EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R0862

Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

OJ L 199, 31.7.2007, p. 23–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 16 Volume 003 P. 54 - 60

In force: This act has been changed. Current consolidated version: 12/07/2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/862/oj

31.7.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/23


RIALACHÁN (CE) Uimh. 862/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Measadh i gconclúidí na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 28-29 Bealtaine 2001, a mhéid a bhaineann le hanailís chomhchoiteann a dhéanamh ar an staidreamh i ndáil le tearmann agus le himirce agus a mhéid a bhaineann le malartuithe feabhsaithe an staidrimh sin, gur gá creat cuimsitheach, uileghabhálach a bheith ann don ghníomhaíocht a dhéanfar amach anseo chun feabhas a chur ar an staidreamh.

(2)

I mí Aibreáin 2003, chuir an Coimisiún Cumarsáid chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa inar leagadh amach Plean Gníomhaíochta maidir le Staidreamh Comhphobail a bhailiú i réimse na himirce agus maidir le hanailís a dhéanamh air. Sa phlean sin bhí roinnt athruithe móra a ceapadh chun cur le hiomláine agus le comhchuibhiú an staidrimh sin. Bhí sé d'aidhm ag an gCoimisiún, faoin bPlean Gníomhaíochta, reachtaíocht a bheartú maidir le Staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le tearmann.

(3)

Ar cheann de chonclúidí na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003, dúradh gur ghá meicníochtaí níos éifeachtaí chun faisnéis a bhailiú maidir le himirce agus le tearmann san Aontas Eorpach agus chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

(4)

Dúirt Parlaimint na hEorpa sa rún a rith sí an 6 Samhain 2003 (3) maidir leis an gCumarsáid thuasluaite ón gCoimisiún go raibh gá le reachtaíocht chun a áirithiú go dtáirgfí an staidreamh cuimsitheach ba ghá chun beartais Chomhphobail maidir leis an imirce a fhorbairt a bheadh cóir, éifeachtúil. Tacaíonn an rún sin leis na pleananna atá ag an gCoimisiún reachtaíocht a bheartú maidir le staidreamh i ndáil le himirce agus le tearmann.

(5)

De bharr an mhéadaithe ar an Aontas Eorpach, tá gné bhreise gheografach agus pholaitiúil i gceist anois le scála an fheiniméin a luaitear leis an imirce. Chomh maith leis sin, ghéaraigh sé an gá atá le faisnéis staidrimh a bheadh cruinn, tráthúil agus comhchuibhithe. Tá gá méadaitheach freisin ann le faisnéis staidrimh i ndáil leis na gairmeacha atá ag imircigh, leis an oideachas a bhíonn orthu, leis na cáilíochtaí a bhíonn acu agus leis an gcineál gníomhaíochta a dhéanann siad.

(6)

Caithfidh staidreamh Comhphobail comhchuibhithe, inchomparáide a bheith ann i ndáil le hinimirce agus le tearmann má táthar chun forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar bheartais an Comhphobail a bhaineann le himirce agus le tearmann, agus le saorghluaiseacht daoine.

(7)

Is gá tacú le malartú faisnéise staidrimh i ndáil le tearmann agus le hinimirce agus cur le cáilíocht bhailiúcháin agus aschur staidrimh an Chomhphobail, a rinneadh go dtí seo bunaithe ar shraith de chomhaontuithe neamhfhoirmeálta.

(8)

Tá sé riachtanach go mbeadh faisnéis ar fáil, fud fad an Aontais Eorpaigh, ionas go mbeifear in ann monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm reachtaíocht agus bheartas an Chomhphobail. Is minice ná a mhalairt nach n-áirithíonn an cleachtas reatha mar ba chóir soláthar agus scaipeadh comhionann sonraí comhchuibhithe ar bhealach rialta, tráthúil agus tapa.

(9)

Ní fholaíonn an Rialachán seo meastacháin ar líon na ndaoine a bhfuil cónaí orthu go neamhdhlíthiúil sna Ballstáit. Níor cheart do na Ballstáit meastacháin ná sonraí den sórt sin a sholáthar don Choimisiún (Eurostat), maidir leis na daoine sin, cé go bhféadfar iad a áireamh ar na stoic daonra a leagtar amach de bhun suirbhéanna.

(10)

I gcás inar féidir ar chor ar bith é, ba cheart na sainmhínithe a úsáidtear chun críche an Rialacháin seo a bhaint as Moltaí na Náisiún Aontaithe maidir le Staidreamh i ndáil leis an Imirce Idirnáisiúnta, as Moltaí na Náisiún Aontaithe do Dhaonáirimh agus d'Áirimh Tithíochta i Réigiún an CEE nó i reachtaíocht an CE, agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta ag leanúint na nósanna imeachta ábhartha.

(11)

Le riachtanais nua an Chomhphobail maidir le staidreamh i ndáil le himirce agus tearmann tá forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 maidir le staidreamh a thiomsú i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch (4) imithe i léig.

(12)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 a aisghairm.

(13)

Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú do bhailiú agus do thiomsú staidrimh Chomhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta, a ghnóthú go sásúil ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(14)

Is é Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (5) an creat tagartha atá ann d'fhorálacha an Rialacháin seo. Go háirithe, éilíonn an Rialachán sin go gcloífí le caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíoch, costéifeachtúlachta agus rúndachta staidrimh.

(15)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6).

(16)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta, cinneadh a dhéanamh maidir le cnuasach na sonraí agus díchomhiomlánuithe breise agus na rialacha maidir le caighdeáin chruinnis agus cháilíochta a leagan síos. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus a leagtar síos in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh, a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle an 19 Meitheamh 1989 lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (7), i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chinneadh sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna do bhailiú agus do thiomsú staidrimh Chomhphobail i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

inimirce chuig críocha na mBallstát agus eisimirce ó chríocha na mBallstát, lena n-áirítear sreafaí ó chríoch Ballstáit amháin chuig críoch Ballstáit eile agus sreafaí idir Ballstát agus críoch tríú tír;

(b)

saoránacht daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar chríoch na mBallstát agus an tír inar rugadh na daoine sin;

(c)

nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnais agus próisis riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le hinimirce, le deonú ceada cónaithe, le saoránacht, le tearmann agus le cineálacha eile cosanta idirnáisiúnta agus le cosc ar imirce neamhdhleathach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘gnáthchónaí’ an áit ina gcaitheann duine an tréimhse laethúil scíthe, gan féachaint d'asláithreachtaí sealadacha chun críocha áineasa nó saoire, chun cuairt a thabhairt ar chairde agus ar ghaolta, chun críocha gnó, chun dul faoi chóir leighis nó chun dul ar oilithreacht chreidimh; nó, dá cheal sin, an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe;

(b)

ciallaíonn ‘inimirce’ an gníomh lena dtéann duine chun gnáthchónaithe ar chríoch Ballstáit ar feadh tréimhse atá, nó a bhfuiltear ag súil a bheidh, dhá mhí dhéag ar a laghad ar fad, má bhí gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(c)

ciallaíonn ‘eisimirce’ an gníomh lena scoireann duine a raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin ar chríoch Ballstát de ghnáthchónaí a bheith air nó uirthi sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse atá, nó a bhfuiltear ag súil a bheidh, dhá mhí dhéag ar a laghad ar fad;

(d)

ciallaíonn ‘saoránacht’ an nasc dlí faoi leith a bhíonn ann idir duine agus a Stát a rinneadh de bharr gur ann a rugadh é nó í, nó a rinneadh de bharr eadóirseachta, cibé acu an eadóirseacht trí dhearbhú, de rogha nó trí phósadh a bhí ann nó eadóirseacht trí mheán ar bith eile de réir na reachtaíochta náisiúnta;

(e)

ciallaíonn ‘an tír inar rugadh é nó í’ an tír ina raibh cónaí ar an máthair tráth ar rugadh an duine (de réir na dteorainneacha atá inniu ann, más ann don fhaisnéis sin) nó, dá éagmais sin, an tír (de réir na dteorainneacha atá inniu ann, más ann don fhaisnéis sin) inar rugadh é nó í;

(f)

ciallaíonn ‘inimirceach’ duine atá ag teacht ar inimirce;

(g)

ciallaíonn ‘eisimirceach’ duine atá ag dul ar eisimirce;

(h)

ciallaíonn ‘cónaitheoir fadtéarma’ cónaitheoir fadtéarma mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 é maidir le stádas náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (8);

(i)

ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í, de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chonradh, lena n-áirítear daoine gan stát;

(j)

ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(g) de Threoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 é maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (9);

(k)

ciallaíonn ‘stádas dídeanaithe’ stádas dídeanaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(d) de Threoir 2004/83/CE é;

(l)

ciallaíonn ‘stádas cosanta coimhdí’ stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(f) de Threoir 2004/83/CE é;

(m)

ciallaíonn ‘baill teaghlaigh’ baill teaghlaigh mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(i) de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar dhídean a scrúdú a thaisc náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit (10);

(n)

ciallaíonn ‘cosaint shealadach’ cosaint shealadach mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(a) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine asáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (11);

(o)

ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(i) de Threoir 2004/83/CE é;

(p)

ciallaíonn ‘teorainneacha seachtracha’ teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (12);

(q)

ciallaíonn ‘náisiúnaigh tríú tíortha a ndiúltaítear cead isteach dóibh’ náisiúnaigh tríú tíortha a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag an teorainn sheachtrach mar nach gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála uile a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ná nach mbaineann siad leis na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Rialachán sin;

(r)

ciallaíonn ‘náisiúnaigh tríú tíortha a fuarthas i láthair go neamhdhlíthiúil’ náisiúnaigh tríú tíortha a chinntear go hoifigiúil a bheith ar chríoch Ballstáit agus nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha d'fhanacht ná do chónaí sa Bhallstát sin;

(s)

ciallaíonn ‘athlonnú’, náisiúnaigh tríú tíortha nó daoine gan stát a aistriú ar bhonn measúnaithe ar an ngá atá acu le cosaint idirnáisiúnta agus le buanréiteach, chuig Ballstát ina dtugtar cead cónaithe dóibh agus stádas slán dlíthiúil.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le húsáid meastachán nó modhanna eile chun staidreamh a oiriúnú bunaithe ar shainmhínithe náisiúnta chun go mbeadh sé i gcomhréir leis na sainmhínithe comhchuibhithe a shonraítear i mír 1, agus maidir leis an éifeacht is dóigh a bheidh ag an úsáid sin.

3.   Don bhliain tagartha 2008, féadfaidh an staidreamh a sholáthraítear don Choimisiún (Eurostat) faoin Rialachán seo a bheith bunaithe ar a mhalairt de shainmhínithe (náisiúnta). Sna cásanna sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na sainmhínithe malartacha sin.

4.   Mura mbeidh Ballstát faoi cheangal ag téacs amháin nó ag breis agus téacs amháin de na téacsanna dlíthiúla dá dtagraítear sna sainmhínithe atá i mír 1, ba chóir dó staidreamh a sholáthar atá inchomparáide leis an staidreamh a éilítear faoin Rialachán seo i gcás inar féidir é a sholáthar faoin reachtaíocht atá ann agus/nó faoi na nósanna imeachta riaracháin atá ann.

Airteagal 3

Staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta, leis an bpobal a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát agus le saoránacht a fháil

1.   Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na n-inimirceach a thagann chuig críoch an Bhallstáit, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:

(i)

ina ngrúpaí saoránachta de réir aoise agus de réir inscne;

(ii)

ina ngrúpaí de réir na dtíortha inar rugadh na daoine atá i gceist, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne;

(iii)

ina ngrúpaí de réir na dtíortha ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe sin, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne;

(b)

líon na n-eisimirceach a imíonn ó chríoch an Bhallstáit, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:

(i)

de réir grúpaí saoránachta;

(ii)

de réir aoise;

(iii)

de réir inscne;

(iv)

ina ngrúpaí de réir na chéad tíre eile a dtéann siad chun gnáthchónaithe ann;

(c)

líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Bhallstát i ndeireadh na tréimhse tagartha, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:

(i)

ina ngrúpaí saoránachta, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne:

(ii)

ina ngrúpaí de réir na tíre inar rugadh na daoine atá i gceist, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne:

(d)

líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit agus ar tugadh saoránacht an Bhallstáit dóibh le linn na bliana tagartha agus a raibh saoránacht Ballstáit eile acu roimhe sin nó saoránacht tríú tír nó a bhí gan stát roimhe sin, á ndíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir na saoránachta a bhí ag na daoine lena mbaineann roimhe sin agus de réir na ndaoine a bhí gan stát roimhe sin.

2.   Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

Airteagal 4

Staidreamh i ndáil le cosaint idirnáisiúnta

1.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) staidreamh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha;

(b)

daoine a fholaítear le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá á measúnú ag an údarás náisiúnta atá freagrach, i ndeireadh na tréimhse tagartha;

(c)

iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a tarraingíodh siar i rith na tréimhse tagartha.

Déanfar an staidreamh sin a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha míosa féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na míosa tagartha. Eanáir 2008 an chéad mhí tagartha a bheidh i gceist.

2.   Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar diúltaíodh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, amhail cinntí nó breitheanna inar measadh nach raibh na hiarratais inghlactha nó nach raibh bonn leo agus cinntí nó breitheanna, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais faoi nós imeachta tosaíochta nó faoi nós imeachta brostaithe i rith na tréimhse tagartha;

(b)

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar deonaíodh stádas dídeanaithe nó lenar tarraingíodh siar an stádas sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(c)

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar deonaíodh stádas cosanta coimhdí nó lenar tarraingíodh siar an stádas sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(d)

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar deonaíodh cosaint shealadach nó lenar tarraingíodh siar an chosaint sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(e)

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime eile nó le breitheanna céadchéime eile lenar deonaíodh údarú chun fanacht ar chúiseanna daonnachtúla faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta nó lenar tarraingíodh siar an t-údarú sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha.

Déanfar an staidreamh sin a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha trí mhí féilire agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir go Márta 2008 an chéad tréimhse tagartha a bheidh i gceist.

3.   Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a measann an t-údarás náisiúnta atá freagrach a bheith ina mionaoisigh neamhthionlactha i rith na tréimhse tagartha;

(b)

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha lena ndiúltaítear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, amhail cinntí nó breitheanna inar measadh nach raibh na hiarratais inghlactha nó nach raibh bonn leo agus cinntí nó breitheanna a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais faoi nós imeachta tosaíochta nó faoi nós imeachta brostaithe i rith na tréimhse tagartha;

(c)

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le stádas dídeanaithe a dheonú nó a tharraingt siar;

(d)

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le stádas cosanta coimhdí a dheonú nó a tharraingt siar;

(e)

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le cosaint shealadach a dheonú nó a tharraingt siar;

(f)

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha eile nó le breitheanna críochnaitheacha eile a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le húdarú chun fanacht ar chúiseanna daonnachtúla faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a dheonú nó a tharraingt siar i rith na tréimhse tagartha;

(g)

daoine ar deonaíodh údarú dóibh cónaí i mBallstát faoi chuimsiú scéime Comhphobail nó náisiúnta athlonnaithe i rith na tréimhse tagartha, i gcás ina mbeidh scéim den sórt sin á cur i bhfeidhm sa Bhallstát sin.

Déanfar an staidreamh sin a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

4.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) an staidreamh seo a leanas a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle (13) a chur i bhfeidhm:

(a)

líon na n-iarratas ar iarrthóirí tearmainn a thógáil ar ais nó ar dhul ina bhfeighil;

(b)

na forálacha a bhfuil na hiarratais dá dtagraítear i mír (a) bunaithe orthu;

(c)

na cinntí a rinneadh mar fhreagairt ar na hiarratais dá dtagraítear i mír (a);

(d)

líon na n-aistrithe a rinneadh de bharr na gcinntí dá dtagraítear i mír (c);

(e)

líon na n-iarratas ar fhaisnéis.

Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

Airteagal 5

Staidreamh i ndáil le teacht isteach neamhdhleathach agus fanacht neamhdhleathach a chosc

1.   Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na náisiúnach tríú tíortha ar diúltaíodh cead isteach ar chríoch an Bhallstáit dóibh ag an teorainn sheachtrach;

(b)

líon na náisiúnach tríú tíortha a fuarthas go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit faoi dhlíthe náisiúnta a bhaineann le hinimirce.

Déanfar an staidreamh faoi phointe (a) a dhíchomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.

Déanfar an staidreamh faoi phointe (b) a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann.

2.   Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

Airteagal 6

Staidreamh i ndáil le ceadanna cónaithe agus cónaí náisiúnach tríú tíortha

1.   Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na gceadanna cónaithe a eisíodh do dhaoine ar náisiúnaigh tríú tíortha iad, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:

(i)

ceadanna a eisíodh i rith na tréimhse tagartha a ndeonaítear cead cónaithe do dhuine den chéad uair dá réir, á ndíchomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead agus de réir fhad bailíochta an cheada;

(ii)

ceadanna a eisíodh i rith na tréimshe tagartha agus a deonaíodh tráth a ndearna duine stádas inimirce nó cúis fanachta a athrú, á ndíchomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead agus de réir fhad bailíochta an cheada;

(iii)

ceadanna bailí i ndeireadh na tréimhse tagartha (líon na gceadanna a eisíodh, nár tarraingíodh siar agus nach ndeachaigh in éag), á ndíchomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead agus de réir fhad bailíochta an cheada;

(b)

líon na gcónaitheoirí fadtéarma i ndeireadh na tréimhse tagartha, á ndíchomhiomlánú de réir saoránachta.

2.   I gcás ina gceadóidh dlíthe náisiúnta agus cleachtas riaracháin Ballstáit go ndeonófaí catagóirí sonracha de víosaí fadtéarma nó go ndeonófaí stádas inimirce seachas cead cónaithe, beidh víosaí agus deonuithe stádais den chineál sin le háireamh sa staidreamh a éilítear faoi mhír 1.

3.   Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

Airteagal 7

Staidreamh i ndáil le daoine a chuirtear ar ais

1.   Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na náisiúnach tríú tíortha a shuitear a bheith go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit agus atá faoi réir cinnidh riaracháin nó faoi réir breithe breithiúnaí nó faoi réir gnímh bhreithiúnaigh ina ndeirtear nó ina ndearbhaítear go bhfuil a bhfanacht neamhdhleathach agus a chuireann d'oibleagáid orthu críoch an Bhallstáit a fhágáil, á ndíchomhiomlánú de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann;

(b)

líon na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil críoch an Bhallstáit fágtha acu, tar éis cinnidh riaracháin nó tar éis breithe breithiúnaí dá dtagraítear i bpointe (a), á ndíchomhiomlánú de réir shaoránacht na ndaoine a cuireadh ar ais.

2.   Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

3.   Ní áireofar sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1 náisiúnaigh tríú tíortha a aistrítear ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile faoin meicníocht a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.

Airteagal 8

Díchomhiomlánuithe breise

1.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh a bhaineann le sainmhíniú díchomhiomlánuithe breise, mar a leagtar amach ina dhiaidh seo iad, don staidreamh seo a leanas:

(a)

do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4 ina iomláine, díchomhiomlánuithe:

(i)

de réir na bliana ar cuireadh isteach an t-iarratas;

(b)

do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(4), díchomhiomlánuithe:

(i)

de réir líon na ndaoine a mbaineann an t-iarratas, an cinneadh nó an bhreith agus an t-aistriú leo;

(c)

do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 5(1)(a), díchomhiomlánuithe:

(i)

de réir aoise;

(ii)

de réir inscne;

(d)

do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 5(1)(b), díchomhiomlánuithe:

(i)

de réir na gcúiseanna a bhí leis an ngabháil;

(ii)

de réir na háite ar gabhadh an duine;

(e)

do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 6, díchomhiomlánuithe:

(i)

de réir na bliana ar deonaíodh cead cónaithe den chéad uair;

(ii)

de réir aoise;

(iii)

de réir inscne;

(f)

do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 7, díchomhiomlánuithe:

(i)

de réir na cúise a bhí leis an gcinneadh nó leis an mbreith nó leis an ngníomh lenar cuireadh d'oibleagáid ar an duine imeacht;

(ii)

de réir aoise;

(iii)

de réir inscne.

2.   Is astu féin amháin a sholáthrófar na díchomhiomlánuithe breise dá dtagraítear i mír 1, ach ní dhéanfar trasaicmiú orthu leis na díchomhiomlánuithe a éilítear faoi Airteagal 4 go hAirteagal 7.

3.   Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le díchomhiomlánuithe breise a bheith ag teastáil, breithneoidh sé an gá atá leis an bhfaisnéis sin chun forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar bheartais an Chomhphobail agus breithneoidh sé infhaighteacht na bhfoinsí ábhartha sonraí agus na costais a bheidh i gceist.

Cuirfear tús le caibidlíocht maidir le díchomhiomlánuithe breise a d'fhéadfadh a bheith de dhíth chun Airteagal 4 go hAirteagal 7 a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná.an 20 Lúnasa 2009. Is é 2010 an bhliain tagartha is luaithe a bheidh ann do chur chun feidhme díchomhiomlánuithe breise.

Airteagal 9

Foinsí sonraí agus caighdeáin cháilíochta

1.   Beidh an staidreamh bunaithe ar na foinsí sonraí seo a leanas, de réir mar a bheidh siad ar fáil sa Bhallstát agus i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta:

(a)

taifid ar ghníomhartha riaracháin agus breithiúnacha;

(b)

cláir a bhaineann le gníomhartha riaracháin;

(c)

cláir dhaonra na ndaoine nó d'fhoghrúpa faoi leith den daonra sin;

(d)

daonáirimh;

(e)

suirbhéanna samplacha;

(f)

foinsí iomchuí eile.

Mar chuid de phróiseas an staidrimh, féadfar modhanna meastacháin staidrimh a úsáid a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus a bhfuil tuairisc mhaith orthu.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún (Eurostat) ar na foinsí sonraí a úsáideadh, ar na fáthanna ar roghnaíodh na foinsí sin agus ar na héifeachtaí a bhí ag na foinsí sonraí a roghnaíodh ar cháilíocht na staitisticí, ar na modhanna meastacháin a úsáideadh agus coinneoidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar orthu.

3.   Ar iarratas ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile dó is gá chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht, ar inchomparáideacht agus ar iomláine na faisnéise staidrimh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas gan mhoill má dhéantar leasuithe nó ceartúcháin ar an staidreamh a sholáthraítear faoin Rialachán seo, nó má athraítear na modhanna nó na foinsí sonraí a úsáidtear.

5.   Glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) na bearta a bhaineann le sainmhíniú na bhformáidí is iomchuí chun sonraí a tharchur.

Airteagal 10

Bearta cur chun feidhme

1.   Glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) na bearta is gá chun an Rialachán seo lena leagtar síos na rialacha maidir leis na formáidí is iomchuí chun sonraí a tharchur mar a fhoráiltear in Airteagal 9 a chur chun feidhme.

2.   Glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3) na bearta seo a leanas is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha de a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh:

(a)

na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2(1) a thabhairt cothrom le dáta;

(b)

na catagóirí a shainiú ina ngrúpaí de réir na tíre inar rugadh na daoine lena mbaineann, de réir na tíre a raibh gnáthchónaí roimhe sin orthu ann agus de réir na chéad tíre eile a ndeachaigh siad chun gnáthchónaithe ann, agus ina ngrúpaí saoránachta mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1);

(c)

na catagóirí a shainiú de réir na gcúiseanna a bhí leis an gcead, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1)(a);

(d)

sainmhíniú a dhéanamh ar na díchomhiomlánuithe breise agus ar leibhéil na ndíchomhiomlánuithe atá le cur i bhfeidhm ar na hathróga, mar a fhoráiltear in Airteagal 8;

(e)

na rialacha maidir le caighdeáin chruinnis agus cháilíochta a leagan síos.

Airteagal 11

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom, cúnamh don Choimisiún agus na bearta cur chun feidhme á nglacadh aige.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Socrófar ag trí mhí an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 12

Tuarascáil

Faoin 20 Lúnasa 2012 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an staidreamh a tiomsaíodh de bhun an Rialacháin seo agus maidir le cáilíocht an staidrimh sin.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 311/76.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  IO C 185, 8.8.2006, lch. 31.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007.

(3)  IO C 83 E, 2.4.2004, lch. 94.

(4)  IO L 39, 14.2.1976, lch. 1.

(5)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(6)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(7)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(8)  IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.

(9)  IO L 304, 30.9.2004, lch. 12.

(10)  IO L 50, 25.2.2003, lch. 1.

(11)  IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

(12)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

(13)  IO L 222, 5.9.2003, lch. 3.


Top