AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.5.2025
COM(2025) 500 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Margadh Aonair: ár margadh baile Eorpach i ndomhan éiginnte
Straitéis chun an Margadh Aonair a dhéanamh simplí, rianúil agus láidir
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Margadh Aonair: ár margadh baile Eorpach i ndomhan éiginnte
Straitéis chun an Margadh Aonair a dhéanamh simplí, rianúil agus láidir
Is é an Margadh Aonair ár margadh baile Eorpach. Is spreagadh cumhachtach é don fhás, don rathúnas agus don dlúthpháirtíocht. Le OTI de EUR 18 dtrilliún, is é an margadh Eorpach an dara geilleagar is mó ar domhan, arb é atá ann beagnach 18 % den gheilleagar domhanda agus tugann sé scála, neart agus lúfaireacht don Aontas. Cuireann ár margadh Eorpach rochtain ar fáil ar réimse leathan táirgí, seirbhísí agus deiseanna infheistíochta, agus 30 stát, 450 milliún tomhaltóir agus 26 mhilliún cuideachta tugtha le chéile ann. Soláthraíonn sé cothromaíocht, deiseanna do ghnólachtaí agus do shaoránaigh, chomh maith le cosaint oibrithe agus tomhaltóirí. Cuireann sé cobhsaíocht agus timpeallacht intuartha infheistíochta agus ghnó ar fáil freisin bunaithe ar an smacht reachta. Is léiriú é ár Margadh Eorpach ar luachanna an gheilleagair shóisialta margaidh a thugann le chéile saoirse agus rathúnas do chách.
Cruthaíonn an Margadh Aonair rathúnas agus is é an príomhspreagthóir dár n‑iomaíochas é. Tá méadú 3-4 % ar a laghad curtha aige ar OTI an Aontais agus tá 3,6 milliún post cruthaithe aige, rudaí as ar tháinig gnóthachain dhearfacha mhóra le haghaidh na mBallstát uile. Ach an Margadh Aonair a chuíchóiriú a thuilleadh, dhéanfaí na gnóthachain a baineadh amach cheana féin a dhúbailt. Ar mhaithe le freagairt do dhúshláin gheopholaitiúla, ní mór dúinn leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an mhargaidh Eorpaigh chun táirgiúlacht a mhéadú os cionn na treochta fáis marbhánta atá ann, mar atá 1 %. Chun tógáil ar na measúnuithe a rinne Enrico Letta, Mario Draghi agus Sauli Niinistö, ní mór dúinn é a úsáid chun an t‑iomaíochas is gá a bhaint amach arís chun an múnla sóisialta Eorpach a chosaint, chun tacú leis an aistriú chuig fuinnimh glan agus chun ár gceannasacht straitéiseach agus ár slándáil a dhaingniú.
Agus an domhan caite isteach i dtréimhse éiginnteachta eacnamaíche de dheasca dúshláin gheopholaitiúla agus teannas trádála, tá an Margadh Eorpach ina chrann taca againn don chobhsaíocht agus don athléimneacht. Fágann sé gur féidir turraingí a mhaolú agus tugann sé cosaint do ghnólachtaí an Aontais ar éiginnteachtaí domhanda agus ar rioscaí margaidh. Is iad muintir na hEorpa na príomh-chomhpháirtithe atá ag a chéile, agus táirgí agus seirbhísí Eorpacha á malartú ó Bhallstát agus ó réigiún go chéile. Tá an Margadh Aonair criticiúil maidir le hiomaíochas ar mhéid mór-roinne a thógáil i saol na ngníomhaithe ollmhóra agus tá sé fíorthábhachtach chun na gníomhaíochtaí sa Chompás Iomaíochais a chur i gcrích, rud atá ina threoirphrionsabal don Choimisiún seo. Trí dheireadh a chur leis na bacainní atá ann fós agus an Margadh Aonair a leathnú, feabhsaítear rochtain ar an margadh, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), cuideachtaí nuálacha agus cuideachtaí atá i mbun fáis, agus áirithítear go mbíonn níos mó roghanna ann ar phraghsanna níos saoire. Ní mór an leas is fearr is féidir a bhaint as sin. Ceanglaítear leis ár margadh Eorpach a fhorbairt trí laghdú a dhéanamh ar na bacainní a chuireann cosc ar chúrsaíocht rianúil earraí, seirbhísí, daoine agus caipitil. Ceanglaítear leis freisin slabhraí luacha Eorpacha a neartú, cásanna gnó le haghaidh infheistíochta agus margaí tosaigh, agus úsáid a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dúinn, lena n‑áirítear soláthar poiblí. Ach Beartas Comhtháthaithe láidir a bheith ann, in éineacht le Margadh Aonair éifeachtach, is féidir fíorchuimsiú a ráthú ar fud an Aontais ar fad, chun a áirithiú go mbeidh rath ar gach duine san áit ar a dtugann siad an baile.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid ár bhfís de Mhargadh Aonair simplí cothrom rianúil a athbheochan. I gcroílár na físe sin tá conradh le gnólachtaí agus le saoránaigh: níos mó saorghluaiseachta laistigh den Mhargadh Aonair, agus níos mó cosanta agus cumhachtaithe inár margadh Eorpach. Chuige sin, tá dul chun cinn tapa nithiúil ag teastáil maidir le mórthionscadail bheartais – go háirithe i ndáil le margaí caipitil, digiteacha, fuinnimh agus teileachumarsáide – mar aon le bearta inghníomhaithe a urramaítear agus a fhorfheidhmítear ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Cé go raibh an uaillmhian sin ann i gcónaí, ní mór í bhaint amach ar bhonn níos comhsheasmhaí anois. Sa chomhthéacs domhanda atá ann faoi láthair, tá an toil pholaitiúil dul i ngleic faoi dheireadh agus faoi dheoidh leis na bacainní atá ann fós de dhíth: ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, ní mór do na húdaráis iad féin agus a chéile a thabhairt chun cuntais. Tá gá le cur chuige nua chun gníomhaíocht chuimsitheach a dhéanamh an uair seo. Ní trí shraith bhreise rialacha a chruthú, ach trí bhíthin sraith bhreise uaillmhéine agus tiomantais ó gach uile dhuine na rialacha a chur ag oibriú. Is mithid an margadh Eorpach a chur ag oibriú, is mithid an Eoraip a roghnú.
Modh nua dár margadh Eorpach
Leis an Straitéis seo, cuirtear cur chuige nua i láthair chun ár margadh Eorpach a fhorbairt a thuilleadh. Is iad na colúin seo a leanas atá mar bhonn taca léi:
Níos lú bacainní: iarrachtaí spriocdhírithe comhpháirteacha chun deireadh a chur leis na bacainní is dochraí ar an Margadh Aonair – iarrachtaí chun dul i ngleic leis na ‘Deich mBacainn Dhíobhálacha’ a threisiú. Tá an iomarca constaicí ann fós roimh an Margadh Aonair, rud a imríonn tionchar diúltach ar thrádáil agus ar infheistíocht. Ní mór aghaidh a thabhairt orthu uile agus déanfar sin. Ach ní mór dúinn fócas a bheith againn. Sin an fáth a bhfuil sé beartaithe againn sa Straitéis seo aghaidh a thabhairt, mar chéad tosaíocht, ar na 10 mbacainn is dochraí sa Mhargadh Aonair.
Níos mó uaillmhéine: cur chuige nua chun borradh a chur faoi mhargaí seirbhísí na hEorpa. Agus uaillmhian agus ailíniú níos fearr á lorg, tá gá le cur chuige nuálach chun beochta chur i margaí seirbhísí na hEorpa. Tá géarghá le dinimic fheabhsaithe sa Mhargadh Aonair le haghaidh seirbhísí, agus aitheantas á thabhairt don ról lárnach atá aige. Leis an gcur chuige earnála atá beartaithe, díreofar ar earnálacha seirbhísí sonracha a bhféadfadh an breisluach eacnamaíoch is airde a bheith ag baint leo agus atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Tá sé i bhfad thar am é sin a dhéanamh.
Nós mó fócais: ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá i mbun fáis. Tá FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga (CMBanna) ar na fiontair is mó a ndéanann ilroinnt an mhargaidh rialála agus riaracháin difear dóibh agus is iad is mó a bhainfidh tairbhe as margadh Eorpach níos comhtháite. Leis an Straitéis seo, cuirtear sraith gníomhaíochtaí chun cinn lena gcuirtear ar a gcumas do FBManna an leas is fearr is féidir a bhaint as an margadh Eorpach atá acu. Comhlánófar í le straitéis thiomnaithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis.
Digitiú níos éifeachtaí: Ní mór do na Ballstáit agus don Aontas oibriú i gcomhar le chéile. Leis an digitiú, is féidir borradh a chur faoi riarachán comhpháirteach agus dlús a chur le gnó a dhéanamh san Aontas. Ar an gcaoi sin, cumasaíonn uirlisí digiteacha feidhmiú optamach an Mhargaidh Aonair agus tá siad ríthábhachtach maidir le beartais a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach éifeachtúil. Tá sé sin fite fuaite leis an uaillmhian Eorpach i leith an tsimplithe.
Níos mó simplithe: gníomhú láithreach chun an rómhaorlathas a laghdú agus chun rudaí a dhéanamh níos simplí. Freagraíonn an pacáiste omnibus a ghabhann leis an Straitéis seo d’ionchais gnólachtaí, mar atá: cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a thabhairt isteach chun an rialáil a chur in oiriúint dá gcuid riachtanais, bogadh ó Mhargadh Aonair doiciméadbhunaithe go Margadh Aonair sonraíbhunaithe agus réiteach éigeandála a sholáthar i gcás táirgí nach mór rochtain ar an margadh a thabhairt dóibh. Mar ábhar ginearálta, ba cheart é a bheith d’aidhm againn simpliú a dhéanamh as a dtiocfaidh costais níos ísle, táirgiúlacht níos airde agus feidhmiú níos fearr an Mhargaidh Aonair, agus san am céanna ár n‑uaillmhian i leith na haeráide agus na hinbhuanaitheachta agus ár bhfreagrachtaí sóisialta á gcoinneáil ar bun. Is gá rialacha simplí a bheith againn a fhágann go bhfuil sé éasca fás agus gnó a dhéanamh sa Mhargadh Aonair. Ba cheart an prionsabal ‘ceann amháin isteach, 27 gcinn amach’ a bheith mar threoirphrionsabal dár Margadh Aonair.
Cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos éifeachtaí: is freagracht chomhpháirteach de chuid an Aontais agus na mBallstát é dea-fheidhmiú ár margaidh Eorpaigh. Braitheann an dea-fheidhmiú sin ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú cliste beartas comhaontaithe, rudaí a bhfuil institiúidí láidre agus urraim don smacht reachta ag teastáil lena n‑aghaidh. Tá forfheidhmiú éifeachtach na rialacha comhaontaithe fós barrthábhachtach. Chuige sin, tá gá le gníomhaíocht réamhghníomhach chun cosc a chur ar chruthú bacainní nua, obair chomhpháirteach maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm rialacha agus gníomhaíocht cheartaitheach dhlíthiúil i gcás inar gá, ionas go gcruthófaí timpeallacht oibriúcháin chobhsaí ina mbeidh feidhm éifeachtach aonfhoirmeach ag dlíthe, rud a thabharfaidh buntáiste iomaíoch don Aontas agus dá Bhallstáit. Éilíonn an dea-fheidhmiú sin gníomhaíocht chinntitheach forfheidhmiúcháin freisin, lena n‑áirítear imeachtaí um shárú atá níos córasaí.
Níos mó úinéireachta: rannpháirtíocht pholaitiúil agus náisiúnta a mhéadú. Tá níos mó úinéireacht náisiúnta agus gealltanas dáiríre ó na gníomhaithe uile ar gach leibhéal rialtais de dhíth orainn. Moltar do na Ballstáit cosc a chur ar thabhairt isteach bacainní nua, inter alia nuair a bhíonn rialacha an Aontais á dtrasuí sa dlí náisiúnta, agus moltar dóibh aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála agus riaracháin ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta. Tá sé barrthábhachtach measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht dréachtbheart náisiúnta le dlí an Aontais, mar aon le trédhearcacht na mbeart sin i leith Ballstáit eile agus i leith páirtithe leasmhara a áirithiú.
Níos mó sineirgíochta: athrú paraidíme i gcaiteachas an Aontais. Faoi láthair, níl nasc díreach ceart idir caiteachas an Aontais (atá dírithe ar infheistíocht) agus na Ballstáit atá ag tabhairt faoi athchóirithe rialála chun bacainní ar an Margadh Aonair a bhaint nó chun cásanna gnó agus slabhraí luacha Eorpacha a chur chun cinn. Tá deis mhór ann buiséad an Aontais a úsáid mar thúsphointe chun athchóirithe náisiúnta a chur chun cinn, ar athchóirithe iad lena gcuirtear cuspóirí beartais an Mhargaidh Aonair chun tosaigh. D’fhéadfadh sé sin cur chun feidhme acquis an Aontais a chur chun cinn ar bhealach níos déine ná mar atá amhlaidh faoi láthair, mar shampla trí thacú le hinfheistíochtaí chun dul i ngleic le constaicí riaracháin, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin tacaíocht atá dírithe ar ghnólachtaí, poist agus comhpháirteanna an Aontais.
Níos mó cosanta: gníomhú mar sciath ar chleachtais éagóracha trádála. Le méid an Mhargaidh Aonair, a acmhainneacht mar mhaolaire turrainge agus na hardchaighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus tomhaltóirí a bhaineann leis, cosnaítear saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais i bhfianaise éiginnteachtaí idirnáisiúnta atá ag dul i méid. Tá sé fíor-riachtanach ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú le haghaidh Margadh Aonair atá dea-fheidhmiúil, agus tá gá leis sin chun muinín tomhaltóirí, deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta do ghnólachtaí a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, an margadh Eorpach, arna chosaint ag úsáid éifeachtach na n‑ionstraimí cosanta trádála i gcás inar gá, is foinse cobhsaíochta agus athléimneachta é lenar féidir gnólachtaí an Aontais a chosaint ar shuaitheadh trádála agus spleáchais sheachtracha a laghdú, go háirithe nuair a bhíonn beartais lena spreagtar tomhaltas agus infheistíocht intíre mar thaca leis.
Caibidil 1. Bacainní a bhaint: Dul i ngleic leis na ‘Deich mBacainn Dhíobhálacha’ a threisiú
Ar bhonn comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara, shainaithin an Coimisiún sraith de na ‘Deich mBacainn Dhíobhálacha’ ar an Margadh Aonair a dtabharfaidh sé aghaidh orthu leis an Straitéis seo mar phríomhthosaíocht. Is minic a bhíonn na bacainní sin ina n‑iarmhairt neamhbheartaithe ar ábhair imní dhlisteanacha ó thaobh beartais de. Dá bhrí sin, trí dhul i ngleic leis na bacainní, ní chaitear amhras ar thiomantas an Mhargaidh Aonair d’ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil lena gcosnaítear saoránaigh agus oibrithe.
1. Rialacha an Aontais atá róchasta
Tá ról tábhachtach ag beartais agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an Margadh Aonair a bhunú agus maidir lena tharraingteacht do ghnólachtaí, d’infheisteoirí agus do thomhaltóirí a áirithiú. Go minic, baintear Margadh Aonair amach trí shraith aonair rialacha a bheith ann de bharr riail amháin uile-Aontais a chur in ionad 27 riail náisiúnta. Uaireanta, áfach, d’fhéadfadh acquis an Aontais a bheith casta agus forluiteach, rud a fhágann go mbíonn costais chomhlíontachta arda nó ualach riaracháin inseachanta eile ann. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá tástáil struis á déanamh ag an gCoimisiún ar acquis iomlán an Aontais, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann. Mar thoradh air sin, tá sraith pacáistí simpliúcháin Omnibus á moladh againn, agus tá ceann amháin acu á ghlacadh i gcomhthráth leis an Straitéis seo. Leis an gceathrú pacáiste omnibus sin, cuirfear deireadh leis an ualach ar ghnólachtaí an Aontais trí eisceachtaí is infheidhme maidir le FBManna a leathnú amach do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, trí dheireadh a chur le hoibleagáidí doiciméadacht maidir le comhlíontacht táirgí a sholáthar i bhformáid pháipéir, trí rogha a thabhairt do ghnólachtaí treoracha úsáide a sholáthar go digiteach agus trí réiteach a chur ar fáil le haghaidh táirgí nach féidir a chur ar an margadh mar gheall ar easpa caighdeán. Beidh tuilleadh tograí Omnibus ann ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear pacáiste omnibus Digiteach atá dírithe ar reachtaíocht an mhargaidh aonair a shimpliú sa réimse digiteach freisin agus pacáiste omnibus comhshaoil chun comhlíontacht a éascú, go háirithe comhlíontacht na n‑oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora (FLT), ar bhealaí nach gcruthaíonn bacainní margaidh nua. Leis an tSeiceáil Iomaíochais mar chuid lárnach den mheasúnú tionchair, áiritheofar freisin nach gcruthófar aon bhacainn nua le reachtaíocht nua de chuid an Aontais, rud a chomhlánóidh baint bacainní ar an leibhéal náisiúnta, ós rud é go bhfuil Margadh Aonair feidhmiúil ríthábhachtach chun ár n‑iomaíochas a neartú.
Nuair a bhíonn an iomarca rialálaithe agus gníomhaireachtaí ann, d’fhéadfaí cur le ceanglais ilchineálacha agus le nósanna imeachta casta. Trí fheabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar ailíniú ó údarás agus ó Bhallstát go chéile, thacófaí le formhaoirseacht ar ghníomhaithe margaidh a bheadh níos éifeachtaí agus nach mbeadh chomh hanásta céanna, agus thacófaí le cur i bhfeidhm rialacha ábhartha freisin.
Le tionscnaimh reachtacha a bheidh ann amach anseo, idir thionscnaimh nua agus athbhreithnithe ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, féachfar le rialacha níos simplí a sholáthar. Sampla amháin is ea rialacha soláthair phoiblí an Aontais, ar rialacha iad atá ceaptha le trédhearcacht agus foinsiú trasteorann oibreacha, táirgí agus seirbhísí a chur chun cinn. Toisc go bhfuil cuid de na rialacha sin casta agus ilroinnte, áfach, díspreagtar ceannaitheoirí poiblí ó úsáid a bhaint as an mbosca uirlisí iomlán agus díspreagtar gnólachtaí ó pháirt a ghlacadh i dtairiscintí trasteorann agus chomh maith leis sin, fágann siad nach féidir leas a bhaint as an deis infheistíochta straitéisí a bhaineann le conarthaí poiblí.
Tá tábhacht ar leith ag baint le rialacha comhchuibhithe simplí a sholáthar i bpríomhearnálacha straitéiseacha ar nós earnáil na cosanta. I bhfianaise na n‑imthosca geopholaitiúla, tá géarghá leis na rialacha agus na nósanna imeachta atá ann cheana a shimpliú agus a chomhordú chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt mhargadh cosanta na hEorpa, chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a éascú agus chun borradh a chur faoi ullmhacht thionscal cosanta na hEorpa san fhadtéarma. Ar mhaithe leis an méid sin a bhaint amach, mar a leagtar amach sa Pháipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030, ní mór do na Ballstáit infheistíocht ollmhór a dhéanamh i gcumais chosanta agus córais chosanta a sholáthar chun bearnaí cumais criticiúla a líonadh. Is saintréithe de mhargadh cosanta an Aontais iad easpa barainneachtaí scála, gníomhaithe náisiúnta a bheith ag freastal go príomha ar a margaí intíre féin go minic, tearcinfheistíocht fhadtéarmach, neamhéifeachtúlachtaí agus spleáchas ar sholáthróirí neamh-AE. Ach margadh lánfheidhmiúil uile-Aontais um threalamh cosanta a bhaint amach – ina mbeadh muinín ag na Ballstáit as soláthairtí, fochonarthaí agus ceannacháin ó Bhallstáit eile mar a bhíonn acu as a gcinn féin – ráthófaí rochtain ar tháirgí a bhaineann le cosaint, ar chomhchodanna agus ar pháirteanna spártha, rud a d’áiritheodh slándáil an tsoláthair in aimsir géarchéime. Beidh sin ina rannchuidiú slándáil, cumais chosanta agus neamhspleáchas na hEorpa a fheabhsú. Sa bhreis air sin, tá gá le soláthar comhpháirteach agus trasteorann chun margaí tosaigh a chruthú. I bpróiseas an athbhreithnithe ar threoir an Aontais maidir le soláthar cosanta agus soláthar slándála íogaire atá beartaithe do 2026, cuirfear san áireamh an moladh sa Chompás Iomaíochais tosaíocht Eorpach a thabhairt isteach, rud nach féidir a bhunú ach amháin i margadh feidhmiúil uile-Aontais um threalamh cosanta lena gcumasófar cothrom na Féinne agus iomaíocht chóir i measc chuideachtaí an Aontais.
|
San earnáil foirgníochta, mar gheall ar an easpa critéar comhchuibhithe neamhphraghais i soláthar poiblí an Aontais, cruthaítear éiginnteacht agus ualach riaracháin mór do chuideachtaí ar mian leo páirt a ghlacadh i dtairiscintí i roinnt tíortha. Cé gur thug Ballstáit áirithe ceanglais isteach chun astaíochtaí carbóin a laghdú i gcás príomhábhar amhail cruach agus stroighin, tá iarrachtaí tíortha eile teoranta do mholtaí deonacha, agus spriocanna sonracha éagsúla i gceist nó gan spriocanna ar bith, ag brath ar an gcás. Fágann an neamhréir sin gur deacair do ghnólachtaí, go háirithe FBManna a chuireann táirgí ísealcharbóin ar fáil, dul i ngleic le nósanna imeachta tairisceana agus leas a bhaint as deiseanna i margaí éagsúla.
|
Gníomhaíochtaí:
·Pacáistí omnibus simpliúcháin a ghlacadh chun an t‑ualach neamhriachtanach a laghdú ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach cuspóirí beartais a chosaint, amhail an Pacáiste Omnibus Digiteach arb é is aidhm dó gnéithe áirithe de acquis digiteach an Aontais agus an pacáiste Omnibus a shimpliú agus a chuíchóiriú chun comhlíontacht na n‑oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a éascú (ar siúl faoi láthair)
·Seiceálacha Iomaíochais le linn chéim an mheasúnaithe tionchair chun comhsheasmhacht an Mhargaidh Aonair agus tuilleadh nuálaíochta a áirithiú (ar siúl faoi láthair)
·Athbhreithniú ar ghníomhaireachtaí náisiúnta agus Eorpacha i réimse an Mhargaidh Aonair d’fhonn an dlí a chur i bhfeidhm go héifeachtach (R1 2026)
·Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat um Sholáthar Poiblí chun a fhorálacha ilroinnte casta a lárú agus a chuíchóiriú, agus chun úsáid na gcritéar inbhuanaitheachta, athléimneachta agus sóisialta agus, i dteicneolaíochtaí agus in earnálacha straitéiseacha áirithe, na gcritéar tosaíochta Eorpaí i soláthar poiblí an Aontais a phríomhshruthú agus tairiscintí iomaíocha á n‑áirithiú san am céanna (2026)
·I gcomhar leis an athbhreithniú ar an gcreat um Sholáthar Poiblí, athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le soláthar cosanta agus soláthar slándála íogaire
chun rialacha agus nósanna imeachta maidir le soláthairtí trealaimh cosanta a shimpliú agus a chomhchuibhiú agus chun tosaíocht Eorpach a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh (2026)
2. Easpa úinéireachta ag na Ballstáit ar an Margadh Aonair
Bíonn gnólachtaí agus saoránaigh an Aontais i gcónaí ag tuairisciú rialacha náisiúnta a chuireann srian díréireach ar shaoirsí bunúsacha a ráthaítear leis na Conarthaí nó a chruthaíonn bacainní atá dochrach ó thaobh an gheilleagair de sa Mhargadh Aonair. Is minic nach gcuirtear prionsabail agus creataí dlíthiúla an Aontais san áireamh ar bhealach leormhaith sna rialacha náisiúnta. Cruthaíonn na Ballstáit bacainní freisin agus déanann siad an Margadh Aonair a ilroinnt nuair nach ndéanann siad dlí an Aontais a thrasuí nó nuair a chuireann siad chun feidhme é ar bhealach atá mícheart, atá éagsúil gan gá a bheith leis nó a chruthaíonn ualach trom (rórialáil).
Níos mó ná riamh, tá úinéireacht chomhpháirteach agus tosaíocht pholaitiúil a thabhairt don Mhargadh Aonair agus d’fhorfheidhmiú a rialacha barrthábhachtach. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit Seirpeach ardleibhéil um an Margadh Aonair a ainmniú in oifig a bpríomh-aire nó in oifig a n‑uachtaráin a mbeidh údarás aige i leith gach cuid den rialtas. Ba cheart don Seirpeach cur i bhfeidhm rialacha an Mhargaidh Aonair a chur chun cinn agus ról gníomhach a bheith aige maidir le bacainní náisiúnta rialála agus riaracháin ar an Margadh Aonair a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart do na Seirpigh comhoibriú le chéile freisin d’fhonn dlús a chur le baint na mbacainní ar fud an Mhargaidh Aonair. Chun an comhar a éascú, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin atá i gceannas ar an Margadh Aonair, nó a n‑ionadaí, iarrfaidh siad ar Sheirpigh ardleibhéil an Mhargaidh Aonair teacht le chéile go tráthrialta.
Tá gá le treisiú polaitiúil freisin chun an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) a chumhachtú a thuilleadh. Le cruinniú polaitiúil ardleibhéil bliantúil ina dtabharfar le chéile airí na mBallstát atá freagrach as an Margadh Aonair, Seirpigh ardleibhéil an Mhargaidh Aonair agus Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin atá i gceannas ar an Margadh Aonair, cuirfear stiúradh straitéiseach ar fáil d’obair SMET mar aon le tacaíocht pholaitiúil do chur chun feidhme réiteach chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní, ar réitigh iad arna sainaithint go comhpháirteach.
Is iad na Ballstáit atá in ann cosc a chur ar chruthú bacainní nua sa Mhargadh Aonair ar an mbealach is éifeachtaí. Is ar na Ballstáit atá an fhreagracht comhlíontacht na rialála náisiúnta le rialacha an Mhargaidh Aonair a áirithiú ag an gcéim tionscanta, sin agus na dálaí a chruthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí tairbhe iomlán a bhaint as an Margadh Aonair. Tá an Margadh Aonair níos tábhachtaí ná riamh, agus is amhlaidh atá measúnuithe críochnúla ar chomhréireacht na ndréachtrialacha náisiúnta uile freisin agus úsáid níos fearr a bheith á baint as sásraí fógartha ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, idir 2022 agus 2024, bhí thart ar 15 % d’fhógraí maidir le rialacha náisiúnta nó dréachtrialacha náisiúnta ina n‑ábhair imní don Choimisiún mar rialacha a d’fhéadfadh bacainní a chruthú nó an Margadh Aonair a ilroinnt, agus bhí idirphlé idir an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann mar thoradh air sin. Iarrtar ar na Ballstáit oibriú leis an gCoimisiún chun a áirithiú go mbainfear leas iomlán as na sásraí atá ann cheana agus go ndéanfar measúnú comhréireachta láidir ar dhréachtbhearta náisiúnta ionas go mbeidh an Coimisiún, Ballstáit eile agus páirtithe leasmhara in ann dul i mbun malartú éifeachtach réamhtheachtach chun bacainní nua a sheachaint. Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú an raibh na réimsí nach gcumhdaítear go dtí seo leis an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt faoi réir níos mó ilroinnte sa Mhargadh Aonair agus an gcuireann easpa oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt bac mór ar fheidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair. Ag deireadh 2026, déanfaidh an Coimisiún an staid a mheas agus ar an mbonn sin cinnfidh sé an bhfuil gá le bearta reachtacha a mholadh chun bearnaí a líonadh agus rialachas um chosc a threisiú.
Tabharfaidh an Coimisiún gné an Mhargaidh Aonair isteach sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta freisin agus tá sé ag obair leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta ar saincheisteanna iad a dhéanann difear do chuideachtaí, go háirithe FBManna, a oibríonn thar theorainneacha.
|
Forchuireann Ballstát scéim deimhniúcháin ar fhiontraithe ar mian leo trealamh fuinnimh in‑athnuaite a shuiteáil nó feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh ionas go bhfaighidh faighteoirí na seirbhísí sin tacaíocht airgeadais phoiblí. Le blianta beaga anuas, cuireadh bearta éagsúla um chabhair phoiblí i bhfeidhm maidir le foirgnimh a athchóiriú agus trealamh fuinnimh in‑athnuaite a shuiteáil agus is minic a éilíonn na bearta idirghabháil ó fhiontraí a bhfuil an deimhniú sonrach sin aige. Dá bhrí sin, tháinig sé chun bheith ina choinníoll chun rochtain a fháil ar chuid shubstaintiúil den mhargadh athchóirithe foirgneamh sa Bhallstát sin. Tá roinnt coinníollacha sa scéim deimhniúcháin a théann níos faide ná na coinníollacha atá comhchuibhithe sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite agus a chruthaíonn fadhbanna rochtana forleathana do chuideachtaí nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin.
|
Gníomhaíochtaí:
·An chéad chruinniú de Sheirpigh ardleibhéil an Mhargaidh Aonair a ghairm (R4 2025)
·An chéad chruinniú polaitiúil ardleibhéil bliantúil de SMET a eagrú (R4 2025)
·Gníomh um Chosc ar Bhacainní ar an Margadh Aonair a mholadh (R3 2027, más gá, bunaithe ar mheasúnú ar fheidhmiú na n‑uirlisí coisctheacha atá ann cheana)
3. Bunú agus oibríochtaí gnó atá casta
Tá bunú agus oibriú cuideachtaí ar fud an Aontais fós casta agus costasach mar gheall ar ilroinnt na rialacha dlíthiúla ó Bhallstát go chéile. Tarraingíonn gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, aird ar ilroinnt na rialacha ar fud an Aontais agus cuireann siad i dtábhacht go láidir, maidir le nósanna imeachta um chuideachtaí a chur ar bun agus infheistíocht a dhéanamh iontu, nach bhfuil siad digiteach, éasca ná tapa go leor, rud a chuireann bac ar chuideachtaí uas-scálú rathúil a dhéanamh san Aontas. Rogha a bhfuil gealladh fúithi agus a mholtar go láidir i dtuarascáil Letta agus i dtuarascáil Draghi araon is ea an 28ú córas a bhunú a bheadh ceaptha chun go bhfeadfadh gnólachtaí oibriú ar fud an Mhargaidh Aonair: d’fhágfadh sé sin go bhféadfaí a bheith uaillmhianach agus nuálach. Leis an 28ú córas ar an leibhéal Eorpach, soláthrófar sraith aonair rialacha, rud a d’fhéadfadh tarlú ar bhealach forchéimnitheach modúlach. Bheadh creat dlíthiúil corparáideach AE ann, bunaithe ar réitigh dhigiteacha mar réamhshocrú, agus cuideoidh sé le cuideachtaí bacainní a shárú nuair a bhíonn siad á gcur ar bun agus ag feidhmiú ar fud an Mhargaidh Aonair. Chun é sin a dhéanamh, simpleoidh sé na rialacha is infheidhme agus laghdóidh sé an costas a bhaineann le cliseadh trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha laistigh de réimsí ábhartha dlí, lena n‑áirítear dlí dócmhainneacht, dlí saothair agus dlí cánachais. Féachfaidh sé an bhféadfaí é a chur ar a gcumas do chuideachtaí iad féin a bhunú ar bhealach níos gasta san Eoraip, go hidéalach laistigh de 48 n‑uair an chloig, i gcomhréir le fís Enrico Letta maidir le ‘Cód Eorpach um Dhlí Gnó’.
Trí ghnólachtaí a aistriú chuig glúin nua fiontraithe, cruthaítear deiseanna agus caomhnaítear poist. Aistrithe gnó – is é sin gnólacht a thabhairt ar láimh d’úinéir nua, agus bainistíocht nua a thabhairt isteach go minic – d’fhéadfaidís a bheith casta agus ní mór dóibh rialacháin shonracha gach Ballstáit a chomhlíonadh. Tá an líon aistrithe gnó san Eoraip ag dul i méid, ach ní thugann an creat um aistrithe gnó aghaidh ar na dúshláin atá ann cheana ar bhealach leormhaith.
|
Cinneann cuideachta atá i mbun fáis láithreacht bhuan a bhunú i dtrí Bhallstát eile chun cliaint áitiúla a mhealladh. Chun déanamh amhlaidh, ní mór don chuideachta dlí náisiúnta na gcuideachtaí i ngach Ballstát a mheasúnú agus a thuiscint ar dtús, foirm dhlíthiúil náisiúnta éagsúil a ghlacadh le haghaidh gach cuideachta agus struchtúr eagraíochtúil gach cuideachta a oiriúnú chun na ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh. Más mó an bhacainn teanga agus na difríochtaí i gcóras dlí an Bhallstáit, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gcuideachta sainchomhairleoir seachtrach nó dlíodóir a fhostú, rud a chruthódh moilleanna, costais agus ualach riaracháin nach beag, go háirithe le haghaidh FBM.
|
Gníomhaíochtaí:
·Rialacha comhchoiteanna a bhunú chun bunú digiteach gnólachtaí agus a n‑oibríochtaí ar fud an Mhargaidh Aonair a éascú (Togra reachtach maidir leis an ‘28ú córas’ – R1 2026)
·Athbhreithniú a dhéanamh ar an Moladh ón gCoimisiún maidir le haistrithe gnó(R4 2025)
4. Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla
Cuireann an Margadh Aonair creat uathúil ar fáil um chúrsaíocht daoine agus dá réir sin um chúrsaíocht scileanna agus cáilíochtaí. Dá thapa a aithnítear cáilíochtaí gairmiúla, is ea is éasca do shaoránaigh oibriú i mBallstáit eile agus do sholáthraithe seirbhísí oibriú ar bhonn trasteorann. Foráiltear le dlí an Aontais go dtabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla arna bhfáil i mBallstát eile ar cáilíochtaí iad atá riachtanach chun seirbhísí rialáilte a fheidhmiú go buan. Ionas go mbeidh an tAontas fós iomaíoch ar an leibhéal domhanda, ní mór dó a acmhainneacht a neartú tallann a mhealladh agus a choinneáil, ar tallann é a d’fhéadfadh cuidiú leis na ganntanais scileanna sa mhargadh saothair a líonadh. Tá bacainní tábhachtacha fós ar náisiúnaigh tríú tíortha, áfach, maidir le bheith ag obair sna gairmeacha beatha ina bhfuil siad cáilithe.
Nósanna imeachta um aitheantas atá fada agus casta, cuireann siad cosc ar shaoránaigh an Aontais a ngairm bheatha a chleachtadh i mBallstáit eile. D’fhéadfadh sé sin iad a bhrú isteach i róil ar leibhéal cáilíochta níos ísle agus tionchar na dtreochtaí déimeagrafacha atá ann faoi láthair ar mhargadh an tsaothair a dhéanamh níos measa. Le próisis dhigiteacha, tá an fhéidearthacht ann dlús a chur le nósanna imeachta um aitheantas ar rómhinic iad a bheith fós páipéarbhunaithe. De réir tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa le déanaí, ní dhearna ach dhá Bhallstát foráil maidir le nósanna imeachta um aitheantas atá go hiomlán leictreonach nó maidir le ríomhphoist a úsáid gan doiciméid fhisiciúla bhreise a iarraidh.
Le nósanna imeachta um aitheantas uathoibríoch, is féidir cáilíochtaí gairmiúla a aithint ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla, ach tá siad teoranta ó thaobh raon feidhme de do roinnt gairmeacha, go háirithe sna seirbhísí sláinte. Ach raon feidhme nósanna imeachta um aitheantas uathoibríoch a leathnú trí ionstraimí, amhail na Creataí Comhchoiteanna Oiliúna atá ann cheana, is féidir aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a dhéanamh níos tapúla agus níos éifeachtaí. Faoi chuimsiú Aontas na Scileanna, fógraíodh Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shoghluaisteacht an lucht saothair.
|
Theip ar chuideachta innealtóireachta speisialaithe teicneoir ardcháilithe ó Bhallstát eile a fhostú ón tír sin mar gheall ar na nósanna imeachta fada um aitheantas agus iarraidh le haghaidh aistriúcháin dheimhnithe ar shraith doiciméad lena ndeimhnítear na cáilíochtaí a fuair an teicneoir ina thír bhaile.
|
Gníomhaíochtaí:
·Reachtaíocht an Aontais a bhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shoghluaisteacht an lucht saothair.
·Na nósanna imeachta um aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a dhéanamh níos tapúla agus níos éifeachtúla trí úsáid níos mó a bhaint as uirlisí digiteacha (R4 2026)
·Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a éascú trí scéimeanna aitheantais uathoibríoch a leathnú, mar shampla trí bhíthin Creataí Comhchoiteanna Oiliúna (R4 2026)
·Reachtaíocht an Aontais a bhreithniú chun rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le cáilíochtaí agus scileanna náisiúnach tríú tír a aithint agus a bhailíochtú (R4 2026)
5. Moilleanna fada i gcaighdeánú a chuireann isteach ar an nuálaíocht agus ar an iomaíochas
Is eiseamláir den nuálaíocht iad na caighdeáin agus tá siad i gcroílár Margaidh Aonair atá athléimneach, glas agus digiteach. Soláthraíonn siad deimhneacht dhlíthiúil, éascaíonn siad rochtain ar theicneolaíochtaí nua agus cuireann siad borradh faoi iomaíochas domhanda ghnólachtaí an Aontais. Tá ár gcreat um chaighdeánú ag streachailt, áfach, chun freastal ar riachtanais an mhargaidh agus ar riachtanais bheartais, go háirithe maidir le prapúlacht, cuimsitheacht agus rochtain ar chaighdeáin. Bíonn gnólachtaí ag dul i ngleic le caighdeáin chomhchuibhithe a bheith in easnamh nó ar fáil go déanach, rud a chruthaíonn costais agus éiginnteacht, a chuireann bac ar a n‑iomaíochas agus a chuireann moill ar ghlacadh teicneolaíochtaí nua sa Mhargadh Aonair. Maidir le creat an Aontais um chaighdeáin chomhchuibhithe, féachfaidh an Coimisiún lena dhéanamh slán i bhfad na haimsire trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Caighdeánú. Leis sin, cuirfear feabhas ar luas agus solúbthacht an phróisis um chaighdeánú, áiritheofar próiseas atá dírithe ar pháirtithe leasmhara agus a mbeidh páirtithe leasmhara rannpháirteach ann ar bhealach cothrom, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an tsochaí shibhialta agus lucht acadúil, cuirfear feabhas ar rochtain ar chaighdeáin agus treiseofar ról an Aontais mar an bunaitheoir caighdeán domhanda. Rannchuideofar freisin le feidhmiú éifeachtach chreat an Aontais um reachtaíocht táirgí atá i gcroílár an Mhargaidh Aonair. An caighdeánú a nascadh go dlúth le hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta an Aontais, lena n‑áirítear na bunaonaid tomhais a leagtar síos leis an tionscnamh méadreolaíochta, téann sin chun tairbhe do shaorchúrsaíocht seirbhísí agus táirgí.
Idir an dá linn, leis an bpacáiste Omnibus a glacadh in éineacht leis an Straitéis seo, sna cásanna nach bhfuil an córas um chaighdeánú atá ann faoi láthair leormhaith, beidh an Coimisiún in ann sonraíochtaí coiteanna a leagan síos a fhéadfaidh gnólachtaí a úsáid chun comhlíontacht ceanglas dlíthiúil a chruthú.
|
Forbraíonn gnólacht córais aerárthaí úrscothacha gan foireann nach mór dóibh ceanglais dhlíthiúla maidir lena ndearadh, a dtáirgeadh, a gcothabháil agus a n‑oibriú a chomhlíonadh ó bhí 2023 ann. D’iarr an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt chun cuidiú le gnólachtaí na ceanglais sin a chur chun feidhme. Níor forbraíodh ach ceann amháin go dtí seo, áfach, agus tá seacht gcinn fós ar feitheamh. In éagmais na gcaighdeán sin, bhí ar an ngnólacht measúnú comhréireachta níos costasaí a dhéanamh, rud a chruthaigh éiginnteacht dhlíthiúil agus ualach riaracháin. Murach sin d’fhéadfaí na costais sin a infheistiú sa nuálaíocht.
|
Gníomhaíochtaí:
·Cead a thabhairt don Choimisiún sonraíochtaí coiteanna a bhunú nuair is gá (togra Omnibus a glacadh in éineacht leis an Straitéis seo)
·Athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Caighdeánú (Togra reachtach – R2 2026)
6. Rialacha ilroinnte maidir le pacáistiú, lipéadú agus dramhaíl
Cuireann lipéid táirgí faisnéis thábhachtach in iúl do thomhaltóirí maidir le sábháilteacht, inbhuanaitheacht agus cothú. Mar sin féin, fágann ceanglais náisiúnta éagsúla a bhaineann le lipéadú go bhfuil sé deacair trádáil a dhéanamh ar fud an Mhargaidh Aonair. Cuireann na ceanglais éagsúla atá ann iallach ar tháirgeoirí leaganacha éagsúla den táirge a fhorbairt le haghaidh margaí éagsúla, nó táirgí a athlipéadú nó a athphacáistiú fiú agus iad á n‑aistriú thar theorainneacha. Cuireann iomadú na gceanglas lipéadaithe le castacht na faisnéise a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí freisin.
Leis na rialacha maidir le lipéadú, ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir an gá le lipéadú a bheith intuigthe go soiléir ag tomhaltóirí agus an gá le laghdú a dhéanamh ar bhacainní margaidh agus ar an ualach ar earnáil na tionsclaíochta. Saothrófar an chothromaíocht sin le roinnt tionscnamh. Leis an Rialachán nua maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht, déantar foráil maidir le lipéadú comhchuibhithe ar phacáistíocht a chruthú lena sórtáil ag tomhaltóirí, rud a shonrófar trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí d’fhonn na rialacha is infheidhme a shoiléiriú, deireadh a chur le hilroinnt agus táirge glas den scoth a chumasú trí ábhar lipéadaithe atá go hiomlán comhchuibhithe agus cuimsitheach a chur san áireamh i lipéad fisiceach agus digiteach. Lipéadú digiteach a bhíonn ag brath ar iompróir sonraí amhail cód QR, is é sin an réiteach san fhadtéarma le haghaidh rochtain ar lipéid a shimpliú do thomhaltóirí agus comhlíontacht a éascú d’oibreoirí eacnamaíocha, cé gur cheart faisnéis fhíor-riachtanach ar nós treoracha sábháilteachta a phriontáil ar an táirge fós. Beidh lipéid dhigiteacha mar chuid den phas táirge digiteach arb é an coimeádán digiteach le haghaidh faisnéis a bhaineann le táirgí, mar atá beartaithe cheana féin faoin Rialachán nua maidir le Táirgí Foirgníochta.
Ní mór dúinn Margadh Aonair le haghaidh dramhaíola a chruthú. Is é príomhchuspóir na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora (FLT) é a chur de cheangal ar tháirgeoirí na costais bhainistíochta a bhaineann le deireadh ré a dtáirgí a chumhdach agus, dá bhrí sin, rannchuidiú leis an athchúrsáil agus leis an gciorclaíocht. Tá gnéithe áirithe de scéimeanna FLT ar cheann de na bacainní is minice anois, áfach, a thuairiscíonn cuideachtaí a oibríonn ar bhonn trasteorann san Aontas. Cé gur minic a eascraíonn scéimeanna FLT as reachtaíocht an Aontais, mar gheall ar an easpa aonfhoirmeachta maidir le prionsabail agus ceanglais, tá éagsúlacht mhór sna scéimeanna FLT a bunaíodh sna Ballstáit, chomh maith le castacht rialála agus ualach mór riaracháin ar chuideachtaí. I gcás FBManna go háirithe, is fíorchonstaic iad ceanglais náisiúnta maidir le clárúchán agus tuairisciú maidir leis an Eorpachas a ghlacadh chucu féin, lena n‑áirítear an oibleagáid ionadaithe údaraithe a cheapadh ar leithligh le haghaidh gach Ballstáit ina gcuireann an táirgeoir táirgí ar an margadh. Sa bhreis air sin, tá ilroinnt tagtha ar an Margadh Aonair le haghaidh dramhaíola, ábhair thánaisteacha agus seachtháirgí mar thoradh ar fhorbairt theoranta ar chritéir um ábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad agus ar stádas seachtháirge uile-Aontais, lena leagtar síos na coinníollacha faoina scoireann substaintí nó réada de bheith ina ndramhaíl agus faoinar féidir iad a mheas mar tháirgí. Tá critéir náisiúnta nó réigiúnacha um ábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad glactha ag na Ballstáit ar bhealach neamhchomhordaithe agus ní féidir iad a aithint go héasca ó Bhallstáit go chéile. Ní mór loingsiú trasteorann bunábhar dramhaíola chuig saoráidí athchúrsála agus loingsiú trasteorann amhábhar tánaisteach laistigh den Aontas a éascú agus a luathú a thuilleadh trí aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt sin. Cuireann easpa sainmhínithe comhchuibhithe AE ar sheachtháirgí bac ar chiorclaíocht na bpróiseas táirgthe freisin.
|
Chun trealamh soilsithe a dhíol ar fud an Aontais, ní mór do chuideachta oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh i dtrí chatagóir san am céanna: pacáistíocht, trealamh leictreach agus leictreonach, agus ceallraí. Le bheith in ann díol i dtrí Bhallstát mhóra, ní mór don chuideachta 16 chlárúchán éagsúla a fháil le haghaidh scéimeanna FLT, idirghníomhú le 10 n‑údarás éagsúla, próisis fhada ar leithligh a bhfuil ceanglais éagsúla i gceist leo a leanúint, agus táillí riaracháin agus clárúcháin ar leithligh a íoc. Nuair a bheidh an cuideachta sin cláraithe, beidh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe éagsúla i gcás gach scéime, lena n‑áirítear minicíocht an tuairiscithe.
|
Gníomhaíochtaí:
·Rialacha lipéadaithe a chomhchuibhiú trí reachtaíocht earnála, sin agus leathadh amach na réiteach lipéadaithe dhigitigh a éascú tríd an bpas táirge digiteach (an pas táirge digiteach a thabhairt isteach de réir a chéile, lena n‑áirítear cuimsiú féideartha san athbhreithniú ar an gCreat Reachtach Nua i R2 2026)
·Ceanglais maidir le hionadaíocht údaraithe nach bhfuil bonn cirt leo, na ceanglais sin a bhaint de scéimeanna FLT agus oibleagáidí tuairiscithe a laghdú, lena n‑áirítear iad a theorannú do mhinicíocht bhliantúil (togra OmnibusR4 2025)
·Aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt a chruthaítear le scéimeanna FLT náisiúnta ilchineálacha trí chomhchuibhiú, simpliú agus digitiú breise, lena n‑áirítear trí ionad ilfhreastail digiteach le haghaidh faisnéise, clárúcháin agus tuairiscithe (mar chuid den togra reachtach le haghaidh Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach – R4 2026)
·Critéir um ábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad agus um sheachtháirge a athchóiriú agus creat níos comhchuibhithe agus níos teirce a sholáthar sa Mhargadh Aonair le haghaidh stádas a bhaint amach maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad agus maidir le seachtháirge. Glacadh na gcritéar uile-Aontais um ábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad a éascú agus glacadh critéar den sórt sin le haghaidh bunábhair dhramhaíola thosaíochta a chumasú. Loingsithe trasteorann bunábhar dramhaíola le haghaidh athchúrsála a éascú (mar chuid den togra reachtach le haghaidh Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach – R4 2026).
7. Rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí atá as dáta agus easpa comhlíontacht táirgí
Is áis mhór de chuid an Mhargaidh Aonair é creat an Aontais um reachtaíocht táirgí. Le rialacha comhchuibhithe faoin gcreat sin, is féidir raon leathan táirgí a chur ar an margadh agus an tomhaltóir a chosaint san am céanna. Tá sé bunaithe ar (i) reachtaíocht táirgí chomhchuibhithe atá bunaithe ar phrionsabail (an Creat Reachtach Nua, mar a ghairtear de), in éineacht le (ii) córas caighdeán a éascaíonn léiriú comhréireachta agus a thacaíonn leis an nuálaíocht, agus (iii) córas maidir le faireachas margaidh a áirithíonn comhlíontacht agus cosaint tomhaltóirí. Leis na colúin bheartais sin, leagtar amach cothrom na Féinne le hiomaíochas láidir, rud a ullmhaíonn an bealach d’iomaíochas fadtéarmach na hEorpa. Leagtar amach ann freisin an struchtúr le haghaidh tionscnaimh bheartais amhail an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas. Cé gur éirigh go maith leis an gcreat sin, ní mór feabhas a chur air. Ar an gcéad dul síos, chun freagairt chomhordaithe éifeachtach uile-Aontais ar tháirgí a mbaineann riosca leo a ráthú, tá gá le nósanna imeachta coimirce cuíchóirithe, lena n‑áirithítear gníomhaíocht ghasta forfheidhmiúcháin ar fud an Aontais a luaithe a shainaithnítear rioscaí in aon Bhallstát. Is gá ceanglais shoiléire bheachta agus nósanna imeachta prapúla a thabhairt isteach le haghaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais neamhleora ar bhealach níos fearr. Ar an dara dul síos, sa Chreat Reachtach Nua atá ann faoi láthair ní leagtar amach freagrachtaí na n‑oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le ciorclaíocht táirgí. D’éascódh an soiléiriú sin comhlíontacht agus chuirfeadh sé síneadh le saolré táirgí. Ar deireadh, ní mór do reachtaíocht táirgí an Aontais glacadh go hiomlán le réitigh dhigiteacha. Tá an spleáchas atá ann faoi láthair ar dhoiciméadacht pháipéarbhunaithe thraidisiúnta as dáta. Amach anseo, leis an bpas táirge digiteach beidh rochtain ar na doiciméid fhíor-riachtanacha uile a éilítear faoi reachtaíocht táirgí an Aontais.
Cé go n‑éascaíonn an creat táirgí cúrsaíocht rianúil na dtáirgí laistigh den Mhargadh Aonair, ní mór é a chosaint ar mhí-úsáid. Mar gheall ar an líon mór táirgí a thagann isteach sa mhargadh Eorpach ón taobh amuigh, tá sé dodhéanta comhlíontacht iomlán a áirithiú trí sheiceálacha custaim agus seiceálacha faireachais margaidh. Tá na húdaráis chustaim, arb iad an chéad líne chosanta ag an teorainn, faoi bhrú – go háirithe mar gheall ar allmhairí ríomhthráchtála a chuimsíonn 97 % de na dearbhuithe custaim uile. Ar an gcaoi chéanna, tá an córas faireachais margaidh, arb é an dara líne chosanta agus a thagann faoi inniúlacht na mBallstát freisin, faoi bhrú ollmhór. Tá méadú as cuimse ag teacht ar an líon táirgí a thagann isteach ó thríú tíortha agus atá neamhshábháilte, góchumtha nó neamhchomhlíontach. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha sábháilteachta agus sláinte do thomhaltóirí a bheith ann, imrítear tionchar diúltach ar an gcomhshaol agus cuirtear gnólachtaí dlisteanacha faoi mhíbhuntáiste. Luann na tomhaltóirí féin díoltóirí neamhiontaofa ar líne mar cheann de na dúshláin is mó a bhíonn rompu ar líne. De réir staidéar, i roinnt earnálacha tá suas le 100 % de na táirgí ar ardáin ríomhthráchtála áirithe neamhchomhlíontach. Níl na hacmhainní ná an saineolas ag an gcóras faireachais margaidh atá ann faoi láthair agus tá sé ró-ilroinnte ó thaobh struchtúir de chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin sin.
An cumas acmhainní a chomhthiomsú, faisnéis a mhalartú agus tosaíochtaí a chur in ord, tá sin barrthábhachtach chun díriú ar na táirgí is dochracha. Leis an athchóiriú custaim atá ar feitheamh, féachtar le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ar an gcéad líne trí Údarás Custaim nua, trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais agus trí rialacha coigeartaithe maidir le beartáin ríomhthráchtála allmhairithe chun cothrom na Féinne a áirithiú, go háirithe tríd an díolúine ó dhleacht custaim le haghaidh allmhairí dar luach EUR 150 agus níos lú a bhaint. Tá plé ar siúl freisin maidir le táille láimhseála custaim a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar na costais méadaitheacha a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht coinsíneachtaí beaga le rialacha an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, tá gá le rialachas ar an bhfaireachas margaidh ar leibhéal an Aontais chun comhordú agus treoraíocht córasach a sholáthar agus chun acmhainneacht agus saineolas na n‑údarás faireachais margaidh uile ar fud an Aontais a uas-scálú agus a chomhthiomsú. Go sonrach, ba cheart dúinn machnamh a dhéanamh ar fhaireachas margaidh ar leibhéal an Aontais i réimsí tosaíochta straitéiseacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le hallmhairí ríomhthráchtála ó thríú tíortha, i gcás ina bhféadfadh sé nach leor bearta arna ndéanamh ag Ballstáit aonair.
|
I measc na dtáirgí a liostaítear ar ardán ríomhthráchtála aitheanta mór le linn seiceáil ag eagraíocht tomhaltóirí, beagnach gach táirge a tástáladh i gcatagóirí amhail clogaid, cosmaidí, bréagáin agus giuirléidí, coinnle agus spúinsí, táirgí leictreacha agus táirgí nasctha, bhí siad contúirteach, níor soláthraíodh an fhaisnéis riachtanach ar nós treoracha sábháilteachta nó liostaí comhábhar, agus/nó bhí maímh mhíchearta ag gabháil leo.
|
Gníomhaíochtaí:
·Gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun comhlíontacht táirgí a mhéadú trí leas a bhaint as sineirgí le hacmhainneachtaí na n‑údarás custaim agus faireachais margaidh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus, mar bheart féideartha, Údarás Faireachas Margaidh AE a bhunú (ó R3 2025 ar aghaidh)
·Creat um reachtaíocht táirgí a nuachóiriú chun leas a bhaint as an digitiú, ciorclaíocht a chur chun cinn agus coimircí a neartú (Athbhreithniú ar an gCreat Reachtach Nua – togra reachtach féideartha R2 2026)
8. Rialáil seirbhísí náisiúnta atá sriantach agus éagsúil
Déanann ardsrianta rialála agus riaracháin struchtúir mhargaidh sheanbhunaithe a dhaingniú agus plúchann siad nuálaíocht, uas-scálú agus deiseanna gnó. Chuidigh an Treoir um Sheirbhísí bacainní a laghdú, ach leanann rialáil na mBallstát de shrian a chur le rochtain ar thart ar 5 700 gníomhaíocht seirbhíse lena gcumhdaítear thart ar 22 % de lucht saothair an Aontais. Is féidir údar cuí a bheith le rialáil rochtana ar ghníomhaíocht seirbhíse chun cuspóirí dlisteanacha leasa ghinearálta a bhaint amach amhail sláinte agus sábháilteacht phoiblí. Leis an líon ard seirbhísí a rialaítear agus cineál na seirbhísí sin, áfach, agus ós rud é nach ndéantar seirbhísí áirithe a rialáil ach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, deimhnítear go bhfuil féidearthacht shoiléir ann do na Ballstáit an t‑ualach rialála a laghdú chun trádáil agus infheistíocht trasteorann a éascú. Dá dtiocfadh laghdú 10 % ar bhacainní ar thrádáil seirbhísí, thiocfadh méadú 0,5 % ar oll-bhreisluach an Aontais agus thiocfadh méadú idir 4 % agus 21 % ar thionscadail úrnua infheistíochta dírí eachtraí.
Mar gheall ar dhifríochtaí sna ceanglais náisiúnta údarúcháin agus deimhniúcháin, tá sé deacair seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile. Tá éagsúlacht mhór sna coinníollacha náisiúnta le haghaidh údaruithe agus ceanglais deimhniúcháin, fiú nuair a bhíonn siad bunaithe ar dhlí an Aontais, rud a fhágann go bhfuil sé deacair údaruithe nó deimhnithe a aithint go frithpháirteach sa chleachtas. Dá ndéanfaí na bunchoinníollacha le haghaidh na gceanglas sin atá bunaithe ar dhlí an Aontais a ailíniú, laghdófaí ilroinnt rialála agus bheadh sé níos éasca do sholáthraí seirbhíse atá údaraithe i mBallstát amháin a chuid seirbhísí a chur ar fáil i mBallstáit eile gan gá le húdarú ná deimhniú a fháil arís sna Ballstáit sin.
Is maorlathach agus costasach iad na hoibleagáidí atá ar chuideachtaí agus ar fhiontraithe chun iad féin a bhunú i mBallstát eile seachas a mBallstát baile. Níor cheart do na Ballstáit oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhíse an Aontais iad féin a bhunú ar a gcríoch toisc go bhféadfaidís seirbhísí trasteorann a sholáthar ar bhonn sealadach. Ach cuireann na Ballstáit srian leis an bhféidearthacht sin uaireanta, ag plé le soláthraithe seirbhíse sa chleachtas amhail agus dá mbeidís bunaithe ar a gcríoch. Tá deimhneacht dhlíthiúil de dhíth ar ghnólachtaí maidir lena gceart seirbhísí trasteorann sealadacha a sholáthar gan iallach a bheith orthu iad féin a bhunú i mBallstáit eile.
|
Diúltaíonn Ballstát do thréidlia atá bunaithe i dtír chomharsanachta seirbhís shealadach a sholáthar, rud a chiallaíonn nach féidir leis an tréidlia sin cóireáil a chur ar ainmhithe ar fheirmeacha atá gar dá bhunaíocht toisc go bhfuil na feirmeacha sin lonnaithe ar an taobh eile den teorainn.
|
Gníomhaíochtaí:
·Tionscnamh a sheoladh chun a éascú, ar bhonn dhlí an Aontais, do sholáthraithe atá údaraithe nó deimhnithe i mBallstát amháin seirbhísí uile-Aontais a sholáthar, agus, mar bheart féideartha, comhchuibhiú na scéimeanna údaraithe agus deimhniúcháin a áireamh leis sin (R2 2026)
·Treoraíocht dhlíthiúil agus moltaí dlíthiúla do na Ballstáit a fhorbairt chun soiléireacht a thabhairt maidir leis an gceart chun seirbhísí trasteorann a sholáthar ar bhonn sealadach (R2 2026)
9. Nósanna imeachta dochraideacha um oibrithe a phostú go sealadach
Is minic a bhíonn soghluaisteacht fiontraithe agus a bhfoirne i gceist le seirbhísí trasteorann a sholáthar. Is cuid lárnach den tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sa Mhargadh Aonair é oibrithe a phostú go sealadach. In 2023, mhéadaigh oibrithe agus postuithe trasteorann go 1,8 milliún agus 5,5 milliún faoi seach. Tá reachtaíocht an Aontais ceaptha chun cearta oibrithe ar postú a chosaint agus san am céanna éascú a dhéanamh ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus iomaíocht chóir a chur chun cinn. Is léir gur gá oibrithe ar postú a chosaint in earnálacha riosca, amhail i seirbhísí foirgníochta nó san earnáil talmhaíochta. Chun tacú le cosaint na n‑oibrithe ar postú, faoi dhlí an Aontais ceadaítear do na Ballstáit oibleagáidí riaracháin a fhorchur amhail oibleagáidí maidir le hoibrithe ar postú a dhearbhú, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin agus inar comhréireach sin. Ní bhíonn ar gach oibrí ar postú dul i ngleic leis na rioscaí céanna, áfach (e.g. speisialtóirí oilte amhail innealtóirí agus teicneoirí a dhéanann meaisíní a shuiteáil agus a chothabháil nó foireann bainistíochta).
Le héagsúlacht na gceanglas náisiúnta maidir le dearbhú, i dtaobh cineáil (páipéar nó digiteach) agus ábhair (cineál agus líon na bpointí sonraí), cruthaíodh castacht do ghnólachtaí agus d’oibrithe ar postú araon agus rinneadh an Margadh Aonair a ilroinnt. Méadaíonn páirtithe leasmhara castacht na rialacha maidir le postú go tráthrialta mar bhacainn ar sholáthar seirbhísí trasteorann. Meastar gurb é EUR 477-635 mhilliún in aghaidh na bliana an costas riaracháin a thabhaítear de dheasca chastacht na bhforálacha maidir le postú (gan earnáil an iompair de bhóthar a áireamh). Chun an t‑ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse a laghdú, i mí na Samhna 2024 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú. Ina theannta sin, d’éascódh an comhéadan poiblí faireachán éifeachtach ar chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais arb é is aidhm di cearta oibrithe ar postú a áirithiú agus thacódh sé le comhar riaracháin idir na Ballstáit. Moltar do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh caibidlíocht a thabhairt i gcrích maidir leis an togra ón gCoimisiún, rud a bheadh ina chéim i dtreo ceanglais riaracháin níos teirce agus níos comhchuibhithe maidir le postú. In éineacht leis an tionscnamh simpliúcháin sin, tá iarrachtaí á ndéanamh chun forfheidhmiú na reachtaíochta a neartú.
Tacaíonn an tÚdarás Eorpach Saothair leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta agus rialacha maidir le postú á gcur i bhfeidhm trí thacú le cigireachtaí comhbheartaithe comhpháirteacha agus iad a chomhordú, faisnéis agus tacaíocht fostaíochta a chur ar fáil d’oibrithe agus do ghnólachtaí, cúnamh a thabhairt maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí trasteorann agus réitigh a éascú. Sa mheastóireacht leanúnach ar an Údarás Eorpach Saothair, cuirtear in iúl go bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmíocht na gníomhaireachta ach tugtar le fios go bhfuil teorainneacha áirithe i sainordú an Údaráis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá acmhainneacht. D’fhéadfadh modhnuithe spriocdhírithe an tÚdarás a neartú, agus a éifeachtúlacht agus a éifeachtacht a neartú freisin, mar shampla inniúlachtaí feabhsaithe maidir le láimhseáil sonraí agus comhar níos fearr leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe sóisialta, lena n‑áirítear soláthar faisnéise, ról ELA i leith náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí AE iad.
Sa bhreis air sin, shainaithin an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) beartais maidir le postú cliste lena ndíríonn roinnt Ballstát ar earnálacha riosca a mhéid a bhaineann le dearbhuithe agus ceanglais riaracháin eile agus lena ndíolmhaítear postuithe ar feadh tréimhse an‑ghearr ó na ceanglais sin.
Oibrithe a phostaítear go sealadach chuig Ballstát eile, tá siad faoi réir cumhdach slándála sóisialta ina dtír fostaíochta. Ní mór d’oibrithe ar postú cruthúnas ar ranníocaíocht le córas slándála sóisialta a dtíre baile a thaispeáint (doiciméad iniompartha A1). Féadann na nósanna imeachta um theidlíochtaí slándála sóisialta a chruthú agus a fhíorú a bheith fadálach agus dochraideach ó thaobh riaracháin de toisc go mbíonn siad ag brath ar dhaoine a bheith i láthair go fisiciúil agus ar dhoiciméid fhisiciúla. Ba cheart simpliú nósanna imeachta a bheith mar thoradh ar an athbhreithniú ar na Rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta atá á chaibidliú faoi láthair ag na comhreachtóirí agus moltar dóibh an chaibidlíocht fhadtréimhseach sin a thabhairt i gcrích. Éascaíodh malartuithe idir institiúidí slándála sóisialta cheana féin a bhuí leis an gcóras um malartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta. Agus é ag tógáil ar an digitiú a rinneadh le déanaí ar an nós imeachta um iarratas ar dhoiciméad iniompartha A1 mar chuid den Tairseach Aonair Dhigiteach, d’fhéadfadh an Pas Eorpach Slándála Sóisialta simpliú breise a dhéanamh trí fhíorú digiteach na bhfianuithe slándála sóisialta a chur ar fáil, lena n‑áirítear an doiciméad iniompartha A1, rud a laghdódh an riosca i leith earráide agus calaoise freisin.
|
Cuideachta innealtóireachta meánmhéide atá gníomhach sa teicneolaíocht uathoibrithe, déanann sí a hinnealra a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú ar fud an Aontais, rud a éilíonn uirthi 3 500 dearbhú maidir le postú a dhéanamh in aghaidh na bliana. Is innealtóirí agus teicneoirí ardoilte dea-íoctha iad na hoibrithe atá ar postú agus ní phostaítear iad ach ar feadh cúpla lá as a chéile. Cuireann na nósanna imeachta dochraideacha bac ar sholáthar seirbhísí trasteorann agus cruthaíonn siad ualach riaracháin nach beag, go háirithe i bhfianaise éagsúlacht mhór na gceanglas agus na nósanna imeachta náisiúnta um dhearbhú.
|
Gníomhaíochtaí:
·Leanúint de thacaíocht a thabhairt do na comhreachtóirí i ndáil le caibidlíocht ar an méid seo a leanas a thabhairt i gcrích:
oan t‑athbhreithniú ar Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus Uimh. 987/2009 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta;
oan togra maidir le comhéadan poiblí le haghaidh postú oibrithe a dhearbhú (COM 2024/531).
·Pacáiste um Shoghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair (2026) a sheoladh, lena n‑áirítear, inter alia:
oObair leantach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí píolótacha leanúnacha, togra a dhéanamh maidir le Pas Eorpach Slándála Sóisialta
oTogra a dhéanamh maidir leis an Údarás Eorpach Saothair a neartú, lena n‑áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar a shainordú
oMachnamh a dhéanamh ar bhearta chun é a dhéanamh níos éasca seirbhísí trasteorann a sholáthar go sealadach, agus cearta oibrithe á gcosaint san am céanna
10. Srianta ar an soláthar críochach
|
Díolann monaróir mór bia brandáilte an táirge céanna i roinnt tíortha, ach i dtíortha áirithe tá an táirge i bhfad níos saoire ná mar atá i dtíortha eile agus ní féidir an difríocht sin a mhíniú le cánachas ná le costais saothair. Is mian le sraith ollmhargaí atá gníomhach sna tíortha sin freisin an táirge a cheannach i dtír ina bhfuil sé níos saoire agus é a dhíol ar phraghas níos ísle i dtíortha eile freisin. Ansin, stopann an monaróir den táirge a sholáthar don ollmhargadh sa tír ina bhfuil praghas níos ísle air chun cosc a chur ar an ollmhargadh an táirge a dhíol go saor i dtíortha eile, ar mhaithe leis an difríocht shaorga sa phraghas idir na tíortha a choinneáil ar bun.
|
Gníomhaíochtaí:
·Uirlisí a fhorbairt chun gníomhú in aghaidh srianta ar an soláthar críochach nach bhfuil údar leo ionas go gcumhdófar cásanna nach dtagann faoi réim dhlí na hiomaíochta, amhail cleachtais aontaobhacha arna ndéanamh ag monaróirí móra (Togra – R4 2026)
Caibidil 2. Borradh a chur faoi Mhargaí Seirbhísí na hEorpa
Is geilleagar seirbhísí é geilleagar an Aontais, ach tá an Margadh Aonair le haghaidh seirbhísí fós thar a bheith tearcfhorbartha. Is seirbhísí atá in thart ar 75 % de OTI an Aontais agus is le seirbhísí a bhaineann formhór na bpost a chruthaítear san Aontas. Tagann 40 % de bhreisluach tháirgí an Aontais ó ábhar na seirbhísí. Agus é ag 7,6 % de OTI an Aontais, níl trádáil seirbhísí laistigh den Aontas níos airde ná trádáil seirbhísí le tríú tíortha, áfach, rud a dheimhníonn go bhfuil an Margadh Aonair le haghaidh seirbhísí ag feidhmiú i bhfad faoi bhun a acmhainneachta. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta, i gcás thart ar 60 % de na bacainní seirbhísí, tá siad den chineál céanna leis na bacainní a bhí ann 20 bliain ó shin. Tá cur chuige nua de dhíth dá bhrí sin.
Tugann éagsúlacht leathan na seirbhísí ar fud an gheilleagair le tuiscint go bhfuil teorainneacha le héifeachtacht an chur chuige chothrománaigh i leith beartais ‘méid amháin a oireann do chách’, agus tá an cás gnó le haghaidh margaí seirbhísí comhtháite an‑láidir i roinnt earnálacha seirbhíse. Seirbhísí gnó atá in 7 % de OTI an Aontais agus tá cosúlachtaí soiléire eatarthu ó Bhallstát go chéile, ach tá siad fós á rialáil ar bhealaí an‑éagsúla. Seirbhísí miondíola atá in 12 % de OTI an Aontais, ach is margaí náisiúnta iad agus tá leibhéal íseal táirgiúlachta i gceist leo. Cuimsíonn an earnáil foirgníochta 11 % de OTI an Aontais, cé nach ndéantar ach 1 % de sheirbhísí foirgníochta a thrádáil go trasteorann ó tharla go mbíonn margaí foirgníochta fós ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta. Tá seirbhísí poist éifeachtúla i gcroílár an Mhargaidh Aonair, rud a chumasaíonn gníomhaíocht eacnamaíoch thrasteorann. Is minic, áfach, gur de chineál áitiúil a bhíonn na seirbhísí eile agus is lú an seans go ndéanfar iad a thrádáil go trasteorann.
Le cur chuige earnála nua i leith beartais, is féidir dinimic nua a thabhairt don Mhargadh Aonair le haghaidh seirbhísí. Comhlánófar an cur chuige cothrománach i leith beartais atá ann cheana le tionscnaimh seirbhísí earnáilsonracha lena ndíreofar ar na hearnálacha seirbhíse is ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach, ar tionscnaimh iad a d’fhéadfadh an breisluach eacnamaíoch is airde a thabhairt agus a d’fhéadfadh teacht in ionad rialacha náisiúnta éagsúla a chruthaíonn ilroinnt dhlíthiúil.
Tá sé ríthábhachtach d’earnáil monaraíochta na hEorpa go ndéanfar soláthar trasteorann éifeachtúil rianúil na seirbhísí a bhaineann leis an tionsclaíocht a áirithiú, amhail seirbhísí suiteála, cothabhála agus deisiúcháin. De réir mar a bhíonn tionscail déantúsaíochta ag bogadh níos mó i dtreo an tseirbhísithe, agus réitigh táirgí agus seirbhísí á gcomhtháthú acu, tá ábhair imní curtha in iúl ag páirtithe leasmhara i ndáil le bacainní rialála, ar nós ceanglais dochraideacha maidir le hoibrithe a phostú, réamhsheiceálacha, dearbhuithe seirbhísí ex ante agus caighdeáin éagsúla um shábháilteacht oibre, go gcuireann siad bac ar sheachadadh trasteorann rianúil seirbhísí amhail suiteáil, cothabháil agus deisiú, agus go mbíonn tionchar diúltach aige sin ar an iomaíochas tionsclaíoch.
Tá seirbhísí gnó i measc na seirbhísí is mó rialáil i roinnt Ballstát ach ní hamhlaidh atá i ngach Ballstát. I measc na 5 700 gairm rialáilte tá go leor seirbhísí gnó, amhail seirbhísí dlí, seirbhísí cuntasaíochta agus seirbhísí comhairle cánach a mbíonn tionchar uile-gheilleagair acu. Dá gcuirfí laghdú 10 % ar bhacainní seirbhísí, thiocfadh méadú 0,8 % ar oll-bhreisluach an Aontais i seirbhísí gnó.
Nuair a bhíonn seirbhísí foirgníochta á rialáil ar bhealaí sriantacha éagsúla, cuirtear bac ar sholáthar tithíochta inacmhainne fuinneamhéifeachtúla agus ar fhorbairt bonneagair. Tá ábhair imní curtha in iúl ag páirtithe leasmhara i ndáil le teorainneacha ar shoghluaisteacht ghairmiúil mar gheall ar an líon ard gairmeacha rialáilte san earnáil sin agus aitheantas frithpháirteach casta do cháilíochtaí gairmiúla; aitheantas frithpháirteach lag do dheimhnithe náisiúnta; agus cruthúnas ar inniúlacht a bheith ag teastáil i réimsí amhail sláinte agus sábháilteacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus an comhshaol. Ós rud é go bhfuil féidearthachtaí teoranta ann árachas dliteanais a fháil i gcásanna trasteorann, tá sé níos casta fós seirbhísí trasteorann a sholáthar, ar saincheist é sin a éilíonn réitigh mhargadhbhunaithe. Dá gcuirfí laghdú 10 % ar bhacainní seirbhísí foirgníochta, thiocfadh méadú 0,5 % ar oll-bhreisluach an Aontais. Thairis sin, is minic a bhíonn tionscadail pleanála spásúlachta, tógála agus athchóirithe faoi réir nósanna imeachta údarúcháin atá casta, mall agus ilroinnte agus a athraíonn go mór ó Bhallstát go chéile. Cuireann sé sin bac ar an acmhainneacht a bhaineann le Margadh Aonair feidhmiúil a d’fhéadfadh tithíocht inacmhainne a sheachadadh go tapa agus ar scála.
Tá an t‑iomaíochas miondíola á choinneáil siar de dheasca srianta iomadúla ar bhunú siopaí agus a n‑oibríochtaí. D’fhéadfadh údar cuí a bheith le go leor de na srianta sin i bhfianaise cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí, amhail pleanáil baile agus tuaithe agus beogacht lárionaid na gcathracha a choinneáil ar bun. Mar sin féin, ní mór iad a bheith comhréireach toisc go bhféadfadh cuid acu bacainní ar iontráil sa mhargadh a chruthú agus tionchar diúltach a imirt ar iomaíocht, táirgiúlacht agus nuálaíocht. Dá gcuirfí laghdú 10 % ar bhacainní seirbhísí miondíola, thiocfadh méadú 0,6 % ar oll-bhreisluach an Aontais.
Tá laghdú ag teacht ar an éileamh ar sheirbhísí poist san Aontas le blianta anuas. I gcodarsnacht leis sin, tá margadh na seachadtaí beartán ag fás i gcónaí de bharr ríomhthráchtáil láidir. Mar thoradh ar an laghdú ar mhéideanna poist, tá méadú mór tagtha ar chostais seachadta litreacha agus ar cheisteanna faoi mhinicíocht na seachadtaí. Ós rud é go meastar go leanfaidh digitiú na sochaí agus fás na ríomhthráchtála ar aghaidh, ní mór aird a thabhairt ar sheirbhísí seachadta poist agus beartán chun cothrom na Féinne do rannpháirtithe sa mhargadh a áirithiú, trédhearcacht praghsanna a mhéadú agus tacú le cearta tomhaltóirí. Le hathchóiriú ar chreat rialála poist an Aontais, díreofar ar sheachadadh mar sheirbhís agus áiritheofar go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann seachadtaí a fháil ar fud an Aontais ar phraghsanna inacmhainne, agus san am céanna iomaíocht chóir sna margaí seachadta á cur chun cinn agus cosaint tomhaltóirí á méadú.
Breis agus tríocha bliain ó bunaíodh é, níl Margadh Aonair curtha i gcrích fós a mhéid a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí a bhaineann le fuinneamh, seirbhísí iompair agus seirbhísí airgeadais. Ní mór dúinn gníomhaíocht mhisniúil phráinneach a dhéanamh chun é sin a bhaint amach. Tá beartais seirbhísí earnáilsonracha forbartha cheana féin, próiseas atá fós ar siúl, áfach.
Is é is aidhm do straitéis an Choimisiúin maidir le hAontas Coigiltis agus Infheistíochta a fógraíodh le déanaí feabhas a chur ar an mbealach a gcuireann córas airgeadais an Aontais coigilteas i dtreo infheistíochtaí táirgiúla, rud a chuireann deiseanna airgeadais níos fearr ar fáil do choigilteoirí an Aontais mar aon le rochtain níos fearr ar chaipiteal do ghnólachtaí an Aontais
. Sa chomhthéacs sin, chruthaigh an Coimisiún cainéal nua chun faisnéis a bhailiú maidir le constaicí nua nó constaicí atá ann cheana roimh chomhtháthú an mhargaidh airgeadais agus roimh shaorghluaiseacht caipitil, agus sheol sé comhairliúchán le páirtithe leasmhara chun aiseolas a bhailiú maidir le bacainní ar chomhtháthú an mhargaidh airgeadais. Maidir le héagsúlachtaí i ndlíthe náisiúnta, áfach, lena n‑áirítear dlíthe urrús, cuideachta, cánach agus dócmhainneachta, chomh maith le héifeachtacht nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha, cruthaíonn siad ualach riaracháin agus bacainní ar infheistíocht trasteorann. Chun Margadh Aonair éifeachtúil a bhaint amach i seirbhísí airgeadais, theastódh iarrachtaí na mBallstát i leith aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin freisin.
Seirbhísí a bhaineann le fuinneamh, tacaíonn siad le táirgeadh, dáileadh agus úsáid éifeachtúil fuinnimh san Aontas agus leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Tacaíonn na seirbhísí sin le bonneagar nua-aimseartha atá comhdhéanta d’eangacha, stóráil agus inbhéartóirí agus méadair dhigiteacha atá riachtanach d’fhíor-Aontas Fuinnimh, agus braitheann siad ar an mbonneagar sin. Mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne
, tacóidh an Pacáiste um na hEangacha Eorpacha atá ar na bacáin le leathnú agus nuachóiriú na n‑eangach agus na n‑idirnascairí, rud a éilíonn agus a chumasaíonn leathnú mhargadh na seirbhísí a bhaineann le fuinneamh. Tá sé fíor-riachtanach ár spriocanna idirnaisc a chomhlíonadh chun margaí fuinnimh a aontú agus chun Aontas Fuinnimh atá athléimneach agus iomaíoch a bhaint amach. Tá seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh barrthábhachtach maidir le cuspóirí aeráide a bhaint amach agus costais a laghdú do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Tacóidh an Coimisiún le cuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin a ngníomhaíochtaí a mhéadú, lena n‑áirítear trí scéimeanna ráthaíochta AE leis an mBanc Eorpach Infheistíochta. Thairis sin, tacóidh Pacáiste Fuinnimh na Saoránach atá ar na bacáin le fás na seirbhísí a bhaineann le fuinneamh, amhail éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a fheabhsú. Ina theannta sin, i bPáipéar Bán fiosrófar conas comhtháthú an mhargaidh leictreachais a dhoimhniú agus conas an creat rialachais a dhéanamh níos láidre agus níos oiriúnaí do chinntí a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, rud a thabharfaidh tuilleadh tacaíochta do mhargadh na seirbhísí a bhaineann le fuinneamh.
Tá earnáil teileachumarsáide an Aontais fós ilroinnte ina hearnálacha náisiúnta agus ní féidir le hoibreoirí agus tomhaltóirí an Aontais lántairbhe a bhaint as an Margadh Aonair. Sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná 100 oibreoir ar an margadh ar fud na hEorpa. Thairis sin, tá speictream breise agus pleanáil agus creataí níos comhchuibhithe de dhíth ar mhaithe le conair chomhpháirteach chuig 6G. Le forbairtí tapa teicneolaíochta agus margaidh, cruthaítear féidearthachtaí nua maidir le soláthar seirbhísí trasteorann agus d’fhéadfadh creat níos comhchuibhithe a bheith ag teastáil ina leith, mar shampla a mhéid a bhaineann le seirbhísí satailíte, ionas go bhféadfaí tairbhe iomlán a bhaint astu. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun a áirithiú go mbeidh líonraí digiteacha a sheasfaidh an aimsir agus bonneagair shlána athléimneacha ag an Eoraip, ní mór an creat rialála is infheidhme a thabhairt cothrom le dáta. Chun an t‑aistriú i dtreo bonneagar néalbhunaithe agus Intleacht Shaorga a chur i gcrích, tá gá le rochtain níos fearr ar nascacht shlán thapa iontaofa.
Mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga, leis an nGníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga, fiosrófar bunú margaidh choitinn le haghaidh néalacmhainneachta agus néalseirbhísí d’fhonn a áirithiú go dtiocfaidh Fíormhargadh Aonair Eorpach le haghaidh néalseirbhísí chun cinn agus d’fhonn borradh a chur faoi theacht isteach grúpa níos éagsúla soláthraithe néalseirbhísí sa mhargadh.
Chun Fíormhargadh Aonair an Aontais le haghaidh iompair a chur i gcrích, ní mór deireadh a chur le bacainní teicniúla iarmharacha neamhriachtanacha a mbíonn tionchar acu ar na modhanna iompair éagsúla. Mar shampla, chun plean iarnróid ardluais an Aontais a chur chun feidhme, beidh gá le dul chun cinn a dhéanamh maidir le córas bainistithe tráchta iarnróid an Aontais a chomhdhlúthú ar mhaithe le hacmhainneacht a mhéadú agus idir-inoibritheacht rianúil a áirithiú. Trí uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha a fheabhsú agus a chur chun úsáide go forleathan, ba cheart go laghdófaí an t‑ualach riaracháin a bhaineann le comhlíontacht rialála a áirithiú. Dá gcuirfí feabhas ar chomhroinnt faisnéise agus sonraí in earnáil an iompair, d’fhéadfaí fáil réidh le doiciméid pháipéarbhunaithe. Féadann uirlisí digiteacha taisteal agus turasóireacht san Eoraip a shimpliú freisin trína ligean do phaisinéirí ticéid a cheannach trí bhíthin modhanna gan pháipéar. Ach deireadh a chur leis na bacainní atá ann cheana ionas go bhféadfar seirbhísí arna soláthar trí fheithiclí nasctha agus uathoibrithe a cheadúnú go trasteorann, sin agus nascacht lán‑iontaofa idir feithiclí agus bonneagar a áirithiú trí shonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais iompair cliste chomhoibritheacha a chomhchuibhiú, neartófar ár Margadh Aonair le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta. É a dhéanamh níos indéanta agus níos inacmhainne do shaoránaigh gluaisteán a fháil ar cíos ar bhonn trasteorann, sin bealach eile chun ár Margadh Aonair le haghaidh seirbhísí agus turasóireachta a neartú agus éifeachtúlacht an chórais iompair a fheabhsú san am céanna. Ina theannta sin, beartóidh an Coimisiún gníomhaíochtaí chun rialacha agus prionsabail Mhargadh Aonair an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le hearnáil na dtacsaithe agus na bhfeithiclí arna bhfruiliú go príobháideach.
Gníomhaíochtaí:
·Gníomh um Sheirbhísí Foirgníochta a mholadh chun bacainní ar rochtain trasteorann ar an margadh le haghaidh seirbhísí foirgníochta agus suiteála a laghdú (R4 2026)
·Oibriú leis na Ballstáit chun nósanna imeachta ceadaithe agus pleanála a shimpliú ar mhaithe le soláthar tithíochta a mhéadú i gcomhthéacs an Phlean Eorpaigh um Thithíocht Inacmhainne agus na Straitéise Eorpaí um Thógáil Tithíochta (R1 2026)
·Tionscnamh a sheoladh chun soláthar trasteorann seirbhísí a bhaineann leis an tionsclaíocht a éascú, amhail seirbhísí suiteála, cothabhála agus deisiúcháin (R4 2025)
·Treoraíocht agus moltaí a eisiúint do na Ballstáit maidir le seirbhísí gnó rialáilte a shaoradh ó rialáil neamhriachtanach a chuireann bac ar infheistíocht agus ar thrádáil (R1 2026)
·Treoraíocht a fhorbairt do na Ballstáit maidir le comhréireacht a rialála miondíola (R4 2026)
·Gníomh AE nua um Sheachadadh a mholadh a thiocfaidh in ionad na Treorach maidir le Seirbhísí Poist agus an Rialacháin maidir le Beartáin Trasteorann (togra reachtach R4 2026)
·Gníomh um Líonraí Digiteacha a mholadh chun an creat dlíthiúil a shimpliú agus chun cur i gcrích Margaidh Aonair le haghaidh cumarsáid leictreonach a chothú (R4 2025)
·Tionscnamh a sheoladh maidir le córas aonair le haghaidh áirithintí digiteacha agus ticéid dhigiteacha in earnáil an iarnróid (R4 2025)
·Tionscnamh a sheoladh maidir le soghluaisteacht gan pháipéar i gcás paisinéirí agus earraí (R4 2026)
·Tionscnamh a sheoladh maidir le gluaisteáin a fháil ar cíos ar bhonn trasteorann (R3 2025)
·Cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhchuibhithe an chreata dhlíthiúil chothrománaigh atá ann cheana (Treoir an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí) a áirithiú (ar siúl faoi láthair)
Caibidil 3. FBManna sa Mhargadh Aonair
Fearacht shaoránaigh an Aontais, níor cheart go mbeadh ar FBManna Eorpacha dul trí ‘sheiceálacha pas’ sa Mhargadh Aonair ach amháin i gcásanna an‑eisceachtúla. Chun tairbhiú de bhearta sonracha le haghaidh FBManna ó Bhallstát go chéile, níor cheart a iarraidh ar FBManna de ghnáth ‘cáiliú’ do na bearta sin ná a stádas a chruthú. Tá uirlis shimplí neamh-mhaorlathach ar líne á foilsiú ag an gCoimisiún in éineacht leis an Straitéis seo, uirlis atá ar fáil i dteangacha uile an Aontais agus a ghineann aitheantas FBM, bunaithe ar fhéinmheasúnú. De mheon an tsimplithe riaracháin, i gcás ina meastar go bhfuil gá le haitheantas FBM, ba cheart tagairt a dhéanamh don uirlis sin sna rialacha. Thairis sin, ba cheart a mheas go cúramach ar cheart cruthúnas breise ar stádas a iarraidh ar FBManna in imthosca a bhfuil údar cuí leo (mar shampla nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh ar chistiú a bhaineann le FBManna go sonrach).
Ní mór é a bheith níos éasca do FBManna an Margadh Aonair a ‘thaisteal’, go háirithe i réigiúin teorann. Úsáidfidh an Coimisiún Líonra Toscairí na FBManna chun oibriú leis na Ballstáit bearta a chur chun cinn a thuilleadh lena dtacaítear le gníomhaíocht FBManna sa trádáil trasteorann agus lena n‑éascaítear an ghníomhaíocht sin. Bíonn tionchar ar leith ag bacainní agus constaicí an Mhargadh Aonair ar FBManna ós rud é go bhfuil níos lú acmhainní airgeadais agus daonna ag FBManna chun dul i ngleic leo. Cé go n‑onnmhairíonn 3,6 % de FBManna earraí chuig tíortha AE eile cheana féin, d’fhéadfadh go leor eile déanamh amhlaidh. Cé go bhfuil sé beartaithe ag 73 % de na FBManna ardfháis uas-scálú a dhéanamh ina margadh baile, níl sé beartaithe ach ag 24 % díobh uas-scálú a dhéanamh sa Mhargadh Aonair. Tá idirphlé leanúnach leis na Ballstáit agus le gnólachtaí beaga fíor-riachtanach chun beartais a fhorbairt a thacaíonn le FBManna agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir laghdú 35 % ar ualach riaracháin na FBManna a bhaint amach. Dá bhrí sin, bainfidh an Coimisiún úsáid níos fearr as acmhainneacht Líonra Toscairí na FBManna agus na cuspóirí sin á saothrú aige. Déanfaidh an Líonra Fiontar Eorpach, ina bhfuil os cionn 3 500 comhairleoir, tuilleadh forbartha ar a chomhairle spriocdhírithe agus ar a sheirbhísí meaitseála do FBManna agus béim ar leith á leagan ar FBManna a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi thionchar na reachtaíochta nua agus ar chuidiú a thabhairt dóibh dul i ngleic léi go rathúil.
Chun reachtaíocht a dhréachtú ar féidir le FBManna í a chomhlíonadh, tá gá le fíorthiomantas don phrionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’. Is rómhinic gur ualach riaracháin agus costais níos airde do FBManna a bhíonn i gceist le forálacha rialála. Chun leasanna FBManna agus bearta maolaithe a mheas ar bhealach níos fearr, forbraíodh seiceáil FBM éigeantach nua a chuirfear chun feidhme i measúnuithe tionchair an Choimisiúin le haghaidh gach tionscnaimh a marcáladh mar cheann atá ábhartha do FBManna. Thairis sin, ba cheart do na déantóirí rialacha uile forálacha atá fabhrach do FBManna a mheas agus a chuimsiú ar bhonn córasach nuair a bhíonn reachtaíocht á dréachtú agus á caibidliú acu. Forálacha atá fabhrach do FBManna, is samplaí dea-chleachtais de chlásail dhlíthiúla iad lena gcumhdaítear gnéithe den reachtaíocht a mbíonn tionchar acu ar an timpeallacht ghnó, a chuimsítear i ngníomhartha reachtacha iomadúla agus atá ceaptha chun cur i bhfeidhm praiticiúil na reachtaíochta a éascú do FBManna. Ach na forálacha sin a chuimsiú ar bhonn córasach sa reachtaíocht, rannchuideofar le comhtháthú níos éifeachtaí riachtanais na FBManna agus soláthrófar timpeallacht ghnó níos cobhsaí agus níos intuartha do FBManna.
Ní mór uas-scálú a spreagadh agus a chúiteamh sa mhargadh Eorpach. Maidir le FBManna a fhásann an méid sin go bhforbraíonn siad ina gcuideachtaí meánchaipitlithe beaga, mar a ghairtear díobh (CMBanna, ar cuideachtaí iad a bhfuil 250-749 bhfostaí acu), is iondúil go léiríonn siad leathnú tapa, acmhainneacht nuálaíochta mhéadaithe agus ardchumas oiriúnú don chlaochlú digiteach. Mar sin féin, bíonn constaicí sonracha roimh na cuideachtaí meánmhéide sin fós, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ualach riaracháin. Dá bhrí sin, in éineacht leis an Straitéis seo, tá sainmhíniú foirmiúil ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga á chur i láthair ag an gCoimisiún. Chun scálú fiontar laistigh den chatagóir CMB agus lasmuigh di a éascú, leis an sainmhíniú ceadaítear go sonrach do chuideachtaí a fhaigheann tacaíocht ó chaipiteal fiontair agus ó chistí cothromais phríobháidigh tairbhiú de stádas mar CMB. Moltar an t‑aicmiú sin a mheas freisin le haghaidh FBManna, i gcás inarb ábhartha, nuair a bhíonn sainmhíniú ar FBM á úsáid chun cistiú, bearta maolaithe nó tairbhí spriocdhírithe a fhorbairt. Sa bhreis air sin, cuirfidh an Coimisiún na breithnithe sin san áireamh agus é ag féachaint an bhféadfaí an sainmhíniú ar FBM a thabhairt cothrom le dáta. Sa phacáiste CMB, tá dhá thogra Omnibus freisin ina bhfuil an chéad sraith d’ocht dTreoir agus Rialachán chun bearta maolaithe atá forchoimeádta do FBManna faoi láthair a leathnú ionas go gcumhdófar CMBanna, mar aon le bearta simpliúcháin breise.
Is é an aidhm atá ann cabhrú le cuideachtaí a fhásann thar thairseacha an tsainmhínithe ar FBM deireadh a chur leis na constaicí a bhíonn rompu san aistriú sin. Dá bhrí sin, sa dara céim cuirfidh an Coimisiún riachtanais CMBanna san áireamh freisin i meastóireachtaí agus athbhreithnithe ábhartha, mar shampla i ndáil leis an Treoir maidir le Soláthar Poiblí agus an Rialachán maidir le Caighdeánú. Sa tríú céim, déanfar CMBanna a mheas i dtograí atá le teacht ón gCoimisiún, go háirithe an Pacáiste OmnibusDigiteach atá beartaithe lena gcumhdaítear, chomh maith le nithe eile, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Gníomh um Shonraí, an Gníomh um Rialachas Sonraí agus an Treoir maidir le Sonraí Oscailte. Déanfaidh an Coimisiún riachtanais CMBanna a mheas freisin i reachtaíocht atá ar na bacáin a bhfuil tionchar aici ar earnálacha ina bhfuil go leor CMBanna, lena n‑áirítear leictreonaic, foinsí fuinnimh in‑athnuaite, cosaint agus an spás, agus tionscail dianfhuinnimh, mar shampla an Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch atá ar na bacáin, an Pacáiste Omnibusum Chosaint agus an Gníomh um an Spás. Ar deireadh, déanfar CMBanna a mheas go sonrach freisin i gcur chun feidhme gníomhartha a glacadh le déanaí, mar shampla an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe nó an Rialachán maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht.
Dá mbainfí úsáid níos déine as cearta maoine intleachtúla, chuirfí feabhas ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus, ar an gcaoi sin, chabhrófaí lena n‑uas-scálú sa Mhargadh Aonair. Is í cosaint maoine intleachtúla an príomhspreagthóir le haghaidh infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe agus is comhartha láidir margaidh í ar acmhainneacht nuálaíochta FBManna. Tabhairt chun críche Phacáiste na bPaitinní, in éineacht leis na Ballstáit uile atá rannpháirteach sa Chóras um Paitinn Aonadach, bheadh sin ina cuidiú mór Margadh Aonair le haghaidh maoin intleachtúil a chur i gcrích, rud atá bainte amach cheana féin i gcás trádmharcanna, dearaí agus tásca geografacha. Eiseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú na Paitinne Aonadaí agus rachaidh sé i mbun gníomhaíochtaí for-rochtana spriocdhírithe chun na Ballstáit uile a spreagadh páirt a ghlacadh sa Chóras um Paitinn Aonadach. Leis an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht atá ar na bacáin agus leis an Straitéis um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, molfar gníomhaíochtaí coincréiteacha chun maoin intleachtúil a luachshocrú. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhpháirt le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), an ‘Ciste FBM’ a leathnú chun 2026 agus b’fhéidir 2027 a chumhdach, agus fiosróidh sé luachshocrú, luacháil agus tráchtálú maoine intleachtúla a chumhdach freisin, chomh maith le costais a bhaineann le tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.
Is minic a shíothlaíonn iarrataí tuairiscithe inbhuanaitheachta síos chuig FBManna. Cé nach bhfuil siad faoi réir reachtaíocht maoiniúcháin inbhuanaithe ná ceanglais díchill chuí – amhail an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus an Treoir maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta – maíonn FBManna go bhfaigheann siad iarrataí tuairiscithe éagsúla óna gcomhpháirtithe ar an bhfaisnéis inbhuanaitheachta chéanna. Le teorainn a chur leis an bhfaisnéis is féidir le cuideachtaí móra a iarraidh ar FBManna ina slabhra luacha le haghaidh a dtuairiscithe inbhuanaitheachta, laghdófar an t‑ualach ar FBManna. Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún ar an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach faoin gcéad phacáiste Omnibus an méid sin a bhaint amach nuair a thiocfaidh siad i bhfeidhm. Chun an tréimhse go dtí go ndeimhneofar na leasuithe sin a chumhdach agus chun soiléireacht láithreach a sholáthar don mhargadh, áfach, foilseofar Moladh ón gCoimisiún maidir le caighdeán deonach FBM arna fhorbairt ag an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais faoi shamhradh 2025.
Bíonn deacrachtaí ag FBManna rochtain a fháil ar dheiseanna maoiniúcháin inbhuanaithe. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún tacú le FBManna ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú faoi shamhradh 2025 ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtaí Tacsanomaíochta ar bhealach nach gcuireann teorainn le rochtain FBManna ar mhaoiniú inbhuanaithe agus a sheachnaíonn ceanglais um thuairisciú inbhuanaitheachta atá díréireach ar bhealach indíreach a fhorchur ar FBManna. Leis an athbhreithniú sin, tabharfar aghaidh, go háirithe, ar an difríocht i raon feidhme uimhreoir agus ainmneoir an Chóimheasa Sócmhainne Glaise. Ar an dara dul síos, ar bhonn comhairle ón Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus ag tógáil ar ráthaíocht inbhuanaitheachta InvestEU atá dírithe ar FBManna, forbróidh an Coimisiún cur chuige cuíchóirithe deonach chun cabhrú le FBManna a bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta comhshaoil a nochtadh do bhainc agus d’infheisteoirí go deonach nuair a bhíonn maoiniú inbhuanaithe á lorg acu. Sa bhreis air sin, measúnóidh an Coimisiún an bhfuil gá le haon athbhreithniú ina dhiaidh sin ar an ngníomh tarmligthe chun tuairisciú ó ghníomhaithe airgeadais a éascú a thuilleadh, agus ó bhainc go háirithe, maidir leis an gcaoi a maoiníonn siad FBManna atá i mbun gníomhaíochtaí inbhuanaithe.
Gníomhaíochtaí:
·Uirlis aitheantais FBM a sholáthar bunaithe ar fhéindearbhú atá ar fáil i dteangacha uile an Aontais chun cruthúnas ar stádas FBM a éascú, i gcás inarb iomchuí (in éineacht leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair)
·Líonra Toscairí na FBManna a threisiú, lena n‑áirítear glacadh deonach na mbeart lena spreagtar trádáil trasteorann FBManna a chur chun cinn agus rannchuidiú leis an gclár oibre um laghdú ar an ualach riaracháin (R3 2025)
·Samplaí dea-chleachtais a fhoilsiú ar samplaí iad d’fhorálacha atá fabhrach do FBManna ar féidir iad a mheas lena gcuimsiú go córasach i ndréachtghníomhartha reachtacha agus i gcaibidlíocht (R3 2025)
·Sainmhíniú ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus pacáiste Omnibus CMB a ghlacadh (in éineacht leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair)
·An ciste FBM atá ann cheana, arna chur chun feidhme ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, a leathnú chun 2026 agus b’fhéidir 2027 a chumhdach (R4 2025)
·Moladh ón gCoimisiún a ghlacadh le haghaidh caighdeán deonach FBM chun bainistiú a dhéanamh ar iarrataí inbhuanaitheachta ar FBManna a thagann óna slabhra luacha agus óna gcomhpháirtithe airgeadais (R3 2025)
·Cur chuige cuíchóirithe deonach a fhorbairt chun cuidiú le FBManna a n‑iarrachtaí inbhuanaitheachta a léiriú agus feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú inbhuanaithe, lena n‑áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an ngá atá le leasú ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtaí Tacsanomaíochta ionas go mbeidh institiúidí airgeadais in ann a ngníomhaíochtaí maoiniúcháin i dtaca leis na FBManna sin a léiriú ar bhealach níos fearr (R1 2026/R2 2026)
Caibidil 4. An Margadh Aonair a dhigitiú
Ionas go mbeidh rath ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, ní mór do na Ballstáit agus don Aontas oibriú i gcomhar le chéile: cuireann uirlisí digiteacha ar ár gcumas dúinn sin a dhéanamh agus tá siad ríthábhachtach maidir le beartas cliste a chur chun feidhme. Toisc nach mbíonn údaráis riaracháin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ag obair le chéile agus ag glacadh comhúinéireachta ar fheidhmiú laethúil an Mhargaidh Aonair, tá cineálacha éagsúla cur chuige tagtha chun cinn agus bíonn rialacha comhchoiteanna á gcur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla. Cuireann an méid sin teorainn le héifeachtacht an Mhargaidh Aonair.
Ar na príomhghnéithe de chreat rialála éifeachtach nua-aimseartha, áirítear faisnéis shoiléir faoi cheanglais a bhfuil sé éasca teacht uirthi ar líne, nósanna imeachta a bhfuil rochtain dhigiteach orthu agus tuairisciú uathoibrithe. Is deacair nó is dodhéanta d’oibreoirí eacnamaíocha rochtain a fháil ar fhaisnéis agus foirmiúlachtaí riaracháin a chur i gcrích ar líne, áfach. I gcás inarb ann do nósanna imeachta digiteacha, is deacair do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ceanglais rialála a chomhlíonadh go digiteach mar gheall ar reachtaíocht atá deacair a léirmhíniú, formáidí sonraí nach bhfuil meaisín‑inléite, éiceachórais TF ilroinnte agus malartuithe sonraí neamhéifeachtúla.
Ní mór don Aontas aistriú paraidíme a dhéanamh ó Mhargadh Aonair doiciméadbhunaithe go Margadh Aonair sonraíbhunaithe. Seachas a bheith ag malartú doiciméid pháipéir, ní mór dúinn bogadh ar aghaidh agus sonraí digiteacha a mhalartú. San áireamh leis sin tá comhroinnt agus tuairisciú sonraí struchtúrtha atá digiteach agus uathoibrithe, rud a ligfidh do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí sonraí a mhalartú i bhfíor-am, mar aon le réitigh shonraíbhunaithe shlána idir-inoibritheacha a chur in ionad páipéarachas anásta agus córais chomhlíontachta dhoiciméadbhunaithe. Tá sé ríthábhachtach an prionsabal ‘réidh don digiteáil’ a leabú i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartais, lena n‑áiritheofar go ndéanfar ceanglais rialála a cheapadh ón tús mar cheanglais atá digiteach, idir-inoibritheach agus cuíchóirithe.
Is féidir cuideachtaí a chur ar bun agus faisnéis a chomhdú le cláir ghnó go hiomlán ar líne cheana féin, agus le huirlisí digiteacha nua, amhail an Deimhniú Cuideachta AE, i.e. cárta aitheantais corparáideach AE, laghdófar ualaí ar chuideachtaí a thuilleadh. Braitheann na nósanna imeachta agus na huirlisí sin ar Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS), lena dtugtar rochtain ar fhaisnéis oifigiúil iontaofa mheaisín‑inléite na cuideachta agus lena gcumasaítear malartú slán faisnéise idir cláir ghnó faoi ‘phrionsabal na haonuaire’, agus braitheann siad ar an Aitheantóir Uathúil Eorpach (EUID) do chuideachtaí freisin. Beidh a gcur chun feidhme agus a bhforbairt fíor-riachtanach maidir le hiarrachtaí amach anseo chun nósanna imeachta a dhigitiú go hiomlán agus ualaí riaracháin ar chuideachtaí a laghdú, lena n‑áirítear tríd an idirnasc atá ar na bacáin le córais an Aontais um chláir úinéireachta tairbhiúla agus um chláir dhócmhainneachta, sin agus trí úsáid EUID mar aitheantóir cuideachta a leathnú a thuilleadh i réimsí beartais éagsúla.
Is rud í an chéannacht dhigiteach a chumasaíonn rochtain shlán trasteorann ar sheirbhísí digiteacha agus comhroinnt sonraí, tréithe agus dintiúr a bhfuil éifeacht dhlíthiúil acu ar fud an Aontais. Tá cur chun feidhme iomlán an Chreata um Chéannacht Dhigiteach Eorpach, agus go háirithe leathadh amach na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití ag deireadh 2026, fíor-riachtanach chun tacú le hidirghníomhaíochtaí digiteacha trasteorann iontaofa slána arna ndéanamh ag saoránaigh agus ag cónaitheoirí. Leis an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa atá ar na bacáin, bunófar céannacht dhigiteach le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, ag tógáil ar BRIS agus EUID a mhéid a bhaineann le cuideachtaí. Leis an Tiachóg sin beifear in ann sonraí agus dintiúir fhíoraithe a chomhroinnt agus beidh cainéal um fhógraí atá bailí de réir dlí i gceist léi, rud a chumasóidh idirghníomhaíochtaí rianúla le húdaráis riaracháin phoiblí agus a laghdóidh an costas a bhaineann le comhlíontacht rialála.
Leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, soláthraítear rochtain ar fhaisnéis, ar sheirbhísí cúnaimh agus ar nósanna imeachta riaracháin ‘aonuaire’ in ionad ilfhreastail. Mar sin féin, tá infhaighteacht seirbhísí poiblí digiteacha le haghaidh úsáideoirí trasteorann go mór chun deiridh ar an infhaighteacht atá ann le haghaidh úsáideoirí náisiúnta. Mar thoradh air sin, tá dúshláin thromchúiseacha roimh shaoránaigh agus gnólachtaí fós maidir le doiciméid a theastaíonn ó údaráis i mBallstáit eile a aimsiú, a aisghabháil agus a chur isteach. Leis an gCóras Teicniúil Aonuaire, beifear in ann doiciméid agus sonraí a mhalartú idir údaráis go huathoibríoch nuair a chuirfear chun feidhme sa chleachtas iad, rud a fhágann gur gá breis agus 80 000 údarás inniúil náisiúnta a nascadh. Digitiú na nósanna imeachta ceadaithe faoi chuimsiú an Ghnímh um an Tionscal Glan‑nialasachta agus an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla, mar aon le nósanna imeachta údarúcháin le haghaidh soláthraithe seirbhísí áirithe, sin iad na chéad tosaíochtaí i dtéarmaí seicheamhaithe.
Cé go n‑éascaíonn an Tairseach Aonair Dhigiteach agus an Córas Teicniúil Aonuaire rochtain trasteorann rianúil ar fhaisnéis agus ar nósanna imeachta, cuireann Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh feabhas ar chomhordú agus ar chomhar idir údaráis na mBallstát. Chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) ar mhaithe le cur chun feidhme beartais a éascú, is gá rochtain ar IMI a leathnú agus idir-inoibritheacht a fheabhsú. Áireofar leis sin tairseach IMI in‑athúsáidte chineálach a thógáil chun gnólachtaí a nascadh le IMI, mol fógraí IMI a phíolótú agus IMI a idirnascadh le córais eile.
Beidh an pas táirge digiteach ar an bpríomhuirlis chun faisnéis faoi tháirgí a nochtadh agus a chomhroinnt i gcomhthéacs na reachtaíochta táirgí uile, idir reachtaíocht nua agus athbhreithnithe. Feidhmeoidh an pas táirge digiteach, a tugadh isteach leis an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, mar choimeádán digiteach le haghaidh lipéid dhigiteacha, doiciméadacht chomhréireachta, treoracha agus lámhleabhair, faisnéis sábháilteachta áirithe, doiciméadacht theicniúil agus faisnéis eile a éilítear faoi dhlí an Aontais agus cuimsíodh é cheana féin i roinnt gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais. Tabharfaidh iompróir sonraí a bheidh greamaithe den táirge, amhail cód QR, rochtain ar an bhfaisnéis sin. Meastar go mbeidh an chéad phas táirge digiteach oibríochtúil in 2027, ar pas le haghaidh ceallraí é, agus leathfar amach an uirlis de réir a chéile ionas go gcumhdófar catagóirí táirgí eile. Is é is aidhm do na tograí Omnibus simpliúcháin arna nglacadh ag an gCoimisiún in éineacht leis an Straitéis seo na chéad chéimeanna a thabhairt i dtreo reachtaíocht táirgí an Aontais a ailíniú leis an ré dhigiteach, trí chead a thabhairt treoracha úsáide a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach go príomha agus trí dhearbhuithe comhréireachta a dhigitiú freisin. Mar thoradh ar dhigitiú iomlán na ndearbhuithe comhréireachta agus ar dhigitiú na dtreoracha úsáide atá áisiúil don tomhaltóir faoi chuimsiú an togra Omnibus, laghdófar costais go tapa d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis araon.
Leis an athchóiriú ar an gCreat Reachtach Nua atá ar na bacáin, tabharfar isteach an pas táirge digiteach go hiomlán chun comhlíontacht reachtaíocht táirgí an Aontais a léiriú. Déanfar measúnú freisin ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as bonneagar TF an phas táirge dhigitigh chun athúsáid uathoibrithe sonraí ag cuideachtaí a chumasú agus chun tuairisciú agus fíorú ag na húdaráis a chuíchóiriú. Leis sin, fiosrófar bealaí chun próisis um dheimhniú táirgí a dhigitiú freisin, lena n‑áiritheofar go mbainisteofar measúnuithe comhréireachta ar bhealach struchtúrtha trédhearcach, rud a shábhálfaidh am agus airgead do chuideachtaí agus d’údaráis.
Mar thoradh ar fhormáidí sonraí nach bhfuil meaisín‑inléite, bíonn próisis um chaighdeánú níos neamhéifeachtúla agus níos costasaí. Fágann sé sin gur deacair do FBManna rannchuidiú le forbairt caighdeán agus gur deacair dóibh caighdeáin ábhartha a shainaithint agus a úsáid. Trí fhormáidí sonraí struchtúrtha meaisín‑inléite a fhorbairt le haghaidh caighdeáin Eorpacha, beidh níos mó trédhearcachta ann agus beidh sé níos éasca do chuideachtaí rannchuidiú leis an bpróiseas um chaighdeánú. Mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Caighdeánú, beidh an fhormáid struchtúrtha sonraí sin ina riail, rud a mhéadóidh éifeachtúlacht, a dhéanfaidh caighdeáin níos inúsáidte agus a laghdóidh na costais a bhíonn á dtabhú ag cuideachtaí agus an t‑ualach riaracháin a bhíonn orthu, agus chomh maith leis sin, cuirfear oiliúint ar fáil chun cúnamh a thabhairt do chuideachtaí aistriú chuig an bhformáid nua.
Cé go bhfuil tairbhí an spás nua sonraí soláthair phoiblí le sonrú cheana féin, tá éiceachóras TF an Mhargaidh Aonair le haghaidh soláthar poiblí fós ilroinnte, agus tá malartuithe sonraí neamhéifeachtúil. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil bunachair sonraí náisiúnta idir-inoibritheach a ndóthain, rud a fhágann go mbíonn níos lú iomaíochta ann agus go mbíonn ar sholáthróirí an fhaisnéis agus an fhianaise chéanna a chur isteach arís agus arís eile. Sa ghearrthéarma, déanfar nósanna imeachta soláthair phoiblí níos caighdeánaithe trí iarraidh leanúnach ar chaighdeánú ón gCoiste Eorpach um Chaighdeánú. I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, ba cheart prionsabal na haonuaire a bheith leabaithe sa dlí ionas gur féidir le cuideachtaí a bheith rannpháirteach sa soláthar poiblí ar fud na hEorpa gan iallach a bheith orthu an fhaisnéis agus an fhianaise chéanna a chur isteach arís agus arís eile. Tabharfar fíordheimhniú digiteach isteach freisin i bpróisis soláthair phoiblí. Ba cheart claochlú digiteach an riaracháin phoiblí i seirbhísí foirgníochta a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha sonracha, amhail bogearraí um shamhaltú faisnéise foirgnimh, i bpróisis soláthair phoiblí.
Soláthraíonn ríomhshonrascadh coigilteas costais láithreach trí phróiseáil agus malartú sonrasc a uathoibriú, ar uirlis é atá ar phríomhchumasóirí digiteacha an Mhargaidh Aonair. Le ríomhshonraisc, is féidir CBL agus oibleagáidí tuairiscithe eile a uathoibriú, amhail tuairisciú inbhuanaitheachta nó foirmiúlachtaí custaim. Le reachtaíocht an Aontais maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí, cuirtear caighdeán Eorpach um ríomhshonrascadh chun cinn, ach tá glacadh an ríomhshonrasctha teoranta i measc ghnólachtaí an Aontais, níl an caighdeán Eorpach sin um ríomhshonrascadh á chur in úsáid mórán, tá easpa réitigh idir-inoibritheacha ann agus is beag athúsáid a bhaintear as sonraí. Tá sraith beart beartaithe ar mhaithe le hidir-inoibritheacht agus cur in úsáid an chaighdeáin Eorpaigh um ríomhshonrascadh agus na sonraíochtaí teicniúla r-Sheachadta a áirithiú, lena n‑áirítear Moladh ón gCoimisiún maidir le modúl ríomhshonrasctha a chomhtháthú i ngach réiteach bogearra cuntasaíochta agus iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna náisiúnta deimhniúcháin. I gcomhthreo leis sin, tá sé beartaithe athúsáid sonraí ríomhshonrasctha le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta a phíolótú, mar aon le trédhearcacht chustaim a mhéadú trí shonraí ríomhshonrasctha a nascadh le sonraí custaim i gcomhréir le forbairt Mhol Sonraí Custaim an Aontais.
Leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, an Córas Teicniúil Aonuaire, an Pas Táirge Digiteach, ríomhshonrascadh, an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa atá ar na bacáin, Córas Idirnasctha na gClár Gnó agus an tAitheantóir Uathúil Eorpach do chuideachtaí, chomh maith le tionscnaimh éagsúla eile atá dírithe ar mhalartú sonraí agus tuairisciú digiteach a chuíchóiriú, bunófar éiceachóras comhtháite réiteach digiteach ar bhonn comhchoiteann. Tá na huirlisí sin ceaptha chun sineirgí a chruthú, ar sineirgí iad a fhágann go bhfuil sé níos éasca agus níos simplí gnó a dhéanamh san Aontas. Chomh maith le feabhas a chur ar éifeachtúlacht laethúil gnólachtaí, cothóidh an tsraith idirnasctha uirlisí digiteacha sin comhtháthú eacnamaíoch níos fearr agus spreagfaidh sí nuálaíocht ar fud na hEorpa.
|
Gníomhaíochtaí:
·Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a thabhairt isteach chun gnó a dhéanamh go simplí agus go digiteach san Aontas (Togra reachtach R4 2025)
·Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a leathadh amach sna Ballstáit ar fad mar mhodh aitheantais dhigitigh atá sábháilte, iontaofa agus príobháideach le haghaidh gach duine san Eoraip (R4 2026)
·Rialachán IMI a athbhreithniú chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le IMI chun réimsí nua a chumhdach (Togra reachtach R4 2026)
·Dearbhuithe comhréireachta agus doiciméadacht táirge áirithe eile a dhigitiú (tograí Omnibus in éineacht leis an Straitéis seo)
·Reachtaíocht an Aontais a leasú chun síneadh a chur le húsáid an phas táirge dhigitigh mar choimeádán digiteach le haghaidh faisnéis a bhaineann le táirgí (rud atá mar chuid den athbhreithniú ar an gCreat Reachtach Nua, R2 2026) agus a leathadh amach teicniúil a áirithiú
·Forálacha digitithe a thabhairt isteach sa chreat dlíthiúil athbhreithnithe um chaighdeánú agus soláthar poiblí (R2 2026 agus R4 2026)
·Athbhreithniú a dhéanamh ar an acquis maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí, agus leis sin Rialachán a dhéanamh den Treoir atá ann cheana agus an caighdeán Eorpach um ríomhshonrascadh a dhéanamh éigeantach sa soláthar poiblí (R4 2026)
|
Caibidil 5. Urraim do rialacha an Mhargaidh Aonair a fhorfheidhmiú
Is i bhFíormhargadh Aonair a fhéadann an margadh Eorpach giaráil trí scála a chur ar fáil, agus sna himthosca sin amháin. Fiú leis na rialacha is fearr dá bhfuil ann, ní féidir na cuspóirí atá mar bhonn taca fúthu a bhaint amach mura gcuirtear chun feidhme iad nó mura gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach cliste aonfhoirmeach. Trí fhorfheidhmiú tapa réamhghníomhach éifeachtach na rialacha sin, áirithítear go mbíonn tairbhí an Mhargaidh Aonair le brath ag gnólachtaí agus ag saoránaigh. Iarrtar i dtuarascáil Letta agus i dtuarascáil Draghi araon go ndéanfaí an Margadh Aonair a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.
Rialacha an Mhargaidh Aonair a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gceart, is freagracht chomhroinnte é sin atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, lena n‑áirítear údaráis ón leibhéal náisiúnta síos go dtí an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal bardasach. Chomh maith le Seirpeach ardleibhéil an Mhargaidh Aonair a ainmniú, tá sé fíor-riachtanach go dtreiseoidh na Ballstáit a n‑acmhainneachtaí comhlíontachta náisiúnta i leith an Mhargaidh Aonair, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna aonair a ardaítear i dtaca le bearta nó cleachtais náisiúnta a mheastar a bheith ar neamhréir leis an Margadh Aonair agus chun tacú le gnólachtaí agus saoránaigh trí mhodhanna tapa inrochtana éifeachtacha le haghaidh na saoirsí a bhaineann leis an Margadh Aonair agus atá ar fáil dóibh a úsáid. Comhlánóidh na Ballstáit ról an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí agus áiritheoidh siad comhúinéireacht an Mhargaidh Aonair mar a thugtar tuairisc uirthi i gCaibidil 1.
Bacainní nua ar an Margadh Aonair a chosc
Is fearr cosc ná leigheas. Tosaíonn sé ón uair a bhíonn riail nua á meas ag Ballstát. Níos mó ná riamh, ní mór é sin a bheith ina thosaíocht i ngach Ballstát, chun cur i gcoinne ilroinnt bhreise an Mhargaidh Aonair, chun cultúr comhlíontachta níos fearr a chothú agus chun cosc na mbacainní rialála nua a threisiú. Is iad na huirlisí coisctheacha is tábhachtaí atá ann fógraí faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair agus faoin Treoir um Sheirbhísí. Sa bhreis air sin, leis an Treoir maidir le tástáil chomhréireachta, déantar foráil maidir le measúnuithe comhréireachta ex ante atá le déanamh ag na Ballstáit ar fhorálacha rialála nua i dtaca le seirbhísí gairmiúla rialáilte. Cruthaíonn na huirlisí sin trédhearcacht maidir le rialacha náisiúnta nua agus cumasaíonn siad plé leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar measúnú domhain ar thionchar na rialacha ar an Margadh Aonair ionas go gcoiscfear bacainní nua. Más gá, feabhsófar na hionstraimí coisctheacha atá ann cheana, go háirithe trí thrédhearcacht fheabhsaithe agus trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara.
Tá sé fíor-riachtanach measúnú críochnúil a dhéanamh ar na rialacha náisiúnta atá beartaithe a d’fhéadfadh bacainní a chruthú sa Mhargadh Aonair chun na bacainní sin a theorannú don mhéid is fíorghá ar mhaithe le leasanna dlisteanacha an phobail a chosaint. Tá ról cinntitheach ag an gcomhréireacht i ndáil leis sin. Déanfaidh na Ballstáit measúnú críochnúil ar chomhréireacht sula nglacfar rialacha náisiúnta. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán tráthrialta domhain ar na measúnuithe sin, go háirithe i gcás ina leagtar amach rialacha nó nósanna imeachta sonracha maidir leo i ndlí an Aontais.
Oibriú i gcomhar chun bacainní ar an Margadh Aonair a laghdú
Tá dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún fíor-riachtanach chun rialacha an Mhargaidh Aonair a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun deireadh a chur leis na bacainní atá ann cheana. Is iad na príomhardáin lena gcumasaítear comhar struchtúrtha an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT), gréasán a chuidíonn cásanna aonair a réiteach ina mbíonn constaicí roimh shaoránaigh agus gnólachtaí nuair a bhíonn siad ag bogadh nó ag déanamh gnó thar theorainneacha, agus an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET).
Cé gur éirigh go maith le SOLVIT agus le SMET araon, ní mór dúinn a gcuid oibre a neartú agus a leathnú tuilleadh, agus conclúidí á iompú ina ngníomhaíochtaí leantacha coincréiteacha. Ba cheart do na Ballstáit a Lárionaid SOLVIT a threisiú, ag díriú ar chúrsaí foirne, saineolas, líonra teagmhálacha agus an cumas tionchar a imirt ar údaráis náisiúnta eile. Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar bhacainní ar an Margadh Aonair arna mbrath ag SOLVIT, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta um shárú a thionscnamh má mheastar gur gá sin, agus leanfaidh sé de chásanna SOLVIT a thuairisciú, lena n‑áirítear sna Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn maidir le Forfheidhmiú agus Cur Chun Feidhme a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle amach anseo. Déanfar SMET a threisiú chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí leis na bacainní is mó ar earraí, seirbhísí, daoine agus caipiteal sa Mhargadh Aonair, rudaí a chuireann bac ar iomaíochas an Aontais. Déanfar é sin tríd an gcruinniú polaitiúil ardleibhéil bliantúil. Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún anailís chúramach ar thorthaí obair SMET. Más rud é nár baineadh na bacainní ar bhealach leormhaith, déanfaidh sé gníomhaíochtaí leantacha coincréiteacha, amhail nósanna imeachta um shárú má bhaineann an bhacainn le sárú ar dhlí an Aontais, sin nó athbhreithniú ar reachtaíocht nó reachtaíocht nua más í easpa nó doiléire rialacha an Aontais is cúis leis an mbacainn.
Gníomhaíocht dlí éifeachtúil a dhéanamh i gcás inar gá
Gníomhaíocht dlí atá éifeachtach, réamhghníomhach agus tapa, tá sin tábhachtach chun rialacha an Mhargaidh Aonair a fhorfheidhmiú go straitéiseach. Is uirlis láidir iad nósanna imeachta um shárú a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún chun a áirithiú go n‑urramófar rialacha an Mhargaidh Aonair. I gcás ina gcinneann an Coimisiún tús a chur le nósanna imeachta um shárú as ucht sáruithe ar rialacha an Mhargaidh Aonair, cuirfidh an Coimisiún dlús leo go hinmheánach agus ina idirphlé leis na Ballstáit araon. Beidh cumarsáid thrédhearcach agus mínithe soiléire ag gabháil le nósanna imeachta um shárú maidir leis na cuspóirí atá á saothrú, na tairbhí a mheastar a bheith ag baint le cinntí mar gheall ar shárú mar aon leis na torthaí a baineadh amach i gcásanna ina gcuirtear deireadh le himeachtaí.
Beidh tábhacht ar leith le tosaíochtaí straitéiseacha forfheidhmiúcháin a chur chun cinn. Chomh maith le forfheidhmiú a áirithiú mar fhreagairt ar sháruithe móra ar dhlí an Aontais arna gcur in iúl ag páirtithe leasmhara, díreofar ar rialacha an Mhargaidh Aonair a fhorfheidhmiú ar bhealach réamhghníomhach straitéiseach. Sainaithneoidh an Coimisiún réimsí beartais tosaíochta agus cuirfidh sé i láthair iad i gclár oibre bliantúil maidir le forfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, déanfaidh sé imscrúdú córasach ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm rialacha an Mhargaidh Aonair sna réimsí sin agus, i gcás inarb iomchuí, tionscnóidh sé nósanna imeachta um shárú ar bhealach comhordaithe.
Gníomhaíochtaí:
·Gníomh um Chosc ar Bhacainní ar an Margadh Aonair a mholadh (R3 2027, más gá, bunaithe ar mheasúnú ar fheidhmiú na n‑uirlisí coisctheacha atá ann cheana)
·An chéad chruinniú de Sheirpigh ardleibhéil an Mhargaidh Aonair a ghairm (R4 2025)
·An chéad chruinniú polaitiúil ardleibhéil bliantúil de SMET a eagrú (R4 2025)
·Lárionaid náisiúnta SOLVIT agus an líonra iomlán a neartú chun fadhbanna a réiteach ar bhealach níos éifeachtúla agus chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do chásanna gnó (R4 2025)
·Obair leantach chórasach arna déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir le saincheisteanna struchtúracha a shainaithníonn SOLVIT agus maidir le bacainní, sa chás nár éirigh le hiarrachtaí SMET (ó R2 2025 ar aghaidh)
·An chéad chlár oibre bliantúil maidir le forfheidhmiú an Mhargaidh Aonair a chur i láthair (R1 2026, rud a bheidh nasctha le foilsiú na Tuarascála Bliantúla maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas)
Conclúid
Tráth a bhfuil éiginnteachtaí neamhghnácha domhanda ann, ní mór dúinn barr a acmhainneachta a bhaint as ár margadh Eorpach. Bunaíodh an Margadh Aonair breis agus tríocha bliain ó shin chun geilleagar sóisialta margaidh Eorpach a fhorbairt, margadh a thabharfadh muintir na hEorpa le chéile agus a chruthódh rathúnas dóibh. Is mór an dul chun cinn atá déanta againn. Mar sin féin, is féidir linn tuilleadh a dhéanamh agus ní mór dúinn tuilleadh a dhéanamh chun bacainní a bhaint, rialacha a shimpliú agus é a chur ar a gcumas do ghnólachtaí fás. Chun saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais a chosaint ar iomaíocht éagórach, ar rioscaí agus ar shuaiteacht dhomhanda dhothuartha agus chun leanúint de chreat a thabhairt dóibh atá bunaithe ar an smacht reachta, intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil. Is é an margadh Eorpach a chuireann ar ár gcumas dúinn ár slabhraí luacha inmheánacha a fheabhsú.
Má bhíonn Margadh Aonair láidir ann, bíonn guth láidir ag an Eoraip ar an ardán domhanda agus cinntítear go mbíonn an tAontas ina chomhpháirtí iontaofa láidir fós do thíortha atá ar aon intinn leis ar fud an domhain agus ar fud an réigiúin. Chomh maith le rannpháirtíocht na dtíortha LEE-CSTE sa Mhargadh Aonair, molann an Coimisiún creat struchtúrtha chun borradh a chur faoi chuimsiú na mBalcán Thiar, na hÚcráine agus na Moldóive. Leis an ‘mórbhealach’ sin chuig an Margadh Aonair, chuimseofaí ailíniú rialála níos dlúithe agus éascú chomhtháthú a dtionscal i slabhraí luacha Eorpacha roimh aontachas iomlán leis an Aontas. Sa bhreis air sin, cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na geilleagair is oscailte agus gur mar sin a bheidh amach anseo, tá an trádáil dhomhanda athraithe ó bhonn mar gheall ar chleachtais éagóracha, taraifí nach bhfuil údar leo agus fóirdheontais shaobhacha i gcás roinnt tríú tíortha. Chun cothrom na Féinne a chur i réim arís agus toisc nach féidir an Margadh Aonair a bheith ina cheann scríbe onnmhairiúcháin le haghaidh atreoruithe trádála agus ró-acmhainneacht arna spreagadh ag stáit, bainfidh an tAontas leas iomlán, cibé uair is gá sin, as uirlisí cosanta trádála (lena n‑áirítear coimircí) agus as taraifí a bhfuil údar leo.
Iarracht chomhpháirteach is ea ár margadh Eorpach a fhorbairt a thuilleadh. Cuirfidh an Coimisiún a chuid i gcrích leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Straitéis seo agus trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó chun comhlíonadh rialacha an Mhargaidh Aonair a áirithiú, lena n‑áirítear trí imeachtaí um shárú a thionscnamh i gcás inar gá. Iarraimid ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle oibriú le chéile agus tús áite a thabhairt do ghlacadh na dtograí a bhaineann leis an Margadh Aonair. Ba cheart é a bheith d’aidhm againn, i dteannta a chéile, creat don mhargadh Eorpach nuachóirithe digitithe a bheith i bhfeidhm faoi 2030.
Tá príomhról ag na Ballstáit ós rud é go mbíonn cur i bhfeidhm laethúil rialacha an Aontais idir lámha acu. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go dtabharfaidh na Ballstáit a mbeartas agus a reachtaíocht i gcomhréir lenár gcuspóirí agus lenár rialacha comhchoiteanna chun gnó a éascú agus chun ligean do chuideachtaí feidhmiú ar fud an mhargaidh Eorpaigh ar bhealach níos éasca.
D’fhógair an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh sí breithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir lenár margadh Eorpach a fhorbairt a thuilleadh agus go n‑áiritheoidh sí tacaíocht pholaitiúil dó sin. Tá an Coimisiún réidh chun tacú leis an iarracht sin agus tuairisceoidh sé an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur chun feidhme na Straitéise seo ina Thuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas, lena n‑áirítear na príomhtháscairí feidhmíochta.