This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CB0663
Case C-663/20 P: Order of the Court (Sixth Chamber) of 3 March 2022 — Single Resolution Board v Hypo Vorarlberg Bank AG (Appeal — Article 182 of the Rules of Procedure of the Court — Banking union — Single Resolution Mechanism (SRM) — Single Resolution Fund (SRF) — Calculation of the 2017 ex ante contributions — Authentication of a decision of the Single Resolution Board (SRB) — Obligation to state reasons — Confidential data)
Cás C-663/20 P: Ordú na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 – an Bord Réitigh Aonair v Hypo Vorarlberg Bank AG (Achomharc – Airteagal 182 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Ríomh na ranníocaíochtaí ex ante don bhliain 2017 – Fíordheimhniú cinnidh ón mBord Réitigh Aonair (BRA) – Dualgas na cúiseanna a lua – Sonraí rúnda)
Cás C-663/20 P: Ordú na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 – an Bord Réitigh Aonair v Hypo Vorarlberg Bank AG (Achomharc – Airteagal 182 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Ríomh na ranníocaíochtaí ex ante don bhliain 2017 – Fíordheimhniú cinnidh ón mBord Réitigh Aonair (BRA) – Dualgas na cúiseanna a lua – Sonraí rúnda)
IO C 222, 7.6.2022, pp. 2–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
7.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/2 |
Ordú na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 – an Bord Réitigh Aonair v Hypo Vorarlberg Bank AG
(Cás C-663/20 P) (1)
(Achomharc - Airteagal 182 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Aontas Baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair (SRA) - Ciste Réitigh Aonair (CRA) - Ríomh na ranníocaíochtaí ex ante don bhliain 2017 - Fíordheimhniú cinnidh ón mBord Réitigh Aonair (BRA) - Dualgas na cúiseanna a lua - Sonraí rúnda)
(2022/C 222/03)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA) (ionadaithe: ar dtús P. A. Messina, J. Kerlin agus H. Ehlers, i gcáil Gníomhairí, le tacaíocht ó H.-G. Kamann agus P. Gey, Rechtsanwälte, agus ó F. Louis, avocat, agus ina dhiaidh sin J. Kerlin agus H. Ehlers, i gcáil Gníomhairí, le tacaíocht ó H.-G. Kamann agus P. Gey, Rechtsanwälte, agus ó F. Louis, avocat)
Páirtí eile sna himeachtaí: Hypo Vorarlberg Bank AG (ionadaithe: G. Eisenberger, agus A. Brenneis, Rechtsanwälte)
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 23 Meán Fómhair 2020, Hypo Vorarlberg Bank/CRU (T-414/17, nár foilsíodh, EU:T:2020:437) ar neamhní. |
|
2. |
Cuirtear Cinneadh an Bhoird Réitigh Aonair ina sheisiún feidhmiúcháin an 11 Aibreán 2017 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante don bhliain 2017 leis an gCiste Réitigh Aonaigh (SRB/ES/SRF/2017/05), a mhéid a bhaineann le Hypo Vorarlberg Bank AG, ar neamhní. |
|
3. |
Coinnítear éifeachtaí chinneadh an Bhoird Réitigh Aonair ina sheisiún feidhmiúcháin an 11 Aibreán 2017, ar ríomh na ranníocaíochtaí ex ante don bhliain 2017 leis an gCiste Réitigh Aonair (SRB/ES/SRF/2017/05), a mhéid a bhaineann le Hypo Vorarlberg Bank AG, go dtí go dtiocfaidh cinneadh nua ón mBord Réitigh Aonair i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnach ama, nach féidir a bheith níos faide ná sé mhí ó dháta seirbheála an ordaithe seo, lena socraítear ranníocaíocht ex ante na bunaíochta seo don bhliain 2017 leis an gCiste Réitigh Aonair. |
|
4. |
Íocann an Bord Réitigh Aonair, i dteannta a chostais féin a bhaineann leis na himeachtaí céadchéime agus leis an achomharc, costais Hypo Vorarlberg Bank AG a bhaineann leis na himeachtaí céadchéime. |
|
5. |
Íocann Hypo Vorarlberg Bank AG a chostais féin a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc. |
|
6. |
Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar iarratas ó Ríocht na Spáinne chun idirghabháil a dhéanamh chun tacú le conclúidí an Bhoird Réitigh Aonair. |