This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2447
Commission Implementing Decision (EU) 2023/2447 of 24 October 2023 concerning emergency measures in relation to outbreaks of highly pathogenic avian influenza in certain Member States (notified under document C(2023)7450)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7450)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7450)
C/2023/7450
IO L, 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
29/07/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2447 |
30.10.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2447 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2023
maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7450)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoinnítear éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear an creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Tagraítear do HPAI in Airteagal 5(1), pointe (a)(iv), den Rialachán sin, agus dá réir sin tagann sé faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe a leagtar amach in Airteagal 4, pointe 18, den Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos in Airteagal 9 de. Ina theannta sin, sainítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2) galair liostaithe de chatagóirí A go E, agus liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis HPAI mar ghalar i gcatagóirí A, D agus E. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3), déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le rialú ghalair chatagóir A, chatagóir B agus chatagóir C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. Déantar foráil sa Rialachán Tarmligthe sin maidir le criosanna cosanta agus faireachais a bhunú, agus i gcás inar gá criosanna srianta breise, i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear HPAI. Cuirtear an réigiúnú sin i bhfeidhm, go háirithe, chun stádas sláinte na n-éan a chaomhnú sa chuid eile de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann an galar sin (an Ballstát lena mbaineann), trí chosc a chur ar oibreán pataigineach a thabhairt isteach agus trí luathbhrath an ghalair a áirithiú. |
|
(4) |
Dá réir sin, ba cheart na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sna Ballstáit lena mbaineann, ina gcuirtear na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i bhfeidhm, a leagan amach anois san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus fad an réigiúnaithe sin a shocrú. |
|
(5) |
Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 23, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 go bhféadfaidh an t-údarás inniúil maoluithe a thabhairt ar na bearta atá le cur i bhfeidhm i gcriosanna srianta, a mhéad is gá agus tar éis measúnú riosca a dhéanamh. Dá réir sin, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí coinsíneachtaí éanlaithe clóis, éan faoi chuing, uibheacha goir agus uibheacha saor ó phataigin shonraithe ó chriosanna den sórt sin a cheadú. Féadfaidh coinsíneachtaí den sórt sin a aistriú go Ballstáit eile má bhíonn an deimhniú sláinte ainmhithe atá ceangailte nó an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil atá ceangailte, i gcás coinsíneachtaí den sórt sin, in éineacht leo, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (4). Ba cheart, dá bhrí sin, fianú a chur le deimhnithe den sórt sin ina luaitear go gcomhlíonann na coinsíneachtaí na srianta a leagtar síos sa Chinneadh seo. |
|
(6) |
Ó 2020 i leith, braitheadh víreas HPAI san Aontas agus i dtríú tíortha comharsanachta in a lán éin fhiáine imirceacha, go háirithe le linn a séasúr imirce san fhómhar agus san earrach, agus i limistéir áirithe le linn an tsamhraidh freisin. Dá bhrí sin, braitheadh víreas HPAI freisin in éanlaith chlóis agus i mbunaíochtaí éan i mbraighdeanas i mbeagnach gach Ballstát. |
|
(7) |
Tháinig feabhas ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le HPAI idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2023, nuair nár braitheadh aon ráig d’éanlaith chlóis nó d’éin i mbraighdeanas san Aontas le linn an ama sin agus líon an-teoranta d’éin fhiáine imirceacha i dTuaisceart an Aontais. |
|
(8) |
Tar éis thús imirce an fhómhair dona héin fhiáine imirceacha in 2023, scaipeadh víreas HPAI arís agus tháinig méadú ar líon na mBallstát inar braitheadh é in éin fhiáine. Ina theannta sin, tá ráigeanna HPAI deimhnithe ag an Danmhairg agus ag an bPolainn i mbunaíochtaí ar a gcríoch inar coinníodh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, atá lonnaithe i mbardas Guldborgsund sa Danmhairg agus i gcúigí Łódź agus na Pomearáine Thiar sa Pholainn. |
|
(9) |
Rinne údarás inniúil na Danmhairge, na Gearmáine agus na Polainne na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna sin. |
|
(10) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Danmhairg agus an Pholainn i gcomhar leis na Ballstáit sin, agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag údaráis inniúla na Danmhairge agus na Polainne, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna de HPAI. |
|
(11) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an Danmhairg agus leis an bPolainn, ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag na Ballstáit sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart criosanna cosanta agus faireachais a liostú le haghaidh na Danmhairge agus na Polainne san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus fad na mbeart is infheidhme iontu. |
|
(13) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ag teacht chun cinn san Aontas agus séasúracht cúrsaíochta an víris in éin fhiáine á cur san áireamh, tá baol ann go dtarlóidh tuilleadh ráigeanna HPAI san Aontas sna míonna atá le teacht, rud a d’fhéadfadh a fhágáil gur ghá tuilleadh criosanna cosanta agus faireachais breise a shainiú, agus, nuair is gá, criosanna srianta breise, ar leibhéal an Aontais sa Chinneadh seo. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, bíonn an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit ag déanamh measúnú leanúnach ar an staid eipidéimeolaíoch agus tá na bearta á gcoinneáil faoi athbhreithniú aige. |
|
(15) |
Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. |
|
(16) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an gCinneadh seo, bunaítear an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:
|
(a) |
na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag na Ballstáit a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo (na Ballstáit lena mbaineann), tar éis ráig nó ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta i gcomhréir le hAirteagal 39, agus sna criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(b) |
na criosanna srianta breise atá le bunú ag na Ballstáit lena mbaineann, tar éis ráig nó ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna srianta breise. |
Leagtar síos sa Chinneadh seo freisin rialacha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’éanlaithe clóis, d’éin i mbraighdeanas, d’uibheacha goir agus d’uibheacha sonracha saor ó phataiginí ó na criosanna srianta breise, i gcás inar deonaíodh maolú, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena gceadaítear gluaiseachtaí den sórt sin.
Airteagal 2
An crios cosanta
Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:
|
(a) |
go gcuimseoidh na criosanna cosanta arna mbunú ag a n-údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe(a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, na limistéir a liostaítear ar a laghad mar chriosanna cosanta i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(b) |
go gcoimeádtar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, dá bhforáiltear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna cosanta a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 3
An crios faireachais
Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:
|
(a) |
go gcuimseoidh na criosanna faireachais arna mbunú ag a n-údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna faireachais i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(b) |
go gcoimeádtar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna faireachais, dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna faireachais a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 4
Criosanna srianta breise
Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:
|
(a) |
go gcuimseoidh na criosanna srianta breise arna mbunú ag a n-údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta breise i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(b) |
go gcoimeádtar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna srianta breise, dá bhforáiltear in Airteagal 21(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna srianta breise a leagtar amach i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(c) |
i gcás ina ndeonóidh údarás inniúil Ballstáit lena mbaineann maolú, tar éis toradh dearfach ar mheasúnú riosca, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena gceadaítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí éanlaithe clóis, éan faoi chuing, uibheacha goir agus uibheacha saor ó phataigin shonrach ó na criosanna srianta breise a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go mbeidh an deimhniú sláinte ainmhithe ábhartha nó an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún in éineacht leis na coinsíneachtaí sin, deimhniú nach mór an fianú seo a leanas a bheith ann: ‘Comhlíonann an choinsíneacht na forálacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) C(2023)7450 ón gCoimisiún.’ |
Airteagal 5
Cur i bhFeidhm
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.
Airteagal 6
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Criosanna cosanta sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:
Ballstát: an Danmhairg
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
DE-HPAI(P)-2023-00005 |
The parts of Guldborgsund municipality are contained within a circle of radius 3 km, centered on GPS coordinates N 54.8360; E 11.6452 |
19.10.2023 |
Ballstát: an Pholainn
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2023-00070 |
W województwie łódzkim:
|
29.10.2023 |
||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2023-00071 |
W województwie zachodniopomorskim:
|
9.11.2023 |
Cuid B
Criosanna faireachais sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:
Ballstát: an Danmhairg
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
DE-HPAI(P)-2023-00005 |
The parts of Guldborgsund and Lolland municipalities beyond the area described in the protection zone are within the circle of radius 10 kilometres, centred on GPS coordinates N 54.8360; E 11.6452 |
28.10.2023 |
|
The parts of Guldborgsund municipality are contained within a circle of radius 3 km, centered on GPS coordinates N 54.8360; E 11.6452 |
20.10.2023 — 28.10.2023 |
Ballstát: an Pholainn
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2023-00070 |
W województwie łódzkim:
|
7.11.2023 |
||||||||||||||||||||||
|
W województwie łódzkim:
|
30.10.2023 — 7.11.2023 |
|||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2023-00071 |
W województwie zachodniopomorskim:
|
18.11.2023 |
||||||||||||||||||||||
|
W województwie zachodniopomorskim:
|
10.11.2023 — 18.11.2023 |
Cuid C
Criosanna srianta breise sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:
Ballstát: Ceann ar bith
|
|
|
|
|
|
|
* |
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)