EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XP0323(01)

Teachtaireacht ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Duais an tSaoránaigh Eorpaigh CIVI EUROPAEO PRAEMIUM 2022/C 130/02

OJ C 130, 23.3.2022, p. 2–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 130/2


Teachtaireacht ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Duais an tSaoránaigh Eorpaigh

CIVI EUROPAEO PRAEMIUM

(2022/C 130/02)

Thionóil Seansailéireacht Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh a cruinniú bliantúil an 7 Iúil 2021 le Dita Charanzová, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Seansailéir Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh, sa chathaoir.

Ag an gcruinniú sin, tarraingíodh suas an liosta seo a leanas de bhuaiteoirí duaise don bhliain 2021.

Bronnfar na duaiseanna ag searmanais bhronnta phoiblí sna Ballstáit ina bhfuil cónaí ar na buaiteoirí, agus eagróidh Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa na searmanais sin. Freastalóidh na buaiteoirí ar shearmanas lárnach bronnta freisin i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil i mí na Samhna 2021.

CIVI EUROPAEO PRAEMIUM

Buaiteoirí

An Ostair: An Comhchaidreamh Eorpach don Óige “eljub”

An Bheilg: Paars

An Bhulgáir: TheMayor.EU – An Tairseach Eorpach do Chathracha agus do Shaoránaigh

An Chróit: With One Dream United (Aontaithe le hAon Aisling Amháin)

An Chipir: Na scannáin faisnéise: “Our Wall” agus “My Homeland”

Poblacht na Seice: Ionad Saorálaithe Ollscoil Masaryk MUNI HELPS

An Danmhairg: An Tionscnamh Eorpach Díospóireachta

An Eastóin: Youth English Club (Club Béarla don Óige)

An Fhionlainn: An líne chabhrach do ghéarchéimeanna MIELI

An Fhrainc: An t-idirphlé idir saoránaigh de chuid na Fraince agus na Gearmáine maidir leis an gcomhar trasteorann a neartú

An Ghearmáin: An Fhéile Idirnáisiúnta Amharclannaíochta don Óige “Wilde Mischung” (“meascán fiáin”)

An Ghréig: ELEPAP – an Cumann Heilléanach um Chosaint agus Athshlánú Daoine atá faoi Mhíchumas

An Ungáir: An oibríocht “Emergency Exit” – comhar idirnáisiúnta oideachais

Éire: An feachtas “Too Into You”

An Iodáil: An mhonarcha brioscaí FROLLA

An Laitvia: An ghníomhaíocht chun tacú le muintir na Bealarúise – #FreeBelarus

An Laitvia: Liene Dambiņa

An Liotuáin: Mano Guru

Lucsamburg: RespectEachOther

Málta: Monument of Mercy (Séadchomhartha na Trócaire)

An Ísiltír: An tionscadal “Phoenix”

An Pholainn: Ag cosaint dhínit agus neamhspleáchas na mbreithiúna atá ag troid ar son neamhspleáchas na mbreithiúna sa Pholainn

An Phortaingéil: “Ó na daoine, do na daoine”.

An Rómáin: Geofolk

An tSlóivéin: Ar mhaithe le dlúthpháirtíocht agus dul chun cinn uile-Eorpach i gcúrsaí sláinte d’othair ailse

An tSlóvaic: An sruth saoránaíochta “Zmudri”

An Spáinn: Oibrithe deonacha Villa de Moya as imircigh neamhrialta a ghlacadh agus a imeascadh

An tSualainn: An cumann “Navet” (“mol”) in Bergsjön agus a thionscadal cruthaitheach comhoibríoch


Top