This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1184
Commission Implementing Decision (EU) 2024/1184 of 17 April 2024 amending the Annex to Implementing Decision (EU) 2023/2447 concerning emergency measures in relation to outbreaks of highly pathogenic avian influenza in certain Member States
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1184 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1184 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
C/2024/2610
IO L, 2024/1184, 18.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1184/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1184 |
18.4.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1184 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Aibreán 2024
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 (3) ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna HPAI. |
|
(4) |
Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1066 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna HPAI in éanlaith chlóis sa Bhulgáir, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin. |
|
(6) |
Ón dáta a glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1066, tá fógra tugtha ag an mBulgáir don Choimisiún faoi ráigeanna nua HPAI i mbunaíochtaí inar coinníodh éanlaith chlóis, bunaíocht atá lonnaithe i réigiúin Haskovo agus Kardzhali sa Bhulgáir. |
|
(7) |
Rinne údarás inniúil na Bulgáire na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna sin. |
|
(8) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Bhulgáir i gcomhar leis an mBallstát sin, agus tá sé sásta maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag údarás inniúil na Bulgáire, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna HPAI. |
|
(9) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an mBulgáir ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an mBallstát sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais don Bhulgáir san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú. |
|
(11) |
Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an mBulgáir i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart is infheidhme sna criosanna sin. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir. |
|
(13) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(14) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1066 ón gCoimisiún an 05 Aibreán 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2024/1066, 10.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1066/oj ).
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||
|
Haskovo Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00010 BG-HPAI(P)-2024-00011 |
The following villages in Haskovo municipality:
|
15.5.2024 |
||||||||
|
Kardzhali Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00012 |
The following villages in Krumovgrad municipality:
|
5.5.2024 |
||||||||
|
Pazardzhik Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00008 |
The following village in Septemvri municipality:
The following village in Belovo municipality:
|
16.4.2024 |
||||||||
|
Plovdiv Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00009 |
The following village in Rodopi municipality:
The following village in Stamboliyski municipality:
|
28.4.2024 |
||||||||
Cuid B
Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Haskovo Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00010 BG-HPAI(P)-2024-00011 |
The following villages in Haskovo municipality:
|
16.5.2024 – 24.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Haskovo municipality:
|
24.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following village in Dimitrovgrad municipality:
|
24.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00012 |
The following village in Ivaylovgrad municipality:
|
14.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Kardzhali Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00012 |
The following villages in Krumovgrad municipality:
|
6.5.2024 – 14.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Krumovgrad municipality:
|
14.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Pazardzhik Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00008 |
The following village in Septemvri municipality:
The following village in Belovo municipality:
|
17.4.2024 – 25.4.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Septemvri municipality:
|
25.4.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Belovo municipality:
|
25.4.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Lesichovo municipality:
|
25.4.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00009 |
The following villages in Pazardzhik municipality:
|
7.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Plovdiv Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00009 |
The following village in Rodopi municipality:
The following village in Stamboliyski municipality:
|
29.4.2024 – 7.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Maritsa municipality:
The following villages in Rodopi municipality:
The following villages in Stamboliyski municipality:
|
7.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballstát: an tSualainn
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
DE-HPAI(P)-2024-00003 |
The area of the parts of the municipality of Svedala extending beyond the area described in the protection zone and within the circle of a radius of 10 kilometres, centred on WGS84 dec. coordinates N 55.598688 and E 13.267466. |
18.4.2024 |
|
Those parts of the municipality of Svedala contained within a circle of a radius of three kilometres, centred on WGS84 dec. coordinates N 55.598688 and E 13.267466. |
10.4.2024 – 18.4.2024 |
Cuid C
Criosanna srianta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:
Ballstát: Ceann ar bith
|
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 3a |
|
|
|
|
* |
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1184/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)