This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0102
Case T-102/23: Action brought on 26 February 2023 — SBK Art v Council
Cás T-102/23: Caingean arna tabhairt an 26 Feabhra 2023 – SBK Art v an Chomhairle
Cás T-102/23: Caingean arna tabhairt an 26 Feabhra 2023 – SBK Art v an Chomhairle
IO C 134, 17.4.2023, p. 18–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 134/18 |
Caingean arna tabhairt an 26 Feabhra 2023 – SBK Art v an Chomhairle
(Cás T-102/23)
(2023/C 134/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: SBK Art OOO (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky agus P. Goeth, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
neamh-infheidhmeacht na míre deiridh d’Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 2014/145/CBES (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2477 (2) ón gComhairle, agus de bhun Airteagal 3(1), an mhír dheiridh de Rialachán (AE) 269/2014 (3) ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1905 (4) ón gComhairle a dhearbhú, de bhun Airteagail 263, 275(2) agus 277 CFAE; |
|
— |
sa bhreis ar an méid thuas, nó go neamhspleách air, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, Cinneadh (CBES) 2022/2477 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2476 (5) ón gComhairle an 16 Nollaig 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir; |
|
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Mar thaca leis an gcaingean de bhun Airteagail 263 agus 277 CFAE, maíonn an t-iarratasóir go bhfuil na gníomhartha atá faoi chonspóid neamhbhailí mar thoradh i) ar chur i bhfeidhm dhlí tánaisteach an Aontais lena sáraítear na Conarthaí agus an smacht reachta, ii) ar shárú neamhdhleathach ar chearta nóis imeachta an iarratasóra, iii) ar neamhréireacht, iv) ar earráid mheasúnaithe, agus v) ar shárú neamhdhleathach ar an oibleagáid cúiseanna a lua; ionas nach mór na critéir maidir le liostú atá faoi chonspóid a fhágáil gan feidhm agus nach mór na gníomhartha atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir.