Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0530

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Plean Gníomhaíochta maidir le Tionscal Eorpach na gCeimiceán

COM/2025/530 final

Strasbourg, 8.7.2025

COM(2025) 530 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta maidir le Tionscal Eorpach na gCeimiceán


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta maidir le Tionscal Eorpach na gCeimiceán

1.Réamhrá

Is é tionscal na gceimiceán tionscal na dtionscal. Mar an ceathrú tionscal monaraíochta is mó de chuid an Aontas, rannchuidíonn sé os cionn 96 % d’earraí monaraithe, rud a fhágann gur bunchloch é d’athléimneacht thionsclaíoch agus d’iomaíochas an Aontais. Tá ceimiceáin ríthábhachtach le haghaidh raon leathan feidhmeanna in earnálacha straitéiseacha amhail earnáil na cosanta, earnáil na teicneolaíochta glaine agus an earnáil dhigiteach. Dá bhrí sin, ní mór don Eoraip tionscal láidir ceimiceán a choinneáil. Dá bhrí sin, ní mór don Eoraip tionscal láidir ceimiceán a choinneáil. Ag an am céanna, ní mór don tionscal aistriú chuig samhail don gheilleagar glan ciorclach, glacadh leis an nuálaíocht, a hiomaíochas domhanda a neartú agus cosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil a áirithiú.

Mar sin féin, sa lá atá inniu ann, tá dúshláin shuntasacha le sárú ag an earnáil ar dúshláin iad a bhagraíonn a staid iomaíoch agus a hathléimneacht. Tá laghdú os cionn 50 % tagtha ar a sciar den mhargadh domhanda ó 2003 i leith, agus tá réigiúin eile, amhail an tSín, ag teacht chun cinn mar phríomhghníomhaithe. Tá praghsanna arda fuinnimh agus bunábhair, teannais gheopholaitiúla agus éileamh íseal ar an margadh tar éis iomaíochas táirgeoirí atá bunaithe san Aontas a chreimeadh rud a fhágann go bhfuil laghdú ag teacht ar rátaí úsáide táirgeachta. Le dhá bhliain anuas fógraíodh dúnadh níos mó ná 20 mórláithreán táirgthe 1 san Aontas, lena náirítear scáinteoirí gaile agus saoráidí réamhtheachtacha eile a úsáidtear chun bloic thógála bhunúsacha a tháirgeadh.

Cuireann an Plean Gníomhaíochta seo leis an gCompás Iomaíochais 2 , leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 3 agus leis an Idirphlé Straitéiseach le Tionscal na gCeimiceán, a thionóil an tUachtarán von der Leyen an 12 Bealtaine 2025. Leagtar amach ann bearta nithiúla chun cuidiú le hiomaíochas domhanda thionscal ceimiceán na hEorpa a dhaingniú, chun bonn láidir táirgthe Eorpach a choinneáil ar bun agus chun é a uasghrádú trí ghníomhaíocht i gceithre phríomhréimse: 1) athléimneacht a neartú: táirgeadh criticiúil a choinneáil ar bun san Aontas agus margaí nua a oscailt agus tionscal an Aontais a chosaint 2) soláthar fuinnimh a áirithiú, tacú le dícharbónú agus aistriú i dtreo geilleagar glan ciorclach; 3) margaí ceannasacha a chruthú agus nuálaíocht a chur chun cinn; agus 4) an creat rialála a shimpliú.

Tá togra reachtach Omnibus maidir le ceimiceáin 4 ag gabháil leis an bPlean Gníomhaíochta, chun ceanglais lipéadaithe a shimpliú, mar shampla, chomh maith le gníomh tarmligthe maidir le hidrigin ísealcharbóin 5 . Comhlánaítear é le togra le haghaidh Rialachán Bunúsach na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) 6 , lena ndéantar rialachas chreat rialála na gceimiceán a shimpliú tuilleadh.

2.Athléimneacht a neartú

2.1.Táirgeadh criticiúil a choinneáil ar bun san Aontas

Chun a iomaíochas a neartú agus a athléimneacht a chaomhnú, ní mór don Aontas a chroí-acmhainneacht táirgthe ceimiceán a choinneáil ar bun agus a uasghrádú. Tá na príomhbhloic thógála, amhail peitriceimiceáin, amóinia agus clóirín, mar bhonn le líon mór slabhraí luacha, ó chógaisíocht go ceallraí. Mar sin féin, tá ar a laghad 8-10 % dá acmhainneacht scáinte caillte ag an Aontas le 3 bliana anuas, agus d’fhéadfadh dúntaí amach anseo an caillteanas iomlán a thabhairt go níos mó ná 20 % d’acmhainneacht 2021. Maidir leis an gcuid is mó de scáinteoirí an Aontais atá fágtha agus atá suite i roinnt réigiún agus ar minic iad a bheith comhtháite le scaglanna ola, tá siad as dáta, braitheann siad go mór ar nafta mar bhunábhar príomhúil, agus níl siad chomh héifeachtúil céanna lena niomaitheoirí domhanda 7 .

Níl na laigí struchtúracha sin teoranta do scáinteoirí gaile. Bhí ar tháirgeadh criticiúil eile 8 déileáil le dúntaí forleathana, rud a chruthaigh éifeachtaí cuilitheacha ar an éiceachóras ceimiceach ina iomláine. Ní hamháin go ndéanann sé sin difear d’earnálacha amhail earnáil na bplaisteach, earnáil na bpolaiméirí agus 9 earnáil na gceimiceán tomhaltóra agus speisialtachta, cuireann sé suas le 200 000 post díreach i mbaol freisin.

Chun acmhainneachtaí táirgeachta straitéiseacha agus slabhraí luacha a chaomhnú agus a nuachóiriú, an earnáil a dhícharbónú, spleáchais a laghdú 10 agus na scileanna cearta a mhealladh, bunóidh an Coimisiún Comhghuaillíocht Ceimiceán Criticiúil 11 . Feidhmeoidh an Chomhghuaillíocht sin mar bhrat straitéiseach lena gcumasaítear comhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, ionas gur féidir na rioscaí a bhaineann le dúnadh na hacmhainneachta táirgeachta san earnáil a mhapáil agus aghaidh a thabhairt orthu. Éascóidh an Chomhghuaillíocht plé freisin maidir le príomhdhúshláin trádála, amhail saobhadh cothrom iomaíochta domhanda, spleáchais an tslabhra soláthair, agus saincheisteanna maidir le cearta maoine intleachtúla, trí chabhrú leis an tionscal agus leis an gCoimisiún borradh allmhairí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a bhrath ag céim luath. Bainfidh an obair sin leas as an gConair Aistrithe do Thionscal na gCeimiceán.

Cuideoidh an Chomhghuaillíocht le critéir a fhorbairt ar critéir iad chun láithreáin cheimiceacha agus móilíní a shainaithint atá ríthábhachtach maidir le cuspóirí straitéiseacha an Aontais. Ba cheart go léireodh na nithe sin a thábhachtaí atá siad d’earnálacha straitéiseacha iartheachtacha agus, chomh maith leis sin, leibhéal spleáchais trádála an Aontais. Agus é ag tógáil ar an taithí a fuarthas i dtionscail straitéiseacha eile, amhail amhábhair nó glan-nialasacht, d’fhéadfadh sé féachaint freisin ar thosca athléimneachta nua a bhaineann le hearnáil na gceimiceán, amhail láithreáin táirgthe macasamhlaithe neamhchoitianta nó theoranta atá ríthábhachtach do na slabhraí luacha san Aontas.

Ar bhonn na gcritéar sin, rannchuideoidh an Chomhghuaillíocht le móilíní criticiúla a mhapáil, amhail na móilíní sin atá riachtanach do shlabhraí luacha straitéiseacha agus atá faoi réir spleáchas ar thríú tír amháin nó ar roinnt soláthróirí 12 . Ina dhiaidh sin, bhainfeadh móilíní den sórt sin tairbhe as faireachán feabhsaithe faoin gCóras Faireachais Custaim agus d’fhéadfaidís fónamh mar bhonn le haghaidh togra reachtach féideartha.

Déanfaidh an Chomhghuaillíocht tacaíocht a thabhairt freisin don Aontas agus do na Ballstáit maidir le tosaíochtaí infheistíochta a ailíniú agus déanfaidh sí comhordú shásraí tacaíochta an Aontais a threorú trí bhíthin tionscadail náisiúnta, lena n‑áirítear Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna). D’fhéadfadh dhá IPCEI fhéideartha dul chun tairbhe earnáil na gceimiceán. Ar an gcéad dul síos, tá an Fóram Comhpháirteach Eorpach um IPCEI (JEF-IPCEI) ag féachaint ar shlabhra luacha na biteicneolaíochta chun tionscadail fhéideartha a shainaithint. Ar an dara dul síos, thacaigh an Fóram le tionscadal maidir le hardábhair chiorclacha agus tá dearadh an tionscadail sin ar siúl faoi láthair. Féadfaidh na Ballstáit bearta cabhrach a dhearadh chun tacú le IPCEInna le haghaidh teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach don aistriú glan nó do thionscadail bhonneagair thábhachtacha. Beidh an cheist i dtaobh an dtagann nó nach dtagann IPCEI chun cinn ag brath ar acmhainneacht fhioscach na mBallstát rannpháirteach.

Ar an tríú dul síos, cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le réigiúin Láithreáin Chriticiúla Cheimiceán an Aontais a ainmniú. Chuirfidís le braislí tionsclaíocha agus le hardáin thionsclaíocha atá ann cheana amhail an Líonra Eorpach um Réigiúin na dTionscal Ceimiceán. Tá ról ríthábhachtach ag éiceachórais thionsclaíocha áitiúla den sórt sin maidir le slabhraí luacha athléimneacha a choinneáil ar bun in earnálacha amhail teicneolaíochtaí glana, aeraspás, cosaint nó sláinte - ar earnálacha iad a bhfuil bonn táirgthe atá solúbtha nuachóirithe ag teastáil ina leith.

Tá infheistíochtaí ag teastáil ó chuid mhór de na láithreáin sin chun nuachóiriú, díthruailliú agus dícharbónú a dhéanamh agus, ag an am céanna, iomaíochas a mhéadú. Ba cheart tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chun láithreáin atá i mbaol a ndúnta a nuachóiriú agus chun a n‑aistriú glas a éascú, i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair i gcás inarb infheidhme.

Tá thart ar 150 páirc cheimiceán ann ar fud an Aontais. Déanann siad gníomhaíocht thionsclaíoch, poist agus ionaid barr feabhais agus nuálaíochta a dhaingniú. Cuideoidh an Coimisiún le forbairt na néiceachóras sin a choimirciú, agus le tacaíocht a thabhairt dóibh, trí nuachóiriú agus dícharbónú, trí chistiú comhtháthaithe a úsáid, faoin gcreat dlíthiúil reatha, agus leas á bhaint as an teachtaireacht atá beartaithe maidir le beartas comhtháthaithe nuachóirithe 13 . Bainfidh sé úsáid as taithí an Chiste um Aistriú Cóir maidir le dícharbónú, uas-sciliú/athsciliú agus fothú acmhainneachta, an Chiste don Nuálaíocht agus InvestEU. Faoi láthair, tacaíonn an Coimisiún cheana féin le dícharbónú thionscal na gceimiceán tríd an gCiste um Aistriú Cóir agus tríd an bpróiseas um aistriú cóir.

D’fhéadfaí tacú le hinfheistíochtaí trí chomhchruthú pleananna réigiúnacha do Láithreáin Chriticiúla Cheimiceán an Aontais, lena ndéanfaí an tionscal, an saol acadúil, gnólachtaí nuathionscanta agus údaráis réigiúnacha a thabhairt le chéile. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh meaitseáil níos fearr ann idir na riachtanais áitiúla agus na hacmhainní, bonneagair agus ionstraimí atá ar fáil, agus ligfeadh sé do chuideachtaí nuálacha agus do ghnólachtaí nuathionscanta réitigh nua a thabhairt isteach maidir le próisis táirgthe chriticiúla a nuachóiriú, rud a chuirfeadh dlús le dícharbónú, le digitiú agus le ciorclaíocht agus, chomh maith leis sin, a chuirfeadh chun cinn ceimiceáin níos sábháilte agus níos inbhuanaithe. Is féidir leis an obair ullmhúchán chomhoibríoch sin cuidiú le feabhas a chur ar mheaitseáil a dhéanamh le hionstraimí cistiúcháin an Aontais. A mhéid a bhaineann leis sin, d’fhéadfadh an Coimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin ábhartha agus ar an gcaoi sin an baol a laghdú nach n‑éireodh le tionscadail a bhfuil gealladh fúthu mar gheall ar chastacht riaracháin nó ar thacaíocht ilroinnte.

Cuideoidh an tionscnamh seo freisin le cúnamh riaracháin a chur ar fáil do bhearta eile amhail comhar idir lucht taighde agus lucht tionscail a neartú, nuálaíocht a chur chun cinn, tacú le FBManna agus uas-sciliú/athsciliú luchtanna saothair áitiúla 14 .

Beidh cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta reatha ag brath freisin ar an Uirlis um Chomhordú Iomaíochais, mar a chuirtear i láthair sa Chompás Iomaíochais, chun spleáchais na hearnála ar thosca seachtracha a mhaolú agus chun tacú le haistriú na hearnála chuig todhchaí níos inbhuanaithe agus níos iomaíche.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Comhghuaillíocht Cheimiceán Criticiúil a bhunú ar leibhéal an Aontais mar scáthstruchtúr straitéiseach le haghaidh comhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le dúnadh na hacmhainneachta táirgeachta san earnáil agus chun príomhdhúshláin trádála a phlé (R4 2025).

Déanfaidh an Chomhghuaillíocht an méid seo a leanas:

·Tacaíocht a chur ar bun do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí chun critéir a fhorbairt chun láithreáin táirgthe chriticiúla agus móilíní san Aontas a shainaithint (R4 2025).

·Cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí maidir le móilíní criticiúla a mhapáil, ar mapáil í a fhónfaidh mar bhonn le faireachán feabhsaithe faoin gCóras Faireachais Custaim, le héagsúlú soláthair agus, chomh maith leis sin, le togra reachtach féideartha maidir le móilíní criticiúla (2026).

·Cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do Réigiúin maidir le Láithreáin Cheimiceán Criticiúil an Aontais a chur ar bun, chun infheistíochtaí agus nuálaíocht a éascú, chun rochtain ar chistiú a fheabhsú agus chun cabhrú le nuachóiriú na nacmhainneachtaí táirgeachta criticiúla (2026).

2.2.Trádáil idirnáisiúnta: margaí nua a oscailt agus tionscal an Aontais a chosaint

Is onnmhaireoir ceannasach é tionscal ceimiceán na hEorpa agus is príomh-rannchuiditheoir é le comhardú trádála na hEorpa. In 2023, shroich luach na n‑onnmhairí ceimiceán ón Aontas, gan táirgí cógaisíochta agus íocshláinte a áireamh, EUR 285 bhilliún, i gcomparáid le EUR 241 bhilliún i gcás allmhairí. Tá a bharrachas trádála inchurtha go príomha i leith na ndeighleog iartheachtacha (tomhaltóirí agus ceimiceáin speisialtachta), i leith polaiméirí agus i leith idirmheánaigh cheimiceacha, ach léiríonn a easnamh trádála sna deighleoga réamhtheachtacha spleáchas an Aontais ar iompróirí fuinnimh agus bunábhair allmhairithe (fuinneamh agus bunábhair iontaise, bunábhair bhithbhunaithe) a úsáidtear chun ceimiceáin eile a tháirgeadh.

Chun go mbeidh an tionscal in ann a iomaíochas a bhaint amach arís laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta, tá rochtain ar mhargaí thar lear le haghaidh onnmhairí agus allmhairí araon, mar aon le cothrom iomaíochta treisithe, ríthábhachtach, mar shampla i réimse na cosanta maoine intleachtúla. Chun an méid sin a bhaint amach, déanfaidh an tAontas gníomhaíochtaí earnáilsonracha mar a thuairiscítear thíos.

Rochtain ar mhargaí onnmhairiúcháin a áirithiú

Leanfaidh an Coimisiún de líonra comhaontuithe saorthrádála an Aontais a leathnú chun bacainní trádála a laghdú agus chun meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe ábhartha de na comhaontuithe trádála atá ann cheana d’fhonn trádáil i gceimiceáin a chur chun cinn, lena n‑áirítear rochtain ar ionchuir amhábhar atá riachtanach do thionscal na gceimiceán a áirithiú.

I gcomhar le geallsealbhóirí, féachfaidh an Coimisiún le tacú le tionscal na gceimiceán trí chineálacha eile comhaontuithe, i gcás nach bhfuil comhaontuithe saorthrádála indéanta faoi láthair, chun rochtain ar an margadh a éascú agus chun trádáil a chur chun cinn trí bhíthin cineálacha malartacha saincheaptha rannpháirtíochta lenár gcomhpháirtithe. D’fhéadfadh comhaontuithe comhair rialála earnála a bheith i gceist leo sin, ar comhaontuithe iad arb é is aidhm dóibh bacainní neamhriachtanacha a laghdú chun trádáil i gceimiceáin a shimpliú, chomh maith le Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha um Amhábhair Chriticiúla nó Comhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan (CTIP), chun éagsúlú an tslabhra soláthair a dhaingniú le haghaidh ionchuir fhíor-riachtanacha amhábhar criticiúil.

Cosaint trádála

I gcás ina bhfuil údar leis, leanfaidh an Coimisiún d’úsáid thapa agus éifeachtúil a bhaint as ionstraimí cosanta trádála, amhail bearta frithdhumpála, frith-fhóirdheontais nó cosanta. Ba cheart dó sin ár dtionscail a chosaint ar iomaíocht dhomhanda éagórach agus a áirithiú nach mbeidh ár margadh ina cheann scríbe onnmhairiúcháin le haghaidh sraonadh trádála agus ró-acmhainneacht dhomhanda arb é an stát is cúis leis.

Idir an 1 Eanáir 2024 agus an 30 Meitheamh 2025, thionscain an Coimisiún 18 n‑imscrúdú cosanta trádála maidir le hallmhairí ceimiceán ó thríú tíortha. De bhreis air sin, bhí 46 bheart i bhfeidhm ar an 30 Meitheamh 2025, ar bearta iad a bhaineann le ceimiceáin. Baineann formhór na gcásanna sin le hallmhairí ón tSín agus is dócha gur carnadh ró-acmhainneachtaí ollmhóra is cúis leis sin. Cé go raibh tionscal an Aontais ag déileáil le costais mhéadaitheacha, d’ísligh táirgeoirí na Síne a bpraghsanna go mór. Tá an laghdú sin ar phraghsanna ar neamhréir go hiomlán le treochtaí domhanda i margadh na n‑amhábhar, rud a léiríonn cleachtais dumpála.

Neartóidh an Coimisiún bosca uirlisí cosanta trádála an Aontais chun freagairt níos tapúla agus níos éifeachtaí a dhéanamh i gcás cleachtais éagóracha praghsála in earnáil na gceimiceán. Cuirfidh sé dlús freisin le húsáid thapa agus éifeachtúil ionstraimí cosanta trádála, lena n‑áirítear trí dhlúthchomhar leis an gComhghuaillíocht um Thionscal na gCeimiceán chun cleachtais den sórt sin a bhrath. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag gníomhú go cinntitheach i gcoinne cleachtais imghabhála beart frithdhumpála, trí nósanna imeachta frith-imchéimniúcháin a chur i bhfeidhm.

Chun gníomhaíocht thráthúil atá bunaithe ar shonraí cruinne a áirithiú, leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar allmhairí ceimiceán faoina Thascfhórsa nuachruthaithe um Fhaireachas ar Allmhairí agus tríd an gcóras faireacháin sonrach a tugadh isteach i mí an Mhárta 2025 le haghaidh ceimiceáin thionsclaíocha áirithe. Leathnófar an faireachán sin chun móilíní breise a áireamh, go háirithe iad siúd atá ar liosta na móilíní criticiúla, a luaithe a chomhaontaítear é.

Faireachas custaim agus margaidh

Is gá go n‑urramóidh allmhairí a chuirtear ar mhargadh an Aontais na rialacha céanna a urramaítear le táirgí de dhéantús an Aontais. Baineann sé sin le hinchreidteacht, le hathléimneacht thionsclaíoch agus le cosaint tomhaltóirí. Méadóidh an tAontas agus na Ballstáit forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin chun go ndúnfar aon lúb ar lár lena gceadaítear allmhairí neamhchomhlíontacha, go háirithe trí ardáin ar líne nó trí idirghabhálaithe neamhrialáilte, toisc go bhfuil baol ann go saobhfadh sé sin an iomaíocht agus go mbainfeadh sé an bonn de tháirgeoirí comhlíontacha an Aontais. Beidh ról ag an bPas Táirge Digiteach maidir le tacú leis an sprioc sin, trí thrédhearcacht feadh slabhraí luacha a fheabhsú agus trí fhaisnéis iontaofa agus inchomparáide a chur ar fáil maidir le táirgí de chuid an Aontais agus táirgí nach táirgí de chuid an Aontais iad araon.

Éilíonn sé sin méadú a dhéanamh ar rialuithe ag an teorainn, lena náirítear trí athchóiriú custaim agus faireachas margaidh níos fearr. De bhreis air sin, ba cheart don Aontas bogadh i dtreo seiceálacha spriocdhírithe rioscabhunaithe ar cheimiceáin, rud a bheidh bunaithe ar thionscnaimh amhail na cinn a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le ríomhthráchtáil 15 . Áiríonn sé sin tosaíochtaí forfheidhmiúcháin chomhchuibhithe a fhorbairt, amhail seiceálacha ar shubstaintí in earraí, ar cheimiceáin shrianta, nó ar meascáin mhílipéadaithe. Cuideoidh na hiarrachtaí sin lena áirithiú nach seachnóidh táirgí a thagann isteach san Aontas na rialacha sábháilteachta, rud a dhéanann an margadh inmheánach a shladghearradh agus a lagaíonn na dreasachtaí chun nuáil a dhéanamh. Mar a leagtar amach sa Straitéis don Mhargadh Aonair, tá an Coimisiún tiomanta gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun comhlíontacht táirgí a mhéadú trí leas a bhaint as sineirgí le hacmhainneachtaí an Aontais agus na núdarás custaim agus faireachais margaidh náisiúnta agus, b’fhéidir, trí Údarás um Fhaireachas Margaidh de chuid an Aontais a bhunú 16 .

Chun comhlíontacht earraí allmhairithe a mhéid a bhaineann le rialacha ábhartha an Aontais athneartú, neartóidh an Coimisiún forfheidhmiúchán trí chomhar agus malartú faisnéise feabhsaithe i measc na núdarás náisiúnta, ECHA agus na núdarás custaim. Is é a bheidh i gceist leis sin borradh a chur faoin gcomhordú trí Ghrúpaí Comhair Riaracháin (AdCos) agus trí chórais a fheabhsú amhail an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) agus an córas mear-rabhaidh Safety Gate. De bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún forfheidhmiúchán níos fearr na rialacha atá ann cheana a chur chun cinn, lena náirítear faoi REACH, trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus trína comharba amach anseo i gcomhthéacs Athchóiriú an Aontais Custaim agus trína Mhol Sonraí Custaim Aontais agus, chomh maith leis sin, trí chórais chustaim eile. Cuireann an chéad timthriall eile de chuid EMPACT (An tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla) 2026-2029 deis ar fáil freisin chun an creat i gcoinne earraí góchumtha, lena náirítear ceimiceáin, a neartú.  17  

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Leanúint de bheith ag comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun rochtain ar mhargaí domhanda a dhaingniú, agus comhaontuithe comhair earnála á saothrú i gcás nach bhfuil comhaontuithe saorthrádála indéanta.

·An faireachán ar cheimiceáin faoin Tascfhórsa um Fhaireachas ar Allmhairí a neartú, lena náirítear le haghaidh freagairtí cosanta trádála chun borradh allmhairithe a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a bhrath go luath (R3 2025).

·Tacú le rialuithe rioscabhunaithe comhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh ceimiceán chun comhlíontacht earraí allmhairithe a athneartú a mhéid a bhaineann le rialacha ábhartha an Aontais. (R4 2025).

·Pacáiste gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus faireachais margaidh a chomhordú, lena náirítear trí REACH a chomhtháthú trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus trína comharba amach anseo i gcomhthéacs Athchóiriú an Aontais Custaim agus trína Mhol Sonraí Custaim Aontais agus trí chórais chustaim eile agus chomh maith leis sin, trí thosaíocht a thabhairt do cheimiceáin i bpleananna oibre náisiúnta maidir le faireachas margaidh náisiúnta (R4 2025).

3.Soláthar fuinnimh inacmhainne a áirithiú agus tacú le dícharbónú

Tá an bonn á bhaint go suntasach d’iomaíochas costais táirgeoirí ceimiceán atá bunaithe san Aontas mar gheall ar phraghsanna arda ceimiceáin. Tá fuinneamh inchurtha i leith thart ar 75 % de na costais táirgthe in earnáil na bpeitriceimiceán san Aontas. Tá gás nádúrtha inchurtha i leith níos mó ná 70 % de chostais athraitheacha na hamóinia, agus tá leictreachas inchurtha i leith níos mó ná 60 % de na costais táirgthe sa tionscal. Beidh infheistíocht fheabhsaithe in idirnaisc agus i slabhraí soláthair le comhpháirtithe Chomharsanacht an Deiscirt faoin gComhshocrú Nua don Mheánmhuir ina príomhshócmhainn.

Braitheann tionscal na gceimiceán ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, ní hamháin mar fhoinse fuinnimh, mar shampla, chun teas a ghiniúint i bpróisis táirgthe, ach freisin mar ionchuir amhábhar i gcás an chuid is mó de tháirgí ceimiceacha. Fágann an spleáchas déach sin go bhfuil an earnáil leochaileach go huathúil do luaineacht praghsanna breoslaí iontaise agus do shuaitheadh sa slabhra soláthair. Cé gur cheart do thionscal ceimiceán an Aontais imeacht ó na spleáchais sin de réir a chéile, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear riachtanais fuinnimh agus bunábhair reatha na hearnála san áireamh chun athléimneacht, dícharbónú agus iomaíochas a áirithiú.

3.1.Soláthar fuinnimh inacmhainne a áirithiú

Glacadh an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne 18 mí Feabhra 2025 agus is é is aidhm dó praghsanna níos ísle a chur ar fáil do thomhaltóirí fuinnimh na hEorpa, lena náirítear tionscal na gceimiceán. Leanfaidh an Coimisiún freisin den éileamh ar ghás a chomhiomlánú le haghaidh chuideachtaí an Aontais chun na costais fhoriomlána fuinnimh a laghdú.

Leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair atá ann faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA), ar Treoirlínte iad a bhaineann le cúiteamh ar chostais indíreacha 19 , cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit cúiteamh a thabhairt d’earnálacha áirithe dianfhuinnimh (lena náirítear earnálacha nó táirgí ceimiceacha roghnaithe, amhail táirgí peitriliam scagtha, buncheimiceáin neamhorgánacha áirithe, roinnt gás tionsclaíoch nó poileitiléin) as an méadú ar phraghsanna leictreachais, arb é cur i bhfeidhm CTA AE is cúis leis. Ní áirítear roinnt earnálacha ceimiceán sa chreat Státchabhrach reatha. Mar sin féin, ós rud é nach léiríonn na toimhdí praghais a rinneadh an tráth sin dálaí reatha an mhargaidh a thuilleadh, agus go bhfuil tionchar ag praghsanna anois ar earnálacha amhail ceimiceáin orgánacha nó leasacháin freisin, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte CTA maidir le Státchabhair a thabhairt cothrom le dáta faoi dheireadh na bliana d’fhonn earnálacha ceimiceán breise, i measc earnálacha eile, a chur san áireamh.

I gcomhthráth leis sin, ligeann Creat Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan ‘CISAF’ 20 do Bhallstáit faoiseamh sealadach a dheonú ar chostais leictreachais do thionscail dianfhuinnimh atá rite ar thrádáil, ar a bhfuil íosphraghas EUR 50/MWh, ar choinníoll go ndéanann siad ath-infheistiú i ndícharbónú. Ceadaíonn an creat tacaíocht Státchabhrach freisin chun raon leathan teicneolaíochtaí dícharbónaithe a úsáid, amhail leictriú, hidrigin, bithmhais, gabháil agus stóráil carbóin agus, chomh maith leis sin, dí-rioscú infheistíochtaí i dtionscadail fuinnimh ghlain nó dícharbónaithe. Go foriomlán, cuideoidh na bearta sin le hinfheistíochtaí dícharbónaithe a chur ar fáil, leis na brúnna atá ann faoi láthair ó thaobh costais fuinnimh de a mhaolú agus le tacaíocht a thabhairt do tháirgeadh leanúnach ceimiceán san Aontas.

Ceadúdúchán níos tapúla

Is minic a éilíonn tionscal na gceimiceán suiteálacha nua a bhunú nó bonneagar atá ann cheana a iarfheistiú agus a nuachóiriú. Teastaíonn ceadanna nua chuige sin.

Tá reachtaíocht curtha i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin chun dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh roinnt suiteálacha tionsclaíocha agus chun é a chuíchóiriú, tríd an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta 21 agus tríd an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha 22 . Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha 23 , bunaítear Lárionad Nuálaíochta nua um Chlaochlú Tionsclaíoch agus Astaíochtaí Tionsclaíocha (INCITE). Déanfaidh INCITE teicnící nuálacha a shainaithint agus a mheas chun a nacmhainneacht a léiriú agus chun glacadh leo a chur chun cinn ar scála níos mó. Áireofar na teicnící nuálacha is éifeachtaí agus is inmharthana sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil. 

Sa phacáiste Ullmhachta Cosanta, mhol an Coimisiún córas mear ceadúnúcháin le haghaidh ullmhacht cosanta chun uas-scálú tapa ar an acmhainneacht thionsclaíoch a chumasú mar fhreagairt ar riachtanais phráinneacha slándála. Agus úsáid á baint as an taithí a fuarthas ón nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, molfaidh an Coimisiún níos déanaí i mbliana Gníomh um Dhlús a chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch, ina mbeidh bearta nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill cheadúnúcháin a bhaineann le dícharbónú tionscal dianfhuinnimh. Tabharfar aghaidh ar dhúshláin cheadúnúcháin a bhaineann le measúnuithe comhshaoil san omnibus comhshaoil in R4 2025.

Chun dlús a chur le húsáid tionscadal leictriúcháin, tá sé ríthábhachtach dlús a chur le rochtain ar an eangach le haghaidh suiteálacha ceimiceacha, rud a áiritheoidh gur féidir leo fuinneamh glan a fhoinsiú go tapa chun a bpróisis táirgthe a chlaochlú. Mar chuid de Phacáiste Eorpach maidir le hEangacha, in 2025 molfaidh an Coimisiún bearta chun dlús a chur leis an rochtain ar eangacha, ar stóráil agus ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.

Hidrigin

Chomh maith lena húsáid chun leictreachas a ghiniúint, tá hidrigin riachtanach chun claochlú costéifeachtach a dhéanamh ar thionscal ceimiceán an Aontais. Mar tháirgeoir hidrigine agus mar thomhaltóir hidrigine, tá earnáil na gceimiceán i riocht maith chun tacú le forbairt geilleagar hidrigine san Aontas. Beidh hidrigin ríthábhachtach chun táirgí ceimiceacha éagsúla a dhícharbónú, mar shampla trí leasacháin nítrigine ísealcharbóin a tháirgeadh.

Tacóidh an Coimisiún le glacadh hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin agus le bonneagar gaolmhar a fhorbairt. Sheol an Coimisiún staidéar freisin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an chreata hidrigine chun bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar uas-scálú na hidrigine in-athnuaite a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena chreat rialála a choigeartú.

De bhreis air sin, déanfar tríú glao faoin mBanc Hidrigine a sheoladh go luath chun tacú le táirgeadh hidrigine san Eoraip. An lá céanna a ghlactar an Plean Gníomhaíochta seo, glacann an Coimisiún gníomh tarmligthe freisin maidir le hidrigin ísealcharbóin chun cinnteacht a sholáthar d’infheisteoirí agus chun glacadh na dteicneolaíochtaí sin a chur chun cinn. Tá táirgeadh agus seachadadh hidrigine ar cheann de phríomhchuspóirí an Tionscnaimh Comhair Thras-Mheánmhuirí Fuinnimh agus Teicneolaíochta Glaine atá ar na bacáin.

De bhreis ar chineálacha eile tacaíochta, rinneadh na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce in CTA AE a nuashonrú chun neodracht theicneolaíoch a áirithiú sna bearta cosanta ar sceitheadh carbóin. Dá bhrí sin, tá táirgeadh hidrigine trí leictrealú incháilithe chun liúntais astaíochtaí CTA AE saor in aisce a fháil ar an leibhéal tagarmhairc a shocraítear le teicneolaíochtaí traidisiúnta.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Na treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh cúiteamh costais indírigh CTA a nuashonrú, d’fhonn ceimiceáin bhreise a chur san áireamh (R4 2025).

·A mholadh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le ceadúnúchán comhshaoil, lena náirítear le haghaidh tionscadail dícharbónaithe faoin omnibus comhshaoil (R4 2025).

·A mholadh go gcuirfí dlús le gnéithe eile den cheadú, agus go ndéanfaí iad a chuíchóiriú (lena náirítear digitiú), le haghaidh tionscadail dícharbónaithe faoin nGníomh um Dhlús a chur leis an Dícharbónú Tionscail (R4 2025).

·A mholadh go néascófaí rochtain ar an eangach do thionscadail leictriúcháin i dtionscail dianfhuinnimh (R4 2025)

3.2.Tacú leis an dícharbónú agus leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá gá le hinfheistíochtaí chun uaillmhianta glan-nialasacha agus an t‑aistriú chuig samhail an gheilleagair chiorclaigh a bhaint amach. Ag an am céanna, cuireann an t‑aistriú i dtreo ceimiceáin níos sábháilte agus níos inbhuanaithe deiseanna suntasacha ar fáil do thionscal ceimiceán an Aontais agus d’úsáideoirí iartheachtacha.

Mar cheann de na hearnálacha is deacra a laghdú, éilíonn tionscal na gceimiceán cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, ar cur chuige céim ar chéim agus idirthréimhseach é i leith an dícharbónaithe. Beidh réitigh idirthréimhseacha go háirithe, amhail scáinteoirí eatáin, tábhachtach sa phróiseas chun an earnáil a chlaochlú.

De bhreis air sin, chun glan-nialasacht a bhaint amach agus spleáchais straitéiseacha a laghdú, beidh gá le haistriú de réir a chéile ó fhuinneamh iontaise agus ó bhunábhar iontaise íon araon, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch. Tá foinsí malartacha carbóin ghlain, amhail bithmhais, dramhaíl athchúrsáilte agus carbón ó úsáid gabhála carbóin (CCU) ríthábhachtach chuige sin. Chuige sin, dearfaidh an Coimisiún dreasachtaí chun cás gnó inmharthana a dhéanamh le haghaidh aistriú glan thionscal ceimiceán an Aontais.

Tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach 

Tacaíonn buiséad an Aontais le tionscadail nuálaíochta agus dícharbónaithe le linn na gcéimeanna nuálaíochta éagsúla.

Tacóidh clár oibre Fís Eorpach 2026-2027 leis an aistriú chuig dícharbónú tionsclaíoch ag na céimeanna nuálaíochta is luaithe agus beidh thart ar EUR 370 milliún i gceist leis sin. De bhreis air sin, mar a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, seolfaidh an Coimisiún glao suaitheanta EUR 600 milliún faoi chlár oibre Fís Eorpach 2026-2027 chun tacú le tionscadail atá oiriúnach lena n‑úsáid. Comhlánóidh an glao sin iarrachtaí leanúnacha taighde agus nuálaíochta arna gcistiú faoi Fhís Eorpach agus beidh sé mar aidhm aige sineirgí a chothú idir an Clár Réime um thaighde agus Infheistíocht (T&N) agus an Ciste don Nuálaíocht, rud a chruthóidh píblíne tionscadal ó T&N go cur in úsáid. Díreofar an glao ar gach tionscal dianfhuinnimh, lena n‑áirítear tionscal na gceimiceán.

Leis an gCiste don Nuálaíocht, a bunaíodh le CTA AE, soláthraítear dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i ndícharbónú tionsclaíoch. I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar CTA in 2026, cuirfidh an Coimisiún sainiúlachtaí na dtionscal dianfhuinnimh i gcuntas agus molfaidh sé an bosca uirlisí sin a fheabhsú tuilleadh i gcomhar le Banc Dícharbónaithe Tionsclaíoch, agus é mar aidhm leis sin cistiú suas le  EUR100 billiún a sholáthar don dícharbónú tionsclaíoch. In 2025, seolfar scéim phíolótach le haghaidh Banc nua um Dhícharbónú Tionsclaíoch le ceant dar luach EUR 1 bhilliún chun príomhphróisis thionsclaíocha a dhícharbónú, go háirithe teas, atá ar cheann de na foinsí éilimh ar fhuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa is mó in earnáil na gceimiceán freisin 24 .

Le Ciste InvestEU, slógtar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach le haghaidh na nuálaíochta agus an aistrithe ghlain, lena n‑áirítear chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí uas-scálaithe i ndáil le teicneolaíochtaí glana. Le leasú ar Rialachán InvestEU, atá á phlé faoi láthair ag na comhreachtóirí, moltar méid Chiste InvestEU agus a thairiscint don mhargadh a mhéadú (go háirithe ráthaíochtaí, fiachas fiontair agus táirgí airgeadais cothromais) trí EUR 50 billiún breise d’infheistíocht a shlógadh freisin chun tacú le cuspóirí agus tionscnaimh an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan arna gcur chun feidhme ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, amhail TechEU. Le ciste InvestEU athbhreithnithe, beifear in ann tacaíocht a sholáthar d’infheistíochtaí a théann chun tairbhe do thionscail dianfhuinnimh, mar shampla, trí thacú le trealamh eangaí leictreachais, trí ráthaíochtaí teicneolaíochta glaine agus trí Chomhaontuithe Ceannaigh Cumhachta corparáideacha le haghaidh fuinneamh in-athnuaite.

Tacóidh an Ciste Iomaíochais a bheidh ann amach anseo le hiarrachtaí dícharbónaithe. D’fhéadfaí saintionscnamh poiblí príobháideach a bhunú freisin chun infheistíochtaí a chur chun cinn chun earnáil na gceimiceán a nuachóiriú. Tá an méid sin gan dochar do phacáiste an chéad togra eile maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Bithgheilleagar agus bithmhais

Is féidir le bunábhair bhithbhunaithe roghanna fiúntacha malartacha maidir le hábhar carbóin iontaise a thairiscint 25 . Má dheartar i gceart iad, agus úsáid á baint as ábhair bhithbhunaithe a fhoinsítear go háitiúil agus go hinbhuanaithe, is féidir leo spleáchais ar shlabhraí luacha domhanda (amhail bithghás agus bithmhais a chur in ionad gás iontaise) agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Trí roghanna malartacha bithbhunaithe a úsáid, is féidir ceimiceáin níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a tháirgeadh. Mar shampla, úsáideann coipeadh miocróbach miocrorgánaigh chun siúcraí agus ábhair phlandabhunaithe a thiontú ina gceimiceáin luachmhara, rud a laghdaíonn an gá le próisis atá bunaithe ar pheitriliam. Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as einsímí i bpróisis einsímeacha i dtáirgeadh ceimiceach bithbhunaithe mar chatalaígh a éascaíonn frithghníomhuithe níos inbhuanaithe. Is minic a bhíonn níos lú fuinnimh ag teastáil ó na próisis sin agus a ghineann siad níos lú fotháirgí díobhálacha ná mar a ghineann modhanna traidisiúnta.

Cuireann dul chun cinn teicneolaíoch ar chumas cuideachtaí dramhábhair a thiontú agus dramhaíl, amhail iarmhair thalmhaíochta agus dramhaíl bhia, a luacháil ina gceimiceáin agus ina mbithleasacháin luachmhara bhithbhunaithe. Laghdaíonn sé sin an gá atá le hamhábhair íona agus déanann sé dramhaíl a luacháil. Thairis sin, d’fhéadfaí leas a bhaint as an acmhainneacht táirgeachta reatha chun bunábhar malartach agus ábhair bhithbhunaithe mhalartacha a úsáid. Ag an am céanna, ní mór cosaint na bithéagsúlachta agus na slándála bia a áirithiú.

Beidh sé mar aidhm ag an Straitéis Bhithgheilleagair atá ar na bacáin (R4 2025) éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú agus leas a bhaint as acmhainneacht shuntasach fáis na n‑ábhar bithbhunaithe a chuirtear in ionad ábhair iontaise-bhunaithe, agus as tionscail ghaolmhara. Is féidir leis sin spleáchais ar amhábhair allmhairithe do thionscal ceimiceán an Aontais a laghdú tuilleadh freisin. Saineoidh an straitéis fís agus treoracha chun monarú ábhar bithbhunaithe inbhuanaithe a uas-scálú, déanfaidh sí bith-theicneolaíochtaí a fhorbairt, agus déanfaidh sí nuálaíocht agus infheistíochtaí a chur chun cinn i bhfeidhmeanna ardluacha, lena n‑áirítear i gcás ceimiceán. Chomh maith leis sin, fiosróidh sé conas rochtain thionscal na gceimiceán ar bhithábhar a áirithiú le haghaidh úsáidí breisluacha amhail bithcheimiceáin.

Tá aird tarraingthe ag an gCoimisiún cheana féin 26 ar acmhainneacht na bithmhaise inbhuanaithe mar bhunábhar malartach 27 , agus an rogha ann lipéadú deonach a dhéanamh ar tháirgí bithbhunaithe chun margaí ceannasacha a chruthú. Féachfaidh sé ar roghanna breise chun úsáid bithmhaise inbhuanaithe mar bhunábhar a dhreasú.

Tacaíocht don chiorclaíocht

Is féidir ról tábhachtach a bheith ag athchúrsáil cheimiceach maidir le spleáchas an Aontais ar acmhainní íona iontaise le haghaidh táirgeadh plaisteach a laghdú agus luach a chur ar tháirgí a bhfuil a ré caite. Mar shampla, maidir le dramhaíl phlaisteach atá deacair a athchúrsáil agus nach bhfuil oiriúnach le haghaidh athchúrsáil mheicniúil, nó ar ina leith is gá ceanglais cháilíochta shonracha a bhaint amach, d’fhéadfadh sé go mba thairbhiúla go mór athchúrsáil cheimiceach a dhéanamh orthu. Rannchuideodh sé le spriocanna an Aontais maidir le dramhaíl phlaisteach a athchúrsáil agus maidir le hábhar athchúrsáilte i bplaistigh a mhéadú.

Chun úsáid éifeachtach na hathchúrsála ceimicí a chur chun cinn, tá an comhairliúchán poiblí á sheoladh ag an gCoimisiún maidir le gníomh cur chun feidhme faoin Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide 28 chun creat soiléir, eolaíocht-bhunaithe agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a bhunú maidir le leithdháileadh maischothromaíochta chun cuntas a thabhairt ar ábhar athchúrsála ó athchúrsáil ceimiceach rud a fhágfaidh gur féidir margadh ceannasach a chruthú d’earnáil na gceimiceán chun go mbeidh sí níos ciorclaí. Tá gníomh cur chun feidhme le glacadh i R4 2025.

Leis an togra le haghaidh Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach , tabharfar aghaidh ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh araon trí mhargadh aonair a chruthú le haghaidh dramhaíola agus trí bhorradh a chur faoi úsáid ábhar athchúrsáilte agus tánaisteach. Is deis shuntasach é sin do thionscal na gceimiceán, a bhfuil ról lárnach aige maidir le réitigh chiorclacha a chumasú ar fud slabhraí luacha.

Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (CCUS)

Is teicneolaíocht bhunúsach ghlan-nialasachta é CCUS chun spleáchais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun rannchuidiú le hathléimneacht thionscail na hEorpa, go háirithe na cinn sin atá níos deacra a leictriú agus a laghdú, amhail ceimiceáin, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le Bainistiú Carbóin Thionsclaíoch 2024 29 . Is féidir le CCU feabhas a chur ar shiombóis thionsclaíoch freisin, trí fhoinsí astaíochtaí tionsclaíocha a nascadh le ceannaitheoirí ar fud slabhraí luacha áitiúla.

Chuige sin, tá gá le cur chuige struchtúrtha maidir le bonneagar a phleanáil, rud a chumhdaíonn taobhanna éilimh agus soláthair na líonraí gabhála CO2 agus hidrigine. Mar chéad chéim, leagann an Gníomh Tarmligthe faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, a thiocfaidh i bhfeidhm go gairid, oibleagáidí tháirgeoirí gáis agus ola an Aontais maidir le sprioc stórála CO2 2030 an Aontais a bhaint amach. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún córas reachtach tiomnaithe a tharraingt suas chun a áirithiú go ndéanfar margadh de chuid an Aontais le haghaidh bonneagar CO2 agus CO2 a fhorbairt de réir a chéile, rud a chruthóidh muinín agus intuarthacht níos fadtéarmaí don slabhra luacha chun éirí de thalamh.

Tá gá le creat rialála tacúil chun CCU a ghlacadh go rathúil. Leis na rialacha CTA reatha, ní aithnítear CO2 gafa i dtáirgí neamhbhuana, amhail na táirgí sin a tháirgeann tionscal na gceimiceán.

Mar chuid d’athbhreithniú CTA 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé bainistiú dramhaíola 30 a áireamh in CTA AE agus, sa chomhthéacs sin, ar an mbealach is fearr chun CO2 a gabhtar i dtáirgí neamhbhuana a chúiteamh. De bhreis air sin, déanfaidh sé measúnú ar chás na naistrithe carbóin buana chun astaíochtaí iarmharacha ó earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo a chúiteamh.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Straitéis Bhithgheilleagais nua AE a ghlacadh chun fís agus treoracha chun monarú ábhar bithbhunaithe inbhuanaithe a uas-scálú, chun bith-theicneolaíochtaí a fhorbairt agus chun nuálaíocht agus infheistíochtaí i bhfeidhmeanna ardluacha a chur chun cinn, lena náirítear le haghaidh ceimiceán (R4 2025).

·Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach a mholadh chun margaí ábhar tánaisteach a scaoileadh agus ciorclaíocht sna ceimiceáin a spreagadh (2026).

·Tacú le húsáid shábháilte agus éifeachtach na hathchúrsála ceimicí faoin Treoir maidir le Plaistigh Aon-Úsáide: comhairliúchán poiblí a sheoladh i R3 2025 agus gníomh cur chun feidhme faoin Treoir maidir le Plaistigh Aon-Úsáide a bhaineann le hathchúrsáil ceimiceán a ghlacadh (R4 2025).

·Measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí ó tháirgí CCU neamhbhuana iartheachtacha mar chuid den athbhreithniú ar CTA (R2/R3 2026).

·Dreasachtaí airgeadais a fhorbairt chun glacadh carbóin neamhiontaise chomh maith le hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn.

·Feabhas a chur ar an gcreat rialála maidir le gabháil, iompar, úsáid agus stóráil carbóin (CCUS), lena náirítear trí chreat rialála a mholadh chun margaí agus bonneagar CO2 an Aontais a fhorbairt.

4.Margaí ceannasacha agus Nuálaíocht

4.1.Margaí ceannasacha agus cánachas glas

Is minic a chuireann easpa ceannaitheoirí srian ar na hinfheistíochtaí i mbunábhair neamhiontaise agus i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do chuideachtaí ceannródaíocha leas a bhaint as an ‘préimh ghlas’ agus leas a bhaint as infheistíochtaí. Dá bhrí sin, laistigh de loighic an athchóirithe atá ar na bacáin ar an soláthar poiblí, déanfaidh an Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch ceanglais ábhair an Aontais a thabhairt isteach, i gcomhréir le gealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta an Aontais, chomh maith le critéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta arb é is cuspóir dóibh soláthar glan Eorpach táirgí dianfhuinnimh agus éileamh na hEorpa ar thionscail iartheachtacha a chothú agus a choimirciú.

Is féidir le cánachas rannchuidiú le réitigh nuálacha ísealcharbóin a fhorbairt do thionscal ceimiceán an Aontais. Chun tacú leis an gcuspóir sin, tá Moladh ón gCoimisiún maidir le Dreasachtaí Cánach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún. Tugann an tionscnamh seo comhartha beartais do ghnólachtaí, lena spreagtar dóibh dlús a chur lena n‑aistriú i dtreo na teicneolaíochta glaine, an dícharbónaithe thionsclaíoch agus an fháis inbhuanaithe. Moltar ann creidmheasanna cánach a sholáthar do mhonaróirí teicneolaíochta glaine chomh maith le dímheas luathaithe do thionscail throma amhail earnáil na gceimiceán nuair a infheistíonn siad i dtrealamh teicneolaíochta glaine.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Ceanglais an Aontais maidir le hábhair a thabhairt isteach chomh maith le critéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta chun margaí tosaigh a chur chun cinn le haghaidh earnálacha sonracha faoin nGníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch (R4 2025).

4.2.Nuálaíocht

Tá an nuálaíocht ríthábhachtach chun go leanfaidh tionscal na gceimiceán de bheith iomaíoch. Tá sí ina gné bhunúsach maidir le teicneolaíochtaí táirgthe ceannródaíocha a fhorbairt, mar shampla iad siúd atá bunaithe ar cheimic ghlas, amhail fótacheimic, leictreacheimic, agus forbairt táirgí nua lena n‑áirítear ardábhair. Téann an nuálaíocht chun tairbhe d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí iartheachtacha freisin trí roghanna malartacha níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a sholáthar.

Soláthraíonn an tAontas tacaíocht shuntasach ar fáil don nuálaíocht luathchéime i dtionscal na gceimiceán, ón tráth a dhéantar choincheapa nua a fhorbairt go céim na dtionscadal píolótach, faoin gclár Fís Eorpach, go háirithe laistigh de chomhpháirtíochtaí Eorpacha, amhail an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach 31 (CBE JU), Process4Planet 32 agus Ardábhair Nuálacha don Eoraip (IAM4EU) 33 .

Mar sin féin, is dúshlán suntasach fós é feidhmchláir nuálacha a uas-scálú chuig úsáid thionsclaíoch. Is céim íogair í seo sa phróiseas nuálaíochta, ós rud é go mbaineann leibhéil arda infheistíochtaí agus éiginnteacht shuntasach léi, ó thaobh feidhmíocht theicneolaíoch agus glacadh sa mhargadh amach anseo araon.

Cruthóidh an Coimisiún Mol(Moil) Nuálaíochta agus ionadúcháin AE chun bacainní ar nuálaíocht a shárú, dlús a chur le forbairt réiteach níos sábháilte agus níos inbhuanaithe agus fiosróidh sé cuir chuige chomhoibríocha maidir le ceimiceáin spriocdhírithe a ionadú. Maidir leis na moil sin, arna spreagadh ag samhail INCITE, cabhróidh siad le cuideachtaí, go háirithe FBManna, scanadh ionchais a dhéanamh, roghanna malartacha a shainaithint, agus meastóireacht a dhéanamh orthu, comhpháirtíochtaí a chothú, agus eolas a chomhroinnt. Beidh ceimiceáin Sábháilte agus Inbhuanaithe trí Dhearadh (SSbD) leabaithe sna Moil Nuálaíochta, agus soláthróidh siad treoraíocht theicniúil ó thráth na luathnuálaíochta. Cuirfidh creat SSbD comhar chun cinn i measc dearthóirí táirgí, cuideachtaí ceimiceán, eolaithe agus eagraíochtaí taighde. Éascóidh an Coimisiún rochtain ar an mbonneagar digiteach agus fisiceach is gá chun nuálaíochtaí SSbD a fhorbairt, a thástáil agus a uas-scálú.

Scrúdóidh na Moil sin cuir chuige chomhoibríocha freisin maidir le hionadú ceimiceán spriocdhírithe agus d’fhéadfaidís Líonra AE de Lárionaid Ionadúcháin a óstáil chun saintacaíocht theicniúil, eolaíoch agus airgeadais a sholáthar do chuideachtaí, go háirithe FBManna, atá ag iarraidh roghanna malartacha níos sábháilte a chur in ionad substaintí guaiseacha.

Déanfaidh an moladh athbhreithnithe ón gCoimisiún maidir leis an gcreat le haghaidh ceimiceáin SSbD (2025) iomaíochas thionscal ceimiceán an Aontais a athneartú tríd an bpróiseas nuálaíochta i dtreo roghanna malartacha níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a dhéanamh níos éifeachtúla. Leis na cláir Fís Eorpach 2025-2027, soláthrófar thart ar EUR 120 milliún chun tacú le forbairt na fionnachtana, agus chun dlús a chur le fionnachtain, a mhéid a bhaineann le roghanna malartacha ar shubstaintí ar údar imní iad, rud a gcumasófar dó tuilleadh trí Intleacht Shaorga agus trí dhigitiú.

Cuirfidh an Coimisiún Ardán Sonraí Comhchoiteann maidir le Ceimiceáin i bhfeidhm mar chuid den tionscnamh dar teideal Substaint Amháin, Measúnú Amháin, chun rochtain ar shonraí ceimiceacha a shimpliú agus a dhéanamh níos trédhearcaí.

Leis an nGníomh um Ardábhair atá ar na bacáin agus atá le glacadh in 2026, spreagfar nuálaíocht in earnáil na gceimiceán freisin bronnfar luaíocht ina leith. Soláthraíonn ardábhair na réitigh nuálacha le haghaidh tionscal níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche. Cuirfidh an Coimisiún Gníomh um Ardábhair ar aghaidh lena mbunófar creat cuimsitheach chun tacú leis an slabhra luacha iomlán ón tráth taighde agus forbartha agus ó thráth nuathionscanta gnólachtaí go dtí tráth an táirgthe agus imscartha agus spreagadh agus chun luaíocht a thabhairt don nuálaíocht in earnáil na gceimiceán.

Measúnuithe cothrom le dáta ar shábháilteacht cheimiceán

Tá ról ríthábhachtach ag an nuálaíocht freisin maidir le sábháilteacht cheimiceán a chur ar aghaidh trí fheabhas a chur ar bhainistiú riosca ceimiceán agus trí thacú le ceimiceáin níos sábháilte a fhorbairt. Tá sé ríthábhachtach freisin an comhar a neartú ar fud an tslabhra luacha ceimiceán chun nuálaíocht a spreagadh i dtaca le measúnú riosca ceimiceán. Is í an Chomhpháirtíocht um Measúnú ar Rioscaí Ceimiceán (PARC) tionscnamh suaitheanta an Aontais sa réimse seo. Tugtar aireachtaí, gníomhaireachtaí náisiúnta sláinte poiblí agus measúnaithe riosca, eagraíochtaí taighde agus an lucht acadúil le chéile inti.

Tairgeann Modheolaíochtaí Cur Chuige Nua ‘NAManna’ nó cuir chuige tástála saor ó ainmhithe uirlisí nua-aimseartha eolaíochtbhunaithe chun faisnéis a sholáthar le haghaidh measúnú ar rioscaí ceimiceán. Tá siad ríthábhachtach chun dlús a chur le measúnuithe riosca agus chun bearnaí faisnéise a dhúnadh agus is uirlisí costéifeachtúla iad. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair chun tástáil cheimiceán a nuachóiriú agus chun dlús a chur leis an aistriú chuig cuir chuige atá saor ó ainmhithe. Mar chuid den tionscnamh dar teideal Substaint Amháin, Measúnú Amháin, seolfaidh an Coimisiún Ardán Sonraí Comhchoiteann maidir le Ceimiceáin chun rochtain ar shonraí faoi cheimiceáin a fheabhsú. I gcomhthráth leis sin, cuirfidh an Coimisiún treochlár i láthair chun deireadh a chur de réir a chéile le tástáil ar ainmhithe le haghaidh measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceán faoi 2026. Oibreoidh sé i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí chun modhanna malartacha a chur chun cinn, chun tástáil nach bhfuil gá léi a sheachaint agus chun costais tástála a laghdú Déanfar na riachtanais maidir le forbairt agus bailíochtú modhanna tástála le haghaidh modhanna saor ó ainmhithe a leagan amach sa treochlár, i gcomhréir leis an iarraidh a rinne an Chomhairle.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Dlús a chur leis an nuálaíocht cheimiceach, agus í uas-scálú, trí úsáid a bhaint as Moil Nuálaíochta Cheimiceán dheonacha an Aontais (R1 2026).

·Gníomh Ardábhar a mholadh chun nuálaíocht in earnáil na gceimiceán a spreagadh agus a chúiteamh (R4 2026).

·Ardán Sonraí Comhchoiteann le haghaidh Ceimiceán a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach faoin bpacáiste dar teideal ‘Substaint Amháin, Measúnú Amháin’.

·Treochlár a thíolacadh chun deireadh a chur de réir a chéile le tástáil ar ainmhithe (R1 2026).

5.An creat rialála a shimpliú agus a chuíchóiriú

Tá an simpliú i gcroílár chlár oibre rialála an Choimisiúin, agus sprioc shoiléir ann an t‑ualach riaracháin ar ghnóthaí a laghdú 25 %, agus laghdú 35 % a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar FBManna, go dtí deireadh shainordú an Choimisiúin seo.

5.1.‘Omnibusanna simpliúcháin’

Ghlac an Coimisiún cúig ‘pacáiste simplithe omnibus’ go dtí seo in 2025 chun rialacha a chuíchóiriú agus chun an tualach riaracháin ar thionscail an Aontais a laghdú. Tá cuid de na tograí sin, go háirithe iad siúd atá sa ‘chéad omnibus simpliúcháin’ dar dáta an 26 Feabhra 2025, ábhartha go díreach do thionscal ceimiceán an Aontais 34 . Leis an ‘gcúigiú omnibus simpliúcháin’ dar dáta an 17 Meitheamh 2025, tugtar aghaidh ar ghnéithe den chosaint agus neartaítear an fhéidearthacht do na Ballstáit substaintí ceimiceacha a dhíolmhú, ar a gconlán, i meascán nó in earra, i gcás inar gá sin ar mhaithe leis an gcosaint.

Ar lá an Phlean Gníomhaíochta sin, molann an Coimisiún, mar chéad chéim, ‘séú omnibus simpliúcháin’ lena ndíreofar go sonrach ar reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin agus ar reachtaíocht ghaolmhar: an Rialachán maidir le Lipéadú agus Pacáistiú Aicmithe 35 (CLP), an Rialachán maidir le Táirgí Leasacháin 36 agus an Rialachán maidir le Táirgí Cosmaideacha 37 . Leis an togra, simplítear rialacha éagsúla san acquis maidir le ceimiceáin agus, ag an am céanna, áirithítear ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol. Mar shampla, déantar athbhreithniú leis an togra maidir leis na forálacha ar chlómhéideanna éigeantacha agus ar spásáil línte le haghaidh lipéadú ceimiceán guaiseach faoi CLP, chun a chinntiú gur féidir le cuideachtaí ceimiceán faisnéis maidir le substaintí agus meascáin a chur in iúl go héifeachtach. Is é an toradh a bheidh ar an togra seo coigilteas measta EUR 363 mhilliún in aghaidh na bliana ar a laghad do thionscal na gceimiceán.

Anuas ar omnibus simpliúcháin an lae inniu, déanfaidh an Coimisiún simpliú breise ar reachtaíocht an Aontais a bhaineann le tionscal ceimiceán an Aontais. In R4 2025, glacfaidh an Coimisiún togra eile omnibus arb é is aidhm dó an t‑ualach riaracháin i reachtaíocht chomhshaoil a laghdú, rud a bheidh ábhartha freisin do thionscal ceimiceán an Aontais.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún, faoi dheireadh na bliana, omnibus simpliúcháin a chur ar aghaidh lena n‑éascófar bithrialú san fheirmeoireacht. Beidh roinnt gnéithe, amhail rochtain éascaithe ar an margadh le haghaidh bithlotnaidicídí, ábhartha do thionscal na gceimiceán freisin.

Tacsanomaíocht

Mar chuid den ‘chéad omnibus simpliúcháin’ a chur i gcrích, glacfaidh an Coimisiún critéir athbhreithnithe gan Dochar Suntasach (DNSH) chun truailliú a chosc agus a rialú faoin Tacsanomaíocht le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe. Go sonrach, déanfaidh sé raon feidhme Fhoscríbhinn C de Ghníomhartha Tarmligthe na Tacsanomaíochta maidir leis an Aeráid agus maidir leis an gComhshaol 38   39 a shoiléiriú agus a theorannú i dtéarmaí na substaintí a chumhdaítear. Déanfaidh sé sin laghdú suntasach ar an ualach chun ailíniú leis an Tacsanomaíocht a léiriú agus chun rochtain ar mhaoiniú inbhuanaithe a éascú.

5.2.Athbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán REACH

Is é an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) 40 reachtaíocht bhunchloiche an Aontais lena rialaítear ceimiceáin. Chuir REACH le méadú an eolais faoi cheimiceáin trí chlárú agus trí mheastóireacht, agus chuidigh sé maidir le haghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le ceimiceáin áirithe trí údaruithe agus srianta. Mar sin féin, is léir go gcuireann próisis REACH áirithe ualach trom ar chuideachtaí, go háirithe FBManna.

Faoi dheireadh 2025, glacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe ar REACH chun na rialacha a shimpliú agus chun dlús a chur leis na nósanna imeachta don tionscal, agus cúrsaí iomaíochais, sábháilteachta, slándála agus inbhuanaitheachta á gcur san áireamh agus, ag an am céanna, ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á áirithiú 41 .

5.3.Rialachán ECHA

De bhreis air sin, tá Rialachán neamhspleách á mholadh ag an gCoimisiún don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) chun a rialachas a fheabhsú agus chun inbhuanaitheacht a samhla maoinithe a mhéadú. Is é an aidhm atá ann ECHA a chumhachtú chun a fhreagrachtaí leathnaitheacha a chur i gcrích go héifeachtach, chun cumas ECHA a neartú maidir le tuairimí eolaíocha tráthúla comhleanúnacha a sholáthar, rud a chuideoidh le cuideachtaí pleanáil a dhéanamh le cinnteacht infheistíochta níos fearr. Le simpliú na samhla maoiniúcháin, cuirfear feabhas ar lúfaireacht oibríochtúil ECHA agus laghdófar an t‑ualach riaracháin. Cuirfidh éifeachtúlacht fheabhsaithe ar chumas ECHA freisin seirbhísí níos fearr a sholáthar do ghnóthaí, go háirithe FBManna, rud a laghdóidh a gcostais chomhlíontachta.

5.4.Soiléireacht a thabhairt maidir le ECHAnna

Tá measúnú eolaíoch choistí ECHA 42 ar Srian Uilíoch ECHA ar siúl faoi láthair agus tá sé beartaithe é a thabhairt i gcrích in 2026. Tá an Coimisiún tiomanta togra a chur i láthair a luaithe is féidir tar éis dó tuairim ECHA a fháil, agus é mar chuspóir foriomlán aige astaíochtaí ECHA a íoslaghdú.

Breithneoidh an Coimisiún toirmeasc PFAS ar úsáidí tomhaltóirí amhail cosmaidí, ábhair teagmhála bia agus éadaí amuigh faoin aer. I gcás nach bhfuil roghanna malartacha leordhóthanacha ar fáil ó thaobh feidhmíochta agus sábháilteachta de, féadfar úsáid leanúnach PFASanna i bhfeidhmeanna tionsclaíocha a cheadú le haghaidh feidhmeanna criticiúla, amhail sláinte, cosaint, leathsheoltóirí, agus earnálacha straitéiseacha eile 43 , faoi choinníollacha dochta go dtí go naimseofar feidhmeanna ionaid inghlactha. Ní mór ceanglais a bheith ag gabháil le maoluithe le haghaidh úsáidí chun astaíochtaí a laghdú ag gach céim den tsaolré chun scaoileadh truailleán isteach sa chomhshaol a theorannú agus le dreasachtaí soiléire chun nuáil a dhéanamh.

Tacóidh an Coimisiún le hiarrachtaí tionscail maidir le maolú agus feabhsúchán a dhéanamh chun athléimneacht mhéadaithe uisce a bhaint amach, chun sláinte na nAigéan a athneartú 44 agus chun aghaidh a thabhairt ar thruailliú uisce, ithreach agus aeir.

Chun tacú leis an aistriú ó PFASanna, tá straitéis chuimsitheach á saothrú ag an gCoimisiún lena gcomhcheanglaítear rialáil le bearta eile. Áireoidh na bearta sin infheistíocht spriocdhírithe i dtaighde, i nuálaíocht le haghaidh roghanna malartacha sábháilte agus inbhuanaithe, agus i gcomhordú feabhsaithe ar fud institiúidí an Aontais agus na mBallstát, líonraí saineolaithe chun eolas agus réitigh a chomhroinnt. Tabharfaidh Moil Nuálaíochta an Aontais tús áite do ghníomhaíocht chun roghanna malartacha sábháilte agus inbhuanaithe ar PFASanna a aimsiú.

Cuirfidh an Coimisiún aistriú ó PFAS chuig roghanna malartacha níos sábháilte chun cinn 45 . Ní mór don Aontas iarrachtaí cinntitheacha a dhéanamh chun láithreáin atá truaillithe go mór cheana féin ag substaintí den sórt sin a ghlanadh. Ba cheart an glantachán a bheith bunaithe ar an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, agus ba cheart airgead poiblí a leithdháileadh chun suíomhanna dílleachtacha a ghlanadh, is é sin suíomhanna nárbh fhéidir teacht ar aon eintiteas faoi dhliteanas ina leith. Cé go bhfuil iarrachtaí leasúcháin an-chostasach, le taighde agus nuálaíocht is féidir na costais sin a laghdú go mór trí theicneolaíochtaí nua, lena náirítear teicneolaíochtaí bithbhunaithe a chuirfear chun cinn sa Straitéis Bhithgheilleagair.

Forbrófar creat nua faireacháin PFASanna ar fud an Aontais chun faisnéis a lárú, chun teophointí truaillithe a shainaithint, chun aird a tharraingt ar chleachtais feabhsúcháin rathúla, agus chun sonraí a bhailiú ón reachtaíocht ábhartha. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú i dtaobh conas is fearr is féidir feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus ar chumarsáid maidir le truailliú agus ionadú PFASanna agus seolfaidh sé idirphlé lena ndéanfar geallsealbhóirí a thabhairt le chéile chun tacú le dearcadh iomlánaíoch ar dhúshláin truaillithe a bhaineann le PFASanna. Chomh maith leis sin, chun dul i ngleic leis an truailliú leagáide, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún tionscnamh poiblí-príobháideach a chur ar bun chun dul chun cinn ceannródaíoch teicneolaíoch a bhaint amach i dtaca le modhanna indéanta inacmhainne chun PFASanna a bhrath agus a leigheas.

5.5.Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair

Tá an tsábháilteacht agus an tsláinte cheirde ríthábhachtach ní hamháin chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ach freisin chun borradh a chur faoin táirgiúlacht, chun iomaíochas a fheabhsú, agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na dtionscal. Baintear é sin amach, i measc bealaí eile, trí theorainneacha nochta ceirde a bhunú ar leibhéal an Aontais faoin Treoir maidir le Carcanaiginí, Só-ghineacha agus Substaintí atá Tocsaineach don Atáirgeadh (CMRD) 46 agus faoin Treoir maidir le hOibreáin Cheimiceacha 47 .

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Togra Omnibus do Thionscal na gCeimiceán a ghlacadh (R3 2025).

·Critéir DNSH maidir le cosc agus rialú ar thruailliú a leasú faoin rialachán maidir le Tacsanomaíocht (R3 2025).

·Togra a ghlacadh le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe ar REACH (R4 2025).

·Togra a ghlacadh le haghaidh Bhun-Rialachán ECHA (R3 2025).

·Omnibus simpliúcháin a ghlacadh maidir le táirgí cosanta plandaí agus dlús a chur le rochtain ar an margadh le haghaidh bithlotnaidicídí (R4 2025).

·Togra a ghlacadh chun an tualach riaracháin sa reachtaíocht chomhshaoil a laghdú (Omnibus Comhshaoil) (R4 2025).

·Srian PFASanna a mholadh faoi REACH ar bhonn thuairim ECHA maidir le sainchomhad srianta ‘uilíoch’ PFASanna.

·Creat faireacháin PFASanna uile-Aontais a fhorbairt chun sonraí a lárú chomh maith le réitigh phraiticiúla eolaíochtbhunaithe a chur chun cinn le haghaidh aistriú inbhuanaithe ag tionscal an Aontais (R4 2026).

·Idirphlé a sheoladh lena ndéanfar geallsealbhóirí a thabhairt le chéile chun tacú le dearcadh iomlánaíoch ar dhúshláin a bhaineann le truailliú ó PFASanna (R2 2026).

6.Conclúid

Chun an Plean Gníomhaíochta seo a chur chun feidhme go rathúil, beidh gá le hiarracht chomhbheartaithe i gcás na ngeallsealbhóirí uile, lena n‑áirítear na hInstitiúidí Eorpacha, na Ballstáit, an tionscal agus an tsochaí shibhialta. Beidh sé ríthábhachtach oibriú le chéile chun timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú, chun infheistíocht sa dícharbónú agus sa nuálaíocht a chur chun cinn, chun spleáchais na hearnála a laghdú, agus chun rochtain a sholáthar ar na hacmhainní is gá don aistriú chuig todhchaí níos iomaíche agus níos inbhuanaithe.

Tá an Coimisiún tiomanta i leith oibriú go dlúth leis na geallsealbhóirí uile chun a áirithiú go gcuirfear an Plean Gníomhaíochta seo chun feidhme go héifeachtach agus go mbainfear a chuspóirí amach. Chuige sin, coinneoidh an Coimisiún dlúth-idirphlé ar bun le geallsealbhóirí, déanfaidh sé faireachán ar thorthaí an Phlean Gníomhaíochta seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear i gcrích go tapa é.

Tríd an méid sin a dhéanamh, is féidir linn a áirithiú go leanfaidh tionscal ceimiceán an Aontais de ról ríthábhachtach a bheith aige i ngeilleagar agus i sochaí an Aontais agus, ag an am céanna, maidir le rannchuidiú le spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach.

***

(1) ()    Meastar go bhfuil 10 000-20 000 post de na poist a cailleadh inchurtha i leith na mórláithreán sin.
(2) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Clár is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: Clár Iomaíochas, COM(2025) 30 final.
(3) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - The Clean Industrial Deal: A joint roadmap for competitiveness and decaarbonisation: [An Comhaintú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: treochlár don iomaíochas agus don dícharbónú] COM(2025) 85 final.
(4) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1272/2008, (CE) Uimh. 1223/2009 agus (AE) 2019/1009 a mhéid a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta áirithe le haghaidh táirgí ceimiceacha a shimpliú, COM(2025) 531
(5) ()    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN lena bhforlíontar Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí ísealcharbóin, C 2025 (4674)
(6) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) Uimh. 649/2012 agus (AE) 2019/1021, COM 2025 (386)
(7) ()    Go háirithe, scáinteoirí eatáin atá coitianta sna Stáit Aontaithe agus sa Mheánoirthear.
(8) () I measc na gceann eile, áirítear orthu sin olaifíní, cumhránaic, meatánól, amóinia agus clóirín eile.
(9) ()    Tuarascáil CEFIC: “iomaíochas Thionscal Ceimiceán an Aontais”.
(10) ()    Mar shampla, maidir le leasacháin
(11) ()    i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais.
(12) () I gcás amhábhair chriticiúla, tugtar aghaidh orthu sna Córais Faisnéise Amhábhar RMIS https://rmis.jrc.ec.europa.eu/
(13) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún “Beartas comhtháthaithe nuachóirithe: An tathbhreithniú meántéarma”, COM(2025) 163 final, 1 Aibreán 2025
(14) ()    Faoin gComhshocrú um Scileanna, tá gealltanas príomha tugtha ag comhpháirtíocht réigiúnach atá faoi cheannas Líonra Eorpach na Réigiún Ceimiceán chun cabhrú le réigiúin le linn dóibh déileáil leis na dúshláin a bhaineann le haistriú an tionscail chuig cleachtais ghlasa agus dhigiteacha.
(15) ()    Bosca uirlisí cuimsitheach de chuid an Aontais le haghaidh ríomhthráchtáil shábháilte inbhuanaithe, COM(2025) 37 final.
(16) ()    COM(2025) 500 final
(17) ()    Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘ [Bosca uirlisí cuimsitheach de chuid an Aontais le haghaidh ríomhthráchtáil shábháilte inbhuanaithe’, COM(2025) 37 final, 5 Feabhra 2025, lch. 12.
(18) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, Chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Action Plan for Affordable Energy: Unlocking the true value of our Energy Union to secure affordable, efficient and clean energy for all Europeans, [An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne: Fíorluach ár nAontais Fuinnimh a dhíghlasáil chun fuinneamh inacmhainne, éifeachtúil agus glan a áirithiú do gach Eorpach], COM(2025)79 final.
(19) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le bearta áirithe Státchabhrach i gcomhthéacs an chórais um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil tar éis 2021, C(2020) 6400 final.
(20) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, (Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan), C(2025) 7600
(21) ()    Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú, IO L, 2024/1735, 28.6.2024.
(22) ()    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú).
(23) ()    Leasaíodh í le Treoir (AE) 2024/1785
(24) ()     cfde57b3-d80f-43e1-9ee4-cd96c42c6ca8_en  
(25) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Building the future with nature - Boosting Biotechnology and Biomanufacturing in the EU [An todhchaí leis an nádúr a thógáil: Borradh a chur faoin mBith-theicneolaíocht agus faoin mBithmhonaraíocht san Aontas] (COM(2024) 137 final).
(26) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Building the future with nature - Boosting Biotechnology and Biomanufacturing in the EU [An todhchaí leis an nádúr a thógáil: Borradh a chur faoin mBith-theicneolaíocht agus faoin mBithmhonaraíocht san Aontas] (COM(2024) 137 final).
(27) ()    Féach freisin an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, a glacadh i mí Feabhra 2025, agus ina leagtar amach peirspictíochtaí chun an bithgheilleagar a leathnú, chun luach a chur ar fhotháirgí agus ar dhramhaíl, chun dlús a chur le rochtain ar an margadh le haghaidh bith-lotnaidicídí agus chun tacú le glacadh leasachán ísealcharbóin ó chothaithigh athchúrsáilte agus ó dhíleáiteán ó bhithghás.
(28) ()    Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol, IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(29) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Towards an ambitious Industrial Carbon Management for the EU, [I dtreo Bainistiú Carbóin Tionsclaíoch uaillmhianach don Aontas Eorpach[, COM(2024) 62 final.
(30) ()    Loscadh dramhaíola agus próisis bhainistithe dramhaíola eile, amhail líonadh talún go háirithe, lena gcruthaítear astaíochtaí meatáin agus ocsaíde nítriúla. 
(31) () Is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí EUR 2 bhilliún é an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (CBE JU) idir an tAontas agus Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe (BIC). Maoiníonn sé tionscadail chun tionscail bhithbhunaithe chiorclacha iomaíocha a chur chun cinn in AE 27. Maoinítear Comhghnóthas CBE JU faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus oibríonn sé faoi rialacha Fís Eorpach don tréimhse 2021-2031.
(32) () Is é is aidhm don Chomhpháirtíocht Processes4Planet (P4Planet) tionscail phróisis an Aontais a chlaochlú chun ciorclaíocht agus aeráidneodracht fhoriomlán a bhaint amach ar leibhéal an Aontais faoi 2050 agus, ag an am céanna, a niomaíochas domhanda a fheabhsú. Is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é P4Planet a bunaíodh idir A.SPIRE (mar an teintiteas príobháideach) agus an Coimisiún i gcomhthéacs Bhraisle 4 (Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás) den chlár Fís Eorpach. https://www.aspire2050.eu/p4planet/about-p4planet .
(33) () ‘Ardábhair Nuálacha don Eoraip (IAM4EU), Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí (PPP) faoin gclár Fís Eorpach le haghaidh 2025-2027, arb é is aidhm di nuálaíocht na nardábhar a fheabhsú, rud a chumhdaíonn táirgeadh, próisis agus inbhuanaitheacht.
(34) ()    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach, COM(2025)81 final.
(35) ()    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 ar aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(36) ()    Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin an Aontais a chur ar fáil ar an margadh, OJ L 170, 25.6.2019, lch. 1.
(37) ()    Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (athmhúnlú), IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.
(38) ()    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar mór leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí sonrach maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin
(39) ()    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar ghníomhaíocht lena rannchuidítear go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar mór leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile, IO L 442, 9.12.2021, lch. 1.
(40) () Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Measúnú, Údarú agus Teorannú Ceimiceán, IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(41) () Féach freisin an Teachtaireacht faoin Omnibus um Ullmhacht Cosanta, COM/2025/820/final,
(42) ()    Chuir cúig údarás náisiúnta (an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ísiltír, an tSualainn agus an Iorua) sainchomhad srianta le haghaidh gach ECHA faoi bhráid ECHA i mí Eanáir 2023.
(43) () Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirchritéir agus treoirphrionsabail maidir le coincheap na húsáide riachtanaí i reachtaíocht an Aontais a dhéileálann le ceimiceáin (C/2024/2894).
(44) ()    Féach an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan, COM/2025/281 final, lch. 8.
(45) ()    Féach freisin an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i réimse an Uisce, COM/2025/280 final, lch. 5- 6.
(46) ()    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle), (IO L 158, 30.4.2004.
(47) ()    Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) Threoir 89/391/CEE), IO L 131, 5.5.1998, lch. 11.
Top