EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R1370

Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle

OJ L 315, 3.12.2007, p. 1–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 07 Volume 013 P. 96 - 108

In force: This act has been changed. Current consolidated version: 24/12/2017

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1370/oj

3.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) UIMH. 1370/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2007

maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 agus Airteagal 89 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Daingnítear le hAirteagal 16 den Chonradh an áit atá ag seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch i gcoitinne i gcomhluachanna an Aontais.

(2)

Leagtar síos le hAirteagal 86(2) den Chonradh go mbeidh gnóthais arb é a gcúram seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú faoi réir rialacha an Chonartha, go háirithe na rialacha iomaíochta, sa mhéid nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur i bhfeidhm bac, ó dhlí ná ó ghníomh, ar chomhlíonadh an chúraim áirithe a sannadh dóibh.

(3)

Tá Airteagal 73 den Chonradh ina lex specialis i ndáil le hAirteagal 86(2). Bunaítear leis na rialacha is infheidhme maidir le cúiteamh as oibleagáidí seirbhíse poiblí in iompar intíre.

(4)

Is iad bunchuspóirí an Pháipéir Bháin ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2001, ‘Beartas iompair na hEorpa don bhliain 2010: tráth an chinnidh’, seirbhísí sábháilte, éifeachtacha, ardchaighdeáin iompair do phaisinéirí a ráthú trí iomaíocht rialaithe, agus trédhearcacht agus feidhmiú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a bheith á ráthú freisin, ag féachaint d'fhachtóirí sóisialta, comhshaoil agus forbraíochta réigiúnaí, nó coinníollacha sonracha taraife a thairiscint do chatagóirí áirithe taistealaithe, amhail pinsinéirí, agus chun deireadh a chur le héagothromaíochtaí idir ghnóthais iompair ó Bhallstáit éagsúla a bhféadfadh saobhtaí substaintiúla iomaíochais eascairt astu.

(5)

Faoi láthair, tá go leor de na seirbhísí iompair intíre do phaisinéirí a éilítear ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nach féidir a oibriú ar bhonn tráchtála. Ní foláir go mbeadh údaráis inniúla na mBallstát in ann gníomhú chun a áirithiú go ndéanfaí seirbhísí den sórt sin a sholáthar. Áireofar na meicníochtaí seo a leanas ar na meicníochtaí a fhéadfaidh siad a úsáid chun a áirithiú go ndéanfar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a sholáthar: cearta eisiacha a dhámhachtain d'oibreoirí seirbhísí poiblí, cúitimh airgeadais a dheonú d'oibreoirí seirbhísí poiblí agus rialacha ginearálta a shainiú d'oibriú iompair phoiblí is infheidhme maidir leis na hoibreoirí uile. Má roghnaíonn na Ballstáit, i gcomhréir leis an Rialachán seo, rialacha ginearálta áirithe a eisiamh óna raon feidhme, ba cheart go mbeadh feidhm ag an réimeas ginearálta do státchabhair.

(6)

Tá reachtaíocht tugtha isteach ag líon mór Ballstát lena bhforáiltear do dhámhachtain ceart eisiach agus conarthaí seirbhíse poiblí i gcuid dá margadh iompair phoiblí ar a laghad, ar bhonn nósanna imeachta dámhachtana iomaíocha trédhearcacha agus córa. Mar thoradh air sin, tá forbairt shuntasach tagtha ar an trádáil idir Bhallstáit agus tá líon oibreoirí seirbhísí poiblí ag soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí anois i níos mó ná aon Bhallstát amháin. De bharr forbairtí atá tagtha ar an reachtaíocht náisiúnta, áfach, tá éagothromaíochtaí sna nósanna imeachta atá á gcur i bhfeidhm agus tá éiginnteacht dhlíthiúil ann maidir le cearta oibreoirí seirbhísí poiblí agus dualgais na n-údarás inniúil. I dtaca le Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1969 maidir le gníomhaíocht ó Bhallstáit maidir leis na hoibleagáidí ar gné dhílis iad den choincheap atá ann de sheirbhís phoiblí san iompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealaí intíre (4), ní dhéileálann sé leis an dóigh ina bhfuil conarthaí seirbhíse poiblí le dámhachtain sa Chomhphobal ná, go háirithe, leis na himthosca inar cheart iad a chur amach ar thairiscintí iomaíocha. Ba cheart, dá bhrí sin, creat dlí an Chomhphobail a thabhairt cothrom le dáta.

(7)

Léiríonn staidéir a rinneadh agus taithí na mBallstát i gcás ina raibh iomaíocht ann ar feadh roinnt blianta in earnáil an iompair phoiblí go mbíonn seirbhísí níos tarraingtí agus níos nuálaí ar phraghas níos ísle ann mar thoradh ar thabhairt isteach na hiomaíochta rialaithe idir oibreoirí, ach na coimircí iomchuí a bheith ann, agus nach móide go gcuireann sé sin bac ar chomhlíonadh na gcúraimí sonracha a sannadh d'oibreoirí seirbhísí poiblí. Thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an gcur chuige sin faoin bpróiseas ar a dtugtar Próiseas Liospóin an 28 Márta 2000 lenar iarradh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit, i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach, ‘dlús a chur leis an léirscaoileadh i réimsí ar nós … réimse an iompair’.

(8)

Ba cheart, maidir le margaí iompair do phaisinéirí a bhfuil dírialú déanta orthu agus nach bhfuil aon chearta eisiacha ag baint leo, go ligfí dóibh a dtréithe agus a modhanna feidhme a choimeád, sa mhéid go mbeidh siad ar comhréir le ceanglais an Chonartha.

(9)

Ionas go mbeifear in ann a gcuid seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a eagrú ar an gcaoi is fearr a fheilfidh do riachtanais an phobail, ní foláir go mbeadh na húdaráis inniúla go léir in ann a n-oibreoirí seirbhísí poiblí a roghnú go neamhshrianta, ag cur leasanna fiontar beag agus meánmhéide san áireamh, faoi na coinníollacha a shonraítear sa Rialachán seo. Chun a ráthú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na córa comhionainne ar oibreoirí atá in iomaíocht lena chéile agus prionsabal na coimhdeachta, nuair a dheonófar cúiteamh nó cearta eisiacha, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh conradh seirbhíse poiblí idir an t-údarás inniúil agus an t-oibreoir seirbhíse poiblí a roghnaíodh sainiú ar chineál na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ar an luach saothair a comhaontaíodh. Féadfaidh foirm nó tuairisc an chonartha athrú i gcomhréir le córais dlí na mBallstát.

(10)

Contrártha do Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69, a leathnaíonn a raon feidhme chuig seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'uiscebhealaí intíre, ní mheastar gur inmholta go bhfolódh an Rialachán seo dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí san earnáil shonrach sin. Tá eagrú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'uiscebhealaí intíre agus, sa mhéid nach bhfuil siad folaithe ag dlí sonrach Comhphobail, d’uiscí farraige náisiúnta, dá bhrí sin faoi réir chomhlíonadh phrionsabail ghinearálta an Chonartha, mura roghnóidh Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na hearnálacha sonracha sin. Ní choisceann forálacha an Rialacháin seo comhtháthú seirbhísí uiscebhealaí intíre agus uiscí farraige náisiúnta i ngréasán leitheadach poiblí uirbeach, fobhailteach nó réigiúnach iompair do phaisinéirí.

(11)

Contrártha do Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69, a leathnaíonn a raon feidhme chuig seirbhísí iompair lastais, ní mheastar gur inmholta go bhfolódh an Rialachán seo dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí san earnáil shonrach sin. Trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán seo, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh eagrú seirbhísí iompair lastais faoi réir chomhlíonadh phrionsabail ghinearálta an Chonartha.

(12)

Is cuma, ó thaobh dhlí an Chomhphobail de, an ag gnóthais phoiblí nó ag gnóthais phríobháideacha atá na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí á n-oibriú. Tá an Rialachán seo bunaithe ar phrionsabal na neodrachta maidir leis an gcóras úinéireachta maoine dá dtagraítear in Airteagal 295 den Chonradh, ar phrionsabal shaoirse na mBallstát chun seirbhísí lena mbaineann leas eacnamaíoch i gcoitinne a shainiú, prionsabal dá dtagraítear in Airteagal 16 den Chonradh, agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chonradh.

(13)

Tá seirbhísí áirithe ann, a mbíonn nasc acu go minic le bonneagar sonrach, a oibrítear go príomha de bhrí gur ábhar spéise iad go stairiúil nó de bharr an luach atá leo ó thaobh na turasóireachta de. Ós léir nach ionann cuspóir na n-oibríochtaí sin agus soláthar iompair phoiblí do phaisinéirí, ní gá dá bhrí sin go mbeidís á rialú leis na rialacha ná leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le ceanglais seirbhíse poiblí.

(14)

I gcás ina mbeidh na húdaráis inniúla freagrach as an ngréasán iompair phoiblí a eagrú, seachas oibriú iarbhír na seirbhíse iompair, féadfaidh sé sin réimse iomlán de ghníomhaíochtaí agus de dhualgais eile a fholú a gcaithfidh na húdaráis inniúla a bheith saor chun iad a chomhlíonadh iad féin nó chun iad a chur de chúram go hiomlán nó go páirteach ar thríú páirtí.

(15)

Féadfaidh dúnadh an mhargaidh ar feadh tréimhse atá níos faide ná mar is gá a bheith mar thoradh ar chonarthaí fadtéarmacha, rud a bhaineann de shochair an bhrú iomaíoch. Chun saobhtaí iomaíochta a laghdú, agus caighdeán na seirbhísí a áirithiú ag an am céanna, ba cheart srian a bheith le ré conarthaí seirbhíse poiblí. D’fhéadfadh leathnú na gconarthaí sin a bheith faoi réir aiseolais dearfaigh ó úsáideoirí. Sa chomhthéacs sin is gá foráil a dhéanamh chun conarthaí seirbhíse poiblí a leathnú de thréimhse nach mó ná leath na ré a bhí iontu i dtosach i gcás ina mbeidh ar an oibreoir seirbhíse poiblí infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní a bhfuil tréimhse eisceachtúil dímheasa ag baint leo agus, mar gheall ar na saintréithe speisialta atá acu agus na srianta speisialta atá orthu, i gcás na réigiún is forimeallaí, mar a shonraítear in Airteagal 299 den Chonradh. Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfaidh oibreoir seirbhíse poiblí infheistíochtaí i mbonneagar nó i rothra agus i bhfeithiclí atá eisceachtúil sa mhéid go bhfuil méideanna móra cistí i gceist leo agus ar choinníoll gur tar éis nós imeachta chóir, iomaíoch tairiscintí a dhéanfar an conradh a dhámhachtain, ba chóir go bhféadfaí síneadh níos faide fós a chur le tréimhse an chonartha.

(16)

I gcás ina mbeidh athrú oibreora seirbhíse poiblí i gceist le tabhairt i gcrích conartha seirbhíse poiblí, ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na húdaráis inniúla a iarraidh ar an oibreoir seirbhíse poiblí a roghnaíodh forálacha Threoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnóthaí nó cuid de ghnóthais nó de ghnóthaí (5) a chur i bhfeidhm. Ní choisctear leis an Treoir sin ar Bhallstáit coinníollacha aistrithe ceart fostaithe a choimirciú seachas na cearta sin a fholaítear le Treoir 2001/23/CE agus dá bharr sin, i gcás inar iomchuí, caighdeáin shóisialta a chur san áireamh a bhunaítear le dlíthe, le rialacháin nó le forálacha riaracháin náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna nó comhaontuithe a thugtar i gcrích idir pháirtithe sóisialta.

(17)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, beidh sé de shaoirse ag údaráis inniúla critéir shóisialta agus cháilíochtúla a bhunú chun caighdeáin cháilíochta a chothabháil agus a ardú d'oibleagáidí seirbhíse poiblí, mar shampla i dtaca le coinníollacha íosta oibre, le cearta paisinéirí, le riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó le cosaint comhshaoil, le slándáil na bpaisinéirí agus na bhfostaithe agus i dtaca le hoibleagáidí i ndáil le comhaontuithe comhchoiteanna agus le rialacha agus comhaontuithe eile a bhaineann le háiteanna oibre agus le cosaint shóisialta san áit a gcuirtear an tseirbhís ar fáil. Ba chóir go mbeadh sé de shaoirse ag údaráis inniúla caighdeáin shonracha cáilíochta seirbhíse agus caighdeáin shonracha shóisialta a fhorchur chun téarmaí comórtais trédhearcacha agus inchomparáide idir oibreoirí a áirithiú agus chun baol na dumpála sóisialta a sheachaint.

(18)

Faoi réir fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta, féadfaidh aon údarás áitiúil nó, murar ann dó, aon údarás náisiúnta a roghnú a chuid seirbhísí poiblí iompair féin do phaisinéirí a chur ar fáil sa limistéar atá á riaradh aige nó iad a chur de chúram ar oibreoir inmheánach gan tairiscintí iomaíocha a iarraidh. Ní mór rialú docht a dhéanamh ar an rogha féinsoláthair sin, áfach, chun cothrom na féinne a áirithiú do chách. Ba cheart don údarás inniúil nó don ghrúpa údarás a bhfuil seirbhísí comhtháite poiblí iompair do phaisinéirí á soláthar aige, i dteannta a chéile nó trína chomhaltaí, an rialú riachtanach sin a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart go dtoirmiscfí ar údarás inniúil a bhfuil a chuid seirbhísí iompair féin á soláthar aige nó ar oibreoir inmheánach páirt a ghlacadh i nósanna imeachta iomaíocha tairiscintí lasmuigh de chríoch an údaráis sin. Ba cheart go mbeadh sé de chead ag an údarás a rialaíonn an t-oibreoir inmheánach a thoirmeasc ar an oibreoir sin páirt a ghlacadh i dtairiscintí iomaíocha a eagraítear laistigh dá chríoch. Ní chuireann srianta ar ghníomhaíochtaí oibreora inmheánaigh isteach ar an bhféidearthacht go ndéanfaí conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach i gcás ina mbaineann siad le hiompar d'iarnród, cé is moite de mhodhanna eile rianbhunaithe ar nós meitreo nó trambhealaí. Thairis sin, ní choisceann dámhachtain dhíreach conarthaí seirbhíse poiblí d'iarnróid throma an fhéidearthacht go ndéanfadh údaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain d'oibreoir inmheánach do sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí ar mhodhanna eile rianbhunaithe ar nós meitreo agus trambhealaí.

(19)

Féadfaidh fochonraitheoireacht rannchuidiú le hiompar poiblí níos éifeachtaí do phaisinéirí agus cuirfidh sé ar chumas gnóthas a bheith rannpháirteach, seachas an t-oibreoir seirbhíse poiblí ar deonaíodh an conradh seirbhíse poiblí dó. Ar a shon sin, d'fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistí poiblí, ba chóir go mbeadh na húdaráis inniúla in ann na rialacha mionsonraithe a chinneadh maidir le fochonraitheoireacht a dhéanamh ar a gcuid seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí, go háirithe i gcás seirbhísí arna bhfeidhmiú ag oibreoir inmheánach. Thairis sin, níor chóir go gcoiscfí ar fhochonraitheoir páirt a ghlacadh i dtairiscintí iomaíocha ar chríoch aon údaráis inniúil. Ní foláir roghnú fochonraitheora ag údarás inniúil nó ag a oibreoir inmheánach a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail.

(20)

I gcás ina roghnóidh údarás poiblí seirbhís leasa ghinearálta a chur de chúram ar thríú páirtí, ní mór dó an t-oibreoir seirbhíse poiblí a roghnú i gcomhréir leis an dlí Comhphobail maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais, mar a bhunaítear le hAirteagail 43 go 49 den Chonradh é, agus i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus le prionsabal na córa comhionainne. Ní dhéanfaidh forálacha an Rialacháin seo dochar, go háirithe, do na hoibleagáidí is infheidhme maidir le húdaráis phoiblí de bhua na dtreoracha maidir le dámhachtain conarthaí poiblí i gcás ina dtiocfaidh conarthaí seirbhíse poiblí laistigh dá raon feidhme.

(21)

Ba chóir go ráthófaí cosaint dhlíthiúil éifeachtúil, ní amháin do na dámhachtainí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (6) agus faoi raon feidhme Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (7), ach freisin do chonarthaí eile arna ndámhachtain faoin Rialachán seo. Tá gá le nós imeachta athbhreithnithe éifeachtúil agus ba chóir go mbeadh sé inchomparáide de réir mar is cuí leis na nósanna imeachta a bhaineann le hábhar a leagtar amach i dTreoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú a dhéanamh ar dhlíthe, ar rialacháin agus ar fhorálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (8) agus i dTreoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena gcomhordaítear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail maidir le nósanna imeachta soláthair na n-eintiteas atá ag oibriú in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide a chur i bhfeidhm (9).

(22)

Éilítear in iarratais áirithe ar thairiscintí ar na húdaráis inniúla sainiú agus cur síos a dhéanamh ar chórais chasta. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé de chumhacht ag na húdaráis sin, agus conarthaí á ndámhachtain acu i gcásanna den sórt sin, mionsonraí a chaibidil le cuid de na hoibreoirí ionchasacha seirbhísí poiblí nó leo go léir tar éis do na tairiscintí a bheith tíolactha.

(23)

Níor cheart go mbeadh iarratais ar thairiscintí éigeantach do dhámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí i gcás ina mbainfidh an conradh le méideanna beaga nó le hachair ghearra. I dtaca leis sin, ba cheart go gcuirfeadh méideanna móra nó achair fhada ar chumas údarás inniúil leasanna speisialta fiontar beag agus meánmhéide a chur san áireamh. Níor cheart go gceadófaí d'údaráis inniúla conarthaí nó gréasáin a roinnt chun córas tairiscintí a sheachaint.

(24)

Nuair atá an baol ann go gcuirfí isteach ar sholáthar seirbhísí, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla bearta éigeandála gearrthéarmacha a thabhairt isteach go dtí go ndéanfar conradh nua seirbhíse poiblí a dhámhachtain a bheidh ag teacht leis na coinníollacha dámhachtana uile a leagtar síos sa Rialachán seo.

(25)

Tarraingíonn cúrsaí iompair phoiblí paisinéirí d'iarnród anuas saincheisteanna sonracha maidir le hualach infheistíochta agus costas bonneagair. I Márta 2004, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Treoir 91/440/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 maidir le forbairt ar iarnróid an Chomhphobail (10) a leasú chun rochtain a áirithiú do ghnóthais uile iarnróid an Chomhphobail ar bhonneagar na mBallstát go léir chun críche seirbhísí idirnáisiúnta do phaisinéirí a oibriú. Is é aidhm an Rialacháin seo creat dlí a bhunú do chúiteamh agus/nó do chearta eisiacha maidir le conarthaí seirbhíse poiblí seachas an margadh do sheirbhísí iarnróid a oscailt tuilleadh.

(26)

I gcás seirbhísí poiblí, ceadaíonn an Rialachán seo do gach údarás inniúil, laistigh de chomhthéacs conartha seirbhíse poiblí, a rogha oibreoir seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a phiocadh. I bhfianaise na ndifríochtaí atá idir na bealaí a n-eagraíonn Ballstáit a gcríocha ina leith sin, féadfar a cheadú go dlisteanach d'údaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach do thaisteal d'iarnród.

(27)

Ba cheart an cúiteamh a dheonaíonn na húdaráis inniúla chun na costais a thabhaítear i gcomhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a ríomh ar dhóigh a choiscfidh an róchúiteamh. I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain gan é a chur amach ar thairiscint iomaíoch, ba cheart dó rialacha mionsonraithe a urramú freisin lena n-áiritheofar go mbeidh méid an chúitimh iomchuí agus lena léireofar gur mian leis go mbeadh an tseirbhís éifeachtach agus ar ardchaighdeán.

(28)

Ach breathnú go hiomchuí ar na héifeachtaí a bheadh ag comhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí ar an éileamh ar sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí sa scéim ríomha a leagtar amach san Iarscríbhinn, féadfaidh an t-údarás inniúil agus an t-oibreoir seirbhíse poiblí a chruthú gur seachnaíodh an róchúiteamh.

(29)

D'fhonn conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain, seachas bearta éigeandála agus conarthaí a bhaineann le hachair ghearra, ba cheart do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun a fhógairt, bliain roimh ré ar a laghad, go bhfuil rún acu conarthaí den sórt sin a dhámhachtain, ionas go mbeidh deis ag oibreoirí ionchasacha seirbhísí poiblí freagairt.

(30)

Ba cheart conarthaí seirbhíse poiblí a dhéantar a dhámhachtain go díreach a bheith faoi réir trédhearcachta breise.

(31)

Ós rud é go mbeidh am ag teastáil ó na húdaráis inniúla agus ó na hoibreoirí seirbhísí poiblí chun oiriúnú d'fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe idirthréimhseacha. D'fhonn conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain de réir a chéile ar comhréir leis an Rialachán seo, ba cheart do Bhallstáit tuarascáil ar dhul chun cinn a sholáthar don Choimisiún laistigh de shé mhí tar éis an chéad leath den idirthréimhse. Féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a bheartú ar bhonn na dtuarascálacha sin.

(32)

I rith na hidirthréimhse, féadfaidh na húdaráis inniúla forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm ag tráthanna difriúla. D'fhéadfadh sé, dá bhrí sin, i rith na tréimhse sin, go ndéanfadh oibreoirí seirbhísí poiblí ó mhargaí nach ndéanann forálacha an Rialacháin seo difear fós dóibh tairiscintí a chur isteach ar chonarthaí seirbhíse poiblí i margaí a osclaíodh níos luaithe don iomaíocht rialaithe. Chun aon éagothromaíocht in oscailt an mhargaidh iompair phoiblí a sheachaint, trí ghníomhaíocht chomhréireach, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann tairiscintí a dhiúltú, sa dara leath den idirthréimhse, ó ghnóthais ar mó ná leath luach na seirbhísí iompair poiblí a fheidhmíonn siad luach na seirbhísí nach bhfuil á ndeonú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar choinníoll go ndéanfar é sin a chur i bhfeidhm gan idirdhealú agus go gcinnfear é sula ndéanfar iarratas ar thairiscintí.

(33)

I míreanna 87 go 95 den bhreithiúnas a thug sí an 24 Iúil 2003 i gCás C-280/00 Altmark Trans GmbH (11), rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach nach ionann cúiteamh as seirbhís phoiblí agus buntáiste de réir bhrí Airteagal 87 den Chonradh, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceithre choinníoll charnacha. Nuair nach gcomhlíonfar na coinníollacha sin agus go gcomhlíonfar na coinníollacha ginearálta do chur i bhfeidhm Airteagal 87(1) den Chonradh, is ionann cúiteamh seirbhíse poiblí agus státchabhair agus beidh sé faoi réir Airteagail 73, 86, 87 agus 88 den Chonradh.

(34)

D'fhéadfadh sé gur ghá cúiteamh as seirbhísí poiblí in earnáil na seirbhísí iompair intíre do phaisinéirí ionas go bhfeidhmeodh na gnóthais atá freagrach as seirbhísí poiblí ar bhonn na bprionsabal agus faoi na coinníollacha a cheadaíonn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích. Féadfaidh an cúiteamh sin a bheith ar comhréir leis an gConradh de bhun Airteagal 73 faoi choinníollacha áirithe. I dtosach báire, ní foláir é a dheonú chun a áirithiú go soláthrófar seirbhísí ar seirbhísí leasa i gcoitinne iad de réir bhrí an Chonartha. Thairis sin, ionas go seachnófar saobhtaí iomaíochta gan údar, ní fhéadfaidh sé dul thar an méid is gá chun na glanchostais a thabhaítear i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chlúdach, ag cur san áireamh an t-ioncam a ghintear dá bharr sin agus brabús réasúnta.

(35)

Dá bhrí sin, féadfar cúiteamh arna dheonú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo a dhíolmhú ón gceanglas réamhfhógra a thabhairt atá in Airteagal 88(3) den Chonradh.

(36)

Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69, agus ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm. I gcás seirbhísí poiblí iompair lastais, cabhróidh idirthréimhse trí bliana leis an gcúiteamh nach mbeidh údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 73, 86, 87 agus 88 den Chonradh a chéimniú amach. Aon chúiteamh a dheonaítear i ndáil le soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí seachas na seirbhísí sin a fholaítear leis an Rialachán seo a bhfuil baol ann go measfar go mbeadh cabhair ó Stát i gceist leis de réir bhrí Airteagal 87(1) den Chonradh, ba cheart dó forálacha Airteagail 73, 86, 87 agus 88 den Chonradh a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon léiriú ábhartha de chuid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, go háirithe an rialú a thug sí i gCás C-280/00 Altmark Trans GmbH. Agus cásanna den sórt sin á scrúdú aige, ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin, prionsabail a chur i bhfeidhm atá cosúil leis na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán seo, nó i gcás inar iomchuí, reachtaíocht eile a chur i bhfeidhm i réimse seirbhísí leasa eacnamaíoch i gcoitinne.

(37)

Folaítear leis an Rialachán seo raon feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle an 4 Meitheamh 1970 maidir le cúnaimh a dheonú d'iompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre (12). Meastar go bhfuil an Rialachán sin imithe i seandacht agus go gcuireann sé srian ar chur i bhfeidhm Airteagal 73 den Chonradh gan bonn iomchuí dlíthiúil a dheonú chun scéimeanna infheistíochta reatha a údarú, go háirithe i ndáil le hinfheistíocht i mbonneagar iompair i gcomhpháirtíocht phoiblí phríobháideach. Ba cheart dá bhrí sin go n-aisghairfí é chun go bhféadfaí Airteagal 73 den Chonradh a chur i bhfeidhm i gceart maidir le forbairtí leanúnacha san earnáil gan dochar don Rialachán seo ná do Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1969 maidir le rialacha comhchoiteanna um normalú cuntas gnóthas iarnróid (13). D'fhonn cur i bhfeidhm na rialacha ábhartha Comhphobail a éascú tuilleadh, molfaidh an Coimisiún treoirlínte i dtaobh státchabhrach d'infheistíocht in iarnróid, lena n-áirítear infheistíocht i mbonneagar in 2007.

(38)

D'fhonn measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar na forbairtí sa soláthar iompair phoiblí do phaisinéirí sa Chomhphobal, go háirithe cáilíocht na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí agus na héifeachtaí a eascraíonn ó chonarthaí seirbhíse poiblí a dheonú trí dhámhachtain dhíreach, ba chóir don Choimisiún tuarascáil a chur ar fáil. Féadfar tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú a chur leis an tuarascáil, i gcás inar gá,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Is é cuspóir an Rialacháin seo a chinneadh conas a fhéadfaidh na húdaráis inniúla gníomhú, i gcomhréir le rialacha dhlí an Chomhphobail, i réimse an iompair phoiblí do phaisinéirí chun a ráthú go soláthrófar seirbhísí leasa i gcoitinne a bheidh inter alia níos líonmhaire, níos sábháilte, de cháilíocht níos airde nó a chuirfear ar fáil ar chostas níos ísle ná mar a cheadódh fórsaí an mhargaidh amháin.

Chun na críche sin, leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla, agus oibleagáidí seirbhíse poiblí á bhforchur nó á gconrú acu, cúiteamh a thabhairt d'oibreoirí seirbhísí poiblí i leith costas a thabhaítear agus/nó cearta eisiacha a dheonú in éiric oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibriú náisiúnta agus idirnáisiúnta seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de mhodhanna eile rianbhunaithe agus de bhóthar, seachas seirbhísí a oibrítear go príomha de bhrí gur ábhar spéise iad go stairiúil nó de bharr an luach atá leo ó thaobh na turasóireachta de. Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí d'uiscebhealaí intíre agus, gan dochar do Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 (14), d'uiscí náisiúnta.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le lamháltais oibreacha poiblí de réir bhrí Airteagal 1(3)(a) de Threoir 2004/17/CE ná de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 2004/18/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

‘ciallaíonn iompar poiblí do phaisinéirí’ seirbhísí iompair do phaisinéirí ar seirbhísí leasa eacnamaíoch i gcoitinne iad agus a sholáthraítear don phobal ar bhonn neamh-idirdhealaitheach leanúnach;

(b)

‘ciallaíonn údarás inniúil’ aon údarás poiblí nó aon ghrúpa údarás poiblí de chuid Ballstáit nó líon Ballstát a bhfuil sé de chumhacht aige idirghabháil san iompar poiblí do phaisinéirí i limistéar geografach áirithe nó aon chomhlacht a mbeidh údarás den sórt sin dílsithe dó;

(c)

‘ciallaíonn údarás áitiúil inniúil’ aon údarás inniúil nach é an chríoch náisiúnta limistéar geografach a inniúlachta;

(d)

‘ciallaíonn oibreoir seirbhíse poiblí’ aon ghnóthas poiblí nó príobháideach nó aon ghrúpa de na gnóthais sin a oibríonn seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó aon chomhlacht poiblí a sholáthraíonn seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí;

(e)

‘ciallaíonn oibleagáid seirbhíse poiblí’ ceanglas arna shainmhíniú nó arna chinneadh ag údarás inniúil chun go n-áiritheofar go gcuirfear ar fáil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nach nglacfadh oibreoir air féin dá mbeadh sé ag féachaint dá leas tráchtála féin nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna ná faoi na coinníollacha céanna gan luach saothair;

(f)

‘ciallaíonn ceart eisiach’ ceart a thugann teideal d'oibreoir seirbhíse poiblí seirbhísí poiblí iompair áirithe do phaisinéirí a oibriú ar chonair áirithe nó ar ghréasán áirithe nó i limistéar áirithe, d'eisiamh gach oibreora eile den sórt sin;

(g)

‘ciallaíonn cúiteamh seirbhíse poiblí’ aon tairbhe, go háirithe tairbhe airgeadais, a dheonaíonn údarás inniúil go díreach nó go hindíreach as cistí poiblí le linn tréimhse cur chun feidhme oibleagáide seirbhíse poiblí nó i ndáil leis an tréimhse sin;

(h)

‘ciallaíonn dámhachtain dhíreach’ dámhachtain conartha seirbhíse poiblí ar oibreoir seirbhíse poiblí áirithe gan aon nós imeachta iomaíoch tairiscintí roimh ré;

(i)

‘ciallaíonn conradh seirbhíse poiblí’ gníomh nó gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de lena ndeimhnítear an comhaontú idir údarás inniúil agus oibreoir seirbhíse poiblí chun bainistíocht agus oibriú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a chur de chúram ar an oibreoir seirbhíse poiblí sin faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí; ag brath ar dhlí na mBallstát, féadfaidh sé freisin gur cinneadh arna ghlacadh ag an údarás inniúil a bheidh sa chonradh:

a bheidh i bhfoirm gnímh leithligh reachtaíochta nó rialúcháin, nó

a fholóidh coinníollacha faoina soláthróidh an t-údarás inniúil na seirbhísí nó faoina gcuirfidh sé na seirbhísí sin de chúram ar oibreoir inmheánach;

(j)

‘ciallaíonn oibreoir inmheánach’ eintiteas atá leithleach go dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás áitiúil inniúil, nó i gcás grúpa údarás ar a laghad údarás áitiúil inniúil amháin, rialú air is cosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin;

(k)

‘ciallaíonn luach’ luach seirbhíse, conaire, conartha seirbhíse poiblí, nó scéime cúitimh le haghaidh iompair phoiblí do phaisinéirí is ionann le luach saothair iomlán an oibreora seirbhíse poiblí nó na n-oibreoirí seirbhísí poiblí, roimh CBL, lena n-áirítear cúiteamh, cibé cineál é, arna íoc ag na húdaráis phoiblí agus ioncam as ticéid a dhíol nach n-aisíoctar leis an údarás inniúil atá i gceist;

(l)

‘ciallaíonn riail ghinearálta’ beart a chuirtear i bhfeidhm gan idirdhealú maidir le gach seirbhís iompair phoiblí do phaisinéirí den chineál céanna i limistéar geografach áirithe a bhfuil údarás inniúil freagrach as;

(m)

‘ciallaíonn seirbhísí poiblí comhtháite iompair do phaisinéirí’ seirbhísí iompair idirnasctha laistigh de limistéar geografach sonraithe a bhfuil an t-aon seirbhís faisnéise amháin, an t-aon scéim ticéadaithe amháin agus an t-aon amchlár amháin acu.

Airteagal 3

Conarthaí seirbhíse poiblí agus rialacha ginearálta

1.   I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil ceart eisiach agus/nó cúiteamh, cibé cineál é, a dheonú d'oibreoir dá rogha in éiric oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, is faoi chuimse conartha seirbhíse poiblí a dhéanfaidh sé é.

2.   De mhaolú ar mhír 1, oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé d'aidhm acu uastaraifí a chinneadh do na paisinéirí uile nó d'aicmí áirithe de na paisinéirí, féadfar iad a chur faoi réir rialacha ginearálta freisin. I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 6 agus san Iarscríbhinn, cúiteoidh an t-údarás inniúil na hoibreoirí seirbhísí poiblí i leith na glanéifeachta airgeadais, cibé deimhneach nó diúltach, ar na costais a thabhófar agus ar an ioncam a ghinfear i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí sin a bhunófar le rialacha ginearálta ar dhóigh a sheachnóidh an róchúiteamh. Déanfar amhlaidh d'ainneoin cheart na n-údarás inniúil oibleagáidí seirbhíse poiblí a lánpháirtiú trí uastaraifí a chinneadh i gconarthaí seirbhíse poiblí.

3.   Gan dochar d'fhorálacha Airteagail 73, 86, 87 agus 88 den Chonradh, féadfaidh na Ballstáit a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo rialacha ginearálta maidir le cúiteamh airgeadais i leith oibleagáidí seirbhíse poiblí lena mbunófar uastaraifí le haghaidh daltaí, mac léinn, printíseach agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Tabharfar fógra maidir leis na rialacha ginearálta sin i gcomhréir le hAirteagal 88 den Chonradh. Beidh san fhógra sin faisnéis iomlán maidir leis an mbeart agus go háirithe mionsonraí an mhodha ríomha.

Airteagal 4

Inneachar sainordaitheach na gconarthaí seirbhíse poiblí agus na rialacha ginearálta

1.   Maidir leis na conarthaí seirbhíse poiblí agus na rialacha ginearálta:

(a)

saineoidh siad go soiléir na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bheidh le comhlíonadh ag an oibreoir seirbhíse poiblí agus na limistéir gheografacha lena mbaineann;

(b)

bunóidh siad roimh ré, ar dhóigh oibiachtúil thrédhearcach,

(i)

na paraiméadair a úsáidfear chun an íocaíocht chúitimh, más ann, a ríomh; agus

(ii)

cineál agus réim aon chearta eisiacha a deonaíodh;

ar dhóigh a sheachnóidh an róchúiteamh. I gcás conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 5(2), (4), (5) agus (6), cinnfear na paraiméadair sin ar dhóigh nach mó aon íocaíocht chúitimh ná an méid is gá chun go gcumhdófar an ghlanéifeacht airgeadais ar na costais a thabhófar agus an t-ioncam a ghinfear de bhíthin na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, agus an t-ioncam a bhaineann leis sin a choimeádfaidh an t-oibreoir seirbhíse poiblí agus brabús réasúnta á gcur san áireamh;

(c)

cinnfidh siad na socruithe maidir le cionroinnt na gcostas a bhaineann le seirbhísí a sholáthar. Féadfar a áireamh sna costais sin go háirithe costas na foirne, costas an fhuinnimh, na muirir ar bhonneagar, costais chothabhála agus deisithe feithiclí iompair phoiblí, rothra agus suiteálacha atá riachtanach chun na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a oibriú, costais sheasta agus toradh oiriúnach ar chaipiteal.

2.   Cinnfear leis na conarthaí seirbhíse poiblí agus leis na rialacha ginearálta na socruithe maidir le cionroinnt an ioncaim as ticéid a dhíol a fhéadfaidh an t-oibreoir seirbhíse poiblí a choimeád, a aisíocfar don údarás inniúil nó a roinnfear eatarthu.

3.   Beidh ré na gconarthaí seirbhíse poiblí teoranta agus ní rachaidh sí thar dheich mbliana i gcás seirbhísí cóiste agus bus ná thar 15 bliana i gcás seirbhísí iompair do phaisinéirí d'iarnród nó de mhodhanna eile rianbhunaithe. Beidh teorainn 15 bliana le ré na gconarthaí seirbhíse poiblí a bhaineann le líon modhanna iompair i gcás inar mó ná 50 % de luach na seirbhísí atá i gceist luach na modhanna iompair d'iarnród nó na modhanna eile rianbhunaithe.

4.   I gcás inar gá sin, ag féachaint do na modhanna dímheasa sócmhainní, féadfar síneadh nach faide ná 50 % a chur le ré an chonartha seirbhíse poiblí má tá na sócmhainní a sholáthraíonn an t-oibreoir seirbhíse poiblí suntasach i gcomparáid leis na sócmhainní go léir atá riachtanach do chur i gcrích na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí atá folaithe leis an gconradh seirbhíse poiblí agus freisin más le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí is mó a bhaineann na sócmhainní.

Má dhlitear sin ar bhonn na gcostas a chineann ón suíomh geografach áirithe, féadfar síneadh nach faide ná 50 % a chur le ré sin na gconarthaí seirbhíse poiblí a shonraítear i mír 3 sna réigiúin is forimeallaí.

Má dhlitear sin ar bhonn amúchadh an chaipitil i ndáil le hinfheistíocht neamhghnách i mbonneagar, i rothra nó i bhfeithiclí, agus má dhéantar an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain trí nós imeachta iomaíoch agus cóir tairiscintí, féadfar ré níos faide a bheith ag conradh seirbhíse poiblí. Chun trédhearcacht a áirithiú sa chás sin, laistigh de bhliain ón gconradh seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích, seolfaidh an t-údarás inniúil an conradh agus na pointí is cúis lena ré níos faide chuig an gCoimisiún.

5.   Gan dochar don dlí náisiúnta ná don dlí Comhphobail, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna idir comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar an oibreoir seirbhíse poiblí a roghnaítear na cearta sin a thabhairt d'fhoireann a earcaíodh roimhe sin chun seirbhísí a sholáthar a mbeadh siad ina dteideal dá mbeadh aistriú de réir bhrí Threoir 2001/23/CE i gceist. I gcás ina gcuirfidh údaráis inniúla de cheangal ar oibreoirí seirbhísí poiblí caighdeáin shóisialta áirithe a chomhlíonadh, liostóidh na doiciméid tairisceana agus na conarthaí seirbhíse poiblí an fhoireann lena mbaineann agus tabharfaidh siad mionsonraí trédhearcacha chearta conarthacha na foirne sin agus na gcoinníollacha faoina meastar go bhfuil baint ag na fostaithe leis na seirbhísí.

6.   I gcás ina gcuirfidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, de cheangal ar oibreoirí seirbhísí poiblí caighdeáin cháilíochta áirithe a chomhlíonadh, beidh na caighdeáin sin sna doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhíse poiblí.

7.   Cuirfidh na doiciméid tairisceana agus na conarthaí seirbhíse poiblí in iúl, go trédhearcach, cibé an bhféadfar agus má fhéadfar, an méid a fhéadfar fochonraitheoireacht a bheartú. Má dhéanfar fochonraitheoireacht, beidh de cheangal ar an oibreoir, arb é a chúram seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a riaradh agus a fheidhmiú de réir an Rialacháin seo, mórchuid de na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a dhéanamh é féin. Féadfaidh conradh seirbhíse poiblí a chumhdaíonn dearadh, tógáil agus oibriú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí le chéile fochonraitheoireacht iomlán d’oibríocht na seirbhísí sin a cheadú. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an dlí Comhphobail, cinnfear sa chonradh seirbhíse poiblí na coinníollacha is infheidhme maidir le fochonraitheoireacht.

Airteagal 5

Conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain

1.   Déanfar conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ar a shon sin, déanfar conarthaí seirbhíse nó conarthaí seirbhíse poiblí arna sainmhíniú i dTreoir 2004/17/CE nó i dTreoir 2004/18/CE a bhaineann le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de bhus nó de thram a dhámhachtain i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Treoracha sin i gcás nach i bhfoirm conarthaí lamháltas seirbhíse arna sainmhíniú sna Treoracha sin a bheidh na conarthaí sin. I gcás ina mbeidh conarthaí le dámhachtain i gcomhréir le Treoir 2004/17/CE nó le Treoir 2004/18/CE, ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 2 go 6 den Airteagal seo.

2.   Mura dtoirmiscfear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh aon údarás áitiúil inniúil, cibé údarás leithleach nó grúpa údarás é a sholáthraíonn seirbhísí poiblí comhtháite iompair do phaisinéirí, a chinneadh go soláthróidh sé féin seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó go ndéanfaidh sé conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach d'eintiteas atá leithleach go dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás áitiúil inniúil, nó i gcás grúpa údarás ar a laghad údarás áitiúil inniúil amháin, rialú air is cosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin. I gcás ina nglacfaidh an t-údarás áitiúil inniúil cinneadh den sórt sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

d'fhonn a chinneadh cé acu an bhfeidhmíonn an t-údarás áitiúil inniúil rialú, cuirfear san áireamh fachtóirí amhail grád na hionadaíochta ar chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, sonraíochtaí ina leith sin sna hairteagail chomhlachais, úinéireacht, tionchar éifeachtúil agus rialú éifeachtúil ar chinntí straitéiseacha agus ar chinntí bainistíochta leithleacha. I gcomhréir leis an dlí Comhphobail, ní bheidh úinéireacht 100 % ag an údarás áitiúil inniúil, go háirithe i gcás comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, ina ceanglas sainordaitheach chun rialú de réir bhrí na míre seo a bhunú, ar chuntar go bhfuil tionchar poiblí ceannasach ann agus gur féidir rialú a bhunú ar bhonn critéar eile;

(b)

is é an coinníoll chun an mhír seo a chur i bhfeidhm go ndéanfaidh an t-oibreoir inmheánach agus aon eintiteas a bhfuil tionchar aige air, dá laghad é, a ngníomhaíocht iompair phoiblí do phaisinéirí a fheidhmiú laistigh de chríoch an údaráis áitiúil inniúil, d'ainneoin aon línte a théann amach as an gcríoch sin ná aon chodanna coimhdeacha eile den ghníomhaíocht sin a théann isteach i gcríoch na n-údarás áitiúil inniúil comharsanach, agus nach nglacfaidh an t-oibreoir sin ná an t-eintiteas sin páirt i dtairiscintí iomaíocha maidir le soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a eagraítear lasmuigh de chríoch an údaráis áitiúil inniúil;

(c)

d'ainneoin phointe (b), féadfaidh oibreoir inmheánach páirt a ghlacadh i dtairiscintí iomaíocha córa ó dhá bhliain roimh dheireadh an chonartha seirbhíse poiblí a dámhadh go díreach dó ar aghaidh ar choinníoll go mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta chun na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a fholaíonn conradh an oibreora inmheánaigh a chur faoi réir tairisceana iomaíche córa agus nach mbeidh aon chonradh seirbhíse poiblí eile arna dhámhachtain go díreach tugtha i gcrích ag an oibreoir inmheánach;

(d)

mura bhfuil údarás áitiúil inniúil ann, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c) ar údarás náisiúnta ar mhaithe le limistéar geografach áirithe nach é an chríoch náisiúnta é, ar choinníoll nach nglacfaidh an t-oibreoir inmheánach páirt i dtairiscintí iomaíocha a bhaineann le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a sholáthar arna n-eagrú lasmuigh den limistéar a ndearnadh an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain ina leith;

(e)

má bhíonn fochonraitheoireacht faoi Airteagal 4(7) á breithniú, beidh de cheangal ar an oibreoir inmheánach an mhórchuid den tseirbhís phoiblí iompair do phaisinéirí a fheidhmiú.

3.   Aon údarás inniúil a bhainfidh leas as tríú páirtí seachas oibreoir inmheánach, déanfaidh sé conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairiscintí, ach amháin sna cásanna a shonraítear i míreanna 4, 5 agus 6. Beidh an nós imeachta arna ghlacadh do thairiscintí iomaíocha oscailte do gach oibreoir, beidh sé cóir agus urramóidh sé prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Tar éis thaisceadh na dtairiscintí agus aon réamhroghnaithe, féadfar caibidlíocht a áireamh sa nós imeachta i gcomhréir leis na prionsabail sin d'fhonn a chinneadh conas is fearr ceanglais shonraithe nó chasta a chomhall.

4.   Mura dtoirmiscfear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh na húdaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach i gcás ina measfar gur lú a meánluach bliantúil ná EUR 1 000 000 nó i gcás ina mbainfidh siad le soláthar bliantúil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí is lú ná 300 000 ciliméadar.

I gcás conartha seirbhíse poiblí arna dhámhachtain go díreach d'fhiontar beag nó meánmhéide nach mó ná 23 an líon feithiclí a bheidh á n-úsáid aige, féadfar na tairseacha sin a mhéadú go dtí meánluach bliantúil a mheastar a bheith níos lú ná EUR 2 000 000 nó i gcás ina mbainfidh siad le soláthar bliantúil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí is lú ná 600 000 ciliméadar.

5.   I gcás ina mbrisfear seirbhísí nó ina mbeidh baol láithreach ann go dtarlódh briseadh, féadfaidh an t-údarás inniúil beart éigeandála a thabhairt isteach. Beidh an beart éigeandála sin i bhfoirm dámhachtana dírí nó comhaontaithe fhoirmiúil chun síneadh a chur le conradh seirbhíse poiblí nó i bhfoirm ceanglais oibleagáidí seirbhíse poiblí áirithe a sholáthar. Beidh sé de cheart ag an oibreoir seirbhíse poiblí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirfear soláthar oibleagáidí seirbhíse poiblí áirithe. Ní rachaidh dámhachtain conartha seirbhíse poiblí ná síneadh le conradh seirbhíse poiblí trí bheart éigeandála ná trí fhorchur conartha den sórt sin thar dhá bhliain.

6.   Mura dtoirmiscfear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh na húdaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach i gcás ina mbainfidh siad le hiompar d'iarnród, cé is moite de mhodhanna eile rianbhunaithe ar nós meitreo nó trambhealaí. De mhaolú ar Airteagal 4(3), ní rachaidh na conarthaí sin thar 10 mbliana, seachas sna cásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(4).

7.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar na cinntí a dhéantar de réir mhíreanna 2 go 6 a athbhreithniú go héifeachtúil agus go tapa, ar iarraidh ó aon duine a bhfuil leas aige nó aici nó a raibh leas aige nó aici i gconradh áirithe a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó di nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó nó di trí shárú líomhnaithe, ar na forais gur sháraigh na cinntí sin dlí an Chomhphobail nó na rialacha náisiúnta a chuireann an dlí sin chun feidhme.

Más rud é nach mbeidh cáilíocht bhreithiúnach ag baint leis na comhlachtaí a bheidh freagrach as nósanna imeachta athbhreithnithe, tabharfar cúiseanna i scríbhinn dá gcuid cinntí i gcónaí. Ina theannta sin, i gcás den sórt sin, caithfear foráil a dhéanamh ionas go bhféadfaidh aon bheart neamhdhleathach líomhnaithe arna ghlacadh ag an gcomhlacht athbhreithnithe nó aon locht líomhnaithe i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó a bheith faoi réir ag athbhreithniú breithiúnach nó faoi réir ag athbhreithniú ag comhlacht eile ar cúirt nó binse é de réir bhrí Airteagal 234 den Chonradh agus a bheidh neamhspleách ar an údarás conarthach agus ar an gcomhlacht athbhreithnithe.

Airteagal 6

Cúiteamh seirbhíse poiblí

1.   Comhlíonfar le gach cúiteamh a bhainfidh le riail ghinearálta nó le conradh seirbhíse poiblí na forálacha a leagtar síos in Airteagal 4, is cuma conas a dámhadh an conradh. Comhlíonfar le gach cúiteamh, cibé cineál é, a bhainfidh le conradh seirbhíse poiblí arna dhámhachtain go díreach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), (4), (5) nó (6) nó a bhaineann le riail ghinearálta na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn freisin.

2.   Arna iarraidh sin don Choimisiún i scríbhinn, cuirfidh na Ballstáit i bhfios dó, laistigh de thréimhse trí mhí nó de thréimhse níos faide arna socrú san iarraidh sin, gach faisnéis a mheasfaidh an Coimisiún is gá chun a chinneadh an bhfuil an cúiteamh arna dheonú ag luí leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Foilsiú

1.   Uair sa bhliain foilseoidh gach údarás inniúil tuarascáil chomhiomlánaithe ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé freagrach astu, ar na hoibreoirí seirbhísí poiblí a roghnaíodh agus ar na híocaíochtaí cúitimh agus na cearta eisiacha a deonaíodh do na hoibreoirí seirbhísí poiblí sin mar aisíocaíocht. Déanfaidh an tuarascáil sin idirdhealú idir iompar de bhus agus iompar d’iarnród agus ceadóidh sí faireachán agus measúnú ar fheidhmiú, ar cháilíocht agus ar mhaoiniú an ghréasáin iompair phoiblí, agus más iomchuí, cuirfear faisnéis ar fáil inti maidir le cineál agus réim aon chearta eisiacha a dheonaítear.

2.   Glacfaidh gach údarás inniúil na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar a laghad bliain amháin sula seolfar an nós imeachta um iarratais ar thairiscintí nó bliain amháin roimh an dámhachtain dhíreach:

(a)

ainm agus seoladh an údaráis inniúil;

(b)

cineál na dámhachtana atá á beartú;

(c)

na seirbhísí agus na réimsí a d'fhéadfadh an dámhachtain a fholú.

Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh gan an fhaisnéis sin a fhoilsiú i gcás ina mbainfidh conradh seirbhíse poiblí le soláthar bliantúil is lú ná 50 000 ciliméadar de sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí.

Má thagann athrú ar an bhfaisnéis sin i ndiaidh a foilsithe, foilseoidh an t-údarás inniúil ceartúchán dá réir a luaithe is féidir. Ní dhéanfaidh an ceartúchán sin dochar do dháta seolta na dámhachtana dírí nó an iarratais ar thairiscintí.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hAirteagal 5(5).

3.   I gcás ina ndéanfar conarthaí seirbhíse poiblí d'iompar d'iarnród a dhámhachtain go díreach mar a fhoráiltear in Airteagal 5(6), poibleoidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis seo a leanas laistigh de bhliain ón dámhachtain a dheonú:

(a)

ainm an eintitis chonarthaigh agus a úinéireacht agus, más iomchuí, ainm an pháirtí nó ainm na bpáirtithe a fheidhmíonn rialú dlíthiúil;

(b)

ré an chonartha seirbhíse poiblí;

(c)

cur síos ar na seirbhísí iompair do phaisinéirí a fheidhmeofar;

(d)

cur síos ar pharaiméadair an chúitimh airgeadais;

(e)

spriocanna cáilíochta, amhail poncúlacht agus iontaofacht agus luach saothair agus pionóis is infheidhme;

(f)

coinníollacha a bhaineann le sócmhainní fíor-riachtanacha.

4.   Arna iarraidh sin do pháirtí leasmhar, cuirfidh údarás inniúil ar aghaidh chuige na fáthanna a bhí lena chinneadh conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach.

Airteagal 8

Trasdul

1.   Déanfar conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ar a shon sin, déanfar conarthaí seirbhíse nó conarthaí seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2004/17/CE nó i dTreoir 2004/18/CE agus a bhaineann le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de bhus nó de thram a dhámhachtain i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Treoracha sin i gcás nach i bhfoirm conarthaí lamháltas seirbhíse arna sainmhíniú sna Treoracha sin a bheidh na conarthaí sin. I gcás ina mbeidh conarthaí le dámhachtain i gcomhréir le Treoir 2004/17/CE nó le Treoir 2004/18/CE, ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 2 go 4 den Airteagal seo.

2.   Gan dochar do mhír 3, déanfaidh dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí iompair d'iarnród agus de bhóthar Airteagal 5 a chomhlíonadh amhail ón 3 Nollaig 2019. I rith na hidirthréimhse seo, glacfaidh na Ballstáit bearta chun Airteagal 5 a chomhlíonadh de réir a chéile d'fhonn fadhbanna struchtúracha tromchúiseacha a sheachaint, go háirithe a mhéid a bhaineann le toilleadh iompair.

Laistigh de shé mhí tar éis an chéad leath den idirthréimhse, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar an dul chun cinn a sholáthar don Choimisiún ina gcuirfear béim ar chur chun feidhme aon dámhachtana conarthaí seirbhíse poiblí de réir a chéile de réir Airteagal 5. Ar bhonn na dtuarascálacha ar an dul chun cinn ó na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a mholadh a dhíreofar chuig na Ballstáit.

3.   Agus mír 2 á cur i bhfeidhm, ní chuirfear san áireamh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain i gcomhréir leis an dlí Comhphobail agus leis an dlí náisiúnta:

(a)

roimh an 26 Iúil 2000 ar bhonn nós imeachta chóir iomaíoch tairiscintí;

(b)

roimh an 26 Iúil 2000 ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta cóir iomaíoch tairiscintí;

(c)

ón 26 Iúil 2000 agus roimh an 3 Nollaig 2009 ar bhonn nós imeachta chóir iomaíoch tairiscintí;

(d)

ón 26 Iúil 2000 agus roimh an 3 Nollaig 2009 ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta cóir iomaíoch tairiscintí.

Féadfaidh na conarthaí dá dtagraítear in (a) leanúint go dtí go rachaidh siad in éag. Féadfaidh na conarthaí dá dtagraítear in (b) agus (c) leanúint go dtí go rachaidh siad in éag, ach ar feadh tréimhse nach faide ná 30 bliain. Féadfaidh na conarthaí dá dtagraítear in (d) leanúint go dtí go rachaidh siad in éag, ar choinníoll go mbeidh ré theoranta acu a bheidh inchomparáide leis na réanna a shonraítear in Airteagal 4.

Féadfaidh conarthaí seirbhíse poiblí leanúint go dtí go rachaidh siad in éag i gcás ina mbeadh iarmhairtí dlíthiúla nó eacnamaíocha míchuí ann dá gcuirfí críoch leo agus ar choinníoll go mbeidh a fhormheas tugtha ag an gCoimisiún.

4.   Gan dochar do mhír 3, féadfaidh na húdaráis inniúla a roghnú, sa dara leath den idirthréimhse a shonraítear i mír 2, na hoibreoirí seirbhísí poiblí sin a eisiamh ó rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí trí iarratas ar thairiscintí nach féidir leo fianaise a sholáthar gurb ionann luach na seirbhísí poiblí iompair a bhfuil cúiteamh á fháil acu ina leith nó a bhfuil ceart eisiach acu ina leith a deonaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar a laghad leath luach na seirbhísí poiblí iompair uile a bhfuil cúiteamh á fháil acu ina leith nó a bhfuil ceart eisiach acu ina leith. Ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin maidir le hoibreoirí seirbhísí poiblí a oibríonn na seirbhísí a bhfuil tairiscintí le cur isteach orthu. Chun an critéar sin a chur i bhfeidhm, ní chuirfear san áireamh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain le beart éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

I gcás ina bhfeidhmeoidh na húdaráis inniúla an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh siad amhlaidh gan idirdhealú, eiseoidh siad gach oibreoir ionchasach seirbhíse poiblí a chomhallfaidh an critéar sin agus cuirfidh siad na hoibreoirí ionchasacha ar an eolas faoina gcinneadh ag tús an nós imeachta chun conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain.

Cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann in iúl don Choimisiún go bhfuil rún acu an fhoráil sin a chur i bhfeidhm dhá mhí ar a laghad sula bhfoilseofar an cuireadh chun tairisceana.

Airteagal 9

Comhoiriúnacht leis an gConradh

1.   Maidir le cúiteamh seirbhíse poiblí ar oibriú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó ar chomhlíonadh oibleagáidí taraife arna mbunú trí rialacha ginearálta agus a íocfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé comhoiriúnach leis an gcómhargadh. Beidh an cúiteamh sin díolmhaithe ón gceanglas réamhfhógra a thabhairt a leagtar síos le hAirteagal 88(3) den Chonradh.

2.   Gan dochar d'Airteagail 73, 86, 87 ná 88 den Chonradh, féadfaidh Ballstáit leanúint de chabhracha a dheonú d'earnáil an iompair de bhun Airteagal 73 den Chonradh a chomhallfaidh na riachtanais i dtaca le comhordú iompair nó is ionann agus aisíocaíocht in éiric oibleagáidí áirithe ar gné dhílis iad den choincheap de sheirbhís phoiblí, seachas na cabhracha a fholaítear leis an Rialachán seo, agus go háirithe:

(a)

go dtí go dtiocfaidh rialacha comhchoiteanna maidir le cionroinnt costas bonneagair i bhfeidhm, i gcás ina ndeonófar cabhair do ghnóthais a chaithfidh caiteachas a iompar i ndáil leis an mbonneagar a úsáidfidh siad fad nach mbeidh gnóthais eile faoi réir ualaigh dá shamhail. Agus méid na cabhrach arna deonú amhlaidh á ríomh, cuirfear san áireamh na costais bhonneagair nach gcaithfidh modhanna iompair iomaíocha a íoc;

(b)

i gcás inarb é cuspóir na cabhrach an taighde a chur chun cinn i gcórais iompair agus i dteicneolaíochtaí iompair a bheidh níos eacnamúla don Chomhphobal i gcoitinne nó forbairt na gcóras iompair sin agus na dteicneolaíochtaí iompair sin a chur chun cinn.

Srianfar cabhair den sórt sin go dtí céim an taighde agus na forbartha agus ní fhéadfaidh sí saothrú tráchtála córas iompair agus teicneolaíochtaí iompair den sórt sin a fholú.

Airteagal 10

Aisghairm

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69. Leanfaidh a chuid forálacha, áfach, d'fheidhm a bheith acu i ndáil le seirbhísí iompair lastais ar feadh tréimhse trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

2.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70.

Airteagal 11

Tuarascálacha

Ag deireadh na hidirthréimhse a shonraítear in Airteagal 8(2), déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar na forbairtí maidir le soláthar iompair phoiblí do phaisinéirí sa Chomhphobal, ina measúnófar go háirithe forbairt cháilíocht na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí agus éifeachtaí na ndámhachtainí díreacha, agus beidh tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil léi, i gcás inar gá.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an3 Nollaig 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2007,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  IO C 195, 18.8.2006, lch. 20.

(2)  IO C 192, 16.8.2006, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2001 (IO C 140 E, 13.6.2002, lch. 262), Comhsheasamh ón gComhairle an 11 Nollaig 2006 (IO C 70 E, 27.3.2007, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2007. Cinneadh ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007.

(4)  IO L 156, 28.6.1969, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CEE) Uimh. 1893/91 (IO L 169, 29.6.1991, lch. 1).

(5)  IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.

(6)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/97/CE ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 107).

(7)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 114. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/97/CE ón gComhairle.

(8)  IO L 395, 30.12.1989, lch. 33. Treoir arna leasú le Treoir 92/50/CEE (IO L 209, 24.7.1992, lch. 1).

(9)  IO L 76, 23.3.1992, lch. 14. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/97/CE.

(10)  IO L 237, 24.8.1991, lch. 25. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/103/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 344).

(11)  [2003] ECR I-7747.

(12)  IO L 130, 15.6.1970, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 543/97 (IO L 84, 26.3.1997, lch. 6).

(13)  IO L 156, 28.6.1969, lch. 8. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(14)  IO L 364, 12.12.1992, lch. 7.


IARSCRÍBHINN

Rialacha is infheidhme maidir le cúiteamh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1)

1.

Maidir leis an gcúiteamh a bhaineann le conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain go díreach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), (4), (5) nó (6) nó i gcomhréir le riail ghinearálta, ní foláir é a ríomh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.

2.

Ní fhéadfaidh an cúiteamh dul thar mhéid a fhreagraíonn don ghlanéifeacht airgeadais ar coibhéis le hiomlán na n-éifeachtaí, cibé deimhneach nó diúltach, a bheidh ag comhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse poiblí ar chostais agus ar ioncam an oibreora seirbhíse poiblí. Measúnófar na héifeachtaí trí chomparáid a dhéanamh idir an staid ina gcomhalltar an oibleagáid seirbhíse poiblí agus an staid a bheadh ann mura ndéanfaí an oibleagáid a chomhall. Chun an ghlanéifeacht airgeadais a ríomh, beidh an scéim seo a leanas de threoir ag an údarás inniúil:

Na costais a thabhófar i dtaca le hoibleagáid seirbhíse poiblí nó le beart d'oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchuirfidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla agus a bheidh i gconradh seirbhíse poiblí agus/nó i riail ghinearálta,

lúide aon éifeachtaí deimhneacha airgeadais a ghinfear laistigh den ghréasán a oibrítear faoin oibleagáid seirbhíse poiblí nó faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bheidh i gceist,

lúide aon fháltais taraife nó aon ioncam eile a ghinfear i gcomhall na hoibleagáide seirbhíse poiblí nó na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheidh i gceist,

móide brabús réasúnta,

is ionann sin agus an ghlanéifeacht airgeadais.

3.

Féadfaidh comhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse poiblí tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh oibreoir a dhéanamh le cois na hoibleagáide seirbhíse poiblí nó na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheidh i gceist. Chun róchúiteamh nó easpa cúitimh a sheachaint, cuirfear san áireamh dá bhrí sin, agus an ghlanéifeacht airgeadais á ríomh, na héifeachtaí airgeadais inchainníochtaithe ar na gréasáin sin lena mbaineann de chuid an oibreora.

4.

Ní mór costais agus ioncam a ríomh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta agus cánach a bheidh i bhfeidhm.

5.

D'fhonn cur leis an trédhearcacht agus chun trasdeontais a sheachaint, i gcás ina n-oibreoidh oibreoir seirbhíse poiblí seirbhísí a fhaigheann cúiteamh faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí iompair agus ina ngabhfaidh sé freisin do ghníomhaíochtaí eile, ní foláir cuntais na seirbhísí poiblí sin a scaradh ionas go gcomhallfar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

ní foláir na cuntais oibriúcháin a fhreagróidh do gach ceann de na gníomhaíochtaí sin a bheith leithleach agus ní foláir cionmhaireacht na sócmhainní comhfhreagracha agus na gcostas seasta a chionroinnt i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta agus cánach a bheidh i bhfeidhm,

ní fhéadfar ar chúinse ar bith aon chostais athraitheacha, ranníocaíocht iomchuí do na costais sheasta ná brabús réasúnta a bhaineann le haon ghníomhaíocht eile de chuid an oibreora seirbhíse poiblí a mhuirearú ar an tseirbhís phoiblí a bheidh i gceist,

ní foláir costais na seirbhíse poiblí a chomhardú le hioncam oibriúcháin agus le híocaíochtaí ó údaráis phoiblí, gan aon deis a bheith ann ioncam a aistriú chuig earnáil eile de ghníomhaíocht an oibreora seirbhíse poiblí.

6.

Ní foláir glacadh leis go gciallaíonn ‘brabús réasúnta’ ráta toraidh ar chaipiteal is gnách don earnáil i mBallstát áirithe agus a chuireann san áireamh an priacal nó an easpa priacail a thabhaigh an t-oibreoir seirbhíse poiblí de bhua idirghabháil an údaráis phoiblí.

7.

Ní foláir don mhodh cúitimh cothabháil agus forbairt a chur chun cinn i dtaca le:

bainistíocht éifeachtúil ag an oibreoir seirbhíse poiblí a fhéadfaidh a bheith ina hábhar do mheasúnacht oibiachtúil, agus

soláthar seirbhísí iompair do phaisinéirí ar chaighdeán sách ard.


Top