Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2227

Cinneadh (CBES) 2023/2227 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine

ST/13710/2023/INIT

IO L, 2023/2227, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2227/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2227/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2227

24.10.2023

CINNEADH (CBES) 2023/2227 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Deireadh Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/638/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/638/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2024. Ba cheart don Chomhairle athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar na bearta sriantacha i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta chun trialacha córa a stiúradh agus a thabhairt chun críche go rathúil i gcomhthéacs imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/638/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(2) de Chinneadh 2010/638/CBES:

‘2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2024. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 23 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2227/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top