Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0413(03)

Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona 2023/C 129/06

C/2023/2501

IO C 129, 13.4.2023, pp. 61–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

13.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 129/61


Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

(2023/C 129/06)

Bronnann an foilseachán seo an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Schouwen - Duiveland”

PDO-NL-02775

Dáta an iarratais: 10.6.2021

1.   Ainm le clárú

Schouwen-Duiveland

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC - Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar an bhfíon/ar na fíonta

Catagóir 1: Fíon, Cineál fíona: Fíon geal, tirim, ar bhlas na gcaor

Cineálacha fíonchaoire: na cineálacha bána ar an liosta cineálacha (athraíonn an cion de réir na bliana)

Saintréithe orgánaileipteacha:

Dath: glas/buí

Dea-bholadh: úll glas, seadóg agus mil

Blas: tirim, úr agus ar nós sáile, a cuid aigéad cothromaithe, le blas péitseoige, piorraí agus cailce

Saintréithe anailíseacha na bhfíonta:

Cion siúcra: ó 0 go 9 ngram in aghaidh an lítir

Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

11,5

Aigéadacht iomlán íosta

73,15 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

Catagóir 1: Fíon, Cineál fíona: Fíon geal, tirim, aosaithe i mbairillí adhmaid

Cineálacha fíonchaoire: na cineálacha bána ar an liosta cineálacha (athraíonn an cion de réir na bliana)

Saintréithe orgánaileipteacha:

Dath: buí éadrom go buí

Dea-bholadh: fanaile, citris, le blas toite

Blas: fíon tirim tathagach ag a bhfuil blas adhmadach, aigéid bhoga agus cailc

Saintréithe anailíseacha na bhfíonta:

Méid siúcra idir 0 agus 9 ghram in aghaidh an lítir

Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

12

Aigéadacht iomlán íosta

73,15 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

Catagóir 1: Fíon, Cineál fíona: Fíon bán leath-thirim, leath-mhilis ar bhlas na gcaor

Cineálacha fíonchaoire: na cineálacha bána ar an liosta cineálacha (athraíonn an cion de réir na bliana)

Saintréithe orgánaileipteacha:

Dath: bán, beagnach gan dath go buí éadrom

Dea-bholadh: rósanna, úll buí, lítsí agus páiseog

Blas: fíon tathagach le hiarbhlas milis agus blas péitseog/piorraí agus aigéid bhoga

Saintréithe anailíseacha na bhfíonta:

Méid siúcra idir 10 agus 45 ghram in aghaidh an lítir

Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

12

Aigéadacht iomlán íosta

73,15 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

Catagóir 1: Fíon, Cineál fíona: Fíon bán, milis, ar bhlas na gcaor

Cineálacha fíonchaoire: na cineálacha bána ar an liosta cineálacha (athraíonn an cion de réir na bliana)

Saintréithe orgánaileipteacha:

Dath: buí éadrom go buí

Dea-bholadh: cainche, aibreog agus úll

Blas: fíon milis le blas cainche, meala, piobar agus torthaí criostalaithe

Saintréithe anailíseacha na bhfíonta:

Méid siúcra níos mó ná 45 ghram in aghaidh an lítir

Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

12

Aigéadacht iomlán íosta

73,15 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

Catagóir 5: Fíon súilíneach ar ardchaighdeán, cineál Fíona: Fíon geal súilíneach, ar bhlas na gcaor

Cineálacha fíonchaoire: na cineálacha bána ar an liosta cineálacha (athraíonn an cion de réir na bliana)

Saintréithe orgánaileipteacha:

Dath: bán, beagnach gan dath go buí éadrom

Dea-bholadh: úll úr glas, piorra agus aibreog

Blas: Beoga agus bríomhar, ar nós sáile, úll, almóinn, le mús mín

Saintréithe anailíseacha:

Méid siúcra idir 0 agus 12 ghram in aghaidh an lítir

Tá na saintréithe thíos nach sonraítear aon luach ina leith i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i Rialacháin an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

11,5

Aigéadacht iomlán íosta

73,15 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais riachtanacha fíoneolaíocha

Catagóir fíona 1: Fíon, Cineál fíona: Fíon bán tirim, ar bhlas na gcaor/ leath-thirim, fíon bán leathmhilis, ar bhlas na gcaor/fíon bán milis, ar bhlas na gcaor

Cleachtas sonrach fíoneolaíoch

Coipeadh fuar ag teocht faoi bhun 20 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe i gcás fíonta ar deacair iad a choipeadh)

Catagóir fíona 1: Fíon, Cineál fíona: Fíon bán, tirim, tathagach, á stóráil in adhmad

Cleachtas sonrach fíoneolaíoch

Coipeadh fuar ag teocht faoi bhun 20 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe i gcás fíonta ar deacair iad a choipeadh)

50 % ar a laghad den mhéid ag tabhairt chun cineáil i mbairillí adhmaid go ceann 6 mhí ar a laghad

Catagóir fíona 5: Fíon súilíneach ar ardchaighdeán, cineál Fíona: Fíon súilíneach ar ardchaighdeán, bán, ar bhlas na gcaor agus tathag ann

Cleachtas sonrach fíoneolaíoch

Coipeadh fuar ag teocht faoi bhun 20 °C (eisceacht: méadaítear an teocht ag tús an choipthe i gcás fíonta ar deacair iad a choipeadh)

Dara coipeadh sa bhuidéal, ag úsáid an mhodha thraidisiúnta.

b.   Táirgeacht uasta

Maidir le gach cineál fíniúna a liostaítear

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach línithe

Is é oileán iomlán Schouwen-Duiveland, arb é bardas “Schouwen-Duiveland” é an limistéar geografach línithe.

Is é 48 800 ha méid an limistéir.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

 

Auxerrois B

 

Cabernet Blanc B (VB-91-26-1)

 

Gewurztraminer Rs

 

Müller-Thurgau B

 

Pinot Gris G

 

Pinot Blanc B

 

Souvignier Gris

8.   Tuairisc ar an nasc/na naisc

Limistéar geografach línithe

An terroir -gach ceann de na tionchair ar an bhfíniúin san fhíonghort - tá tionchar mór aige ar chaighdeán an fhíona. Laistigh de limistéar geografach sainithe Schouwen-Duiveland, rannchuidíonn gach gné den terroir – idir aeráid, shuíomh, ithir, bhainistiú fíonghort, roghnú cineálacha agus fíonóireacht – le cáilíocht na bhfíonta sa dá chatagóir fíona (1. Fíon agus 5. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán).

Aeráid:

Deimhníonn sonraí ó Institiúid Meitéareolaíochta Ríoga na hÍsiltíre (Koninklijk Nederlands Meteorologisch Instituut – KNMI) go gcabhraíonn aeráid bhog na farraige mar aon le níos mó uaireanta de sholas na gréine agus solas na gréine a bheith níos déine, leis na fíonchaora aibiú go maith. Ciallaíonn suíomh an oileáin ndéanann líne na ndumhcha briseadh sna scamaill (rud a fhágann go mbíonn an ghrian ag taitneamh níos faide) agus go bhfuil beagán níos lú báistí ann ná mar atá i gcodanna eile den Ísiltír (rud a théann chun tairbhe do shláinte na bhfíonchaor).

Tugann sonraí KNMI innéacs Huglin 2018 agus 2019 mar 1 746 agus 1 572 (go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair), ag léiriú oiriúnacht an cheantair d’fhás fíonchaor (os cionn 1 500). Ag an am céanna, bíonn an ghrian ag taitneamh ar feadh 0.5 uair an chloig níos faide in aghaidh an lae ar an meán i gcomparáid le ceantair eile san Ísiltír (rud a théann chun tairbhe d’aibiú trí fhótaisintéis).

Ithir agus suíomh:

Is é atá i gceist leis an suíomh, is é sin grinneall abhainn an Gouwe a bhíodh ann tráth idir Schouwen agus Duiveland, dúrabhán cré cailcreach gainmheach le haol blaosc bhreise suas le 80 cm ar doimhneacht (ithir aibí). Cruthaíonn an meascán de dhúrabhán cré gainmheach (ithir chré muirí) agus aol ithir fhíoroiriúnach mar gheall ar a chumas taise a choinneáil agus mar gheall ar an raidhse mianraí/aoil chun na fíonchaora a fhás agus a aibiú.

Soláthraíonn an suíomh gar don fharraige timpeallacht shalanda (gaoth farraige) a chuidíonn le galar a chosc agus tá tionchar dearfach aige seo ar bhlas an fhíona.

Cinntíonn na leoithní rialta go bhfuil aeráil mhaith sa bhfíonghort agus triomaíonn sé go tapa tar éis na frasaíochta, rud a éascaíonn tréimhse aibithe níos faide (fíonchaora sláintiúla don aibíocht fheineolaíoch is fearr).

Is é gné uathúil an cheantair seo ná gur oileán é ar imeall na Mara Thuaidh, áit a bhfuil uisce mórthimpeall uirthi, a bhfuil gaotha goirt ag séideadh (ag tabhairt isteach salann mara), ag a bhfuil níos mó uaireanta sholas na gréine agus ithir dhúrabháin chré ghainmheach atá lán d’aol (ó shliogéisc). Idteannta a chéile, táirgeann na gnéithe seo úire agus mianracht láidir sna fíonta. Ina theannta sin laghdaíonn na taoidí agus suíomh na ndumhcha an fhrasaíocht, níos lú clocha sneachta agus níos mó solas na gréine, agus bíonn níos mó úsc sna fíonta dá bharr. Ag brath ar an gcineál, bíonn blasanna an-úra ag na fíonta ach freisin blas láidir péitseog/piorra mar aon le blas láidir spíosraí/mianraí cosúil le spíonáin, salainn, aoil, meala agus síol ainíse.

Gnéithe daonna (saothrú/fíonóireacht)

Roghnaíodh na cineálacha toisc go bhfuil siad oiriúnach don aeráid agus don ithir, chun go mbainfidh na fíonchaora an aibíocht is fearr amach.

Treisíonn an modh plandála é seo (go leor gréine, go leor ithreach in aghaidh an phlanda) agus, más gá, tanú triopall.

Trí bhainistiú cúramach an fhómhair (siúcraí, aigéid agus dea-bholaithe a sheiceáil) agus fíonóireacht (coipeadh fuar, aosú i mbairillí adhmaid) críochnaítear táirgeadh fíonta ardchaighdeáin ó na fíonchaora sin.

Tá mionsonraí faoi na gníomhaíochtaí a ghlacann daoine mar seo a leanas:

Úsáid na glasbhuainte (baint na dtriopall) chun a áirithiú gur féidir leis an bhfíniúin gach triopall a chothú a dhóthain chun an aibíocht cheart a bhaint amach, rud a chuireann feabhas ar aibíocht na bhfíonchaor.

Déantar tráth ceart an fhómhair a chinneadh trí mheascán an tsiúcra/an aigéid agus an dea-bholaidh a thomhas, in éineacht le réamhaisnéis bheacht na haimsire agus léargas maith ar shláinte na bhfíonchaor. Tugtar na tosca seo go léir sin san áireamh nuair a dhéantar cinneadh tabhairt faoin bhfómhar (buaint na bhfíonchaor a bhfuil aibíocht bharrmhaith sroichte acu).

Saothrú ciorclach, prúnáil (mionghearrtha) agus marc na bhfíonchaor (scamhachán) a úsáid ar na sraitheanna.

Baintear na bairr de na buinneoga fíniúna le linn aimsire fáis chun a áirithiú go n-éiríonn leis na cothaithigh dul chuig na triopaill.

Mionsonraí maidir leis na gcatagóirí eile fíona (seachas an chatagóir “fíon”)

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Maidir le fíon súilíneach ar ardchaighdeán, tá na saintréithe orgánaileipteacha céanna ag an bhfíon bunaidh agus atá ag an gcatagóir “fíon”. Tá saintréithe aige freisin a thagann ó aistriú an fhíona bhunaidh chuig fíon súilíneach ag úsáid choipeadh i mbuidéal (an modh traidisiúnta), rud a thugann mús álainn don fhíon. Tá brú breise de 3,5 bar ar a laghad ag an bhfíon. Tá neart alcóil íosta iomlán 11 % de réir toirte ag an cuvée a úsáidtear le haghaidh fíona shúilínigh ar ardchaighdeán.

Nasc/achoimre

Mar thoradh ar an ithir (grinneall na farraige), an aeráid (aeráid mhuirí) agus gnéithe daonna a chomhcheangal, faightear fíonta so-aitheanta cineáil agus fíonta cuvée, fíonta atá tathagach agus ar bhlas na gcaor, fíonta a bhfuil dea-bholadh citris acu agus fíonta súilíneacha a bhfuil mús sainiúil acu agus a théann go han-mhaith le bia mara. Is í aeráid na mara agus ithir chré muirí ina bhfuil aol blaosc (salandacht san aer agus san ithir) is cúis leis an úire seo ar shlí shainiúil.

9.   Coinníollacha breise riachtanacha

-

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.rvo.nl/sites/default/files/2021/01/Productdossier%20BOB%20Schouwen%20Duiveland.pdf


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


Top