EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An treoir um thrédhearcacht maidir leis an margadh aonair

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2015/1535 – nós imeachta chun faisnéis maidir le rialacháin agus rialacha teicniúla ar sheirbhísí na sochaí faisnéise a chomhroinnt

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

  • Éilítear ann ar údaráis náisiúnta an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas maidir le haon dréacht-rialacháin theicniúla maidir le táirgí agus seirbhísí na sochaí faisnéise sula nglacann siad iad mar dhlí náisiúnta. Ceadaítear roinnt eisceachtaí ann.
  • Tá sé mar aidhm leis cosc a chur ar chruthú bacainní nua trádála.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha AE an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon dréacht-rialachán teicniúil atá beartaithe acu a thabhairt isteach.
  • Cuireann an Coimisiún tíortha eile AE ar an eolas láithreach tríd an gcóras faisnéise um rialacháin theicniúla (TRIS).
  • Cuirtear ré aithrí 3 mhí ar bun agus ní féidir le tír AE a dréacht-rialachán teicniúil beartaithe a ghlacadh i rith na tréimhse sin. Féadfar é sin a shíneadh go dtí 4, 6, 12 nó fiú amháin 18 mí, ag brath ar thosca an cháis.
  • I rith an ama sin déanann an Coimisiún agus tíortha eile AE imscrúdú ar an dréacht-rialachán beartaithe agus féadfaidh siad freagairt mar is cuí dó.
  • I gcásanna práinneacha, i ngeall ar thosca tromchúiseacha nach mbíonn coinne leo, féadfaidh tír AE rialachán teicniúil a ghlacadh gan an ré aithrí a urramú in aon chor (“nós imeachta práinne”).
  • Tugann an Coimisiún tuairisc gach 2 bhliain do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme na treorach.
  • Cruthaítear buanchoiste d’oifigigh náisiúnta sa reachtaíocht faoi chathaoirleacht an Choimisiúin.
  • Tagann an coiste le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Cuireann sé comhairle ar an gCoimisiún faoi conas bacainní trádála a sheachaint agus déanann sé machnamh ar shaincheisteanna a eascraíonn as cur chun feidhme na treorach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Rinneadh Treoir 98/34/CE a aisghairm le Treoir (AE) 2015/1535 agus cuireadh Treoir (AE) 2015/1535 ina ionad Threoir 98/34/CEón 7 Deireadh Fómhair 2015.

CÚLRA

Aidhm nós imeachta 2015/1535

GNÍOMH

Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lgh. 1-15)

Nuashonraithe 27.01.2016

Top