i dtrácht mícheart;

(c)

gur scaoil na húdaráis custaim na hearraí.

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos eisceachtaí ó phointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 114

Dearbhú a neamhbhailiú

1.   Neamhbhaileoidh na húdaráis custaim, ar iarratas ón dearbhóir, dearbhú ar glacadh leis cheana féin sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina gcreidfidh siad go mbeidh na hearraí á gcur faoi nós imeachta custaim eile láithreach;

(b)

i gcás ina gcreidfidh siad nach bhfuil bonn cirt níos mó, de thoradh imthosca speisialta, leis na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim dár dearbhaíodh iad.

I gcás inar chuir na húdaráis custaim in iúl don dearbhóir, áfach, go bhfuil siad chun na hearraí a iniúchadh, ní ghlacfar le hiarratas chun an dearbhú a neamhbhailiú go dtí go mbeidh an t-iniúchadh curtha i gcrích.

2.   Ní neamhbhaileofar an dearbhú tar éis do na hearraí a bheith scaoilte.

Na bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos eisceachtaí ón gcéad fhomhír den mhír seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 5

Simplithe eile

Airteagal 115

Éascú a dhéanamh ar dhréachtú dearbhuithe custaim i ndáil le hearraí a thagann faoi fho-cheannteidil taraife éagsúla

I gcás coinsíneachta ina mbeidh earraí a thagann faoi fho-cheannteidil éagsúla taraife agus go mbeadh ualach oibre agus caiteachais díréireach ann i gcomparáid leis na dleachtanna ar allmhairí inmhuirir dá ndéileálafaí le gach ceann de na hearraí sin i gcomhréir lena fho-cheannteidil taraife chun críche an dearbhú a tharraingt suas, féadfaidh na húdaráis custaim a chomhaontú, ar iarratas ón dearbhóir, go n-éileofaí dleachtanna allmhairí ar an gcoinsíneacht iomlán ar bhonn fho-cheannteidil taraife na n-earraí atá faoi réir an ráta dleachta is airde ar allmhairí nó ar onnmhairí.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 116

Simpliú ar fhoirmiúlachtaí agus ar rialuithe custaim

1.   Féadfaidh na húdaráis custaim simplithe a údarú ar fhoirmiúlachtaí agus ar rialuithe custaim, seachas na simplithe dá dtagraítear faoi Roinn 3 den Chaibidil seo.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

deonú na n-údaruithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na cásanna ina ndéanfar athbhreithniú ar na húdaruithe agus na coinníollacha faoina ndéanfaidh údaráis custaim monatóireacht ar a n-úsáid;

(c)

na coinníollacha faoina ndeonófar údaruithe;

(d)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh údarás a thabhairt d’oibreoir eacnamaíoch foirmiúlachtaí áirithe custaim a chur i gcrích ar chóir d’údaráis custaim iad a chur i gcrích, i bprionsabal, lena n-áirítear féinmheasúnú ar dhleachtanna ar allmhairí agus ar dhleachtanna ar onnmhairí, agus rialuithe áirithe a dhéanamh faoi mhaoirseacht custaim;

(e)

an t-údaras custaim atá inniúil chun údaruithe a dheonú a aithint;

(f)

dul i ndáil comhairle le húdaráis eile custaim agus faisnéis a sholáthar dóibh, i gcás inarb iomchuí;

(g)

na coinníollacha faoina bhféadfar údaruithe a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(h)

ról sonrach agus freagrachtaí sonracha na n-oifigí custaim inniúla a bheidh i gceist, go háirithe maidir leis na rialuithe a bheidh le cur i bhfeidhm;

(i)

an fhoirm ina ndéanfar foirmiúlachtaí a chur i gcrích agus aon teorainn ama lena chur i gcrích,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Cuirfidh na bearta sin an méid seo a leanas san áireamh:

na foirmiúlachtaí custaim a bheidh le comhlíonadh agus na rialuithe custaim a bheidh le cur i gcrích chun críocha slándála agus sábháilteachta maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail agus a thugtar amach aisti,

na rialacha a ghlacfar de bhun Airteagal 25(3),

maidir le pointe (d), i gcás ina mbeidh níos mó ná Ballstát amháin i gceist, beidh stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 14,

maidir le pointe (e), an láthair ina bhfuil príomhchuntais an iarratasóra chun críocha custaim á gcoinneáil nó ina bhfuil siad inrochtana, lena n-éascaítear rialuithe bunaithe ar iniúchadh, agus an láthair ina gcuirfear i gcrích ar a laghad cuid de na gníomhaíochtaí a chumhdóidh an t-údarú.

CAIBIDIL 3

Fíorú agus scaoileadh earraí

Roinn 1

Fíorú

Airteagal 117

Dearbhú custaim a fhíorú

Chun cruinneas na sonraí atá i ndearbhú ar ghlac siad leis a fhíorú, féadfaidh na húdaráis custaim:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar an dearbhú agus ar na doiciméid tacaíochta uile;

(b)

éileamh a dhéanamh go dtíolacfadh an dearbhóir doiciméid eile;

(c)

scrúdú a dhéanamh ar na hearraí;

(d)

samplaí a thógáil le haghaidh anailíse nó le haghaidh mionscrúdú a dhéanamh ar na hearraí.

Airteagal 118

Scrúdú agus sampláil ar earraí

1.   Is é an dearbhóir a chuirfidh i gcrích iompar na n-earraí go dtí na háiteanna ina ndéanfar scrúdú orthu agus ina dtógfar samplaí díobh nó a bheidh freagrach as an iompar sin, agus is é a dhéanfaidh an láimhseáil uile is gá don scrúdú sin nó don tógáil samplaí sin nó a bheidh freagrach as an láimhseáil sin. Íocfaidh an dearbhóir na costais a thabhaítear.

2.   Beidh sé de cheart ag an dearbhóir a bheith i láthair nó ionadaí a bheith i láthair thar a cheann nuair a dhéanfar scrúdú ar na hearraí agus nuair a thógfar samplaí. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag na húdaráis custaim chuige, féadfaidh siad a éileamh go mbeidh an dearbhóir i láthair nó go mbeidh ionadaí i láthair thar a cheann nuair a dhéanfar scrúdú ar na hearraí nó nuair a thógfar samplaí nó go dtabharfaidh sé an cúnamh is gá dóibh chun an scrúdú sin nó an tógáil samplaí sin a éascú.

3.   Ar choinníoll go dtógfar na samplaí i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm, ní bheidh na húdaráis custaim faoi dhliteanas aon chúiteamh a íoc ina leith ach iompróidh siad costais na hanailíse nó an scrúdaithe a rinneadh ar na samplaí.

Airteagal 119

Páirtscrúdú agus sampláil ar earraí

1.   I gcás nach ndéanfar scrúdú ach ar chuid de na hearraí a chumhdaítear le dearbhú custaim nó i gcás ina ndéanfar samplaí a thógáil, measfar go mbainfidh torthaí an pháirtscrúdaithe, nó torthaí anailíse nó scrúdú na samplaí, leis na hearraí uile a fholaítear leis an dearbhú céanna.

Féadfaidh an dearbhóir a iarraidh go ndéanfaí tuilleadh scrúdaithe nó samplála ar na hearraí, áfach, má mheasann sé nach bhfuil torthaí an pháirtscrúdaithe, nó torthaí na hanailíse nó torthaí an scrúdaithe ar na samplaí a tógadh bailí maidir leis an gcuid eile de na hearraí a dearbhaíodh. Géillfear don iarratas ar choinníoll nár scaoileadh na hearraí fós nó, má scaoileadh iad, ar choinníoll go gcruthóidh an dearbhóir nár athraíodh ar bhealach ar bith iad.

2.   Chun críocha mhír 1, má chumhdaíonn dearbhú custaim dhá ítim nó níos mó, measfar gur dearbhú ar leithligh iad na sonraí a bhaineann le gach ítim.

3.   I gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 184(3), glacfaidh an Coimisiún bearta lena leagfar síos an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás torthaí éagsúla ar scrúduithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 120

Torthaí an fhíoraithe

1.   Déanfar na torthaí a thiocfaidh as fíorú an dearbhaithe custaim a úsáid d’fhonn na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim faoina gcuirtear na hearraí a chur i bhfeidhm.

2.   I gcás nach bhfíorófar an dearbhú custaim, beidh feidhm ag mír 1 ar bhonn na sonraí a bheidh sa dearbhú.

3.   Beidh ag torthaí an fhíoraithe a dhéanfaidh na húdaráis custaim an fheidhm dhochloíte chéanna ar fud chríoch custaim an Chomhphobail.

Airteagal 121

Bearta um aithint

1.   Déanfaidh na húdaráis custaim, nó i gcás inarb iomchuí, oibreoirí eacnamaíocha a údaróidh na húdaráis custaim chuige sin, na bearta is gá a ghlacadh chun na hearraí a aithint más gá iad a aithint chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim ar dearbhaíodh na hearraí sin ina leith.

Beidh an éifeacht chéanna ó thaobh dlí ag na bearta um aithint sin ar fud chríoch custaim an Chomhphobail.

2.   Is iad na húdaráis custaim amháin, nó oibreoirí eacnamaíocha, i gcás ina n-údaróidh na húdaráis custaim iad chuige sin, a aistreoidh nó a dhíothóidh meáin aitheantais atá greamaithe d’earraí nó de mheáin iompair, ach amháin nuair is den riachtanas an t-aistriú nó an díothú, de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar nó de bharr force majeure, chun na hearraí nó na meáin iompair a chosaint.

Airteagal 122

Bearta cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta a ghlacadh d’fhonn an Roinn seo a chur chun feidhme.

Roinn 2

Scaoileadh

Airteagal 123

Scaoileadh na n-earraí

1.   Gan dochar d’Airteagal 117, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha faoinar cuireadh na hearraí faoin nós imeachta lena mbaineann agus ar choinníoll go mbeidh aon srian curtha i bhfeidhm agus nach mbeidh na hearraí faoi réir aon toirmisc, scaoilfidh na húdaráis custaim na hearraí a luaithe a fhíorófar na sonraí sa dearbhú custaim nó a luaithe a ghlacfar leo gan fíorú.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin i gcás nach féidir an fíorú dá dtagraítear in Airteagal 117 a thabhairt chun críche laistigh d’achar réasúnta ama agus mura gceanglaítear níos mó na hearraí a bheith i láthair chun críocha fíoraithe.

2.   Scaoilfear an tráth céanna na hearraí uile a chumhdaítear faoin dearbhú céanna.

Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina gcumhdóidh dearbhú custaim dhá ítim nó níos mó, measfar gur dearbhú custaim ar leithligh iad na sonraí a bhaineann le gach ítim.

3.   I gcás ina dtíolacfar earraí in oifig custaim seachas an oifig inar glacadh leis an dearbhú custaim, malartóidh na húdaráis custaim lena mbaineann an fhaisnéis riachtanach chun na hearraí a scaoileadh, gan dochar do na rialuithe cuí.

Airteagal 124

Scaoileadh ag brath ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íoc a thiocfaidh leis an bhfiach custaim nó ag brath ar ráthaíocht a sholáthar

1.   I gcás ina n-eascróidh fiach custaim as earraí a chur faoi nós imeachta custaim, scaoilfear na hearraí ar choinníoll go n-íocfar suim na dleachta ar allmhairí nó suim na dleachta ar onnmhairí a thiocfaidh leis an bhfiach custaim nó go gcuirfear ráthaíocht ar fáil chun an fiach sin a chumhdach.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, gan dochar don tríú fomhír, maidir le cead isteach sealadach lena ngabhann páirtfhaoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí.

I gcás ina n-éileoidh na húdaráis custaim, de bhun na bhforálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim a ndearbhaítear na hearraí ina leith, go gcuirfear ráthaíocht ar fáil, ní scaoilfear na hearraí sin le haghaidh an nós imeachta lena mbaineann go dtí go gcuirfear an ráthaíocht sin ar fáil.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh ina leagfar síos eisceachtaí ón gcéad fhomhír agus ón tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo.

CAIBIDIL 4

Diúscairt earraí

Airteagal 125

Scriosadh earraí

I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag na húdaráis chuige, féadfaidh siad a éileamh go ndéanfar earraí a tíolacadh do lucht custaim a scriosadh agus cuirfidh siad an méid sin in iúl do shealbhóir na n-earraí dá réir. Íocfaidh sealbhóir na n-earraí costais an scriosta.

Airteagal 126

Bearta a ghlacfaidh na húdaráis custaim

1.   Glacfaidh na húdaráis custaim aon bhearta is gá, lena n-áirítear coigistiú agus díol, nó scriosadh, chun earraí a dhiúscairt sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás nár comhlíonadh ceann de na hoibleagáidí a leagadh síos sa reachtaíocht chustaim maidir le hearraí neamh-Chomhphobail a thabhairt isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó i gcás inar coinníodh na hearraí siar ó mhaoirseacht chustaim;

(b)

i gcás nach féidir na hearraí a scaoileadh ar cheann de na cúiseanna a leanas:

(i)

i gcás nárbh fhéidir, ar chúiseanna atá inchurtha i leith an dearbhóra, tabhairt faoi na hearraí a scrúdú nó faoi leanúint lena scrúdú laistigh den tréimhse a leag na húdaráis custaim síos;

(ii)

i gcás nár cuireadh ar fáil na doiciméid a chaithfear a thabhairt ar aird sular féidir na hearraí a chur faoin nós imeachta a iarradh nó iad a scaoileadh le haghaidh an nós imeachta sin;

(iii)

i gcás nár cuireadh ar fáil laistigh den tréimhse a leagtar síos íocaíochtaí nó ráthaíocht ba cheart a bheith déanta nó curtha ar fáil maidir le dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí;

(iv)

i gcás ina bhfuil siad faoi réir toirmeasc nó srianta;

(c)

i gcás nach n-aistreofar na hearraí laistigh de thréimhse réasúnta i ndiaidh a scaoilte;

(d)

i gcás ina bhfaighfear amach i ndiaidh a scaoilte nár chomhlíon na hearraí na coinníollacha le haghaidh an scaoilte sin;

(e)

i gcás ina dtréigfear earraí leis an Stát i gcomhréir le hAirteagal 127.

2.   Earraí a tréigeadh leis an Stát, a urghabhadh nó a coigistíodh, measfar gur cuireadh faoin nós imeachta stórála sealadaí iad.

Airteagal 127

Tréigean

1.   Le réamhchead ó na húdaráis custaim, féadfaidh sealbhóir an nós imeachta, nó, i gcás inarb infheidhme, sealbhóir na n-earraí, earraí neamh-Chomhphobail agus earraí a cuireadh faoin nós imeachta úsáide deiridh a thréigean leis an Stát.

2.   Ní bhéarfaidh tréigean aon chostas don Stát. Is é sealbhóir an nós imeachta, nó, i gcás inarb infheidhme, sealbhóir na n-earraí, a íocfaidh costais aon scriosadh nó aon diúscairt eile a dhéanfar ar na hearraí.

Airteagal 128

Bearta cur chun feidhme

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis an gCaibidil seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

TEIDEAL VI

CAOILEADH I SAORCHÚRSAÍOCHT AGUS FAOISEAMH Ó DHLEACHTANNA AR ALLMHAIRÍ

CAIBIDIL 1

Scaoileadh i saorchúrsaíocht

Airteagal 129

Raon feidhme agus éifeacht

1.   Earraí neamh-Chomhphobail a bheartaítear a chur ar mhargadh an Chomhphobail nó a bheartaítear d’úsáid phríobháideach nó do thomhailt phríobháideach laistigh den Chomhphobal, scaoilfear i saorchúrsaíocht iad.

2.   Béarfaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht an méid seo a leanas:

(a)

aon dleachtanna ar allmhairí a bheidh dlite a bhailiú;

(b)

muirir eile dá bhforáiltear faoi na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm maidir le bailiú na muirear sin a bhailiú, de réir mar is cuí;

(c)

bearta beartais tráchtála agus toirmisc agus srianta a chur i bhfeidhm sa mhéid nach gá iad a chur i bhfeidhm ag céim níos luaithe;

(d)

na foirmiúlachtaí eile a leagadh síos maidir le hallmhairiú na n-earraí a chur i gcrích.

3.   Earraí neamh-Chomhphobail a scaoilfear i saorchúrsaíocht, bronnfar stádas custaim earraí Comhphobail orthu.

CAIBIDIL 2

Faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí

Roinn 1

Earraí a thugtar ar ais

Airteagal 130

Raon feidhme agus éifeacht

1.   Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, tabharfar faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí d’earraí neamh-Chomhphobail a onnmhairíodh i gcéaduair mar earraí Comhphobail ó chríoch custaim an Chomhphobail agus a tugadh ar ais go dtí an chríoch sin laistigh de thréimhse trí bliana agus ar dearbhaíodh go scaoilfí i saorchúrsaíocht iad.

2.   Féadfar dul thar an tréimhse trí bliana dá dtagraítear i mír 1 chun imthosca speisialta a chur san áireamh.

3.   Na hearraí a tugadh ar ais, i gcás inar scaoileadh i saorchúrsaíocht saor ó dhleacht iad, nó ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí mar gheall ar úsáid deiridh shonrach, sular onnmhairíodh iad ó chríoch custaim an Chomhphobail, ní thabharfar faoiseamh ó dhleacht faoi mhír 1 ach amháin más le haghaidh na húsáide deiridh céanna atá siad le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

I gcás nach ionann níos mó an úsáid deiridh a bhfuil na hearraí le scaoileadh i saorchúrsaíocht di, laghdófar méid na dleachta ar allmhairí den mhéid a bailíodh ar na hearraí nuair a scaoileadh i saorchúrsaíocht iad den chéad uair. Más mó é an méid sin ná an méid a toibhíodh ar na hearraí a tugadh ar ais agus iad á scaoileadh i saorchúrsaíocht, ní dheonófar aon aisíocaíocht.

4.   I gcás ina mbeidh a stádas custaim mar earraí Comhphobail caillte ag earraí Comhphobail de bhun phointe (b) d’Airteagal 102 agus ina scaoilfear i saorchúrsaíocht iad ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag mír 1, ag mír 2 agus ag mír 3 den Airteagal seo mutatis mutandis.

5.   Ní dheonófar an faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí ach amháin má athallmhairítear earraí sa riocht inar onnmhairíodh iad.

Airteagal 131

Cásanna nach ndeonófar aon fhaoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí iontu

Ní dheonófar faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 130 sna cásanna a leanas:

(a)

earraí a onnmhairítear ó chríoch custaim an Chomhphobail faoin nós imeachta próiseála amach, mura bhfuil ceann díobh seo a leanas infheidhme:

(i)

go bhfuil na hearraí sin sa riocht inarb onnmhairíodh iad go fóill;

(ii)

go gceadaítear é sin faoi na rialacha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 134;

(b)

earraí a thairbhigh de bhearta a leagadh síos faoin gcomhbheartas talmhaíochta a bhain lena n-onnmhairiú amach as críoch custaim an Chomhphobail, ach amháin i gcás ina gceadófar é sin faoi na rialacha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 134.

Airteagal 132

Earraí a cuireadh faoin nós imeachta próiseála isteach cheana

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 130 mutatis mutandis maidir le táirgí próiseáilte a athonnmhairíodh i dtosach ó chríoch custaim an Chomhphobail tar éis nós imeachta próiseála isteach.

2.   Ar iarratas ón dearbhóir agus ar choinníoll go soláthraíonn sé an fhaisnéis is gá, cinnfear méid na dleachta ar onnmhairí ar earraí a chumhdaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 53(3). Measfar gurb é an dáta a nglacfar leis an bhfógra athonnmhairithe an dáta a scaoilfear na hearraí i saorchúrsaíocht.

3.   Ní dheonófar an faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí dá bhforáiltear in Airteagal 130 do tháirgí próiseáilte a onnmhairíodh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 142(2), mura n-áirithítear nach gcuirfear aon earraí faoin nós imeachta próiseála isteach.

Roinn 2

Iascaireacht mhara agus táirgí a thógtar ón bhfarraige

Airteagal 133

Táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a thógtar as an bhfarraige

Gan dochar d’Airteagal 36(1), beidh na táirgí a leanas saor ó dhleachtanna ar allmhairí nuair a scaoiltear i saorchúrsaíocht iad:

(a)

táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a thógtar as farraige theorann tíre nó críche lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail ag soithí atá cláraithe nó taifeadta go heisiatach i mBallstát agus a bhfuil bratach an stáit sin ar foluain orthu;

(b)

táirgí a fhaightear ó tháirgí dá dtagraítear i bpointe (a) ar bord long próiseála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa phointe sin.

Roinn 3

Bearta cur chun feidhme

Airteagal 134

Bearta cur chun feidhme

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis an gCaibidil seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

TEIDEAL VII

NÓSANNA IMEACHTA SPEISIALTA

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 135

Raon feidhme

Féadfar earraí a chur faoi aon cheann de na catagóirí nósanna imeachta a leanas:

(a)

idirthuras, lena gcuimseofar idirthuras seachtrach agus idirthuras inmheánach;

(b)

stóráil, lena gcuimseofar stóráil shealadach, stórasú custaim agus saorchriosanna;

(c)

úsáid shonrach, lena gcuimseofar cead isteach sealadach agus úsáid deiridh;

(d)

próiseáil, lena gcuimseofar próiseáil isteach agus próiseáil amach.

Airteagal 136

Údarú

1.   Ceanglófar údarú ó na húdaráis custaim don méid seo a leanas:

an nós imeachta próiseála isteach agus amach, an nós imeachta um chead isteach sealadach nó an nós imeachta úsáide deiridh a úsáid,

áiseanna stórála a oibriú do stóráil shealadach nó do stórasú custaim earraí, ach amháin i gcás inarb é an t-údarás custaim féin an t-oibreoir.

Leagfar amach san údarú na coinníollacha faoina gceadófar ceann nó níos mó de na nósanna imeachta dá dtagraítear thuas nó oibriú na n-áiseanna stórála.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

deonú an údaraithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na cásanna ina ndéanfar athbhreithniú ar an údarú;

(c)

na coinníollacha faoina ndeonaítear an t-údarú;

(d)

an t-údarás custaim atá inniúil ar an údarú a dheonú a shainaithint;

(e)

dul i ndáil chomhairle le húdaráis eile custaim agus faisnéis a sholáthar dóibh, i gcás inarb iomchuí;

(f)

na coinníollacha faoinar féidir an t-údarú a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(g)

ról sonrach agus freagrachtaí sonracha na n-oifigí custaim inniúla a bheidh i gceist, go háirithe maidir leis na rialuithe a bheidh le cur i bhfeidhm;

(h)

an fhoirm ina ndéanfar na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche agus aon teorainn ama lena dtabhairt chun críche,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Cuirfidh na bearta sin an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

maidir le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh níos mó ná Ballstát amháin bainteach leis, an t-iarratasóir a bheith ag comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 14 maidir le stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú;

(b)

maidir le pointe (d) den chéad fhomhír, an láthair ina bhfuil príomhchuntais an iarratasóra á gcoinneáil nó ar fáil chun críocha custaim, lena n-éascaítear rialuithe bunaithe ar iniúchadh, agus ina gcuirfear i gcrích cuid de na gníomhaíochtaí a chumhdóidh an t-údarú, ar a laghad.

3.   Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt sa reachtaíocht chustaim deonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 do na daoine seo a leanas amháin:

(a)

daoine atá bunaithe i gcríoch custaim an Chomhphobail;

(b)

daoine a chuireann an dearbhú riachtanach ar fáil maidir le stiúradh cuí na n-oibríochtaí agus, i gcásanna ina dtabhaítear fiach custaim nó muirir eile mar gheall ar earraí a chuirtear faoi nós imeachta speisialta, daoine a chuireann ráthaíocht ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 56;

(c)

i gcás na nósanna imeachta um chead isteach sealadach nó na nósanna imeachta próiseála isteach, an duine a bhainfidh úsáid as na hearraí nó a dhéanfaidh socruithe maidir lena n-úsáid nó a chuirfidh oibríochtaí próiseála i gcrích maidir leis na hearraí nó a shocróidh go gcuirfear i gcrích iad faoi seach.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena bhforáiltear do mhaoluithe ón gcéad fhomhír den alt seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

4.   Ach amháin i gcás ina ndéanfar foráil dá mhalairt agus sa bhreis ar mhír 3, ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh na húdaráis custaim in ann maoirseacht chustaim a fheidhmiú gan gá le socruithe riaracháin a bheadh neamhchomhréireach leis na riachtanais eacnamúla lena mbaineann;

(b)

i gcás nach ndéanfaidh údarú nós imeachta próiseála dochar do leasanna sár-riachtanacha táirgeoirí Comhphobail (coinníollacha eacnamúla).

Measfar nach ndéantar dochar do leasanna sár-riachtanacha tháirgeoirí an Chomhphobail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ach amháin i gcás ina mbeidh fianaise ar a mhalairt ann nó i gcás ina bhforálfaidh an reachtaíocht chustaim na coinníollacha eacnamaíocha a mheastar a bheith comhlíonta.

I gcás ina mbeidh fianaise ann gur dóigh go ndéanfar dochar do leasanna sár-riachtanacha táirgeoirí Comhphobail, déanfar scrúdú ar na coinníollacha eacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 185.

Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta lena rialaítear an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar na tosca eacnamaíocha;

(b)

cásanna a chinneadh ar dóigh go ndéanfaidís dochar do leasanna sár-riachtanacha táirgeoirí Comhphobail, agus bearta tráchtála agus bearta beartais talmhaíochta á gcur san áireamh;

(c)

cásanna a chinneadh ina measfar go bhfuil na tosca eacnamaíocha comhlíonta.

5.   Tabharfaidh sealbhóir an údaraithe fógra do na húdaráis custaim faoi na tosca uile a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh dheonú an údaraithe agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar leanúint leis an údarú nó ar inneachar an údaraithe.

Airteagal 137

Taifid

1.   Seachas i gcás an nós imeachta idirthurais nó i gcás ina bhforálfar a mhalairt faoin reachtaíocht chustaim coinneoidh sealbhóir an údaraithe, sealbhóir an nós imeachta, agus na daoine uile atá i mbun gníomhaíochta a bhaineann le stóráil, le hoibriú nó le próiseáil earraí, nó le díol nó ceannach earraí i saorchriosanna, taifid i bhfoirm a cheadóidh na húdaráis custaim.

Caithfidh na taifid a chur ar chumas na n-údarás custaim maoirseacht a dhéanamh ar an nós imeachta lena mbaineann, go háirithe i dtaca le sainaithint na n-earraí a chuirfear faoin nós imeachta sin, a stádas custaim agus a ngluaiseachtaí.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, a bhaineann leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 138

Urscaoileadh nós imeachta

1.   I gcásanna seachas an nós imeachta idirthurais agus gan dochar d’Airteagal 166, urscaoilfear nós imeachta speisialta nuair a chuirfear na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta, nó na táirgí próiseáilte, faoi nós imeachta custaim ina dhiaidh sin, nó nuair a bheidh críoch custaim an Chomhphobail fágtha acu, nó nuair a bheidh siad scriosta agus gan aon dramhaíl fágtha ina ndiaidh, nó nuair a thréigfear leis an Stát iad i gcomhréir le hAirteagal 127.

2.   Urscaoilfidh na húdaráis custaim an nós imeachta idirthurais nuair a bheidh siad in ann a dheimhniú, ar bhonn comparáide idir na sonraí atá ar fáil d’oifig custaim na háite fágála agus na sonraí atá ar fáil don oifig custaim chinn scríbe, go bhfuil críoch mar is ceart leis an nós imeachta.

3.   Na hearraí nár urscaoileadh nós imeachta ina leith faoi na coinníollacha a leagtar amach, glacfaidh na húdaráis custaim na bearta uile is gá chun a n-imthosca a thabhairt chun rialtachta.

Airteagal 139

Aistriú ceart agus oibleagáidí

Féadfar cearta agus oibleagáidí sealbhóra nós imeachta maidir le hearraí a cuireadh faoi nós imeachta speisialta seachas idirthuras a aistriú go hiomlán nó go páirteach, faoi na coinníollacha a leagann na húdaráis custaim síos, chuig daoine eile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos don nós imeachta lena mbaineann.

Airteagal 140

Gluaiseacht earraí

1.   Féadfar earraí a cuireadh faoi nós imeachta speisialta seachas nós imeachta idirthurais nó nós imeachta i saorchrios a aistriú idir áiteanna éagsúla i gcríoch custaim an Chomhphobail, a mhéid a fhoráiltear dó sin faoin reachtaíocht chustaim.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 141

Gnáthfhoirmeacha láimhseála

Féadfar earraí a cuireadh faoi nós imeachta stórasaithe custaim nó faoi nós imeachta próiseála nó i saorchrios a láimhseáil sna gnáthfhoirmeacha a cheapfar chun iad a chaomhnú, chun a gcuma nó a gcáilíocht margaíochta a fheabhsú nó chun iad a ullmhú le haghaidh a ndáilte nó a n-athdhíolta.

Airteagal 142

Earraí coibhéiseacha

1.   Is éard is earraí coibhéiseacha ann earraí Comhphobail a stóráiltear, a úsáidtear nó a phróiseáiltear in ionad na n-earraí a cuireadh faoi nós imeachta speisialta.

Faoin nós imeachta próiseála amach, is éard is earraí coibhéiseacha ann earraí neamh-Chomhphobail a phróiseáiltear in ionad earraí Comhphobail atá faoin nós imeachta próiseála amach.

Beidh an cód Ainmníochta Comhcheangailte ocht ndigit céanna, an cháilíocht tráchtála chéanna agus na saintréithe teicniúla céanna ag na hearraí coibhéiseacha agus atá ag na hearraí a ngabhfaidh siad a n-ionad.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena bhforáiltear do mhaoluithe ar an tríú fomhír den mhír seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

2.   Údaróidh na húdaráis custaim an méid a liostaítear thíos, ar choinníoll go n-áiritheofar iompar ceart an nós imeachta, go háirithe maidir le maoirseacht chustaim:

(a)

earraí coibhéiseacha a úsáid faoi nós imeachta speisialta seachas an nós imeachta idirthurais, an nós imeachta um chead isteach sealadach agus an nós imeachta stórála sealadaí;

(b)

i gcás an nós imeachta próiseála isteach, go n-onnmhaireofar táirgí próiseáilte a fhaightear ó earraí coibhéiseacha sula n-allmhairítear na hearraí a bhfuil a n-ionaid á ngabháil acu;

(c)

i gcás an nós imeachta próiseála amach, go n-allmhaireofar táirgí próiseáilte a fhaightear ó earraí coibhéiseacha roimh onnmhairiú na n-earraí a bhfuil a n-ionaid á ngabháil acu.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos na cásanna ina bhféadfadh údaráis custaim úsáid earraí coibhéiseacha a údarú faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

3.   Ní cheadófar earraí coibhéiseacha a úsáid ina aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach ndéantar ach na gnáthfhoirmeacha láimhseála a shainmhínítear in Airteagal 141 a chur i gcrích faoi phróiseáil isteach;

(b)

i gcás ina mbeidh feidhm ag toirmeasc ar aisíocaíocht dleachtanna ar allmhairí, nó ag díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí maidir le hearraí neamhthionscnaimh a mbainfear úsáid astu i monarú táirgí a ndéanfar cruthúnas tionscnaimh a eisiúint nó a scríobh amach ina leith i gcreat socraithe fhabhraigh idir an Comhphobal agus tíortha áirithe nó críocha áirithe lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail nó grúpaí tíortha den sórt sin nó grúpaí críoch den sórt sin; nó

(c)

i gcás ina mbeadh buntáiste nach mbeadh bonn cirt faoi ann ó thaobh na dleachta ar allmhairí mar thoradh uirthi.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena sonraítear cásanna breise nach bhféadfaí earraí coibhéiseacha a údarú iontu, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

4.   Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo agus i gcás ina mbeadh dleachtanna ar onnmhairí le híoc ar na táirgí próiseáilte mura n-onnmhaireofaí iad i gcomhthéacs an nós imeachta próiseála isteach, cuirfidh sealbhóir an údaraithe ráthaíocht ar fáil chun íocaíocht na ndleachtanna a áirithiú mura n-allmhaireofar na hearraí laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 169(3).

Airteagal 143

Bearta cur chun feidhme

I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta chun na nósanna imeachta faoin Teideal seo a oibriú.

CAIBIDIL 2

Idirthuras

Roinn 1

Idirthuras seachtrach agus idirthuras inmheánach

Airteagal 144

Idirthuras seachtrach

1.   Faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, féadfar earraí neamh-Chomhphobail a aistriú ó áit amháin go háit eile laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail gan a bheith faoi réir aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

dleachtanna ar allmhairí;

(b)

muirir eile dá bhforáiltear faoi fhorálacha ábhartha eile atá i bhfeidhm;

(c)

bearta beartais tráchtála, a mhéid nach gcuireann siad cosc ar earraí teacht isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó dul amach aisti.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos na cásanna inar féidir agus na coinníollacha faoina gcuirfear earraí Comhphobail faoi idirthuras seachtrach, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

3.   Féadfar an t-aistriú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar cheann de na bealaí a leanas:

(a)

faoi nós imeachta idirthurais seachtrach an Chomhphobail;

(b)

i gcomhréir le Coinbhinsiún TIR ar choinníoll:

(i)

gur tosaíodh nó go gcríochnófar an t-aistriú lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail; nó

(ii)

go ndéantar an t-aistriú sin idir dhá phointe laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail trí chríoch tíre nó trí chríoch críche atá lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail;

(c)

i gcomhréir le Coinbhinsiún ATA/Coinbhinsiún Iostanbúl i gcás ina dtarlóidh aistriú idirthurais;

(d)

faoi chlúdach Fhardal na Réine (Airteagal 9 den Choinbhinsiún Athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine);

(e)

faoi chlúdach fhoirm 302 dá bhforáiltear sa Chomhaontas idir na Páirtithe i gConradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stádas a gcuid Fórsaí, a síníodh i Londain an 19 Meitheamh 1951;

(f)

faoin gcóras poist, i gcomhréir le hachtanna an Aontais Phoist Uilechoitinn, nuair a iompraíonn sealbhóirí ceart agus oibleagáidí faoi na hachtanna sin na hearraí nó nuair a iompraítear iad ar a son.

4.   Beidh feidhm ag idirthuras seachtrach gan dochar d’Airteagal 140.

Airteagal 145

Idirthuras inmheánach

1.   Faoin nós imeachta idirthurais inmheánaigh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3, féadfar earraí Comhphobail a aistriú ó phointe amháin go pointe eile laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail, agus gabháil trí chríoch eile lasmuigh den chríoch sin, gan aon athrú ar a stádas custaim.

2.   Tarlóidh an t-aistriú dá dtagraítear i mír 1 ar cheann de na bealaí a leanas:

(a)

faoi nós imeachta idirthurais inmheánaigh an Chomhphobail, ar choinníoll go bhforáiltear d’fhéidearthacht den sórt sin i gcomhaontas idirnáisiúnta;

(b)

i gcomhréir le Coinbhinsiún TIR;

(c)

i gcomhréir le Coinbhinsiún ATA/Coinbhinsiún Iostanbúl i gcás ina dtarlóidh aistriú idirthurais;

(d)

faoi chlúdach Fhardal na Réine (Airteagal 9 den Choinbhinsiún Athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine);

(e)

faoi fhoirm 302 dá bhforáiltear sa Chomhaontas idir na Páirtithe i gConradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stádas a gcuid Fórsaí, arna shíniú i Londain an 19 Meitheamh 1951;

(f)

faoin gcóras poist, i gcomhréir le hachtanna an Aontais Phoist Uilechoitinn, nuair a iompraíonn sealbhóirí ceart agus oibleagáidí faoi na hachtanna sin na hearraí nó nuair a iompraítear iad ar a son.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (f) de mhír 2, ní choinneoidh earraí a stádas custaim mar earraí Comhphobail ach sa chás go ndeimhnítear an stádas sin faoi choinníollacha áirithe agus trí mhodhanna a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos coinníollacha faoinar féidir stádas custaim a bhunú agus na bealaí ina bhféadfaí stádas custaim a bhunú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 2

Idirthuras Comhphobail

Airteagal 146

Oibleagáidí shealbhóir nós imeachta idirthurais an Chomhphobail agus iompróir agus fhaighteoir na n-earraí a aistrítear faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail

1.   Beidh sealbhóir nós imeachta idirthurais an Chomhphobail freagrach as na nithe a leanas:

(a)

na hearraí a thíolacadh slán mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear ag an oifig custaim chinn scríbe laistigh den teorainn ama a leagadh síos agus i gcomhlíonadh na mbeart a ghlac na húdaráis custaim chun a sainaithint a áirithiú;

(b)

na forálacha custaim maidir leis an nós imeachta a chomhlíonadh;

(c)

ráthaíocht a sholáthar, mura bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht chustaim, lena áirithiú go n-íocfar suim na dleachta ar allmhairí nó suim na dleachta ar onnmhairí a bheidh ar comhréir le haon fhiach custaim nó le haon mhuirir eile, dá bhforáiltear faoi fhorálacha ábhartha eile atá i bhfeidhm, a d’fhéadfaí a thabhú i ndáil leis na hearraí.

2.   Comhlíonfar oibleagáid shealbhóir an nós imeachta agus cuirfear deireadh leis an nós imeachta idirthurais nuair a bheidh na hearraí a cuireadh faoi nós imeachta agus an fhaisnéis a éilítear ar fáil san oifig custaim chinn scríbe i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim.

3.   Iompróir nó faighteoir earraí a ghlacann le hearraí arb eol dó iad a bheith á n-aistriú faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail, beidh sé freagrach freisin as na hearraí a thíolacadh slán ag oifig custaim chinn scríbe laistigh den tréimhse ama a leagtar síos agus i gcomhlíonadh na mbeart a ghlac na húdaráis custaim chun a sainaithint a áirithiú.

Airteagal 147

Earraí a ghluaiseann trí chríoch tíre lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail faoi nós imeachta idirthurais sheachtraigh an Chomhphobail

1.   Beidh feidhm ag nós imeachta idirthurais sheachtraigh an Chomhphobail maidir le hearraí atá ag taisteal trí chríoch lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail má chomhlíonfar ceann de na coinníollacha a leanas:

(a)

go bhforáiltear dó sin faoi chomhaontas idirnáisiúnta;

(b)

gur faoi chlúdach doiciméid aonair iompair arna dhréachtú i gcríoch custaim an Chomhphobail a dhéantar iompar sa chríoch sin.

2.   Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, fionrófar oibriú nós imeachta idirthurais sheachtraigh an Chomhphobail le linn do na hearraí a bheith lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail.

CAIBIDIL 3

Stóráil

Roinn 1

Forálacha Coiteanna

Airteagal 148

Raon feidhme

1.   Faoi nós imeachta stórála, féadfar earraí neamh-Chomhphobail a stóráil i gcríoch custaim an Chomhphobail gan a bheith faoi réir aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

dleachtanna ar allmhairí;

(b)

muirir eile dá bhforáiltear faoi fhorálacha ábhartha eile atá i bhfeidhm;

(c)

bearta beartais tráchtála, a mhéid nach gcuireann siad cosc ar earraí teacht isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó imeacht aisti.

2.   Féadfar earraí Comhphobail a chur faoin nós imeachta stórála custaim nó saorchreasa i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim nó leis an reachtaíocht Chomhphobail lena rialaítear réimsí sonracha, nó d’fhonn leas a bhaint as cinneadh a cheadaíonn aisíocaíocht nó dleachtanna ar allmhairí a mhaitheamh.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na cásanna inar féidir earraí Comhphobail a chur faoi na nósanna imeachta stórála custaim nó saorchreasa agus na coinníollacha faoinar féidir earraí Comhphobail a chur faoi na nósanna imeachta stórála custaim nó saorchreasa, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 149

Freagrachtaí shealbhóir an údaraithe nó an nós imeachta

1.   Beidh sealbhóir an údaraithe agus sealbhóir an nós imeachta freagrach as an méid a leanas:

(a)

a áirithiú nach dtógfar earraí atá faoin nós imeachta stórála sealadaí nó faoin nós imeachta stórasaithe custaim amach as maoirsiú custaim;

(b)

na hoibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as stóráil earraí a chumhdaíonn na nósanna imeachta stórála sealadaí nó stórasaithe custaim;

(c)

na coinníollacha ar leith a chomhlíonadh a shonraítear san údarú chun stóras custaim nó áiseanna stórála sealadaí a oibriú.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina mbainfidh an t-údarú le stóras custaim poiblí, féadfaidh sé a fhoráil go gcineachfar na freagrachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) de mhír 1 go heisiatach do shealbhóir an nós imeachta.

3.   Beidh sé de fhreagracht ar shealbhóir an nós imeachta i gcónaí na hoibleagáidí a eascraíonn as na hearraí a chur faoi nósanna imeachta stórála sealadaí nó stórasaithe custaim a chomhlíonadh.

Airteagal 150

Ré nós imeachta stórála

1.   Ní bheidh teorainn leis an tréimhse ama ar féidir earraí a choinneáil faoi nós imeachta stórála.

2.   Féadfaidh na húdaráis custaim, áfach, teorainn ama a leagan síos faoina gcaithfear nós imeachta stórála a urscaoileadh, i gceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh áis stórála á hoibriú ag na húdaráis custaim agus go mbeidh sí ar fáil lena húsáid ag aon duine le haghaidh earraí a stóráil go sealadach faoi Airteagal 151;

(b)

in imthosca eisceachtúla, go háirithe i gcás ina bhféadfadh cineál agus nádúr na n-earraí, i gcás stórála fadtéarmaí, sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí nó an comhshaol a chur i mbaol.

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos na cásanna dá dtagraítear i mír 2, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Roinn 2

Stóráil shealadach

Airteagal 151

Earraí a chur i stóráil shealadach

1.   I gcás nach ndearbhófar a mhalairt do nós imeachta custaim, measfar go mbeidh na hearraí neamh-Chomhphobail seo a leanas á ndearbhú le haghaidh an nós imeachta stórála sealadaí ag sealbhóir na n-earraí tráth a dtíolactha do chustam:

(a)

earraí a thabharfar isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, seachas earraí a thabharfar go díreach isteach i saorchrios;

(b)

earraí a thabharfar ó shaorchrios isteach i gcuid eile de chríoch custaim an Chomhphobail;

(c)

earraí a bhfuil deireadh tagtha leis an nós imeachta idirthurais sheachtraigh a bhain leo.

Measfar gur taisceadh an dearbhú custaim agus gur ghlac na húdaráis custaim leis tráth thíolactha na n-earraí do chustam.

2.   Beidh an dearbhú iontrála achomair, nó an doiciméad idirthurais a chuirfear ina ionad, ina dhearbhú custaim le haghaidh an nós imeachta stórála sealadaí.

3.   Féadfaidh na húdaráis custaim a cheangal ar shealbhóir na n-earraí ráthaíocht a chur ar fáil d’fhonn a áirithiú go n-íocfar aon fhiach custaim nó táille eile a d’fhéadfaí a thabhú, dá bhforáiltear faoi fhorálacha ábhartha eile atá i bhfeidhm.

4.   I gcás nach féidir, ar aon chúis, earraí a chur faoin nós imeachta stórála sealadaí, glacfaidh na húdaráis custaim gan mhoill na bearta uile is gá chun staid na n-earraí a thabhairt chun rialtachta. Beidh feidhm ag Airteagal 125 go hAirteagal 127 mutatis mutandis.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 152

Earraí i stóráil shealadach

1.   Earraí a bheidh faoin nós imeachta stórála sealadaí, ní stórálfar iad ach in ionaid atá údaraithe le haghaidh stórála sealadaí.

2.   Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 91(2), ní bheidh earraí atá faoin nós imeachta stórála sealadaí ach faoi réir na bhfoirmeacha láimhseála sin a ceapadh chun a áirithiú go gcaomhnófaí i riocht neamhathraithe iad gan modhnú ar a gcuma ná ar a saintréithe teicniúla.

Roinn 3

Stórasú custaim

Airteagal 153

Stóráil i stórais custaim

1.   Faoin nós imeachta stórála custaim, féadfar earraí neamh-Chomhphobail a stóráil in áitreabh nó in aon láthair eile atá údaraithe don nós imeachta sin ag na húdaráis custaim agus faoi mhaoirsiú custaim, dá ngairfear ‘stórais custaim’ anseo feasta.

2.   Féadfar stórais custaim a chur ar fáil d’aon duine chun earraí a stóráil (stóras custaim poiblí), nó do shealbhóir an údaraithe stórála custaim chun earraí a stóráil (stóras custaim príobháideach).

3.   Féadfar earraí a cuireadh faoin nós imeachta stórála custaim a aistriú ar bhonn sealadach ón stóras custaim. Caithfidh an t-aistriú sin a bheith údaraithe roimh ré ag na húdaráis custaim, ach amháin i gcás force majeure.

Airteagal 154

Earraí Comhphobail, úsáid deiridh agus gníomhaíochtaí próiseála

1.   I gcás ina mbeidh riachtanas eacnamaíoch ann agus nach ndéanfar dochar do mhaoirseacht chustaim, féadfaidh na húdaráis custaim a údarú go ndéanfaí na nithe a leanas i stóras custaim:

(a)

earraí Comhphobail a stóráil;

(b)

próiseáil earraí faoin nós imeachta próiseála isteach nó faoin nós imeachta úsáide deiridh, faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear faoi na nósanna imeachta sin.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, ní mheasfar na hearraí a bheith faoin nós imeachta stórasaithe custaim.

Roinn 4

Saorchriosanna

Airteagal 155

Saorchriosanna a ainmniú

1.   Féadfaidh na Ballstáit codanna de chríoch custaim an Chomhphobail a ainmniú mar shaorchriosanna.

Maidir le gach saorchrios, cinnfidh an Ballstát an limistéar a chumhdaítear agus tabharfaidh sé sainmhíniú ar na pointí iontrála agus fágála.

2.   Beidh saorchriosanna iata.

Beidh an imlíne agus na pointí isteach i limistéar na saorchriosanna agus na pointí amach as faoi réir maoirseachta custaim.

3.   Féadfaidh daoine, earraí agus modhanna iompair a thagann isteach i saorchrios nó a théann amach as a bheith faoi réir rialuithe custaim.

Airteagal 156

Foirgnimh agus gníomhaíochtaí i saorchriosanna

1.   Ní mór cead a fháil roimh ré ó na húdaráis custaim chun aon fhoirgneamh a thógáil laistigh de shaorchrios.

2.   Faoi réir na reachtaíochta custaim, ceadófar aon ghníomhaíocht thionsclaíoch, tráchtála nó seirbhíse laistigh de shaorchrios. Beidh cur i gcrích gníomhaíochtaí den sórt sin faoi réir fógra a thabhairt fúthu, roimh ré, do na húdaráis custaim.

3.   Féadfaidh na húdaráis custaim toirmisc nó srianta a chur i bhfeidhm maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, ag féachaint do chineál na n-earraí lena mbaineann, nó do riachtanais maoirseachta custaim, nó do riachtanais slándála nó sábháilteachta.

4.   Daoine nach gcuireann an deimhniú riachtanach go bhfuiltear ag comhlíonadh na bhforálacha custaim ar fáil, féadfaidh na húdaráis custaim bac a chur orthu dul i mbun gníomhaíochta i saorchrios.

Airteagal 157

Earraí a thíolacadh agus a chur faoin nós imeachta

1.   Earraí a thugtar isteach i saorchrios, tíolacfar do chustam iad agus bainfidh na foirmiúlachtaí custaim a forordaíodh leo sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina dtugtar isteach go díreach sa saorchrios iad ó áit lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail;

(b)

i gcás inar faoi nós imeachta custaim atá críochnaithe nó a urscaoileadh a bhíonn siad nuair a chuirtear faoi réir an nós imeachta saorchreasa iad;

(c)

i gcás ina gcuirfear faoin nós imeachta saorchreasa iad d’fhonn leas a bhaint as cinneadh a cheadaíonn aisíocaíocht nó loghadh dleachtanna ar allmhairí;

(d)

i gcás ina bhforálfar leis an reachtaíocht d’fhoirmiúlachtaí den sórt sin seachas sa reachtaíocht chustaim.

2.   Earraí a thugtar isteach i saorchrios faoi chúinsí seachas na cúinsí a chumhdaítear le mír 1, ní gá iad a thíolacadh do chustam.

3.   Gan dochar d’Airteagal 158, measfar earraí a thugtar isteach i saorchrios a bheith faoin nós imeachta saorchreasa:

(a)

tráth a dtiocfaidh siad isteach i saorchrios, ach amháin má cuireadh faoi réir nós imeachta custaim eile cheana iad;

(b)

tráth a gcríochnóidh nós imeachta idirthurais, mura gcuirfear faoi réir nós imeachta custaim eile iad láithreach.

Airteagal 158

Earraí Comhphobail i saorchriosanna

1.   Féadfar earraí Comhphobail a thabhairt isteach i saorchrios agus iad a stóráil, a aistriú, a úsáid, a phróiseáil nó a thomhailt laistigh de shaorchrios. Sna cásanna sin, ní mheasfar na hearraí a bheith faoin nós imeachta saorchreasa.

2.   Ar iarratas ón duine lena mbaineann, deimhneoidh na húdaráis custaim stádas custaim mar earraí Comhphobail na n-earraí seo a leanas:

(a)

earraí Comhphobail a thagann isteach i saorchrios;

(b)

earraí Comhphobail a ndearnadh oibríochtaí próiseála orthu laistigh de shaorchrios;

(c)

earraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht laistigh de shaorchrios.

Airteagal 159

Earraí neamh-Chomhphobail i saorchriosanna

1.   Fad a bheidh siad i saorchrios, féadfar earraí neamh-Chomhphobail a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a chur faoin nós imeachta próiseála isteach, faoin nós imeachta um chead isteach sealadach nó faoin nós imeachta úsáide deiridh, faoi na coinníollacha a leagtar síos le haghaidh na nósanna sin.

I gcásanna den sórt sin ní mheasfar na hearraí a bheith faoin nós imeachta saorchreasa.

2.   Gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le soláthairtí nó bia-earraí a stóráil, i gcás ina bhforálfar amhlaidh sa nós imeachta lena mbaineann, ní chuirfidh mír 1 den Airteagal seo bac ar úsáid ná ar thomhailt earraí nach ndéanfaí dleachtanna ar allmhairí ná bearta a leagtar síos faoi na comhbheartais talmhaíochta agus tráchtála a chur i bhfeidhm de thoradh a scaoilte i saorchúrsaíocht ná cead isteach sealadach a thabhairt dóibh.

I gcás úsáide nó tomhailte den sórt sin, ní éileofar aon dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó maidir leis an nós imeachta um chead isteach sealadach.

Éileofar dearbhú den sórt sin áfach, más rud é go bhfuil na hearraí sin faoi réir tairif-chuóta nó uasteorann.

Airteagal 160

Earraí a thabhairt amach as saorchrios

Gan dochar don reachtaíocht i réimsí seachas réimse an chustaim, féadfar earraí i saorchrios a onnmhairiú nó a athonnmhairiú amach as críoch custaim an Chomhphobail, nó a thabhairt isteach i gcuid eile de chríoch custaim an Chomhphobail.

Beidh feidhm ag Airteagail 91 go 98 mutatis mutandis maidir le hearraí a thugtar isteach i gcodanna eile de chríoch custaim an Chomhphobail.

Airteagal 161

Stádas custaim

I gcás ina dtabharfar earraí amach as saorchrios agus isteach i gcuid eile de chríoch custaim an Chomhphobail nó má chuirtear faoi nós imeachta custaim iad, measfar iad a bheith ina n-earraí neamh-Chomhphobail mura mbeidh a stádas custaim mar earraí Comhphobail á chruthú ag an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 158(2) nó ag aon doiciméad stádais eile dá bhforáiltear i reachtaíocht chustaim an Chomhphobail.

Ar a shon sin, d’fhonn dleachtanna ar onnmhairí agus ceadúnais onnmhairíochta nó bearta rialaithe onnmhairí a leagtar síos faoi chomhbheartais tráchtála nó talmhaíochta a chur i bhfeidhm, measfar gur earraí Comhphobail iad earraí den sórt sin mura suitear nach bhfuil stádas custaim earraí Comhphobail acu.

CAIBIDIL 4

Úsáid shonrach

Roinn 1

Cead isteach sealadach

Airteagal 162

Raon feidhme

1.   Faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, féadfar earraí neamh-Chomhphobail a bheartaítear a athonnmhairiú a úsáid laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail, agus faoiseamh páirteach nó faoiseamh iomlán acu ó dhleachtanna ar allmhairí, agus gan a bheith faoi réir aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

muirir eile dá bhforáiltear faoi fhorálacha ábhartha eile atá i bhfeidhm;

(b)

bearta beartais tráchtála, a mhéid nach gcuireann siad bac ar earraí a thabhairt isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó ar earraí a thabhairt amach aisti.

2.   Ní fhéadfar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a)

nach mbeartaítear aon athrú a dhéanamh ar na hearraí, seachas an gnáth-dhíluachadh de bharr na húsáide a bhaintear astu;

(b)

gur féidir a áirithiú gur féidir na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta a shainaithint, ach amháin i gcás nach dóigh, ag féachaint do chineál na n-earraí nó don úsáid a bheartaítear a bhaint astu, go n-eascróidh aon mhí-úsáid as an nós imeachta d’uireasa na mbeart sainaitheanta nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 142, i gcás inar féidir a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos maidir le hearraí coibhéiseacha;

(c)

go bhfuil sealbhóir an nós imeachta bunaithe lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail, ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt sa reachtaíocht chustaim;

(d)

go gcomhlíontar na ceanglais maidir le faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach ó dhleacht a leagtar síos i reachtaíocht chustaim an Chomhphobail.

Airteagal 163

An tréimhse ina bhféadfaidh earraí fanacht faoin nós imeachta um chead isteach sealadach

1.   Cinnfidh na húdaráis custaim an tréimhse ina gcaithfear earraí a cuireadh faoin nós imeachta um chead isteach sealadach a athonnmhairiú nó a chur faoi nós imeachta eile. Ba cheart go mbeadh an tréimhse sin fada go leor chun go bhféadfaí an cuspóir maidir le húsáid údaraithe a bhaint amach.

2.   24 mhí an tréimhse uasta ina bhféadfaidh earraí fanacht faoin nós imeachta um chead isteach sealadach chun na críche céanna agus faoi fhreagracht an tsealbhóra chéanna, fiú má urscaoileadh an nós imeachta trí na hearraí a chur faoi nós imeachta speisialta eile agus trína gcur faoin nós imeachta um chead isteach sealadach arís ina dhiaidh sin.

3.   I gcás nach féidir, i gcúinsí eisceachtúla, an úsáid údaraithe a bhaint amach laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, féadfaidh na húdaráis custaim, ar iarraidh a bhfuil bonn cirt léi ó shealbhóir an údaraithe, síneadh a chur leis na tréimhsí sin ar feadh tréimhse réasúnta.

Airteagal 164

Cúinsí a chumhdaítear le cead isteach sealadach

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus lena leagtar síos na cásanna inar féidir an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid agus inar féidir faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach i leith dleachtanna ar allmhairí a dheonú agus na coinníollacha faoinar féidir déanamh amhlaidh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Trí na bearta sin a ghlacadh, cuirfear comhaontuithe idirnáisiúnta agus cineál agus úsáid na n-earraí san áireamh.

Airteagal 165

Méid an dleachta ar allmhairí i gcás cead isteach sealadach atá faoi fhaoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí

1.   Socrófar méid na ndleachtanna ar allmhairí maidir le hearraí a chuirfear faoin nós imeachta um chead isteach sealadach faoi fhaoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí ag 3 % de mhéid na ndleachtanna ar allmhairí a bheadh iníoctha maidir leis na hearraí sin dá mba ar an dáta ar cuireadh faoin nós imeachta um chead isteach sealadach iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht iad.

Beidh an méid sin iníoctha i leith gach míosa nó gach codáin de mhí inar cuireadh na hearraí faoi chead isteach sealadach, le faoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí.

2.   Ní rachaidh méid na ndleachtanna ar allmhairí thar an méid a bheadh le híoc dá mba ar an dáta a cuireadh faoin nós imeachta um chead isteach sealadach iad a scaoileadh na hearraí atá i gceist i saorchúrsaíocht.

Roinn 2

Úsáid deiridh

Airteagal 166

Nós imeachta úsáide deiridh

1.   Faoin nós imeachta úsáide deiridh, féadfar earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhíolúine ó dhleacht nó faoi ráta laghdaithe dleachta de bharr a n-úsáide sonraí. Fanfaidh siad faoi mhaoirseacht chustaim.

2.   Tiocfaidh deireadh le maoirseacht chustaim faoin nós imeachta úsáide deiridh sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás inar baineadh úsáid as na hearraí chun na gcríoch a leagtar síos maidir le feidhmiú na díolúine ó dhleacht nó an ráta laghdaithe dleachta;

(b)

i gcás ina n-allmhairítear na hearraí, i gcás ina scriostar iad nó i gcás ina dtréigtear leis an Stát iad;

(c)

i gcás inar baineadh úsáid as na hearraí chun críocha seachas na críocha a leagtar síos i leith fheidhmiú na díolúine ó dhleacht nó an ráta laghdaithe dleachta agus gur íocadh na dleachtanna ar allmhairí atá infheidhme.

3.   I gcás ina dteastóidh ráta brabaigh, beidh feidhm ag Airteagal 167 mutatis mutandis maidir leis an nós imeachta úsáide deiridh.

CAIBIDIL 5

Próiseáil

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 167

Ráta brabaigh

Seachas i gcás ina sonrófar ráta brabaigh sa reachtaíocht Chomhphobail lena rialaítear réimsí sonracha, socróidh na húdaráis custaim ráta brabaigh nó meánráta brabaigh na hoibríochta próiseála nó, más iomchuí, an modh trína gcinnfear an ráta sin.

Cinnfear an ráta brabaigh nó an meánráta brabaigh ar bhonn na gcúinsí iarbhír ina gcuirfear na hoibríochtaí próiseála i gcrích, nó, ina mbeidh siad le cur i gcrích. Féadfar coigeartú a dhéanamh ar an ráta sin, más iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 19.

Roinn 2

Próiseáil isteach

Airteagal 168

Raon feidhme

1.   Gan dochar d’Airteagal 142, faoin nós imeachta próiseála isteach, féadfar earraí neamh-Chomhphobail a úsáid i gcríoch custaim an Chomhphobail in oibríocht próiseála amháin nó níos mó ná sin gan a bheith faoi réir aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

dleachtanna ar allmhairí;

(b)

muirir eile dá bhforáiltear faoi fhorálacha ábhartha eile atá i bhfeidhm;

(c)

bearta beartais tráchtála, a mhéid nach gcuireann siad bac ar earraí a thabhairt isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó ar iad a thabhairt amach aisti.

2.   Féadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta próiseála isteach i gcásanna seachas deisiúchán agus scriosadh ach amháin, gan dochar d’úsáid comhghabhálas táirgthe, i gcás inar féidir na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta a aithint sna táirgí próiseáilte.

Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 142, féadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta i gcás inar féidir a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos maidir le hearraí coibhéiseacha.

3.   De bhreis ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfar an nós imeachta próiseála isteach a úsáid le haghaidh na n-earraí a leanas:

(a)

earraí a mbeartaítear oibríochtaí a dhéanamh orthu d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais theicniúla maidir lena scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(b)

earraí a ndéantar na gnáthchineálacha láimhseála orthu i gcomhréir le hAirteagal 141.

Airteagal 169

Tréimhse urscaoilte

1.   Sonróidh na húdaráis custaim an tréimhse inar gá an nós imeachta próiseála isteach a urscaoileadh, i gcomhréir le hAirteagal 138.

Rithfidh an tréimhse sin ón dáta a gcuirfear na hearraí neamh-Chomhphobail faoin nós imeachta agus cuirfear san áireamh an méid ama is gá chun na hoibríochtaí próiseála a thabhairt chun críche agus an nós imeachta a urscaoileadh.

2.   Féadfaidh na húdaráis custaim síneadh, ar feadh ré réasúnta, leis an tréimhse a shonraítear de bhun mhír 1 a dheonú ach iarratas a bhfuil bonn cirt leis a bheith taiscthe ag sealbhóir an údaraithe chuige sin.

Féadfar a shonrú san údarú go gcríochnóidh tréimhse a thosaíonn le linn míosa, ráithe nó seimeastair féilire ar an lá deireanach de mhí, de ráithe nó de sheimeastar féilire ina dhiaidh sin, faoi seach.

3.   I gcásanna réamhonnmhairithe i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 142(2), sonróidh na húdaráis custaim an tréimhse inar gá na hearraí neamh-Chomhphobail a dhearbhú le haghaidh an nós imeachta. Rithfidh an tréimhse sin ón dáta ar glacadh leis an dearbhú onnmhairíochta a bhaineann leis na táirgí próiseáilte a fhaightear ó na hearraí coibhéiseacha comhfhreagracha.

Airteagal 170

Athonnmhairiú sealadach le haghaidh próiseála breise

Faoi réir údarú na n-údarás custaim, féadfar roinnt de na hearraí nó na hearraí ar fad a cuireadh faoin nós imeachta próiseála isteach, nó na táirgí próiseáilte, a athonnmhairiú chun críocha próiseála breise lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos le haghaidh an nós imeachta próiseála amach.

Roinn 3

Próiseáil amach

Airteagal 171

Raon feidhme

1.   Faoin nós imeachta próiseála amach, féadfar earraí Comhphobail a onnmhairiú ar bhonn sealadach ó chríoch custaim an Chomhphobail chun go ndéanfaí oibríochtaí próiseála orthu. Féadfar na táirgí próiseáilte a dhéanfar as na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi fhaoiseamh iomlán nó faoi fhaoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí ar iarratas ó shealbhóir an údaraithe nó ó aon duine eile atá bunaithe i gcríoch custaim an Chomhphobail ar choinníoll go bhfuarthas toiliú shealbhóir an údaraithe agus go gcomhlíonfar coinníollacha an údaraithe.

2.   Ní cheadófar próiseáil amach i ndáil leis na hearraí Comhphobail a leanas:

(a)

earraí a mbeadh aisíocaíocht nó loghadh dleachtanna ar allmhairí mar thoradh ar a n-onnmhairiú;

(b)

earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhíolúine ó dhleacht nó faoi ráta laghdaithe dleachta de bhua a n-úsáide deiridh, sular onnmhairíodh iad, fad nach mbeidh cuspóirí na húsáide deiridh sin comhlíonta, seachas má dhéantar oibríochtaí deisiúcháin ar na hearraí sin;

(c)

earraí a mbeadh deonú aisíocaí ar onnmhairí mar thoradh ar a n-onnmhairiú;

(d)

earraí a ndeonaítear buntáiste airgeadais seachas na haisíocaí dá dtagraítear i bpointe (c) ina leith faoin gcomhbheartas talmhaíochta de bhua onnmhairiú na n-earraí sin.

3.   I gcásanna nach gcumhdaítear faoi Airteagal 172 agus faoi Airteagal 173 agus ina mbeidh dleachtanna ad valorem i gceist, déanfar méid na dleachta ar allmhairí a ríomh ar bhonn chostas na hoibríochta próiseála ar tugadh fúithi lasmuigh de chríoch custaim an Chomhphobail.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na rialacha maidir leis an ríomh sin agus na rialacha i gcás ina mbeidh dleachtanna sonracha i gceist, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

4.   Sonróidh na húdaráis custaim an tréimhse ar laistigh di is gá earraí a onnmhairítear ar bhonn sealadach a athallmhairiú i gcríoch custaim an Chomhphobail i bhfoirm táirgí próiseáilte, agus a scaoileadh i saorchúrsaíocht, d’fhonn leas a bhaint as faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí. Féadfaidh siad síneadh a chur leis an tréimhse sin, ar feadh achair réasúnta, ach iarratas a bhfuil bonn cirt leis a bheith taiscthe ag sealbhóir an údaraithe chuige sin.

Airteagal 172

Earraí a deisíodh saor in aisce

1.   I gcás ina ndeimhneofar chun sástacht na n-údarás custaim gur deisíodh earraí saor in aisce, de bharr oibleagáide conarthaí nó de bharr oibleagáide reachtúla a d’eascair as ráthaíocht nó de bharr fabht déantúsaíochta nó fabht san ábhar, deonófar faoiseamh iomlán ina leith ó dhleachtanna ar allmhairí.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar cuireadh an fabht déantúsaíochta nó an fabht san ábhar san áireamh tráth ar scaoileadh na hearraí lena mbaineann i saorchúrsaíocht den chéad uair.

Airteagal 173

Córas malartaithe caighdeánach

1.   Faoin gcóras malartaithe caighdeánach, féadfaidh táirge allmhairithe dá ngairfear ‘táirge athsholáthair’ anseo feasta, ionad táirge phróiseáilte a ghabháil i gcomhréir le mír 2 go mír 5.

2.   Údaróidh na húdaráis custaim an córas malartaithe caighdeánach a úsáidfear nuair a bhainfidh an oibríocht próiseála le deisiúchán earraí fabhtacha Comhphobail seachas na hearraí atá faoi réir beart a leagtar síos faoin gcomhbheartas talmhaíochta nó faoi réir na socruithe sonracha atá infheidhme maidir le hearraí áirithe a eascraíonn as próiseáil táirgí talmhaíochta.

3.   Beidh an cód Ainmníochta Comhcheangailte ocht ndigit céanna, an cháilíocht tráchtála céanna agus na tréithe teicniúla céanna ag na táirgí athsholáthair agus a bheadh ag na hearraí fabhtacha dá ndéanfaí deisiúchán orthu.

4.   I gcás inar baineadh úsáid as na hearraí fabhtacha sular onnmhairíodh iad, ní mór úsáid a bheith bainte as na táirgí athsholáthair freisin.

Tarscaoilfidh na húdaráis custaim an ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír, áfach, más rud é gur cuireadh an táirge athsholáthair ar fáil saor in aisce, de bharr oibleagáide conarthaí nó de bharr oibleagáide reachtúla mar chuid de ráthaíocht nó de bharr fabht sa déantúsaíocht nó san ábhar.

5.   Na forálacha a bheadh infheidhme maidir leis na táirgí próiseáilte, beidh feidhm acu freisin maidir leis na táirgí athsholáthair.

Airteagal 174

Réamhallmhairiú táirgí athsholáthair

1.   Údaróidh na húdaráis custaim, faoi na coinníollacha a leagann siad síos, agus ar iarratas ón duine lena mbaineann, táirgí athsholáthair a allmhairiú sula n-onnmhaireofar na hearraí fabhtacha.

I gcás ina ndéanfar réamhallmhairiú den sórt seo ar tháirge athsholáthair, cuirfear ráthaíocht ar fáil lena gcumhdófar méid na ndleachtanna ar allmhairí a bheadh le híoc i gcás nach n-onnmhaireofaí na hearraí fabhtacha i gcomhréir le mír 2.

2.   Onnmhaireofar na hearraí fabhtacha laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a nglacfaidh na húdaráis custaim leis an dearbhú chun na táirgí athsholáthair a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

3.   I gcúinsí eisceachtúla, i gcás nach féidir na hearraí fabhtacha a onnmhairiú laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na húdaráis custaim, ar iarratas a bhfuil bonn cirt leis ón duine lena mbaineann, síneadh a chur leis an tréimhse sin ar feadh ré réasúnta.

TEIDEAL VIII

EARRAÍ A IMEOIDH AS CRÍOCH CUSTAIM AN CHOMHPHOBAIL

CAIBIDIL 1

Earraí a fhágfaidh críoch custaim an Chomhphobail

Airteagal 175

Oibleagáid dearbhú réamhimeachta a thaisceadh

1.   Earraí a bhfuil sé i ndán dóibh críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil cumhdófar le dearbhú réamhimeachta iad a thaiscfear nó a chuirfear ar fáil sula dtabharfar na hearraí amach as críoch custaim an Chomhphobail.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, maidir le hearraí a iompraítear ar mheáin iompair nach ndéanann ach dul trí uiscí teorann nó trí aerspás chríoch custaim an Chomhphobail gan stopadh laistigh di.

2.   Beidh an dearbhú réamhimeachta i bhfoirm ceann díobh seo a leanas:

(a)

i gcás inar cuireadh earraí atá ag fágáil chríoch custaim an Chomhphobail faoi nós imeachta custaim a dteastaíonn dearbhú custaim dó, an dearbhú custaim iomchuí;

(b)

fógra athonnmhairíochta, i gcomhréir le hAirteagal 179;

(c)

i gcás nach mbeidh gá le dearbhú custaim ná le fógra athonnmhairíochta, an dearbhú imeachta achomair dá dtagraítear in Airteagal 180.

3.   Beidh ar a laghad na sonraí atá riachtanach don dearbhú imeachta achomair sa dearbhú réamhimeachta.

Airteagal 176

Bearta lena suitear sonraí áirithe

1.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

na cásanna nach mbeidh na hearraí atá ag fágáil chríoch custaim an Chomhphobail faoi réir dearbhaithe réamhimeachta agus na coinníollacha nach mbeidh na hearraí atá ag fágáil chríoch custaim an Chomhphobail faoi réir dearbhaithe réamhimeachta fúthu;

(b)

na coinníollacha faoinar féidir an ceanglas maidir le dearbhú réamhimeachta a tharscaoileadh nó a oiriúnú;

(c)

an teorainn ama faoina gcaithfear an dearbhú réamhimeachta a thaisceadh nó a chur ar fáil sula dtabharfar na hearraí amach as críoch custaim an Chomhphobail;

(d)

aon eisceachtaí ón teorainn ama dá dtagraítear i bpointe (c) agus aon athruithe uirthi;

(e)

cinneadh na hoifige custaim inniúla ina mbeidh an dearbhú réamhimeachta le taisceadh nó le cur ar fáil agus ina mbeidh anailís riosca agus rialuithe rioscabhunaithe onnmhairithe agus imeachta á gcur i gcrích,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

2.   Agus na bearta sin á nglacadh, cuirfear an méid a leanas san áireamh:

(a)

cúinsí speisialta;

(b)

cur i bhfeidhm na mbeart sin maidir le cineálacha éagsúla tráchta earraí, modhanna iompair nó oibreoirí eacnamaíocha;

(c)

comhaontuithe idirnáisiúnta ina bhforáiltear do shocruithe speisialta slándála.

Airteagal 177

Maoirseacht chustaim agus foirmiúlachtaí imeachta

1.   Earraí a fhágfaidh críoch custaim an Chomhphobail, beidh siad faoi réir maoirseachta custaim agus rialuithe custaim. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis custaim, i gcomhréir leis na bearta a glacadh faoi mhír 5, an bealach a úsáidfear agus an teorainn ama a bheidh le hurramú a chinneadh nuair a beidh earraí ar tí críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil.

2.   Earraí a bhfuil sé i ndán dóibh críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil, tíolacfar do chustam iad ag an oifig custaim atá inniúil don áit a bhfágfaidh na hearraí críoch custaim an Chomhphobail, agus bheidh siad faoi réir cur i bhfeidhm foirmiúlachtaí imeachta, lena n-áireofar, de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas:

(a)

dleachtanna ar allmhairí a aisíoc nó a loghadh nó aisíocaí onnmhairíochta a íoc;

(b)

dleachtanna ar onnmhairí a bhailiú;

(c)

na foirmiúlachtaí a éilítear faoi na forálacha atá i bhfeidhm i ndáil le muirir eile;

(d)

toirmisc agus srianta a chur i bhfeidhm a bhfuil bonn cirt leo ar mhaithe, inter alia, leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí; chun sláinte agus beatha an duine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; chun seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; chun bearta bainistíochta agus caomhnaithe iascaigh a chur i bhfeidhm, agus chun beartais tráchtála a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rialuithe ar réamhtheachtaithe drugaí, ar earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla áirithe agus ar airgead tirim ag fágáil an Chomhphobail.

3.   Earraí a bhfuil sé i ndán dóibh críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil, cuirfidh duine de na daoine seo a leanas faoi bhráid custaim iad:

(a)

an duine a mbeidh na hearraí á n-onnmhairiú ó chríoch custaim an Chomhphobail aige;

(b)

an duine a mbeidh an duine a bhfuil na hearraí á n-onnmhairiú aige ón gcríoch sin ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann;

(c)

an duine a ghlac an fhreagracht air féin earraí a iompar sular onnmhairíodh ó chríoch custaim an Chomhphobail iad.

4.   Deonófar scaoileadh chun imeachta ar an gcoinníoll go bhfágfaidh na hearraí lena mbaineann críoch custaim an Chomhphobail sa riocht céanna ina raibh siad nuair a glacadh leis an dearbhú réamhimeachta.

5.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta, chun mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 2

Onnmhairiú agus athonnmhairiú

Airteagal 178

Earraí Comhphobail

1.   Earraí a bhfuil sé i ndán dóibh críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil, cuirfear faoin nós imeachta onnmhairíochta iad.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na hearraí a leanas:

(a)

earraí a cuireadh faoin nós imeachta úsáide deiridh nó faoin nós imeachta próiseála amach;

(b)

earraí a cuireadh faoin nós imeachta idirthurais inmheánaigh nó a bhfuil críoch custaim an Chomhphobail á fágáil go sealadach acu, i gcomhréir le hAirteagal 103.

3.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta lena leagfar síos na foirmiúlachtaí onnmhairíochta a bheidh infheidhme maidir le hearraí arna gcur faoin nós imeachta úsáide deiridh nó faoin nós imeachta próiseála amach.

Airteagal 179

Earraí neamh-Chomhphobail

1.   Beidh earraí neamh-Chomhphobail a bhfuil sé i ndán dóibh críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil faoi réir fógra athonnmhairíochta a thaiscfear san oifig custaim inniúil agus faoi réir na bhfoirmiúlachtaí imeachta.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 104 go hAirteagal 124 maidir leis an bhfógra athonnmhairíochta.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na hearraí seo a leanas:

(a)

earraí a cuireadh faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh agus nach bhfuil ann ach go bhfuil siad ag dul trí chríoch custaim an Chomhphobail;

(b)

earraí a trasloingsíodh laistigh de shaorchrios nó a athonnmhairíodh go díreach ó shaorchrios;

(c)

earraí faoin nós imeachta stórála sealadaí a onnmhairítear go díreach ó áis stórála sealadaí údaraithe.

Airteagal 180

Dearbhú imeachta achomair

1.   I gcás a mbeidh sé i ndán d’earraí críoch custaim an Chomhphobail a fhágáil agus nach mbeidh gá le dearbhú custaim nó le fógra athonnmhairíochta, taiscfear dearbhú imeachta achomair san oifig custaim inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 175.

2.   Déanfar an dearbhú imeachta achomair le teicníc próiseála sonraí leictreonacha. Féadfar úsáid a bhaint as faisnéis tráchtála, chalafoirt nó as iompar ar choinníoll go mbeidh na sonraí is gá inti le haghaidh dearbhú imeachta achomair.

3.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh na húdaráis custaim glacadh le dearbhuithe imeachta achomair páipéarbhunaithe, ar choinníoll go gcuirfidh siad i bhfeidhm an leibhéal céanna bainistíochta riosca a chuirtear i bhfeidhm i gcás dearbhuithe imeachta achomair a dhéantar le teicníc próiseála sonraí leictreonacha agus gur féidir na riachtanais maidir le malartú sonraí den sórt sin le hoifigí custaim eile a chomhlíonadh.

In ionad thaisceadh an dearbhaithe imeachta achomair, féadfaidh údaráis custaim glacadh le taisceadh fógra agus rochtain a bheith acu ar shonraí maidir leis an dearbhú imeachta achomair i gcóras ríomhaire an oibreora eacnamaíoch.

4.   Taiscfidh duine díobh seo a leanas an dearbhú imeachta achomair:

(a)

an duine a thabharfaidh na hearraí amach as críoch custaim an Chomhphobail, nó a ghlacfaidh freagracht as na hearraí a iompar amach as críoch custaim an Chomhphobail;

(b)

an t-onnmhaireoir nó an coinsíneoir nó duine eile a ngníomhóidh na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) ina ainm nó thar a cheann;

(c)

duine ar bith a bheidh in ann na hearraí atá i gceist a thíolacadh nó a bheidh in ann iad a chur á dtíolacadh don údarás inniúil custaim.

Airteagal 181

Leasú ar an dearbhú imeachta achomair

Ceadófar don dearbhóir, ar a iarraidh sin dó, leasú a dhéanamh ar cheann nó níos mó de shonraí an dearbhaithe sin i ndiaidh a thaiscthe.

Ní fhéadfar leasú ar bith a dhéanamh, áfach, i ndiaidh aon cheann de na teagmhais a leanas:

(a)

gur thug na húdaráis custaim le fios don duine a thaisc an dearbhú achomair go bhfuil rún acu na hearraí a scrúdú;

(b)

gur dheimhnigh na húdaráis custaim go bhfuil na sonraí atá i gceist mícheart;

(c)

go raibh ceadaithe ag na húdaráis custaim cheana féin na hearraí a thabhairt amach.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagtar síos eisceachtaí ar phointe (c) den dara fomhír den Airteagal seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

CAIBIDIL 3

Faoiseamh ó dhleachtanna ar onnmhairí

Airteagal 182

Onnmhairíocht shealadach

1.   Gan dochar d’Airteagal 171, féadfar earraí Comhphobail a onnmhairiú ar bhonn sealadach ó chríoch custaim an Chomhphobail agus féadfaidh siad leas a bhaint as faoiseamh ó dhleacht ar onnmhairí, ar choinníoll go n-athallmhairítear iad.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

TEIDEAL IX

AN COISTE UM AN gCÓD CUSTAIM AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL 1

An coiste um an gCód custaim

Airteagal 183

Bearta cur chun feidhme breise

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 184(2), glacfaidh an Coimisiún rialacha maidir le hidir-inoibritheacht chórais custaim na mBallstát agus maidir leis na comhpháirteanna ábhartha Comhphobail chun comhoibriú feabhsaithe bunaithe ar mhalartú sonraí leictreonacha idir údaráis custaim, idir údaráis custaim agus an Coimisiún agus idir údaráis custaim agus oibreoirí eacnamaíocha a thabhairt i gcrích.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún cinntí a eisiúint ag iarraidh ar na Ballstáit go ndéanfadh siad cinneadh a chúlghairm nó a leasú — seachas na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20(8)(c) a eisíodh faoi chuimsiú na reachtaíochta custaim a chlaonann ó chinntí atá inchurtha leis a rinne údaráis inniúla eile sa dóigh gur laige de cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta custaim dá bharr;

(b)

aon bhearta cur chun feidhme eile, i gcás inar gá, lena n-áirítear an cás inar ghlac an Comhphobal le gealltanais agus oibleagáidí i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a éilíonn oiriúnú fhorálacha an Chóid;

(c)

cásanna agus coinníollacha breise faoina bhféadfaí cur i bhfeidhm an Chóid seo a shimpliú,

glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 184(4).

Airteagal 184

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim, dá ngairfear ‘an Coiste’ anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 185

Ábhair bhreise

Ar thionscnamh an Choimisiúin nó ar iarratas ó ionadaí ar Bhallstát, féadfaidh an Coiste aon cheist a scrúdú a tharraingeoidh an cathaoirleach anuas maidir leis an reachtaíocht chustaim, agus a bhaineann go háirithe leis an méid seo a leanas:

(a)

aon fhadhb a eascraíonn as cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim;

(b)

aon seasamh a bheidh le glacadh ag an gComhphobal ar choistí, i meithleacha oibre, agus ar phainéil a bhunaítear faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a dhéileálann leis an reachtaíocht chustaim.

CAIBIDIL 2

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 186

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 3925/91, Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 agus Rialachán (CE) Uimh. 1207/2001.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 187

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 188

Cur i bhfeidhm

1.   An dara fomhír d’Airteagal 1(3), an dara fomhír d’Airteagal 5(1), an chéad fhomhír d’Airteagal 5(2), Airteagal 10(2), Airteagal 11(3), an dara fomhír d’Airteagal 12(2), Airteagal 15(1), Airteagal 16(5), Airteagal 18(4), Airteagal 19(5), Airteagal 20(7), Airteagal 20(8), Airteagal 20(9), an dara fomhír d’Airteagal 24(3), Airteagal 25(3), Airteagal 28(3), Airteagal 30(2), Airteagal 31(3), Airteagal 33(5), Airteagal 38, Airteagal 39(3), Airteagal 39(6), Airteagal 43, Airteagal 54, an dara fomhír d’Airteagal 55(2), Airteagal 56(9), Airteagal 57(3), an dara fomhír d’Airteagal 58, an dara fomhír d’Airteagal 59(1), Airteagal 62(3), Airteagal 63(3), Airteagal 65(3), an tríú fomhír d’Airteagal 67(1), Airteagal 71, an chéad fhomhír d’Airteagal 72(3), Airteagal 76, Airteagal 77(3), an dara fomhír d’Airteagal 78(1), Airteagal 78(5), Airteagal 85, Airteagal 86(7), an chéad fhomhír d’Airteagal 87(3), an dara fomhír d’Airteagal 88(4), Airteagal 89(2), Airteagal 93(2), Airteagal 101(2), Airteagal 103, Airteagal 105(2), an chéad fhomhír d’Airteagal 106(4), Airteagal 107(3), an dara fomhír d’Airteagal 108(1), Airteagal 108(4), Airteagal 109(2), Airteagal 109(3), an tríú fomhír d’Airteagal 110(1), Airteagal 111(3), Airteagal 112(4), Airteagal 113(3), an dara fomhír d’Airteagal 114(2), an dara fomhír d’Airteagal 115, an chéad fhomhír d’Airteagal 116(2), Airteagal 119(3), Airteagal 122, Airteagal 124(2), Airteagal 128, Airteagal 134, an chéad fhomhír d’Airteagal 136(2), an dara fomhír d’Airteagal 136(3), an ceathrú fomhír d’Airteagal 136(4), Airteagal 137(2), Airteagal 140(2), an ceathrú fomhír d’Airteagal 142(1), an dara fomhír d’Airteagal 142(2), an dara fomhír d’Airteagal 142(3), Airteagal 143, Airteagal 144(2), an dara fomhír d’Airteagal 145(3), an dara fomhír d’Airteagal 148(2), Airteagal 150(3), Airteagal 151(5), an chéad fhomhír d’Airteagal 164, an dara fomhír d’Airteagal 171(3), Airteagal 176(1), Airteagal 177(5), Airteagal 178(3), an tríú fomhír d’Airteagal 181, Airteagal 182(2), Airteagal 183(1) agus Airteagal 183(2), beidh feidhm acu ón 24 Meitheamh 2008.

2.   Beidh feidhm ag na forálacha eile uile a luaithe a bheidh feidhm ag na forálacha cur chun feidhme a glacadh ar bhonn na nAirteagal dá dtagraítear i mír 1. Tiocfaidh na forálacha cur chun feidhme i bhfeidhm an 24 Meitheamh 2009 ar a luaithe.

Ainneoin theacht i bhfeidhm na bhforálacha cur chun feidhme, beidh feidhm ag na forálacha sin den Rialachán seo dá dtagraítear sa mhír seo ón 24 Meitheamh 2013 ar a dheireanaí.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 30(1) ón 1 Eanáir 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Aibreán 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 309, 16.12.2006, lch. 22.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2006, Comhsheasamh ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2007 (IO C 298 E, 11.12.2007, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Feabhra 2008.

(3)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(4)  IO L 86, 3.4.2003, lch. 21. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2004/485/CE (IO L 162, 30.4.2004, lch. 113).

(5)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1. Treoir arna leasú le Treoir 2006/138/CE (IO L 384, 29.12.2006, lch. 92).

(6)  IO L 117, 4.5.2005, lch. 13.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(8)  IO L 374, 31.12.1991, lch. 4. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(9)  IO L 165, 21.6.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 75/2008 (IO L 24, 29.1.2008, lch. 1).

(10)  IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.

(11)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 733/2007 (IO L 169, 29.6.2007, lch. 1).

(12)  IO L 105, 23.4.1983, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 274/2008 (IO L 85, 27.3.2008, lch. 1).

(13)  IO L 118, 25.5.1995, lch. 10. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.


IARSCRÍBHINN

TÁBLAÍ COMHGHAOIL

1.   Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92

Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 4

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 4, pointe (4a) go pointe (4d)

Airteagal 5

Airteagal 11 agus Airteagal 12

Airteagal 5a

Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15

Airteagal 6

Airteagal 16

Airteagal 7

Airteagal 16

Airteagal 8

Airteagal 18

Airteagal 9

Airteagal 19

Airteagal 10

Airteagal 16

Airteagal 11

Airteagal 8 agus Airteagal 30

Airteagal 12

Airteagal 20

Airteagal 13

Airteagal 25 agus Airteagal 26

Airteagal 14

Airteagal 9

Airteagal 15

Airteagal 6

Airteagal 16

Airteagal 29

Airteagal 17

Airteagal 32

Airteagal 18

Airteagal 31

Airteagal 19

Airteagal 116 agus Airteagal 183

Airteagal 20

Airteagal 33 agus Airteagal 34

Airteagal 21

Airteagal 33

Airteagal 22

Airteagal 35

Airteagal 23

Airteagal 36

Airteagal 24

Airteagal 36

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 37

Airteagal 27

Airteagal 39

Airteagal 28

Airteagal 40

Airteagal 29

Airteagal 41

Airteagal 30

Airteagal 42

Airteagal 31

Airteagal 42

Airteagal 32

Airteagal 43

Airteagal 33

Airteagal 43

Airteagal 34

Airteagal 43

Airteagal 35

Airteagal 31

Airteagal 36

Airteagal 41

Airteagal 36a

Airteagal 87

Airteagal 36b

Airteagal 5, Airteagal 88 agus Airteagal 89

Airteagal 36c

Airteagal 90

Airteagal 37

Airteagal 91

Airteagal 38

Airteagal 92 agus Airteagal 93

Airteagal 39

Airteagal 94

Airteagal 40

Airteagal 95

Airteagal 41

Airteagal 95

Airteagal 42

Airteagal 91

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 96

Airteagal 47

Airteagal 96

Airteagal 48

Airteagal 97

Airteagal 49

Airteagal 50

Airteagal 98 agus Airteagal 151

Airteagal 51

Airteagal 151 agus Airteagal 152

Airteagal 52

Airteagal 152

Airteagal 53

Airteagal 151

Airteagal 54

Airteagal 99

Airteagal 55

Airteagal 100

Airteagal 56

Airteagal 125

Airteagal 57

Airteagal 126

Airteagal 58

Airteagal 91 agus Airteagal 97

Airteagal 59

Airteagal 104

Airteagal 60

Airteagal 105

Airteagal 61

Airteagal 107

Airteagal 62

Airteagal 108

Airteagal 63

Airteagal 112

Airteagal 64

Airteagal 111

Airteagal 65

Airteagal 113

Airteagal 66

Airteagal 114

Airteagal 67

Airteagal 112

Airteagal 68

Airteagal 117

Airteagal 69

Airteagal 118

Airteagal 70

Airteagal 119

Airteagal 71

Airteagal 120

Airteagal 72

Airteagal 121

Airteagal 73

Airteagal 123

Airteagal 74

Airteagal 124

Airteagal 75

Airteagal 126

Airteagal 76

Airteagal 108, Airteagal 109, Airteagal 110 agus Airteagal 112

Airteagal 77

Airteagal 107 agus Airteagal 108

Airteagal 78

Airteagal 27

Airteagal 79

Airteagal 129

Airteagal 80

Airteagal 81

Airteagal 115

Airteagal 82

Airteagal 166

Airteagal 83

Airteagal 102

Airteagal 84

Airteagal 135

Airteagal 85

Airteagal 136

Airteagal 86

Airteagal 136

Airteagal 87

Airteagal 136

Airteagal 87a

Airteagal 88

Airteagal 136

Airteagal 89

Airteagal 138

Airteagal 90

Airteagal 139

Airteagal 91

Airteagal 140 agus Airteagal 144

Airteagal 92

Airteagal 146

Airteagal 93

Airteagal 147

Airteagal 94

Airteagal 62, Airteagal 63, Airteagal 136 agus Airteagal 146

Airteagal 95

Airteagal 136 agus Airteagal 146

Airteagal 96

Airteagal 146

Airteagal 97

Airteagal 143

Airteagal 98

Airteagal 143, Airteagal 148 agus Airteagal 153

Airteagal 99

Airteagal 153

Airteagal 100

Airteagal 136

Airteagal 101

Airteagal 149

Airteagal 102

Airteagal 149

Airteagal 103

Airteagal 104

Airteagal 136

Airteagal 105

Airteagal 137

Airteagal 106

Airteagal 137 agus Airteagal 154

Airteagal 107

Airteagal 137

Airteagal 108

Airteagal 150

Airteagal 109

Airteagal 141 agus Airteagal 143

Airteagal 110

Airteagal 153

Airteagal 111

Airteagal 140

Airteagal 112

Airteagal 53

Airteagal 113

Airteagal 114

Airteagal 142 agus Airteagal 168

Airteagal 115

Airteagal 142 agus Airteagal 143

Airteagal 116

Airteagal 136

Airteagal 117

Airteagal 136

Airteagal 118

Airteagal 169

Airteagal 119

Airteagal 167

Airteagal 120

Airteagal 143

Airteagal 121

Airteagal 52 agus Airteagal 53

Airteagal 122

Airteagal 52 agus Airteagal 53

Airteagal 123

Airteagal 170

Airteagal 124

Airteagal 125

Airteagal 126

Airteagal 127

Airteagal 128

Airteagal 129

Airteagal 130

Airteagal 168

Airteagal 131

Airteagal 143

Airteagal 132

Airteagal 136

Airteagal 133

Airteagal 136

Airteagal 134

Airteagal 135

Airteagal 53

Airteagal 136

Airteagal 53

Airteagal 137

Airteagal 162

Airteagal 138

Airteagal 136

Airteagal 139

Airteagal 162

Airteagal 140

Airteagal 163

Airteagal 141

Airteagal 164

Airteagal 142

Airteagal 143 agus Airteagal 164

Airteagal 143

Airteagal 47 agus Airteagal 165

Airteagal 144

Airteagal 47, Airteagal 52 agus Airteagal 53

Airteagal 145

Airteagal 48 agus Airteagal 171

Airteagal 146

Airteagal 143 agus Airteagal 171

Airteagal 147

Airteagal 136

Airteagal 148

Airteagal 136

Airteagal 149

Airteagal 171

Airteagal 150

Airteagal 171

Airteagal 151

Airteagal 171

Airteagal 152

Airteagal 172

Airteagal 153

Airteagal 171

Airteagal 154

Airteagal 173 agus Airteagal 174

Airteagal 155

Airteagal 173

Airteagal 156

Airteagal 173

Airteagal 157

Airteagal 174

Airteagal 158

Airteagal 159

Airteagal 160

Airteagal 161

Airteagal 176, Airteagal 177 agus Airteagal 178

Airteagal 162

Airteagal 177

Airteagal 163

Airteagal 145

Airteagal 164

Airteagal 103 agus Airteagal 145

Airteagal 165

Airteagal 143

Airteagal 166

Airteagal 148

Airteagal 167

Airteagal 155 agus Airteagal 156

Airteagal 168

Airteagal 155

Airteagal 168a

Airteagal 169

Airteagal 157 agus Airteagal 158

Airteagal 170

Airteagal 157 agus Airteagal 158

Airteagal 171

Airteagal 150

Airteagal 172

Airteagal 156

Airteagal 173

Airteagal 141 agus Airteagal 159

Airteagal 174

Airteagal 175

Airteagal 159

Airteagal 176

Airteagal 137

Airteagal 177

Airteagal 160

Airteagal 178

Airteagal 53

Airteagal 179

Airteagal 180

Airteagal 161

Airteagal 181

Airteagal 160

Airteagal 182

Airteagal 127, Airteagal 168 agus Airteagal 179

Airteagal 182a

Airteagal 175

Airteagal 182b

Airteagal 176

Airteagal 182c

Airteagal 176, Airteagal 179 agus Airteagal 180

Airteagal 182d

Airteagal 5, Airteagal 180 agus Airteagal 181

Airteagal 183

Airteagal 177

Airteagal 184

Airteagal 185

Airteagal 130 agus Airteagal 131

Airteagal 186

Airteagal 130

Airteagal 187

Airteagal 132

Airteagal 188

Airteagal 133

Airteagal 189

Airteagal 56

Airteagal 190

Airteagal 58

Airteagal 191

Airteagal 56

Airteagal 192

Airteagal 57 agus Airteagal 58

Airteagal 193

Airteagal 59

Airteagal 194

Airteagal 59

Airteagal 195

Airteagal 61

Airteagal 196

Airteagal 60

Airteagal 197

Airteagal 59

Airteagal 198

Airteagal 64

Airteagal 199

Airteagal 65

Airteagal 200

Airteagal 201

Airteagal 44

Airteagal 202

Airteagal 46

Airteagal 203

Airteagal 46

Airteagal 204

Airteagal 46 agus Airteagal 86

Airteagal 205

Airteagal 46

Airteagal 206

Airteagal 46 agus Airteagal 86

Airteagal 207

Airteagal 86

Airteagal 208

Airteagal 47

Airteagal 209

Airteagal 48

Airteagal 210

Airteagal 49

Airteagal 211

Airteagal 49

Airteagal 212

Airteagal 50

Airteagal 212a

Airteagal 53

Airteagal 213

Airteagal 51

Airteagal 214

Airteagal 52 agus Airteagal 78

Airteagal 215

Airteagal 55 agus Airteagal 66

Airteagal 216

Airteagal 45

Airteagal 217

Airteagal 66 agus Airteagal 69

Airteagal 218

Airteagal 70

Airteagal 219

Airteagal 70

Airteagal 220

Airteagal 70 agus Airteagal 82

Airteagal 221

Airteagal 67 agus Airteagal 68

Airteagal 222

Airteagal 72

Airteagal 223

Airteagal 73

Airteagal 224

Airteagal 74

Airteagal 225

Airteagal 74

Airteagal 226

Airteagal 74

Airteagal 227

Airteagal 75

Airteagal 228

Airteagal 76

Airteagal 229

Airteagal 77

Airteagal 230

Airteagal 73

Airteagal 231

Airteagal 73

Airteagal 232

Airteagal 78

Airteagal 233

Airteagal 86

Airteagal 234

Airteagal 86

Airteagal 235

Airteagal 4

Airteagal 236

Airteagal 79, Airteagal 80, agus Airteagal 84

Airteagal 237

Airteagal 79 agus Airteagal 84

Airteagal 238

Airteagal 79, Airteagal 81 agus Airteagal 84

Airteagal 239

Airteagal 79, Airteagal 83, Airteagal 84, agus Airteagal 85

Airteagal 240

Airteagal 79

Airteagal 241

Airteagal 79

Airteagal 242

Airteagal 79

Airteagal 243

Airteagal 23

Airteagal 244

Airteagal 24

Airteagal 245

Airteagal 23

Airteagal 246

Airteagal 22

Airteagal 247

Airteagal 183

Airteagal 247a

Airteagal 184

Airteagal 248

Airteagal 183

Airteagal 248a

Airteagal 184

Airteagal 249

Airteagal 185

Airteagal 250

Airteagal 17, Airteagal 120 agus Airteagal 121

Airteagal 251

Airteagal 186

Airteagal 252

Airteagal 186

Airteagal 253

Airteagal 187

2.   Rialachán (CEE) Uimh. 3925/91 agus Rialachán (CE) Uimh. 1207/2001

An Rialachán arna aisghairm

An Rialachán seo

Rialachán (CEE) Uimh. 3925/91

Airteagal 28

Rialachán (CE) Uimh. 1207/2001

Airteagal 39


Top