Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0594

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/2379

IO L 114, 12.4.2022, p. 49–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/594/oj

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/49


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/594 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le haerphaisinéirí a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (2).

(2)

Aeriompróirí atá deimhnithe ag Gníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise (‘FATA’), ní áirítear iad in Iarscríbhinní A ná B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite den aeriompróir SKOL Airline LLC, a cuireadh le hIarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2070 ón gCoimisiún (3).

(3)

De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, chuir Ballstáit áirithe den Aontas Eorpach (‘AE’) agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) faisnéis in iúl don Choimisiún a d’fhéadfadh ábhartha i gcomhthéacs an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Sholáthair tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faisnéis ábhartha freisin. Ina chinneadh an iomchuí an liosta a thabhairt cothrom le dáta, rinne an Coimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a chur san áireamh mar is cuí.

(4)

De bhun an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích in 1999 idir Beirmiúda agus an Rúis maidir le cur chun feidhme Airteagal 83a den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (‘Coinbhinsiún Chicago’) a mhéid a bhaineann le haerárthaí ar Chlár Bheirmiúda a oibríonn aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, comhaontú a bhaineann le haistriú feidhmeanna agus dualgas formhaoirseachta rialála atá in Iarscríbhinní 1, 2 agus 6 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i bhFógra Ginearálta GEN-01-2022 an 14 Márta 2022 chuir Údarás Bheirmiúda um Eitlíocht Shibhialta (‘BCAA’) in iúl do FATA go gcuirfí ar fionraí le héifeacht ó 23.59 UTC an 12 Márta 2022 Deimhnithe Aeracmhainneachta (‘CoA’) gach aerárthaigh ar léas atá cláraithe i mBeirmiúda agus a oibríonn aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, bunaithe ar an gcinneadh nach féidir aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí sin a áirithiú a thuilleadh.

(5)

De bhun an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích in 2002 idir Éire agus an Rúis maidir le cur chun feidhme Airteagal 83a de Choinbhinsiún Chicago a mhéid a bhaineann le haerárthaí ar Chlár na hÉireann a oibríonn aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, comhaontú a bhaineann le haistriú feidhmeanna agus dualgas formhaoirseachta rialála atá in Iarscríbhinní 1, 2 agus 6 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, an 15 Márta 2022 d’eisigh Údarás Eitlíochta na hÉireann (‘IAA’) a Fhógra Aerloingseoireachta A.114, fógra inar dhearbhaigh sé an scor de bhailíocht gach CoA le haghaidh aerárthaí a oibríonn aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, le héifeacht ó dháta an fhógra sin, bunaithe ar an gcinneadh nach féidir aeracmhainneacht na n-aerárthaí sin a áirithiú.

(6)

D’ainneoin na gcinntí sin ó BCAA agus ó IAA, ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údaráis inniúla na Stát Cláraithe, tá roinnt aerárthaí a ndéantar difear dóibh fós á n-oibriú ag aeriompróirí atá deimhnithe ag an Rúis, laistigh den Rúis agus chuig tríú tíortha áirithe eile freisin. Ina Feasachán Leictreonach 2022/12 an 11 Márta 2022, mheabhraigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’) gur sárú díreach ar Airteagail 29 agus 31 de Choinbhinsiún Chicago é gníomh den sórt sin. De réir an Fheasacháin Leictreonaigh sin, níor cheart do FATA a cheadú d’oibríochtaí den sórt sin tarlú, ina cháil mar an t-údarás atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann aeriompróirí atá deimhnithe ag an Rúis caighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha. Thairis sin, na haeriompróirí atá deimhnithe ag FATA a oibríonn eitiltí den sórt sin leis na haerárthaí dá dtagraítear in aithrisí (4) agus (5), d’oibrigh siad iad go feasach de shárú ar chaighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe ICAO Iarscríbhinn 6, Cuid I, Caibidil 5, Caighdeán 5.2.3, ‘Oibreofar eitleán i gcomhréir le téarmaí a dheimhniú aeracmhainneachta agus laistigh de na srianta oibriúcháin formheasta atá ina lámhleabhar eitilte’, agus é le tuiscint gurb é an Stát Cláraithe a eisíonn an CoA sin.

(7)

Thairis sin, tá líon mór de na haerárthaí sin curtha ar chlár aerárthaí na Rúise gan toiliú na n-úinéirí agus gan comhar BCAA ná IAA ina dhiaidh sin maidir le sábháilteacht. Mar a luaitear freisin i bhFeasachán Leictreonach ICAO dá dtagraítear in aithris (6), is sárú ar Airteagail 17 agus 18 de Choinbhinsiún Chicago é gníomh den sórt sin.

(8)

An 18 Márta 2022 d’eisigh ICAO a Litir Stáit AN 3/1.1-22/41 ina meabhraíonn sé do na Stáit Chonarthacha uile le Coinbhinsiún Chicago na freagrachtaí agus oibleagáidí formhaoirseachta a eascraíonn as an gCoinbhinsiún sin agus as na hIarscríbhinní a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann le feidhmiú leormhaith na formhaoirseachta sábháilteachta.

(9)

An 18 Márta 2022 d’fhógair an Rúis do Bheirmiúda go raibh an Comhaontú maidir le hAirteagal 83a, dá dtagraítear in aithris (4), á chur ar fionraí aici, le héifeacht láithreach. Mar thoradh air sin, i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha don eitlíocht shibhialta, aon fhreagracht as formhaoirseacht rialála a aistríodh go dtí an Rúis roimhe sin faoin gComhaontú sin, cuireadh ar Bheirmiúda arís í, ina cháil mar an Stát Cláraithe.

(10)

De shárú ar na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta, choinnigh FATA na freagrachtaí as formhaoirseachta rialála a aistríodh dá dtagraítear in aithrisí (4) agus (5), agus ghlac sé na feidhmeanna agus dualgais rialála atá in Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, gan aon chomhar le Beirmiúda agus le hÉirinn mar Stáit Chláraithe. Níl aon fhianaise infhíoraithe ann lena chinneadh go bhfuil an acmhainneacht formhaoirseachta sábháilteachta is gá forbartha ag FATA chun freagracht bhreise formhaoirseachta den sórt sin a chur i gcrích go leormhaith ar fhógra chomh gearr sin, agus ar líon chomh fairsing sin aerárthaí.

(11)

An 21 Márta 2022, de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 (4), chuir an Coimisiún FATA ar an eolas faoina ábhar mhóra imní maidir le staid na formhaoirseachta ar shábháilteacht eitlíochta sa Rúis, agus chuir sé ar an eolas é maidir leis na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha, a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús le cinneadh toirmeasc ar oibriú a fhorchur ar aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA laistigh den Aontas.

(12)

Thug an Coimisiún an deis do FATA barúlacha i scríbhinn a chur isteach agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh an 5 Aibreán 2022 os comhair an Choimisiúin agus os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais. Iarradh ar FATA a chur in iúl faoin 1 Aibreán 2022 an bhfuil sé beartaithe aige a cheart chun cosanta a úsáid agus an mian leis láithriú os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais.

(13)

An 21 Márta 2022 chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na comhairliúcháin chomhpháirteacha leanúnacha le FATA, faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún.

(14)

An 31 Márta 2022, i litir a cuireadh chuig an gCoimisiún, thug FATA le fios go ndiúltaíonn sé do na líomhaintí a bhaineann le feidhmíocht sábháilteachta na n-aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA agus go measann sé go gcomhlíonann sé ina n-iomláine na freagrachtaí a fhorchuirtear ar Stáit Chonarthacha ICAO. Mar sin féin, níor sholáthar FATA aon fhianaise ná faisnéis chun tacú lena ráitis, agus níor léirigh sé an chaoi a gcomhlíonann sé a fhreagrachtaí maidir leis na feidhmeanna agus dualgais rialála atá in Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, go háirithe maidir leis na haeriompróirí a oibríonn na n-aerárthaí dá dtagraítear in aithrisí (4) agus (5).

(15)

An 1 Aibreán 2022 thug an Coimisiún dá aire nár thug FATA le fios, mar a iarradh sa litir ón gCoimisiún a tarcuireadh chuig FATA an 21 Márta 2022, a intinn a cheart chun cosanta a úsáid, mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

(16)

An 5 Aibreán 2022 tháinig Coiste Aershábháilteachta an Aontais le chéile chun plé a dhéanamh ar staid feidhmíochta sábháilteachta na n-aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, mar aon le hacmhainneacht FATA na caighdeáin sábháilteachta eitlíochta idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Thug Coiste Aershábháilteachta an Aontais dá aire na sáruithe ar Choinbhinsiún Chicago dá dtagraítear in aithrisí (6) agus (7), chomh maith leis an sárú ar na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta dá dtagraítear in aithris (10). Thug sé dá aire freisin an easpa toilteanais oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún agus le Ballstáit an Aontais, maidir le hacmhainneacht FATA agus na n-aeriompróirí atá deimhnithe aige, chun aeracmhainneacht agus sábháilteacht oibríochtúil leanúnach fhlít na n-aeriompróirí a áirithiú, lena n-áirítear na n-aerárthaí dá dtagraítear in aithrisí (4) agus (5).

(17)

Breithníodh tuilleadh freisin tionchar iarmhartach na mbeart sriantach a eascraíonn as Rialachán (AE) 2022/328 ón gComhairle (5) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, agus go háirithe an tionchar oibríochtúil gearrthéarmach a bheadh ag gan ach rochtain theoranta a bheith ann ar nuashonruithe ar Bhunachair Sonraí Loingseoireachta agus ar Bhunachair Sonraí Córas Réamhrabhaidh Neasachta Talaimh, rud a chuirfeadh isteach go mór ar chumas na n-aerárthaí a oibríonn aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA loingseoireacht go slán.

(18)

Tugadh faoi deara go bhfuil an tacaíocht innealtóireachta agus theicniúil d’aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA i ndiaidh éirí teoranta, de thoradh na mbeart sriantach is infheidhme. Thairis sin, mar gheall ar an easpa tacaíocht innealtóireachta agus theicniúil sin, in éineacht leis an ngníomhaíocht faireachais bhreise a eascraíonn as an líon suntasach aerárthaí nua a cuireadh le clár na Rúise, cuirfear le hualach oibre FATA agus leis an ngá le saineolas, rud nach dócha go mbeifear in ann é a bhaint amach láithreach i bhfianaise choinníollacha an Chomhaontaithe Airteagal 83a faoinar láimhseáladh gníomhaíocht den sórt sin sa Rúis go dtí seo, ar thaobh amháin, agus i bhfianaise iarmhairtí na mbearta sriantach is infheidhme, ar an taobh eile.

(19)

I bhfianaise na sáruithe thuasluaite agus an easpa toilteanais oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún agus le Ballstáit an Aontais trí aghaidh a thabhairt ar na pointí agus ábhar imní sonrach a tharraing an Coimisiún anuas ina litir an 21 Márta 2022, i gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, lena n-áirítear an tríú chritéar go háirithe, tháinig an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil FATA in ann a fhreagrachtaí faoi Choinbhinsiún Chicago agus na caighdeáin atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis na haeriompróirí atá deimhnithe ag FATA a oibríonn aerárthaí dá dtagraítear in aithrisí (4) agus (5).

(20)

Thairis sin, i gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, agus go háirithe i gcomhréir leis an gcéad chritéar, na haeriompróirí atá deimhnithe ag FATA a rinne ceann amháin nó níos mó de na haerárthaí a luaitear in aithris 4 agus 5 a oibriú, tá easnaimh sábháilteachta thromchúiseacha léirithe acu trí ligean d’oibríochtaí eitilte tarlú de shárú ar chaighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le haeriompar tráchtála.

(21)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún gur cheart an liosta a leasú chun na haeriompróirí uile atá deimhnithe sa Rúis a oibríonn aerárthaí da dtagraítear in aithrisí (4) agus (5) a áireamh, is é sin liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, trí thosaíocht a thabhairt do chigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (6).

(23)

An staid maidir le cumas agus acmhainneacht FATA a ról agus freagrachtaí a chomhlíonadh maidir le faireachas ar a thionscal eitlíochta, chomh maith leis na haeriompróirí ar fad atá deimhnithe sa Rúis, lena n-áirítear go háirithe na haeriompróirí a oibríonn aerárthaí dá dtagraítear in aithrisí (4) agus (5), déanfar dlúthfhaireachán orthu, agus beidh siad faoi réir grinnscrúdú breise ag an gCoimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht, lena n-athbhreithniú ag na chéad chruinnithe eile de Choiste Aershábháilteachta an Aontais.

(24)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a leasú dá réir sin.

(25)

Aithnítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an gá le cinntí a dhéanamh go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, go práinneach, i bhfianaise na n-impleachtaí sábháilteachta. Dá bharr sin, tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le faisnéis íogair agus na daoine a thaistealaíonn a chosaint, go bhfoilseofaí aon chinneadh i gcomhthéacs liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc nó srian ar a n-oibriú laistigh den Aontas a thabhairt cothrom le dáta, agus go dtiocfadh sé i bhfeidhm láithreach tar éis a ghlactha.

(26)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Aershábháilteachta an Aontais arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 474/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A;

(2)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn B.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2070 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 421, 26.11.2021, lch. 31).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 8).

(5)  Rialachán (AE) 2022/328 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 49, 25.2.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN A

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ A BHFUIL TOIRMEASC AR A nOIBRIÚ LAISTIGH DEN AONTAS, MAILLE LE hEISCEACHTAÍ  (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (“AOC”) nó Uimhir an Cheadúnais Oibríochta

Sainitheoir trí litir ICAO

Stát an Oibreora

AVIOR AIRLINES

ROI-RNR-011

ROI

Veiniséala

BLUE WING AIRLINES

SRBWA-01/2002

BWI

Suranam

IRAN ASEMAN AIRLINES

FS-102

IRC

An Iaráin

IRAQI AIRWAYS

001

IAW

An Iaráic

MED-VIEW AIRLINE

MVA/AOC/10-12/05

MEV

An Nigéir

AIR ZIMBABWE (PVT)

177/04

AZW

An tSiombáib

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Afganastáin, lena n-áirítear

 

 

An Afganastáin

ARIANA AFGHAN AIRLINES

AOC 009

AFG

An Afganastáin

KAM AIR

AOC 001

KMF

An Afganastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Angóla, cé is moite de TAAG Angola Airlines agus Heli Malongo, lena n-áirítear

 

 

Angóla

AEROJET

AO-008/11-07/17 TEJ

TEJ

Angóla

GUICANGO

AO-009/11-06/17 YYY

Ní fios

Angóla

AIR JET

AO-006/11-08/18 MBC

MBC

Angóla

BESTFLYA AIRCRAFT MANAGEMENT

AO-015/15-06/17YYY

Ní fios

Angóla

HELIANG

AO 007/11-08/18 YYY

Ní fios

Angóla

SJL

AO-014/13-08/18YYY

Ní fios

Angóla

SONAIR

AO-002/11-08/17 SOR

SOR

Angóla

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Airméin, lena n-áirítear

 

 

An Airméin

AIRCOMPANY ARMENIA

AM AOC 065

NGT

An Airméin

ARMENIA AIRWAYS

AM AOC 063

AMW

An Airméin

ARMENIAN HELICOPTERS

AM AOC 067

KAV

An Airméin

FLYONE ARMENIA

AM AOC 074

 

An Airméin

NOVAIR

AM AOC 071

NAI

An Airméin

SHIRAK AVIA

AM AOC 072

SHS

An Airméin

SKYBALL

AM AOC 073

N/B

An Airméin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCongó (Brazzaville), lena n-áirítear

 

 

An Congó (Brazzaville)

CANADIAN AIRWAYS CONGO

CG-CTA 006

TWC

An Congó (Brazzaville)

EQUAFLIGHT SERVICES

CG-CTA 002

EKA

An Congó (Brazzaville)

EQUAJET

RAC06-007

EKJ

An Congó (Brazzaville)

TRANS AIR CONGO

CG-CTA 001

TSG

An Congó (Brazzaville)

SOCIETE NOUVELLE AIR CONGO

CG-CTA 004

Ní fios

An Congó (Brazzaville)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear

 

 

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR FAST CONGO

AAC/DG/OPS-09/03

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR KATANGA

AAC/DG/OPS-09/08

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

BUSY BEE CONGO

AAC/DG/OPS-09/04

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

COMPAGNIE AFRICAINE D’AVIATION (CAA)

AAC/DG/OPS-09/02

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

CONGO AIRWAYS

AAC/DG/OPS-09/01

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

KIN AVIA

AAC/DG/OPS-09/10

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MALU AVIATION

AAC/DG/OPS-09/05

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SERVE AIR CARGO

AAC/DG/OPS-09/07

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SWALA AVIATION

AAC/DG/OPS-09/06

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MWANT JET

AAC/DG/OPS-09/09

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Djibouti, lena n-áirítear

 

 

Djibouti

DAALLO AIRLINES

Ní fios

DAO

Djibouti

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an nGuine Mheánchiorclach, lena n-áirítear

 

 

An Ghuine Mheánchiorclach

CEIBA INTERCONTINENTAL

2011/0001/MTTCT/DGAC/SOPS

CEL

An Ghuine Mheánchiorclach

CRONOS AIRLINES

2011/0004/MTTCT/DGAC/SOPS

Ní fios

An Ghuine Mheánchiorclach

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Eiritré, lena n-áirítear

 

 

An Eiritré

ERITREAN AIRLINES

AOC Uimh. 004

ERT

An Eiritré

NASAIR ERITREA

AOC Uimh. 005

NAS

An Eiritré

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCirgeastáin, lena n-áirítear

 

 

An Chirgeastáin

AEROSTAN

08

BSC

An Chirgeastáin

AIR COMPANY AIR KG

50

Ní fios

An Chirgeastáin

AIR MANAS

17

MBB

An Chirgeastáin

AVIA TRAFFIC COMPANY

23

AVJ

An Chirgeastáin

FLYSKY AIRLINES

53

FSQ

An Chirgeastáin

HELI SKY

47

HAC

An Chirgeastáin

KAP.KG AIRCOMPANY

52

KGS

An Chirgeastáin

SKY KG AIRLINES

41

KGK

An Chirgeastáin

TEZ JET

46

TEZ

An Chirgeastáin

VALOR AIR

07

VAC

An Chirgeastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libéir.

 

 

An Libéir

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libia, lena n-áirítear

 

 

An Libia

AFRIQIYAH AIRWAYS

007/01

AAW

An Libia

AIR LIBYA

004/01

TLR

An Libia

AL MAHA AVIATION

030/18

Ní fios

An Libia

BERNIQ AIRWAYS

032/21

BNL

An Libia

BURAQ AIR

002/01

BRQ

An Libia

GLOBAL AIR TRANSPORT

008/05

GAK

An Libia

HALA AIRLINES

033/21

HTP

An Libia

LIBYAN AIRLINES

001/01

LAA

An Libia

LIBYAN WINGS AIRLINES

029/15

LWA

An Libia

PETRO AIR

025/08

PEO

An Libia

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Neipeal, lena n-áirítear

 

 

Neipeal

AIR DYNASTY HELI. S.

035/2001

Ní fios

Neipeal

ALTITUDE AIR

085/2016

Ní fios

Neipeal

BUDDHA AIR

014/1996

BHA

Neipeal

FISHTAIL AIR

017/2001

Ní fios

Neipeal

SUMMIT AIR

064/2010

Ní fios

Neipeal

HELI EVEREST

086/2016

Ní fios

Neipeal

HIMALAYA AIRLINES

084/2015

HIM

Neipeal

KAILASH HELICOPTER SERVICES

087/2018

Ní fios

Neipeal

MAKALU AIR

057A/2009

Ní fios

Neipeal

MANANG AIR PVT

082/2014

Ní fios

Neipeal

MOUNTAIN HELICOPTERS

055/2009

Ní fios

Neipeal

PRABHU HELICOPTERS

081/2013

Ní fios

Neipeal

NEAPAL AIRLINES CORPORATION

003/2000

RNA

Neipeal

SAURYA AIRLINES

083/2014

Ní fios

Neipeal

SHREE AIRLINES

030/2002

SHA

Neipeal

SIMRIK AIR

034/2000

Ní fios

Neipeal

SIMRIK AIRLINES

052/2009

RMK

Neipeal

SITA AIR

033/2000

Ní fios

Neipeal

TARA AIR

053/2009

Ní fios

Neipeal

YETI AIRLINES

037/2004

NYT

Neipeal

Na haeriompróirí seo a leanas atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Rúis

 

 

An Rúis

AURORA AIRLINES

486

SHU

An Rúis

AVIACOMPANY ‘AVIASTAR-TU’ CO. LTD

458

TUP

An Rúis

IZHAVIA

479

IZA

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY ‘AIR COMPANY “YAKUTIA”’

464

SYL

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY ‘RUSJET’

498

RSJ

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY ‘UVT AERO’

567

UVT

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY SIBERIA AIRLINES

31

SBI

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY SMARTAVIA AIRLINES

466

AUL

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY ‘IRAERO’ AIRLINES

480

IAE

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY ‘URAL AIRLINES’

18

SVR

An Rúis

JOINT–STOCK COMPANY ALROSA AIR COMPANY

230

DRU

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY NORDSTAR AIRLINES

452

TYA

An Rúis

JS AVIATION COMPANY ‘RUSLINE’

225

RLU

An Rúis

JSC YAMAL AIRLINES

142

LLM

An Rúis

LLC ‘NORD WIND’

516

NWS

An Rúis

LLC ‘AIRCOMPANY IKAR’

36

KAR

An Rúis

POBEDA AIRLINES LIMITED LIABILITY COMPANY

562

PBD

An Rúis

PUBLIC JOINT STOCK COMPANY ‘AEROFLOT - RUSSIAN AIRLINES’

1

AFL

An Rúis

ROSSIYA AIRLINES, JOINT STOCK COMPANY

2

SMD

An Rúis

SKOL AIRLINE LLC

228

CDV

An Rúis

UTAIR AVIATION, JOINT-STOCK COMPANY

6

UTA

An Rúis

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear

 

 

São Tomé agus Príncipe

AFRICA’S CONNECTION

10/AOC/2008

ACH

São Tomé agus Príncipe

STP AIRWAYS

03/AOC/2006

STP

São Tomé agus Príncipe

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Shiarra Leon

 

 

Siarra Leon

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an tSúdáin, lena n-áirítear

 

 

An tSúdáin

ALFA AIRLINES SD

54

AAJ

An tSúdáin

BADR AIRLINES

35

BDR

An tSúdáin

BLUE BIRD AVIATION

11

BLB

An tSúdáin

ELDINDER AVIATION

8

DND

An tSúdáin

GREEN FLAG AVIATION

17

GNF

An tSúdáin

HELEJETIC AIR

57

HJT

An tSúdáin

KATA AIR TRANSPORT

9

KTV

An tSúdáin

KUSH AVIATION CO.

60

KUH

An tSúdáin

NOVA AIRWAYS

46

NOV

An tSúdáin

SUDAN AIRWAYS CO.

1

SUD

An tSúdáin

SUN AIR

51

SNR

An tSúdáin

TARCO AIR

56

TRQ

An tSúdáin


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn A cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN B

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ ATÁ FAOI RÉIR SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA LAISTIGH DEN AONTAS  (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’)

Sainitheoir trí litir ICAO

Stát an Oibreora

Cineál aerárthaigh a bhfuil srian air

Cláruimhir nó cláruimhreacha agus, más ann dóibh, sraithuimhir nó sraithuimhreacha déantúis aerárthaí a bhfuil srian orthu

Stát an chláraithe

IRAN AIR

FS100

IRA

An Iaráin

Gach aerárthach den chineál Fokker F100 agus den chineál Boeing B747.

Aerárthaí den chineál Fokker F100 mar a luaitear ar an AOC; aerárthaí den chineál Boeing B747 mar a luaitear ar an AOC.

An Iaráin

AIR KORYO

GAC-AOC/KOR-01

KOR

An Chóiré Thuaidh

An flít ar fad, cé is moite de: 2 aerárthach den chineál TU-204.

An flít ar fad, cé is moite de: P-632, P-633.

An Chóiré Thuaidh


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn B cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


Top