EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E207

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A CÚIG - GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
TEIDEAL II - COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA
Airteagal 207 (sean-Airteagal 133 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 140–141 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_207/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/140


Airteagal 207

(sean-Airteagal 133 CCE)

1.   Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail aonfhoirmeacha, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraife, le comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann le trádáil in earraí agus i seirbhísí a thabhairt i gcrích, agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, le hinfheistíocht dhíreach choigríche, le haonfhoirmeachas a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas. Seolfar an comhbheartas tráchtála faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

2.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta ina saineofar an creat chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

3.   Nuair is gá comhaontuithe le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, beidh feidhm ag Airteagal 218, faoi réir fhorálacha speisialta an Airteagail seo.

Cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle agus údaróidh an Chomhairle dó tús a chur leis an gcaibidlíocht is gá. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as a áirithiú go bhfuil na comhaontuithe arna gcaibidil ag luí le beartais agus le rialacha inmheánacha an Aontais.

Is é an Coimisiún a sheolfaidh an chaibidlíocht sin, i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle chun bheith de chúnamh ag an gCoimisiún sa chúram sin, agus faoi chuimsiú na dtreoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú chuige. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta don choiste speisialta agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le dul chun cinn na caibidlíochta.

4.   D'fhonn na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

D'fhonn comhaontuithe a bhaineann le réimse na trádála i seirbhísí agus i réimse ghnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, mar aon le hinfheistíocht dhíreach choigríche, a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle d'aontoil nuair atá forálacha sna comhaontuithe sin ar gá aontoilíocht a bheith leo chun rialacha inmheánacha a ghlacadh.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aontoil freisin maidir le comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích:

(a)

i réimse na trádála i seirbhísí cultúrtha agus closamhairc nuair is dóigh do na comhaontuithe sin dochar a dhéanamh d'éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais;

(b)

i réimse na trádála i seirbhísí sóisialta, oideachais agus sláinte, nuair is dóigh dóibh eagrúchán náisiúnta na seirbhísí sin a shuaitheadh go tromchúiseach ar leibhéal náisiúnta agus dochar a dhéanamh do fhreagracht na mBallstát na seirbhísí sin a sholáthar.

5.   Beidh caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an iompair faoi réir Theideal VI de Chuid a Trí agus Airteagal 218.

6.   Ní dhéanfaidh feidhmiú na n-inniúlachtaí arna dtabhairt san Airteagal seo i réimse an chomhbheartais tráchtála difear do theorannú na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit ná ní bheidh comhchuibhiú ar fhorálacha reachtacha ná rialúcháin na mBallstát mar thoradh air a mhéid a eisiann na Conarthaí comhchuibhiú den sórt sin.


Top