This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2194
Council Implementing Regulation (EU) 2021/2194 of 13 December 2021 implementing Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2194 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2194 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
ST/14528/2021/INIT
IO L 445I, 13.12.2021, pp. 7–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 445/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2194 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(2) |
Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. |
|
(3) |
Rannchuidíonn Grúpa Wagner, eintiteas príobháideach míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, go mór le hiarrachtaí cogaidh Bashar al-Assad sa tSiria, go háirithe trí oiliúint agus stiúradh a chur ar fhórsaí na Siria agus ar mhílístí atá cleamhnaithe le réimeas. |
|
(4) |
Measann an Chomhairle gur cheart beirt atá rannpháirteach in oibríochtaí míleata Ghrúpa Wagner sa tSiria, chomh maith le trí chuideachta a bhaineann tairbhe as réimeas na Siria agus a thacaíonn leis, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):
|
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn B (eintitis):
|