EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
An Bhliain Eorpach um Fhorbairt (2015)
Is é an tAontas Eorpach (AE) an deontóir is mó cúnaimh oifigiúil forbartha ar domhan. In ainneoin an ghealltanais láidir sin, bíonn easpa faisnéise faoi comhoibriú forbartha ag saoránaigh AE. Beidh Bliain Eorpach um Fhorbairt ar siúl in 2015 le feasacht a spreagadh sa réimse sin.
ACHT
Cinneadh Uimh. 472/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach um Fhorbairt (2015).
ACHOIMRE
Tá timpeall 1.3 bhilliún duine ar domhan a bhfuil ioncam fíorbhochtanais go fóill acu agus níl na riachtanais forbartha daonna ag cuid mhór eile á gcomhlíonadh go fóill.
Meastar gur ócáid uathúil í an bhliain 2015, an bhliain dheireanach le Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFM) a bhaint amach, le breathnú ar na gealltanais idirnáisiúnta sin, in éineacht le príomhthorthaí bheartas forbartha AE. Tugtar deis leis an mBliain Eorpach um Fhorbairt in 2015 (EYD2015) le sárthaispeántas a thabhairt ar phríomhbheartais na hEorpa a cuireadh chun feidhme.
FEASACHT PHOIBLÍ A SPREAGADH
Is iad príomhaidhmeanna EYD2015:
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AN AE AGUS NÁISIÚNTA
I gcaitheamh EYD2015 díreofar ar fheachtas cumarsáide agus faisnéise ar fud an Aontais atá dírithe ar spriocghrúpaí amhail daoine óga agus forlíonta ag gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit (mar shampla, imeachtaí le díospóireacht a chur chun cinn, malartú faisnéise agus taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt).
Beidh baint ag saoránaigh, ag ógeagraíochtaí, ag comhpháirtithe sóisialta, ag an earnáil phríobháideach, agus mar is cuí, ag údaráis náisiúnta agus áitiúla sna gníomhaíochtaí náisiúnta agus i ngníomhaíochtaí AE.
TACAÍOCHT DHÍREACH AGUS INDÍREACH ÓN AE
Déanfar tacaíocht dhíreach agus indíreach a thairiscint ón AE i bhfoirm deontas (ag clúdach 80 % de chostais deiridh ar ghníomhaíochtaí i gcásanna ar leith) nó an ceart chun feidhm a bhaint as lógó EYD2015 le gníomhaíochtaí agus bearta a chuirfear i gcrích i gcomhthéacs Bhliain na hEorpa.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh (AE) Uimh. 472/2014/AE |
29.5.2014 |
- |
IO L 136 an 09.5.14 |
Nuashonrú is déanaí: 30.06.2014