Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R0996

Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 295, 12.11.2010, p. 35–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 07 Volume 023 P. 78 - 93

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/996/oj

12.11.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/35


RIALACHÁN (AE) Uimh. 996/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2010

maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart leibhéal ard ginearálta sábháilteachta a áirithiú san eitlíocht shibhialta san Eoraip agus ba cheart gach iarracht a dhéanamh líon na dtionóiscí agus na dteagmhas a laghdú chun muinín an phobail as an aeriompar a áirithiú.

(2)

Trí imscrúduithe sábháilteachta a sheoladh gan mhoill ar thionóiscí agus ar theagmhais eitlíochta sibhialta, cuirtear feabhas ar shábháilteacht na heitlíochta agus tugtar cabhair maidir le tionóiscí agus teagmhais a chosc.

(3)

I dtaca le sábháilteacht aeir a fheabhsú, tá tábhacht bhunúsach ag baint le tuairisciú, le hanailísiú agus le scaipeadh cinntí maidir le teagmhais a bhaineann le sábháilteacht. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún togra a thabhairt chun cinn, roimh an 31 Nollaig 2011, chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht shibhialta (4).

(4)

Ba cheart gurb é an t-aon chuspóir a bheadh le himscrúduithe sábháilteachta ná tionóiscí agus teagmhais sa todhchaí a chosc gan milleán ná dliteanas a chionroinnt.

(5)

Ba cheart an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (“Coinbhinsiún Chicago”) a chur san áireamh, ar Coinbhinsiún é ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na mbeart is gá chun oibriú sábháilte aerárthaí a áirithiú. Ba cheart, go háirithe, Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, mar aon leis na leasuithe iardain a rinneadh ar an Iarscríbhinn sin, a chur san áireamh, ar Iarscríbhinn í agus ar leasuithe iad lena leagtar síos na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta maidir le himscrúdú tionóiscí agus teagmhas aerárthaí, chomh maith le tuiscint na dtéarmaí Stát an Chláraithe, Stát an Oibreora, Stát an Deartha, Stát na Monaraíochta agus an Stát an Tarlaithe a úsáidtear ann.

(6)

De réir na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na gcleachtas molta a leagtar amach in Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, déanfar imscrúdú tionóiscí agus teagmhas tromchúiseach a sheoladh faoi fhreagracht an Stáit inar tharla an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach, nó faoi fhreagracht Stát an Chláraithe nuair nach féidir a shuíomh go cinnte go bhfuil láthair na tionóisce nó láthair an teagmhais thromchúisigh i gcríoch aon Bhallstáit. Féadfaidh Stát cúram imscrúdaithe a tharmligean chuig Stát eile nó cúnamh a iarraidh ar Stát eile. Ba cheart imscrúduithe sábháilteachta san Aontas a sheoladh ar dhóigh atá comhchosúil leis sin.

(7)

Ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh as cur chun feidhme Threoir 94/56/CE ón gComhairle an 21 Samhain 1994 lena mbunaítear na bunphrionsabail lena rialaítear imscrúdú tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta (5) a úsáid chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht i ndáil le himscrúdú agus cosc tionóiscí agus teagmhas eitlíochta sibhialta san Aontas.

(8)

Ba cheart na hathruithe ar an gcreat institiúideach agus rialála lena rialaítear sábháilteacht na heitlíochta sibhialta san Aontas a chur san áireamh, ar athruithe iad a tharla ón tráth a glacadh Treoir 94/56/CE, go háirithe bunú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (“EASA”). Ba cheart gné an Aontais sna moltaí sábháilteachta a chur san áireamh freisin ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar rialáil sábháilteachta eitlíochta ar leibhéal an Aontais.

(9)

Déanann EASA feidhmeanna agus cúraimí Stát an Deartha, Stát na Monaraíochta agus Stát an Chláraithe a chur i gcrích thar ceann na mBallstát nuair a bhaineann na feidhmeanna agus na cúraimí sin le dearadh a fhormheas, de réir mar a shonraítear i gCoinbhinsiún Chicago agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leis. Ba cheart, dá bhrí sin, a iarraidh ar EASA, i gcomhréir le hIarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bheith rannpháirteach le linn imscrúdaithe sábháilteachta chun rannchuidiú a thabhairt, laistigh de raon feidhme a inniúlachta, maidir le héifeachtúlacht an imscrúdaithe agus chun an tsábháilteacht i ndearadh aerárthaí a áirithiú, gan difear a dhéanamh do stádas neamhspleách an imscrúdaithe. Ba cheart a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta eitlíochta sibhialta a bheith rannpháirteach sa tslí chéanna sna himscrúduithe sábháilteachta.

(10)

I bhfianaise a gcuid freagrachtaí sábháilteachta, ba cheart rochtain a bheith ag daoine a bheidh ainmnithe ag EASA agus ag na húdaráis náisiúnta eitlíochta sibhialta ar an bhfaisnéis atá ábhartha maidir le héifeachtacht na riachtanas sábháilteachta a mheasúnú.

(11)

Chun gur fearr a dhéanfar tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a chosc, ba cheart do EASA, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, a bheith rannpháirteach freisin i malartú agus in anailísiú faisnéise faoi chuimsiú na gcóras tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le Treoir 2003/42/CE, agus aon choimhlint leasa á seachaint acu. Ba cheart an fhaisnéis sin a chosaint go leordhóthanach ar úsáid neamhúdaraithe nó ar nochtadh neamhúdaraithe.

(12)

Aithnítear go bhféadfadh rannpháirtíocht EASA agus rannpháirtíocht údaráis inniúla na mBallstát i malartú agus in anailísiú faisnéise a chumhdaítear faoi Threoir 2003/42/CE a bheith chun tairbhe d’imscrúduithe sábháilteachta trí rochtain ar-líne ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le sábháilteacht agus atá sa taisclann lárnach faisnéise ar tharluithe san eitlíocht shibhialta.

(13)

Ba cheart raon feidhme na n-imscrúduithe sábháilteachta a bheith ag brath ar na ceachtanna is féidir a fhoghlaim uathu maidir le sábháilteacht na heitlíochta a fheabhsú, agus, go háirithe, an gá atá le húsáid chostéifeachtúil acmhainní imscrúdúcháin san Aontas á chur san áireamh.

(14)

Ba cheart d’údarás neamhspleách um imscrúdú sábháilteachta an t-imscrúdú sábháilteachta a dhéanamh ar thionóiscí agus ar theagmhais, nó ba cheart é a dhéanamh faoi rialú údaráis den sórt sin, chun aon choimhlint leasa a sheachaint nó aon chur isteach seachtrach féideartha a sheachaint maidir le cinneadh chúiseanna na dtarluithe atá á n-imscrúdú.

(15)

Tá ról lárnach ag na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta i bpróiseas an imscrúdaithe sábháilteachta. Tá a gcuid oibre fíorthábhachtach maidir le cúiseanna tionóisce nó teagmhais a chinneadh. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin go bhféadfaidís a gcuid imscrúduithe a dhéanamh go hiomlán neamhspleách agus, freisin, go mbeadh na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna acu atá ag teastáil chun imscrúduithe éifeachtacha éifeachtúla a dhéanamh.

(16)

Ba cheart cumas údaráis na mBallstát um imscrúdú sábháilteachta a neartú agus ba cheart comhar eatarthu a áirithiú chun éifeachtúlacht an imscrúdaithe a fheabhsú agus chun tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta san Aontas a chosc.

(17)

Ba cheart ról comhordúcháin na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta a aithint agus a athneartú i gcomhthéacs Eorpach, chun fíor-bhreisluach i sábháilteacht eitlíochta a ghiniúint, trí fhorbairt a dhéanamh ar an gcomhar atá ann cheana idir údaráis den sórt sin agus na hacmhainní imscrúdúcháin atá ar fáil sna Ballstáit agus is ceart na hacmhainní sin a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla. Is é an bealach is fearr ina bhféadfaí an t-aitheantas agus an t-athneartú sin a bhaint amach ná trí Ghréasán Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta (“an Gréasán”) a ndéanfaí a ról agus a chúraimí a shainiú go soiléir.

(18)

Ba cheart don Ghréasán dul i mbun a ghníomhaíochtaí comhordúcháin ar bhealach trédhearcach neamhspleách agus ba cheart don Aontas tacú leis go gníomhach.

(19)

Féadfar cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ar bhealach níos fearr trí chomhar le tríú tíortha, a bhféadfaí ligean dóibh a bheith rannpháirteach, mar bhreathnadóirí, in obair an Ghréasáin.

(20)

Ós rud é go bhfuil sé fíor-riachtanach cearta soiléire a áirithiú le haghaidh imscrúduithe sábháilteachta, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm maidir le cumhachtaí na n-údarás atá freagrach as imscrúduithe breithiúnacha agus, i gcás inarb iomchuí, i ndlúthchomhar leis na húdaráis sin, a áirithiú go ligfear do na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta a gcúraimí a chur i gcrích sna dálaí is fearr is féidir, chun leas sábháilteachta eitlíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtabharfaí rochtain láithreach gan aon srian do na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta ar láthair na tionóisce agus ba cheart na heilimintí uile atá riachtanach chun riachtanais imscrúdaithe sábháilteachta a chomhlíonadh a chur ar fáil dóibh gan bhaint de chuspóirí imscrúdaithe bhreithiúnaigh.

(21)

Níl imscrúdú éifeachtach sábháilteachta indéanta ach amháin má chaomhnaítear na píosaí tábhachtacha fianaise.

(22)

Tá córas sábháilteachta na heitlíochta sibhialta bunaithe ar aiseolas agus ar na ceachtanna a fhoghlaimítear ó thionóiscí agus ó theagmhais agus is gá rialacha maidir le rúndacht a chur i bhfeidhm go dian chun a áirithiú go mbeidh fáil ar acmhainní luachmhara faisnéise amach anseo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint ar dhóigh iomchuí.

(23)

Tagann roinnt leasanna poiblí éagsúla chun cinn de bharr tionóisce, amhail tionóiscí a chosc amach anseo agus riaradh cuí ceartais. Téann na leasanna sin thar leasanna aonair na bpáirtithe lena mbaineann agus thar an tarlú sonrach. Is gá cothromaíocht cheart a bheith ann i measc na leasanna uile chun an leas poiblí foriomlán a ráthú.

(24)

Ba cheart don chóras eitlíochta sibhialta timpeallacht neamhphionósach a chur chun cinn freisin, ar timpeallacht í trína n-éascófaí tuairisciú spontáineach tarluithe agus, ar an dóigh sin, trína ndéanfaí prionsabal an “chultúir chóir” a chur ar aghaidh.

(25)

Níor cheart an fhaisnéis a sholáthraíonn duine faoi chuimsiú imscrúdaithe sábháilteachta a úsáid i gcoinne an duine sin, agus prionsabail bhunreachtúla agus an dlí náisiúnta á n-urramú ina n-iomláine.

(26)

Ba cheart rogha a bheith ag Ballstáit teorainn a chur leis na cásanna ina bhféadfaí cinneadh a dhéanamh maidir le nochtadh faisnéise a fuarthas le linn imscrúdaithe sábháilteachta, gan difear a dhéanamh d’fheidhmiú rianúil an chórais bhreithiúnaigh.

(27)

Tá sé tábhachtach, ar mhaithe le tionóiscí agus le teagmhais a chosc, go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear go háirithe tuarascálacha agus moltaí sábháilteachta a éiríonn as imscrúduithe sábháilteachta, a chur in iúl laistigh den achar ama is giorra is féidir.

(28)

Ba cheart go ndéanfadh an t-údarás inniúil na moltaí sábháilteachta a eascraíonn as imscrúdú tionóisce nó teagmhais thromchúisigh nó as foinsí eile, amhail staidéir sábháilteachta, a bhreithniú i gcónaí agus, de réir mar is iomchuí, ba cheart gníomhú ina leith chun a áirithiú go ndéanfar tionóiscí agus teagmhais san eitlíocht shibhialta a chosc go leordhóthanach.

(29)

Ba cheart dul chun cinn maidir le taighde faoi rianú fíor-ama aerárthaí agus faoin bhféidearthacht go mbeidh rochtain ar fhaisnéis ó thaifeadán eitilte gan an taifeadán eitilte a bheith ann go fisiciúil a spreagadh d’fhonn feabhas a chur ar na huirlisí atá ar fáil d’imscrúdaitheoirí chun na cúiseanna atá le tionóiscí a chinneadh agus d’fhonn feabhas a chur ar an gcumas chun teagmhais athfhillteacha a chosc. Ba chéim thábhachtach chun cinn iad i sábháilteacht eitlíochta forbairtí den sórt sin.

(30)

Is léir ó thaithí go bhfuil sé deacair uaireanta liostaí iontaofa de na daoine atá ar bord aerárthaigh a fháil go tapa ach go bhfuil sé tábhachtach freisin go ndéanfar teorainn ama a leagan síos agus gur féidir a cheangal ar aerlíne liosta den sórt seo a thabhairt ar aird laistigh den teorainn ama sin. Ina theannta sin, ba cheart na sonraí atá ar na liostaí sin a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe nó ar nochtadh neamhúdaraithe. Ar an dóigh chéanna, tá sé riachtanach go mbeidh fáil ar fhaisnéis faoi earraí contúirteacha ar bord aerárthaigh a mbaineann tionóisc de, d’fhonn rioscaí d’imscrúdaitheoirí sábháilteachta ar láthair an teagmhais a íoslaghdú.

(31)

I ndiaidh tionóisce aeir, ní furasta an duine teagmhála iomchuí a shainaithint go pras chun gur féidir an duine sin a chur ar an eolas maidir le paisinéir a bheith ar bord. Ba cheart, dá bhrí sin, deis a thabhairt do phaisinéirí duine teagmhála a ainmniú.

(32)

Ba cheart cúnamh d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta a shonrú go leormhaith.

(33)

Tá fíorthábhacht ag baint leis an gcaoi a ndéileálann Ballstáit agus aerlínte le tionóisc agus le hiarmhairtí tionóisce. I dtaca leis sin, ba cheart go mbeadh plean éigeandála ag Ballstáit lena ndéantar foráil, go háirithe, maidir le seirbhísí éigeandála aerfoirt agus maidir le cúnamh d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta. Ba cheart go mbeadh plean ag aerlínte freisin chun chúnamh a thabhairt d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thacú le híospartaigh, lena ngaolta agus leis na cumainn a bhaineann leo agus ar theagmháil a dhéanamh leo.

(34)

Ba cheart na rialacha ar rochtain ar shonraí, ar phróiseáil sonraí agus ar chosaint daoine aonair a leagtar síos i ngníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais a urramú go hiomlán le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(35)

Go háirithe, ba cheart go bhféadfaí, trí phionóis a ghearradh, smachtbhanna a chur ar aon duine a dhéanann faisnéis a chosnaítear leis an Rialachán seo a scaoileadh de shárú ar an Rialachán seo; a chuireann bac ar ghníomhartha údaráis um imscrúdú sábháilteachta trí chosc a chur ar na himscrúdaitheoirí a ndualgais a chur i gcrích nó trí dhiúltú taifeadtaí, faisnéis shuntasach agus doiciméid atá úsáideach a sholáthar nó trí na nithe sin a chur i bhfolach, a athrú nó a scriosadh; nó, i gcás eolas a bheith aige gur tharla tionóisc nó teagmhas tromchúiseach, nach gcuireann na húdaráis ábhartha ar an eolas faoin méid sin.

(36)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú i réimse an imscrúdaithe sábháilteachta eitlíochta sibhialta, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge uile-Eorpach agus a iarmhairtí uile-Eorpacha, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(37)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 94/56/CE a aisghairm.

(38)

Gabhfaidh Ráiteas na nAirí maidir le hAerfort Ghiobráltar, a comhaontaíodh in Córdoba an 18 Meán Fómhair 2006 ag chéad chruinniú Aireachta an Fhóraim Agallaimh maidir le Giobráltar, ionad an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le hAerfort Ghiobráltar a rinneadh i Londain an 2 Nollaig 1987, agus measfar gurb ionann comhlíonadh iomlán an Ráitis sin agus comhlíonadh Dhearbhú 1987.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú trí leibhéal ard éifeachtúlachta, fóirsteanachta agus cáilíochta a áirithiú in imscrúduithe sábháilteachta san eitlíocht shibhialta san Eoraip agus arb é atá mar cuspóir aonair acu tionóiscí agus teagmhais amach anseo a chosc gan milleán nó dliteanas a chionroinnt, lena n-áirítear trí Ghréasán Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta a bhunú. Déantar foráil leis freisin maidir le rialacha a bhaineann le faisnéis a bheith ar fáil go tráthúil i ndáil le gach duine agus le gach earra contúirteach ar bord aerárthaigh a mbaineann tionóisc dó. Is é is aidhm leis freisin feabhas a chur ar an gcúnamh a thugtar d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta.

2.   Tuigtear nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith aerfort Ghiobráltar dochar do sheasaimh dhlíthiúla Ríocht na Spáinne ná Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann faoi seach maidir leis an díospóid faoi cheannasacht ar an gcríoch ina bhfuil an t-aerfort sin suite.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tionóisc” tarlú a bhaineann le hoibríocht aerárthaigh, ar tarlú é, i gcás aerárthaigh fhoireannaithe, a tharlaíonn idir an t-am a théann aon duine ar bord an aerárthaigh a bheartaítear a eitilt agus an t-am a bheidh gach duine tar éis tuirlingt de, nó i gcás aerárthaigh neamhfhoireannaithe, a tharlaíonn idir an t-am atá an t-aerárthach réidh chun gluaiseacht chun críche eitilte agus an t-am a stopann sé ag deireadh na heitilte agus a mhúchtar an príomhchóras tiomána, agus ar tarlú é:

(a)

ina ndíobháiltear duine go marfach nó go tromchúiseach mar thoradh ar na nithe seo a leanas:

é a bheith san aerárthach,

teagmháil dhíreach a dhéanamh le haon chuid den aerárthach, lena n-áirítear codanna atá tar éis titim den aerárthach, nó

teacht go díreach faoi lé scairdsoinneán,

seachas nuair is é is cúis leis an díobháil ná cúiseanna nádúrtha, féinghortú nó gortú ag daoine eile, nó nuair a bhaineann an díobháil d’fholachánaithe atá i bhfolach lasmuigh de na limistéir atá ar fáil do na paisinéirí nó don chriú de ghnáth;

(b)

ina dtarlaíonn damáiste nó cliseadh déanmhais don aerárthach, ar damáiste nó cliseadh é a bhfuil drochthionchar acu ar neart déanmhais, ar fheidhmíocht nó ar shaintréithe eitilte an aerárthaigh agus a mbeadh mórdheisiú nó athsholáthar na comhpháirte lena mbaineann ag teastáil ina leith go hiondúil, cé is moite de chliseadh an innill nó damáiste don inneall nuair atá an damáiste teoranta d’aon inneall amháin (lena n-áirítear a chochaill nó a ghabhálais), do liáin, do reanna sciatháin, d’aintéiní, do thóireadóirí, d’eití, do bhoinn, do choscáin, do rothaí, do shlímithe, do phainéil, do dhoirse na gcos tuirlingthe, do ghaothscáthanna, do chraiceann an aerárthaigh (amhail loig bheaga nó poill) nó do mhiondamáiste do phríomhlanna rótair, do lanna rótair dheiridh, do chosa tuirlingthe, agus do dhamáiste mar thoradh ar chlocha sneachta nó ar imbhualadh éin (lena n-áirítear poill sa chón radair); nó

(c)

ina bhfuil an t-aerárthach ar iarraidh nó nach bhfuil rochtain air in aon chor;

(2)

ciallaíonn “ionadaí creidiúnaithe” duine a ainmníonn Stát, ar bhonn a cháilíochtaí nó a cáilíochtaí, chun páirt a ghlacadh in imscrúdú sábháilteachta arna sheoladh ag Stát eile. Beidh ionadaí creidiúnaithe a bheidh ainmnithe ag Ballstát ina chomhalta d’údarás um imscrúdú sábháilteachta;

(3)

ciallaíonn “comhairleoir” duine a cheapann Stát, ar bhonn a cháilíochtaí, chun cabhrú lena ionadaí creidiúnaithe le linn imscrúdaithe sábháilteachta;

(4)

ciallaíonn “cúiseanna” gníomhaíochtaí, easnaimh, imeachtaí, dálaí nó meascán díobh sin, ar nithe iad as ar lean an tionóisc nó an teagmhas; ní hintuigthe as na cúiseanna a shainaithint agus milleán a shannadh ná dliteanas riaracháin, sibhialta nó coiriúil a chinneadh;

(5)

ciallaíonn “díobháil mharfach” díobháil a bhaineann do dhuine i dtionóisc agus gur trúig báis dó nó di í laistigh de 30 lá ó dháta na tionóisce;

(6)

ciallaíonn “taifeadán eitilte” aon chineál taifeadáin atá suiteáilte san aerárthach chun imscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí nó ar theagmhais a éascú;

(7)

ciallaíonn “teagmhas” tarlú, seachas timpiste, ar tarlú é a bhaineann le hoibriú aerárthaigh agus a dhéanann difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, do shábháilteacht na hoibríochta;

(8)

ciallaíonn “caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta” caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta maidir le tionóiscí agus teagmhais aerárthaí a imscrúdú arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Choinbhinsiún Chicago;

(9)

ciallaíonn “imscrúdaitheoir i gceannas” duine atá freagrach, ar bhonn a cháilíochtaí, as imscrúdú sábháilteachta a eagrú, a sheoladh agus a rialú;

(10)

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a oibríonn aerárthach amháin nó níos mó nó a bheartaíonn aerárthach amháin nó níos mó a oibriú;

(11)

ciallaíonn “duine lena mbaineann” an t-úinéir, duine den chriú, oibreoir an aerárthaigh ar bhain tionóisc nó teagmhas tromchúiseach dó; aon duine a bhfuil baint aige le cothabháil, le dearadh, nó le monarú an aerárthaigh sin nó le hoiliúint a chur ar a chriú; aon duine a bhfuil baint aige le rialú aerthráchta a sholáthar, le faisnéis eitilte nó le seirbhísí aeradróim a sholáthar agus ar duine é nó í a sholáthair seirbhísí don aerárthach; foireann an údaráis náisiúnta um eitlíocht shibhialta; foireann EASA;

(12)

ciallaíonn “réamhthuarascáil” an chumarsáid a úsáidtear chun sonraí a fhaightear le linn luathchéimeanna an imscrúdaithe a scaipeadh go pras;

(13)

ciallaíonn “gaolta” an neasteaghlach agus/nó neasghaol agus/nó duine eile a bhfuil dlúthbhaint aige le híospartach tionóisce, de réir mar a shainmhínítear faoi dhlí náisiúnta an íospartaigh;

(14)

ciallaíonn “imscrúdú sábháilteachta” próiseas a sheolann údarás um imscrúdú sábháilteachta chun tionóiscí agus teagmhais a chosc, lena n-áirítear faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, teacht ar thátail, lena n-áirítear an chúis nó na cúiseanna agus/nó na fachtóirí rannchuiditheacha a chinneadh agus, nuair is iomchuí, moltaí sábháilteachta a dhéanamh;

(15)

ciallaíonn “moladh sábháilteachta” moladh ó údarás um imscrúdú sábháilteachta, agus é bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar imscrúdú sábháilteachta nó ar fhoinsí eile amhail staidéir shábháilteachta, arna ndéanamh le hintinn tionóiscí agus teagmhais a chosc;

(16)

ciallaíonn “teagmhas tromchúiseach” teagmhas atá bainteach le hoibriú aerárthaigh agus ar léir ina thaobh, mar gheall ar na himthosca a bhain leis, go raibh dóchúlacht ard tionóisce ann, más rud é, i gcás aerárthaigh fhoireannaithe, go dtarlaíonn an t-oibriú sin idir an t-am a théann aon duine ar bord an aerárthaigh a bheartaítear a eitilt go dtí an t-am a dtuirlingíonn gach duine den sórt sin, nó i gcás aerárthaigh neamhfhoireannaithe, go dtarlaíonn an t-oibriú sin idir an t-am atá an t-aerárthach réidh chun gluaiseacht i gcomhair eitilte agus an t-am a stopann sé ag deireadh na heitilte agus a mhúchtar an príomhchóras tiomána. Tá liosta samplaí de theagmhais thromchúiseacha leagtha amach san Iarscríbhinn;

(17)

ciallaíonn “díobháil thromchúiseach” díobháil a bhaineann do dhuine i dtionóisc agus as a leanann ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

ospidéalú ar feadh níos mó ná 48 n-uaire an chloig agus tús na tréimhse sin a bheith laistigh de sheacht lá ón dáta ar bhain an díobháil don duine;

(b)

briseadh aon chnáimhe (seachas bristeacha simplí sna méara, sna méara coise nó sa tsrón);

(c)

stolltaí atá ina gcúis le fuiliú trom nó le damáiste do na néaróga, do na matáin nó do na teannáin;

(d)

díobháil ar orgán inmheánach;

(e)

ball dóite den dara grád nó den tríú grád, nó aon dó ar níos mó ná 5 % de dhromchla na colainne;

(f)

teacht faoi lé substaintí ionfhabhtaíocha nó radaíochta dochraí, agus fíorú ann ina leith sin.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí agus ar theagmhais thromchúiseacha, ar imscrúduithe iad:

(a)

a tharla i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát;

(b)

a bhaineann le haerárthach atá cláraithe i mBallstát nó atá á oibriú ag gnóthas atá bunaithe i mBallstát, agus a tharla lasmuigh de chríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, nuair nach Stát eile a sheolann na himscrúduithe sin;

(c)

ar ina leith atá Ballstát i dteideal, de réir caighdeán idirnáisiúnta agus cleachtas molta, ionadaí creidiúnaithe a cheapadh chun bheith rannpháirteach mar Stát an Chláraithe, Stát an Oibreora, Stát an Deartha, Stát na Monaraíochta nó mar Stát a sholáthraíonn faisnéis, saoráidí nó saineolaithe, ar iarraidh sin ag an Stát a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aige;

(d)

ar ina leith a cheadaíonn an Stát a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aici do Bhallstát, a bhfuil leas speisialta aige de bhua bhás a shaoránach nó díobhála tromchúisí dá shaoránaigh, saineolaí a cheapadh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le faisnéis a bheith ar fáil go tráthúil faoi ghach duine agus faoi earraí contúirteacha ar bord aerárthaigh a mbaineann tionóisc nó teagmhas tromchúiseach dó agus maidir leis an gcúnamh atá ann d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta i ndáil le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha lena mbaineann aerárthach atá ag gabháil do sheirbhísí míleata, do sheirbhísí custaim, do sheirbhísí póilíneachta nó do sheirbhísí atá comhchosúil leo sin, ach amháin nuair a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus leis an reachtaíocht náisiúnta.

Airteagal 4

Údarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh údarás buan náisiúnta um imscrúdú sábháilteachta san eitlíocht shibhialta (“údarás um imscrúdú sábháilteachta”), imscrúduithe sábháilteachta a sheoladh nó a mhaoirsiú, gan cur isteach seachtrach, agus beidh an t-údarás sin ábalta imscrúdú sábháilteachta iomlán a dhéanamh go neamhspleách, ar a chonlán féin nó trí chomhaontuithe le húdaráis eile um imscrúdú sábháilteachta.

2.   Feidhmeoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta go neamhspleách agus beidh sé neamhspleách go háirithe ar na húdaráis eitlíochta atá freagrach as aeracmhainneacht, as deimhniúchán, as oibriú eitiltí, as cothabháil, as ceadúnú, as rialú aerthráchta nó as oibriú aeradróm agus, i gcoitinne, beidh sé neamhspleách ar aon pháirtí nó eintiteas eile a bhféadfadh a leasanna nó a misin a bheith i gcoimhlint leis an gcúram a thugtar don údarás um imscrúdú sábháilteachta nó tionchar a imirt ar a oibiachtúlacht.

3.   Ní iarrfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, le linn an t-imscrúdú sábháilteachta a sheoladh, teagaisc ó aon duine ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon duine agus beidh údarás neamhshrianta aige maidir le seoladh na n-imscrúduithe sábháilteachta.

4.   Féadfar na gníomhaíochtaí a thugtar mar chúram don údarás um imscrúdú sábháilteachta a leathnú chuig bailiú agus anailísiú faisnéise a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta, go háirithe chun críocha coiscthe tionóiscí, a mhéid nach ndéanann na gníomhaíochtaí sin difear do neamhspleáchas an údaráis agus nach ngabhann freagracht leo ó thaobh nithe a bhaineann le rialáil, riarachán nó caighdeáin.

5.   Chun an pobal a chur ar an eolas maidir leis an leibhéal ginearálta sábháilteachta eitlíochta, déanfar athbhreithniú sábháilteachta bliantúil a fhoilsiú ar leibhéal náisiúnta. San anailís sin, ní nochtfar foinsí faisnéise rúnda.

6.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na modhanna atá ag teastáil maidir le freagrachtaí an údaráis um imscrúdú sábháilteachta a chomhlíonadh go neamhspleách a thabhairt don údarás um imscrúdú sábháilteachta agus beidh sé in ann acmhainní leormhaithe a fháil chun déanamh amhlaidh. Go háirithe:

(a)

maidir le ceann an údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus/nó i gcás údaráis ilmhódaigh, maidir le ceann a bhrainse eitlíochta, beidh an taithí agus an cumas maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta aige nó aici chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhall i gcomhréir leis an Rialacháin seo agus leis an dlí náisiúnta;

(b)

tabharfar stádas do na himscrúdaitheoirí a fhágfaidh go mbeidh na ráthaíochtaí riachtanacha acu maidir le neamhspleáchas;

(c)

is é a bheidh san údarás um imscrúdú sábháilteachta ná imscrúdaitheoir amháin ar a laghad a bheidh ar fáil agus a bheidh in ann feidhm an imscrúdaitheora i gceannas a chomhlíonadh má tharlaíonn mórthionóisc aeir;

(d)

cionroinnfear buiséad ar an údarás um imscrúdú sábháilteachta agus beidh an buiséad sin de chineál a chuireann ar a chumas a fheidhmeanna a chomhlíonadh;

(e)

beidh fáil ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta, go díreach nó tríd an gcomhar dá dtagraítear in Airteagal 6, nó trí shocruithe le húdaráis náisiúnta eile, ar phearsanra cáilithe agus ar shaoráidí leordhóthanacha, lena n-áirítear oifigí agus haingir, chun go bhféadfar an t-aerárthach, nithe a bhí ann agus a raic a stóráil agus a scrúdú;

Airteagal 5

An oibleagáid imscrúdú a dhéanamh

1.   Beidh gach tionóisc nó gach teagmhas tromchúiseach a bhaineann d’aerárthach seachas na haerárthaí a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008, maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (6), faoi réir imscrúdaithe sábháilteachta sa Bhallstát ar ina chríoch a tharla an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach.

2.   Nuair a bhaineann tionóisc nó teagmhas tromchúiseach d’aerárthach atá cláraithe i mBallstát, seachas aerárthaí a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, agus nach féidir a shuíomh go críochnúil go bhfuil láthair na tionóisce nó láthair an teagmhais thromchúisigh i gcríoch aon Bhallstáit, is é údarás imscrúdaithe sábháilteachta Bhallstát an Chláraithe a dhéanfaidh imscrúdú sábháilteachta.

3.   Cinnfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta raon feidhme na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 4 agus an nós imeachta a bheidh le leanúint le linn na himscrúduithe sábháilteachta sin a dhéanamh, agus na ceachtanna a mbeidh sé ag súil a bhaint as na himscrúduithe sin á gcur san áireamh d’fhonn an tsábháilteacht eitlíochta a fheabhsú, agus d’aerárthaí a bhfuil mais uasta turgbhála acu atá níos lú ná 2 250 kg nó comhionann le 2 250 kg.

4.   Féadfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta cinneadh a dhéanamh chun teagmhais seachas na teagmhais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a imscrúdú, mar aon le tionóiscí nó teagmhais thromchúiseacha a bhaineann do chineálacha eile aerárthaí, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, nuair a bheifear ag súil le ceachtanna sábháilteachta a bhaint astu.

5.   Maidir leis na himscrúduithe sábháilteachta dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 4, ní bhainfidh siad in aon chor le milleán ná le dliteanas a chionroinnt. Beidh siad neamhspleách ar aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin chun milleán nó dliteanas a chionroinnt, beidh siad ar leithligh ó aon imeachtaí den sórt sin agus beidh siad gan dochar d’aon imeachtaí den sórt sin.

Airteagal 6

Comhar idir údaráis um imscrúdú sábháilteachta

1.   Féadfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta ó Bhallstát amháin cúnamh a iarraidh ar údaráis um imscrúdú sábháilteachta ó Bhallstáit eile. Nuair a aontaíonn údarás um imscrúdú sábháilteachta cúnamh a sholáthar, arna iarraidh sin air, déanfar an cúnamh sin a sholáthar saor in aisce a mhéid is féidir.

2.   Féadfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta seoladh imscrúdaithe ar thionóisc nó ar theagmhas tromchúiseach a tharmligean chuig údarás um imscrúdú sábháilteachta eile, de thoil a chéile, agus éascóidh sé próiseas imscrúdaithe an údaráis eile sin.

Airteagal 7

Gréasán Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid údarás um imscrúdú sábháilteachta Gréasán na nÚdarás um Imscrúdú Shábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta (“an Gréasán”) a bhunú, agus é comhdhéanta de cheann an údaráis um imscrúdú sábháilteachta i ngach Ballstát, nó a ionadaí, agus/nó, i gcás údaráis ilmhódaigh, ceann a bhrainse eitlíochta, nó a ionadaí nó a hionadaí, lena n-áirítear cathaoirleach a roghnófar as measc na gceann sin agus/nó na n-ionadaithe sin go ceann tréimhse trí bliana.

I ndlúthchomhar le comhaltaí an Ghréasáin, tarraingeoidh an cathaoirleach suas clár oibre bliantúil an Ghréasáin, lena gcomhlíonfar na cuspóirí agus lena bhfreastalófar ar na freagrachtaí a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, faoi seach. Tarchuirfidh an Coimisiún an clár oibre chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Tarraingeoidh an cathaoirleach suas an clár oibre le haghaidh chruinnithe an Ghréasáin freisin.

2.   Féachfaidh an Gréasán le cáilíocht imscrúduithe arna seoladh ag údaráis um imscrúdú sábháilteachta a fheabhsú tuilleadh agus lena neamhspleáchas a neartú tuilleadh. Go háirithe, spreagfaidh sé caighdeáin arda maidir le modhanna imscrúdaithe agus oiliúint imscrúdaitheoirí.

3.   D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, beidh an Gréasán freagrach as na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

moltaí a ullmhú agus comhairle a thabhairt d’institiúidí an Aontais i ndáil le gach gné d’fhorbairt agus de chur chun feidhme beartas agus rialacha Aontais maidir le himscrúduithe sábháilteachta agus maidir le tionóiscí agus teagmhais a chosc;

(b)

cur chun cinn a dhéanamh i leith pháirtiú na faisnéise atá úsáideach le haghaidh sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú agus comhar struchtúrtha a chur chun cinn go gníomhach idir údaráis um imscrúdú sábháilteachta, an Coimisiún, EASA agus údaráis náisiúnta eitlíochta sibhialta;

(c)

“athbhreithnithe piaraí”, gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha agus cláir um fhorbairt scileanna do na himscrúdaitheoirí a chomhordú agus a eagrú, i gcás inarb iomchuí;

(d)

na dea-chleachtais maidir le himscrúdú sábháilteachta a chur chun cinn d’fhonn modheolaíocht imscrúdaithe sábháilteachta Aontais chomhchoiteann a fhorbairt agus fardal de na dea-chleachtais sin a tharraingt suas;

(e)

cumas imscrúdaithe na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta a neartú, go háirithe trí chreat do pháirtiú acmhainní a fhorbairt agus a bhainistiú;

(f)

cúnamh iomchuí a sholáthar, ar iarraidh na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta chun Airteagal 6 a chur chun feidhme, lena n-áirítear liosta na n-imscrúdaitheoirí, an trealaimh agus na n-inniúlachtaí atá ar fáil i mBallstáit eile agus a d’fhéadfadh an t-údarás a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aige a úsáid, ach gan a bheith teoranta dó sin;

(g)

rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, agus anailís a dhéanamh ar na moltaí sábháilteachta a bheidh ann d’fhonn moltaí sábháilteachta tábhachtacha a mbeidh ábharthacht uile-Aontais ag baint leo a shainaithint;

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí an Ghréasáin. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin aon uair a chuirfidh an Chomhairle nó an Coimisiún iarraidh chuig an nGréasán.

5.   Ní iarrfaidh comhaltaí an Ghréasáin teagaisc ó aon chomhlacht, ar teagaisc iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stádas neamhspleách na n-imscrúduithe sábháilteachta, ná ní ghlacfaidh siad teagaisc den sórt sin.

6.   Tabharfar cuireadh do EASA, de réir mar is iomchuí, chun freastal mar bhreathnadóir ar chruinnithe an Ghréasáin. Féadfaidh an Gréasán cuireadh a thabhairt freisin do bhreathnadóirí ó údaráis imscrúdaithe sábháilteachta eile de chuid tríú tíortha agus do shaineolaithe ábhartha eile chun freastal ar a chuid cruinnithe.

7.   Beidh dlúthcheangal ag an gCoimisiún le hobair an Ghréasáin agus gheobhaidh sé an tacaíocht riachtanach ón nGréasán maidir le gnéithe ábhartha a bhaineann le forbairt bheartas agus rialáil an Aontais i ndáil le himscrúdú agus cosc tionóiscí eitlíochta sibhialta. Déanfaidh an Coimisiún an tacaíocht riachtanach a sholáthar don Ghréasán, lena n-áirítear cúnamh maidir le hullmhú agus eagrú a chruinnithe, chomh maith le cúnamh maidir le foilsiú tuarascála bliantúla faoi ghníomhaíochtaí an Ghréasáin, ach gan a bheith teoranta dó sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 8

Rannpháirtíocht EASA agus údarás eitlíochta sibhialta in imscrúduithe sábháilteachta

1.   Déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta, ar choinníoll go sásaítear an ceanglas á rá nach mbeidh coimhlint leasa ann, a iarraidh ar EASA agus ar údaráis sibhialta eitlíochta na mBallstát lena mbaineann, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, ionadaí a cheapadh chun páirt a ghlacadh:

(a)

mar chomhairleoir don imscrúdaitheoir i gceannas, in aon imscrúdú sabháilteachta faoi Airteagal 5(1) agus (2), a sheolfar i gcríoch Ballstáit nó in aon láthair dá dtagraítear in Airteagal 5(2) faoi rialú agus de rogha an imscrúdaitheora i gceannas;

(b)

mar chomhairleoir a cheaptar faoin Rialachán seo chun cabhrú le hionadaí creidiúnaithe nó le hionadaithe creidiúnaithe na mBallstát in aon imscrúdú sábháilteachta a sheoltar i dtríú tír agus a n-iarrtar ar údarás um imscrúdú sábháilteachta ionadaí creidiúnaithe a ainmniú chuige, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le cleachtais mholta maidir le tionóiscí agus teagmhais aerárthaí a imscrúdú, faoi mhaoirseacht an ionadaí chreidiúnaithe.

2.   Beidh na rannpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 i dteideal an méid seo a leanas a dhéanamh, go háirithe:

(a)

cuairt a thabhairt ar láthair na tionóisce agus an raic a scrúdú;

(b)

moltaí a thabhairt maidir le hábhar na gceisteanna agus faisnéis a fháil ó fhinnéithe;

(c)

cóipeanna de na doiciméid ábhartha uile a fháil agus faisnéis ábhartha fhíorasach a fháil;

(d)

páirt a ghlacadh i léamh na meán taifeadta, cé is moite de thaifeadáin gutha nó taifeadáin íomhá ó chró an phíolóta;

(e)

páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe nach imscrúduithe ar an láthair iad, amhail comhpháirteanna a scrúdú, a thástáil agus a ionsamhlú, faisnéisiú teicniúil agus cruinnithe maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe, ach amháin nuair a bhainfidh siad leis na cúiseanna a chinneadh nó le moltaí sábháilteachta a dhéanamh.

3.   Tacóidh EASA agus na húdaráis eitlíochta sibhialta leis an imscrúdú ina nglacfaidh siad páirt tríd an bhfaisnéis, trí na saineolaithe agus tríd an trealamh a iarrfar a sholáthar don údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas.

Airteagal 9

An oibleagáid fógra a thabhairt faoi thionóiscí agus faoi theagmhais thromchúiseacha

1.   Déanfaidh aon duine lena mbaineann a bheidh ar an eolas faoi thionóisc nó faoi theagmhas tromchúiseach atá tar éis tarlú fógra a thabhairt gan mhoill don údarás um imscrúdú sábháilteachta a bheidh inniúil i mBallstát an Tarlaithe.

2.   I gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus leis na cleachtais mholta, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún, do EASA, don Eagraíocht um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), do na Ballstáit agus do na tríú tíortha lena mbaineann faoi ghach tionóiscí agus faoi ghach teagmhas tromchúiseacha a tharlaíonn agus a mbeidh fógra faighte aige ina dtaobh.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht na mBallstát in imscrúduithe sábháilteachta

1.   Tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile nó ó thríú tír á rá gur tharla tionóisc nó teagmhas tromchúiseach, déanfaidh na Ballstáit arb iad Stát an Chláraithe, Stát an Oibreora, Stát an Deartha agus Stát na Monaraíochta iad an Ballstát nó an tríú tír inar tharla an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach ina chríoch nó ina críoch a chur ar an eolas a luaithe is féidir i dtaobh an mbeartaíonn siad acu ionadaí creidiúnaithe a cheapadh i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta. I gcás ina gceapfar ionadaí creidiúnaithe den sórt sin, déanfar a ainm nó a hainm agus a chuid mionsonraí teagmhála nó a cuid mionsonraí teagmhála a sholáthar agus, chomh maith leis sin, más rud é go mbeartaíonn an t-ionadaí creidiúnaithe taisteal chuig an tír a thug an fógra, an dáta a measfar a shroichfidh sé an tír sin.

2.   Maidir le hionadaithe creidiúnaithe do Stát an Deartha, is é údarás um imscrúdú sábháilteachta an Bhallstáit ina chríoch atá príomháit ghnó shealbhóir an deimhnithe do dhearadh cineáil an aerárthaigh nó an gléasra cumhachta suite a cheapfaidh iad.

Airteagal 11

Stádas na n-imscrúdaitheoirí sábháilteachta

1.   Nuair a cheapfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta imscrúdaitheoir i gceannas, agus d’ainneoin aon fhiosrúcháin bhreithiúnaigh, beidh údarás ag an imscrúdaitheoir i gceannas na bearta riachtanacha a dhéanamh chun ceanglais an imscrúdaithe sábháilteachta a shásamh.

2.   D’ainneoin aon oibleagáidí rúndachta faoi ghníomhartha dlíthiúla an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, beidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas i dteideal an méid seo go háirithe:

(a)

rochtain neamhshrianta, gan bhac a fháil láithreach ar láthair na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh agus ar an aerárthach, ar a bhfuil ann nó ar a raic;

(b)

a áirithiú go liostófar an fhianaise láithreach agus go dtabharfar smiodar nó comhpháirteanna chun bealaigh ar mhodh rialaithe chun críocha scrúdaithe nó anailíse;

(c)

rochtain agus rialú a fháil láithreach ar na taifeadáin eitilte, agus ar a bhfuil iontu, agus ar aon taifeadtaí ábhartha eile;

(d)

a iarraidh go ndéanfar scrúdú iomlán iarbháis ar choirp na ndaoine a ndearnadh díobháil mharfach dóibh, agus rannchuidiú leis an scrúdú sin, agus rochtain a fháil láithreach ar thórthaí na scrúduithe sin nó ar thorthaí tástálacha a dhéanfar ar shamplaí a thógfar;

(e)

a iarraidh go ndéanfar scrúdú leighis ar na daoine a raibh baint acu le hoibriú an aerárthaigh nó a iarraidh go ndéanfar tástálacha ar shamplaí a thógfar ó na daoine sin agus rochtain a fháil láithreach ar thórthaí na scrúduithe nó na dtástálacha sin;

(f)

glaoch ar fhinnéithe agus iad a cheistiú, agus a cheangal orthu faisnéis nó fianaise a bhaineann leis an imscrúdú sábháilteachta a sholáthar nó a thabhairt ar aird;

(g)

saor-rochtain a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha nó ar aon taifid ábhartha atá ag an úinéir, ag sealbhóir an deimhnithe do dhearadh cineáil an aerárthaigh, ag an eagraíocht atá freagrach as cothabháil, ag an eagraíocht um oiliúint, ag oibreoir nó ag monaróir an aerárthaigh, ag na húdaráis atá freagrach as an eitlíocht shibhialta, ag EASA, agus ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta nó ag oibreoirí aeradróim.

3.   Déanfaidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas na teidlíochtaí a liostaítear i mír 2 a thabhairt dá shaineolaithe nó dá saineolaithe agus dá chomhairleoirí nó dá comhairleoirí, agus, chomh maith leis sin, do na hionadaithe creidiúnaithe, dá saineolaithe siúd agus dá gcomhairleoirí siúd, a mhéid is gá sin chun a chumasú dóibh páirt éifeachtach a ghlacadh san imscrúdú sábháilteachta. Beidh na teidlíochtaí sin gan dochar do chearta na n-imscrúdaitheoirí agus na saineolaithe a ainmneoidh an t-údarás atá i gceannas an fhiosrúcháin bhreithiúnaigh.

4.   Déanfaidh aon duine a bheidh rannpháirteach in imscrúduithe sábháilteachta a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh ar bhonn neamhspleách agus ní iarrfaidh sé teagaisc, ná ní ghlacfaidh sé teagaisc, ó aon duine seachas an t-imscrúdaitheoir i gceannas nó an t-ionadaí creidiúnaithe.

Airteagal 12

Imscrúduithe a chomhordú

1.   I gcás ina ndéantar imscrúdú breithiúnach a thionscnamh freisin i ndáil le tionóisc nó teagmhas tromchúiseach, déanfar an t-imscrúdaitheoir i gceannas a chur ar an eolas faoi. Sa chás sin, áiritheoidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas inrianaitheacht agus déanfaidh sé na taifeadáin eitilte agus aon fhianaise fhisiciúil a choinneáil faoina choimeád féin. Féadfaidh an t-údarás breithiúnach duine dá oifigigh a cheapadh chun dul in éineacht leis na taifeadáin eitilte nó leis an bhfianaise fhisiciúil chuig an áit a léifear iad nó a ndéileálfar leo. I gcás ina bhféadfadh scrúdú nó anailís fianaise fhisiciúil den sórt sin a mhodhnú, a athrú nó a scriosadh, beidh comhaontú roimh ré ag teastáil ó na húdaráis bhreithiúnacha, ach sin gan dochar don dlí náisiúnta. I gcás nach bhfaighfear an comhaontú sin i gcomhréir leis na réamhshocruithe dá dtagraítear i mír 3 taobh istigh de thréimhse réasúnach ama agus tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis na hiarrata, ní choiscfidh an méid sin ar an imscrúdaitheoir i gceannas an scrúdú nó an anailís a dhéanamh. I gcás ina mbeidh an t-údarás breithiúnach i dteideal aon fhianaise a urghabháil, beidh rochtain neamhtheoranta ag an imscrúdaitheoir i gceannas ar an bhfianaise sin láithreach agus féadfaidh sé í a úsáid.

2.   Más rud é, le linn an imscrúdaithe sábháilteachta, go dtagann sé chun solais, nó go bhfuil drochamhras ann, gur ghabh cur isteach neamhdhleathach leis an tionóisc nó leis an teagmhas tromchúiseach, mar a fhoráiltear faoin dlí náisiúnta, amhail an dlí ar imscrúduithe tionóiscí, cuirfidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas na húdaráis inniúla ar an eolas faoin méid sin láithreach. Faoi réir Airteagal 14, déanfar an fhaisnéis ábhartha a bhaileofar le linn an imscrúdaithe sábháilteachta a pháirtiú láithreach leis na húdaráis sin agus, arna iarraidh sin, féadfar ábhar ábhartha a aistriú chuig na húdaráis sin freisin. Beidh páirtiú na faisnéise sin nó an ábhair sin gan dochar do cheart an údaráis um imscrúdú sábháilteachta leanúint den imscrúdú sábháilteachta, i gcomhar leis na húdaráis a bhféadfadh cúram rialaithe na láithreach a bheith aistrithe chucu.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, maidir leis na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta agus na húdaráis eile ar dóigh dóibh baint a bheith acu leis na gníomhartha a bhainfidh leis an imscrúdú sábháilteachta, amhail na húdaráis bhreithiúnacha, na húdaráis um eitlíocht shibhialta agus na húdaráis chuardaigh agus tarrthála, go gcomhoibreoidh siad lena chéile trí réamhshocruithe a dhéanamh.

Leis na réamhshocruithe sin, urramófar neamhspleáchas an údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus féadfar an t-imscrúdú teicniúil a dhéanamh go dícheallach agus go héifeachtúil; cuimseoidh na réamhshocruithe na hábhair seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)

rochtain ar láthair na tionóisce;

(b)

fianaise a chaomhnú agus rochtain ar fhianaise;

(c)

tuairisciú tosaigh agus tuairisciú leanúnach ar stádas gach próisis;

(d)

malartú faisnéise;

(e)

faisnéis sábháilteachta a úsáid go hiomchuí;

(f)

coimhlintí a réiteach.

Cuirfidh na Ballstáit na réamhshocruithe sin in iúl don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún chuig cathaoirleach an Ghréasáin, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

Airteagal 13

Fianaise a chaomhnú

1.   Beidh an Ballstát ar tharla an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach ina chríoch freagrach as a áirithiú go ndéileálfar go sábháilte leis an bhfianaise go léir agus as gach beart réasúnach a dhéanamh chun an fhianaise sin a chosaint agus as an aerárthach, a bhfuil ann agus a raic a choinneáil faoi choimeád slán ar feadh cibé tréimhse is gá chun críche imscrúdaithe sábháilteachta. Áireofar le cosaint fianaise caomhnú a dhéanamh, trí mheán na grianghrafadóireachta nó trí aon mheán eile, ar aon fhianaise a d’fhéadfaí a thabhairt chun bealaigh, a scriosadh, a chailliúint nó a dhíothú. Áireofar le cosaint shábháilte cosaint ar thuilleadh damáiste, ar rochtain a bheith ag daoine neamhúdaraithe, ar mhionghadaíocht agus ar mheathlúchán.

2.   Go dtí go dtiocfaidh na himscrúdaitheoirí sábháilteachta ar an láthair, ní mhodhnóidh duine ar bith staid láthair na tionóisce, ní thógfaidh duine ar bith samplaí ón láthair, ní bhogfaidh duine ar bith an t-aerárthach, aon ní atá san aerárthach ná raic an aerárthaigh ná ní thógfaidh duine ar bith aon sampla uathu, ná ní thabharfaidh duine ar bith chun bealaigh é ach amháin i gcás ina bhféadfadh sé gur gá sin ar chúiseanna sábháilteachta nó chun cúnamh a thabhairt do dhaoine díobhálaithe nó i gcás ina bhfuil cead sainráite chuige sin tugtha ag na húdaráis a bhfuil an láthair faoina rialú agus, nuair is féidir é, i gcomhairle leis an údarás um imscrúdú sábháilteachta.

3.   Déanfaidh aon duine lena mbaineann na bearta riachtanacha go léir chun doiciméid, ábhar agus taifeadtaí a bhaineann leis an eachtra a chaomhnú, go háirithe ionas nach scriosfar taifeadtaí comhráite agus aláram tar éis na heitilte.

Airteagal 14

Faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint

1.   Ní chuirfear na taifid seo a leanas ar fáil ná a úsáid seachas chun críocha an imscrúdaithe sábháilteachta:

(a)

gach ráiteas a ghlac an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta ó dhaoine le linn an imscrúdaithe sábháilteachta;

(b)

taifid a nochtann céannacht na ndaoine a thug fianaise i gcomhthéacs an imscrúdaithe sábháilteachta;

(c)

faisnéis a bhailíonn an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, ar faisnéis í de chineál íogair agus phearsanta, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le sláinte daoine aonair;

(d)

ábhar a sholáthraítear ina dhiaidh sin le linn an imscrúdaithe amhail nótaí, dréachtaí, tuairimí a scríobh na himscrúdaitheoirí, tuairimí a cuireadh in iúl le linn an fhaisnéis a anailísiú, lena n-áirítear faisnéis ó na taifeadáin eitilte;

(e)

faisnéis agus fianaise a sholáthraíonn imscrúdaitheoirí ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le cleachtais mholta, i gcás ina n-iarrann an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta sin amhlaidh;

(f)

dréachtaí de réamhthuarascálacha nó de thuarascálacha críochnaitheacha nó de ráitis eatramhacha;

(g)

taifeadtaí gutha agus íomhá ó chró an phíolóta agus trascríbhinní na dtaifeadtaí sin, chomh maith le taifeadtaí gutha laistigh de na haonaid rialaithe aerthráchta, á áirithiú freisin go ndéanfar faisnéis nach bhfuil ábhartha don imscrúdú sábháilteachta, go háirithe faisnéis a bhfuil tionchar aici ar phríobháideachas pearsanta, a chosaint go hiomchuí, ach sin gan dochar do mhír 3.

2.   Ní chuirfear na taifid seo a leanas ar fáil ná a úsáid seachas chun críocha an imscrúdaithe sábháilteachta nó chun críocha eile arb é is aidhm dóibh ná sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú:

(a)

gach cumarsáid idir daoine a raibh baint acu le hoibriú an aerárthaigh;

(b)

taifeadtaí i scríbhinn nó taifeadtaí leictreonacha agus trascríbhinní ó thaifeadtaí ó aonaid rialaithe aerthráchta, lena n-áirítear tuarascálacha agus torthaí arna n-ullmhú chun críoch inmheánach;

(c)

litreacha cumhdaigh chun moltaí sábháilteachta a tharchur ón údarás um imscrúdú sábháilteachta chuig an seolaí, arna iarraidh sin don údarás um imscrúdú sábháilteachta a eisíonn na moltaí;

(d)

tuairisciú tarluithe a chomhdaítear faoi Threoir Uimh. 2003/42/CE.

Ní chuirfear taifeadtaí ó thaifeadán eitilte ar fáil ná ní bhainfear úsáid astu seachas chun críocha imscrúdaithe sábháilteachta, aeracmhainneachta nó cothabhála, ach amháin i gcás ina ndí-shainaithnítear nó ina nochtar na taifeadtaí sin de réir nósanna imeachta daingne.

3.   D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh lucht riartha an cheartais nó an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh maidir leis na taifid a nochtadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a chinneadh gur mó iad na sochair a bhainfeadh leis na taifid dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a nochtadh chun aon chríoch eile a cheadaítear le dlí ná an drochthionchar a bheadh ag gníomh den sórt sin sa bhaile agus go hidirnáisiúnta ar an imscrúdú sábháilteachta sin nó ar aon imscrúdú sábháilteachta amach anseo. Agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á n-urramú acu ag an am céanna, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh teorainn a chur leis na cásanna ina bhféadfar cinneadh um scaoileadh a dhéanamh.

Féadfar cumarsáid taifead dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chuig Ballstát eile a dheonú chun críocha seachas críocha imscrúdaithe sabháilteachta agus, chomh maith leis sin, maidir le mír 2 chun críocha seachas críocha a bhfuil se de chuspóir acu feabhas a chur ar an eitlíocht shibhialta a mhéid a cheadaíonn dlí an Bhallstáit a dhéanfaidh an chumarsáid é. Ní dhéanfaidh údaráis an Bhallstáit a ghlacfaidh leis an gcumarsáid próiseáil ná scaoileadh taifead a bhfaightear tríd an gcumarsáid sin ach amháin i ndiaidh réamhchomhairliúcháin leis an mBallstát a dhéanfaidh an chumarsáid agus faoi réir dhlí náisiúnta an Stáit a ghlacfaidh leis an gcumarsáid.

4.   Ní fhéadfar aon sonraí a nochtadh seachas na sonraí atá fíor-riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 15

Faisnéis a chur in iúl

1.   Beidh foireann an údaráis um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas, nó aon duine eile a n-iarrfar air páirt a ghlacadh san imscrúdú sábháilteachta nó rannchuidiú leis an imscrúdú sábháilteachta, faoi cheangal ag na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht ghairmiúil, faoin reachtaíocht is infheidhme, lena n-áirítear rúndacht maidir le hanaithnideacht daoine ar bhain tionóisc nó teagmhas tromchúiseach dóibh.

2.   Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas an fhaisnéis a mheasfaidh sé a bheith ábhartha ó thaobh tionóisc nó teagmhas tromchúiseach a chosc a chur in iúl do na daoine atá freagrach as monarú nó as cothabháil aerárthaí nó trealaimh aerárthaí, agus chuig na daoine aonair nó na heintitis dhlíthiúla atá freagrach as aerárthaí a oibriú nó as oiliúint foirne.

3.   Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas agus an t-ionadaí creidiúnaithe nó na hionadaithe creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8 faisnéis fhíorasach ábhartha a gheofar le linn an imscrúdaithe sábháilteachta a scaoileadh chuig EASA agus chuig údaráis náisiúnta um eitlíocht shibhialta, ach ní dhéanfar faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) ná faisnéis a chruthódh coimhlint leasa a scaoileadh. Déanfar an fhaisnéis a fhaigheann EASA agus na húdaráis náisiúnta um eitlíocht shibhialta a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le gníomhartha dlíthiúla infheidhme an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta.

4.   Beidh údarás ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas aon fhaisnéis ar na barúlacha fíorasacha, ar imeachtaí an imscrúdaithe sábháilteachta, b’fhéidir ar réamhthuarascálacha nó ar réamhchonclúidí agus/nó ar mholtaí sábháilteachta, a chur in iúl d’íospartaigh, dá ngaolta agus dá gcumainn nó a phoibliú, ar choinníoll nach ndéanfaidh faisnéis den sórt sin dochar do chuspóirí an imscrúdaithe sábháilteachta agus go gcomhlíonfaidh sí go hiomlán an reachtaíocht is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

5.   Sula ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a phoibliú, cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na híospartaigh, chuig a ngaolta agus chuig a gcumainn ar bhealach nach ndéanfaidh dochar do chuspóirí an imscrúdaithe sábháilteachta.

Airteagal 16

Tuarascáil an imscrúdaithe

1.   Déanfar gach imscrúdú sábháilteachta a thabhairt chun críche trí thuarascáil i bhfoirm a oirfidh do chineál agus do thromchúis na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh. Luafar sa tuarascáil gurb é is cuspóir aonair don imscrúdú sábháilteachta ná tionóiscí agus teagmhais amach anseo a chosc, gan milleán ná dliteanas a chionroinnt. Áireofar moltaí sábháilteachta sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí sin.

2.   Déanfaidh an tuarascáil anaithnideacht aon duine ar bhain an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach dó a chosaint.

3.   I gcás ina n-eascróidh tuarascálacha as imscrúduithe sábháilteachta roimh dheireadh an imscrúdaithe, féadfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, sula bhfoilseofar na tuarascálacha sin, barúlacha a shireadh ar na húdaráis lena mbaineann, lena n-áirítear EASA, agus, trí na húdaráis sin, ar shealbhóir an deimhnithe do dhearadh, ar an monaróir agus ar an oibreoir lena mbaineann. Beidh na heintitis a rachfar i gcomhairle leo faoi cheangal ag rialacha na rúndachta gairmiúla is infheidhme maidir le hábhar an chomhairliúcháin.

4.   Sula bhfoilseofar an tuarascáil chríochnaitheach, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta barúlacha a shireadh ar na húdaráis lena mbaineann, lena n-áirítear EASA, agus trí na húdaráis sin, ar shealbhóir an deimhnithe do dhearadh, ar an monaróir agus ar an oibreoir lena mbaineann agus beidh siad sin faoi cheangal ag rialacha na rúndachta gairmiúla is infheidhme maidir le hábhar an chomhairliúcháin. Le linn na barúlacha sin a shireadh, leanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta.

5.   Ní áireofar an fhaisnéis a chumhdaítear faoi Airteagal 14 ach nuair a bheidh sí ábhartha maidir le hanailís na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh. Ní nochtfar faisnéis, ná codanna d’fhaisnéis, nach bhfuil ábhartha don anailís.

6.   Poibleoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta an tuarascáil chríochnaitheach laistigh den achar ama is giorra is féidir agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta, laistigh de 12 mhí ó dháta na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh.

7.   I gcás nach féidir an tuarascáil chríochnaitheach a phoibliú laistigh de 12 mhí, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, ar a laghad, ráiteas eatramhach a scaoileadh gach bliain ar chothromdháta na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh, ar ráiteas é ina mbeidh mionsonraí faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe agus faoi aon saincheisteanna sábháilteachta atá ann.

8.   Cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta cóip den tuarascáil chríochnaitheach agus de na moltaí sábháilteachta ar aghaidh a luaithe is féidir:

(a)

chuig údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus údaráis eitlíochta sibhialta na Stát lena mbaineann, agus chuig ICAO, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta;

(b)

chuig seolaithe na moltaí sábháilteachta atá sa tuarascáil;

(c)

chuig an gCoimisiún agus chuig EASA, ach amháin i gcás ina bhfuil an tuarascáil ar fáil go poiblí trí mheán leictreonach agus, sa chás sin, ní dhéanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta ach fógra a thabhairt dóibh á rá sin.

Airteagal 17

Moltaí sábháilteachta

1.   Ag aon chéim den imscrúdú sábháilteachta, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, tar éis comhairle iomchuí a ghlacadh leis na páirtithe ábhartha, aon ghníomh a mheasfaidh sé is gá a dhéanamh go pras chun feabhas a chur ar shábháilteacht na heitlíochta a mholadh i litir tharchuir dhátaithe chuig na húdaráis lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha.

2.   Féadfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta moltaí sábháilteachta a eisiúint freisin ar bhonn staidéar nó anailíse ar shraith imscrúduithe nó gníomhaíochtaí eile arna seoladh i gcomhréir le hAirteagal 4(4).

3.   Ní hionann moladh sábháilteachta i gcás ar bith agus toimhde milleáin nó dliteanais i dtaobh tionóisce nó teagmhais thromchúisigh nó teagmhais.

Airteagal 18

Gníomhartha ag leanúint as moltaí sábháilteachta agus bunachar sonraí na moltaí sábháilteachta

1.   Tabharfaidh seolaí an mholta sábháilteachta admháil á rá go bhfuarthas an litir tharchuir agus déanfaidh sé an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta a d’eisigh an moladh a chur ar an eolas laistigh de 90 lá ón dáta a bhfaighidh sé an litir sin faoi na gníomhartha atá déanta nó atá á mbreithniú, agus más iomchuí, faoin am is gá chun iad a chur i gcrích agus i gcás nach ndéantar aon ghníomh, faoi na cúiseanna leis sin.

2.   Laistigh de 60 lá ón dáta a bhfaighfear an freagra, cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta an seolaí ar an eolas i dtaobh an measann sé go bhfuil, nó nach bhfuil, an freagra leordhóthanach agus tabharfaidh sé cosaint mhaith nuair a easaontaíonn sé leis an gcinneadh gan aon ghníomh a dhéanamh.

3.   Cuirfidh gach údarás um imscrúdú sábháilteachta nósanna imeachta chun feidhme chun na freagairtí ar na moltaí sábháilteachta a d’eisigh sé a thaifeadadh.

4.   Déanfaidh gach seolaí a gheobhaidh moladh sábháilteachta, lena n-áirítear na húdaráis atá freagrach as sábháilteacht eitlíochta sibhialta ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, nósanna imeachta a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an ghnímh a dhéantar mar fhreagairt ar na moltaí sábháilteachta a fuarthas.

5.   Déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta na moltaí sábháilteachta go léir arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (2), mar aon leis na freagairtí orthu, a thaisceadh sa taisclann lárnach a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007 lena leagtar síos na rialacha chur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le tarluithe eitlíochta sibhialta agus a mhalartaítear i gcomhréir le Treoir 2003/42/CE a chomhtháthú i dtaisclann lárnach (7). Ar an mbealach céanna, déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta na moltaí sábháilteachta go léir a fhaightear ó thríú tíortha a thaifeadadh sa taisclann lárnach.

Airteagal 19

Tuairisciú teagmhas

1.   Comhoibreoidh EASA agus údaráis inniúla na mBallstát lena chéile agus beidh siad rannpháirteach go tráthrialta i malartú agus in anailísiú na faisnéise a chumhdaítear le Treoir 2003/42/CE. Cumhdófar leis an gcomhoibriú sin rochtain ar-líne ag daoine ainmnithe ar fhaisnéis atá sa taisclann lárnach a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis lena ndéantar an t-aerárthach is ábhar do thuarascáil tarluithe a shainaithint go díreach, amhail a shraithuimhir agus a chláruimhir, i gcás ina bhfuil na huimhreacha sin ar fáil. Ní chumhdóidh an rochtain sin faisnéis lena ndéantar an t-oibreoir is ábhar do thuarascáil tarluithe a shainaithint go díreach.

2.   Áiritheoidh EASA agus údaráis na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 rúndacht na faisnéise sin, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme agus cuirfidh siad teorainn lena húsáid ionas nach n-úsáidfear í ach amháin i gcomhair nithe atá fíor-riachtanach chun a gcuid oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht a chomhall. Ina leith sin, ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach amháin chun anailís a dhéanamh ar threochtaí sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn do mholtaí sábháilteachta anaithnide nó do threoracha aeracmhainneachta gan milleán nó dliteanas a chionroinnt.

Airteagal 20

Faisnéis faoi dhaoine agus faoi earraí contúirteacha ar bord

1.   Déanfaidh aerlínte de chuid an Aontais a oibríonn eitiltí a thagann go dtí aerfort atá suite i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, nó a imíonn ó aerfort den sórt sin, agus aerlínte de chuid tríú tíortha a oibríonn eitiltí a imíonn ó aerfort den sórt sin, nósanna imeachta a chur chun feidhme trína bhféadfar na nithe a leanas a thabhairt ar aird:

(a)

a luaithe is féidir, agus laistigh de dhá uair an chloig ar a dhéanaí ón tráth a bhfógraítear gur tharla tionóisc don aerárthach, liosta bailíochtaithe de na daoine go léir ar bord agus é bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil; agus

(b)

go díreach tar éis fógra a thabhairt á rá gur tharla tionóisc don aerárthach, liosta de na hearraí contúirteacha ar bord.

2.   Déanfar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas, don údarás a ainmneoidh gach Ballstát chun idirchaidreamh a dhéanamh le gaolta na ndaoine ar bord agus, i gcás inar gá sin, do na haonaid leighis a bhféadfaidh gá a bheith acu leis an bhfaisnéis chun cóireáil a thabhairt d’íospartaigh.

3.   Chun ligean do ghaolta na bpaisinéirí faisnéis a fháil go tapa maidir lena ngaolta a bheith ar bord aerárthaigh ar bhain tionóisc dó, tabharfaidh aerlínte an deis do thaistealaithe ainm agus mionsonraí teagmhála an duine a ndéanfar teagmháil leis i gcás tionóisce a thabhairt don aerlíne. Ní fhéadfaidh na haerlínte an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i gcás tionóisce agus ní thabharfar an fhaisnéis sin do thríú páirtithe nó ní úsáidfear í chun críoch tráchtála.

4.   Ní dhéanfar ainm duine ar bord a chur ar fáil go poiblí go dtí go gcuirfidh na húdaráis ábhartha gaolta an duine sin ar an eolas. Déanfar an liosta dá dtagraítear i mír 1(a) a choinneáil faoi rún i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus, faoina réir sin, ní phoibleofar ainm gach duine ar an liosta sin ach amháin i gcás nach ndearna gaolta na ndaoine ar bord agóid ina choinne sin.

Airteagal 21

Cúnamh d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta

1.   Chun freagairt níos cuimsithí agus níos comhchuibhithe ar thionóiscí a áirithiú ar leibhéal an AE, déanfaidh gach Ballstát plean éigeandála um thionóiscí eitlíochta sibhialta a bhunú ar an leibhéal náisiúnta. Cumhdófar freisin le plean éigeandála den sórt sin cúnamh a thabhairt d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta.

2.   Áiritheoidh Ballstáit go bhfuil plean ag gach aerlíne atá bunaithe ina gcríoch chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta. Ní mór do na pleananna sin aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht shíceolaíoch d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta agus a chur ar chumas na haerlíne freagairt ar mhórthionóisc. Déanfaidh na Ballstáit iniúchadh ar phleananna cúnaimh na n-aerlínte atá bunaithe ina gcríoch. Déanfaidh na Ballstáit aerlínte ó thríú tíortha a oibríonn san Aontas a spreagadh freisin chun plean a ghlacadh sa tslí chéanna maidir le cúnamh a thabhairt d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta.

3.   Nuair a tharlaíonn tionóisc, déanfaidh an Ballstát atá i gceannas ar an imscrúdú, nó an Ballstát ina bhfuil an aerlíne, ar léi an t-aerárthach ar bhain an tionóisc dó, bunaithe, nó an Ballstát a bhfuil líon mór náisiúnach dá chuid ar bord an aerárthaigh ar bhain an tionóisc dó, foráil maidir le duine tagartha a cheapadh mar phointe teagmhála agus faisnéise do na híospartaigh agus dá ngaolta.

4.   Beidh Ballstát, nó tríú tír, ag a bhfuil leas ar leith, de bhua bhás a shaoránach nó a saoránach nó de bhua díobhálacha dóibh, sa tionóisc a tharla i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, i dteideal saineolaí a cheapadh agus beidh na cearta seo a leanas aige nó aici:

(a)

cuairt a thabhairt ar láthair na tionóisce;

(b)

rochtain a fháil ar an bhfaisnéis fhíorasach ábhartha, ar faisnéis í a bheidh formheasta ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas lena scaoileadh go poiblí, agus ar fhaisnéis faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe;

(c)

cóip den tuarascáil chríochnaitheach a fháil.

5.   Féadfaidh saineolaí a cheaptar i gcomhréir le mír 4 cúnamh a thabhairt, faoi réir na reachtaíochta infheidhme a bheidh i bhfeidhm, maidir le sainaithint na n-íospartach agus féadfaidh sé nó sí freastal ar chruinnithe leis na marthanóirí óna Stát féin.

6.   I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le ceanglais árachais d’aeriompróirí agus d’oibreoirí aerárthaí (8), déanfaidh aeriompróirí ó thríú tíortha na hoibleagáidí árachais a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhall freisin.

Airteagal 22

Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (9).

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (10) agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus saorghluaiseacht na sonraí sin (11).

Airteagal 23

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit na rialacha síos maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 24

An Rialachán a leasú

Beidh an Rialachán seo faoi réir athbhreithnithe tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2014. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart an Rialachán seo a leasú, iarrfaidh sé ar an nGréasán réamhthuairim a eisiúint agus cuirfear an réamhthuairim sin ar aghaidh freisin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig na Ballstáit agus chuig EASA.

Airteagal 25

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 94/56/CE leis seo.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Deireadh Fómhair 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 27 Bealtaine 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 132, 21.5.2010, lch. 1.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2010.

(4)  IO L 167, 4.7.2003, lch. 23.

(5)  IO L 319, 12.12.1994, lch. 14.

(6)  IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.

(7)  IO L 294, 13.11.2007, lch. 3.

(8)  IO L 138, 30.4.2004, lch. 1.

(9)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(10)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(11)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Liosta samplaí de theagmhais thromchúiseacha

Maidir leis na teagmhais atá liostaithe thíos, is samplaí tipiciúla iad de na teagmhais ar dóigh dóibh a bheith ina dteagmhais thromchúiseacha. Ní liosta uileghabhálach é agus níl ann ach treoir ó thaobh an tsainmhínithe ar ‘teagmhas tromchúiseach’:

Neas-imbhualadh a éilíonn inlíocht seachanta chun imbhualadh nó staid chontúirteach a sheachaint nó i gcás ina mbeadh gníomh seachanta oiriúnach,

Is ar éigean a sheachnaítear imbhualadh in aghaidh na talún gan rialú na heitilte a chailleadh,

Stop curtha le turgbháil ó rúidbhealach dúnta nó ó rúidbhealach gafa, ó bhealach innlithe, seachas oibríochtaí údaraithe ag héileacaptair, nó ó rúidbhealach neamhshannta,

Turgbháil ó rúidbhealach dúnta nó ó rúidbhealach gafa, ó bhealach innlithe, seachas oibríochtaí údaraithe ag héileacaptair, nó ó rúidbhealach neamhshannta,

Tuirlingt nó iarracht ar thuirlingt ar rúidbhealach dúnta nó ar rúidbhealach gafa, ar bhealach innlithe, seachas oibríochtaí údaraithe ag héileacaptair, nó ar rúidbhealach neamhshannta,

Mórchlistí na feidhmíochta a bhí tuartha a bhaint amach le linn turgbhála nó le linn an dreaptha tosaigh,

Dóiteáin agus deatach in urrann na bpaisinéirí nó in urranna an lasta nó dóiteáin san inneall, d’ainneoin gur múchadh na dóiteáin sin le hoibreáin mhúchta,

Imeachtaí a éilíonn úsáid éigeandála ocsaigine ag an bhfoireann eitilte,

Cliseadh déanmhasach an aerárthaigh nó díscaoileadh an innill, lena n-áirítear clistí a bhaineann don inneall tuirbín agus nach sriantar, agus nach n-aicmítear mar thionóisc,

Iliomad mífheidhmeanna i gcóras amháin nó níos mó den aerárthach a dhéanann difear tromchúiseach acu d’oibriú an aerárthaigh,

An fhoireann eitilte a bheith éagumasaithe le linn eitilte,

Leibhéal breosla ar dá bharr a cheanglaítear ar an bpíolóta éigeandáil a fhógairt,

Ionraí ar rúidbhealach arna aicmiú le déine A de réir an Lámhleabhair um Ionraí ar Rúidbhealach a Chosc (EESI Doc 9870),

Teagmhais le linn turgbhála nó tuirlingthe. Teagmhais amhail gan rúidbhealaigh a shroicheadh, eitilt rófhada tharstu nó imeacht ó thaobh rúidbhealaigh,

Clistí córas, feiniméin aimsire, oibriú lasmuigh den imchlúdach formheasta eitilte nó tarluithe eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le deacrachtaí maidir le rialú an aerárthaigh,

Cliseadh níos mó ná córas amháin i gcóras iomarcaíochta atá éigeantach maidir le treoraíocht eitilte agus loingseoireacht.


Top