EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013AG0002

Seasamh (AE) Uimh. 2/2013 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle Arna ghlacadh ag an gComhairle an 25 Feabhra 2013
Ráiteas ón gCoimisiún
Ráiteas ón gCoimisiún
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

OJ C 89E, 27.3.2013, p. 1–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (AE) Uimh. 2/2013 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 25 Feabhra 2013

2013/C 89 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 325 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis tharchur an dréachtghnímh reachtaigh chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is fíorthábhachtach d'institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus an comhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile lena ndéanfaí dochar do na leasanna sin. Maidir leis an méid sin, tá dlúthnasc idir freagrachtaí an Choimisiúin agus na dualgais atá air an buiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le hAirteagal 325 CFAE dearbhaítear a thábhachtaí atá gníomhú chuige sin.

(2)

Chun an cuspóir sin a bhaint amach ní foláir na hacmhainní uile atá ar fáil a úsáid ina n-iomlán, go háirithe i gcomhthéacs na ndualgas imscrúdaitheach arna gcineachadh don Aontas, agus ag an am céanna ba cheart go gcoinneofaí dáileadh agus comhardú reatha na bhfreagrachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit.

(3)

Chun neart a chur leis na hacmhainní atá ar fáil chun an chalaois a chomhrac, agus prionsabal féinriail eagrúcháin inmheánach gach institiúide á urramú aige, agus trí Chinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom (3), bhunaigh an Coimisiún ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise ("an Oifig") mar chuid dá sheirbhísí féin a bhfuil freagracht orthu maidir le himscrúdúithe a dhéanamh i leith na calaoise riaracháin. Thug an Coimisiún neamhspleáchas iomlán don Oifig chun a feidhm imscrúdaitheach a fheidhmiú. Le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom foráiltear, chun críocha imscrúduithe, go bhfeidhmeoidh an Oifig na cumhachtaí a tugadh trí dhlí an Aontais.

(4)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun go rialófaí imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig. D'fhonn go mbeidh gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha na hOifige níos éifeachtaí, agus i bhfianaise na measúnuithe a dhéanann institiúidí an Aontais ar ghníomhaíochtaí na hOifige, go háirithe tuarascáil measúnaithe an Choimisiúin Aibreán 2003 agus Tuarascálacha Speisialta Uimh. 1/2005 (5) agus Uimh. 2/2011 (6) ón gCúirt Iniúchóirí maidir le bainistiú na hOifige, tá gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat dleathach atá ann faoi láthair.

(5)

Ba cheart go gcuimseofaí i sainordú na hOifige imscrúduithe a dhéanamh laistigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí a bhunaítear leis na Conarthaí, nó ar bhonn na gConarthaí ("institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí") agus feidhmiú na cumhachta imscrúdaithe arna tabhairt don Choimisiún le gníomhartha ábhartha an Aontais, agus ba cheart go gcuirfí cúnamh ar fáil do na Ballstáit ón gCoimisiún maidir le dlúthchomhar rialta a eagrú idir a gcuid údarás inniúil. Ba cheart go rannchuideodh an Oifig freisin le modhanna a cheapadh agus a fhorbairt, bunaithe ar a cleachtas oibríochtúil sa réimse sin, chun cosc a chur ar chalaois, ar éilliú agus ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais agus chun iad a chomhrac.

(6)

Síneann freagracht na hOifige freisin, arna bunú ag an gCoimisiún, níos faide ná leasanna airgeadais a chosaint agus folaíonn sí na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann leis an ngá atá le leasanna an Aontais a choimirciú i gcoinne iompair mhírialta a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le himeachtaí riaracháin nó coiriúla.

(7)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do chosaint níos leithne a d'fhéadfadh teacht as forálacha na gConarthaí.

(8)

Ós rud é go bhfuil gá le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart don Oifig a bheith in ann imscrúduithe inmheánacha a dhéanamh sna hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile.

(9)

I gcomhthéacs imscrúduithe seachtracha, ba cheart go gcuirfí ar iontaoibh na hOifige feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Choimisiún le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 an 11 Samhain 1996 ón gComhairle maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (7). Ba cheart go gceadófaí don Oifig freisin na cumhachtaí eile a fheidhmiú, ar cumhachtaí iad a thugtar don Choimisiún chun seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh sna Ballstáit, go háirithe chun neamhrialtachtaí a bhrath de réir mar a éilítear le hAirteagal 9 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (8).

(10)

Tá éifeachtúlacht oibríochtúil na hOifige ag brath go mór ar chomhar leis na Ballstáit. Is gá do na Ballstáit a n-údaráis inniúla atá in ann an cúnamh is gá a thabhairt don Oifig i bhfeidhmiú a dualgas a shainaithint. I gcásanna nach bhfuil roinn speisialtóirí curtha ar bun ag Ballstát ar an leibhéal náisiúnta, ar roinn í a mbeidh sé de chúram uirthi cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus an comhrac i gcoinne na calaoise a chomhordú, ba cheart seirbhís a shainiú (an tseirbhís chomhordaithe frith-chalaoise) chun go n-éascófaí comhar agus malartú faisnéise éifeachtach leis an Oifig.

(11)

Ba cheart rochtain a bheith ag an Oifig ar aon fhaisnéis atá ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i dtaca le himscrúduithe seachtracha.

(12)

Ba cheart imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí agus go háirithe leis an bPrótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus urraim á tabhairt, ag an am céanna, do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (9) ón gComhairle ("na Rialacháin Foirne"), agus do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, agus urramú iomlán á thabhairt do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, go háirithe do phrionsabal na cothroime, do chearta na ndaoine lena mbaineann a gcuid tuairimí a nochtadh maidir leis na firicí a bhaineann leo agus don phrionsabal faoinar féidir an méid a bhaintear de thátal as imscrúdú a bhunú ar na gnéithe de a mbaineann fianaise leo agus ar an mbun sin amháin. Chuige sin, ba cheart do na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí na téarmaí agus na coinníollacha a leagan síos, ar téarmaí agus coinníollacha iad faoina ndéanfar na himscrúduithe inmheánacha.

(13)

Ní féidir imscrúduithe inmheánacha a dhéanamh ach amháin i gcás go ráthaítear rochtain don Oifig ar áitribh uile na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus rochtain ar an bhfaisnéis uile atá acu agus ar na doiciméid uile atá acu.

(14)

Ba cheart measúnú a dhéanamh go pras ar chruinneas na faisnéise a chuirtear chuig an Oifig maidir lena sainordú. Chuige sin, ba cheart go mbeadh rochtain ag an Oifig, roimh di imscrúdú a oscailt, ar aon fhaisnéis ábhartha atá i mbunachair shonraí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí sa chás go bhfuil an méid sin fíor-riachtanach le haghaidh measúnú a dhéanamh, ar bhonn fírice, ar na líomhaintí uile.

(15)

Ba cheart a chur de cheangal cruinn ar an Oifig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a chur ar an eolas faoi imscrúduithe atá ar siúl i gcás ina mbaineann an t-ábhar atá faoi imscrúdú le hoifigeach, le seirbhíseach eile, le comhalta institiúide nó comhlachta, ceann oifige nó gníomhaireachta, nó comhalta foirne nó nuair a fhéadfaidh gá a bheith le bearta réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(16)

Ba cheart rialacha soiléire a leagan síos lena ndaingneofar an tosaíocht atá ag an Oifig maidir le himscrúduithe inmheánacha a dhéanamh ar ábhair lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais, ar rialacha iad lena gcuirfear ar chumas institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí imscrúduithe den chineál sin a dhéanamh go tapa i gcásanna ina chinneann an Oifig gan idirghabháil a dhéanamh.

(17)

D'fhonn neamhspleáchas na hOifige agus na cúraimí a thugtar di faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aici a áirithiú, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag Ard-Stiúrthóir na hOifige imscrúdú a oscailt ar a thionscnamh féin. I gcás ina bhfuil imscrúdú ar siúl ag an Oifig, níor cheart do na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí is ábhartha imscrúdú a dhéanamh maidir leis na firicí céanna go comhuaineach, ach amháin i gcás go gcomhaontaítear a mhalairt leis an Oifig.

(18)

Ba cheart go ndéanfaí imscrúduithe faoi údarás an Ard-Stiúrthóra agus go mbeidís iomlán neamhspleách ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, agus ar an gCoiste Maoirseachta. Chuige sin, ba cheart go mbeadh an tArd-Stiúrthóir in ann treoirlínte a ghlacadh maidir le nósanna imeachta imscrúduithe le haghaidh foireann na hOifige. Ba cheart go soláthrófaí leis na treoirlínte sin treoir phrataiciúil d'fhoireann na hOifige maidir leis na himscrúduithe a dhéanamh agus le ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta nós imeachta na ndaoine nó na bhfinnéithe lena mbaineann, agus sonraí maidir leis na nósanna imeachta inmheánacha comhairleacha agus rialaithe atá le leanúint, lena n-áirítear seiceáil dlithiúlachta. Ba cheart go mbeadh na treoirlínte sin ar fáil don phobal ar láithreán gréasáin na hOifige d'fhonn trédhearcacht níos fearr a sholáthar maidir le himscrúduithe a sheoladh. Níor cheart go gcruthófaí, leis na treoirlínte sin, aon chearta nó oibleagáidí a thagann faoin Rialachán seo, ná go n-athrófaí iad.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 21 de na Rialacháin Foirne, ba cheart d'fhoireann na hOifige na himscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le nósanna imeachta imscrúdaithe agus ar bhonn treoracha aonair a thugann an tArd-Stiúrthóir maidir le cásanna sonracha.

(20)

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, ba cheart d'fhoireann na hOifige a gcuid cúraimí imscrúdaithe a dhéanamh ar bhealach iomlán neamhspleách agus ba cheart dóibh coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Má bhaineann imscrúdú le hábhar a bhfuil aon bhaint phearsanta aige le baill foirne na hOifige, ar baint í lena bhféadfaí a gcuid neamhspleáchais a lagú, nó lena bhféadfaí a thabhairt le fios go lagaítear an neamhspleáchas sin, go háirithe má tá baint ag na baill foirne sin, nó má bhí, i gcáil eile, leis an ábhar atá faoi imscrúdú, ba cheart dóibh an tArd-Stiúrthóir a chur ar an eolas faoi láithreach bonn.

(21)

Tá rialacha ar leith, go páirteach, le leanúint maidir le himscrúduithe seachtracha agus inmheánacha a dhéanann an Oifig. Ba cheart ligean don Oifig, áfach, nuair is gá sin a dhéanamh, gnéithe imscrúdaithe inmheánaigh agus gnéithe imscrúdaithe sheachtraigh a chomhcheangal in aon imscrúdú aonair, gan iallach a bheith uirthi dhá imscrúdú ar leith a oscailt.

(22)

Is gá, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, na ráthaíochtaí nós imeachta is infheidhme a shoiléiriú maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig, agus cineál riaracháin na n-imscrúduithe á chur san áireamh.

(23)

Ba cheart na ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann agus na bfinnéithe a urramú gan idirdhealú gach uair agus ag gach céim d'imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha araon, go háirithe nuair a sholáthraítear faisnéis faoi imscrúduithe leanúnacha. Maidir le haon fhaisnéis a sholáthar a bhaineann le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún nó don Chúirt Iniúchóirí, bíodh sin go déthaobhach nó mar chuid de mhalartú tuairimí, ba cheart go n-urramófaí leis an soláthar sin rúndacht na n-imscrúduithe, cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann agus, nuair is infheidhme, na forálacha náisiúnta lena rialaítear imeachtaí breithiúnacha. Ba cheart déileáil le faisnéis a tharchuirtear nó a fhaightear le linn imscrúduithe ar bhealach atá i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart go rialófaí malartuithe faisnéise le prionsabal na coimhdeachta agus leis an bprionsabal i ndáil le bonn riachtanais.

(24)

D'fhonn cosaint cearta leithleacha daoine atá faoi imscrúdú a neartú, níor cheart teacht ar chonclúidí ina ndéanfar tagairt do dhuine lena mbaineann, faoina ainm, ag céim dheiridh imscrúdaithe, gan deis a thabhairt don duine sin a thuairimí a thabhairt ar fhíricí a bhaineann leis.

(25)

Ba cheart don Ard-Stiúrthóir a áirithiú go n-urramaítear, le haon fhaisnéis a sholáthraítear don phobal, cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann.

(26)

Ba cheart don Oifig agus do na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu leis an imscrúdú saoirse cainte a chosaint, i gcomhréir le Cairt Um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus le foinsí iriseoireachta.

(27)

Ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar an Ard-Stiúrthóir cosaint sonraí pearsanta a áirithiú mar aon le hurraim do rúndacht na faisnéise a chruinnítear le linn imscrúduithe. Ba cheart a áirithiú do sheirbhísigh eile an Aontais go mbeidh cosaint dlí acu a beidh comhionann leis an gcosaint dá bhforáiltear leis na Rialacháin Foirne.

(28)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear san áireamh toradh na n-imscrúduithe a dhéanann foireann na hOifige agus go ndéanfar an ghníomhaíocht leantach riachtanach, ba cheart go mbeadh stádas fianaise inghlactha ag na tuarascálacha in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha. Chuige sin, ba cheart na tuarascálacha sin a tharraingt suas ar bhealach a bheidh comhoiriúnach leis na rialacha lena rialaítear tuarascálacha riaracháin sna Ballstáit.

(29)

I gcás go suítear go bhféadfadh imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh ar fhíricí a léirítear sa tuarascáil deiridh maidir le himscrúdú inmheánach, ba cheart an fhaisnéis uime sin a tharchur chuig údaráis náisiúnta bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart don Ard-Stiúrthóir a chur in iúl sna moltaí a ghabhfaidh leis an tuarascáil deiridh maidir le himscrúdú an bhféadfaí obair leantach níos éifeachtaí a dhéanamh, i bhfianaise chineál na bhfiricí agus scála a dtionchair tionchar airgeadais, trí na bearta inmheánacha a dhéanann an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an gníomhaireacht lena mbaineann.

(30)

Sna cásanna ina dtarchuireann an tArd-Stiúrthóir faisnéis a fhaigheann an Oifig le linn imscrúdaithe chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann, ba cheart go mbeadh tarchur na faisnéise sin gan dochar d'aicmiú dlí a dhéanann an t-údarás náisiúnta breithiúnach ina dhiaidh sin faoi cibé an bhfuil gá le himeachtaí imscrúdaitheach.

(31)

Is ar údaráis inniúla na mBallstát, na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí a bheidh sé, de réir mar a bheidh, cinneadh a dhéanamh faoin ngníomhaíocht ar cheart a dhéanamh maidir le himscrúduithe críochnaithe a dhéanfar ar bhonn na dtuarascálacha deiridh arna dtarraingt suas ag an Oifig.

(32)

Chun go gcuirfidh sí feabhas a chur ar a cuid éifeachtúlachta, ba cheart don Oifig a bheith ar an eolas faoin méid a lean ó thorthaí a himscrúduithe. Dá bhrí sin, ba cheart d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, d'údaráis inniúla na mBallstát, tuairisc a dhéanamh don Oifig, arna iarraidh sin di, faoin mbeart a rinneadh, más ann dó, ar bhonn na faisnéise a tharchuir an Oifig chucu.

(33)

I bhfianaise na dtairbhí móra a ghabhann le neart a chur leis an gcomhar idir an Oifig, Eurojust, Europol agus údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart go mbeadh an Oifig in ann socruithe riaracháin a dhéanamh leo a bhféadfaí díriú leo, go háirithe, ar chomhar praiticiúil agus malartú faisnéise a éascú maidir le cúrsaí teicniúla agus oibríochtúla, gan aon oibleagáidí breise dlíthiúla a chruthú.

(34)

Chun comhar a neartú idir an Oifig, Eurojust agus údaráis inniúla na mBallstát maidir le gníomhartha a d'fhéadfadh a bheith faoi réir imscrúdaithe choiriúla, ba cheart don Oifig Eurojust a chur ar an eolas go háirithe faoi na cásanna sin ina bhfuil amhras gur tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais agus a bhaineann le cineálacha tromchúiseacha coiriúlachta. Ba cheart go ndéanfaí tarchur na faisnéise chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, sula dtarchuireann an Oifig an fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit chuig Eurojust nó chuig Europol, i gcás go mbíonn iarratas i dteannta na faisnéise sin maidir le gníomhaíocht shonrach imscrúdaitheach choiriúil a dhéanamh.

(35)

Ba cheart malartú frithpháirteach faisnéise a eagrú ar mhaithe le comhar rathúil idir an Oifig, na hinstitiúidí, comhaltaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, údaráis inniúla na mBallstát, údaráis inniúla i dtríú tíortha agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart go n-urramófaí sa mhalartú sin faisnéise, na prionsabail rúndachta agus na rialacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (10). Ba cheart don Oifig a dheimhniú go háirithe go bhfuil an inniúlacht iomchuí ag faighteoir na faisnéise agus go bhfuil traschur na faisnéise riachtanach. Ba cheart go mbeadh malartuithe faisnéise le Eurojust cumhdaithe le sainordú Eurojust, sainordú lena gcuimsítear comhordú a dhéanamh i gcásanna tromchúiseacha trasnáisiúnta coireachta.

(36)

I bhfianaise scála na gcistí ón Aontas a leithdháiltear ar earnáil na cabhrach seachtraí, líon na n-imscrúduithe a dhéanann an Oifig san earnáil sin agus comhair idirnáisiúnta a bheith ann chun críocha imscrúduithe, ba cheart go bhféadfadh an Oifig, i gcás inarb iomchuí i gcomhordú le seirbhísí inniúla eile, agus a cúraimí á fheidhmiú aici, trí shocruithe riaracháin, cúnamh praiticiúil a iarraidh ó na húdaráis inniúla i dtríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta gan aon oibligeáidí breise dlíthiúla a chruthú.

(37)

Ba cheart go mbeadh an Oifig neamhspléach i gcomhlíonadh a feidhmeanna. Le go gcuirfí neart leis an neamhspleáchas sin, ba cheart go mbeadh an Oifig faoi réir faireacháin rialta maidir lena feidhmeanna imscrúdaitheacha a dhéanann Coiste Maoirseachta ar a mbeidh daoine neamhspleácha ón taobh amuigh a bhfuil ardcháilíocht acu i réimsí gníomhaíochta na hOifige. Níor cheart don Choiste Maoirseachta cur isteach ar chur i gcrích imscrúduithe leanúnacha. Ba cheart go n-áireofaí freisin ar chúraimí an Choiste cabhair a thabhairt don Ard-Stiúrthóir i gcomhlíonadh a chuid freagrachtaí.

(38)

Is iomchuí go sonrófaí na critéir agus an nós imeachta le haghaidh comhaltaí an Choiste Maoirseachta a cheapadh agus go sonrófaí tuilleadh na cúraimí sin de chuid an Choiste Maoirseachta a eascraíonn óna shainordú.

(39)

Ba cheart liosta ionadaithe a tharraingt suas ar a saineofar iarrthóirí a bhféadfadh ionadaíocht a dhéanamh ar chomhaltaí an Choiste Mhaoirseachta ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige i gcás go n-éiríonn duine amháin nó níos mó de na comhaltaí as, i gcás bás comhalta nó comhaltaí nó i gcás ar shlí eile nach féidir le duine amháin nó níos mó de na comhaltaí na dualgais a dhéanamh a thuilleadh.

(40)

Chun a áirithiú go mbeidh an Coiste Maoirseachta in ann a mhisean a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil, ba cheart don Oifig feidhmiú neamhspleách a hardrúnaíochta a ráthú.

(41)

Ba cheart go mbeadh malartú tuairimí idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún uair amháin sa bhliain. Leis an malartú tuairimí sin ba cheart go gcumhdófaí inter alia na tosaíochtaí straitéiseacha i ndáil le beartais imscrúdaithe agus le héifeachtacht obair na hOifige maidir le feidhmíocht a sainordú, ach iad sin a chumhdach gan cur isteach ar aon bhealach ar neamhspleáchas na hOifige agus imscrúduithe á ndéanamh aici. Ba cheart go ndéanfaí an t-ullmhúchán do mhalartú na dtuairimí ar an leibhéal teicniúil agus ba cheart go n-áireofaí leis cruinniú ullmhúcháin idir seirbhísí ábhartha na n-institiúidí lena mbaineann, a mhéid a mbeadh gá leis sin. Agus éifeachtacht obair na hOifige á plé ag na hinstitiúidí atá páirteach sa mhalartú tuairimí maidir le feidhmiú shainordú na hOifige, ba cheart go mbeidís in ann díriú ar fhaisnéis staidrimh maidir leis an méid a lean ó imscrúduithe na hOifige agus ón bhfaisnéis a tharchuir an Oifig.

(42)

Chun neamhspleáchas iomlán a áirithiú maidir le reáchtáil na hOifige, ba cheart a hArd-Stiúrthóir a cheapadh ar feadh téarma seacht mbliana nach féidir a athnuachan.

(43)

Tá feidhm Ard-Stiúrthóra na hOifige thar a bheith tábhachtach freisin ó thaobh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún an tacaíocht agus an t-aitheantas is fearr is féidir a thabhairt don duine a cheaptar mar Ard-Stiúrthóir. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a bheith ar comhaigne le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle i gcreat an nós imeachta chomhlairliúcháin.

(44)

Ba cheart glao ar iarratais a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le post an Ard-Stiúrthóra sé mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh théarma oifige an Ard-Stiúrthóra atá i seilbh oifige. Ba cheart don Choimisiún an glao ar iarratais a ullmhú ar bhonn thoradh dlúth-chomhairliúchán le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Ba cheart na critéir roghnúcháin a shonrú inti, lena n-áirítear na ceanglais nach mór do na hiarrthóirí a chomhlíonadh chun a bheith incháilithe don phost.

(45)

Ba cheart don Ard-Stiúrthóir an Coiste Maoirseachta a chur ar an eolas go tráthrialta maidir leis na cásanna sin a mbeidh faisnéis fúthu traschurtha chuig údaráis bhreithiúnacha na mBallstát agus maidir le líon iomlán chásanna na Oifige a raibh na húdaráis bhreithiúnacha chéanna ag plé leo sna Ballstáit i dtrácht, ar eolas é a leanfaidh ó imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig.

(46)

Is léir ó thaithí sa chleachtas oibríochtúil gurbh fhóinteach cead a thabhairt don Ard-Stiúrthóir feidhmiú cuid áirithe dá fheidhmeanna a tharmligean chuig duine amháin nó níos de chomhalta fhoireann na hOifige.

(47)

Ba cheart don Ard-Stiúrthóir meicníocht inmheánach chomhairleach agus rialaithe a chur ar bun, lena n-áirítear seiceáil dlíthiúlachta, a mbeidh tagairt ar leith inti don oibligeáid na ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann agus dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann a urramú.

(48)

Chun neamhspleáchas na hOifige a áirithiú, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le tarmligean iomchuí chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an Ard-Stiúrthóir.

(49)

Níl sé i gceist leis an Rialachán seo cumhachtaí agus freagrachtaí na mBallstát a laghdú maidir le bearta a ghlacadh chun calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Agus cúram á chur ar Oifig neamhspleách imscrúduithe inmheánacha riaracháin a dhéanamh sa réimse sin, comhlíontar dá réir sin prionsabal na coimhdeachta ina iomláine, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach d'fhonn dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(50)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcás go mbunaítear Oifig Ionchúisitheora Phoiblí don Eoraip.

(51)

Urramaítear cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus comhlíontar leis, go háirithe, na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(52)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) 45/2001 agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2011 (11).

(53)

I bhfianaise an líon shubstaintiúil leasuithe is gá, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(54)

De bhun Airteagal 106a (1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA), lena leathnaítear cur i bhfeidhm Airteagal 325 CFAE chuig an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom), ba cheart go mbeadh an fheidhm chéanna ar an Aontas agus ar Euratom ag na rialacha lena rialaítear na himscrúduithe a dhéanann an Oifig. De bhun Airteagal 106a (2) CEFA„ ní foláir go nglacfaí le tagairtí a dhéantar don Aontas in Airteagal 325 CFAE mar thagairtí do Euratom agus go n-áireofaí tagairtí a dhéantar don Aontas sa Rialachán seo, dá bhrí sin, sin, i dtagairtí do Euratom, i gcás comhthéacs lena n-éilítear sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-aisghairfí Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF (12)),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí agus cúraimí

1.   Chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairtear "an tAontas" i dteannta a chéile anseo feasta i gcás comhthéacs lena n-éilítear sin), feidhmeoidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ("an Oifig") na cumhachtaí imscrúdaithe a thugtar don Choimisiún leis an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhartha Aontais is ábhartha; agus

(b)

na comhaontuithe ábhartha comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh a rinne an tAontas le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Tabharfaidh an Oifig cúnamh ón gCoimisiún do na Ballstáit agus dlúthchomhar rialta á eagrú acu idir a n-údaráis inniúla d'fhonn a ngníomhaíochtaí a chomhordú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcoinne calaoise. Rannchuideoidh an Oifig le modhanna a cheapadh agus a fhorbairt chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Maidir le taithí oibríochtúil agus an cleachtas nós imeachta is fearr a chomhroinnt sa réimse sin a bhaineann le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanfaidh an Oifig iad sin a chur chun cinn agus a chomhordú leis na Ballstáit agus i measc na mBallstát, agus tabharfaidh sí tacaíocht do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha frith-chalaoise a dhéanann Ballstáit ar bhonn deonach.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)

rótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(b)

Fheisirí Pharlaimint na hEorpa;

(c)

na Rialacháin Foirne;

(d)

(CE) Uimh. 45/2001.

4.   Laistigh de na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bunaíodh leis na Conarthaí nó ar bhonn na gConarthaí ("institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí"), déanfaidh an Oifig imscrúduithe riaracháin chun críche calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Chun na críche sin, imscrúdóidh sí ábhair thromchúiseacha a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh sa dóigh go bhfuil faillí déanta in oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais agus ar faillí í a d'fhéadfadh imeachtaí araíonachta nó, de réir mar a bheidh, imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh uirthi, nó sa dóigh go bhfuil mainneachtain choibhéiseach déanta in oibleagáidí a chomhlíonadh ag comhaltaí institiúidí agus comhlachtaí, ag cinn oifigí agus gníomhaireachtaí nó ag comhaltaí foirne institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí nach bhfuil faoi réir na Rialachán Foirne (dá ngairtear le chéile "oifigigh, seirbhísigh eile, comhalta institiúidí nó comhlachtaí, cinn oifige nó gníomhaireachtaí, nó comhaltaí foirne" anseo feasta).

5.   Maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí socruithe riaracháin a bhunú leis an Oifig. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh na socruithe riaracháin sin go háirithe le faisnéis a tharchur agus le himscrúduithe a dhéanamh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

áireofar ar "leasanna airgeadais an Aontais" ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear le buiséad an Aontais Eorpaigh agus iad siúd a chumhdaítear le buiséid na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus na buiséid a ndéanann siad bainistiú agus faireachán orthu;

(2)

ciallóidh "neamhrialtacht""neamhrialtacht" mar a shainítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 é;

(3)

is í an chiall a thugtar do na focail "calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais" i ngníomhartha ábhartha an Aontais an chiall a bheidh ag na focail sin;

(4)

ciallóidh "imscrúduithe riaracháin" ("imscrúduithe") aon chigireacht, aon seiceáil nó aon bheart eile a dhéanann an Oifig, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4, d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal l a bhaint amach agus d'fhonn cineál neamhrialta na ngníomhaíochtaí atá faoi imscrúdú a shuí, nuair is gá sin; ní dhéanfar aon difear leis na himscrúduithe sin do chumhachtaí údarás inniúla na mBallstát maidir le himeachtaí coiriúla a thionscnamh.

(5)

ciallóidh "duine lena mbaineann" aon duine nó aon oibritheoir eacnamaíoch a bhfuil amhras ann go ndearna sé calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais, ar duine nó oibritheoir é a bheadh faoi réir imscrúdaithe arna dhéanamh ag an Oifig dá bhrí sin;

(6)

is í an chiall a thugtar don téarma "oibreoir eacnamaíoch" le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 an chiall a bheidh aige;

(7)

ciallóidh "socruithe riaracháin" socruithe de chineál teicniúil agus/nó oibríochtúil, a chuireann an Oifig i gcrích, lena bhféadfaí díriú go háirithe ar éascú an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir na páirtithe lena mbaineann, agus ar socruithe iad nach gcruthaítear oibleagáidí breise dlíthiúla leo.

Airteagal 3

Imscrúduithe seachtracha

1.   Feidhmeoidh an Oifig na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 chun seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh agus aon ionstraim dlí eile atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitribh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Mar chuid dá feidhm imscrúdaitheach, déanfaidh an Oifig na seiceálacha agus na cigireachtaí sna Ballstáit, ar seiceálacha agus cigireachtaí iad dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus sna rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán sin, agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh agus aon ionstraim dlí eile atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitribh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   D'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar dochar do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó le cinneadh nó conradh a bhaineann le maoiniú ón Aontas, féadfaidh an Oifig, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha.

3.   Le linn chur i gcrích na seiceálacha agus na gcigireachtaí ar an láthair, gníomhóidh foireann na hOifige, faoi réir dhlí an Aontais is infheidhme, i gcomhréir le rialacha agus cleachtais an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Arna iarraidh sin ag an Oifig, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá ar fáil d'fhoireann na hOifige chun a cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach, de réir mar a shonraítear san údarú scríofa dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Maidir leis an gcúnamh sin, má tá gá le húdarú ó údarás breithiúnach i gcomhréir le rialacha náisiúnta, cuirfear isteach iarratas ar an údarú sin.

Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, go gceadaítear rochtain d'fhoireann na hOifige ar gach faisnéis agus gach doiciméad a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú agus atá riachtanach chun na seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheoidh siad go gcuirtear an rochtain sin ar fáil faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna is atá ag a n-údaráis inniúla agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, saineoidh na Ballstáit seirbhís ("an tseirbhís chomhordaithe frith-chalaoise") chun go n-éascófaí comhar éifeachtach agus malartú faisnéise leis an Oifig, lena n-áirítear faisnéis de chineál oibríochtúil. Féadfar an tseirbhís chomhordaithe frith-chalaoise a mheas, i gcás inarb iomchuí, mar údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo.

5.   Le linn imscrúdaithe sheachtraigh, féadfaidh an Oifig rochtain a bheith aici ar aon fhaisnéis ábhartha atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu leis an ábhar atá faoi imscrúdú, lena n-áirítear faisnéis atá i mbunachair shonraí, i gcás ina bhfuil gá leis d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (4) chun na críche sin.

6.   I gcás go bhfuil faisnéis á láimhseáil ag an Oifig sula bhfuil cinneadh déanta faoina n-osclófar imscrúdú seachtrach agus go dtugtar le fios leis an bhfaisnéis sin go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Oifig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas, agus, i gcás ina bhfuil gá leis, seirbhísí inniúla an Choimisiúin.

Gan dochar do na rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann go ndéanfar beart iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar beart é ar féidir leis an Oifig a bheith páirteach ann. Arna iarraidh sin, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoin mbeart a rinneadh agus faoi na torthaí ar a tháinig siad ar bhonn na faisnéise amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 4

Imscrúduithe inmheánacha

1.   Maidir leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Oifig imscrúduithe inmheánacha laistigh de na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ("imscrúduithe inmheánacha").

Déanfar na himscrúduithe inmheánacha sin de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna cinntí a ghlacann an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann.

2.   Ar choinníoll go gcomhlíonfar na forálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

beidh sé de cheart ag an Oifig rochtain láithreach, gan fógra, a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha atá ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, lena n-áirítear faisnéis a bheidh i mbunachair shonraí, agus ar áitribh na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí sin. Déanfar an Oifig a chumhachtú chun cigireacht a dhéanamh ar chuntais na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí. Féadfaidh an Oifig cóip a dhéanamh d'aon doiciméad nó den mhéid a bheidh in aon mheán sonraí a bheidh ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, agus féadfaidh sí sleachta díobh a fháil, agus, más gá, féadfaidh sí na doiciméid nó na sonraí sin a choimeád ina seilbh chun a áirithiú nach mbeidh an baol ann go rachaidh siad ar iarraidh;

(b)

féadfaidh an Oifig faisnéis ó bhéal, lena n-áirítear trí agallaimh, agus faisnéis i scríbhinn a iarraidh ar oifigigh, sheirbhísigh eile, chomhalta institiúidí nó comhlachtaí, chinn oifige nó gníomhaireachtaí, nó chomhaltaí foirne.

3.   I gcomhréir leis na forálacha agus leis na nósanna imeachta atá leagtha síos le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitribh oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú inmheánach.

4.   Cuirfear na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ar an eolas aon uair a dhéanann foireann na hOifige imscrúdú inmheánach ar a n-áitribh nó aon uair a bhreathnaíonn sí ar dhoiciméad nó a iarrann sí faisnéis atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí. Gan dochar d'Airteagal 10 ná d’Airteagal 11, féadfaidh an Oifig an fhaisnéis arna fáil le linn imscrúduithe inmheánacha a chur ar aghaidh tráth ar bith chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann.

5.   Cuirfidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm agus déanfaidh siad gach beart is gá chun rúndacht na n-imscrúduithe a áirithiú ag gach céim.

6.   I gcás inar léir ó imscrúduithe inmheánacha go bhféadfadh oifigeach, seirbhíseach eile, comhalta institiúide nó comhlachta, ceann oifige nó gníomhaireachta, nó comhalta foirne nó comhalta foirne a bheith ina dhuine nó ina duine lena mbaineann, cuirfear an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann an comhalta nó an comhalta foirne sin ar an eolas.

I gcásanna nach féidir rúndacht an imscrúdaithe inmheánaigh a áirithiú nuair a bhaintear feidhm as na gnáth-bhealaí cumarsáide, bainfidh an Oifig feidhm as bealaí iomchuí malartacha chun an fhaisnéis a thraschur.

I gcásanna eisceachtúla, féadfar cur ar fáil na faisnéise sin a chur siar ar bhonn cinnidh réasúnaithe a dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir, ar cinneadh é a tharchuirfear chuig an gCoiste Maoirseachta nuair a chuirfear deireadh leis an imscrúdú.

7.   Maidir leis an gcinneadh atá le glacadh ag gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de réir mar a fhoráiltear dó i mír 1, áireofar go háirithe ann riail maidir le dualgas ar oifigigh, sheirbhísigh eile, chomhaltaí institiúide nó comhlachta, cheann oifige nó gníomhaireachta, nó chomhalta foirne nó ar chomhaltaí foirne dul i gcomhar leis an Oifig agus faisnéis a sholáthar di, agus rúndacht an imscrúdaithe inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna.

8.   I gcás go bhfuil faisnéis á láimhseáil ag an Oifig sula bhfuil cinneadh déanta faoin cibé acu an n-osclófar nó nach n-osclófar imscrúdú inmheánach agus go dtugtar le fios leis an bhfaisnéis sin go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar dochar do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Oifig an institiúid, comhlacht oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann a chur ar an eolas. Arna iarraidh sin, cuirfidh an institiúid, comhlacht oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoi aon bheart a rinneadh agus faoi na torthaí ar a tháinig siad ar bhonn faisnéis den sórt sin.

I gcás inar gá, déanfaidh an Oifig údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar an eolas freisin. Sa chás sin, beidh feidhm ag na ceanglais nós imeachta a leagtar síos sa dara agus sa tríú fomhír d'Airteagal 9(4). Má chinneann na húdaráis inniúla aon bheart a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a tharchuirtear chucu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, arna iarraidh sin di, cuirfidh siad an Oifig ar an eolas i dtaobh na faisnéise sin.

Airteagal 5

Imscrúduithe a oscailt

1.   Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir imscrúdú a oscailt má tá leoramhras ann, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh aon tríú páirtí ar fáil nó ar fhaisnéis a chuirfidh foinse anaithnid ar fáil, go ndearnadh calaois nó éilliú nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Agus cinneadh á dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóir maidir le cibé acu imscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt, cuirfear san áireamh tosaíochtaí beartais an imscrúdaithe agus plean bliantúil bainistíochta na hOifige a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17(5). Agus an cinneadh sin á dhéanamh cuirfear san áireamh freisin an gá atá le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní na hOifige agus le comhréireacht sa dóigh a n-úsáidtear iad. Maidir le himscrúduithe inmheánacha, tabharfar aird ar leith ar an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht is fearr atá ann chun na himscrúduithe sin a dhéanamh agus bunófar an rogha sin ar na nithe seo a leanas go háirithe; nádúr na bhfíoras, tionchar airgeadais iarbhír an cháis nó an tionchar féideartha airgeadais, agus ionchas aon staidéir bhreithiúnaigh leantaigh.

2.   Is é an tArd-Stiúrthóir a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscrúdú seachtrach a oscailt, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát lena mbaineann nó ó aon institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht de chuid an Aontais.

Is é an tArd-Stiúrthóir a ghlacfaidh an cinneadh maidir le himscrúdú inmheánach a oscailt, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ina ndéanfar an t-imscrúdú nó ó Bhallstáit.

3.   Fad atá an tArd-Stiúrthóir ag meas cibé acu an ndéanfar imscrúdú inmheánach a oscailt nó nach ndéanfar tar éis iarrata dá dtagraítear i mír 2, agus/nó fad atá imscrúdú inmheánach á dhéanamh ag an Oifig, ní osclóidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann imscrúdú comhuaineach ar bhonn na bhfíoras céanna, mura gcomhaontaítear a mhalairt leis an Oifig.

4.   Laistigh de dhá mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil ag an Oifig, déanfar cinneadh maidir le himscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt. Cuirfear é sin in iúl don Bhallstát, institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht a rinne an iarraidh gan mhoill. Tabharfar cúiseanna leis an gcinneadh gan imscrúdú a oscailt. Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse dhá mhí sin, nach bhfuil aon chinneadh glactha ag an Oifig, measfar go bhfuil cinneadh déanta ag an Oifig gan imscrúdú a oscailt.

I gcás ina soláthraíonn oifigeach, seirbhíseach eile, comhalta institiúide nó comhlachta, ceann oifige nó gníomhaireachta, nó comhalta foirne faisnéis don Oifig, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 22a de na Rialacháin Foirne, ar faisnéis í a bhaineann le calaois nó neamhrialtacht amhrasta, cuirfidh an Oifig an duine sin ar an eolas faoin gcinneadh maidir le himscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt ar bhonn na bhfíoras i gceist.

5.   Má chinneann an tArd-Stiúrthóir nach n-osclóidh sí imscrúdú inmheánach, cuirfidh sé aon fhaisnéis ábhartha chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann gan mhoill le go ndéanfar beart iomchuí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme i leith na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta sin. Tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht sin. i gcásanna iomchuí, maidir le bearta oiriúnacha chun rúndacht fhoinse na faisnéise sin a chosaint agus iarrfaidh sí, más gá, go gcuirfear ar an eolas í faoin mbeart a rinneadh.

6.   Má chinneann an tArd-Stiúrthóir nach n-osclóidh sí imscrúdú seachtrach, féadfaidh sé aon fhaisnéis ábhartha a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann gan mhoill le go ndéanfar beart iomchuí i gcomhréir lena rialacha náisiúnta. Cuirfidh an Oifig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas freisin, nuair is gá.

Airteagal 6

Rochtain ar fhaisnéis i mbunachair shonraí sula ndéantar imscrúdú a oscailt

1.   Sula ndéanfar imscrúdú a oscailt, beidh ceart rochtana ag an Oifig ar aon fhaisnéis ábhartha a bheidh i mbunachair shonraí ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí nuair nach féidir déanamh dá uireasa chun bunús na líomhaintí a mheasúnú i bhfíorais. Feidhmeofar an ceart rochtana sin laistigh den teorainn ama, a leagfaidh an Oifig síos, a éilítear chun measúnú pras a dhéanamh ar na líomhaintí. Agus an ceart rochtana sin á fheidhmiú, urramóidh an Oifig prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta.

2.   Comhoibreoidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ar bhealach fírinneach trí chead a thabhairt don Oifig aon fhaisnéis ábhartha a fháil faoi choinníollacha a shonrófar sna cinntí a glacadh faoi Airteagal 4(1).

Airteagal 7

Nós imeachta Imscrúduithe

1.   Is é an tArd-Stiúrthóir a stiúrfaidh seoladh na n-imscrúduithe ar bhonn, i gcás inarb iomchuí, treoracha i scríbhinn. Seolfaidh foireann na hOifige a cheapfaidh sé féin imscrúduithe ag gníomhú di faoi threoir an Ard-Stiúrthóra.

2.   Cuirfidh foireann na hOifige a gcuid cúraimí i gcrích ar thaispeáint údarú i scríbhinn lena sonrófar a céannacht agus a cáil. Eiseoidh an tArd-Stiúrthóir an t-údarú sin agus sonrófar ann ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na bunúis dlí atá le seoladh an imscrúdaithe agus na cumhachtaí imscrúdaitheacha a eascraíonn ó na bunúis sin.

3.   Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, an cúnamh is gá chun go mbeidh foireann na hOifige in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach.

Áiritheoidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí go dtugann n-oifigigh, a seirbhísigh eile, a gcomhaltaí eile, a gceannasaithe eile agus a gcomhaltaí foirne an cúnamh is gá d'fhoireann na hOifige ionas go bhféadfaidh sí a cúraimí a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 4 faoi seach i gcás ina mbainfidh gnéithe seachtracha agus inmheánacha le himscrúdú.

5.   Seolfar imscrúduithe go leanúnach thar tréimhse nach mór di bheith i gcomhréir le cúinsí agus le castacht an cháis.

6.   I gcás inar léir ó imscrúduithe go bhféadfadh sé gurb iomchuí bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, cuirfidh an Oifig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas faoin imscrúdú atá ar siúl gan mhoill. Beidh na nithe seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar:

(a)

céannacht an oifigigh, an seirbhísigh eile, an chomhalta institiúide nó chomhlachta, an chinn oifige nó gníomhaireachta, nó an chomhalta foirne lena mbaineann agus achoimre ar na fíorais atá i gceist;

(b)

aon fhaisnéis a d'fhéadfadh cuidiú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann agus cinneadh á dhéanamh an iomchuí bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(c)

aon bhearta speisialta a mholtar i dtaobh rúndachta go háirithe i gcás ina n-úsáidtear bearta imscrúdaitheacha a thagann faoi inniúlacht údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh nó, i gcás imscrúdaithe sheachtraigh, bearta a thagann faoi inniúlacht údaráis náisiúnta, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le himscrúduithe.

Féadfaidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann ag tráth ar bith, i ndlúthchomhar leis an Oifig, aon bhearta iomchuí réamhchúraim a ghlacadh, lena n-áirítear bearta chun fianaise a chosaint, agus cuirfidh sé/sí an Oifig ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin gan mhoill.

7.   I gcás inarb iomchuí, is faoi údaráis inniúla na mBallstát a bheidh sé, ar iarraidh ón Oifig, na bearta iomchuí réamhchúraim a ghlacadh faoina ndlí náisiúnta, go háirithe bearta chun fianaise a chosaint.

8.   Mura bhféadfar imscrúdú a dhúnadh laistigh de 12 mí tar éis é a oscailt, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, ar dhul in éag don tréimhse 12 mí sin agus gach sé mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil a thabhairt don Choiste Maoirseachta, ina léireofar na cúiseanna agus na bearta feabhais a bheartaítear d'fhonn dlús a chur leis an imscrúdú.

Airteagal 8

An dualgas maidir leis an Oifig a chur ar an eolas

1.   Déanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí aon fhaisnéis a bhaineann le cásanna féideartha calaoise nó éillithe nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chur ar aghaidh chuig an Oifig gan mhoill.

2.   Maidir leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, agus, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, údaráis inniúla na mBallstát, déanfaidh siad aon doiciméad nó faisnéis atá acu a bhaineann le himscrúdú reatha de chuid na hOifige a chur ar aghaidh, ar iarraidh ón Oifig nó ar a dtionscnamh féin.

3.   Déanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, agus, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, údaráis inniúla na mBallstát, aon doiciméad nó faisnéis eile atá acu a chur chuig an Oifig freisin, ar doiciméad é nó ar faisnéis í a mheastar a bheith ábhartha agus a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

Airteagal 9

Ráthaíochtaí nós imeachta

1.   Agus imscrúduithe á ndéanamh ag an Oifig, iarrfaidh sí fianaise ar son an duine lena mbaineann agus ina aghaidh. Déanfar imscrúduithe ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta agus i gcomhréir leis an bprionsabal i leith thoimde na neamhchiontachta agus leis na ráthaíochtaí nós imeachta atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Féadfaidh an Oifig agallamh a chur ar an duine lena mbaineann nó ar fhinné aon tráth le linn imscrúdaithe. Beidh sé de cheart ag aon duine a chuirfear faoi agallamh féin-ionchoiriú a sheachaint.

Tabharfar fógra 10 lá oibre ar a laghad nuair a chuirfear an cuireadh chun agallaimh chuig an duine lena mbaineann. Féadfar an tréimhse fógra a ghairidiú le toiliú sainráite an duine lena mbaineann nó ar fhorais phráinne chuí-réasúnaithe a bhaineann leis an imscrúdú. Sa chás deiridh ní bheidh an tréimhse fógra níos lú ná 24 uair an chloig. Áireofar ar an gcuireadh liosta de chearta an duine lena mbaineann, go háirithe an ceart tacaíocht a fháil ó dhuine a roghnóidh sé.

Cuirfear an cuireadh chun agallaimh chuig finné agus beidh fógra 24 uair an chloig ar a laghad ag gabháil leis. Féadfar an tréimhse fógra a ghairidiú le toiliú sainráite an fhinné nó ar fhorais phráinne chuí-réasúnaithe a bhaineann leis an imscrúdú.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le ráitis a ghlacadh i gcomhthéacs seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí.

I gcás ina dtagann fianaise chun cinn, le linn an agallaimh, go bhféadfaí gur duine lena mbaineann a bheidh san fhinné, cuirfear críoch leis an agallamh. Beidh feidhm ag na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear sa mhír seo agus i mír 3 agus i mír 4 láithreach. Cuirfear an finné ar an eolas láithreach bonn faoina chearta mar dhuine lena mbaineann agus gheobhaidh sé, arna iarraidh sin, cóip de thaifid aon ráitis a rinne sé san am a chuaigh thart. Ní fhéadfaidh an Oifig na ráitis a rinne an duine sin san am a chuaigh thart a úsáid ina éadán gan deis a thabhairt dó a thuairim maidir leis na ráitis sin a nochtadh.

Tarraingeoidh an Oifig suas taifead den agallamh agus cuirfidh sí an taifead sin ar fáil don duine a cuireadh faoi agallamh le go mbeidh sé in ann é a fhormheas nó a bharúlacha ina leith a chur leis. Tabharfaidh an Oifig cóip de thaifid an agallaimh don duine alena mbaineann.

3.   A luaithe is a léirítear le himscrúdú go bhféadfadh gur oifigeach, gur sheirbhíseach eile, gur chomhalta institiúide nó comhlachta, gur cheann oifige nó gníomhaireachta, nó gur chomhalta foirne a bheidh sa duine lena mbaineann, cuirfear an t-oifigeach, an seirbhíseach eile, an comhalta institiúide nó comhlachta, an ceann oifige nó gníomhaireachta, nó an comhalta foirne sin ar an eolas faoi sin, ar choinníoll nach ndéanfaidh sin dochar do sheoladh an imscrúdaithe nó d'aon imeachtaí imscrúdaithe a thagann faoi chúram údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh.

4.   Gan dochar d'Airteagal 4(6) agus d'Airteagal 7(6), nuair a bheidh an t-imscrúdú críochnaithe agus sula dtagtar ar thátail ina dtagraítear don duine lena mbaineann faoina ainm, tabharfar an deis don duine sin a thuairim a chur in iúl maidir leis na fíorais a bhaineann leis.

Chun na críche sin, tabharfaidh an Oifig cuireadh don duine lena mbaineann a thuairimí a chur in iúl i scríbhinn nó in agallamh le foireann a cheapfaidh an Oifig. Áireofar ar an gcuireadh sin achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an duine sin agus an fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh 45/2001, agus léireofar ann an teorainn ama chun tuairimí a chur isteach, nach mbeidh níos giorra ná 10 lá oibre ón dáta a gheofar an cuireadh tuairimí a chur in iúl. Féadfar an tréimhse fógra a ghairidiú le toiliú sainráite an duine lena mbaineann nó toisc go mbaineann cúiseanna cuí práinne leis an imscrúdú. Déanfar tagairt do thuairimí mar sin sa tuarascáil chríochnaitheach faoin imscrúdú.

I gcásanna a mbeidh údar cuí leo nach mór rúndacht imscrúdaithe a chaomhnú agus/nó ina n-úsáidtear imeachtaí imscrúdaitheacha a thagann faoi réimse freagrachtaí údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir cinneadh a dhéanamh comhlíonadh na hoibleagáide a chur siar, is é sin an oibleagáid maidir le hiarraidh ar an duine lena mbaineann a thuairimí a chur in iúl.

Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 1(2) d'Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, má mhainníonn an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireachta freagra a thabhairt laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil ón Ard-Stiúrthóir comhlíonadh na hoibleagáide a chur siar, is é sin an oibleagáid maidir le hiarraidh ar an duine lena mbaineann a thuairimí a chur in iúl, measfar gur freagra dearfach atá i gceist.

5.   Beidh aon duine a chuirfear faoi agallamh i dteideal aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a úsáid. Mar sin féin, féadfar a iarraidh ar oifigigh nó ar sheirbhísigh eile de chuid an Aontais teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais a úsáid a bhfuil eolas críochnúil acu uirthi.

Airteagal 10

Rúndacht agus cosaint sonraí

1.   Déanfar an fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh nó a fhaightear le linn na n-imscrúduithe seachtracha, is cuma cén fhoirm ina mbeidh sí, a chosaint leis na forálacha ábhartha.

2.   Aon fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh nó a fhaightear le linn imscrúduithe inmheánacha, i cibé foirm, beidh sí faoi réir rúndachta gairmiúla agus beidh an choimirce aici a thugtar leis na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais.

3.   Áiritheoidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann go n-urramaítear rúndacht na n-imscrúduithe a sheolfaidh an Oifig, mar aon le cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann, agus, i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh, áiritheofar go gcomhlíontar gach riail náisiúnta is infheidhme maidir leis na himeachtaí sin.

4.   Féadfaidh an Oifig Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

5.   Áiritheoidh an tArd-Stiúrthóir go dtugtar aon fhaisnéis don phobal ar bhealach neodrach agus neamhchlaonta, agus go n-urramaítear rúndachta na n-imscrúduithe le nochtadh na faisnéise sin agus go nochtfar an fhaisnéis i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 9(1).

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, staonfaidh foireann na hOifige ó aon nochtadh neamhúdaraithe maidir leis an bhfaisnéis a gheobhaidh sí agus a cuid dualgas á gcomhlíonadh aici ach amháin i gcás go mbeidh an fhaisnéis sin foilsithe cheana féin nó go mbeidh teacht ag an bpobal uirthi, agus leanfaidh sí de bheith faoi cheangal na hoibleagáide sin tar éis an tseirbhís a fhágáil.

Airteagal 11

Tuarascáil ar an imscrúdú agus gníomh le glacadh tar éis imscrúduithe

1.   Ar imscrúdú a bheith críochnaithe ag an Oifig, tarraingeofar suas tuarascáil, faoi údarás an Ard-Stiúrthóra. Tabharfar cuntas sa tuarascáil ar bhunús dlí an imscrúdaithe, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na fíorais a suíodh agus réamhaicmiú dlí na bhfíoras sin, an tionchar measta airgeadais a ghabhann leis an fíorais a suíodh, an urraim a thugtar do na ráthaíochtaí nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 9 agus conclúidí an imscrúdaithe.

Beidh moltaí ón Ard-Stiúrthóir ag gabháil leis an tuarascáil maidir lenar cheart beart a dhéanamh nó nár cheart. Léireofar leis na moltaí sin, i gcás inarb iomchuí, aon ghníomh araíonaíochta, riaracháin, airgeadais agus/nó breithiúnach a dhéanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, agus sonrófar go háirithe na suimeanna measta a bheidh le gnóthú, chomh maith le réamhaicmiú na bhfíoras a suíodh i ndlí.

2.   Agus tuarascálacha den sórt sin agus moltaí den sórt sin á ndréachtú, cuirfear dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh. Is fianaise inghlactha a bheidh i dtuarascálacha a dhréachtófar ar an mbonn sin in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha sa Bhallstát inar gá iad a úsáid, ar an gcaoi céanna agus faoi na coinníollacha céanna ina ndréachtaíonn cigirí náisiúnta riaracháin tuarascálacha riaracháin. Beidh siad faoi réir na rialacha meastóireachta céanna atá infheidhme i gcás tuarascálacha riaracháin a dhréachtaíonn cigirí náisiúnta riaracháin agus beidh an luach céanna i bhfianaise ag gabháil leo agus a ghabhann le tuarascálacha mar sin.

3.   Cuirfear moltaí agus tuarascálacha a tharraingítear suas tar éis imscrúdaithe sheachtraigh agus aon doiciméid úsáideacha ghaolmhara chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le himscrúduithe seachtracha agus cuirfear chuig seirbhísí inniúla an Choimisiúin iad freisin más gá.

4.   Cuirfear moltaí agus tuarascálacha a tharraingítear suas tar éis imscrúdaithe inmheánaigh agus aon doiciméid úsáideacha ghaolmhara chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann. Déanfaidh an institiúid sin, an comhlacht sin, an oifig sin nó an ghníomhaireacht sin cibé beart, go háirithe beart araíonachta nó beart dlíthiúil, is gá de réir thorthaí na n-imscrúduithe sin, agus tuairisceofar maidir leis an mbeart sin don Oifig, laistigh de theorainn ama a leagfar síos sna moltaí a ghabhann leis an tuarascáil agus, ina theannta sin, ar iarraidh ón Oifig.

5.   I gcás ina léirítear sa tuarascáil a tharraingítear suas tar éis imscrúdaithe inmheánaigh go bhfuil fíorais ann a bhféadfadh imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh orthu, déanfar an fhaisnéis sin a tharchur chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Ar iarraidh ón Oifig, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an fhaisnéis faoin mbeart a rinneadh, i gcás ina ndearnadh beart, chuig an Oifig in am trátha, nuair a chuirfidh an tArd-Stiúrthóir a mholtaí ar aghaidh i gcomhréir le mír 3, agus nuair a chuirfidh an Oifig aon fhaisnéis ar aghaidh i gcomhréir le mír 5.

7.   Gan dochar do mhír 4, mura bhfuil aon fhianaise faighte, ar imscrúdú a bheith críochnaithe, i gcoinne an duine lena mbaineann, druidfidh an tArd-Stiúrthóir an t-imscrúdú i ndáil leis an duine sin agus cuirfidh sé an duine sin ar an eolas faoi sin laistigh de 10 lá oibre.

8.   Arna iarraidh sin ag faisnéiseoir a bhfuil faisnéis tugtha aige don Oifig is cúis le nó a bhaineann le himscrúdú, féadfaidh an Oifig fógra a thabhairt don fhaisnéiseoir go bhfuil an t-imscrúdú dúnta,. Féadfaidh an Oifig iarraidh mar sin a dhiúltú, áfach, má mheasann sé go ndéanfaí dochar do leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, d'éifeachtacht an imscrúdaithe agus don bheart atá le déanamh ina dhiaidh sin nó d'aon cheanglais rúndachta.

Airteagal 12

Malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis inniúla na mBallstát

1.   Gan dochar d'Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo agus d'fhorálacha Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig faisnéis a fuarthas le linn imscrúduithe seachtracha a chur ar aghaidh in am trátha chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ionas go bhféadfaidh siad beart iomchuí a dhéanamh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

2.   Gan dochar d'Airteagal 10 agus Airteagal 11, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, le linn imscrúduithe inmheánacha, faisnéis a chur ar aghaidh chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann, ar faisnéis ón Oifig í maidir le fíorais a thagann faoi dhlínse údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh.

I gcomhréir le hAirteagal 4 agus gan dochar d'Airteagal 10 cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar aghaidh chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann, lena n-áirítear céannacht an duine lena mbaineann, achoimre ar na fíorais a suíodh, réamhaicmiú na bhfíoras sa dlí agus an tionchar a meastar a bheidh aige sin ar leasanna airgeadais an Aontais.

Beidh feidhm ag Airteagal 9(4).

3.   Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, gan dochar dá ndlí náisiúnta, an Oifig ar an eolas in am trátha, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ón Oifig, faoin mbeart a rinneadh ar bhonn na faisnéise a cuireadh chucu faoin Airteagal seo.

4.   Féadfaidh an Oifig fianaise a sholáthar in imeachtaí os comhair cúirteanna agus ná binsí náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na Rialacháin Foirne.

Airteagal 13

Comhar na hOifige le Eurojust agus Europol

1.   Comhoibreoidh an Oifig, laistigh dá sainordú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, mar is iomchuí, le Eurojust agus leis an Oifig Eorpach Póilíní (Europol). Tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú le Eurojust agus le Europol faoi shocruithe riaracháin nuair is gá chun an gcomhar sin a éascú. Féadfaidh socruithe oibre den chineál sin a bheith bainteach le malartú faisnéise oibríochtúla, straitéisí nó teicniúla, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus faisnéis rúnaicmithe agus tuarascálacha ar dhul chun cinn nuair a dhéantar iad sin a iarraidh.

Maidir le faisnéis ábhartha a tharchur chuig Eurojust, déanfaidh an Oifig amhlaidh, faoi shainordú Eurojust, i gcás ina bhféadtar tacaíocht a thabhairt do chomhordú agus comhar idir údaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh agus iad a neartú tríd an bhfaisnéis a tharchur nó i gcás ina gcuireann an Oifig faisnéis ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena luaitear na cúiseanna atá aici le bheith in amhras go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a mbeidh tionchar aici ar leasanna airgeadais an Aontais i bhfoirm coireachta tromchúisí.

2.   Cuirfidh an Oifig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas, in am trátha, i gcásanna ina gcuirfidh an Oifig an fhaisnéis a chuirfidh siad ar fáil ar aghaidh chuig Eurojust nó Europol.

Airteagal 14

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   De réir mar is iomchuí, féadfaidh an Oifig teacht ar chomhaontú freisin maidir le socruithe riaracháin le húdaráis inniúla i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Comhordóidh an Oifig a beart mar is iomchuí le seirbhísí inniúla an Choimisiúin agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí go háirithe sula dtiocfar ar chomhaontú faoi shocruithe mar sin. Féadfaidh socruithe den sórt sin a bheith bainteach le malartú faisnéise oibríochtúla, straitéisí nó teicniúla, lena n-áirítear tuarascálacha ar dhul chun cinn nuair a dhéantar iad sin a iarraidh.

2.   Cuirfidh an Oifig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas sula dtarchuirfidh sí sí faisnéis a chuir na húdaráis inniúla sin ar fáil chuig údaráis inniúla i dtríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Coimeádfaidh an Oifig taifead de gach tarchur sonraí pearsanta, lena n-áirítear na forais a bhí le tarchur den sórt sin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 15

An Coiste Maoirseachta

1.   Déanfaidh an Coiste Maoirseachta faireachán rialta ar an Oifig agus a feidhm imscrúdaitheach á cur chun feidhme aici, chun go ndéanfar neamhspleáchas na hOifige a atreisiú agus na hinniúlachtaí a bronnadh uirthi leis an Rialachán seo á bhfeidhmiú aici.

Déanfaidh an Coiste Maoirseachta faireachán ar na forbairtí a bhaineann le feidhmiú na ráthaíochtaí nós imeachta agus fad na n-imscrúduithe i bhfianaise na faisnéise a chuirfidh an tArd-Stiúrthóir ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7(8) go háirithe.

Tabharfaidh an Coiste Maoirseachta aird ar thuairimí an Ard-Stiúrthóra, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar moltaí iomchuí, maidir le inter alia na hacmhainní a mbeidh gá leo chun feidhm imscrúdaitheach na hOifige a chomhlíonadh, tosaíochtaí imscrúdaitheacha na hOifige agus fad na n-imscrúduithe. Féadfaidh sí na tuairimí sin a thabhairt ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ón Ard-Stiúrthóir nó ar iarraidh ó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht gan cur isteach, áfach, ar sheoladh aon imscrúduithe atá ar siúl.

Tabharfar cóip de na tuairimí a thugtar de bhun an tríú fomhír do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí.

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coiste Maoirseachta iarraidh ar an Oifig faisnéis bhreise a thabhairt faoi imscrúduithe, lena n-áirítear tuarascálacha agus moltaí ar imscrúduithe dúnta, gan cur isteach, áfach, ar sheoladh aon imscrúduithe atá ar siúl.

2.   Is é a bheidh sa Choiste Maoirseachta cúigear comhaltaí neamhspleácha a bhfuil taithí acu ar fheidhmeanna breithiúnacha sinsearacha nó imscrúdaitheacha nó ar fheidhmeanna inchomparáide a bhaineann le réimsí gníomhaíochta na hOifige. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iad de thoil a chéile.

Áireofar freisin leis an gcinneadh lena gceaptar comhaltaí an Choiste Maoirseachta liosta ionadaithe de chomhaltaí a d'fhéadfaí cur in ionad chomhaltaí an Choiste Mhaoirseachta go ceann a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige i gcás ina rachaidh duine amháin nó níos mó de na comhaltaí sin ar scor, i gcás ina bhfaighidh siad bás nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgas a chomhlíonadh feasta go brách.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Choiste Maoirseachta agus ní fhéadfar é a athnuachan. Athrófar triúr comhaltaí agus beirt chomhaltaí gach re seach chun go gcaomhnófar saineolas an Choiste Mhaoirseachta.

4.   Nuair a rachaidh a dtéarma oifige in éag, fanfaidh comhaltaí an Choiste Maoirseachta i seilbh oifige go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad.

5.   Más rud nach gcomhlíonann comhalta den Choiste Maoirseachta na coinníollacha lena rialaítear feidhmiú a dhualgais a thuilleadh, nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, de chomhthoil, an comhalta sin a scaoileadh óna dhualgais.

6.   I gcomhréir le rialacha infheidhme an Choimisiúin, gheobhaidh comhaltaí an Choiste Maoirseachta liúntas laethúil agus aisíocfar na costais a thabhaigh siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu leo.

7.   Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní iarrfaidh an Coiste Maoirseachta treoir ná ní ghlacfaidh sé treoir ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht i gcomhlíonadh a dhualgas.

8.   Ceapfaidh an Coiste Maoirseachta a chathaoirleach. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta féin, a chuirfear mar fhaisnéis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí sula nglacfar iad. Comórfar cruinnithe an Choiste Maoirseachta ar thionscnamh an chathaoirligh nó ar thionscnamh an Ard-Stiúrthóra. Beidh ar a laghad deich gcruinniú aige in aghaidh na bliana. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta a chinntí trí thromlach a chomhaltaí. Is é an Oifig a sholáthróidh rúnaíocht an Choiste, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta.

9.   Glacfaidh an Coiste Maoirseachta ar a laghad aon tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí in aghaidh na bliana, lena gcumhdófar go háirithe measúnú ar neamhspleáchas na hOifige, cur i bhfeidhm ráthaíochtaí nós imeachta agus fad imscrúduithe. Cuirfear na tuarascálacha sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

Féadfaidh an Coiste Maoirseachta tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí maidir le torthaí imscrúduithe na hOifige agus aon bheart a dhéantar ar bhonn na dtorthaí sin.

Airteagal 16

Tuairimí a mhalartú leis na hinstitiúidí

1.   Tiocfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile uair sa bhliain chun casadh leis an Ard-Stiúrthóir chun tuairimí a mhalartú ar an leibhéal polaitiúil agus plé a dhéanamh ar bheartas na hOifige i ndáil le modhanna chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Beidh an Coiste Maoirseachta rannpháirteach sa mhalartú tuairimí. Féadfar cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ón gCúirt Iniúchóirí, Eurojust agus/nó Europol a bheith i láthair ar bhonn ad-hoc ar iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón Ard-Stiúrthóir nó ón gCoiste Maoirseachta.

2.   Beidh baint ag an malartú tuairimí leis na nithe seo a leanas:

(a)

na tosaíochtaí straitéiseacha maidir le beartais imscrúdaitheacha na hOifige;

(b)

tuairimí an Choiste Maoirseachta agus na tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 15;

(c)

tuarascálacha an Ard-Stiúrthóra faoi Airteagal 17(4) agus, mar is iomchuí, aon tuarascálacha eile ó na hinstitiúidí a bhaineann le sainordú na hOifige;

(d)

creat an chaidrimh idir an Oifig agus na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí;

(e)

creat an chaidrimh idir an Oifig agus údaráis inniúla na mBallstát;

(f)

an caidreamh idir an Oifig agus na húdaráis inniúla i dtríú tíortha chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi chuimsiú na socruithe dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(g)

éifeachtacht obair na hOifige maidir lena sainordú a chomhlíonadh.

3.   Áiritheoidh na hinstitiúidí uile a bheidh rannpháirteach sa mhalartú tuairimí nach gcuirfidh an malartú tuairimí isteach ar sheoladh na n-imscrúduithe a bheidh ar siúl.

4.   Cuirfidh na hinstitiúidí a bheidh rannpháirteach san áireamh na barúlacha a cuireadh in iúl agus tuairimí á malartú sna gníomhartha a dhéanfaidh siad. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir faisnéis ar na bearta, más ann dóibh, a dhéanfaidh an Oifig, ar fáil sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 17(4).

Airteagal 17

Ard-Stiúrthóir

1.   Beidh Ard-Stiúrthóir i gceannas ar an Oifig. Is é an Coimisiún a cheapfaidh an tArd-Stiúrthóir, i gcomhréir leis an nós imeachta atá sonraithe i mír 2. Seacht mbliana a bheidh i dtéarma oifige an Ard-Stiúrthóra agus ní bheidh sé in-athnuaite.

2.   Chun Ard-Stiúrthóir nua a cheapadh, foilseoidh an Coimisiún glao ar iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar sin ar a laghad se mhí roimh dheireadh théarma oifige an Ard-Stiúrthóra atá i seilbh oifige. Nuair a thabharfaidh an Coiste Maoirseachta tuairim fhabhrach maidir leis an nós imeachta roghnúcháin a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta d'iarrthóirí cuí-cháilithe. Ceapfaidh an Coimisiún an tArd-Stiúrthóir tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

3.   Ní iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir treoir ná ní ghlacfaidh sé treoir ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht i gcomhlíonadh a dhualgas maidir le himscrúduithe seachtracha agus inmheánacha a oscailt agus a dhéanamh nó maidir le tuarascálacha a dhréachtú i ndiaidh na n-imscrúduithe sin. Má mheasann an tArd-Stiúrthóir go dtugtar a neamhspleáchas faoi cheist le beart a rinne an Coimisiún, cuirfidh sé an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi sin láithreach agus déanfaidh sé cinneadh maidir le caingean a thionscnamh in aghaidh an Choimisiúin os comhair na Cúirte Breithiúnais.

4.   Tuairisceoidh an tArd-Stiúrthóir go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí maidir le torthaí imscrúduithe a dhéanann an Oifig, aon bheart atá déanta agus na fadhbanna a bhaineann leis, agus ag an am céanna urramófar rúndacht na n-imscrúduithe, cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann agus na bhfaisnéiseoirí, agus, nuair is iomchuí, an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le himeachtaí breithiúnacha.

5.   Cinnfidh an tArd-Stiúrthóir tosaíochtaí beartais imscrúdaithe na hOifige gach bliain i gcomhthéacs an phlean bhliantúil bainistíochta, agus, cuirfidh sé iad ar aghaidh chuig an gCoiste Maoirseachta sula ndéanfar iad a fhoilsiú.

Cuirfidh an tArd-Stiurthóir an Coiste Maoirseachta ar an eolas go tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí na hOifige, cur chun feidhme a oibre imscrúdaithí agus aon bheart a leanann ó imscrúduithe.

Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi na nithe seo a leanas go tráthrialta:

(a)

cásanna nár leanadh na moltaí a rinne an tArd-Stiúrthóir;

(b)

cásanna inar cuireadh an fhaisnéis ar aghaidh chuig údaráis bhreithiúnacha na mBallstát;

(c)

fad imscrúduithe i gcomhréir le hAirteagal 7(8).

6.   Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir feidhmiú cuid dá fheidhmeanna faoi Airteagal 5, Airteagal 7(2), Airteagal 11(7) agus Airteagal 12(2) a tharmligean i scríbhinn chuig comhalta foirne amháin nó chuig roinnt comhaltaí foirne de chuid na hOifige, ag sonrú na coinníollacha agus teorainneacha lena rialaítear tarmligean den sórt sin.

7.   Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir nós imeachta inmheánach comhairleach agus rialaithe, lena n-áirítear seiceáil dlíthiúlachta, a bhaineann inter alia le ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann agus dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann a urramú, agus tagairt faoi leith á déanamh d'Airteagal 11(2).

8.   Glacfaidh an tArd-Stiúrthóir treoirlínte maidir le nósanna imeachta imscrúdaithe d'fhoireann na hOifige. Beidh na treoirlínte sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cumhdófar leo na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

seoladh na n-imscrúduithe;

(b)

na ráthaíochtaí nós imeachta;

(c)

sonraí maidir leis na nósanna imeachta inmheánacha comhairleacha agus rialaithe, lena n-áirítear seiceáil dlíthiúlachta a dhéanamh, agus

(d)

cosaint sonraí

Glacfar na treoirlínte sin agus aon mhodhnú a dhéanfar orthu nuair a thabharfar deis don Choiste Maoirseachta a thuairimí ina leith a thíolacadh, agus cuirfear na treoirlínte ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún ansin ar mhaithe le faisnéis, agus foilseofar iad chun críoch faisnéise ar láithreán gréasáin na hOifige i dteangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

9.   Sula ndéanfar aon phionós araíonachta a fhorchur ar an Ard-Stiúrthóir, rachaidh an Coimisiún i gComhairle leis an gCoiste Maoirseachta.

Is ábhar do chinntí réasúnaithe a bheidh i bpionós araíonachta a fhorchuirtear ar an Ard-Stiúrthóir, a chuirfear ar aghaidh mar eolas chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Maoirseachta.

10.   Léifear aon tagairt a dhéanfar do "Stiúrthóir" na hOifige in aon téacs dlí mar thagairt don Ard-Stiúrthóir.

Airteagal 18

Maoiniú

Maidir leis na leithreasaí iomlána don Oifig, lena n-áirítear don Choiste Maoirseachta agus a rúnaíocht, a ndéanfar an méid iomlán a bheidh i gceist leo a iontráil i líne shonrach buiséid laistigh den roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gCoimisiún, leagfar amach go mionchruinn iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an roinn sin.

Cuirfear plean bunaíochta na hOifige, lena n-áirítear rúnaíocht an Choiste Maoirseachta, i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin.

Airteagal 19

Tuarascáil mheastóireachta

Faoin … (13), déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tuairim an Choiste Maoirseachta ag gabháil leis an tuarascáil sin agus luafar ann an gá an Rialachán sin a leasú.

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999.

Forléireofar tagairtí a dhéanfar do na Rialacháin aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar é a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 15(3) maidir le fad téarma oifige chomhaltaí an Choiste Maoirseachta a bheidh i seilbh oifige an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, roghnóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa beirt chomhaltaí, trí chrannchur, as measc comhaltaí an Choiste Maoirseachta, a dtiocfaidh deireadh lena bhfeidhmeanna i ndeireadh an chéad 36 mí dá dtéarma oifige, de mhaolú ar an gcéad abairt d'Airteagal 15(3). Ceapfar beirt chomhaltaí nua go huathoibríoch ar feadh téarma oifige cúig bliana a chuirfear in ionad na gcomhaltaí a bheidh ag fágáil agus de réir ord an liosta a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Chinneadh Uimh 2012/45/AE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2012, lena gceapfar comhaltaí Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) (14). Is iad na comhaltaí nua an chéad bheirt a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta sin.

3.   Beidh feidhm ag an tríú abairt d'Airteagal 17(1) maidir le tréimhse théarma oifige an Ard-Stiúrthóra a bheidh in oifig ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 254, 30.8.2011, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2008 (IO C 16 E, 22.1.2010, lch. 201) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 25 Feabhra 2013. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an ….

(3)  1999/352/CE, CEGC, Euratom: Cinneadh ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).

(5)  IO C 202, 18.8.2005, lch. 1.

(6)  IO C 124, 27.4.2011, lch. 9.

(7)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(8)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(9)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(10)  IO L 8, 12.1.2001, lch.1.

(11)  IO C 279, 23.9.2011, lch.11.

(12)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 8.

(13)  4 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)  IO L 26, 28.1.2012, lch. 30.


IARSCRÍBHINN I

RIALACHÁIN AISGHAIRTHE (DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 20)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 136, 31.5.1999, lch. 1)

 

Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle

(IO L 136, 31.5.1999, lch. 8)


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1),

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3),

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(5)

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe 2

Airteagal 2, pointe 3

Airteagal 2

Airteagal 2, pointe 4

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, pointe 6

Airteagal 2, pointe 7

Airteagal 3 an chéad fhomhír

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír

Airteagal 3 an dara fomhír

Airteagal 3(1), an dara fomhír

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3), an dara fomhír

Airteagal 3(3), an tríú fomhír

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6)

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1), an dara fomhír

Airteagal 4(1), an dara fomhír

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3), an chéad fhomhír

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3), an dara fomhír

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4), an chéad abairt

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(5), an chéad fhomhír

Airteagal 4(6), an chéad fhomhír

Airteagal 4(6), an dara fomhír

Airteagal 4(5), an dara fomhír

Airteagal 4(6), an tríú fomhír

Airteagal 4(6), pointe (a)

Airteagal 4(7)

Airteagal 4(6), pointe (b)

Airteagal 4(8)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5, an chéad mhír

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír

Airteagal 5, an dara mír

Airteagal 5(2), an dara fomhír

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(6)

Airteagal 6

Airteagal 6(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 7(2), an chéad abairt

Airteagal 6(3)

Airteagal 7(2), an dara habairt

Airteagal 6(4)

Airteagal 3(3), an chéad fhomhír

Airteagal 7(4)

Airteagal 6(5)

Airteagal 7(5)

Airteagal 6(6)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(6)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(8)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9

Airteagal 8(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír

Airteagal 10(2)

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 10(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 11(4)

Airteagal 11(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 11(7)

Airteagal 11(8)

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 12(2), an chéad fhomhír

Airteagal 12(2), an dara fomhír

Airteagal 12(2), an tríú fomhír

Airteagal 10(3)

Airteagal 4(4), an dara habairt

Airteagal 12(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 13(1)

Airteagal 14

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír

Airteagal 15(1), an dara fomhír

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 15(1), an tríú fomhír

Airteagal 15(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 15(1), an cúigiú fomhír

Airteagal 11(2)

Airteagal 15(2), an chéad fhomhír

Airteagal 15(2), an dara fomhír

Airteagal 11(3)

Airteagal 15(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 15(4)

Airteagal 15(5)

Airteagal 15(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 15(7)

Airteagal 11(6)

Airteagal 15(8)

Airteagal 11(7)

Airteagal 17(5), an tríú fomhír

Airteagal 11(8)

Airteagal 15(9)

Airteagal 16

Airteagal 12(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 12(3), an chéad fhomhír

Airteagal 17(3)

Airteagal 12(3), an dara fomhír

Airteagal 17(4)

Airteagal 12(3), an tríú fomhír

Airteagal 10(3)

Airteagal 17(5), an chéad fhomhír

Airteagal 17(5), an dara fomhír

Airteagal 17(6)

Airteagal 17(7)

Airteagal 17(8)

Airteagal 12(4), an chéad abairt

Airteagal 17(9), an chéad fhomhír

Airteagal 12(4), an dara habairt

Airteagal 17(9), an dara fomhír

Airteagal 17(10)

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 21(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 21(3)

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 5 Iúil 2006, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle a thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (1).

Le linn an tSeisiúin Iomlánaigh a bhí ag Parlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2008, ghlac sí a seasamh ar an gcéad léamh agus an rún reachtach a bhí ag gabháil leis (2).

An 6 Iúil 2010, d'eisigh an Coimisiún páipéar machnaimh maidir le hathchóiriú OLAF (3), ionas go sainaithneofaí pointí cóineasaithe agus pointí éagsúla sna barúlacha a chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl maidir leis an togra tosaigh ón gCoimisiún agus chun teacht ar chomhaontú i ndáil leis na príomh-shaincheisteanna atá ar an láthair.

Mar thoradh ar an bplé domhain a rinneadh i Meitheal na Comhairle um Chomhrac na Calaoise, d'eisigh an Chomhairle conclúidí an 6 Nollaig 2010 maidir leis an bpáipéar machnaimh ón gCoimisiún (4).

I ndiaidh an phróisis mhachnaimh sin, thíolaic an Coimisiún an 18 Márta 2011togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) ón gComhairle Uimh. 1074/1999.

Bhunaigh Parlaimint na hEorpa a sainordú caibidlíochta maidir leis an togra leasaithe ón gCoimisiún trína seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an togra tosaigh ón gCoimisiún a athdheimhniú.

Thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuairim uaithi an 12 Iúil 2011  (5) agus thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2011  (6).

I gcomhréir le mír 16 go mír 18 den Dearbhú Comhpháirteach maidir le Comhaontuithe Praiticiúla do Nós Imeachta na Comhchinnteoireachta (7), rinne an Uachtaránacht, ag oibriú faoi shainordú ó Choiste na mBuanionadaithe (8), caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú plé neamhfhoirmiúil trípháirtigh a tionóladh ó Dheireadh Fómhair 2011 go Meitheamh 2012, d'fhonn teacht ar chomhaontú ag céim an chéad léimh sa Chomhairle.

An 25 Iúil 2012, d'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe an téacs comhréitigh a comhaontaíodh ag an gcruinniú trípháirteach neamhfhoirmiúil deireanach a bhí ann an 8 Meitheamh. Dheimhnigh Coiste Pharlaimint na hEorpa um Rialú Buiséid (CONT) an comhaontú sin freisin an 8 Deireadh fómhair agus, mar thoradh air sin, chuir a Chathaoirleach litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe inar dheimhnigh sé go mholfadh sé don Chruinniú Iomlánach an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a ghlacadh gan leasuithe dá mba rud é gur ghlac an Chomhairle an téacs.

Ina dhiaidh sin, ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle an 4 Nollaig, dheimhnigh sí an comhaontú polaitiúil ar an téacs comhaontaithe mar a leagtar amach in 16546/12 agus 12735/12 ADD1 é.

II.   CUSPÓIR AN TOGRA

Is é an sprioc atá ag an Rialachán leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 arb é an gníomh dlíthiúil bunúsach é lena rialaítear imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF.

Is é is príomhaidhm don togra neamhspleáchas OLAF a neartú, lena gcuirfear le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht imscrúduithe OLAF agus lena gcuirfear feabhas ar an gcomhar agus ar an malartú faisnéise idir na hinstitiúidí agus na húdaráis éagsúla atá rannpháirteach i gcéimeanna difriúla na n-imscrúduithe.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Ar bhonn an togra leasaithe ón gCoimisiún, rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle caibidlíocht d'fhonn teacht ar chomhaontú ag céim sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh.

Bhí an plé trípháiteach dírithe, go háirithe, ar na príomh-shaincheisteanna a leanas, agus léirítear an comhréiteach ar tháinig na comhreachtóirí air go hiomlán le téacs an tseasaimh ón gComhairle, mar a d'fhormhuinigh Coiste na mBuanaionadaithe é i mí Iúil 2012 agus mar a d'fhormheas CONT é i mí Dheireadh Fómhair 2012:

Nósanna imeachta imscrúdaithe

Sainmhíníodh forálacha níos mionsonraithe, lena soiléirítear cúraimí agus dualgais na ngeallsealbhóirí éagsúla i ndáil le himscrúduithe OLAF a oscailt, a chur i gcrích agus a dhúnadh. Thairis sin, chomhaontaigh na comhreachtóirí go gcuirfidh Ard-Stiúrthóir OLAF nós imeachta comhairleach agus rialaithe i bhfeidhm, lena n-áirítear seiceáil dlíthiúlachta.

Ról Ard-Stiúrthóir OLAF

Tugadh léargas níos beaichte ar chúraimí, ar dhualgais agus ar raon feidhme gníomhaíochta Ard-Stiúrthóir OLAF, leis an gcleachtas reatha á chur san áireamh agus é mar aidhm chun nósanna imeachta a phríomhshruthú, lena ndéanamh níos trédhearcaí agus lena dtréimhse feidhme a laghdú. Ina theannta sin, d'fhonn neamhspleáchas OLAF a neartú, cuireadh tréimhse seacht mbliana neamh-in-athnuaite in ionad an téarma cúig bliana a bhíodh in-athnuaithe faoi na rialacha reatha.

Tagairt shonrach do na ráthaíochtaí nós imeachta is infheidhme

I gcomhréir leis an gcairt um chearta bunúsacha an AE, rinneadh cearta nós imeachta na ndaoine, na bhfinnéithe agus na bhfaisnéiseoirí lena mbaineann imscrúduithe OLAF a leagan amach sa Rialachán agus neartaíodh iad tuilleadh maidir leis an gcleachtas reatha i gcomhlachtaí an AE.

Ról an Choiste Maoirseachta

Athdheimhníodh cúram bunúsach an Choiste, eadhon chun a áirithiú go gcuirfidh OLAF a mhisean i bhfeidhm agus neamhspleáchas iomlán aige. De bhreis ar na cúraimí atá air faoi láthair sainordaíodh an Coiste Maoirseachta freisin faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ráthaíochtaí nós imeachta. Maidir lena cheapachán, ionas go gcoinneofar leanúnachas ghníomhaíocht an Choiste Maoirseachta, chomhaontaigh na comhreachtóirí go dtabharfaí isteach téarma cúig bliana agus athnuachan agaithe a chomhaltaí.

Sreabha faisnéise agus socruithe comhair

Cuireadh feabhas ar rialacha d'fhonn malartú faisnéise níos tráthúla agus níos éifeachtaí a chur ar bun idir OLAF agus institiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an AE agus le húdaráis inniúla na mBallstát chomh maith leis sin, i rith chéimeanna éagsúla na n-imscrúduithe. Leagadh amach próisis tuairiscithe níos soiléire, go háirithe i ndáil leis an obair a leanann ó na moltaí ó Ard-Stiúrthóir OLAF. Comhaontaíodh freisin go n-ainmneodh na Ballstáit seirbhís ("an tseirbhís chomhordaithe frith-chalaoise") chun comhar éifeachtach agus malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú.

Mar aon leis sin, leag na comhreachtóirí síos go soiléir sa Rialachán go bhféadfadh an deis a bheith ag OLAF socruithe riaracháin a chur i gcrích le Europol, Eurojust, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Tuairimí a roinnt

Thángthas ar chomhaontú maidir le tosú ar thuairimí a roinnt go rialta idir Ard-Stiúrthóir OLAF, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún. Leis na cruinnithe sin ar an leibhéal polaitiúil, chumhdófaí i measc eile na tosaíochtaí straitéiseacha i ndáil le beartais imscrúdaithe agus le héifeachtacht obair OLAF maidir le feidhmíocht a sainordú, ach iad sin a chumhdach gan cur isteach ar aon bhealach ar neamhspleáchas OLAF agus imscrúduithe á ndéanamh aici.

Rochtain ar fhaisnéis i mbunachair shonraí sula ndéantar imscrúdú a oscailt

Síneadh an ceart rochtana láithreach agus neamhfhógartha atá ag OLAF ar fhaisnéis atá i seilbh institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an AE go dtí an chéim roimh imscrúdú a oscailt d'fhonn measúnú a dhéanamh ar bhonn fírice ar na líomhaintí uile.

IV.   CONCLÚID

Léirítear le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach a baineadh amach sa chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, le tacaíocht an Choimisiúin. Deimhníodh an comhréiteach sin i litir ó Chathaoirleach CONT go Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2012. Sa litir sin, léirigh Cathaoirleach CONT go molfadh sé do chomhaltaí CONT agus ina dhiaidh sin don Seisiún Iomlánach an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a ghlacadh gan leasuithe ar an dara léamh i bParlaimint na hEorpa, faoi réir fíorú arna dhéanamh ag dlítheangeolaithe an dá institiúid.

Measann an Chomhairle gur pacáiste cothromaithe atá ina seasamh ar an gcéad léamh agus a luaithe a ghlacfar é go gcuideoidh an Rialachán nua go suntasach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun an chalaois agus an t-éilliú a chomhrac mar aon le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do na leasanna sin.


(1)  11281/06.

(2)  15961/08.

(3)  SEC(2010) 859.

(4)  16833/10.

(5)  IO C 254, 30.8.2011, lch. 1.

(6)  IO C 279, 23.09.11, lch. 11.

(7)  IO C 145, 30.6.2007, lch. 5.

(8)  12140/11 ADD1.


Ráiteas ón gCoimisiún

"Daingníonn an Coimisiún go bhfuil dearbhú tugtha ag an Oifig go ndéanfaidh sí gníomh i gcónaí i gcomhréir le Prótacal Uimh. 7 maidir le Pribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus maidir le Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, agus saoirse agus neamhspleáchas na bhFeisirí á n-urramú de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 2 den Reacht."


Ráiteas ón gCoimisiún

"Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na cumhachtaí atá ag Ard-Stiúrthóir na hOifige Eorpaí Frith Chalaoise faoi láthair maidir le leagan síos na gcoinníollacha agus na socruithe mionsonraithe a bhaineann le hearcaíocht san Oifig, go háirithe i ndáil le fad na gconarthaí agus conarthaí a athnuachan, a choimeád."


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

"Gach uair a cheapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún comhaltaí nua ar an gCoiste nua Maoirseachta, ba cheart dóibh na comhaltaí sin a cheapadh chun dul i mbun dualgas an chéad uair eile a mbeidh cuid de na comhaltaí á n-athrú."


Top